Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Comhaontais ar son na nuálaíochta

Is é is aidhm do Chomhaontais ar son na Nuálaíochta inniúlacht nuálaíochta na hEorpa a neartú trí bhorradh a chur faoin nuálaíocht tríd an gcomhar agus tríd an sreabhadh eolais i measc an ardoideachais, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna (tosaigh agus leanúnaí ar aon), agus na timpeallachta socheacnamaíche níos forleithne, lena n‑áirítear taighde.

Is é is aidhm dóibh freisin borradh a chur faoi sholáthar scileanna nua agus aghaidh a thabhairt ar mhímheaitseálacha scileanna trí churaclaim nua a dhearadh agus a chruthú le haghaidh an ardoideachais agus an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, tacú le forbairt acmhainne tionscnaíochta agus meonta fiontraíochta san Aontas.

Cuspóirí na gníomhaíochta

Leis na comhpháirtíochtaí seo, cuirfear chun feidhme tacar comhleanúnach cuimsitheach gníomhaíochtaí earnála nó trasearnála, agus ba cheart do na gníomhaíochtaí sin a bheith inoiriúnaithe d’fhorbairtí eolais amach anseo ar fud an Aontais Eorpaigh.

Chun borradh a chur faoin nuálaíocht, díreofar ar fhorbairt tallainne agus scileanna. Ar an gcéad dul síos, tá méadú ag teacht ar an tábhacht a bhaineann le hinniúlachtaí digiteacha i ngach próifíl phoist ar fud mhargadh an tsaothair ina iomláine. Ar an dara dul síos, ní mór tacú leis an aistriú chuig geilleagar níos ciorclaí agus níos glaise le hathruithe ar cháilíochtaí agus ar churaclaim náisiúnta oideachais agus oiliúna chun freastal ar riachtanais ghairmiúla atá ag teacht chun cinn le haghaidh scileanna glasa agus forbairt inbhuanaithe. Ar an tríú dul síos, éilítear leis an gclaochlú digiteach agus leis an gclaochlú glas glacadh méadaithe teicneolaíochtaí nua, go háirithe i réimse na teicneolaíochta doimhne atá fíor‑nuálach, ar fud earnálacha uile ár ngeilleagair agus ár sochaí.

Is féidir cuspóirí na gComhaontas ar son na Nuálaíochta a bhaint amach ach iarratas a dhéanamh ar cheann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas (is féidir le heagraíocht a bheith rannpháirteach i roinnt tograí éagsúla):

Beart 1: Comhaontais ar son an Oideachais agus na bhFiontar

Tionscadail thrasnáisiúnta struchtúrtha atá dírithe ar thorthaí is ea iad Comhaontais ar son an Oideachais agus na bhFiontar, ina mbíonn spriocanna coiteanna ag comhpháirtithe agus ina n‑oibríonn siad le chéile chun an nuálaíocht, scileanna nua, ciall tionscnaíochta agus meonta fiontraíochta a chothú.

Is é is aidhm dóibh an nuálaíocht a chothú san ardoideachas, sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, i bhfiontair agus sa timpeallacht shocheacnamaíoch níos forleithne. Áirítear leis sin aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha agus eacnamaíocha mar an t‑athrú aeráide, athruithe ar an déimeagrafaic, digitiú, teacht chun cinn teicneolaíochtaí bunathraitheacha nua (teicneolaíocht dhomhain) ar nós na hintleachta saorga agus athruithe tapa ar chúrsaí fostaíochta mar thoradh ar an nuálaíocht shóisialta agus ar athléimneacht an phobail, mar aon le nuálaíocht i margadh an tsaothair.

