An leagan reatha
Leagan 2 de 21.12.2022.
Maidir le Treoir an Chláir
Is uirlis thábhachtach é Treoirleabhar Erasmus+ d'aon duine ar mhaith leis mioneolas a chur ar Erasmus+. Déanann sé liosta cuimsitheach deiseanna a fhaigheann tacaíocht ón gclár a chur ar fáil d’eagraíochtaí agus do dhaoine rannpháirteacha.
Dlúthchuid den Ghlao ar Thograí Erasmus+ 2023 is ea é.
Na daoine ar cheart dóibh é a léamh
Ní mór d'eagraíochtaí agus d'institiúidí atá ag lorg maoiniú faoi chuimsiú an ghlao sin cloí leis na coinníollacha rannpháirtíochta agus maoiniúcháin atá leagtha amach sa Treoirleabhar.
Tá eolas sa doiciméad sin faoi na nithe seo a leanas:
- tosaíochtaí an chláir,
- na gníomhaíochtaí a gcuirtear tacaíocht ar fáil dóibh
- an maoiniú atá ar fáil i gcomhair gníomhaíochtaí éagsúla
- mionsonraí maidir le rannpháirtíocht
Conas an leagan is déanaí a léamh
Foilsítear an Treoirleabhar i bhformáid gréasáin agus mar pdf is féidir a íoslódáil.
Ar líne
Is formáid inrochtana gréasáin í seo a bhfuil feidhmiúlacht chuardaigh aici.
Download
Related documents
Na teangacha a bhfuil fáil orthu
Tá an Treoirleabhar le fáil i 23 theanga faoi láthair.
Má bhíonn ciall leaganacha teanga éagsúla ag teacht salach ar a chéile, is é an leagan Béarla atá údarásach.
Leaganacha roimhe seo:
Cartlann
Tabhair cuairt ar an gcartlann chun leaganacha den Treoirleabhar a bhí ann roimhe a fheiceáil.
Conas iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú Erasmus+
An bhfuil spéis agat a fháil amach conas iarratas a dhéanamh ar dheiseanna trí chlár Erasmus+?