Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Gníomhaíocht Erasmus Mundus

Cuimsíonn gníomhaíocht Erasmus Mundus :

  • Beart 1: Comhchéim Mháistir Erasmus Mundus (EMJM) agus
  • Beart 2: Bearta Deartha Erasmus Mundus (EMDM).

Is é is aidhm don ghníomhaíocht seo barr feabhais agus idirnáisiúnú domhanda institiúidí ardoideachais a chothú trí chláir staidéir – ar an leibhéal máistreachta – atá tugtha agus aitheanta go comhpháirteach ag institiúidí ardoideachais bunaithe san Eoraip, agus oscailte d’institiúidí i dtíortha eile den domhan.

Dhá bheart neamhspleácha atá i gceist le Comhchéim Mháistir Erasmus Mundus agus Bearta Deartha Erasmus Mundus . Níl aon oibleagáid ann EMDM a chur chun feidhme roimh EMJM. Le dámhachtain EMDM ní thugtar le tuiscint maoiniú uathoibríoch faoi EMJM ní critéar dámhachtana le haghaidh EMJM cur i gcrích tionscadail EMDM.

Beart 1: Comhchéim Mháistir Erasmus Mundus (EMJM)

Le gníomhaíocht EMJM, tacaítear le cláir staidéir thrasnáisiúnta chomhtháite ardleibhéil ar leibhéal máistreachta1  atá soláthartha ag cuibhreannas idirnáisiúnta institiúidí ardoideachais ó thíortha éagsúla ar fud an domhain agus, i gcás inarb ábhartha, comhpháirtithe eile oideachais agus/nó neamhoideachais ag a bhfuil saineolas sonrach agus spéis sna réimsí staidéir/gairmiúla lena mbaineann.

Cláir barr feabhais is ea iad EMJManna, agus ba cheart dóibh rannchuidiú le lánpháirtiú agus idirnáisiúnú Limistéar Eorpach an Ardoideachais (EHEA). Baineann sainiúlacht EMJManna leis an leibhéal ard comhpháirtíochta/lánpháirtíochta atá i measc na n‑institiúidí rannpháirteacha agus barr feabhais a n‑inneachair acadúil.

Cuspóirí EMJM

Is é is aidhm do EMJM tarraingteacht agus barr feabhais an ardoideachais Eorpaigh ar domhan agus daoine cumasacha a mhealladh chun na hEorpa, trí mheascán díobh seo a leanas:

  1. comhar acadúil institiúideach chun an barr feabhais Eorpach san ardoideachas a chur i láthair, agus
  2. soghluaisteacht aonair le haghaidh na mac léinn uile atá rannpháirteach in EMJM, agus scoláireachtaí atá maoinithe ag an Aontas le haghaidh na mac léinn is fearr a dhéanann iarratas

Cé na critéir atá le comhlíonadh chun iarratas a dhéanamh ar Comhchéim Mháistir Erasmus Mundus?

Critéir incháilitheachta

Ní mór do thograí tionscadail maidir le Comhchéim Mháistir Erasmus Mundus na critéir seo a leanas a chomhlíonadh le bheith incháilithe do dheontas Erasmus:

Eagraíochtaí rannpháirteacha incháilithe (Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?)

Chun bheith incháilithe, ní mór do na hiarratasóirí (tairbhithe agus eintitis chleamhnaithe):

  • ina n‑eintitis dhlíthiúla (comhlachtaí poiblí nó príobháideacha).
  • ina nInstitiúidí Ardoideachais (HEInna) bunaithe i gceann de na tíortha incháilithe, is é sin i mBallstát den Aontas, i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár nó i dtír incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár.

Ní mór deimhniú ECHE (Cairt Ardoideachais Erasmus) a bheith ag institiúidí ardoideachais atá bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár.

Ní gá ECHE a bheith ag institiúidí ardoideachais rannpháirteacha ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, ach ceanglófar orthu gealltanas a thabhairt dá phrionsabail.

Maidir le comhlachais nó eagraíochtaí institiúidí ardoideachais, eagraíochtaí poiblí nó príobháideacha (a n‑eintitis chomhlachaithe san áireamh) a chuireann go díreach agus go gníomhach le soláthar Chomhchéim Mháistir Erasmus Mundus agus iad bunaithe i mBallstát den Aontas, i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár nó i dtír incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, féadfaidh siad a bheith páirteach ach ní mar chomhordaitheoir.   

Ina theannta sin, féadfaidh clár staidéir EMJM tairbhiú freisin de rannpháirtíocht comhpháirtithe comhlachaithe (roghnach).

Ag céim an iarratais2 , ní mór d’institiúidí ardoideachais ar comhpháirtithe iomlána iad a bheith in ann a léiriú gur chomhlíon siad na ceanglais maidir le dearbhú cáilíochta seachtrach a ndlínse le haghaidh an chláir chomhpháirtigh. D’fhéadfadh sé sin a bheith mar thoradh (i) ar chur chun feidhme rathúil an Chur Chuige Eorpaigh um dhearbhú cáilíochta clár comhpháirteach (má cheadaítear sin faoin reachtaíocht náisiúnta), (ii) nó a bheith bunaithe ar chreidiúnú/meastóireacht shonrach an chláir chomhpháirtigh, (iii) nó ar gach comhchuid náisiúnta ar ar a bonn atá EMJM comhdhéanta.

Eisceacht: níl eagraíochtaí ón mBealarúis (Réigiún 2) ná ó Chónaidhm na Rúise (Réigiún 4) incháilithe chun páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht sin.

Comhdhéanamh cuibhreannais (Líon agus próifíl na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha)

Ní mór trí institiúid ardoideachais ar a laghad a bheith i gcuibhreannas a chuireann tograí isteach (tairbhithe; nach eintitis chleamhnaithe iad) ó thrí thír éagsúla, ina bhfuil ar a laghad dhá Bhallstát éagsúla den Aontas agus/nó dhá thír éagsúla nach bhfuil san Aontas ach atá comhlachaithe leis an gClár.                                                                                                 

Suíomh geografach (Ionad na ngníomhaíochtaí)

Ní mór na gníomhaíochtaí a reáchtáil sna Tíortha incháilithe.

Fad an tionscadail

Ba cheart tréimhse 74 mhí a bheith i gceist leis na tionscadail de ghnáth (is féidir síneadh a chur léi, má tá údar cuí leis agus sin a dhéanamh trí bhíthin leasaithe).

Ní féidir le Comhchéimeanna Máistir Erasmus Mundus (EMJMDanna) ná Comhchéimeanna Máistir (EMJManna) a cistíodh roimhe sin cur isteach ar athnuachan ach ar a luaithe an bhliain sula dtagann an conradh chun deiridh. Ní féidir, in imthoisc ar bith, le dhá eagrán de mháistreacht atá maoinithe le dhá chomhaontú deontais éagsúla tosú an bhliain acadúil chéanna.

Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?

Faoi bhráid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA).

Uimhir aitheantais an Ghlao: ERASMUS-EDU-2024-PEX-EMJM-MOB

Roimh iarratas a dhéanamh, féach na Ceisteanna Coitianta ábhartha in TDCT.

Cathain is féidir iarratas a dhéanamh?

Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoin 15 Feabhra ar 17:00:00 (am na Bruiséile).

Iarratas a dhéanamh

Chun eolas a fháil, féach Cuid C den Treoir seo.

Déanfar measúnú ar eagraíochtaí is iarratasóirí de réir na gcritéar eisiaimh agus roghnúcháin ábhartha. Chun breis eolais a fháil féach Cuid C den Treoir seo.