Tugtar le chéile le Comhaontais ar son an Oideachais agus na bhFiontar fiontair agus soláthraithe ardoideachais agus soláthraithe gairmoiliúna araon chun oibriú le chéile i gcomhpháirtíocht. Feidhmíonn siad laistigh d’earnáil eacnamaíoch amháin nó i roinnt earnálacha eacnamaíocha éagsúla, agus cruthaíonn siad caidreamh iontaofa inbhuanaithe agus léiríonn siad a gcineál nuálach trasnáisiúnta i ngach gné. Cé nach mór do gach comhpháirtíocht aon eagraíocht gairmoideachais agus gairmoiliúna agus aon eagraíocht ardoideachais ar a laghad, féadfaidh siad dul i ngleic le ceachtar de na réimsí oideachais sin nó an dá réimse. Ba cheart don chomhar idir gairmoideachais agus gairmoiliúna agus eagraíochtaí ardoideachais a bheith ábhartha agus ba cheart don dá earnáil tairbhe a bhaint as.

Beartaítear leo ceann amháin nó níos mó de na haidhmeanna seo a leanas a bhaint amach:

  • Cineálacha cur chuige nua, nuálacha agus ildisciplíneacha i leith an teagaisc agus na foghlama a chothú: an nuálaíocht a chothú i ndearadh agus soláthar an oideachais, modhanna teagaisc, teicnící measúnaithe, timpeallachtaí foghlama agus/nó forbairt scileanna nua;
  • Tacaíocht d’fhorbairt scileanna i réimse na teicneolaíochta doimhne; tacaíocht a thabhairt d’inniúlacht nuálaíochta na hEorpa tríd an linn tallann maidir leis na teicneolaíochtaí bunathraitheacha nua seo a leathnú;
  • Bunú gorlann laistigh d’institiúidí oideachais agus oiliúna ar fud na hEorpa a chothú;
  • Freagracht shóisialta chorparáideach a chothú (mar shampla cothromas, cuimsiú, an t‑athrú aeráide, cosaint an chomhshaoil agus forbairt inbhuanaithe);
  • Ciall tionscnaíochta agus dearcthaí, meonta agus scileanna fiontraíochta a chothú i bhfoghlaimeoirí, ball foirne oideachais agus oibrithe eile, i gcomhréir leis an gCreat Inniúlachta Fiontraíochta (EntreComp)1 ;
  • Feabhas a chur ar cháilíocht agus ábharthacht scileanna a fhorbraítear agus a dheimhnítear trí chórais oideachais agus oiliúna (lena n‑áirítear scileanna nua agus dul i ngleic le mímheaitseálacha scileanna);
  • Sreabhadh agus comhchruthú eolais a éascú idir ardoideachas agus gairmoideachas agus gairmoiliúint, taighde, an earnáil phoiblí, agus an earnáil ghnó;
  • Córais ardoideachais agus ghairmoideachais agus ghairmoiliúna atá éifeachtach agus éifeachtúil a thógáil agus tacú leo, ar córais iad atá nasctha agus cuimsitheach agus a rannchuidíonn leis an nuálaíocht.

Beart 2: Comhaontais um chomhar earnála maidir le scileanna (lena gcuirtear chun feidhme an ‘Treoirphlean’2 )

Is é is aidhm do Chomhaontais ar son Comhar Earnála maidir le Scileanna cineálacha cur chuige straitéiseacha nua agus comhar a chruthú le haghaidh réitigh forbartha scileanna nithiúla – sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma araon – i réimsí ina gcuirtear chun feidhme príomhghníomhaíocht de chuid an Chláir Oibre Scileanna don Eoraip le haghaidh iomaíochas inbhuanaithe, cothroime shóisialta agus athléimneacht, an Comhshocrú um Scileanna. Is é is príomhchuspóir don Chomhshocrú na páirtithe leasmhara ábhartha uile a shlógadh agus a spreagadh chun gníomhaíochtaí coincréiteacha a dhéanamh chun an lucht saothair a uas‑sciliú agus a athsciliú, trí iarrachtaí a chomhthiomsú agus comhpháirtíochtaí a chur ar bun, agus aghaidh a thabhairt ar leibhéal an Aontais freisin ar riachtanais an mhargaidh saothair, ag tacú le haistrithe glasa agus digiteacha chomh maith le scileanna náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus straitéisí fáis. Dá bhrí sin, le táirgí insoláthartha na gComhaontas ar son Comhar Earnála maidir le Scileanna, is é sin, faisnéis scileanna earnála, straitéisí scileanna, próifílí gairme, cláir oiliúna, agus pleanáil fhadtéarmach, rannchuideofar go mór le hobair na gcomhpháirtíochtaí móra atá bunaithe ar éiceachórais a chuaigh i bpáirt leis an gComhshocrú um Scileanna.

