Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Ionaid barr feabhais gairme

Tá cur chun feidhme cur chuige maidir le barr feabhais gairme lárnach i gclár oibre foriomlán beartais an Aontais le haghaidh scileanna agus Gairmoideachais agus Gairmoiliúna (VET). Maidir leis an gClár Oibre Eorpach do Scileanna Nua, an Limistéar Eorpach Oideachais, an Moladh ón gComhairle, 2020, maidir le Gairmoideachas agus Gairmoiliúint1 , chomh maith le Dearbhú Osnabrück2 , tá tagairtí soiléire iontu ar fad don Bharr Feabhais Gairme mar spreagadh d’athchóirithe in earnáil an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna.

Is é is aidhm don tionscnamh maidir le hIonaid Barr Feabhais Gairme freagairt don tosaíocht beartais seo a thacaíonn le hathchóirithe in earnáil an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, lena gcinnteofar scileanna agus inniúlachtaí ardcháilíochta as a dtagann fostaíocht ardcháilíochta agus deiseanna ar feadh na gairme lena gcomhlíontar riachtanais geilleagair nuálaigh, chuimsithigh agus inbhuanaithe3 . Tacaíonn tionscnamh an Ionaid Barr Feabhais Gairme le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, na Straitéis Digití nua, na Straitéise Tionsclaíche nua agus na Straitéise FBM nua, toisc go bhfuil scileanna lárnach iontu.

Oibríonn Ionaid Barr Feabhais Gairme i gcomhthéacs áitiúil áirithe, ag cruthú éiceachórais scileanna don nuálaíocht, don fhorbairt réigiúnach agus don chuimsiú sóisialta, agus ag obair le hionaid barr feabhais gairme i dtíortha eile trí líonraí comhoibríocha idirnáisiúnta.Bunaítear leo cur chuige ón mbun aníos i leith barr feabhais gairme ina bhfuil raon leathan geallsealbhóirí áitiúla rannpháirteach ag cur ar chumas institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna an soláthar scileanna a chur in oiriúint go gasta chun freastal ar riachtanais eacnamaíocha agus shóisialta athraitheacha.

Cuireann siad deiseanna ar fáil le haghaidh oiliúint tosaigh daoine óga chomh maith le leanúint le huas‑sciliú agus athsciliú daoine fásta, trí thairiscint oiliúna atá solúbtha agus tráthúil agus a fhreastalaíonn ar riachtanais margaidh soláthair dhinimiciúil, i gcomhthéacs na n‑aistrithe glasa agus digiteacha. Gníomhaíonn siad mar spreagthóirí d’fhorbairt agus do nuálaíocht ghnó áitiúil, trí obair dhlúth a dhéanamh le cuideachtaí (FBManna go háirithe) ar thionscadail taighde fheidhmigh, ag cruthú mol eolais agus nuálaíochta, chomh maith le tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh fiontraíochta a bhfoghlaimeoirí.

‘Cóineasú aníos’ bharr feabhais an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna is aidhm do na líonraí. Féadfaidh tíortha ag a bhfuil córais barr feabhais gairme dea‑fhorbartha páirt a ghlacadh iontu, chomh maith leis na tíortha sin ina bhfuil cineálacha chuige comhchosúla á bhforbairt faoi láthair, arb é is aidhm dóibh fiosrú a dhéanamh ar lánacmhainneacht institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna chun ról réamhghníomhach a ghlacadh chun tacú leis an bhfás agus leis an nuálaíocht.

Cuireann an tionscnamh sin ‘éirim Eorpach’ leis an mBarr Feabhais Gairme trí thacaíocht a thabhairt do chur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí an Aontais maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint, beartais agus gníomhaíochtaí a chomhaontaítear le Ballstáit, comhpháirtithe sóisialta agus soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna.

Saintréith de choincheap an Bharr Feabhais Gairme atá molta is ea cur chuige iomlánaíoch dírithe ar an bhfoghlaimeoir ina bhfuil an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint:

  • Ina gcuid chomhtháite d’éiceachórais scileanna4 , ina gcuireann siad leis an bhforbairt réigiúnach5 , nuálaíocht6 , speisialú cliste7 agus straitéisí braislí8 , chomh maith le slabhraí luacha sonracha agus éiceachórais thionsclaíocha9 ;
  • Ina gcuid de thriantáin an eolais10 , ag obair go dlúth le hearnálacha oideachais agus oiliúna eile, le pobal na heolaíochta, agus le gnólachtaí;
  • Ag cur ar chumas foghlaimeoirí inniúlachtaí gairme (post‑sonrach) chomh maith le príomhinniúlachtaí11 a shealbhú trí sholáthar ardcháilíochta a bhfuil dearbhú ardcháilíochta mar bhonn taca faoi;
  • Ag cruthú cineálacha nuálacha comhpháirtíochtaí12 le saol na hoibre, agus a dtacóidh forbairt ghairmiúil leanúnach na mball foirne teagaisc agus oiliúna, oideolaíochtaí nuálacha, agus straitéisí soghluaisteachta foghlaimeoirí agus ball foirne agus idirnáisiúnaithe gairmoideachais agus gairmoiliúna leis.

Cuspóirí na gníomhaíochta

Leis an ngníomhaíocht seo, tacaítear le líonraí idirnáisiúnta comhair d’Ionaid Barr Feabhais Gairme a bhunú agus a fhorbairt de réir a chéile.

Feidhmeoidh Ionaid Barr Feabhais Gairme ar dhá leibhéal:

  1. Ar an leibhéal náisiúnta  agus réimse leathan geallsealbhóirí áitiúla rannpháirteach, ag cruthú éiceachórais scileanna don nuálaíocht áitiúil, don fhorbairt réigiúnach agus don chuimsiú sóisialta, agus ag obair le hionaid barr feabhais gairme i dtíortha eile trí líonraí comhoibríocha idirnáisiúnta.
  2. Ar an leibhéal idirnáisiúnta ag tabhairt Ionaid Barr Feabhais Gairme le chéile, ionaid ag a bhfuil leas coiteann sna nithe a leanas:   
  • earnálacha sonracha13 nó éiceachórais thionsclaíocha14 ,
  • cineálacha cur chuige nuálacha chun dul i ngleic le dúshláin eacnamaíocha agus shochaíocha (mar shampla, an t‑athrú aeráide, digitiú, intleacht shaorga, spriocanna forbartha inbhuanaithe15 , lánpháirtiú imirceach agus grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste, uas‑sciliú daoine a bhfuil leibhéal íseal cáilíochtaí acu, srl.), nó
  • cur chuige nuálach chun for‑rochtain, cáilíocht agus éifeachtacht ionad barr feabhais gairme a mhéadú.

Tabharfaidh na líonraí ionaid barr feabhais gairme atá ann cheana le chéile, nó forbróidh siad samhail an Bharr Feabhais Gairme trí chomhpháirtithe ó thíortha éagsúla a nascadh, comhpháirtithe a bhfuil sé beartaithe acu Barr Feabhais Gairme a fhorbairt ina gcomhthéacsanna áitiúla le comhar idirnáisiúnta. D’fhéadfaidís cur leis an gcéim soláthair den tionscnamh Bauhaus Eorpach Nua16 mar shampla trí obair a dhéanamh i gcomhar leis na pobail atá páirteach sna claochluithe áitiúla a chothaítear leis an tionscnamh.

