Díospóireacht ar bheartas Jean Monnet
Beidh sé mar phríomhchuspóir ag líonraí téamacha móra an Ardoideachais torthaí taighde, inneachar cúrsaí agus eispéireas, táirgí a bhailiú, a roinnt agus a phlé i measc na gcomhpháirtithe (staidéir, ailt, srl.). Bunóidh gach líonra uirlis a ligeann do na comhpháirtithe a gcuid saothar acadúil a roinnt agus cleachtaí athbhreithnithe piaraí a reáchtáil, ag déanamh trácht ar na doiciméid a cuireadh suas chomh maith. Roghnóidh comhordaitheoir an líonra go tráthrialta na torthaí is nuálacha agus is suimiúla agus soláthrófar iad don Choimisiún.
Tá trí líonra téamacha beartaithe in 2023:
- Líonra Jean Monnet ar bheartas inmheánach: An Claochlú Digiteach san Eoraip
- Líonra Jean Monnet ar bheartas seachtrach: Luachanna agus Daonlathas
- Líonra Jean Monnet ar bheartas seachtrach : AE-An Afraic
Is é is aidhm dheireanach do na líonraí téamacha ná aiseolas tráthrialta a sholáthar (mar shampla nuachtlitir ar líne) ar na cleachtais is airde agus is nuálaí sa réimse, ag tacú agus ag cur luach leis an díospóireacht.
Cothóidh Líonraí Jean Monnet i réimsí oideachais agus oiliúna eile cruthú agus forbairt líonraí scoileanna agus institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna a mbeidh sé mar aidhm acu dea‑chleachtais a mhalartú, eispéiris a roinnt maidir le hinneachar agus modheolaíochtaí araon agus eolas a chothú ar shaincheisteanna Eorpacha a theagasc. Ba cheart do líonraí díriú go háirithe ar fhíorais agus ar eolas faoin Aontas a thabhairt dá bhfoghlaimeoirí ar bhealach atá nuálach agus cruthaitheach.
Na cineálacha iarratasóirí a bhfuil an glao sin dírithe orthu ná scoileanna agus institiúidí gairmoiliúna atá bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár.
Líonraí téamacha san Ardoideachas
Tá feidhm ag na critéir incháilitheachta seo a leanas i leith líonraí Jean Monnet san ardoideachas
Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?
Le haghaidh an líonra ar shaincheisteanna inmheánacha an Aontais: Maidir le Claochlú Digiteach san Eoraip, ní mó d’iarratasóirí (comhordaitheoir agus comhpháirtithe iomlána) a bheith:
- Ina n‑institiúid ardoideachais a bhfuil ECHE bailí acu;
- Bunaithe i mballstát den Aontas nó i dtír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gclár
Le haghaidh an líonra ar shaincheisteanna beartais sheachtraigh: Maidir le Luachanna agus Daonlathas, ní mór d’iarratasóirí (comhordaitheoir agus comhpháirtithe iomlána) a bheith:
- Ina n‑institiúid ardoideachais;
- Bunaithe i mballstát den Aontas nó i dtír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gclár nó i dtír nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár;
Ní mór ECHE bailí a bheith ag institiúidí ardoideachais atá bunaithe i mballstáit den Aontas agus i dtíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gclár. Ní gá ECHE a bheith ag institiúidí ardoideachais rannpháirteacha i dtíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár
Eisceacht: níl eagraíochtaí ón mbealarúis (Réigiún 2) ó Chónaidhm na Rúise (Réigiún 4) incháilithe chun páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht sin.
Le haghaidh an líonra ar shaincheisteanna beartais sheachtraigh: Maidir le AE‑An Afraic, ní mór d’iarratasóirí (comhordaitheoir agus comhpháirtithe iomlána) a bheith:
- Ina n‑institiúid ardoideachais;
- Bunaithe i mballstát den Aontas nó i dtír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gclár nó sa tír/sna tíortha seo a leanas nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár: Tíortha san Afraic Fho‑Shahárach (réigiún 9); An Ailgéir; Éigipt, An Libia, Maracó; An Túinéis (Réigiún 3).
Ní mór ECHE bailí a bheith ag institiúidí ardoideachais atá bunaithe i mballstáit den Aontas agus i dtíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gclár. Ní gá ECHE a bheith ag institiúidí ardoideachais rannpháirteacha i dtíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár
Nóta Bene do na Líonraí uile: Níl na hinstitiúidí Eorpacha ainmnithe (a shainítear sa Rialachán a bhunaíonn an Clár Erasmus+) a bhfuil aidhm leasa Eorpaigh á saothrú acu incháilithe chun cur isteach faoin ngníomhaíocht sin.
