Skip to main content

Erasmus+ Programme Guide

The essential guide to understanding Erasmus+

Gluais téarmaí - Gairmoideachas agus Gairmoiliúint

Le haghaidh na téarmaíochta gairmoideachais agus gairmoiliúna uile, úsáid an foilseachán oifigiúil Cedefop: https://www.cedefop.europa.eu/files/4117_en.pdf

Printíseacht (Printíseach)1

Gan dochar do théarmeolaíocht náisiúnta, tuigtear printíseachtaí mar scéimeanna gairmoideachais agus gairmoiliúna lena mbaineann:

  1. foghlaim a chomhcheangal in institiúidí oideachais nó oiliúna le foghlaim obairbhunaithe shuntasach i ngnólachtaí agus in áiteanna oibre eile,
  2. cáilíochtaí atá aitheanta go náisiúnta dá réir,
  3. bunaithe ar chomhaontú a shainmhíníonn cearta agus oibleagáidí an phrintísigh, an fhostóra agus, i gcás inarb iomchuí, na hinstitiúide gairmoideachais agus gairmoiliúna, agus
  4. íocaíocht nó cúiteamh eile don phrintíseach a chuimsiú maidir leis an gcomhpháirt obairbhunaithe.

EQAVET (an creat tagartha eorpach um dhearbhú cáilíochta i ngairmoideachas agus gairmoiliúint)

Uirlis tagartha don lucht ceaptha beartas bunaithe ar thimthriall ceithre chéim lena n‑áirítear leagan amach spriocanna agus pleanáil, cur chun feidhme, meastóireacht agus athbhreithniú. Urramaítear ann neamhspleáchas rialtas náisiúnta agus is córas deonach é atá le húsáid ag údarás poiblí agus comhlachtaí eile a bhíonn ag gabháil don dearbhú cáilíochta.

Comórtais scileanna gairmoideachais agus gairmoiliúna

Imeachtaí earnála idirnáisiúnta ina bhfuil léiriú iomaíoch scileanna ag foghlaimeoirí gairmoideachais agus gairmoiliúna bunriachtanach chun taithí, fios gnó agus nuálaíochtaí teicneolaíochta sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint a chur chun cinn, a aithint agus a mhalartú. Tá na himeachtaí mar thoradh ar dhlúthchomhar idir gnólachtaí, soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna, comhlachais tráchtála agus páirtithe leasmhara ábhartha eile arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an tarraingteacht agus ar an mbarr feabhais sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, caighdeáin oiliúna domhanda agus córais thagarmharcála a chruthú, agus tionchar a imirt ar thionscal, rialtas agus oideoirí trí chomhar agus trí thaighde.

Is éard is cuspóir do chomórtais scileanna ardú a dhéanamh ar phróifíl daoine a bhfuil scileanna acu agus a n‑aitheantas a mhéadú, agus léiriú a dhéanamh ar a thábhachtaí atá scileanna le forbairt eacnamaíoch agus rath pearsanta a bhaint amach. Deartar iad chun daoine óga a spreagadh chun paisean do scileanna a fhorbairt agus chun sármhaitheas a shaothrú, trí chomórtais agus trí phromóisin.

Gairmoideachas agus gairmoiliúint (VET)

Oideachas agus oiliúint ag a bhfuil sé d’aidhm an t‑eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá i ngairmeacha áirithe, nó sa mhargadh saothair ar bhonn níos leithne, a thabhairt do dhaoine óga agus do dhaoine fásta. Féadfar é a sholáthar i suíomhanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla, ar gach leibhéal den Chreat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF), agus an leibhéal treasach san áireamh, más infheidhme. Chun críche Erasmus+, is incháilithe faoi ghníomhaíochtaí gairmoideachais agus gairmoiliúna tionscadail ina ndírítear ar an ngairmoideachas nó ar an ngairmoiliúint tosaigh nó leantach.

Foghlaimeoir i ngairmoideachas agus gairmoiliúint (VET)

Duine atá cláraithe ar chlár gairmoideachais agus oiliúna tosaigh nó leanúnach nó duine a bhain céim amach nó a fuair cáilíocht le déanaí as clár den sórt sin.

An fhoghlaim obairbhunaithe

Sealbhú eolais agus scileanna trí chúraimí a dhéanamh – agus machnamh a dhéanamh orthu – i gcomhthéacs gairme, san ionad oibre (amhail oiliúint sealaíochta) nó in institiúid gairmoideachais agus gairmoiliúna.

  1. https://EUR-lex.europa.EU/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A32018H0502%2801%29 ↩ back