Ní hé atá beartaithe go dtógfadh Ionaid Barr Feabhais Gairme institiúidí ná bonneagar nua gairmoideachais agus gairmoiliúna as an nua (ach féadfaidh siad déanamh amhlaidh). Féadann siad a bheith ina scoileanna/soláthraithe gairme atá ann cheana a bhfuil sé d’aidhm acu barr feabhais a bhaint amach trí bheith rannpháirteach i dtacar gníomhaíochtaí arna mholadh ag an tionscnamh Eorpach seo. Féadann ionaid barr feabhais gairme a bheith ina n‑ionaid nuabhunaithe a bunaíodh chun tairiscintí agus seirbhísí oiliúna barr feabhais a fhreagraíonn do riachtanais an mhargaidh saothair a chur ar fáil.

Baineann ionaid barr feabhais gairme a gcuspóirí amach trí comhpháirtithe áitiúla/réigiúnacha a thabhairt le chéile agus obair a dhéanamh go dlúth. I measc na gcomhpháirtithe áitiúla/réigiúnacha sin tá soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna tosaigh agus leanúnaí, institiúid ardoideachais amhail ollscoileanna eolaíochtaí feidhmiúla agus polaiteicnicí, institiúidí taighde, páirceanna eolaíochta, gníomhaireachtaí nuálaíochta, cuideachtaí, comhlachais agus na comhlachais a ghabhann leo, comhpháirtithe sóisialta, fiontair shóisialta, comhairlí um scileanna earnála, comhlachais ghairmiúla/earnála, údaráis náisiúnta agus réigiúnacha agus gníomhaireachtaí forbartha, seirbhísí fostaíochta, údaráis cáilíochtaí, eagraíochtaí cuimsithe sóisialta agus ath‑lánpháirtithe, srl.

Leis an nglao seo, tacófar le tionscadail a thugann le chéile comhpháirtithe áitiúla nó réigiúnacha ó thíortha éagsúla a fhorbraíonn tacar gníomhaíochtaí faoi thrí bhraisle; 1) Teagasc agus foghlaim, 2) Comhar agus comhpháirtíochtaí, agus 3) Rialachas agus maoiniú.

Tá Ionaid Barr Feabhais Gairme dírithe ar eagraíochtaí ina soláthraítear gairmoideachas agus gairmoiliúint, ar aon cheann de leibhéil EQF idir 3 agus 8, lena n‑áirítear an leibhéal meánscoile uachtaraí, an leibhéal iar‑mheánscoile neamhthreasach mar aon leis an leibhéal treasach (mar shampla Ollscoileanna eolaíochtaí feidhmeacha, Institiúidí polaiteicnice, srl.).

Mar sin féin, ní féidir ach gníomhaíochtaí ina ndírítear ar fhoghlaimeoirí ar an tríú leibhéal amháin a áireamh in iarratais; ní mór leibhéal cáilíochta gairmoideachais agus gairmoiliúna amháin eile ar a laghad idir leibhéil 3 agus 5 de EQF, chomh maith le comhchuid láidir foghlama obairbhunaithe17 , a áireamh in iarratais atá dírithe ar an ngairmoideachais agus ar an ngairmoiliúint ar an leibhéal iar‑mheánscoile (leibhéil 6 go 8 de EQF).

Critéir incháilitheachta

Chun bheith incháilithe le haghaidh deontas Erasmus+, ní mór do thograí tionscadail le haghaidh Ionaid Barr Feabhais Gairme na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Ní mór d’iarratasóirí (comhordaitheoir agus comhpháirtithe iomlána) a bheith ina:

  • Ina n‑eintitis dhlíthiúla (comhlachtaí poiblí nó príobháideacha) atá gníomhach i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna nó i saol na hoibre;
  • Iarratasóirí bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár (maidir le tíortha a bhfuil caibidlíocht reatha ar bun acu le haghaidh comhaontú comhlachais agus i gcás ina mbeidh feidhm ag an gcomhaontú sula síneofaí an deontas, tá siad incháilithe).

Is féidir le heagraíochtaí ó thíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár a bheith rannpháirteach ach ní féidir leo a bheith ina gcomhordaitheoirí. Ní mór dóibh a bheith ina n‑eagraíochtaí poiblí nó príobháideacha atá gníomhach i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna nó i saol na hoibre.

Eisceacht: níl eagraíochtaí ón mBealarúis (Réigiún 2) ná ó Chónaidhm na Rúise (Réigiún 4) incháilithe chun páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht sin.

Cé na cineálacha eagraíochtaí atá incháilithe le bheith rannpháirteach sa tionscadal seo?

Mar shampla, is féidir le heagraíochtaí rannpháirteacha a bheith ina (liosta neamhchuimsitheach):

  • Soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna
  • Eagraíochtaí ionadaíocha ar sholáthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna
  • Cuideachtaí, eagraíochtaí ionadaíocha tionscail nó earnála
  • Údaráis cáilíochtaí náisiúnta/réigiúnacha
  • Institiúidí taighde
  • Gníomhaireachtaí nuálaíochta
  • Údaráis forbartha réigiúnaí

Líon agus próifíl na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha

Ní mór a chuimsiú leis an gcomhpháirtíocht ocht n‑iarratasóir ar a laghad (comhordaitheoir agus comhpháirtithe iomlána) ó cheithre cinn de Bhallstáit den Aontas nó tíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár ar a laghad.

Ní mór an méid a leanas a bheith i ngach Ballstát den Aontas nó aon tír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár:

a) fiontar nó eagraíocht amháin ar a laghad atá ionadaíoch do thionscal nó d'earnáil, agus

b) soláthraí gairmoideachais agus gairmoiliúna amháin ar a laghad (ar an meánleibhéal agus/nó ar an leibhéal treasach).

Ba cheart cineál sonrach an togra a léiriú leis an gcuid eile de chomhdhéanamh na comhpháirtíochta.

Féadfaidh eagraíochtaí ó thíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár a bheith páirteach mar chomhpháirtithe iomlána, eintitis chleamhnaithe nó comhpháirtithe comhlachaithe (ní mar chomhordaitheoirí), a mhéid a léirítear go gcuireann a gcuid rannpháirtíochta breisluach fíor‑riachtanach leis an tionscadal.

Ionad na ngníomhaíochtaí

Is féidir gníomhaíochtaí a reáchtáil in aon tír incháilithe, i gcás ina bhfuil údar cuí leis i ndáil le cuspóirí nó cur chun feidhme an tionscadail.

Fad an tionscadail

Ba cheart do thionscadail maireachtáil ar feadh 48 mí de ghnáth (is féidir síneadh a chur leo, má tá údar cuí leis agus trí bhíthin leasaithe).

Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?

Faoi bhráid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA).

Uimhir aitheantais an Ghlao: ERASMUS-EDU-2023-PEX-COVE.

Cathain is féidir iarratas a dhéanamh?

Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoin 8 Meitheamh ar 17:00:00 (am na Bruiséile).

Déanfar measúnú ar eagraíochtaí is iarratasóirí de réir na gcritéar eisiaimh agus roghnúcháin ábhartha. Chun breis faisnéise a fháil féach Cuid C den Treoir seo.