Tionscadal a bhunú

Tá coinne leis go gcomhlíonfaidh EMJManna na ceanglais seo a leanas:

  1. Curaclam atá deartha go comhpháirteach agus atá lánpháirtithe ina iomláine a áireamh lena gcloítear leis na Caighdeáin um dhearbhú cáilíochta clár comhpháirteach i Limistéar Eorpach an Ardoideachais (EHEA)3  is infheidhme ar dháta an iarratais EMJM. Cumhdaítear leis na caighdeáin sin príomhghnéithe clár comhpháirteach, ó thaobh dearadh, cur chun feidhme, soláthar agus dearbhú cáilíochta comhpháirteach.

De bhreis ar na Caighdeáin maidir le Dearbhú Cáilíochta Clár Comhpháirteach, cuirtear na próisis cur chun feidhme chomhpháirteacha/chomhchoiteanna seo a leanas i dtábhacht le EMJManna:

  • Ceanglais chomhpháirteacha maidir le hiontráil mac léinn agus rialacha/próisis iarratais, roghnúcháin, beartas táillí, monatóireachta, scrúdaithe/measúnaithe feidhmíochta;
  • Gníomhaíochtaí comhpháirteacha maidir le dearadh an chláir agus teagasc/oiliúint comhtháite lena n‑áirítear beartas teanga atá comhaontaithe go comhpháirteach agus próiseas comhpháirteach chun tréimhsí staidéir laistigh den chuibhreannas a aithint;
  • Seirbhísí coiteanna a thairgtear do mhic léinn (mar shampla cúrsaí teanga, tacaíocht víosa);
  • Gníomhaíochtaí comhpháirteacha cur chun cinn agus múscailte feasachta chun infheictheacht dhomhanda an chláir, chomh maith le scéim scoláireachtaí Erasmus Mundus, a chinntiú. Ba cheart a áireamh leis an straitéis cur chun cinn suíomh gréasáin sonrach atá comhtháite agus cuimsitheach (i mBéarla, chomh maith leis an bpríomhtheanga theagaisc nó na príomhtheangacha teagaisc más éagsúil) ina soláthraítear an t‑eolas riachtanach uile maidir leis an gclár le haghaidh mic léinn agus páirtithe leasmhara ábhartha eile cuir i gcás fostóirí amach anseo;
  • Bainistíocht chomhpháirteach riaracháin agus airgeadais ag an gcuibhreannas;
  • Spreagtar céimeanna comhpháirteacha, má cheadaítear sin faoin reachtaíocht náisiúnta.
  1. Ní mór do chuibhreannas institiúidí ardoideachais EMJM a sholáthar, in éineacht le comhpháirtithe eile oideachais agus neamhoideachais i gcás inarb ábhartha, atá bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár nó i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár. Ní mór a chuimsiú leis an gcuibhreannas trí institiúid ardoideachais ar a laghad ó thrí thír éagsúla, agus ní mór do dhá cheann díobh ar a laghad a bheith ina mBallstáit den Aontas agus tríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gClár.

Ní mór do gach institiúid ardoideachais, ar comhpháirtithe iomlána iad (ó Bhallstáit den Aontas nó ó thríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gClár nó tríú tíortha agusnach bhfuil comhlachaithe leis an gClár) a bheith ina n‑institiúidí a bhronnann céimeanna ar leibhéal na Máistreachta agus ní mór dóibh céim chomhpháirteach nó ilchéim lena ndearbhaítear cur i gcrích rathúil an chláir EMJM ar na mic léinn a chomhlíonann riachtanais na céime. Ní mór gealltanas institiúideach riachtanach gach eagraíochta atá rannpháirteach sa chuibhreannas EMJM a chinntiú sula gcláraítear na chéad mhic léinn, agus sin chun leabú agus tacaíocht láidir institiúideach a ráthú. Tugtar an gealltanas sin i bhfoirm comhaontaithe comhpháirtíochta EMJM nach mór do gach institiúid comhpháirtíochta (lena n‑áirítear comhpháirtithe comhlachaithe má mheastar gur ábhartha sin) é a shíniú. Ba cheart d’institiúidí ardoideachais ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár gealltanas a thabhairt go gcloífidh siad le prionsabail ECHE sa chomhaontú comhpháirtíochta seo. Beidh ar an gComhaontú Comhpháirtíochta EMJM gach gné acadúil, oibriúcháin, riaracháin agus airgeadais a bhaineann le cur chun feidhme EMJM agus bainistíocht scoláireachtaí EMJM a chuimsiú (féach thíos). Ní mór dréacht‑Chomhaontú Comhpháirtíochta a chur ar fáil ag céim an iarratais.

Féadfaidh clár staidéir EMJM tairbhiú freisin de rannpháirtíocht comhpháirtithe comhlachaithe (roghnach). Rannchuidíonn na heagraíochtaí sin go hindíreach le cur chun feidhme cúraimí/gníomhaíochtaí sonracha agus/nó tacú le scaipeadh agus inbhuanaitheacht EMJM. Féadfaidh an rannchuidiú sin a bheith, mar shampla, i bhfoirm aistriú eolais agus scileanna, soláthair cúrsaí comhlántacha nó féidearthachtaí tacaíochta le haghaidh tréimhse iasachta nó socrúcháin. Le haghaidh gnéithe incháilitheachta agus conarthacha, ní mheastar gur tairbhithe den chlár maoiniúcháin iad.

  1. Mic léinn den scoth a chlárú ó gach cearn den domhan. Roghnú agus earcú mac léinn aonair, agus an monatóireacht a dhéantar orthu, tagann siad faoi fhreagracht an chuibhreannais EMJM. Ní mór roghnú na mac léinn a eagrú ar bhealach trédhearcach, neamhchlaonta agus cothromasach. I measc na mac léinn sin, féadfaidh cuid acu tairbhiú de scoláireacht EMJM.

Cláraíonn EMJM mic léinn ar leibhéal máistreachta a bhfuil an chéad chéim ardoideachais bainte amach acu nó a léiríonn leibhéal coibhéiseach aitheanta foghlama de réir na reachtaíochta náisiúnta agus na gcleachtas sna tíortha/sna hinstitiúidí inar bronnadh an chéim. Níor cheart don chéad ghlúin mac léinn cláraithe tosú ar an staidéar níos déanaí ná an bhliain acadúil tar éis bhliain roghnaithe an tionscadail.

D’fhonn trédhearcacht iomlán a ráthú, agus chun cearta agus freagrachtaí na mac léinn cláraithe uile a shainiú, ní mór don dá pháirtí (is é sin, mic léinn chláraithe agus cuibhreannas EMJM) Comhaontú Mic Léinn a shíniú nuair a chláraíonn mac léinn sa chlár. Ní mór teimpléad an Chomhaontaithe Mic Léinn a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin EMJM.

  1. Soghluaisteacht fhisiceach éigeantach le haghaidh gach mic léinn chláraithe a áireamh: Ní mór na rianta soghluaisteachta agus an sásra chun tréimhsí staidéir a aithint i measc na n‑institiúidí comhpháirtíochta a chomhaontú laistigh den chuibhreannas ag céim iarratais an tionscadail.

Ní mór a áireamh le EMJM soghluaisteacht fhisiceach éigeantach le haghaidh gach mic léinn atá cláraithe (bíodh scoláireacht EMJM acu nó ná bíodh) lena gcuimsítear ar a laghad dhá thréimhse staidéir in dhá thír, agus ní mór do cheann amháin díobh ar a laghad a bheith ina mBallstát den Aontas nó ina dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár. Ní mór don dá thír sin a bheith éagsúil le tír chónaithe an mhic léinn ag céim an chlárúcháin. Ní mór don dá thréimhse staidéir shainordaitheacha araon a bheith ag comhfhreagairt d’ualach oibre seimeastair acadúil amháin ar a laghad (30 creidiúint ECTS nó a choibhéis)4 .Ní féidir an tsoghluaisteacht fhíorúil a chur in ionad tréimhsí soghluaisteachta sainordaitheacha. Tá saoirse ag rannpháirtithe maidir leis an gcuid eile de na tréimhsí staidéir a eagrú. Ní mór gach tréimhse staidéir ar chlár máistreachta a chaitheamh in institiúidí ardoideachais ar comhpháirtithe iomlána iad, nó faoina maoirseacht dhíreach.

