Gníomhaíochtaí Jean Monnet i réimse an ardoideachais
Le Gníomhaíochtaí Jean Monnet san Ardoideachas tacaítear le teagasc agus taighde i réimse léann an Aontais Eorpaigh ar fud an domhain.
Baineann léann an Aontais Eorpaigh le teagasc, foghlaim agus taighde maidir leis an Aontas Eorpach agus stair, aidhmeanna, struchtúir, feidhmeanna agus/nó beartais de.
Trí dhíriú ar ghné an Aontais Eorpaigh, ba cheart go gcuirfeadh gníomhaíochtaí Jean Monnet saoránacht ghníomhach Eorpach chun cinn, mar aon le luachanna bunaidh an Aontais Eorpaigh i ndáil le dínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus meas ar chearta an duine, cuir i gcás na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad (Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach).
I gcás bheartais an Aontais Eorpaigh, ní mór do ghníomhaíochtaí Jean Monnet rannchuidiú le scaipeadh eolais faoi conas gur féidir leis na beartais sin dul chun tairbhe do shaolta laethúla saoránach san Aontas agus/nó ar an gcoigríoch, agus/nó faoi conas gur féidir leo dul i bhfeidhm ar an gcóras ceaptha beartas, i réimsí comhchosúla, ar leibhéal an Bhallstáit nó ar an gcoigríoch ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó domhanda. Ba cheart nasc an‑soiléir a léiriú idir ábhar an togra agus beartas an Aontais agus/nó topaic an Aontais dá dtagraíonn sé.
Féachann gníomhaíochtaí Jean Monnet freisin le feidhmiú mar veicteoir den taidhleoireacht phoiblí i dtreo tíortha nach bhfuil san Aontas, luachanna an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn agus feabhas a chur ar a infheicthe is atá na luachanna dá seasann an tAontas Eorpach agus a bhfuil sé i gceist aige a bhaint amach.
Na cuspóirí agus na critéir a chuirfear i bhfeidhm maidir le teagasc agus taighde, tá tuairisc orthu thíos.
Teagasc agus taighde
Cuspóirí na ngníomhaíochtaí
Le gníomhaíochtaí ‘Teagasc agus Taighde’ Jean Monnet, déanfar na nithe seo a leanas:
- barr feabhais a chur chun cinn sa teagasc agus sa taighde i réimse léann an Aontais Eorpaigh ar fud an domhain;
- an t‑idirphlé a chothú idir an saol acadúil agus an tsochaí, cuir i gcás lucht ceaptha beartas ar leibhéal áitiúil, réigiúnach, stáit agus an Aontais, státseirbhísigh, gníomhaithe sochaí sibhialta, ionadaithe leibhéil éagsúla an oideachais agus na meán;
- eolas agus léargais a ghiniúint chun tacú le ceapadh beartais san Aontas Eorpach agus ról an Aontais a neartú laistigh den Eoraip agus i ndomhan domhandaithe;
- dul i bhfeidhm ar phobal níos leithne agus eolas faoin Aontas Eorpach a scaipeadh ar an tsochaí níos leithne (níos faide ná an saol acadúil agus spriocphobail speisialaithe) chun an tAontas Eorpach a thabhairt níos gaire don phobal.
Féachann na gníomhaíochtaí le feidhmiú mar veicteoir na taidhleoireachta poiblí freisin i dtreo tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, luachanna an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn agus feabhas a chur ar a infheicthe is atá na luachanna dá seasann an tAontas Eorpach agus a bhfuil sé i gceist aige a bhaint amach.
Tionscadal a bhunú
Ní mór don ghníomhaíocht “Teagasc agus Taighde” Jean Monnet a bheith i gceann de na foirmeacha seo a leanas: Modúil, Ollúnachtaí, Lárionaid Barr Feabhais
- Is éard atá i gceist le modúil cláir theagaisc nó cúrsaí gearra i réimse léann an Aontais Eorpaigh a thairgtear ag institiúid ardoideachais. 40 uair an chloig de theagasc ar a laghad atá i ngach modúl in aghaidh na bliana acadúla ar feadh 3 bliana. D’fhéadfadh modúil a bheith dírithe ar aon disciplín ar leith de léann an Aontais Eorpaigh nó d’fhéadfaidís cur chuige ildisciplíneach a ghlacadh agus dá bhrí sin d’fhéadfadh roinnt ollúna agus saineolaithe ionchur acadúil a sholáthar iontu. Is féidir go mbeidh siad i bhfoirm clár gearr speisialaithe nó samhraidh freisin.
- Poist teagaisc atá in ollúnachtaí lena mbaineann speisialtóireacht i léann an Aontais Eorpaigh (mar a thugtar tuairisc air thuas) le haghaidh ollúna ollscoile ar feadh tréimhse 3 bliana. Ollamh amháin, agus é sin amháin, a bhfuil Ollúnacht Jean Monnet aige agus is é an t‑ollamh sin a sholáthróidh 90 uair an chloig de theagasc ar a laghad in aghaidh na bliana acadúla. Is féidir freisin go mbeidh foireann ag an Ollúnacht chun tacú le gníomhaíochtaí na hOllúnachta agus chun iad a fheabhsú, lena n‑áirítear soláthar breis uaireanta teagaisc.