Tionscadal a bhunú

Saintréith d’ionaid barr feabhais gairme is ea cur chuige córasach a ghlacadh trína rannchuidíonn institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna go gníomhach le comhchruthú ‘éiceachórais scileanna’, chomh maith le réimse leathan comhpháirtithe áitiúla/réigiúnacha eile. Tá coinne leis go ndéanann ionaid barr feabhais gairme níos mó ná díreach gairmcháilíocht ardchaighdeáin a sholáthar.

Cuirimid i láthair thíos liosta neamhchuimsitheach de ghnáthghníomhaíochtaí a chuireann ionaid barr feabhais gairme ar fáil. Bainfidh tionscadail a gcuspóirí amach trí roinnt de na gníomhaíochtaí sin a fhorbairt (is samplaí iad pointí urchair de ghníomhaíochtaí féideartha faoi gach gníomhaíocht)18 .

Ní mór don tionscadal gníomhaíochtaí ábhartha a roghnú (ag tabhairt sonraí maidir leis na gníomhaíochtaí agus táirgí insoláthartha nithiúla), gníomhaíochtaí a thugtar le fios faoi na trí bhraisle seo a leanas:

  • ar a laghad 4 cinn de na gníomhaíochtaí a liostaítear san Fhoirm Iarratais faoi Bhraisle 1 – Teagasc agus Foghlaim
  • ar a laghad 3 cinn de na gníomhaíochtaí a liostaítear san Fhoirm Iarratais faoi Bhraisle 2 – Comhar agus comhpháirtíocht, agus
  • ar a laghad 2 cheann de na gníomhaíochtaí a liostaítear san Fhoirm Iarratais faoi Bhraisle 3 – Rialachas agus cistiú.

Braisle 1 – Teagasc agus foghlaim

i.   Scileanna atá ábhartha don mhargadh saothair a thabhairt do dhaoine

  • Trí riachtanais scileanna sa todhchaí a thuar ag úsáid modhanna éifeachtach chun riachtanais an mhargaidh saothair a athraíonn go gasta a shainaithint19 , agus soláthar scileanna a mheaitseáil le deiseanna post
  • Trí bheith ag díriú ar scileanna teicniúla agus príomhinniúlachtaí20
  • Trí na scileanna is gá don chlaochlú glas agus don chlaochlú digiteach a chur san áireamh21

ii.   Cur chuige maidir le foghlaim ar feadh an tsaoil atá cuimsitheach sa ghairmoideachas agus gairmoiliúint

  • Trína chinntiú go dtugtar deiseanna foghlama do dhaoine ar gach aois agus de gach cúlra soch‑eacnamaíoch22
  • Trí tairiscintí de cháilíocht tosaigh agus oiliúint leanúnach gairmoideachais agus gairmoiliúna le haghaidh uas‑sciliú agus athsciliú a bhfuil faisnéis scileanna mar bhonn faoi23
  • Ag cur cláir ardleibhéil ghairmoideachais agus ghairmoiliúna ar fáil, ag forbairt conairí solúbtha agus sásraí comhair idir institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna agus institiúidí ardoideachais24

iii.   Curaclaim agus cáilíochtaí gairmoideachais agus gairmoiliúna a fhorbairt, trína gcumasaítear solúbthacht agus indibhidiúlú soláthair

  • Trí phleananna25   nó conairí foghlama aonair a fhorbairt do gach foghlaimeoir26 , daoine fásta san áireamh
  • Soghluaisteacht foghlaimeoirí idirnáisiúnta27 a chomhtháthú sna curaclaim, ag cinntiú bhailíochtú agus aithint na dtorthaí foghlama a éilítear ar an gcoigríoch
  • Cáilíochtaí a dhearadh lena gcomhtháthaítear comhpháirteanna foghlama scoilbhunaithe chomh maith le foghlaim obairbhunaithe28
  • Próifílí Láir Gairme Eorpaigh29 a fhorbairt, a rannchuidíonn le soghluaisteacht foghlaimeoirí agus oibrithe, fad a chinntítear a aithint chomh maith le trédhearcacht, tuiscint agus inaistritheacht torthaí foghlama30
  • Micridhintiúir31  a fhorbairt agus/nó a úsáid chun toradh deiseanna foghlama gearra a chuirtear in oiriúint do shochaí agus margadh saothair a athraíonn go gasta a aithint
  • Úsáid a bhaint as Dintiúir Dhigiteacha Eorpacha le haghaidh Foghlama, rud a chumasaíonn fíordheimhniú, bailíochtú agus aithint dintiúr d’aon mhéid, d’aon chruth nó d’aon fhoirm

iv.   Teagasc nuálach dírithe ar an mac léinn agus ábhair foghlama agus modheolaíochtaí a fhorbairt

  • Foghlaim idirdhisciplíneach, tionscadalbhunaithe, inniúlachtbhunaithe, ‘Monarchana foghlama’, spásanna déantóirí32 agus oideachas dearfach33 san áireamh
  • Úsáid a bhaint as creataí inniúlachtaí34 agus uirlisí díorthacha Eorpacha amhail  DigComp35 , EntreComp36 , FreenComp, LifeComp37 , GreenComp38 , SELFIE WBL39 , Déan do scileanna digiteacha a thástáil40 , agus Deimhniú Eorpach i ndáil le Scileanna Digiteacha41
  • Úsáid a bhaint as trealamh teagaisc nuálach agus teicneolaíochtaí digiteacha amhail MOOCanna, ionsamhlóirí, réaltacht fhíorúil agus réaltacht bhreisithe, intleacht shaorga, don fhoghlaim scoilbhunaithe chomh maith leis an bhfoghlaim obairbhunaithe
  • Barr feabhais foghlaimeoirí42 a chothú le gníomhaíochtaí a spreagann foghlaimeoirí gairmoideachais agus gairmoiliúna iniúchadh a dhéanamh ar a gcumas nuálaíochta agus cruthaitheach43 , as a dtagann sraith mhacánta tairbhí do na foghlaimeoirí, na múinteoirí/na hoiliúnóirí agus an institiúid ghairmoideachais agus ghairmoiliúna a chomhtháthóidh dea‑chleachtais i ngnáthchláir44

v.  Infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt ghairmiúil tosaigh agus leanúnach múinteoirí agus oiliúnóirí45