Ní féidir soghluaisteacht fhíorúil (cianfhoghlaim) a chur in ionad tréimhsí soghluaisteachta éigeantacha.

5. Malartú ball foirne agus aoi‑scoláirí a chur chun cinn chun rannchuidiú le gníomhaíochtaí teagaisc, oiliúna, taighde agus riaracháin.

6. Ní mór a bheith mar thoradh ar chur i gcrích rathúil an chláir chomhpháirtigh EMJM bronnadh céime comhpháirtí (is é sin, aon dioplóma amháin atá bronnta ag dhá institiúid ardoideachais ar a laghad ó thíortha éagsúla, agus ní mór ceann díobh ar a laghad a bheith ina Ballstát den Aontas nó ina tríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár), nó ilchéimeanna (is é sin, dhá dhioplóma ar a laghad atá bronnta ag dhá institiúid ardoideachais ó thíortha éagsúla, agus ní mór ceann díobh sin ar a laghad a bheith ina Ballstát den Aontas nó ina tríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár), nó meascán díobh sin.

Bainfidh an chéim nó na céimeanna a bhronnfar ar chéimithe leis na córais céimeanna ardoideachais de na tíortha ina bhfuil na hinstitiúidí ardoideachais bunaithe. Ní mór do na hinstitiúidí ardoideachais dámhachtana go léir ar comhpháirtithe iomlána iad an chéim nó na céimeanna a aithint go frithpháirteach. Ní mór do chuibhreannais Forlíonadh Dioplóma comhpháirteach a sholáthar do mhic léinn i ndeireadh a staidéar, lena gcumhdaítear inneachar iomlán an chláir máistreachta.

Ag céim an iarratais, ní mór do thograí EMJM cláir staidéir chomhpháirteacha lánfhorbartha a chur i láthair atá réidh le reáchtáil agus ar féidir fógraíocht a dhéanamh orthu ar fud an domhain go díreach tar éis a roghnaithe. Níl aon teorainn ann ó thaobh disciplíní de.

Ba cheart na míreanna anseo thíos a chuimsiú leis an iarratas mar phríomhtháirgí insoláthartha lena bhfuil coinne le linn chur chun feidhme an tionscadail:

  • Suíomh gréasáin an tionscadail
  • Ábhar promóisin
  • Teimpléad le haghaidh Comhaontú Mic Léinn
  • Teimpléad (teimpléid) le haghaidh Céime
  • Miontuairiscí sínithe na gcruinnithe roghnúcháin
  • Tuarascálacha athbhreithnithe cáilíochta inmheánacha / seachtracha
  • Plean inbhuanaitheachta / gnó.

Moltar d’iarratasóirí an líon catagóirí insoláthartha a theorannú do 15 san iomlán ar a mhéad.

Le hais na ranníocaíochta airgeadais chun cláir chomhchéime máistir a reáchtáil (féach an roinn thíos maidir le rialacha maoiniúcháin), aon tionscadal atá maoinithe EM a chríochnaíonn sa tréimhse 2021‑2027 (lena n‑áirítear na cinn sin a tosaíodh le linn na tréimhse 2014‑2020) féadfar leanúint den chúrsa a reáchtáil mar mháistir Erasmus Mundus le haghaidh suas le trí eagrán bhreise tar éis dheireadh na gníomhaíochta, ar choinníoll go dtiocfaidh scór 75 nó níos mó as an measúnú ar na comhaontuithe deontais a dhéanann EACEA ag an gcéim thuairisciúcháin chríochnaitheach. Leis an máistreacht lena mbaineann ba cheart gealltanas a thabhairt go (i) leanfar de chuspóirí, raon feidhme agus tionchar measta na gníomhaíochta a urramú, (ii) rachfar i mbun plé chun leanúnachas leis an gclár máistreachta a cistíodh roimhe sin a chinntiú agus (iii) soláthrófar tuarascáil ghníomhaíochta i ndeireadh na tréimhse lena mbaineann.

Tionchar measta

Ar leibhéal córais

  • Comhar acadúil a chothú laistigh de EHEA agus lastall de ach tacú leis an teagasc comhpháirteach agus le cáilíochtaí comhpháirteacha, feabhsúcháin ar an gcáilíocht, cur chun cinn an bharr feabhais acadúil;
  • Feabhas a chur ar éirim idirnáisiúnta an ardoideachais trí chomhar idir institiúidí san Eoraip agus ar an gcoigríoch, agus tríd an tsoghluaisteacht do na mic léinn is fearr ar fud an domhain;
  • Cur leis na sineirgí idir an t‑ardoideachas, an nuálaíocht agus an taighde;
  • Bacainní ar an bhfoghlaim a bhaint, feabhas a chur ar an rochtain ar oideachas ardchaighdeáin faoi thionchar na nuálaíochta, agus é a éascú d’fhoghlaimeoirí bogadh idir tíortha;
  • Freagairt a thabhairt ar riachtanais shochaíocha agus an mhargaidh saothair;
  • Rannchuidiú le forbairt beartas oideachais nuálach.

Ar an leibhéal institiúideach

  • Deiseanna níos mó a thabhairt d’institiúidí ardoideachais Eorpacha agus neamh‑Eorpacha i ndáil le comhar acadúil struchtúrtha inbhuanaithe ar fud an domhain;
  • Feabhas a chur ar cháilíocht clár ar an leibhéal máistreachta agus ar shocruithe maoirseachta;
  • Cur le hidirnáisiúnú agus le hiomaíochas eagraíochtaí rannpháirteacha;
  • Tacú le cruthú líonraí nua agus feabhas a chur ar cháilíocht na líonraí atá ann cheana;
  • Cur le tarraingteacht na heagraíochta rannpháirtí nó na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha do mhic léinn éirimiúla;
  • Rannchuidiú le beartais institiúidí ardoideachais i ndáil le hidirnáisiúnú trí fheasacht idirnáisiúnta a fhorbairt trína gcuraclaim agus straitéisí cuimsitheacha maidir leis an idirnáisiúnú a dhearadh (comhar institiúideach agus soghluaisteacht trasteorann daoine).

Ar leibhéal an duine aonair

  • Feabhas a chur ar infhostaitheacht mac léinn rannpháirteach,
  • Feabhas a chur ar príomhinniúlachtaí agus scileanna mac léinn;
  • Meonta agus cineálacha cur chuige nua a chruthú i ndáil leis an léann acadúil trí eispéireas idirnáisiúnta, idirdhisciplíneach, idirearnálach agus idirchultúrtha;
  • Feabhas a chur ar inniúlachtaí líonraithe agus cumarsáide na mac léinn;
  • Cur le rannchuidiú an duine aonair leis an ngeilleagar agus leis an tsochaí eolasbhunaithe.

Critéir dhámhachtana

Ábharthacht an tionscadail (scór uasta 30 pointe)

Cúlra agus cuspóirí ginearálta

Aidhmeanna foriomlána agus cuspóirí ginearálta an tionscadail agus a n‑ábharthacht i ndáil le EMJM.

Luachanna an Aontais:

Tá an togra ábhartha chun comhluachanna an Aontais a urramú agus a chur chun cinn, cuir i gcás meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, smacht reatha agus meas ar chearta an duine, chomh maith le troid in aghaidh aon sórt idirdhealaithe.