Comhdhéanamh cuibhreannais
Le haghaidh an líonra ar shaincheisteanna inmheánacha an Aontais: Maidir le An Claochlú Digiteach san Eoraip, ní mór tograí a chur isteach:
- Ag cuibhreannas ina bhfuil 12 iarratasóir ar a laghad ó seacht mballstát éagsúla den Aontas agus/nó tíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gclár. Ní chuirtear eintitis chleamhnaithe san áireamh sna critéir íosta incháilitheachta le haghaidh chomhdhéanamh an chuibhreannais.
Le haghaidh an líonra ar shaincheisteanna beartais sheachtraigh: Maidir le Luachanna agus Daonlathas, ní mór tograí a chur isteach:
- Ag cuibhreannas ina bhfuil 12 iarratasóir ar a laghad ó shé Bhallstát éagsúla den Aontas agus/nó tíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gclár arna gcumhdach ag ionstraimí gníomhaíochta seachtracha. Ní chuirtear eintitis chleamhnaithe san áireamh sna critéir íosta incháilitheachta le haghaidh chomhdhéanamh an chuibhreannais.
- Ní mór don chomhordaitheoir a bheithe bunaithe i mballstát den Aontas agus/nó i dtír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gclár.
Le haghaidh an líonra ar shaincheisteanna beartais sheachtraigh: Maidir le AE‑An Afraic, ní mór tograí a chur isteach:
Ag cuibhreannas ina bhfuil 10 n‑iarratasóir ar a laghad ó chúig Bhallstát éagsúla de chuid an Aontais agus/nó tíortha san Afraic Fho‑Shahárach (Réigiún 9). Ní mór don chomhordaitheoir a bheithe bunaithe i mballstát den Aontas agus/nó i dtír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gclár.
Ní chuirtear eintitis chleamhnaithe san áireamh sna critéir íosta incháilitheachta le haghaidh chomhdhéanamh an chuibhreannais.
Fad an tionscadail
Ba cheart tréimhse 36 mhí a bheith i gceist leis na tionscadail de ghnáth (is féidir síneadh a chur leis an tréimhse sin, le leasú, má tá údar cuí leis).
Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?
Faoi bhráid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA)
Uimhir aitheantais an Ghlao:
- ERASMUS-JMO-2023-NETWORKS-HEI-EU
- ERASMUS-JMO-2023-NETWORKS-HEI-NON-EU-VAL-DEM
- ERASMUS-JMO-2023-NETWORKS-HEI-NON- EU-AFRICA
Cathain is féidir iarratas a dhéanamh?
Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoin 14 Feabhra ar 17:00:00 (am na Bruiséile)
Tá feidhm ag na critéir dhámhachtana seo a leanas maidir le Líonraí:
Ábharthacht an tionscadail - (scór uasta 25 phointe)
- Ábharthacht an togra i leith ábhar na tosaíochta mar a shainmhínítear sa ghlao;
- A mhéid atá an togra oiriúnach chun forbairt gníomhaíochtaí teagaisc, taighde nó díospóireachta a chothú
- An fhianaise ar bhreisluach acadúil;
Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail - (scór uasta 25 phointe)
- Modheolaíocht: cáilíocht, úrnuacht agus indéantacht na ngníomhaíochtaí atá beartaithe
- Cáilíocht an chórais atá beartaithe chun táirgeadh acadúil a anailísiú agus a athbhreithniú
- Cáilíochta an mhúnla atá beartaithe chun beartas an Aontais a chothú
- A mhéid a chuirtear an clár oibre i láthair ar bhealach soiléir, iomlán agus comhleanúnach, agus aird chuí á tabhairt ar phleanáil iomchuí na gcéimeanna ullmhúcháin, cur chun feidhme, meastóireachta, oibre leantaí agus scaipthe a chur i láthair,
- A mhéid atá na hacmhainní atá sannta do ghníomhaíochtaí i gcomhréir lena gcuspóirí agus lena dtáirgí insoláthartha.
- Straitéis monatóireachta agus meastóireachta.
Cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair - (scór uasta 25 phointe)
- Comhdhéanamh an Líonra i dtéarmaí cumhdaigh gheografaigh agus chomhlántacht na n‑inniúlachtaí.
- Eagrú inmheánach na comhpháirtíochta:
- Ábharthacht agus comhlántacht phróifíl agus shaineolas na rannpháirtithe atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí atá beartaithe i gcomhréir leis an téama sonrach ar a dtugtar aghaidh leis an togra.
- Socruithe comhair agus dáileadh ról, freagrachtaí agus cúraimí.
Tionchar - (scór uasta 25 phointe)
Tionchar measta na líonraí ag a bhfuil éifeachtaí marthanacha.