  • Le haghaidh scileanna oideolaíochta, teicniúla, glasa agus digiteacha, chomh maith leo siúd le haghaidh na foghlama ar líne agus na cianfhoghlama
  • Soghluaisteacht múinteoirí agus oiliúnóirí a leabú i straitéisí foghlama, forbartha agus idirnáisiúnúcháin46
  • Tacaíocht a thabhairt do chur chun feidhme cultúir cáilíochta bunaithe ar chórais bainistíochta shainithe47

vi.   Sásraí dearbhaithe cáilíochta láidre a bhunú

vii.   Lúba aischothaithe éifeachtacha agus córais rianaithe céimithe a bhunú

  • Próisis, sásraí agus ionstraimí le haghaidh aiseolas agus athbhreithniú éifeachtach a chur ar bun mar chuid den phróiseas foghlama straitéisí san eagraíocht ghairmoideachais agus ghairmoiliúna, chun tacú le forbairt soláthair ardcháilíochta agus chun deiseanna d’fhoghlaimeoirí a fheabhsú
  • Cumasú oiriúnú tráthúil an tsoláthair foghlama bunaithe ar chórais rianaithe céimithe éifeachtacha48

viii.   Seirbhísí treoraíochta a chur ar fáil

  • Treoraíocht49 ardcháilíochta a chinntiú do dhaoine óga agus do dhaoine fásta chun tacú lena roghanna gairme agus oideachais agus oiliúna, chomh maith lena rannpháirtíocht san fhoghlaim ar feadh an tsaoil
  • Tacaíocht shaincheaptha a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil leochaileachtaí acu
  • Cur ar chumas daoine fásta úsáid a bhaint as na teidlíochtaí atá acu ar oiliúint

ix.   Bailíochtú maidir le réamhfhoghlaim a chur ar fáil

  • Bailíochtú scileanna a chur ar fáil, beag beann ar an dóigh a sealbhaítear iad, lena gcuimsítear bealaí lasmuigh den oideachas foirmiúil agus den oiliúint fhoirmiúil: ag an obair, sa bhaile nó i ngníomhaíochtaí deonacha50 , mar bhonn le haghaidh soláthar oiliúna pearsantaithe

Braisle 2 – Comhar agus comhpháirtíochtaí

x.   Comhpháirtíochtaí gnó agus oideachais a bhunú

  • Caidrimh chomhthairbheacha a chothú le hearnáil an ghnó trí chomhpháirtíochtaí fadtéarmacha idir an gnó agus an t‑oideachas a chruthú, nuálaíocht agus scileanna san áireamh
  • Obair a dhéanamh le chéile chun athbhreithniú agus nuashonrú a dhéanamh ar churaclaim go leanúnach chun a chinntiú go mbíonn siad ábhartha do riachtanais an fhoghlaimeora agus an mhargaidh saothair, go háirithe i gcás na foghlama obairbhunaithe agus printísigh
  • Tacaíocht a thabhairt do chuideachtaí agus FBManna go háirithe le hoiliúint shaincheaptha le haghaidh uas‑sciliú agus athsciliú
  • Comhar le Seirbhísí Fostaíochta poiblí agus an tsochaí shibhialta chun iad siúd atá dífhostaithe nó éighníomhach a uas‑sciliú agus a athsciliú
  • Tacaíocht a thabhairt do chomhar earnáilbhunaithe agus réigiúnach, an Comhshocrú um Scileanna51 san áireamh, agus tacú lena chur chun feidhme
  • Tacaíocht theicniúil, measúnú ar riachtanas scileanna, uirlisí agus modheolaíochtaí a thabhairt do FBManna
  • Deiseanna foghlama obairbhunaithe, printíseachtaí, agus intéirneachtaí a eagrú d’fhoghlaimeoirí, trealamh a chomhroinnt, chomh maith le malartuithe múinteoirí agus oiliúnóirí idir cuideachtaí agus ionaid ghairmoideachais agus ghairmoiliúna52

xi.   Taighde feidhmeach agus nuálaíocht

  • Obair a dhéanamh in éineacht le cuideachtaí, FBManna go háirithe, maidir le tionscadail taighde fheidhmigh53 ina mbíonn foghlaimeoirí agus baill foirne ghairmoideachais agus ghairmoiliúna páirteach
  • Úsáid a bhaint as moil nuálaíochta agus ionaid scaipthe teicneolaíochta54 nó iad a chomhchruthú chun tacú le próiseas nuálaíochta FBManna le rannpháirtíocht foghlaimeoirí agus ball foirne gairmoideachais agus gairmoiliúna
  • Rannchuidiú le cruthú agus scaipeadh eolais nua55

xii.   Idirnáisiúnú gairmoideachais agus gairmoiliúna agus soghluaisteacht ar an gcoigríoch

  • Pleanáil straitéiseach a fhorbairt do ghníomhaíochtaí idirnáisiúnta, nasctha go dlúth le forbairt na hinstitiúide gairmoideachais agus gairmoiliúna, agus cáilíocht na gcleachtas teagaisc agus foghlama 56
  • Struchtúir agus bearta tacaíochta a chruthú chun cáilíocht eispéireas soghluaisteachta gairmoideachais agus gairmoiliúna a chothú agus a chinntiú (soghluaisteacht fhíorúil san áireamh) i measc na gcomhpháirtithe sa líonra ionad barr feabhais gairme i gcomhréir le Caighdeáin Cháilíochta Erasmus57
  • Tionscnaimh a sheoladh chun foghlaimeoirí, múinteoirí agus oiliúnóirí (oiliúnóirí ionchuideachta san áireamh), chomh maith le saineolaithe, a ghríosadh chun leas a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil sa chlár Erasmus+ (Ka1) chun páirt a ghlacadh sa tsoghluaisteacht ar an gcoigríoch

xiii.   Scileanna agus tionscnaimh fiontraíochta a chothú

  • Cultúr fiontraíochta a fhorbairt laistigh d’eagraíochtaí gairmoideachais agus gairmoiliúna58 , ag cuimsiú ceannairí, baill foirne, múinteoirí agus oiliúnóirí chomh maith le foghlaimeoirí59
  • Obair a dhéanamh le comhpháirtithe áitiúla chun scileanna agus meonta fiontraíochta foghlaimeoirí a fhorbairt a fhreagraíonn d’fhíordhúshláin
  • Gorlanna gnó áitiúil a chur ar fáil nó nasc a dhéanamh leo d’fhoghlaimeoirí gairmoideachais agus gairmoiliúna chun a dtionscnaimh fiontraíochta60 a fhorbairt

xiv.   Tarraingteacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a mhéadú

  • Trí fheachtais agus gníomhaíochtaí61 cumarsáide a sheoladh, agus trí bheith rannpháirteach go gníomhaíoch iontu, cinn atá dírithe ar tharraingteacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a mhéadú
  • Eolas a chur ar fáil maidir le deiseanna post trí ghairmoideachas agus gairmoiliúint agus daoine óga agus daoine fásta (foghlaimeoirí i mbunscoileanna agus meánscoileanna san áireamh) a mhealladh chuig conairí foghlama gairmoideachais agus gairmoiliúna
  • Campas nó campaí samhraidh gairmoideachais agus gairmoiliúna idirnáisiúnta62 a chur ar bun, cinn atá dírithe ar fhoghlaimeoirí, múinteoirí agus oiliúnóirí, ceannairí in institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna, ceardchumainn, chomh maith le daoine atá ag smaoineamh faoina roghanna staidéir gairme sa todhchaí. D’fhéadfaidís díriú ar réimsí, táirgí nó seirbhísí ceirde sonracha, chomh maith le dúshláin chasta a mbaineann tábhacht shochaíoch agus eacnamaíoch leo

xv.   Comórtais scileanna

  • Rannpháirtíocht foghlaimeoirí i gcomórtais scileanna earnála, náisiúnta agus idirnáisiúnta a chothú, ar comórtais iad atá dírithe ar tharraingteacht agus barr feabhais sa ghairmoideachas agus gairmoiliúint a mhéadú (mar shampla, comórtais World Skills agus/nó EuroSkills).