Anailís riachtanas agus cuspóirí sonracha

  • Réasúnaíocht an tionscadail agus anailís riachtanas ar a bhfuil an togra bunaithe;
  • Saincheisteanna/dúshláin/bearnaí agus cuspóirí sonracha a bhfuil sé d’aidhm ag an tionscadal aghaidh a thabhairt orthu i dtéarmaí acadúla, agus maidir le riachtanais na sochaí agus an mhargaidh saothair.

Comhlántacht i gcomparáid le gníomhaíochtaí eile agus leis an nuálaíocht

  • Straitéis chun an tsármhaitheas agus an nuálaíocht a chothú;
  • Tacaíocht do straitéis nuachóiriúcháin agus idirnáisiúnúcháin na gcomhpháirtithe institiúidí ardoideachais;
  • Uathúlacht agus breisluach an tionscadail nuair a chuirtear i gcomparáid leis na cláir mháistreachta a thairgtear cheana féin;
  • Straitéis chun cur le tarraingteacht, comhtháthú, idirnáisiúnú, agus chun cur le cuspóirí beartas Limistéar Eorpach an Ardoideachais.

Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail (scór uasta 30 pointe)

Coincheap agus modheolaíocht 

Comhpháirteachas/comhtháthú EMJM, agus na riachtanais a thuairiscítear faoin roinn ‘Tionscadal a bhunú’ á gcur san áireamh. Go sonrach, tugtar tuairisc sa togra ar na nithe seo a leanas:

  • An clár acadúil agus conas a áiritheofar barr feabhais agus gnéithe nuálacha san eispéireas foghlama ar fud an chuibhreannais;
  • Eagrú tréimhsí staidéir lena n‑áirítear na híoscheanglais soghluaisteachta agus aitheantas frithpháirteach na dtorthaí foghlama/na gcreidiúintí;
  • Na prionsabail agus na ceanglais maidir le hiarratais ó mhic léinn, roghnúchán, rannpháirtíocht sa chúrsa, agus leithdháileadh deontas do mhic léinn;
  • Na seirbhísí a thairgtear do mhic léinn;
  • Rannchuidiú na mball foirne soghluaiste agus aoi‑scoláirí leis an teagasc, oiliúint, taighde agus gníomhaíochtaí riaracháin;
  • Na bearta tacaíochta sonracha chun rochtain chomhionann agus chuimsitheach a éascú do rannpháirtithe, agus clárú mac léinn/ball foirne/scoláirí dá dtugtar cuireadh ag a bhfuil riachtanais aonair atá nasctha le laguithe fadtéarmacha, fisiceacha, meabhracha, intleachtúla nó céadfacha.

Dearbhú cáilíochta, monatóireacht agus straitéis meastóireachta

  • Na bearta inmheánacha agus seachtracha um dhearbhú cáilíochta an chláir máistreachta;
  • A mhéid a chloíonn an curaclam atá deartha go comhpháirteach agus atá lánpháirtithe ina iomláine leis na Caighdeáin um Dhearbhú Cáilíochta Clár Comhpháirteach i Limistéar Eorpach an Ardoideachais;
  • An chéim chomhpháirteach/na céimeanna a sholáthrófar agus aitheantas na céime nó na gcéimeanna sin ag na hinstitiúidí ardoideachais bronnta céime ar comhpháirtithe iomlána iad, mar aon leis an bhforlíonadh dioplóma comhpháirteach.   

Foirne, baill foirne agus saineolaithe tionscadail

Foirne tionscadail agus an bealach a n‑oibreoidh siad le chéile chun an tionscadal a chur chun feidhme.

Costéifeachtacht agus bainistíocht airgeadais 

Bainistíocht mhaoiniú an Aontais, úsáid an mhaoinithe chomhlántaigh, agus plean buiséid.     

Bainistíocht riosca

Sainaithint rioscaí i gcur chun feidhme an tionscadail, agus pleanáil beart maolaithe leormhaith.

Cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair (scór uasta 20 pointe)

Socrú cuibhreannais

  • Réasúnaíocht le haghaidh chomhdhéanamh an chuibhreannais agus chomhlántachtaí na gcomhpháirtithe; a mbreisluach le haghaidh chur chun feidhme EMJM agus conas a bhaineann gach comhpháirtí tairbhe as a rannpháirtíocht sa tionscadal;
  • Cineál nuálach an chuibhreannais agus cuimsiú comhpháirtithe a bhfuil leibhéil éagsúla taithí acu ar an ngníomhaíocht Erasmus Mundus. Más infheidhme:
    • conas a feabhsaíodh an cuibhreannas Erasmus Mundus atá ann cheana
    • conas a eagraítear comhar le gníomhaithe neamhoideachais agus cén cuspóir atá leis sin
  • Sainiú ról agus cúraimí gach comhpháirtí, agus leibhéal na rannpháirtíochta i ngníomhaíochtaí an tionscadail.      

Bainistíocht chuibhreannais agus cinnteoireacht

  • Socruithe comhair, comhlachtaí rialála agus uirlisí bainistíochta go háirithe iad siúd a bhaineann leis an mbainistíocht riaracháin agus airgeadais;
  • Gealltanas institiúideach na n‑institiúidí comhpháirteacha le haghaidh chur chun feidhme EMJM;
  • Leordhóthanacht an dréacht‑Chomhaontaithe Comhpháirtíochta le haghaidh bhainistíocht éifeachtach EMJM.

Tionchar (scór uasta 20 pointe)

Tionchar agus uaillmhian 

  • Tionchar ar leibhéal an chórais (laistigh den saol acadúil agus lasmuigh de, lena n‑áirítear an pobal i gcoitinne agus an tsochaí), ar an leibhéal institiúideach (agus béim ar leith ar infhostaitheacht);
  • Réamh‑mheastacháin i dtéarmaí an líon mac léinn atá cláraithe laistigh de thráthchlár an tionscadail. Bearta chun cothromaíocht idir tíortha a chinntiú in earcú na mac léinn.      

Cumarsáid, scaipeadh agus infheictheacht

  • Straitéis cur chun cinn chun mic léinn shármhaithe a mhealladh ó gach cearn den domhan: spriocghrúpaí, cúraimí na gcomhpháirtithe, agus conas a spreagfar mic léinn chun rannchuidiú le féiniúlacht/pobal Erasmus+;
  • Straitéis scaipthe, úsáide agus infheictheachta.

Inbhuanaitheacht agus leanúnachas

  • Straitéis maidir le forbairt agus inbhuanaitheacht sa mheántéarma/san fhadtéarma lasmuigh de thréimhse maoinithe an Aontais, úsáid foinsí maoinithe eile san áireamh;
  • Sineirgí/comhlántachacht le gníomhaíochtaí eile (arna maoiniú ag an Aontas agus ag comhlachtaí lasmuigh den Aontas) ar féidir leo tógáil ar thorthaí an tionscadail

Le bheith curtha san áireamh le haghaidh maoinithe, ní mór d’iarratais 70 pointe ar a laghad a ghnóthú, agus an scór pas íosta a chomhlíonadh le haghaidh gach ceann de na ceithre chritéar dámhachtana (is é sin, 22 phointe ar a laghad le haghaidh na catagóire ‘Ábharthacht an tionscadail’, 15 phointe ar a laghad le haghaidh na catagóire ‘Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail’; 10 bpointe ar a laghad le haghaidh na gcatagóirí ‘Cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair’ agus ‘Tionchar’).