Le Comhaontais ar son Comhar Earnála maidir le Scileanna féachtar le dul i ngleic le bearnaí scileanna ar an margadh saothair lena gcuirtear bac ar fhás, nuálaíocht agus iomaíochas in earnálacha nó réimsí sonracha, dírithe ar idirghabhálacha gearrthéarma agus straitéisí fadtéarmacha araon. Cuirfear na Comhaontais sin chun feidhme sna 14 éiceachóras áitiúla thionsclaíocha a shainaithnítear sa Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip3  (féach critéir incháilitheachta).

Le comhpháirtíochtaí an Chomhshocraithe um Scileanna in éiceachórais, cuirfear leis an Treoirphlean um chomhar earnála maidir le scileanna. Dá bhrí sin, le Comhaontais faoi Bheart 2 tacófar le cur chun feidhme na ngealltanas faoin gComhshocrú trí straitéisí scileanna earnála a fhorbairt. Tá mar thoradh ar na straitéisí sin tionchar sistéamach struchtúrach ar easnaimh, bearnaí agus mímheaitseálacha scileanna a laghdú, mar aon le cáilíocht agus leibhéil iomchuí scileanna a chinntiú. Ní mór a chuimsiú leis na straitéisí scileanna earnála sraith shoiléir gníomhaíochtaí, garspriocanna agus cuspóirí dea‑shainithe agus é mar chuspóir leo an t‑éileamh agus an soláthar scileanna a mheaitseáil chun tacú le cur chun feidhme na gcomhpháirtíochtaí scileanna móra atá bunaithe ar éiceachórais faoin gComhaontú. Is é is aidhm do na Comhaontais na boinn le haghaidh na gcomhpháirtíochtaí cileanna sin a thógáil agus an chonair ba cheart a leanúint tar éis chur i gcrích na dtionscadal a shainiú.

Ag tarraingt ar fhianaise maidir le riachtanais scileanna ó thaobh próifílí gairme, tacaíonn Comhaontais Treoirphlean le dearadh agus soláthar inneachair oideachais agus oiliúna trasnáisiúnta, chomh maith le modheolaíochtaí teagaisc agus oiliúna, le haghaidh glacadh gasta ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil agus le haghaidh gairmeacha nua atá ag teacht chun cinn. Chuige sin, ba cheart do Chomhaontais a dtograí a bhunú ar obair atá ann cheana ó Ionaid Barr Feabhais Gairme4 , réigiúin ina gcuirtear chun feidhme straitéisí um speisialtóireacht chliste5 , Comhpháirtíochtaí Braislí Eorpacha6  agus Pobail Eolas agus Nuálaíochta (PENanna) na hInstitiúide Eorpaí um Theicneolaíocht (EIT)7  atá gníomhach san éiceachóras tionscail céanna.

Ba cheart a áireamh i dtograí dearadh clár gairmoiliúna leanúnaí chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais scileanna práinneacha daoine in aois oibre. Ba cheart a áireamh i dtograí freisin forbairtí próifílí gairme atá ag teacht chun cinn, cáilíochtaí gaolmhara, ar cheart dóibh leibhéil ghairmoideachais agus ghairmoiliúna uachtaraí agus iar‑mheánscoile (leibhéil 3 go 5 de EQF) agus tríú leibhéal (leibhéil 6 go 8 de EQF) a chumhdach. Thairis sin, ba cheart a áireamh i dtograí dearadh croíchuraclam agus clár oideachais agus oiliúna gaolmhar as a dtagann na cáilíochtaí sin.

Ní mór a áireamh i ngach clár i measc a gcomhpháirtithe an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint araon agus eagraíochtaí ardoideachais agus gníomhaithe ón margadh saothair. Go hidéalach, baineann comhlachtaí beartais, comhlachtaí deimhniúcháin chomh maith le comhlachais earnála Eorpacha agus ionadaithe tionscail leo sin.