- Lárionaid inniúlachta agus eolais ar ábhair an Aontais Eorpaigh atá in Ionaid Barr Feabhais Jean Monnet. Ba cheart dóibh saineolas agus inniúlachtaí saineolaithe ardleibhéil a bhailiú arb é is aidhm dóibh sineirgí a fhorbairt idir na disciplíní agus na hacmhainní éagsúla i léann Eorpach (mar a thugtar tuairisc air thuas) chomh maith le gníomhaíochtaí trasnáisiúnta comhpháirteacha a chruthú, agus áirithíonn siad oscailteacht roimh an tsochaí shibhialta freisin. Bíonn ról mór ag Ionaid Barr Feabhais Jean Monnet chun dul i bhfeidhm ar mhic léinn ó dhámha nach mbíonn an plé le saincheisteanna an Aontais Eorpaigh go hiondúil chomh maith le lucht ceaptha beartas, státseirbhísigh, an tsochaí shibhialta eagraithe agus an pobal i gcoitinne.
Iarrtar ar thairbhithe Jean Monnet (modúil agus sealbhóirí Ollúnachta chomh maith le rannpháirtithe Ionaid Barr Feabhais) gníomhaíochtaí agus imeachtaí a eagrú lena n‑áiritheofar oscailteacht don lucht ceaptha beartas, státseirbhísigh, an tsochaí shibhialta agus an pobal i gcoitinne.
Le haghaidh Ollúnachtaí agus Modúl, tuigtear le huaireanta teagaisc uaireanta teagmhála dírí i gcomhthéacs léachtaí grúpa, seimineár, ranganna teagaisc, agus féadfar a áireamh leo aon cheann de na nithe sin i bhformáid chianfhoghlama ach ní chuimsítear leo teagasc agus/nó maoirseacht aonair. Tá cúrsaí samhraidh incháilithe le haghaidh Modúl.
Cé na critéir atá le comhlíonadh chun iarratas a dhéanamh ar ghníomhaíocht teagaisc agus taighde jean monnet?
Critéir incháilitheachta
Tá feidhm ag na critéir incháilitheachta seo a leanas i leith Mhodúil Jean Monnet:
Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?
Ní mór d’iarratasóirí a bheith:
- ina n‑institiúid ardoideachais;
- bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár nó i dtír nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár,
Ní mór ECHE bailí a bheith ag institiúidí ardoideachais atá bunaithe i mBallstáit den Aontas agus i dtíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár.
Ní ga ECHE a bheith ag institiúidí ardoideachais rannpháirteacha i dtíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár.
Eisceacht: níl eagraíochtaí ón mBealarúis (Réigiún 2) ná ó Chónaidhm na Rúise (Réigiún 4) incháilithe chun páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht sin.
Comhdhéanamh cuibhreannais
Ní cheadaítear ach amháin iarratais ó iarratasóirí aonair (tairbhithe aonair).
Gníomhaíochtaí incháilithe
Ní mór Modúl Jean Monnet a theagasc ar feadh 40 uair an chloig teagaisc ar a laghad in aghaidh na bliana acadúla i réimse léann an Aontais Eorpaigh (mar a thugtar tuairisc air thuas) san institiúid ardoideachais is iarratasóir.
Fad an tionscadail
Ba cheart tréimhse 36 mhí a bheith i gceist leis na tionscadail de ghnáth (is féidir síneadh a chur leis an tréimhse sin, le leasú, má tá údar cuí leis).
Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?
Faoi bhráid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA).
Uimhir aitheantais an Ghlao: ERASMUS-JMO-2023-MODULE
Cathain is féidir iarratas a dhéanamh?
Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoin 14 Feabhra ar 17:00:00 (am na Bruiséile).
Tá feidhm ag na critéir incháilitheachta seo a leanas i leith Ollúnachtaí Jean Monnet iarratas a dhéanamh ar:
Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?
Ní mór d’iarratasóirí a bheith:
- ina n‑institiúid ardoideachais;
- bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár nó i dtír nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár.
Ní mór ECHE bailí a bheith ag institiúidí ardoideachais atá bunaithe i mBallstáit den Aontas agus i dtíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár.
Ní gá ECHE a bheith ag institiúidí ardoideachais rannpháirteacha i dtíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár.
Eisceacht: níl eagraíochtaí ón mBealarúis (Réigiún 2) ná ó Chónaidhm na Rúise (Réigiún 4) incháilithe chun páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht sin.
Comhdhéanamh cuibhreannais
Ní cheadaítear ach amháin iarratais ó iarratasóirí aonair (tairbhithe aonair).
Gníomhaíochtaí incháilithe
Ní mór Ollúnacht Jean Monnet a theagasc ar feadh 90 uair an chloig teagaisc ar a laghad in aghaidh na bliana acadúla i réimse léann an Aontais Eorpaigh (mar a thugtar tuairisc air i dTreoir an Chláir) san institiúid ardoideachais is iarratasóir ag an sealbhóir Ollúnachta, gur cheart a bheith ina bhall foirne buan ag an institiúid is iarratasóir.
Fad an tionscadail
Ba cheart tréimhse 36 mhí a bheith i gceist leis na tionscadail de ghnáth (is féidir síneadh a chur leis an tréimhse sin, le leasú, má tá údar cuí leis)
Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?
Faoi bhráid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA).
Uimhir aitheantais an Ghlao: ERASMUS-JMO-2023-CHAIR
Cathain is féidir iarratas a dhéanamh?
Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoin 14 Feabhra ar 17:00:00 (am na Bruiséile).
Tá feidhm ag na critéir incháilitheachta seo a leanas maidir le Ionaid Barr Feabhais Jean Monnet:
Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?
Ní mór d’iarratasóirí a bheith:
- ina n‑institiúid ardoideachais;
- bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár nó i dtír nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár.
- Ní thacófar ach le haon Lárionad Barr Feabhais Jean Monnet amháin in aon institiúid ardoideachais rannpháirteach an tráth céanna
Ní mór ECHE bailí a bheith ag institiúidí ardoideachais atá bunaithe i mBallstáit den Aontas agus i dtíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár.