Tabharfar tosaíocht do na tograí ex aequo de réir na scór a dhámhfar orthu le haghaidh an chritéir dámhachtana ‘Ábharthacht’. Nuair a bheidh na scóir sin comhionann, beidh tosaíocht bunaithe ar a scóir le haghaidh an chritéir ‘Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail’. Nuair a bheidh na scóir sin comhionann, beidh tosaíocht bunaithe ar a scóir le haghaidh an chritéir ‘Tionchar’. Mura bhfágann sé sin go mbeifear in ann an tosaíocht a chinneadh, féadfar tosaíocht bhreise a chur in ord trí phunann fhoriomlán an tionscadail a mheas agus trí shinéirgí dearfacha a chruthú idir tionscadail, nó tosca eile a bhaineann le cuspóirí an ghlao. Déanfar na tosca sin a dhoiciméadú sa tuarascáil phainéil.

Cad iad na rialacha maoiniúcháin atá ann?

Ríomhtar deontas EMJM ar bhonn na dtrí chomhpháirt seo a leanas:

  • ranníocaíocht leis na costais institiúide ar chur chun feidhme an chláir;
  • uaslíon scoláireachtaí do mhic léinn le bronnadh ar feadh fhad an chomhaontaithe.
  • breisiú a bhfuil sé i gceist leis riachtanais speisialta mac léinn faoi mhíchumas

Tá beartaithe go maoineofar leis an ranníocaíocht seo 4 eagrán ar a laghad den chlár Máistreachta, a mhaireann idir bliain acadúil amháin agus 2 bhliain acadúla an ceann (60, 90, nó 120 creidiúint ECTS).

Ranníocaíocht le costais institiúide EMJM

Tá an méid sin i bhfoirm costais aonaid in aghaidh an mhic léinn chláraithe agus tá sé beartaithe leis cuid de na costais atá nasctha le cur chun feidhme chlár EMJM a chlúdach.

Áirítear sna costais aonaid costais ball foirne (ó thaobh teagaisc, taistil), costais aoi‑léachtóirí dá dtugtar cuireadh, cur chun cinn, scaipthe, eagraíochtúla (lena n‑áirítear cumhdach árachais iomlán le haghaidh mic léinn chláraithe, tacaíocht airgeadais le haghaidh mic léinn chláraithe a bhfuil riachtanais aonair acu i gcás nach gcumhdaítear iad leis an sásra breisithe (féach thíos), cúnamh maidir le lóistín, agus seirbhísí eile le haghaidh mic léinn), costais riaracháin, agus gach costas eile is gá chun clár máistreachta rathúil a chur chun feidhme.

I gcás tionscadail roghnaithe, ní féidir táillí a ghearradh ar iarratais ó mhic léinn. Thairis sin, ní féidir le tionscadail táillí teagaisc ná costais shainordaitheacha eile a bhaineann le rannpháirtíocht mic léinn sa chúrsa a ghearradh ar shealbhóirí scoláireachta Erasmus Mundus.

Seo a leanas an ranníocaíocht uasta leis na costais institiúideacha: EUR 750/mí x DR x NRES

I gcás:

  • DR = fad uasta an chláir máistreachta i míonna (mar shampla 12, 18, 24 mhí)
  • NRES = an líon mac léinn cláraithe (sealbhóirí scoláireachta agus neamhscoláireachta) atá beartaithe le haghaidh fhad iomlán an chomhaontaithe deontais.

Tugtar faoi deara gurb amhlaidh le haghaidh ríomh an deontais a bheidh uasteorainn 100 le NRES (seachas scoláireachtaí breisithe le haghaidh réigiúin spriocdhírithe den domhan, más infheidhme).

Scoláireachtaí do mhic léinn

Ranníocaíocht a bheidh sa scoláireacht leis na costais a thabhaíonn na mic léinn a thairbhíonn di agus cumhdófar léi costais taistil, víosa, suiteála agus chothabhála. Ríomhtar í ar bhonn costas aonaid míosúil le haghaidh na tréimhse iomláine a bheidh is gá don sealbhóir scoláireachta cláraithe chun an clár staidéir a chur i gcrích (pro rata an lín iarmhír laethanta). Cumhdaítear leis an tréimhse sin staidéar, taighde, gníomhaíochtaí socrúcháin, ullmhú agus cosaint an tráchtais, i gcomhréir le ceanglas comhchéime máistir. I rith na tréimhse sin, ní fhéadfar ach iomlán na scoláireachta a bhronnadh agus ní fhéadfar í a bhronnadh ach ar mhic léinn lánaimseartha.

Dámhtar an scoláireacht le haghaidh clárú lánaimseartha, agus cumhdófar fad iomlán an chláir máistreachta léi (is é sin, 12, 18, 24 mhí). Tá fad laghdaithe den scoláireacht infheidhme i gcás ina n‑aithnítear réamhfhoghlaim (le fad scoláireachta íosta de bhliain acadúil amháin).

Maidir le mic léinn a fuair scoláireacht EMJM nó scoláireacht roimhe sin, níl siad incháilithe le hiarratas a chur isteach ar scoláireacht bhreise faoi EMJM.

Is féidir scoláireachtaí EMJM a thairiscint do mhic léinn ó gach cearn den domhan. Mar sin féin, ní mór do chuibhreannais cothromaíocht gheografach a chinntiú – is é sin, níor cheart níos mó 10 % den líon iomlán scoláireachtaí a dhámhtar le linn chur chun feidhme an tionscadail a dámhachtain ar iarrthóirí den náisiúntacht chéanna (níl feidhm ag an riail seo maidir leis na scoláireachtaí breisiúcháin le haghaidh réigiúin spriocdhírithe an domhain, más infheidhme).

Ríomh na scoláireachta uasta in aghaidh an mhic léinn:

Ríomhtar an scoláireacht mar a leanas: EUR 1 400/mí x DS

Rud inarb é atá i gceist DS = fad an chláir máistreachta.

Ríomh mhéid uasta na scoláireachta EMJM ar feadh fhad an chomhaontaithe deontais:

Ríomhtar an méid scoláireachta uasta mar a leanas: EUR 1 400/mí x DR x NRS

I gcás:

  • DR = fad uasta an chláir máistreachta i míonna (mar shampla 12, 18, 24 mhí)
  • NRS = an líon scoláireachtaí atá beartaithe le haghaidh fhad iomlán an chomhaontaithe deontais (uasmhéid 60, seachas scoláireachtaí breisithe le haghaidh réigiúin spriocdhírithe den domhan, más infheidhme)

Ranníocaíocht le riachtanais aonair mac léinn faoi mhíchumas

Tá ranníocaíocht le haghaidh riachtanais aonair incháilithe má chomhlíonann siad na coinníollacha incháilitheachta ginearálta a leagtar síos sa chomhaontú deontais. Úsáidfear iad le haghaidh mic léinn chláraithe (bíodh scoláireacht acu nó ná bíodh) faoi mhíchumais (mar shampla laguithe fadtéarmacha, fisiceacha, meabhracha, intleachta nó céadfacha), amhail iad sin a bhaineann le héadáil míreanna nó seirbhísí speisialta (mar shampla cúnamh ó thríú páirtithe, oiriúnú na timpeallachta oibre, costais taistil/iompair bhreise).

An tacaíocht chun na riachtanais aonair sin de chuid mic léinn chláraithe a chumhdach, beidh sí i bhfoirm na gcostas aonaid riachtanas speisialta seo a leanas:

(a) EUR 3 000

(b) EUR 4 500

(c)EUR 6 000

(d) EUR 9 500

(e) EUR 13 000

(f) EUR 18 500

(g) EUR 27 500

(h) EUR 35 500

(i) EUR 47 500

(j) EUR 60 000

Ríomh na ranníocaíochta costais aonaid in aghaidh an mhic léinn:

Dearbhóidh mic léinn chláraithe cén cineál míreanna/seirbhísí is gá agus an costas atá orthu. Sainaithneofar an costas aonaid is infheidhme mar an ráta a chomhfhreagraíonn do na costais mheasta nó do mhéid atá go díreach faoina mbun. Ranníocaíocht atá sa chostas aonaid sin, agus níl sé beartaithe chun na costais iarbhír a chumhdach go hiomlán.