Cé na critéir atá le comhlíonadh chun iarratas a dhéanamh ar Chomhaontais ar son na Nuálaíochta?

Critéir incháilitheachta

Ní mór do thograí tionscadail maidir le Beart–1 – Comhaontais ar son an Oideachais agus na bhFiontar na critéir seo a leanas a chomhlíonadh le bheith incháilithe le haghaidh deontas Erasmus+:

Eagraíochtaí rannpháirteacha incháilithe (Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?)

Chun bheith incháilithe, ní mór do na hiarratasóirí (tairbhithe agus eintitis chleamhnaithe, más infheidhme): 

  • eagraíochtaí poiblí nó príobháideacha; 
    • Institiúidí ardoideachais,
    • soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna,
    • Líonraí soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna,
    • Fiontair bheaga agus mheánmhéide nó mhóra (fiontair shóisialta ina measc),
    • Institiúidí taighde,
    • Eagraíochtaí neamhrialtasacha,
    • Comhlachtaí poiblí ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta,
    • eagraíochtaí atá gníomhach san oideachas, san oiliúint agus san óige,
    • Idirghabhálaithe a dhéanann ionadaíocht d’eagraíochtaí nó d’fhiontair oideachais, oiliúna nó óige,
    • Comhlachtaí creidiúnúcháin, deimhniúcháin, aitheantais nó cáilíochtaí,
    • Comhlachais tráchtála, tionsclaíochta nó saothair, comhlachais ceirde oilte,
    • Comhpháirtithe sóisialta náisiúnta nó Eorpacha,
    • Ospidéil nó institiúidí cúraim eile, an cúram fadtéarmach san áireamh,
    • Údaráis atá freagrach as oideachas, oiliúint nó fostaíocht ar an leibhéal réigiúnach nó náisiúnta,
    • Seirbhísí fostaíochta,
    • Oifigí staidrimh náisiúnta,
    • Gníomhaireachtaí forbartha geilleagair,
    • Comhlachais earnála nó ghairmiúla,
    • Comhairlí scileanna earnála,
    • Comhlachtaí a sholáthraíonn gairmthreoir, comhairleoireacht ghairmiúil, seirbhísí faisnéise agus seirbhísí fostaíochta; 
  • iarratasóirí atá bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár

Féadfaidh eagraíochtaí ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár páirt a ghlacadh mar thairbhithe, eintitis chleamhnaithe nó comhpháirtithe comhlachaithe, ach ní mar chomhordaitheoir, má chuireann a gcuid rannpháirtíochta breisluach fíor‑riachtanach leis an tionscadal.

Eisceacht: níl eagraíochtaí ón mBealarúis (Réigiún 2) ná ó Chónaidhm na Rúise (Réigiún 4) incháilithe chun páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht sin. 

Ní mór Cairt Ardoideachais Erasmus (ECHE) bhailí a bheith ag institiúidí ardoideachais atá bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár. Ní gá ECHE a bheith ag institiúidí ardoideachais rannpháirteacha i dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár.  

Comhdhéanamh cuibhreannais  (Líon agus próifíl na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha)

Ní mór do Chomhaontais ar son an Oideachais agus na bhFiontar ceithre cinn ar a laghad de Bhallstáit an Aontais nó tríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gClár a chuimsiú, agus páirt a thabhairt d’ocht n‑iarratasóir ar a laghad (tairbhithe, seachas eintitis chleamhnaithe). Ní mór a chuimsiú leis an gcuibhreannas ar a laghad trí ghníomhaí sa mhargadh saothair (fiontair nó cuideachtaí, nó eagraíochtaí idirghabhála ionadaíocha, mar shampla comhlachais, ceardchumainn nó cumainn trádála) agus ar a laghad trí sholáthraí oideachais agus oiliúna (gairmoideachas agus gairmoiliúint agus institiúidí ardoideachais), mar iarratasóirí (tairbhithe, seachas eintitis cleamhnaithe). Ba cheart institiúid ardoideachais amháin agus soláthraí gairmoideachais agus gairmoiliúna amháin ar a laghad a bheith rannpháirteach mar iarratasóirí (tairbhithe, seachas eintitis chleamhnaithe)) i ngach togra.