Ní gá ECHE a bheith ag institiúidí ardoideachais rannpháirteacha i dtíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár.
Eisceacht: níl eagraíochtaí ón mBealarúis (Réigiún 2) ná ó Chónaidhm na Rúise (Réigiún 4) incháilithe chun páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht sin.
Comhdhéanamh cuibhreannais
Ní cheadaítear ach amháin iarratais ó iarratasóirí aonair (tairbhithe aonair).
Fad an tionscadail
Ba cheart tréimhse 36 mhí a bheith i gceist leis na tionscadail de ghnáth (is féidir síneadh a chur leis an tréimhse sin, le leasú, má tá údar cuí leis).
Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?
Faoi bhráid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA).
Uimhir aitheantais an Ghlao: ERASMUS-JMO-2023-COE
Cathain is féidir iarratas a dhéanamh?
Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoin 14 Feabhra ar 17:00:00 (am na Bruiséile).
Déanfar measúnú ar eagraíochtaí is iarratasóirí de réir na gcritéar eisiaimh agus roghnúcháin ábhartha. Chun breis faisnéise a fháil féach Cuid C den Treoir seo.
Critéir dhámhachtana
Tá feidhm ag na critéir dhámhachtana seo a leanas maidir le Modúil Jean Monnet:
Ábharthacht an tionscadail (scór uasta 25 phointe)
A mhéid a chomhlíonann an togra cuspóirí ghníomhaíocht Jean Monnet:
- téitear i ngleic le léann an Aontais Eorpaigh (mar a thugtar tuairisc air sa mhír thosaigh),
- cothaítear idirphlé idir an saol acadúil agus an tsochaí, lena n‑áirítear lucht ceaptha beartas ar leibhéal áitiúil, réigiúnach, stáit agus AE, státseirbhísigh, gníomhaithe sochaí sibhialta, ionadaithe leibhéil éagsúla an oideachais agus na meán,
- gintear eolas agus léargais lenar féidir tacú le ceapadh beartais san Aontas Eorpach agus ról an Aontais a neartú i ndomhan domhandaithe,
- áirítear obair ghníomhach for‑rochtana agus oideachais lena scaipfear eolas faoi ábhair a bhaineann leis an Aontas Eorpach ar an tsochaí níos leithne (lasmuigh den saol acadúil agus spriocphobail speisialaithe) agus lena dtabharfar an tAontas Eorpach níos gaire don phobal.
A mhéid a théann an togra i bhfeidhm ar spriocghrúpaí tosaíochta:
- mic léinn ardoideachais i léann an Aontais Eorpaigh (mar a thugtar tuairisc air sa mhír thosaigh),
- mic léinn ardoideachais nach mbíonn teagmháil uathoibríoch acu le léann an Aontais Eorpaigh (i réimsí lasmuigh den dlí, den eacnamaíocht, agus de na heolaíochtaí polaitiúla),
- maidir le tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, an cumas taidhleoireacht phoiblí an Aontais a fheabhsú.
Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail (scór uasta 25 phointe)
- Modheolaíocht: cáilíocht, úrnuacht agus indéantacht an tionscadail féin agus inmharthanacht na modheolaíochta atá beartaithe;
- A mhéid a bhaineann na nithe seo a leanas leis an gclár oibre:
- Cuirtear i láthair é ar bhealach soiléir, iomlán agus comhleanúnach, agus tugtar aird chuí ar phleanáil iomchuí na gcéimeanna ullmhúcháin, cur chun feidhme, meastóireachta, oibre leantaí agus scaipthe a chur i láthair;
- léirítear comhleanúnachas ann le cuspóirí agus gníomhaíochtaí an tionscadail;
- Straitéis monatóireachta agus meastóireachta
Cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair (scór uasta 25 phointe)
- Leibhéal inniúlachta agus breisluach na foirne: Ábharthacht agus comhlántacht phróifíl agus shaineolas na bpríomhbhall foirne atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí atá beartaithe (sna réimsí acadúla agus neamhacadúla, más iomchuí) i dtéarmaí Léann an Aontais Eorpaigh (mar a thugtar tuairisc air sa mhír thosaigh) agus i dtéarmaí an téama shonraigh ar a dtugtar aghaidh leis an togra
Tionchar (scór uasta 25 phointe)
Tionchar measta an tionscadail de bharr éifeachtaí marthanacha
- ar an institiúid atá ina hóstach do Ghníomhaíocht Jean Monnet,
- ar na mic léinn agus na foghlaimeoirí a bhaineann tairbhe as Gníomhaíocht Jean Monnet,
- curaclaim fheabhsaithe nó nuálacha,
- inniúlacht níos mó chun mic léinn shármhaithe a mhealladh,
- comhar treisithe le comhpháirtithe ó thíortha eile,
- leithdháileadh méadaithe acmhainní airgeadais don teagasc agus don taighde ar ábhair a bhaineann leis an Aontas Eorpach laistigh den Aontas,
- inniúlacht níos mó chun teagasc agus taighde a dhéanamh ar ábhair a bhaineann leis an Aontas Eorpach.
- ar eagraíochtaí agus ar dhaoine aonair eile atá rannpháirteach ar leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus/nó Eorpach.
Scaipeadh agus cumarsáid:
- A iomchuí atá na bearta, agus cáilíocht na mbeart, arb é is aidhm dóibh torthaí na ngníomhaíochtaí a scaipeadh laistigh agus lasmuigh den institiúid atá ina hóstach do Ghníomhaíocht Jean Monnet:
- an focal a scaipeadh,
- feasacht a mhúscailt ar thionscadail agus ar thorthaí, feabhas a chur ar infheictheacht rannpháirtithe agus eagraíochtaí,
- dul i bhfeidhm ar ghrúpaí lasmuigh de na hinstitiúidí ardoideachais,
- inaistritheacht agus aistriú ina mbeartais nua agus ina gcleachtais fheabhsaithe.