NB: i gcás costais atá faoi bhun an ráta is ísle (is é sin, níos lú ná EUR 3 000), ní bheidh siad incháilithe le haghaidh tacaíocht bhreise agus ní mór iad a chumhdach leis an ranníocaíocht le costais institiúideacha EMJM nó le foinsí maoiniúcháin eile na n‑institiúidí tairbhí.

Ríomh na ranníocaíochta uasta a leithdháiltear ar EMJM ar feadh fhad an chomhaontaithe deontais:

Ag céim an iarratais, bunaithe ar a meastachán, iarrfaidh iarratasóirí dhá chostas aonaid ar a mhéad a chomhfhreagraíonn do na costais aonaid is airde atá ar fáil, is é sin, uas. 2 x EUR 60 000. Úsáidfear an méid sin chun na costais aonaid a leithdháileadh ar na mic léinn lena mbaineann.

Ag céim an chur chun feidhme, beidh na costais aonaid i bhfoirm ranníocaíochta aonaid míosúla, a ríomhtar mar a leanas:

{an t‑aonad riachtanas speisialta x (1/an líon míonna)}

Comhfhreagróidh an líon míonna san fhoirmle thuas don líon míonna a úsáideadh nó a táirgeadh na míreanna nó na seirbhísí riachtanas speisialta chun an ghníomhaíocht a chur chun feidhme, de réir chineál na míreanna nó na seirbhísí. Le haghaidh costais aonuaire, comhfhreagróidh an líon míonna do 1.

Cistí breise le haghaidh mic léinn ó réigiúin spriocdhírithe den domhan

Féadfaidh na hiarratasóirí iarratas a dhéanamh ar chistí breise le haghaidh mic léinn ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, tíortha ó na réigiúin a leanas: Réigiúin 1, 3, 5, 6, 7, 8, 9, 10 agus 11 arna maoiniú ag ionstraimí gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais.

Féadfaidh EMJManna atá beartaithe le haghaidh maoiniú suas le 18 scoláireacht bhreise a fháil (lena n‑áirítear na costais institiúideacha chomhfhreagracha) arna maoiniú ag an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – Ionstraim na hEorpa Domhanda (NDICI), agus suas le 2 scoláireacht bhreise (na costais institiúideacha chomhfhreagracha san áireamh) arna maoiniú ag an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR III) ar feadh fhad iomlán an chúrsa Máistreachta. Tairgtear na scoláireachtaí breise sin chun freagairt a thabhairt ar thosaíochtaí seasta gníomhaíochta seachtraí an Aontais maidir le hardoideachas agus cuirtear san áireamh iontu na leibhéil éagsúla den fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta sna tíortha ábhartha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár. Leithdháilfear na scoláireachtaí sin ar na EMJManna atá roghnaithe le haghaidh maoiniú de réir a rangaithe in ord, agus an buiséad atá ar fáil á chur san áireamh.

Foilseofar tuilleadh eolais maidir leis na méideanna atá ar fáil faoi gach clúdach buiséadach ar an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana (TDCT). Ní mór na cistí a úsáid ar bhealach atá cothrom ó thaobh geografaíochta de agus moltar d’institiúidí mic léinn a earcú sna tíortha is boichte agus is lú forbairt nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár.

Is iad seo a leanas na spriocanna geografacha agus an sciar táscach den bhuiséad a leagtar síos don ghníomhaíocht sin:

  • Réigiún 1 (na Balcáin Thiar) : Díreofar go háirithe ar scoláireachtaí i réimsí an athraithe aeráide, an chomhshaoil agus an fhuinnimh, na dteicneolaíochtaí digiteacha, na hinnealtóireachta, an fháis inbhuanaithe agus post
  • Réigiún 3 (an Chomharsanacht Theas): 8 % den bhuiséad atá le fáil ó NDICI.
  • Réigiún 5 (an Áise): 23 % den bhuiséad atá le fáil ó NDICI. Tabharfar tosaíocht do na tíortha is lú forbairt.
  • Réigiún 6 (an Áise Láir): 9 % den bhuiséad atá le fáil ó NDICI. Tabharfar tosaíocht do na tíortha is lú forbairt.
  • Réigiún 7 (an Meánoirthear): 3 % den bhuiséad atá le fáil ó NDICI. Tabharfar tosaíocht do na tíortha is lú forbairt.
  • Réigiún 8 (an tAigéan Ciúin): 1 % den bhuiséad atá le fáil ó NDICI. Tabharfar tosaíocht do na tíortha is lú forbairt.
  • Réigiún 9 (an Afraic Fho‑Shahárach): 31 % den bhuiséad atá le fáil ó NDICI. Tabharfar tosaíocht do na tíortha is lú forbairt. Cuirfear béim speisialta ar thíortha tosaíochta imirce chomh maith. Ní fhéadfaidh aon tír rochtain a fháil ar níos mó ná 8 % den mhaoiniú atá beartaithe don Réigiún.
  • Réigiún 10 (Meiriceá Laidineach): 24 % den bhuiséad atá le fáil ó NDICI. 30 % don Bhrasaíl agus do Mheicsiceo, le chéile, ar a mhéad.
  • Réigiún 11 (Muir Chairib): 1 % den bhuiséad atá le fáil ó NDICI.

Tá feidhm ag na spriocbhuiséid agus tosaíochtaí réigiúnacha go táscach ar an leibhéal tionscadail agus déanfar monatóireacht orthu ar chéim an chur chun feidhme.

Ríomh an deontais chríochnaithigh

Ríomhfar an deontas críochnaitheach ag céim an tuairiscithe chríochnaithigh ar bhonn an lín scoláireachtaí a bronnadh, an lín mac léinn cláraithe agus an lín iarbhír costas aonaid a leithdháileadh ar riachtanais aonair, ar choinníoll nach mó an méid iomlán ná an t‑uasmhéid deontais a dhámhfar. Beidh an tsolúbthacht ag tionscadail cistí a aistriú idir na scoláireachtaí (seachas scoláireachtaí breisithe le haghaidh réigiúin spriocdhírithe ar domhan, más infheidhme) agus riachtanais aonair de réir na bhfíor‑riachtanas agus i gcomhréir leis an gcomhaontú deontais. Ní cheadaítear aistrithe idir ceannteidil bhuiséid agus idir ionstraimí maoiniúcháin. 

Tugtar tuairisc ar níos mó mionsonraí i samhail an chomhaontaithe deontais atá le fáil ar an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana (TDCT).

Beart 2: Bearta Deartha Erasmus Mundus

Le Bearta Deartha Erasmus Mundus ba cheart feabhas a chur ar inniúlachtaí ollscoileanna a gcuraclaim agus a gcleachtais teagaisc a nuachóiriú agus a idirnáisiúnú, acmhainní a chomhthiomsú, agus le go bhforbróidh córais ardoideachais sásraí coiteanna i ndáil le dearbhú cáilíochta, creidiúnú agus aithint céimeanna agus creidiúintí. Tá sé beartaithe freisin leis an tacaíocht iniúchadh a dhéanamh ar na deiseanna a thairgtear leis an gCur Chuige Eorpach um dhearbhú cáilíochta clár comhpháirteach, agus leas a bhaint astu. Bunaithe ar an leibhéal ard comhpháirtíochta/lánpháirtithe i measc na n‑institiúidí rannpháirteacha, ba cheart do na cláir thrasnáisiúnta lánpháirtithe sin rannchuidiú le lánpháirtiú agus idirnáisiúnú Limistéar Eorpach an Ardoideachais (EHEA).