Braisle 3 – Rialachas agus maoiniú

xvi.   Neamhspleáchas agus rialachas éifeachtach gairmoideachais agus gairmoiliúna

  • Forbairt a dhéanamh ar chumas soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna le cinntí a dhéanamh, go neamhspleách agus go freagrach, maidir le hábhair oideachasúla, eagraíochtúla, airgeadais, ábhair a bhaineann leis an bhfoireann nó ábhair eile, chun gníomhaíocht a dhéantar faoin raon feidhme a shainítear i rialacha agus rialacháin náisiúnta a bhaint amach63
  • Páirt a thabhairt do gheallsealbhóirí ábhartha, go háirithe cuideachtaí, comhlachais, comhlachais ghairmiúla agus earnála, ceardchumainn, údaráis náisiúnta agus réigiúnacha agus comhpháirtithe sóisialta, ionadaithe foghlaimeoirí san áireamh, i rialú na gcóras gairmoideachais agus gairmoiliúna

xvii.   Cur chuige straitéiseach maidir le forbairt scileanna agus rialachas

  • Páirt ghníomhach a ghlacadh sna córais rialachais scileanna náisiúnta agus réigiúnacha
  • Rannchuidiú ó pheirspictíocht scileanna maidir le déanamh beartas fostaíochta agus sóisialta ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus ar leibhéal na hEorpa

xviii.   Éiceachórais scileanna a chomhchruthú

  • Comhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha ábhartha a spreagadh chomh maith le hinstitiúidí oideachais agus oiliúna chun páirt a ghlacadh in éiceachórais scileanna áitiúla, nó iad a chruthú, éiceachórais atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt don nuálaíocht, straitéisí speisialaithe chliste, braislí agus earnálacha agus slabhraí luacha (éiceachórais thionsclaíocha)
  • Éiceachórais scileanna áitiúla a chumasú ionas gur féidir leo cuidiú le mealladh na hinfheistíochta eachtraí64 , trí sholáthar pras scileanna do chuideachtaí a dhéanann infheistíochtaí go háitiúil a chinntiú

xiv.   Samhlacha airgeadais inbhuanaithe a fhorbairt

  • Maoiniú poiblí agus príobháideach a chur le chéile65 , chomh maith le gníomhaíochtaí giniúna ioncaim, agus leas iomlán a bhaint as scéimeanna maoinithe bunaithe ar fheidhmíocht (más ábhartha)

xx.   Úsáid iomlán a bhaint as ionstraimí airgeadais náisiúnta agus ionstraimí airgeadais an Aontais

  • Féadfar a áireamh orthu seo tacaíocht do ghníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna, soghluaisteacht foghlaimeoirí agus ball foirne, gníomhaíochtaí taighde fheidhmigh, infheistíochtaí ar bhonneagar chun ionaid ghairmoideachais agus ghairmoiliúna a nuachóiriú le trealamh nua, cur chun feidhme córas bainistíochta chun barr feabhais agus inbhuanaitheacht eagraíochtaí gairmoideachais agus gairmoiliúna a dhearbhú, chomh maith leis na seirbhísí a chuireann siad ar fáil

Ní mór don tionscadal rogha gach ceann de na gníomhaíochtaí atá roghnaithe a shainaithint agus a mhíniú go soiléir agus tuairisc a thabhairt ar an mbealach a gcuirfidh an obair atá le déanamh trí na gníomhaíochtaí sin leis na pacáistí oibre ábhartha, agus le cuspóirí foriomlána an tionscadail.

Éilítear ar thionscadail ionstraimí agus uirlisí ar fud an Aontais66   a chur i bhfeidhm aon uair is ábhartha.

Ní mór do thionscadail dearadh plean gníomhaíochta fhadtéarmaigh a áireamh le haghaidh rolladh amach céimneach tháirgí insoláthartha an tionscadail nuair a bheidh deireadh tagtha leis an tionscadal. Beidh an plean sin bunaithe ar chomhpháirtíochtaí leanúnacha idir soláthraithe oideachais agus oiliúna agus príomh‑gheallsealbhóirí tionscail ar an leibhéal iomchuí. Ba cheart a áireamh ann sainaithint struchtúr rialachais iomchuí, mar aon le pleananna le haghaidh inscálaitheachta agus inbhuanaitheacht airgeadais.

Ba cheart dó infheictheacht iomchuí agus scaipeadh forleathan obair líonraí na n‑ionad barr feabhais gairme a áirithiú freisin, lena n‑áirítear ar leibhéal polaitiúil an Aontais agus ar an leibhéal polaitiúil náisiúnta, agus ba cheart sonraí a áireamh ann ar conas a dhéanfar an rolladh amach a chur chun feidhme ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta agus/nó réigiúnach le comhpháirtithe ábhartha. Léireofar leis an bplean gníomhaíochta freisin conas a fhéadfaidh deiseanna maoinithe eile ón Aontas, agus maoiniú náisiúnta agus réigiúnach, mar aon le maoiniú príobháideach, tacú le feidhmiú an tionscadail.

Tionchar measta

Tá coinne leis go gcuirfidh bunú agus forbairt líonraí Eorpacha d’Ionaid Barr Feabhais Gairme de réir a chéile le freagairt an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna maidir le hoiriúint an tsoláthair scileanna do na riachtanais eacnamaíocha agus shóisialta a mhéadú, lena gcinnteofar go bhfuil an gairmoideachais agus an ghairmoiliúint chun tosaigh maidir le réitigh a sholáthar ar na dúshláin a bhaineann le hathruithe tapa ar riachtanais scileanna.

Ach a bheith ina gcuid fhíor‑riachtanach de ‘thriantán an eolais’ – an dlúthchomhar idir gnólachtaí, oideachas agus taighde – agus ról bunúsach a ghlacadh maidir le scileanna a sholáthar chun tacú leis an nuálaíocht agus leis an speisialú cliste, meastar go n‑áiritheofar leis na hIonaid Barr Feabhais Gairme scileanna agus inniúlachtaí ardchaighdeáin a mbeidh mar thoradh orthu fostaíocht ar ardchaighdeán agus deiseanna ar feadh na gairme a chomhlíonann riachtanais geilleagair nuálaigh, uileghabhálaigh agus inbhuanaithe.

Ach a bheith fréamhaithe go daingean laistigh de chomhthéacsanna réigiúnacha/áitiúla agus feidhmiú ar an leibhéal trasnáisiúnta an tráth céanna, cruthóidh na hIonaid Barr Feabhais Gairme comhpháirtíochtaí láidre marthanacha idir an pobal gairmoideachais agus gairmoiliúna agus saol na hoibre ar an leibhéal náisiúnta agus thar theorainneacha. Rannchuideoidh sé freisin le hidirnáisiúnú an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, ag tabhairt comhpháirtithe ó gach cearn den domhan le chéile. Díreoidh siad ar ‘cóineasú aníos’ an bharr feabhais i gcás gairmoideachais agus gairmoiliúna, rud a bheadh deacair a bhunú in éagmais dreasachtaí, tacaíocht theicniúil, agus deiseanna foghlama frithpháirtí ón Aontas.