- A mhéid a rachaidh na huirlisí scaipthe atá beartaithe i bhfeidhm ar an spriocphobal trí bhíthin na nithe seo a leanas:
- poiblíocht sna meáin (lena n‑áirítear na meáin shóisialta, foilseacháin, srl.),
- imeachtaí.
Inbhuanaitheacht agus leanúnachas: leis an togra áirítear bearta agus acmhainní iomchuí lena áirithiú go mbeidh torthaí agus tairbhí an tionscadail inbhuanaithe tar éis shaolré an tionscadail.
Chun bheith curtha san áireamh le haghaidh cistiú, ní mór do thograí 70 pointe ar an iomlán agus 15 phointe i ngach critéar dámhachtana a ghnóthú. Tabharfar tosaíocht do na tograí ex aequo de réir na scór a ndámhfar orthu le haghaidh an chritéir dámhachtana ‘ábharthacht an tionscadail’ agus ansin ‘tionchar’.
Tá feidhm ag na critéir dhámhachtana seo a leanas i leith Ollúnachtaí Jean Monnet:
Ábharthacht an tionscadail (scór uasta 25 phointe)
A mhéid a chomhlíonann an togra cuspóirí ghníomhaíocht Jean Monnet:
- tugtar aghaidh ar léann an Aontais Eorpaigh (mar a thugtar tuairisc air sa mhír thosaigh),
- cothaítear idirphlé idir an saol acadúil agus an tsochaí, lena n‑áirítear lucht ceaptha beartas ar leibhéal áitiúil, réigiúnach, stáit agus AE, státseirbhísigh, gníomhaithe sochaí sibhialta, ionadaithe leibhéil éagsúla an oideachais agus na meán,
- gintear eolas agus léargais lenar féidir tacú le ceapadh beartais san Aontas Eorpach agus ról an Aontais a neartú i ndomhan domhandaithe,
- áirítear obair ghníomhach for‑rochtana agus oideachais lena scaipfear eolas faoi ábhair a bhaineann leis an Aontas Eorpach ar an tsochaí níos leithne (lasmuigh den saol acadúil agus spriocphobail speisialaithe) agus lena dtabharfar an tAontas Eorpach níos gaire don phobal.
A mhéid a théann an togra i bhfeidhm ar spriocghrúpaí tosaíochta:
- mic léinn ardoideachais i léann an Aontais Eorpaigh (mar a thugtar tuairisc air sa mhír thosaigh),
- mic léinn ardoideachais nach mbíonn teagmháil uathoibríoch acu le léann an Aontais Eorpaigh (mar a thugtar tuairisc air sa mhír thosaigh),
- maidir le tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, an cumas taidhleoireacht phoiblí an Aontais a fheabhsú.
Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail (scór uasta 25 phointe)
- Modheolaíocht: cáilíocht, úrnuacht agus indéantacht an tionscadail féin agus inmharthanacht na modheolaíochta atá beartaithe.
- Bainistíocht: a mhéid a bhaineann na nithe seo a leanas leis an gclár oibre
- cuirtear i láthair é ar bhealach soiléir, iomlán agus comhleanúnach, agus tugtar aird chuí ar phleanáil iomchuí na gcéimeanna ullmhúcháin, cur chun feidhme, meastóireachta, oibre leantaí agus scaipthe a chur i láthair,
- léirítear comhleanúnachas ann le cuspóirí agus gníomhaíochtaí an tionscadail.
- Straitéis monatóireachta agus meastóireachta.
Cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair (scór uasta 25 phointe)
- Próifíl shármhaith agus saineolas shealbhóir na hOllúnachta i léann an Aontais Eorpaigh. (mar a thugtar tuairisc air sa mhír thosaigh).
- Ábharthacht agus comhlántacht phróifíl agus shaineolas Shealbhóir na hOllúnachta agus na bpríomhbhall foirne atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí atá beartaithe i dtéarmaí Léann an Aontais Eorpaigh (mar a thugtar tuairisc air sa mhír thosaigh) agus i dtéarmaí na dtéamaí sonracha ar a dtugtar aghaidh leis an togra.
- Fianaise ar an leibhéal taithí i dtaighde ar ábhair a bhaineann leis an Aontas Eorpach.
Tionchar (scór uasta 25 phointe)
Tionchar measta an tionscadail de bharr éifeachtaí marthanacha
- ar an institiúid atá ina hóstach do Ghníomhaíocht Jean Monnet,
- ar na mic léinn agus na foghlaimeoirí a bhaineann tairbhe as Gníomhaíocht Jean Monnet:
- curaclaim fheabhsaithe nó nuálacha,
- inniúlacht níos mó chun mic léinn shármhaithe a mhealladh,
- comhar treisithe le comhpháirtithe ó thíortha eile,
- leithdháileadh méadaithe acmhainní airgeadais don teagasc agus don taighde ar ábhair a bhaineann leis an Aontas Eorpach laistigh den Aontas,
- inniúlacht níos mó chun teagasc agus taighde a dhéanamh ar ábhair a bhaineann leis an Aontas Eorpach.
- ar eagraíochtaí agus ar dhaoine aonair eile atá rannpháirteach ar leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus/nó Eorpach.
Scaipeadh agus cumarsáid:
- A iomchuí atá na bearta, agus cáilíocht na mbeart, arb é is aidhm dóibh torthaí na ngníomhaíochtaí a scaipeadh laistigh agus lasmuigh den institiúid atá ina hóstach do Ghníomhaíocht Jean Monnet:
- an focal a scaipeadh,
- feasacht a mhúscailt ar thionscadail agus ar thorthaí, feabhas a chur ar infheictheacht rannpháirtithe agus eagraíochtaí,
- dul i bhfeidhm ar ghrúpaí lasmuigh de na hinstitiúidí ardoideachais,
- inaistritheacht agus aistriú ina mbeartais nua agus ina gcleachtais fheabhsaithe.