An Cuspóir a bhaineann le Bearta Deartha Erasmus Mundus

Is é is príomhchuspóir do Bhearta Deartha Erasmus Mundus forbairt clár staidéir nua, nuálach, ardleibhéal, comhtháite, trasnáisiúnta a spreagadh ar an leibhéal máistreachta. Ba cheart tíortha tearcionadaithe Erasmus Mundus a chuimsiú leis na bearta deartha seo: (a) Ballstáit den Aontas agus tríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gClár, agus/nó (b) institiúidí ó na tíortha sin, agus/nó (c) réimsí téamacha (féach Catalóg Erasmus Mundus)5 .  Ba cheart do thairbhithe leibhéal oideachais a sholáthar a chomhfhreagraíonn do leibhéal 7 den aicmiú idirnáisiúnta caighdeánach ar an oideachas ISCED 2011.

Cé na critéir atá le comhlíonadh chun iarratas a dhéanamh ar Bhearta Deartha Erasmus Mundus?

Critéir incháilitheachta

Chun bheith incháilithe le haghaidh dheontas Erasmus+, ní mór na critéir seo a leanas a chomhlíonadh le tograí tionscadail le haghaidh Bhearta Deartha Erasmus Mundus:

Eagraíochtaí rannpháirteacha incháilithe (Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?)

Chun bheith incháilithe, ní mór do na hiarratasóirí:

  • a bheith ina n‑eintitis dhlíthiúla (comhlachtaí poiblí nó príobháideacha).
  • a bheith ina nInstitiúidí Ardoideachais bunaithe i gceann de na tíortha incháilithe, is é sin i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár nó i dtír incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár.      

Eisceacht: níl eagraíochtaí ón mBealarúis (Réigiún 2) ná ó Chónaidhm na Rúise (Réigiún 4) incháilithe chun páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht sin.

Ní mór deimhniú ECHE (Cairt Ardoideachais Erasmus) a bheith ag institiúidí ardoideachais atá bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár.

Ní gá ECHE a bheith ag institiúidí ardoideachais rannpháirteacha ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, ach ceanglófar orthu gealltanas a thabhairt dá phrionsabail.

Suíomh geografach (Ionad na ngníomhaíochtaí)

Ní mór na gníomhaíochtaí a reáchtáil sna tíortha incháilithe.

Fad an tionscadail

Ba cheart tréimhse 15 mhí a bheith i gceist leis na tionscadail de ghnáth (is féidir síneadh a chur léi, má tá údar cuí leis agus sin a dhéanamh trí bhíthin leasaithe.

Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?

Faoi bhráid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA).

Uimhir aitheantais an Ghlao: ERASMUS-EDU-2024-EMJM-DESIGN

Roimh iarratas a dhéanamh, féach na Ceisteanna Coitianta ábhartha in TDCT.

Cathain is féidir iarratas a dhéanamh?

Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoin 15 Feabhra ar 17:00:00 (am na Bruiséile).

Iarratas a dhéanamh

Chun eolas a fháil, féach Cuid C den Treoir seo.

Déanfar measúnú ar eagraíochtaí is iarratasóirí de réir na gcritéar eisiaimh agus roghnúcháin ábhartha. Chun breis eolais a fháil féach Cuid C den Treoir seo.

Tionscadal a bhunú

Le EMDM, tacaítear le dearadh clár staidéir ardleibhéil ar leibhéal máistreachta6  a sholáthraíonn cuibhreannas idirnáisiúnta institiúidí ardoideachais ó thíortha éagsúla ar fud an domhain go comhpháirteach agus, i gcás inarb ábhartha, comhpháirtithe oideachais agus/nó neamhoideachais eile ag a bhfuil saineolas sonrach agus spéis sna réimsí staidéir/réimsí gairmiúla lena mbaineann.

Is tionscadail aontairbhe iad EMDM. Tionscnóidh an tairbhí gníomhaíochtaí teagmhálaithe agus comhair d’fhonn clár máistreachta a chur ar bun i gcomhréir leis an sainmhíniú ar ‘clár máistreachta comhtháite’ (féach roinn EMJM ‘Tionscadal a chur ar bun’). Ar chéim an iarratais, ba cheart don tairbhí na heagraíochtaí rannpháirteacha a shainaithint. Ní bheidh siad sin páirteach i bpróiseas síniúcháin an chomhaontaithe deontais, áfach. Tabharfar tuairisc ar na gníomhaíochtaí beartaithe faoi Chuid B den fhoirm iarratais agus i bpacáiste oibre amháin.

Faoi dheireadh na tréimhse maoinithe, leis an Máistreacht atá deartha go comhpháirteach ba cheart:

  • Curaclam atá go hiomlán comhtháite a thairiscint atá soláthartha ag cuibhreannas d’institiúidí ardoideachais (comhdhéanta ar a laghad de thrí institiúid ardoideachais ó thrí thír éagsúla, nach mór ar a laghad dhá cheann díobh a bheith ina mBallstáit den Aontas agus tríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gClár);
  • É a bheith d’aidhm leis mic léinn shármhaithe a earcú ó gach cearn den domhan;
  • Soghluaisteacht fhisiceach éigeantach a áireamh inti le haghaidh na mac léinn earcaithe uile;
  • Céim chomhpháirteach a bheith de thoradh uirthi (is é sin, aon dioplóma amháin atá bronnta ag dhá institiúid ardoideachais ar a laghad ó thíortha éagsúla, agus ní mór do cheann díobh ar a laghad a bheith ina Ballstát den Aontas nó ina tríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár), nó ilchéimeanna (is é sin, dhá dhioplóma ar a laghad atá bronnta ag dhá institiúid ardoideachais ó thíortha éagsúla, agus ní mór do cheann díobh sin ar a laghad a bheith ina Ballstát den Aontas nó ina tríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár), nó meascán díobh sin.

Chomh maith leis sin, tá coinne leis go mbeidh na sásraí comhpháirteacha seo a leanas deartha ag an tionscadal:

  • Ceanglais chomhpháirteacha maidir le hiontráil mac léinn agus rialacha/próisis iarratais, roghnúcháin, monatóireachta, scrúdaithe/measúnaithe feidhmíochta;
  • Clár comhpháirteach agus gníomhaíochtaí teagaisc/oiliúna lánpháirtithe;
  • Plean um sheirbhísí coiteanna a thairgtear do mhic léinn (mar shampla cúrsaí teanga, tacaíocht víosa);
  • Straitéis chomhpháirteach um chur chun cinn agus múscailt feasachta;
  • Straitéis chomhpháirteach bainistíochta riaracháin agus airgeadais;
  • Beartas maidir le céimeanna comhpháirteacha;
  • Dréacht‑chomhaontú comhpháirtíochta comhpháirteach lena mbaineann ar a laghad trí institiúid ardoideachais ó thrí thír éagsúla, agus ní mór do dhá cheann díobh ar a laghad a bheith ina mBallstáit den Aontas nó ina dtríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gClár. Tá sé i gceist leis an gcomhaontú seo gach gné acadúil, oibríochtúil, riaracháin agus airgeadais a bhaineann le cur chun feidhme an chláir máistreachta a chumhdach.
  • Dréacht‑chomhaontú mic léinn comhpháirteach.

Ba cheart na míreanna thuasluaite a chuimsiú leis an iarratas mar phríomhtháirgí insoláthartha lena bhfuil coinne ag deireadh chur chun feidhme an tionscadail.

Tá coinne leis go gcloífidh an clár máistreachta atá á fhorbairt leis na Caighdeáin um Dhearbhú Cáilíochta Clár Comhpháirteach i Limistéar Eorpach an Ardoideachais (EHEA)7 .