Trí scaipeadh forleathan na dtorthaí tionscadail ar an leibhéal trasnáisiúnta, náisiúnta agus/nó réigiúnach agus forbairt plean gníomhaíochta fhadtéarmaigh le haghaidh rolladh amach céimneach na dtáirgí insoláthartha den tionscadal, agus straitéisí náisiúnta agus réigiúnacha um fhorbairt agus speisialtóireacht chliste á gcur san áireamh, tá coinne leis go mbunóidh na tionscadail aonair caidreamh le geallsealbhóirí ábhartha laistigh d’eagraíochtaí rannpháirteacha agus lasmuigh díobh agus go n‑áiritheoidh siad tionchar marthanach tar éis shaolré an tionscadail.

Critéir dhámhachtana

Tá feidhm ag na critéir dhámhachtana seo a leanas:

Ábharthacht an tionscadail (scór uasta 35 pointe)

  • Nasc le beartas: bunaítear agus forbraítear leis an togra líonra comhair trasnáisiúnta d’Ionaid Barr Feabhais Gairme, arb é is aidhm dó barr feabhais gairmoideachais agus gairmoiliúna a chothú; leis sin mínítear conas a rannchuideoidh sé le baint amach spriocanna na dtosaíochtaí beartais a chumhdaítear leis an Moladh ón gComhairle maidir leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint le haghaidh iomaíochas inbhuanaithe, cothroime shóisialta agus athléimneacht67 , chomh maith le Osnabrück Dearbhú68 ;
  • Comhsheasmhacht: a mhéid atá an togra based ar anailís riachtanas leordhóthanach; sainítear na spriocanna go soiléir, tá siad réalaíoch, agus tugtar aghaidh leo ar shaincheisteanna atá ábhartha maidir leis na heagraíochtaí rannpháirteacha agus leis an ngníomhaíocht;
  • Gníomhaíochtaí: Maidir leis na gníomhaíochtaí a roghnaítear ó na trí bhraisle, sainaithnítear go soiléir iad, tuairiscítear go soiléir iad agus tá siad nasctha go soiléir le cuspóirí foriomlána an tionscadail;
  • Nuálaíocht: cuirtear modhanna agus teicnící úrscothacha san áireamh sa togra, agus tá mar thoradh air torthaí agus réitigh nuálacha le haghaidh a réimse go ginearálta, nó le haghaidh an chomhthéacs gheografaigh ina gcuirtear an tionscadal chun feidhme (mar shampla inneachar; na haschuir a táirgeadh, na modhanna oibre a cuireadh i bhfeidhm, na heagraíochtaí nó na daoine lena mbaineann nó atá spriocdhírithe);
  • An éirim réigiúnach: léirítear leis an togra a rannchuidiú leis an bhforbairt réigiúnach, nuálaíocht agus straitéisí speisialaithe chliste, bunaithe ar shainaithint riachtanas agus dúshlán áitiúil/réigiúnach i ngach ceann de na tíortha rannpháirteacha;
  • Comhar agus comhpháirtíochtaí: a mhéid a shainaithníonn an togra go leordhóthanach na comhpháirtithe is ábhartha, agus a thugann sé páirt dóibh, comhpháirtithe is gá chun cuspóirí an tionscadail a bhaint amach agus a mhéid a mhíníonn sé conas a bhunóidh sé caidrimh láidre mharthanacha ar an leibhéal áitiúil agus trasnáisiúnta araon, idir an pobal gairmoideachais agus gairmoiliúna agus gnólachtaí (ar féidir le comhlachais nó cumainn ionadaíocht a dhéanamh orthu), inar idirghníomhaíochtaí cómhalartacha iad na hidirghníomhaíochtaí agus iad tairbhiúil go frithpháirteach;
  • Breisluach Eorpach: léirítear go soiléir leis an togra an breisluach ar leibhéal an duine aonair (foghlaimeoir agus/nó ball foirne), ar an leibhéal institiúideach agus sistéamach, a ghintear trí thorthaí a mbeadh sé deacair ar na comhpháirtithe iad a bhaint amach agus iad ag gníomhú gan comhar Eorpach;
  • Idirnáisiúnú: léirítear leis an togra a rannchuidiú le héirim idirnáisiúnta bharr feabhais an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, forbairt straitéisí chun soghluaisteacht thrasnáisiúnta gairmoideachais agus gairmoiliúna foghlaimeoirí agus ball foirne a chothú san áireamh, chomh maith le comhpháirtíochtaí inbhuanaithe;
  • Scileanna digiteacha: a mhéid a dhéantar foráil leis togra maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le forbairt scileanna digiteacha (mar shampla oirchill scileanna, curaclaim nuálacha agus modheolaíochtaí teagaisc, treoraíocht, srl.) a bhaineann le forbairt scileanna digiteacha;
  • Scileanna glasa: a mhéid a dhéantar foráil leis an togra maidir le gníomhaíochtaí (mar shampla oirchill scileanna, curaclaim nuálacha agus modheolaíochtaí teagaisc, treoraíocht, srl.) atá nasctha leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach agus glas;
  • An éirim shóisialta: áirítear sa togra gné chothrománach ar fud na ngníomhaíochtaí éagsúla chun aghaidh a thabhairt ar an éagsúlacht agus chun go gcuirfear chun cinn luachanna comhroinnte, an comhionannas, lena n‑áirítear an comhionannas inscne, agus an neamh‑idirdhealú agus cuimsiú sóisialta, lena n‑áirítear le haghaidh daoine ag a bhfuil riachtanais speisialta/níos lú deiseanna.

Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail (scór uasta 25 phointe)

  • Comhleanúnachas: áirithítear leis an dearadh foriomlán tionscadail comhsheasmhacht idir cuspóirí an tionscadail, gníomhaíochtaí agus an buiséad atá beartaithe. Cuirtear i láthair sa togra tacar comhleanúnach cuimsitheach gníomhaíochtaí agus seirbhísí iomchuí chun freastal ar na riachtanais shainaitheanta agus chun na torthaí a bhfuil coinne leo a bhaint amach. Is ann do chéimeanna iomchuí d’ullmhú, cur chun feidhme, monatóireacht, saothrú, meastóireacht agus scaipeadh;
  • Gníomhaíochtaí: Tuairiscítear go soiléir an obair atá le déanamh faoi gach ceann de na gníomhaíochtaí roghnaithe ó na trí bhraisle i dtéarmaí a dtorthaí/dtáirgí insoláthartha measta, a rannchuidiú coincréiteach i ndáil le pacáistí oibre ábhartha, agus a gcomhlíontacht maidir le cuspóirí foriomlána an tionscadail;
  • Modheolaíocht: cáilíocht agus indéantacht na modheolaíochta atá beartaithe agus a iomchuí atá sé chun na torthaí a bhfuil coinne leo a bhaint amach;
  • Bainistíocht: léiríonn an comhordaitheoir bainistíocht ardcháilíochta, an cumas chun líonraí trasnáisiúnta a chomhordú agus ceannaireacht i dtimpeallacht chasta, agus bunaíonn an comhordaitheoir socruithe láidre bainistíochta. Sainítear amlínte, eagrú, cúraimí agus freagrachtaí go soiléir agus tá siad réalaíoch. Leis an togra leithdháiltear acmhainní iomchuí ar gach gníomhaíocht. Sainmhínítear tacar soiléir príomhtháscairí feidhmíochta, agus amlíne chun iad a mheasúnú agus a bhaint amach;
  • Buiséad: déantar foráil sa bhuiséad maidir le hacmhainní iomchuí a bhfuil gá leo chun go n‑éireodh leis an tionscadal, ní dhéantar rómheastachán ar an mbuiséad ná ní mheastar faoina luach é;
  • Plean oibre: cáilíocht and éifeachtacht an phlean oibre, lena n‑áirítear a mhéid atá na hacmhainní atá sannta do phacáistí oibre i gcomhréir lena gcuspóirí agus lena dtáirgí insoláthartha;
  • Rialú airgeadais agus cáilíochta: le bearta rialaithe (meastóireacht leanúnach ar cháilíocht, piarmheasúnuithe, gníomhaíochtaí tagarmharcála, srl.) agus táscairí cáilíochta áirithítear go gcuirtear an tionscadal chun cinn ar bhealach ardcháilíochta agus costéifeachtúil. Sainaithnítear dúshláin/rioscaí an tionscadail go soiléir agus téitear i ngleic le bearta maolaithe go hiomchuí. Beartaítear próisis athbhreithnithe shaineolaigh mar chuid lárnach den tionscadal. Leis na próisis sin áirítear measúnú seachtrach neamhspleách i lár téarma agus deireadh an tionscadail;
  • Má áirítear gníomhaíochtaí soghluaisteachta (le haghaidh foghlaimeoirí agus/nó baill foirne) leis an tionscadal: 
    • Cáilíocht na socruithe praiticiúla, an bhainistithe agus na módúlachtaí tacaíochta;
    • A mhéid atá na gníomhaíochtaí sin iomchuí do chuspóirí an tionscadail agus a mhéid a bheidh an líon iomchuí rannpháirtithe páirteach iontu;
    • Cáilíocht na socruithe chun torthaí foghlama na rannpháirtithe a aithint agus a bhailíochtú, i gcomhréir le huirlisí agus prionsabail trédhearcachta agus aitheantais Eorpacha.

Cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair (scór uasta 20 pointe)

  • Cumraíocht: mar chuid den togra tá meascán iomchuí d’eagraíochtaí rannpháirteacha comhlántacha ag a bhfuil an phróifíl, na hinniúlachtaí, an taithí agus an saineolas is gá chun gach gné den tionscadal a chur i gcrích go rathúil. Ní mór ról gach comhpháirtí a shainaithint go soiléir agus a bhreisluach a mhíniú;
  • Cóineasú aníos: a mhéid a thugtar le chéile leis an gcomhpháirtíocht eagraíochtaí atá gníomhach i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, nó i saol na hoibre, atá ag céimeanna éagsúla d’fhorbairt cineálacha cur chuige maidir le barr feabhais gairme, agus lena gcumasaítear malartú rianúil agus éifeachtach saineolais agus eolais i measc na gcomhpháirtithe sin;
  • Éirim gheografach: a mhéid a áirítear leis an gcomhpháirtíocht comhpháirtithe ábhartha ó réigiúin gheografacha éagsúla, chomh maith lena mhéid a spreag an t‑iarratasóir comhdhéanamh geografach na comhpháirtíochta agus a léirigh sé a ábharthacht maidir le baint amach chuspóirí na nIonad Barr Feabhais Gairme; chomh maith lena mhéid a áirítear leis an gcomhpháirtíocht réimse leathan iomchuí de gach gníomhaí ábhartha ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach;
  • Rannpháirtíocht tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár: más infheidhme, mínigh go soiléir conas a thugann rannpháirtíocht eagraíochtaí rannpháirteacha ó thíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár breisluach fíor‑riachtanach don tionscadal;
  • Comhar: beartaítear sásra éifeachtach chun comhordú, cinnteoireacht agus cumarsáid mhaith a áirithiú idir na heagraíochtaí rannpháirteacha, na rannpháirtithe agus aon gheallsealbhóir ábhartha eile.

Tionchar (scór uasta 20 pointe)

  • Saothrú: léirítear leis an togra conas a úsáidfidh na comhpháirtithe agus geallsealbhóirí eile torthaí an tionscadail seo. Foráiltear ann modhanna chun an saothrú a thomhas laistigh de shaolré an tionscadail agus ina dhiaidh sin;
  • Scaipeadh: leis an togra soláthraítear plean soiléir maidir le scaipeadh na dtorthaí, agus áirítear spriocanna, gníomhaíochtaí iomchuí, uainiú, uirlisí agus bealaí ábhartha lena áirithiú go ndéanfar na torthaí agus na tairbhí a scaipeadh go héifeachtach ar gheallsealbhóirí, lucht ceaptha beartas, gairmithe treoraíochta, fiontair, foghlaimeoirí óga, srl. laistigh de shaolré an tionscadail agus ina dhiaidh sin; léirítear freisin leis an togra na comhpháirtithe a bheidh freagrach as an scaipeadh;
  • Tionchar: léirítear leis an togra tionchar féideartha an tionscadail:  
    • Ar rannpháirtithe agus eagraíochtaí rannpháirteacha le linn shaolré an tionscadail agus ina dhiaidh sin;
    • Lasmuigh de na heagraíochtaí agus daoine aonair atá go díreach rannpháirteach sa tionscadal, chomh maith leis an bhféidearthacht maidir le cuíchóiriú go forbairt scileanna gairmoideachais agus gairmoiliúna réigiúnach, náisiúnta agus/nó Eorpach.
  • Áirítear sa togra seo bearta chomh maith le spriocanna agus táscairí atá sainithe go soiléir chun monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn agus measúnú a dhéanamh ar an tionchar measta (sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma);
  • Inbhuanaitheacht: mínítear sa togra conas a rollfar amach an tIonad Barr Feabhais Gairme agus a dhéanfar forbairt bhreise air. Áirítear sa togra dearadh plean gníomhaíochta fhadtéarmaigh le haghaidh rolladh amach céimneach tháirgí insoláthartha an tionscadail nuair a bheidh deireadh tagtha leis an tionscadal. Beidh an plean sin bunaithe ar chomhpháirtíochtaí leanúnacha idir soláthraithe oideachais agus oiliúna agus príomh‑gheallsealbhóirí tionscail ar an leibhéal iomchuí. Ba cheart a áireamh ann sainaithint struchtúr rialachais iomchuí, mar aon le pleananna le haghaidh inscálaitheachta agus inbhuanaitheacht airgeadais, lena n‑áirítear sainaithint acmhainní airgeadais (Eorpacha, náisiúnta agus príobháideacha) lena áirithiú go mbeidh na torthaí agus na tairbhí a bhainfear amach inbhuanaitheacht san fhadtéarma.

Le bheith incháilithe ar chistiú, ní mór d’iarratais 70 pointe ar a laghad a ghnóthú (as 100 pointe ar an iomlán), agus an scór pas riachtanach le haghaidh gach ceann de na ceithre chritéar dámhachtana á chur san áireamh freisin: ar a laghad 18 bpointe le haghaidh na catagóire ‘ábharthacht an tionscadail’; ar a laghad 13 phointe le haghaidh ‘cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail’ agus 11 phointe le haghaidh na gcatagóirí ‘cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair’ agus ‘tionchar’. I gcásanna ex aequo, tabharfar tosaíocht do na scóir is airde le haghaidh ‘ábharthacht an tionscadail’ agus ansin ‘tionchar’.