- A mhéid a rachaidh na huirlisí scaipthe atá beartaithe i bhfeidhm ar an spriocphobal trí bhíthin na nithe seo a leanas:
- trí phoiblíocht sna meáin (lena n‑áirítear na meáin shóisialta, foilseacháin, srl.)
- imeachtaí.
Inbhuanaitheacht agus leanúnachas: leis an togra áirítear bearta agus acmhainní iomchuí lena áirithiú go mbeidh torthaí agus tairbhí an tionscadail inbhuanaithe tar éis shaolré an tionscadail.
Chun bheith curtha san áireamh le haghaidh cistiú, ní mór do thograí 70 pointe ar an iomlán agus 15 phointe i ngach critéar dámhachtana a ghnóthú. Tabharfar tosaíocht do na tograí ex aequo de réir na scór a ndámhfar orthu le haghaidh an chritéir dámhachtana ‘ábharthacht an tionscadail’ agus ansin ‘tionchar’.
Tá feidhm ag na critéir dhámhachtana seo a leanas i leith Ionaid Barr Feabhais Jean Monnet:
Ábharthacht an tionscadail (scór uasta 25 phointe)
A mhéid a chomhlíonann an togra cuspóirí ghníomhaíochtaí Jean Monnet:
- téitear i ngleic le léann an Aontais Eorpaigh (mar a thugtar tuairisc air sa mhír thosaigh),
- cothaítear idirphlé idir an saol acadúil agus an tsochaí, lena n‑áirítear lucht ceaptha beartas ar leibhéal áitiúil, réigiúnach, stáit agus AE, státseirbhísigh, gníomhaithe sochaí sibhialta, ionadaithe leibhéil éagsúla an oideachais agus na meán,
- gintear eolas agus léargais lenar féidir tacú le ceapadh beartais san Aontas Eorpach agus ról an Aontais a neartú i ndomhan domhandaithe,
- áirítear obair ghníomhach for‑rochtana agus oideachais lena scaipfear eolas faoi ábhair a bhaineann leis an Aontas Eorpach ar an tsochaí níos leithne (lasmuigh den saol acadúil agus spriocphobail speisialaithe) agus lena dtabharfar an tAontas Eorpach níos gaire don phobal.
A mhéid a théann an togra i bhfeidhm ar níos mó spriocghrúpaí:
- cineál thairbhithe an tsaineolais ón Lárionad atá beartaithe,
- rannpháirtíocht Dámh/Ranna nach bhfuil i dteagmháil le cineálacha léinn a bhaineann go sonrach leis an Aontas Eorpach,
- maidir le tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, an cumas taidhleoireacht phoiblí an Aontais a fheabhsú.
Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail (scór uasta 25 phointe)
- Modheolaíocht: cáilíocht, úrnuacht agus indéantacht an tionscadail féin agus inmharthanacht na modheolaíochta atá beartaithe.
- A mhéid a bhaineann na nithe seo a leanas leis an gclár oibre
- cuirtear i láthair é ar bhealach soiléir, iomlán agus comhleanúnach, agus tugtar aird chuí ar phleanáil iomchuí na gcéimeanna ullmhúcháin, cur chun feidhme, meastóireachta, oibre leantaí agus scaipthe a chur i láthair,
- léirítear comhleanúnachas ann le cuspóirí agus gníomhaíochtaí an tionscadail.
- A mhéid atá na hacmhainní atá sannta do phacáistí oibre i gcomhréir lena gcuspóirí agus lena dtáirgí insoláthartha.
- Straitéis monatóireachta agus meastóireachta.
Cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair (scór uasta 25 phointe)
- Cáilíocht agus breisluach na rannpháirtithe san Ionad.
- Ábharthacht agus comhlántacht phróifíl agus shaineolas na mball foirne atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí atá beartaithe sa tionscadal i dtéarmaí Léann an Aontais Eorpaigh agus i dtéarmaí na dtéamaí sonracha a dtéann an togra i ngleic leo araon.
- Socruithe comhair laistigh den Institiúid Ardoideachais agus dáileadh ról.
- Gealltanas na hinstitiúide chun an tIonad a fhorbairt agus a choinneáil ar bun.
Tionchar (scór uasta 25 phointe)
Tionchar measta an tionscadail de bharr éifeachtaí marthanacha
- ar an institiúid atá ina hóstach do Ghníomhaíocht Jean Monnet,
- ar na Dámha/Ranna a bhaineann tairbhe as Gníomhaíocht Jean Monnet
- inneachar feabhsaithe nó nuálach, forbairt dearcthaí nua taighde shonraigh,
- inniúlacht níos mó chun mic léinn shármhaithe agus taighdeoirí sármhaithe a mhealladh,
- comhar atreisithe agus inniúlacht nascadh le comhpháirtithe ó thíortha eile,
- leithdháileadh méadaithe acmhainní airgeadais don teagasc agus don taighde ar ábhair a bhaineann leis an Aontas Eorpach laistigh den Aontas,
- inniúlacht níos mó chun teagasc agus taighde a dhéanamh ar ábhair a bhaineann leis an Aontas Eorpach.
- ar eagraíochtaí agus ar dhaoine aonair eile atá rannpháirteach ar leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus/nó Eorpach.
