Skip to main content

Erasmus+ Programme Guide

The essential guide to understanding Erasmus+

Cuid B – Eolas faoi na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an treoir seo

Sa chuid seo de Threoirleabhar Erasmus+ tá an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh na nGníomhaíochtaí agus na ngníomhartha uile a chumhdaítear leis an gClár:

  • tuairisc ar a gcuspóirí agus ar a dtionchar measta
  • tuairisc ar ghníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht
  • táblaí ina gcuirtear i láthair na critéir a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar iarratais tionscadail
  • eolas úsáideach breise chun tuiscint mhaith a fháil ar an gcineál tionscadal a dtacaítear leo
  • tuairisc ar na rialacha maoiniúcháin.

Sula ndéanfaidh siad iarratas, moltar d’iarratasóirí an roinn iomlán a bhaineann leis an nGníomhaíocht, faoinar mian leo iarratas a chur isteach, a léamh go cúramach, agus ina theannta sin, moltar dóibh léamh tríd an eolas ginearálta faoi thosaíochtaí, cuspóirí agus príomhghnéithe an Chláir. 

Cé na gníomhaíochtaí a chuirtear i láthair sa treoir seo? 

Sna ranna ‘Príomhghníomhaíocht 1’, ‘Príomhghníomhaíocht 2’ agus ‘Príomhghníomhaíocht 3’ cuirtear na Gníomhaíochtaí seo a leanas i láthair:

Príomhghníomhaíocht 1: Soghluaisteacht foghlama daoine aonair

  • Tionscadail soghluaisteachta le haghaidh foghlaimeoirí agus baill foirne san ardoideachas, sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, san oideachas scoile, san oideachas aosach agus san oideachas óige
  • Creidiúnuithe Erasmus i réimsí an ardoideachais, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, an oideachais scoile agus an oideachais aosaigh agus i réimse na hóige
  • Gníomhaíochtaí um rannpháirtíocht óige
  • Gníomhaíocht Cuimsithe DiscoverEU
  • Soghluaisteacht foirne i réimse an spóirt
  • Malartuithe fíorúla san ardoideachas agus san óige. 

Príomhghníomhaíocht 2: Comhar i measc eagraíochtaí agus institiúidí

  • Comhpháirtíochtaí maidir leis an gComhar lena gcuimsítear:
    • Comhpháirtíochtaí Comhair
    • Comhpháirtíochtaí ar scála beag.
  • Comhpháirtíochtaí Barr Feabhais, lena n‑áirítear:
    • Ionaid Barr Feabhais Gairme
    • Acadaimh Múinteoirí Erasmus+
    • Gníomhaíocht Erasmus Mundus.
  • Comhpháirtíochtaí um Nuálaíocht:
    • Comhaontais ar son na Nuálaíochta
  • Fothú Acmhainneachta i réimsí an ardoideachais, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, na hóige agus an spóirt
  • Imeachtaí spóirt Eorpacha seachbhrabúsacha.

Príomhghníomhaíocht 3: Tacaíocht d’fhorbairt ó thaobh beartais de agus do chomhar

  • Óige na hEorpa le chéile.

Gníomhaíochtaí Jean Monnet

  • Gníomhaíochtaí Jean Monnet i réimse an ardoideachais
  • Jean Monnet i réimsí eile oideachais agus oiliúna.

Ina theannta sin, déantar gníomhaíochtaí áirithe de chuid an Chláir a chur chun feidhme trí ghlaonna sonracha ar thograí atá bainistithe go díreach ag an gCoimisiún Eorpach nó ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas. Chun breis eolais a fháil, féach Clár Oibre Bliantúil Erasmus+ agus suíomhanna gréasáin an Choimisiúin1 agus na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin2 .

  1. An Coimisiún Eorpach – Erasmus+:  https://erasmus-plus.ec.europa.eu/ ↩ back
  2. An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr: https://www.eacea.ec.europa.eu/index_ga ↩ back