Moltar ar a laghad aon phróiseas creidiúnúcháin/meastóireachta a sheoladh roimh dheireadh an tionscadail, agus na deiseanna atá tairgthe ag an gCur Chuige Eorpach um dhearbhú cáilíochta clár comhpháirteach a iniúchadh ar a laghad (má cheadaítear sin faoin reachtaíocht náisiúnta).

Tionchar measta

  • Deiseanna forbartha comhpháirtíochtaí nua a sholáthar d’institiúidí ardoideachais Eorpacha agus neamhEorpacha;
  • Feabhas a chur ar an gcáilíocht agus nuálaíocht a chothú i gcláir ar an leibhéal máistreachta agus ar shocruithe maoirseachta;
  • Cur le hidirnáisiúnú agus le hiomaíochas eagraíochtaí rannpháirteacha;
  • Cur le tarraingteacht na heagraíochta rannpháirtí nó na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha do mhic léinn éirimiúla;
  • Rannchuidiú le beartais ollscoileanna i ndáil le hidirnáisiúnú trí fheasacht idirnáisiúnta a fhorbairt trína gcuraclaim agus straitéisí cuimsitheacha maidir leis an idirnáisiúnú a dhearadh (comhar institiúideach agus soghluaisteacht trasteorann daoine).

Critéir dhámhachtana

Ábharthacht an tionscadail (scór uasta 40 pointe)

Cúlra agus cuspóirí ginearálta

Aidhmeanna foriomlána agus cuspóirí ginearálta an tionscadail agus a n‑ábharthacht i ndáil le Beart Deartha Erasmus Mundus agus go háirithe an cuspóir chun cláir staidéir thrasnáisiúnta lánpháirtithe ardleibhéil nua a fhorbairt ar leibhéal Máistreachta.

Luachanna an Aontais:

Tá an togra ábhartha chun comhluachanna an Aontais a urramú agus a chur chun cinn, cuir i gcás meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, smacht reatha agus meas ar chearta an duine, chomh maith le troid in aghaidh aon sórt idirdhealaithe.

Anailís riachtanas agus cuspóirí sonracha

  • Réasúnaíocht maidir le dearadh cláir Máistreachta an‑chomhtháite.
  • Rannchuidiú le forbairt comhpháirtíochtaí nua agus an acmhainneacht ról a thabhairt do thíortha tearcionadaithe Erasmus Mundus: (a) Ballstáit den Aontas agus tríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gClár, agus/nó (b) institiúidí ó na tíortha sin, agus/nó (c) réimsí téamacha.

Comhlántacht i gcomparáid le gníomhaíochtaí eile agus leis an nuálaíocht

Uaillmhian an tionscadail i gcomparáid lena bhfuil á thairiscint le clár máistreachta atá ann cheana agus rannchuidiú le tarraingteacht EHEA.

Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail (scór uasta 20 pointe)

Coincheap agus modheolaíocht 

Leordhóthanacht agus indéantacht na ngníomhaíochtaí atá beartaithe chun na cuspóirí agus na torthaí a bhfuil coinne leo a bhaint amach.

Bainistíocht tionscadail agus dearbhú cáilíochta

  • Bearta atá beartaithe chun a chinntiú go bhfuil ardcháilíocht ag baint le cur chun feidhme an tionscadail agus go ndéantar sin in am trátha.
  • Céimeanna atá beartaithe chun próiseas creidiúnúcháin/meastóireachta a sheoladh don chúrsa máistreachta atá beartaithe, más féidir agus tairbhe á baint as na deiseanna atá á dtairiscint leis an gCur Chuige Eorpach um dhearbhú cáilíochta clár comhpháirteach.

Foirne, baill foirne agus saineolaithe tionscadail  

  • Acmhainní oibríochtúla measta (eagraíochtaí rannpháirteacha san áireamh) i ndáil leis na gníomhaíochtaí agus na torthaí beartaithe.
  • Sainmhíniú ar róil agus dáileadh cúraimí i bhfoireann an tionscadail.

Cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair (scór uasta 20 pointe)

Socrú cuibhreannais       

  • Ról measta na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha. A rannchuidiú le cur chun feidhme an tionscadail agus dearadh an chláir máistreachta.
  • Réasúnaíocht a rannpháirtíochta, a mbreisluacha agus a gcomhlántachta.

Tionchar (scór uasta 20 pointe)

Tionchar agus uaillmhian

Tionchar measta agus uaillmhian an chláir nua EMDM.

Cumarsáid, scaipeadh agus infheictheacht

Gníomhaíochtaí atá beartaithe le haghaidh chur chun cinn agus scaipeadh an chláir máistreachta nua agus thorthaí an tionscadail.

Inbhuanaitheacht agus leanúnachas

Céimeanna atá beartaithe chun an clár nua Máistreachta a sheoladh/ a chur chun feidhme (tacaíocht institiúideach san áireamh) agus bearta atá beartaithe chun a inbhuanaitheacht a chinntiú (sainaithint foinsí féideartha maoinithe san áireamh).

Le bheith curtha san áireamh le haghaidh maoiniúcháin, ní mór d’iarratais ar a laghad 60 pointe a ghnóthú, agus an scór pas íosta a chomhlíonadh le haghaidh gach ceann de na ceithre chritéar dámhachtana (is é sin, ar a laghad 20 pointe le haghaidh na catagóire ‘Ábharthacht an tionscadail’ agus 10 bpointe ar a laghad le haghaidh na gcatagóirí ‘Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail’; ‘Cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair’ agus ‘Tionchar’).

Tabharfar tosaíocht do na tograí ex aequo de réir na scór a dhámhfar orthu le haghaidh an chritéir dámhachtana ‘Ábharthacht’. Nuair a bheidh na scóir sin comhionann, beidh tosaíocht bunaithe ar a scóir le haghaidh an chritéir ‘Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail’. Nuair a bheidh na scóir sin comhionann, beidh tosaíocht bunaithe ar a scóir le haghaidh an chritéir ‘Tionchar’. Mura bhfágann sé sin go mbeifear in ann an tosaíocht a chinneadh, féadfar tosaíocht bhreise a chur in ord trí phunann fhoriomlán an tionscadail a mheas agus trí shinéirgí dearfacha a chruthú idir tionscadail, nó tosca eile a bhaineann le cuspóirí an ghlao. Déanfar na tosca sin a dhoiciméadú sa tuarascáil phainéil.

Cad iad na rialacha maoiniúcháin atá ann?

Leanann an ghníomhaíocht seo samhail maoiniúcháin cnapshuime.

Is mar a leanas an deontas ón Aontas in aghaidh an tionscadail: EUR 60 000.

Cumhdóidh an ranníocaíocht cnapshuime leis na costais atá nasctha go díreach leis na gníomhaíochtaí is gá chun an clár máistreachta nua a bhunú, amhail cruinnithe agus comhdhálacha, staidéir/suirbhéanna, próiseas creidiúnúcháin/meastóireachta, srl. Féadfar an ranníocaíocht a úsáid freisin chun costais foirne, taistil agus lóistín, costais riaracháin agus gníomhaíochtaí ar fochonradh a chumhdach, a mhéid atá ábhartha maidir le cur chun feidhme Bhearta Deartha Erasmus Mundus.

Socrófar paraiméadair an deontais sa chomhaontú deontais.

Le haghaidh íocaíocht chríochnaitheach an deontais, beidh ar thairbhithe fianaise a sholáthar gur cuireadh na gníomhaíochtaí agus na torthaí atá beartaithe ina n‑iarratas i gcrích go hiomlán agus ar bhealach sásúil.

Tugtar tuairisc ar níos mó mionsonraí i samhail an chomhaontaithe deontais atá le fáil ar an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana (TDCT).

Tagged in:  Erasmus Mundus