Scaipeadh agus cumarsáid:
- A iomchuí atá na bearta, agus cáilíocht na mbeart, arb é is aidhm dóibh torthaí na ngníomhaíochtaí a scaipeadh laistigh agus lasmuigh den institiúid atá ina hóstach do Ghníomhaíocht Jean Monnet:
- an focal a scaipeadh,
- feasacht a mhúscailt ar thionscadail agus ar thorthaí, feabhas a chur ar infheictheacht rannpháirtithe agus eagraíochtaí,
- dul i bhfeidhm ar ghrúpaí lasmuigh de na hinstitiúidí ardoideachais,
- inaistritheacht agus aistriú ina mbeartais nua agus ina gcleachtais fheabhsaithe.
A mhéid a rachaidh na huirlisí scaipthe atá beartaithe i bhfeidhm ar an spriocphobal trí bhíthin na nithe seo a leanas:
- poiblíocht sna meáin (lena n‑áirítear na meáin shóisialta, foilseacháin, srl.),
- Imeachtaí.
Inbhuanaitheacht agus leanúnachas: leis an togra áirítear bearta agus acmhainní iomchuí lena áirithiú go mbeidh torthaí agus tairbhí an tionscadail inbhuanaithe tar éis shaolré an tionscadail.
Chun bheith curtha san áireamh le haghaidh cistiú, ní mór do thograí 70 pointe ar an iomlán agus 15 phointe i ngach critéar dámhachtana a ghnóthú. Tabharfar tosaíocht do na tograí ex aequo de réir na scór a ndámhfar orthu le haghaidh an chritéir dámhachtana ‘ábharthacht an tionscadail’ agus ansin ‘tionchar’.
Spriocanna geografacha
Rannchuidíonn ionstraimí gníomhaíochta seachtraí an Aontais leis an ngníomhaíocht sin. Roinntear an buiséad atá ar fáil idir réigiúin éagsúla agus tá méid gach clúdaigh bhuiséadaigh éagsúil. Foilseofar tuilleadh faisnéise maidir leis na méideanna atá ar fáil faoi gach clúdach buiséadach ar an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana (TDCT).
Is iad seo a leanas na spriocanna geografacha a leagtar síos don ghníomhaíocht sin:
Maidir leis an Áise: Féadfar 75 % ar a mhéad den mhaoiniú a leithdháileadh do thíortha ardioncaim sa réigiún sin;
Don Afraic Fho‑Shahárach: Tabharfar tosaíocht do na tíortha is lú forbairt; cuirfear béim speisialta chomh maith ar thíortha tosaíochta imirce agus ar thionscadail réigiúnacha lena mbaineann institiúidí ardoideachais ó roinnt tíortha.
Tionchar measta
Cainníochtúil
Líon méadaitheach institiúidí ardoideachais a fheabhsaíonn éirim an Aontais i leith na ndisciplíní a chumhdaítear leo.
Líon méadaitheach ábhar faoin Aontas Eorpach tugtha isteach i dteagasc agus i dtaighde Dámh/Ranna nach mbíonn an ghné AE forbartha go hiondúil – lasmuigh de na hábhair a bhfuil an bhaint atá acu leis an Aontas aitheanta go hiondúil.
Cáilíochtúil
A mhéid a bhaineann leis na rannpháirtithe a bhfuil baint dhíreach acu leis na gníomhaíochtaí, beidh éifeachtaí dearfacha marthanacha ag ‘teagasc agus taighde’ Jean Monnet ar mhic léinn agus ar thaighdeoirí/ollúna araon agus:
- cuirfear daonlathas agus braistint muintearais le limistéar coiteann chun cinn; d’fhéadfaí tomhas ar spéis níos mó i measc na hóige i mbeartais Eorpacha a mheasúnú trí shuirbhéanna sonracha;
- spéis níos mó i ndaingniú an eolais ar bheartais shonracha an Aontais Eorpaigh, a bhféadfadh a bheith mar thoradh air rannpháirtíocht níos gníomhaí i ngníomhaíochtaí an Aontais agus sa tseirbhís phoiblí;
- méadú ar na deiseanna do thaighdeoirí óga feabhas a chur ar a n‑inniúlachtaí gairmiúla agus borradh a chur faoina ngairm.
Maidir leis na heagraíochtaí rannpháirteacha, cuirfear an tsnáithe ‘teagasc agus taighde’ faoi Jean Monnet feabhas ar dhinimic nua agus:
- cuirfear le hinniúlacht na nInstitiúidí Ardoideachais ábhair a bhaineann leis an Aontas Eorpach a theagasc
- meallfar foghlaimeoirí agus múinteoirí breise agus nua a bhfuil spéis acu eolas a chur ar an Aontas Eorpach
- cruthófar lárionaid struchtúrtha ina soláthrófar eolas ardleibhéil agus ardtaighde a bhaineann go sonrach leis an Aontas Eorpach do Dhámha/Ranna a bhfuil tacaíocht ag teastáil uathu.
Cad iad na rialacha cistiúcháin atá ann?
Leanann an ghníomhaíocht seo samhail cistiúcháin cnapshuime. Leis an scéim cistiúcháin sin, d’fhéadfaí díriú ar na haschuir seachas ar na hionchuir, rud a chuirfeadh béim ar cháilíocht agus leibhéal gnóthachtála cuspóirí intomhaiste.
Is mar a leanas an deontas uasta ón Aontas in aghaidh an tionscadail:
- Modúil Jean Monnet: EUR 30000
- Ollúnachtaí Jean Monnet: EUR 50000
- Ionaid Barr Feabhais Jean Monnet: EUR 100 000
Cumhdófar le ranníocaíochtaí cnapshuime, costais ball foirne, costais taistil agus chothaithe, costais trealaimh agus fochonraitheoireachta mar aon le costais eile (scaipeadh faisnéise, foilsiú, aistriú).
