Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Líonraí Jean Monnet i réimsí oideachais agus oiliúna eile

Ba cheart do líonraí scoileanna agus institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna ISCED 1 – 4, agus/nó institiúidí ardoideachais a sholáthraíonn Oiliúint/Oideachas Múinteoirí a bheith ábalta gné idirnáisiúnta a thabhairt don snáithe nua Jean Monnet agus malartú dea‑chleachtas a chumasú chomh maith le heispéireas den chomhtheagasc a sholáthar laistigh de ghrúpa tíortha.

Éascóidh na gníomhaíochtaí tuiscint choiteann ar mhodheolaíochtaí foghlama maidir le hábhair a bhaineann leis an Aontas Eorpach i measc cleachtóirí atá ag obair i gcomhthéacsanna éagsúla, atá ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin agus ar shrianta éagsúla de bharr na reachtaíochta náisiúnta agus struchtúr na gcuraclam.

Cuspóirí na gníomhaíochta

Is é is aidhm do Líonraí Jean Monnet i réimsí oideachais agus oiliúna eile tacaíocht a sholáthar do scoileanna agus institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna, (ISCED 1 – 4), agus/nó institiúidí ardoideachais lena mbaineann Oiliúint/Oideachas Múinteoirí chun cur leis an eolas maidir le conas ábhair a bhaineann leis an Aontas Eorpach a theagasc, agus tabharfaidh siad gné idirnáisiúnta don chleachtas foghlama freisin.

Is é malartú eolais múinteoirí (obair chomhoibríoch ar ábhair shonracha agus ar mhodheolaíochtaí, eispéiris den chomhtheagasc, gníomhaíochtaí coiteanna) atá ina bhonn de ghníomhaíochtaí an líonra. Mar shampla:

  • Eolas ar inneachar a mhalartú agus torthaí modheolaíochtaí a cuireadh i bhfeidhm a chur chun cinn;
  • An comhar idir scoileanna/institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna (ISCED 1 – 4),  soláthraithe oiliúna/oideachais múinteoirí éagsúla a fheabhsú agus eispéireas idirnáisiúnta agus stádas Eorpach a thabhairt dóibh;
  • Eolas agus soghluaisteacht a mhalartú le haghaidh an chomhtheagaisc;
  • An comhar a chothú agus ardán eolais láidir inbhuanaithe a chruthú idir scoileanna agus institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna (ISCED 1 – 4), agus/nó institiúidí ardoideachais lena mbaineann Oiliúint/Oideachas Múinteoirí.

Tionscadal a bhunú

Ní mór do Líonraí Jean Monnet i réimsí Oideachais agus Oiliúna eile a bheith i gceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:  

  • modheolaíochtaí teagaisc a bhailiú agus a phlé le haghaidh gníomhaíochtaí curaclaim agus seach‑churaclaim; 
  • dea‑chleachtais a bhailiú agus a chomhroinnt faoi bheith ag foghlaim faoi ábhair maidir leis an Aontas Eorpach; 
  • eispéiris chomhtheagaisc agus chomhartheagaisc a eagrú tríd an tsoghluaisteacht nó ar líne. 

Féadfar na nithe thuas a dhéanamh mar a leanas: 

  • Táirgeadh doiciméad agus treoraíochta chun dea‑chleachtais a scaipeadh; 
  • Cruinnithe fisiciúla agus ar líne; 
  • Comhtheagasc agus teagasc comhoibríoch. 

Cé na critéir atá le comhlíonadh chun iarratas a dhéanamh ar Líonraí Jean Monnet i réimsí eile oideachais agus oiliúna?

Critéir incháilitheachta

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Chun bheith incháilithe, ní mór do na hiarratasóirí (tairbhithe agus eintitis chleamhnaithe, más infheidhme):

  • ina scoil, institiúid gairmoideachais agus gairmoiliúna (ISCED 1 - 4) nó institiúid ardoideachais a bhfuil ECHE bailí aici, agus a sholáthraíonn oiliúint tosaigh agus/nó inseirbhíse do mhúinteoirí scoile agus/nó institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna (ISCED 1- 4);
  • a bheith bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár.

Ní mór deimhniú bailí ECHE (Cairt Ardoideachais Erasmus) a bheith ag Institiúidí Ardoideachais.   