Ní chuirtear eintitis chleamhnaithe ná comhpháirtithe comhlachaithe san áireamh sna critéir íosta incháilitheachta le haghaidh chomhdhéanamh an chuibhreannais, agus ní féidir leo a bheith ina gcomhordaitheoir.

Fad an tionscadail

Ba cheart tréimhse 24 mhí nó 36 mhí a bheith i gceist leis na tionscadail de ghnáth (is féidir síneadh a chur léi, má tá údar cuí leis agus sin a dhéanamh trí bhíthin leasaithe).

Ní mór an fad a roghnú ag céim an iarratais, bunaithe ar chuspóir an tionscadail agus ar an gcineál gníomhaíochtaí atá beartaithe le himeacht aimsire.

Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?

Faoi bhráid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA) tríd an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana (TDCT).

Uimhir aitheantais an Ghlao beart1: ERASMUS-EDU-2024-PI-ALL-INNO-EDU-ENTERP

Cathain is féidir iarratas a dhéanamh?

Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoin 7 Márta ar 17:00:00 (am na Bruiséile).

Déanfar measúnú ar eagraíochtaí is iarratasóirí de réir na gcritéar eisiaimh agus roghnúcháin ábhartha. Chun breis eolais a fháil féach Cuid C den Treoir seo.

Ní mór do thograí tionscadail maidir le Beart–2 - Comhaontais ar son Comhar Earnála maidir le Scileanna (lena gcuirtear chun feidhme an ‘Treoirphlean’) na critéir seo a leanas a chomhlíonadh le bheith incháilithe le haghaidh deontas Erasmus+:

Eagraíochtaí rannpháirteacha incháilithe (Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?)

Chun bheith incháilithe, ní mór do na hiarratasóirí (tairbhithe agus eintitis chleamhnaithe, más infheidhme):

  • A bheith ina gComhaltaí cláraithe den Chomhshocrú um Scileanna8
  • A bheith ina n‑eagraíochtaí poiblí nó príobháideacha atá bunaithe go dlítheanach i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár, cuir i gcás: 
    • Institiúidí ardoideachais
    • Soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna
    • Líonraí soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna
    • Fiontair bheaga agus mheánmhéide nó mhóra (fiontair shóisialta ina measc)
    • Institiúidí taighde
    • Eagraíochtaí neamhrialtasacha
    • Comhlachtaí poiblí ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta
    • Eagraíochtaí atá gníomhach san oideachas, san oiliúint agus san óige
    • Idirghabhálaithe a dhéanann ionadaíocht d’eagraíochtaí nó d’fhiontair oideachais, oiliúna nó óige
    • Comhlachtaí creidiúnúcháin, deimhniúcháin, aitheantais nó cáilíochtaí
    • Comhlachais tráchtála, tionsclaíochta nó saothair, comhlachais ceirde oilte
    • Comhpháirtithe sóisialta Eorpacha nó náisiúnta
    • Ospidéil nó institiúidí cúraim eile, lena n‑áirítear an cúram fadtéarmach
    • Údaráis atá freagrach as oideachas, oiliúint nó fostaíocht ar an leibhéal réigiúnach nó náisiúnta
    • Seirbhísí fostaíochta
    • Oifigí staidrimh náisiúnta
    • Gníomhaireachtaí forbartha geilleagair
    • Comhlachais earnála nó ghairmiúla
    • Comhairle scileanna earnála
    • Comhlachtaí a sholáthraíonn gairmthreoir, comhairleoireacht ghairmiúil, seirbhísí eolais agus seirbhísí fostaíochta

Féadfaidh eagraíochtaí ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár páirt a ghlacadh mar thairbhithe, eintitis chleamhnaithe nó comhpháirtithe comhlachaithe, ach ní mar chomhordaitheoir, má chuireann a gcuid rannpháirtíochta breisluach fíor‑riachtanach leis an tionscadal.

Eisceacht: níl eagraíochtaí ón mBealarúis (Réigiún 2) ná ó Chónaidhm na Rúise (Réigiún 4) incháilithe chun páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht sin. 