Modúil agus Ollúnachtaí Jean Monnet
Ní mór d’iarratasóirí méid réamhshainithe na cnapshuime aonair a léirítear sna táblaí thíos a iarraidh san iarratas. Sna táblaí thíos léirítear an chnapshuim iomlán in aghaidh an tíre a chomhfhreagraíonn don líon iomlán uaireanta teagaisc. Is iad na méideanna sa tábla an ranníocaíocht chríochnaitheach ón Aontas ós rud é go bhfuil cómhaoiniú 75 % leabaithe.
a.1) Le haghaidh Mhodúil Jean Monnet le haghaidh Ballstát den Aontas agus tíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár
Tír/uaireanta teagaisc i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana (ar a laghad 40u/in aghaidh na bliana) | An Bhulgáir, an Rómáin, An Mhacadóin Thuaidh, Lichtinstéin, an tSeirbia | An Tuirc, an Chróit, an Laitvia | An Ungáir, an Pholainn, an Liotuáin, Poblacht na Seice, an Eastóin, an tSlóvaic | An Phortaingéil, an Ghréig, an tSlóivéin, Málta | An Chipir, an Íoslainn, an Spáinn, an Iodáil | Éire, an Fhrainc, an Fhionlainn | An Bheilg, an Danmhairg, an Ghearmáin, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an tSualainn, an Iorua |
---|---|---|---|---|---|---|---|
120-150 | EUR 11 500 | EUR 13 500 | EUR 15 000 | EUR 19 000 | EUR 22 000 | EUR 26 000 | EUR 28 000 |
151-180 | EUR 14 500 | EUR 16 500 | EUR 18 500 | EUR 23 000 | EUR 27 500 | EUR 30 000 | EUR 30 000 |
181-210 | EUR 16 500 | EUR 19 500 | EUR 22 000 | EUR 27 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 |
211-240 | EUR 19 000 | EUR 22 500 | EUR 25 500 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 |
241-270 | EUR 21 500 | EUR 25 500 | EUR 29 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 |
271-300 | EUR 24 000 | EUR 28 500 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 |
301-330 | EUR 26 500 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 |
331-360 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 |
a.2) Modúil Jean Monnet le haghaidh tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár
Tír/uaireanta teagaisc i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana (ar a laghad 40u/in aghaidh na bliana) | An tSile, San Críostóir-Nimheas, Meicsiceo, an Libia, Antigua agus Barbúda, Barbadós, tíortha eile | Bairéin, Oileán na Tríonóide agus Tobága | An Araib Shádach, na Séiséil, an Ghuine Mheánchiorclach, Óman, Iosrael | An Chóiré, Poblacht na Nua-Shéalainne | An tSeapáin, an Ríocht Aontaithe | An Astráil, Brúiné, Ceanada, Hong Cong, Cuáit, Catar, Singeapór, an Eilvéis, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Stáit Aontaithe Mheiriceá |
---|---|---|---|---|---|---|
120-150 | EUR 11 500 | EUR 15 000 | EUR 19 000 | EUR 22 000 | EUR 26 000 | EUR 28 000 |
151-180 | EUR 14 000 | EUR 18 500 | EUR 23 000 | EUR 27 500 | EUR 30 000 | EUR 30 000 |
181-210 | EUR 16 500 | EUR 22 000 | EUR 27 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 |
211-240 | EUR 19 000 | EUR 25 500 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 |
241-270 | EUR 21 500 | EUR 29 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 |
271-300 | EUR 24 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 |
301-330 | EUR 26 500 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 |
331-360 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 | EUR 30 000 |
Tugtar tuairisc ar níos mó mionsonraí i samhail an chomhaontaithe deontais atá le fáil ar an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana (TDCT).
b.1) Ollúnachtaí Jean Monnet le haghaidh Ballstát den Aontas agus tíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár
Tír/uaireanta teagaisc i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana (ar a laghad 90u/in aghaidh na bliana) | An Bhulgáir, an Rómáin, An Mhacadóin Thuaidh, Lichtinstéin, an tSeirbia | An Tuirc, an Chróit, an Laitvia | An Ungáir, an Pholainn, an Liotuáin, Poblacht na Seice, an Eastóin, an tSlóvaic | An Phortaingéil, an Ghréig, an tSlóivéin, Málta | An Chipir, an Íoslainn, an Spáinn, an Iodáil | Éire, an Fhrainc, an Fhionlainn | An Bheilg, an Danmhairg, an Ghearmáin, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an tSualainn, an Iorua |
---|---|---|---|---|---|---|---|
270-300 | EUR 18 000 | EUR 19 000 | EUR 25 000 | EUR 31 000 | EUR 37 000 | EUR 43 000 | EUR 47 000 |
301-330 | EUR 20 000 | EUR 21 000 | EUR 28 000 | EUR 34 000 | EUR 41 000 | EUR 47 000 | EUR 50 000 |
331-360 | EUR 22 000 | EUR 23 000 | EUR 31 000 | EUR 37 000 | EUR 45 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 |
361-390 | EUR 24 000 | EUR 25 000 | EUR 34 000 | EUR 40 000 | EUR 49 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 |
391-420 | EUR 26 000 | EUR 27 000 | EUR 37 000 | EUR 43 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 |
421-450 | EUR 28 000 | EUR 29 000 | EUR 40 000 | EUR 46 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 |
451-480 | EUR 30 000 | EUR 31 000 | EUR 43 000 | EUR 49 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 |
481-510 | EUR 32 000 | EUR 33 000 | EUR 46 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 |
511-540 | EUR 34 000 | EUR 35 000 | EUR 49 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 |
541-570 | EUR 36 000 | EUR 37 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 |
571-600 | EUR 38 000 | EUR 39 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 |
601-630 | EUR 40 000 | EUR 41 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 |