Comhdhéanamh cuibhreannais

Ní mór sé iarratasóir ar a laghad a bheith i gcuibhreannas a chuireann tograí isteach, agus ní mór don chuibhreannas na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:                                                                                                                         

  • Trí eintiteas ar a laghad ó Bhallstáit éagsúla den Aontas agus/nó ó thríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gClár.
  • ceithre scoil agus/nó sholáthraí gairmoideachais agus gairmoiliúna ar a laghad (ISCED 1 - 4);
  • dhá institiúid ardoideachais ar a mhéad a sholáthraíonn oiliúint tosaigh agus/nó inseirbhíse do mhúinteoirí scoile agus/nó institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna (ISCED 1- 4);

Ní chuirtear san áireamh ach tairbhithe (seachas eintitis chleamhnaithe) le haghaidh chomhdhéanamh an chuibhreannais. 

Suíomh geografach (Ionad na ngníomhaíochtaí) 

Ní mór na gníomhaíochtaí a dhéanamh sna tíortha incháilithe (féach Cuid A den Treoir seo). 

Fad an tionscadail

Ba cheart tréimhse 36 mhí a bheith i gceist leis na tionscadail de ghnáth (is féidir síneadh a chur léi, má tá údar cuí leis sin a dhéanamh agus trí bhíthin leasaithe ar an gcomhaontú deontais).

Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?

Faoi bhráid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA)

Uimhir aitheantais an Ghlao: ERASMUS-JMO-2024-NETWORKS-SCHOOLS

Cathain is féidir iarratas a dhéanamh?

Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoin 1 Feabhra ar 17:00:00 (am na Bruiséile).

Déanfar measúnú ar eagraíochtaí is iarratasóirí de réir na gcritéar eisiaimh agus roghnúcháin ábhartha. Chun breis eolais a fháil féach Cuid C den Treoir seo.

Critéir dhámhachtana

Déanfar measúnú ar thionscadail de réir na gcritéar seo a leanas:

Ábharthacht an tionscadail (scór uasta 25 phointe)

  • A mhéid a chomhlíonann an togra cuspóirí ghníomhaíocht Jean Monnet: 
    • téitear i ngleic le léann an Aontais Eorpaigh (mar a thugtar tuairisc air sa mhír thosaigh),
    • cuirtear é ar a gcumas do mhúinteoirí i scoileanna scileanna nua a fhorbairt,
    • cuidítear le heolas agus cleachtais a chomhroinnt ar an méid a fhágann go bhfuil a bhfoghlaimeoirí níos eolaí maidir leis an Aontas agus ar conas a dhéanann siad a leithéid,
    • éascaítear eispéiris soghluaisteachta múinteoirí chun comh‑mhúinteoireacht / comhtheagasc a sholáthar lena gcomhpháirtithe,
    • gintear tuiscint níos fearr ar an Aontas agus ar fheidhmiú an Aontais,
    • cuirtear é ar a gcumas do mhúinteoirí inneachar an Aontais a thabhairt isteach ina ngníomhaíochtaí.
  • A mhéid atá an togra ábhartha chun comhluachanna an Aontais a urramú agus a chur chun cinn, cuir i gcás meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, smacht reatha agus meas ar chearta an duine, chomh maith le troid in aghaidh aon sórt idirdhealaithe.
  • A mhéid a théann an togra i bhfeidhm ar spriocghrúpaí tosaíochta:
    • scoileanna agus soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna (ISCED 1 – 4),
    • múinteoirí,
    • mic léinn.

Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail (scór uasta 25 phointe)

  • Modheolaíocht: cáilíocht, úrnuacht agus indéantacht na ngníomhaíochtaí atá beartaithe.
  • A mhéid a bhaineann na nithe seo a leanas leis an gclár oibre 
    • cuirtear i láthair é ar bhealach soiléir, iomlán agus comhleanúnach, agus tugtar aird chuí ar phleanáil iomchuí na gcéimeanna ullmhúcháin, cur chun feidhme, meastóireachta, oibre leantaí agus scaipthe a chur i láthair,
    • léirítear comhleanúnachas ann le cuspóirí agus gníomhaíochtaí an tionscadail.
  • A mhéid atá na hacmhainní atá sannta do phacáistí oibre i gcomhréir lena gcuspóirí agus lena dtáirgí insoláthartha.
  • Straitéis monatóireachta agus meastóireachta.

Cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair (scór uasta 25 phointe)

  • Eagrú inmheánach na comhpháirtíochta:
    • Ábharthacht agus comhlántacht phróifíl agus shaineolas na rannpháirtithe atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí atá beartaithe i dtéarmaí Léann an Aontais Eorpaigh (mar a thugtar tuairisc air sa mhír thosaigh) agus i dtéarmaí an téama shonraigh ar a dtugtar aghaidh leis an togra.
  • Socruithe comhair agus dáileadh ról, freagrachtaí agus cúraimí.