Ní mór Cairt Ardoideachais Erasmus (ECHE) bhailí a bheith ag institiúidí ardoideachais atá bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár. Ní gá ECHE a bheith ag institiúidí ardoideachais rannpháirteacha i dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár.  

Comhdhéanamh cuibhreannais  (Líon agus próifíl na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha)

Ní mór do Chomhaontais ar son Comhar Earnála maidir le Scileanna (Treoirphlean) ocht gcinn ar a laghad de Bhallstáit an Aontas nó tríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gClár a chuimsiú, agus páirt a thabhairt do 12 iarratasóir ar a laghad (tairbhithe, seachas eintitis chleamhnaithe). Ní mór a áireamh sa chuibhreannas ar a laghad cúig ghníomhaí sa mhargadh saothair (fiontair nó cuideachtaí, nó eagraíochtaí idirghabhála ionadaíocha, cuir i gcás comhlachais, ceardchumainn nó cumainn trádála) agus ar a laghad cúig sholáthraí oideachais agus oiliúna (gairmoideachas agus gairmoiliúint agus institiúidí ardoideachais), mar iarratasóirí (tairbhithe seachas eintitis cleamhnaithe). Ba cheart institiúid ardoideachais amháin agus soláthraí gairmoideachais agus gairmoiliúna amháin ar a laghad a bheith rannpháirteach mar iarratasóirí (tairbhithe, seachas eintitis chleamhnaithe)) i ngach togra.

Ní chuirtear eintitis chleamhnaithe ná comhpháirtithe comhlachaithe san áireamh sna critéir íosta incháilitheachta le haghaidh chomhdhéanamh an chuibhreannais, agus ní féidir leo a bheith ina gcomhordaitheoir.

Earnálacha nó réimsí

Na 14 éiceachóras thionsclaíocha mar a shainaithnítear in Tuarascáil Bhliantúil 2021 ar an Margadh Aonair (Annual Single Market Report 2021)9 :

  1. Soghluaisteacht‑Iompar‑Mótarfheithicleach: Táirgeadh mótarfheithiclí, long agus traenacha, agus gabhálas; A ndearadh agus a gcothabháil; Iompar lasta srl.
  2. Teicstíl: Táirgeadh teicstílí, corpbhirt, coisbhirt, leathair agus seodra srl.
  3. Fuinneamh In‑athnuaite: Mótair leictreacha, innill agus tuirbíní; Giniúint cumhachta leictrí; Monarú agus dáileadh gáis srl.
  4. Leictreonaic: Táirgeadh leictreonaice srl.
  5. Miondíol: Díolacháin miondíola; Mórdhíol nasctha le tomhaltóirí srl.
  6. Foirgníocht: Tógáil eastát cónaithe agus neamhchónaithe; Tógáil bóithre agus iarnród; Tógáil fóntas agus innealtóireacht shibhialta; Gníomhaíochtaí comhlachaithe; srl.
  7. Aeraspás & Cosaint: Táirgeadh aerárthaí; monaraíocht agus seirbhísí spáis; táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta, srl.
  8. Tionscail dianfhuinnimh ísealcharbóin: Eastóscadh breoslaí iontaise; Scagadh; Monarú táirgí ag a bhfuil tionchar comhshaoil ard: plaistigh, ceimiceáin, leasacháin, iarann agus cruach, táirgí foraoisbhunaithe, stroighin, rubar, miotail neamhfheiriúla, srl.
  9. Turasóireacht: Iompar paisinéirí agus taisteal; Óstáin, lóistín gearrthéarmach; Bialanna agus lónadóireacht; Imeachtaí, páirceanna siamsaíochta théama srl.
  10. Agraibhia: Táirgeadh plandaí agus ainmhithe; Próiseáil bia; Gníomhaíochtaí tréidliachta srl.
  11. Tionscail Chruthaitheacha agus Chultúrtha: Nuachtáin, leabhair agus tréimhseacháin; Scannán, físeán agus teilifís; Raidió agus ceol; srl..
  12. Digiteach: Teileachumarsáid; Bogearraí agus ríomhchlárú; Tairseacha gréasáin; Monarú ríomhairí agus trealaimh, srl.
  13. An Geilleagar Gaireachta agus Sóisialta: Fiontair shóisialta, comhlachais agus comharchumainn arb é is aidhm dóibh tionchar sóisialta a ghiniúint, srl.
  14. Sláinte:
    1. Táirgí cógaisíochta agus trealamh; Ospidéil, tithe altranais, cúram cónaithe srl.