631-660 | EUR 42 000 | EUR 43 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 |
661-690 | EUR 44 000 | EUR 45 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 |
691-720 | EUR 46 000 | EUR 47 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 |
721-750 | EUR 48 000 | EUR 49 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 |
>750 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 |
b.2) Ollúnacht Jean Monnet le haghaidh tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár
Tír/uaireanta teagaisc i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana (ar a laghad 90u/in aghaidh na bliana) | An tSile, San Críostóir-Nimheas, Meicsiceo, an Libia, Antigua agus Barbúda, Barbadós, tíortha eile | Bairéin, Oileán na Tríonóide agus Tobága | An Araib Shádach, na Séiséil, an Ghuine Mheánchiorclach, Óman, Iosrael | Poblacht na Cóiré, an Nua‑Shéalainn | An tSeapáin, an Ríocht Aontaithe | An Astráil, Brúiné, Ceanada, Hong Cong, Cuáit, Catar, Singeapór, an Eilvéis, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Stáit Aontaithe Mheiriceá |
---|---|---|---|---|---|---|
270-300 | EUR 21 000 | EUR 24 000 | EUR 31 000 | EUR 37 000 | EUR 43 000 | EUR 47 000 |
301-330 | EUR 23 000 | EUR 27 000 | EUR 34 000 | EUR 41 000 | EUR 47 000 | EUR 50 000 |
331-360 | EUR 25 000 | EUR 30 000 | EUR 37 000 | EUR 45 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 |
361-390 | EUR 27 000 | EUR 33 000 | EUR 40 000 | EUR 49 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 |
391-420 | EUR 29 000 | EUR 36 000 | EUR 43 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 |
421-450 | EUR 31 000 | EUR 39 000 | EUR 46 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 |
451-480 | EUR 33 000 | EUR 42 000 | EUR 49 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 |
481-510 | EUR 35 000 | EUR 45 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 |
511-540 | EUR 37 000 | EUR 48 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 |
541-570 | EUR 39 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 |
571-600 | EUR 41 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 |
601-630 | EUR 43 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 |
631-660 | EUR 45 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 |
661-690 | EUR 47 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 |
691-720 | EUR 49 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 |
721-750 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 |
>750 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 | EUR 50 000 |
Tugtar tuairisc ar níos mó mionsonraí i samhail an chomhaontaithe deontais atá le fáil ar an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana (TDCT).
c) Ionaid Barr Feabhais Jean Monnet
Leanann an ghníomhaíocht seo samhail cistiúcháin cnapshuime. Cinnfear méid na ranníocaíochta cnapshuime aonair le haghaidh gach deontais bunaithe ar bhuiséad measta na gníomhaíochta atá beartaithe ag an iarratasóir. Socróidh an t‑údarás deonúcháin cnapshuim gach deontais bunaithe ar an togra, ar an toradh meastóireachta, ar na rátaí cistiúcháin agus ar uasmhéid an deontais atá socraithe sa ghlao.
Is é EUR 100 000 an ranníocaíocht uasta ón Aontas in aghaidh an tionscadail
Conas a chinntear cnapshuim an tionscadail?
Ní mór d’iarratasóirí tábla buiséid mionsonraithe a líonadh isteach de réir na foirme iarratais, agus na pointí seo a leanas á gcur san áireamh:
- Ba cheart an buiséad a bheith mionsonraithe agus eagraithe i bpacáistí oibre comhleanúnacha (mar shampla roinnte i ‘bainistíocht tionscadail’, ‘oiliúint’, ‘eagrú imeachtaí’, ‘ullmhú agus cur chun feidhme na soghluaisteachta’, ‘cumarsáid agus scaipeadh’, ‘dearbhú cáilíochta’, srl.);
- Leis an togra ní mór tuairisc a thabhairt ar na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le gach pacáiste oibre;
- Ní mór d’iarratasóirí miondealú ar na costais mheasta a sholáthar ina dtogra lena léirítear an scair in aghaidh an phacáiste oibre;
- Sna costais is féidir costais ball foirne, costais taistil agus chothaithe, costais trealaimh agus fochonraitheoireachta chomh maith le costais eile (amhail scaipeadh faisnéise, foilsiú, aistriú) a chumhdach.
Déanfar meastóireacht ar thograí de réir na nósanna imeachta meastóireachta caighdeánacha le cuidiú ó shaineolaithe inmheánacha agus/nó seachtracha. Déanfaidh na saineolaithe measúnú ar cháilíocht na dtograí de réir na gceanglas a shainítear sa ghlao agus thionchar, cháilíocht agus éifeachtúlacht mheasta na gníomhaíochta.
I ndiaidh na meastóireachta ar an togra, cinnfidh an t‑oifigeach údarúcháin méid na cnapshuime, agus torthaí an mheasúnúcháin a rinneadh á gcur san áireamh. Beidh an chnapshuim teoranta do 80 % ar a mhéad den bhuiséad measta a chinntear tar éis na meastóireachta.
Socrófar paraiméadair an deontais (uasmhéid deontais, ráta cistiúcháin, costais incháilithe iomlána, srl.) sa chomhaontú deontais.
Déanfar meastóireacht ar éachtaí an tionscadail de réir na dtorthaí a chuirtear i gcrích. Leis an scéim cistiúcháin, d’fhéadfaí díriú ar na haschuir seachas ar na hionchuir, rud a chuirfeadh béim ar cháilíocht agus leibhéal gnóthachtála cuspóirí intomhaiste.
Tugtar tuairisc ar níos mó mionsonraí i samhail an chomhaontaithe deontais atá le fáil ar an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana (TDCT).