Mar riail ghinearálta, agus laistigh de theorainneacha na gcreataí dlíthiúla náisiúnta agus Eorpacha atá ann cheana, ba cheart na torthaí a chur ar fáil mar acmhainní oscailte oideachais (OER) agus, chomh maith leis sin, ar ardáin údarás ábhartha, gairmiúil, earnála nó inniúil. Tabharfar tuairisc sa togra ar an gcaoi a ndéanfar na sonraí, na hábhair, na doiciméid agus na gníomhaíochtaí closamhairc agus meán sóisialta a tháirgfear a chur ar fáil gan srian agus a chur chun cinn trí cheadúnais oscailte, agus ní bheidh teorainneacha díréireacha ann.

An Séala Barr Feabhais

Maidir leis na tograí tionscadail, a ndearnadh meastóireacht orthu agus a bhí os cionn na dtairseach cáilíochta, le scór iomlán a bhí cothrom le 75 % nó níos mó ná sin, tograí nach féidir a mhaoiniú faoi Erasmus+ de bharr easpa buiséid faoin nglao seo ar thograí, féadfar deimhniú ar Shéala Barr Feabhais a bhronnadh air chun dearbhú a thabhairt maidir le cáilíocht an togra agus chun maoiniú eile ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach a éascú.

Is deimhniú lipéid cáilíochta é an Séala Barr Feabhais a bhronntar ar thograí tionscadail ardcháilíochta nach féidir a mhaoiniú faoi Erasmus+ toisc nach bhfuil cistí leordhóthanacha ann69 . Aithnítear leis an lipéad cáilíocht an togra agus éascaítear an cuardach le haghaidh maoiniú eile leis. Féadfaidh comhlachtaí maoinithe ar leibhéal náisiúnta nó réigiúnach cinneadh a dhéanamh togra an tionscadal is sealbhóir Séala a mhaoiniú go díreach ar bhonn an phróisis meastóireachta ardcháilíochta arna dhéanamh ag saineolaithe neamhspleácha an Choimisiúin, gan próiseas meastóireachta iomlán nua a dhéanamh. Féadfar a éascú le bronnadh an tSéala Barr Feabhais maoiniú eile ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) nó ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (ESF+), i gcomhréir le hAirteagal 73(4) de Rialachán na bhForálacha Coitianta (RFC)70 .

Ba cheart iarratasóirí a chur ar an eolas nach dtugtar ráthaíocht maidir le maoiniú uathoibríoch eile le bronnadh deimhniú Séala Barr Feabhais, toisc go bhfuil an cinneadh maidir le maoiniú féideartha tograí tionscadail is sealbhóir Séala go hiomlán faoi lánrogha Údaráis Bainistíochta na gCistí Beartais Comhtháthaithe, faoi CFRE nó CSE+, nó comhlachtaí maoiniúcháin eile ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach.  

Má thugann an t‑iarratasóir réamh‑údarú san fhoirm iarratais, féadfar sonraí an togra tionscadail is sealbhóir Séala a roinnt le hÚdaráis Bainistíochta na gCistí Beartais Comhtháthaithe ar leibhéal náisiúnta nó réigiúnach trí na Gníomhaireachtaí Náisiúnta, agus rialacha lena rialaítear rúndacht an togra agus cosaint sonraí pearsanta á gcomhlíonadh ina n‑iomláine.

Cad iad na rialacha cistiúcháin atá ann?

Leanann an ghníomhaíocht seo samhail cistiúcháin cnapshuime. Cinnfear méid na ranníocaíochta cnapshuime aonair le haghaidh gach deontais bunaithe ar bhuiséad measta na gníomhaíochta atá beartaithe ag na hiarratasóirí. Socróidh an t‑údarás deonúcháin cnapshuim gach deontais bunaithe ar an togra, ar an toradh meastóireachta, ar na rátaí cistiúcháin agus ar uasmhéid an deontais atá socraithe sa ghlao.

Is é EUR 4 mhilliún an deontas uasta ón Aontas in aghaidh an tionscadail

Conas a chinntear cnapshuim an tionscadail?

Ní mór d’iarratasóirí tábla buiséid mionsonraithe a líonadh isteach de réir na foirme iarratais, agus na pointí seo a leanas á gcur san áireamh:

  1. Ba cheart an buiséad a bheith mionsonraithe mar is gá ag an tairbhí/na tairbhithe agus eagraithe i bpacáistí oibre comhleanúnacha (mar shampla roinnte i ‘bainistíocht tionscadail’, ‘oiliúint’, ‘eagrú imeachtaí’, ‘ullmhú agus cur chun feidhme na soghluaisteachta’, ‘cumarsáid agus scaipeadh’, ‘dearbhú cáilíochta’, srl.);
  2. Leis an togra ní mór tuairisc a thabhairt ar na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le gach pacáiste oibre;
  3. Ní mór d’iarratasóirí miondealú ar an gcnapshuim a sholáthar ina dtogra lena léirítear an scair in aghaidh an phacáiste oibre (agus, laistigh de gach pacáiste oibre, an scair atá sannta do gach tairbhí agus eintiteas cleamhnaithe);
  4. Sna costais ar a dtugtar tuairisc is féidir costais ball foirne, costais taistil agus chothaithe, costais trealaimh agus fochonraitheoireachta mar aon le costais eile (amhail scaipeadh faisnéise, foilsiú, aistriú) a chumhdach.

Déanfar meastóireacht ar thograí de réir na nósanna imeachta meastóireachta caighdeánacha le cuidiú ó shaineolaithe inmheánacha agus/nó seachtracha. Déanfaidh na saineolaithe measúnú ar cháilíocht na dtograí de réir na gceanglas a shainítear sa ghlao agus thionchar, cháilíocht agus éifeachtúlacht mheasta na gníomhaíochta.

I ndiaidh na meastóireachta ar an togra, cinnfidh an t‑oifigeach údarúcháin méid na cnapshuime, agus torthaí an mheasúnúcháin a rinneadh á gcur san áireamh. Beidh an chnapshuim teoranta do 80 % ar a mhéad den bhuiséad measta a chinntear tar éis na meastóireachta.

Socrófar paraiméadair an deontais (uasmhéid deontais, ráta cistiúcháin, costais incháilithe iomlána, srl.) sa chomhaontú deontais. Ní cheadaítear tacaíocht airgeadais do thríú páirtithe. Ceadaítear costais oibrithe deonacha agus FBManna. Féach Cuid C den Treoir Cláir seo, an roinn ‘Costais dhíreacha incháilithe’.

Déanfar meastóireacht ar éachtaí an tionscadail de réir na dtorthaí a chuirtear i gcrích. Leis an scéim cistiúcháin sin, féadfar díriú ar na haschuir seachas ar na hionchuir, rud a chuirfeadh béim ar cháilíocht agus leibhéal gnóthachtála cuspóirí intomhaiste.

Ní mór a áireamh sa togra costais do chruinniú bliantúil amháin ar a laghad (ionadaí amháin nó gach comhpháirtí iomlán den tionscadal) arna eagrú nó arna thionscnamh ag an gCoimisiún Eorpach/nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr chun dea‑chleachtais agus foghlaim fhrithpháirteach a mhalartú idir Ionaid Barr Feabhais Gairme.

Tugtar tuairisc ar níos mó mionsonraí i samhail an chomhaontaithe deontais atá le fáil ar an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana (TDCT).

Tagged in:  Vocational education and training