Tionchar (scór uasta 25 phointe)

  • Tionchar measta na líonraí ag a bhfuil éifeachtaí marthanacha 
    • ar scoileanna agus soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna:
      • inniúlacht níos mó chun dul i mbun teagaisc ar ábhair maidir leis an Aontas,
      •  inneachar nuálach i bhforbairt dearcthaí nua maidir le hábhair faoin Aontas i scoileanna, 
      • comhar treisithe agus inniúlacht nascadh le comhpháirtithe,
      • leithdháileadh méadaithe acmhainní airgeadais ar ábhair a bhaineann leis an Aontas a theagasc laistigh den institiúid.
    •  ar na múinteoirí atá páirteach go díreach nó go hindíreach sna líonraí: 
      • A scileanna a neartú ar shaincheisteanna AE agus dul chun cinn chun inneachar maidir leis an Aontas a sholáthar ina ngníomhaíochtaí.
  • Scaipeadh agus cumarsáid:
    • A iomchuí atá na bearta, agus cáilíocht na mbeart, arb é is aidhm dóibh torthaí na ngníomhaíochtaí a scaipeadh laistigh agus lasmuigh den institiúid atá páirteach sna líonraí: 
      • feasacht a mhúscailt ar ghníomhaíochtaí agus torthaí, rud a fheabhsaíonn infheictheacht rannpháirtithe agus eagraíochtaí,
      • dul i bhfeidhm ar ghrúpaí lasmuigh de scoileanna agus soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna.
    • A mhéid a rachaidh na huirlisí scaipthe atá beartaithe i bhfeidhm ar an spriocphobal trí bhíthin na nithe seo a leanas:
    • poiblíocht sna meáin (lena n‑áirítear na meáin shóisialta, foilseacháin, srl.),
    • imeachtaí.
  • Inbhuanaitheacht agus leanúnachas: leis an togra áirítear bearta agus acmhainní iomchuí lena chinntiú go mbeidh torthaí agus tairbhí an tionscadail inbhuanaithe tar éis shaolré an tionscadail.

Ní mór do thograí 70 pointe ar a laghad a bhaint amach chun go gcuirfear san áireamh le haghaidh maoiniúcháin iad. Thairis sin, ní mór ar a laghad 15 phointe a bhaint amach i ngach ceann de chatagóirí na gcritéar dámhachtana thuasluaite.

Tabharfar tosaíocht do na tograí ex aequo de réir na scór a dhámhfar orthu le haghaidh an chritéir dámhachtana ‘Ábharthacht’. Nuair a bheidh na scóir sin comhionann, beidh tosaíocht bunaithe ar a scóir le haghaidh an chritéir ‘Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail’. Nuair a bheidh na scóir sin comhionann, beidh tosaíocht bunaithe ar a scóir le haghaidh an chritéir ‘Tionchar’.

Mura bhfágann sé sin go mbeifear in ann an tosaíocht a chinneadh, féadfar tosaíocht bhreise a chur in ord trí phunann fhoriomlán an tionscadail a mheas agus trí shinéirgí dearfacha a chruthú idir tionscadail, nó tosca eile a bhaineann le cuspóirí an ghlao. Déanfar na tosca sin a dhoiciméadú sa tuarascáil phainéil.

Tionchar measta 

Cainníochtúil: an líon tairbhithe de réir an Bhallstáit den Aontas nó na tíre nach bhfuil san Aontas ach atá comhlachaithe leis an gClár / réigiún 

Cáilíochtúil: Meastar go mbeidh éifeachtaí dearfacha marthanacha ag Líonraí Jean Monnet i réimsí oideachais agus oiliúna eile ar an oideachas ginearálta agus ar an ngairmoideachas agus ar an ngairmoiliúint (ISCED 1- 4) agus go dtabharfar eolas do na rannpháirtithe maidir le cleachtais rathúla chun fíorais agus eolas ar an Aontas Eorpach a thabhairt do dhaltaí agus do mhic léinn. 

Cuirfidh na Líonraí i réimsí oideachais agus oiliúna eile leis na deiseanna le haghaidh institiúidí oideachais ghinearálta agus institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna a ngníomhaíochtaí ina gcuimsítear ábhair a bhaineann leis an Aontas Eorpach a fhairsingiú.  

