Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Gníomhaíochtaí Jean Monnet i réimse eile oideachais agus oiliúna

Is cuid mhór de chur chun cinn na saoránachta gníomhaí agus chomhluachanna na saoirse, na caoinfhulaingthe, agus an neamh‑idirdhealaithe é foghlaim faoi chuspóirí agus faoi fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Tá fonn ar mhúinteoirí agus oiliúnóirí tabhairt faoi dheiseanna le haghaidh a bhforbartha gairmiúla féin; léiríonn líon mór múinteoirí gur gá a n‑inniúlachtaí a fhorbairt chun atmaisféar cuimsitheach sa seomra ranga a fhorbairt agus úsáid á baint as Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide (TFC), agus teagasc i seomraí ranga ilteangacha agus ilchultúrtha. Teastaíonn deiseanna fáis ghairmiúil uathu freisin maidir leis an éirim Eorpach de theagasc i scoileanna, go háirithe maidir le teagasc faoin Aontas Eorpach ar bhealaí mealltacha.

Is é an cuspóir foriomlán atá ann tuiscint níos fearr a chur chun cinn, san oideachas ginearálta agus sa ghairmoiliúint araon (ISCED 1 – 4), ar an Aontas Eorpach agus ar fheidhmiú a Institiúidí agus aghaidh a thabhairt ar an easpa forleathan eolais faoin Aontas Eorpach agus ar an‑chuid bréagaisnéise, a chuireann méadú, dá réir sin, ar mhíshástacht daoine maidir leis an Aontas agus a bheartais.