Scaipeadh agus cumarsáid:
- A iomchuí atá na gníomhaíochtaí agus cáilíocht na ngníomhaíochtaí, arb é is aidhm dóibh torthaí na ngníomhaíochtaí a scaipeadh laistigh agus lasmuigh den institiúid atá páirteach sna líonraí:
- feasacht a mhúscailt ar ghníomhaíochtaí agus torthaí, rud a fheabhsaíonn infheictheacht rannpháirtithe agus eagraíochtaí,
- A mhéid a dhéanfaidh na huirlisí scaipthe atá beartaithe teagmháil
- (agus na meáin shóisialta, foilseacháin, srl. san áireamh),
- imeachtaí.
- Inbhuanaitheacht agus leanúnachas: leis an togra cuimsítear bearta agus acmhainní iomchuí chun a chinntiú go mbeidh torthaí agus tairbhí an tionscadail inbhuanaithe tar éis shaolré an tionscadail.
Chun bheith curtha san áireamh le haghaidh cistiú, ní mór do thograí ar a laghad 70 pointe ar an iomlán a ghnóthú agus ar a laghad 15 phointe i ngach critéar dámhachtana. Na tograí ex aequo laistigh den ábhar céanna tabharfar tosaíocht dóibh de réir na scór a bheidh dáfa orthu le haghaidh an chritéir dámhachtana ‘ábharthacht an tionscadail’ agus ansin ‘tionchar’.
Cad iad na rialacha cistiúcháin atá ann?
Leanann an ghníomhaíocht seo samhail cistiúcháin cnapshuime. Cinnfear méid na ranníocaíochta cnapshuime aonair le haghaidh gach deontais bunaithe ar bhuiséad measta na gníomhaíochta atá beartaithe ag an iarratasóir. Socróidh an t‑údarás deonúcháin cnapshuim gach deontais bunaithe ar an togra, ar an toradh meastóireachta, ar na rátaí cistiúcháin agus ar uasmhéid an deontais atá socraithe sa ghlao.
Is é EUR 1 000 000 an ranníocaíocht uasta ón Aontas in aghaidh an líonra ar shaincheisteanna inmheánacha an Aontais
Is é EUR 1 200 000 an ranníocaíocht uasta ón Aontas in aghaidh an líonra ar shaincheisteanna beartais sheachtraigh
Conas a chinntear cnapshuim an tionscadail?
Ní mór d’iarratasóirí tábla buiséid mionsonraithe a líonadh isteach de réir na foirme iarratais, agus na pointí seo a leanas á gcur san áireamh:
- Ba cheart an buiséad a bheith mionsonraithe mar is gá ag an tairbhí/na tairbhithe agus eagraithe i bpacáistí oibre comhleanúnacha (mar shampla roinnte i ‘bainistíocht tionscadail’, ‘oiliúint’, ‘eagrú imeachtaí’, ‘ullmhú agus cur chun feidhme na soghluaisteachta’, ‘cumarsáid agus scaipeadh’, ‘dearbhú cáilíochta’, srl.);
- Leis an togra ní mór tuairisc a thabhairt ar na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le gach pacáiste oibre;
- Ní mór d’iarratasóirí miondealú ar na costais mheasta a sholáthar ina dtogra lena léirítear an scair in aghaidh an phacáiste oibre (agus, laistigh de gach pacáiste oibre, an scair atá sannta do gach tairbhí agus eintiteas cleamhnaithe);
- Sna costais is féidir costais ball foirne, costais taistil agus chothaithe, costais trealaimh agus fochonraitheoireachta mar aon le costais eile (amhail scaipeadh faisnéise, foilsiú, aistriú) a chumhdach.
Déanfar meastóireacht ar thograí de réir na nósanna imeachta meastóireachta caighdeánacha le cuidiú ó shaineolaithe inmheánacha agus/nó seachtracha. Déanfaidh na saineolaithe measúnú ar cháilíocht na dtograí de réir na gceanglas a shainítear sa ghlao agus thionchar, cháilíocht agus éifeachtúlacht mheasta na gníomhaíochta
I ndiaidh na meastóireachta ar an togra, cinnfidh an t‑oifigeach údarúcháin méid na cnapshuime, agus torthaí an mheasúnúcháin a rinneadh á gcur san áireamh. Beidh an chnapshuim teoranta do 80 % ar a mhéad den bhuiséad measta a chinntear tar éis na meastóireachta.
Socrófar paraiméadair an deontais (uasmhéid deontais, ráta cistiúcháin, costais incháilithe iomlána, srl.) sa chomhaontú deontais.
Déanfar meastóireacht ar éachtaí an tionscadail de réir na dtorthaí a chuirtear i gcrích. Leis an scéim cistiúcháin, d’fhéadfaí díriú ar na haschuir seachas ar na hionchuir, rud a chuirfeadh béim ar cháilíocht agus leibhéal gnóthachtála cuspóirí intomhaiste.
Tugtar tuairisc ar níos mó mionsonraí i samhail an chomhaontaithe deontais atá le fáil ar an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana (TDCT).