Tá sé mar aidhm freisin leis na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoi Líonraí Jean Monnet i réimsí oideachais agus oiliúna eile na torthaí seo a leanas a bhaint amach chomh maith maidir le heagraíochtaí rannpháirteacha:  

  • inniúlacht níos mó chun ábhair a bhaineann leis an Aontas a lánpháirtiú ina ngníomhaíochtaí;  
  • nochtadh idirnáisiúnta feabhsaithe. 

Spriocanna geografacha

Díreofar na gníomhaíochtaí a mhaoineofar ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus ar thríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gClár, i gcomhréir leis na critéir incháilitheachta.

Cad iad na rialacha maoiniúcháin atá ann?

Leanann an ghníomhaíocht seo samhail maoiniúcháin cnapshuime. Cinnfear méid na ranníocaíochta cnapshuime aonair le haghaidh gach deontais bunaithe ar bhuiséad measta na gníomhaíochta atá beartaithe ag an iarratasóir. Socróidh an t‑údarás deonúcháin cnapshuim gach deontais bunaithe ar an togra, ar an toradh meastóireachta, ar na rátaí maoiniúcháin agus ar uasmhéid an deontais atá socraithe sa ghlao.

Is é EUR 300 000 an ranníocaíocht uasta ón Aontas in aghaidh an tionscadail

Conas a chinntear cnapshuim an tionscadail?

Ní mór d’iarratasóirí tábla buiséid mionsonraithe a líonadh isteach de réir na foirme iarratais, agus na pointí seo a leanas á gcur san áireamh:

  • Ba cheart an buiséad a bheith mionsonraithe mar is gá ag an tairbhí/na tairbhithe agus eagraithe i bpacáistí oibre comhleanúnacha (mar shampla roinnte i ‘bainistíocht tionscadail’, ‘oiliúint’, ‘eagrú imeachtaí’, ‘ullmhú agus cur chun feidhme na soghluaisteachta’, ‘cumarsáid agus scaipeadh’, ‘dearbhú cáilíochta’, srl.);
  • Leis an togra ní mór tuairisc a thabhairt ar na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le gach pacáiste oibre;
  • Ní mór d’iarratasóirí miondealú ar na costais mheasta a sholáthar ina dtogra lena léirítear an scair in aghaidh an phacáiste oibre (agus, laistigh de gach pacáiste oibre, an scair atá sannta do gach tairbhí agus eintiteas cleamhnaithe);
  • D’fhéadfaí costais ball foirne, costais taistil agus chothaithe, costais trealaimh agus fochonraitheoireachta chomh maith le costais eile (mar shampla scaipeadh eolais, foilsiú, aistriú) a chumhdach leis na costais.

Déanfar meastóireacht ar thograí de réir na bpróiseas meastóireachta caighdeánach le cuidiú ó shaineolaithe inmheánacha agus/nó seachtracha. Déanfaidh na saineolaithe measúnú ar cháilíocht na dtograí de réir na gceanglas a shainítear sa ghlao agus thionchar, cháilíocht agus éifeachtúlacht mheasta na gníomhaíochta. Cuirfear ráta cómhaoinithe 80 % i bhfeidhm maidir leis na costais incháilithe mheasta iomlána a chinntear tar éis na meastóireachta.

I ndiaidh na meastóireachta ar an togra, cinnfidh an t‑oifigeach údarúcháin méid na cnapshuime, agus torthaí an mheasúnúcháin a rinneadh á gcur san áireamh.

Socrófar paraiméadair an deontais (uasmhéid deontais, srl.) sa Chomhaontú Deontais. Féach Cuid C den Treoir Cláir seo, an roinn ‘Costais dhíreacha incháilithe’.

Ceadaítear tacaíocht airgeadais do thríú páirtithe i bhfoirm deontas nó duaiseanna.

Ceadaítear costais oibrithe deonacha. Is i bhfoirm costas aonaid a bheidh siad mar a shainmhínítear sa Chinneadh ón gCoimisiún maidir le costais aonaid le haghaidh oibrithe deonacha1

Déanfar meastóireacht ar éachtaí an tionscadail de réir na dtorthaí a chuirtear i gcrích. Leis an scéim maoiniúcháin, d’fhéadfaí díriú ar na haschuir seachas ar na hionchuir, rud a chuirfeadh béim ar cháilíocht agus leibhéal gnóthachtála cuspóirí intomhaiste.

Tugtar tuairisc ar níos mó mionsonraí i samhail an chomhaontaithe deontais atá le fáil ar an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana (TDCT).

Tagged in:  Jean Monnet School education Vocational education and training