Ní mór do Chomhaontais an t‑aon éiceachóras tionscail amháin a roghnú ar a dtabharfar aghaidh lena dtionscadal10 .

 Is féidir go mbainfidh togra le héiceachóras nach gcumhdaítear le tionscadal Treoirphlean leanúnach nó éiceachóras ag a bhfuil Treoirphlean leanúnach cheana féin. Sa chás deireanach, ní mór aghaidh a thabhairt sa togra ar réimsí agus ábhair ar léir go bhfuil siad éagsúil leo sin ar a dtugtar aghaidh leis an tionscadal Treoirphlean nó leis na tionscadail Treoirphlean11 .

Fad an tionscadail

Ba cheart tréimhse 48 mí a bheith i gceist leis na tionscadail de ghnáth (is féidir síneadh a chur léi, má tá údar cuí leis agus sin a dhéanamh trí bhíthin leasaithe ar an gcomhaontú deontais (GA))

Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?

Faoi bhráid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA) tríd an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana (TDCT).

Uimhir aitheantais an Ghlao beart2: ERASMUS-EDU-2024-PI-ALL-INNO-BLUEPRINT

Cathain is féidir iarratas a dhéanamh?

Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoin 7 Márta ar 17:00:00 (am na Bruiséile).

Déanfar measúnú ar eagraíochtaí is iarratasóirí de réir na gcritéar eisiaimh agus roghnúcháin ábhartha. Chun breis eolais a fháil féach Cuid C den Treoir seo.

Tionscadal a bhunú

Cuirfidh gach Comhaontas chun feidhme tacar comhleanúnach, cuimsitheach agus inathraitheach gníomhaíochtaí idirnasctha chun feabhas a chur ar an nuálaíocht san ardoideachas, sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint agus i bhfiontair (lena n‑áirítear fiontair mhóra, bheaga agus mheánmhéide agus fiontair shóisialta) agus ar an timpeallacht shocheacnamaíoch níos forleithne.

Beart 1: Comhaontais ar son an Oideachais agus na bhFiontar

Ba cheart ceann amháin ar a laghad de na gníomhaíochtaí a leanas (liosta neamhchuimsitheach) a bheith san áireamh i ngach Comhaontas ar son Oideachais agus Fiontar:

Borradh a chur faoi nuálaíocht

  • Modhanna nua foghlama agus teagaisc a fhorbairt agus a chur chun feidhme go comhpháirteach (amhail curaclaim ildisciplíneacha nua, teagasc agus foghlaim atá dírithe ar fhoghlaimeoirí agus bunaithe ar fhadhbanna iarbhír, teicneolaíochtaí nuálacha a úsáid, úsáid níos mó a bhaint as micridhintiúir);
  • Cláir agus gníomhaíochtaí oideachais leanúnaigh a fhorbairt agus a thástáil le fiontair agus laistigh díobh;
  • Cláir oideachais agus oiliúna a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun tacú leis na scileanna a theastaíonn i réimsí na teicneolaíochta doimhne a fhorbairt;
  • Gorlanna a chur ar bun in institiúidí oideachais agus oiliúna ar fud na hEorpa, i ndlúthchomhar leis an earnáil fiontraíochta, chun cabhrú le fiontraithe is mic léinn a smaointe a fhorbairt ina ngnólachtaí. D’fhéadfaí é sin a bhaint amach, mar shampla, trí réimse leathan seirbhísí a chur ar fáil, ag tosú le hoiliúint scileanna, airgeadais, ghnó agus bhainistíochta, chomh maith le soláthar spáis oifige agus maoiniú caipitil fiontair a éascú.
  • Forbairt agus tástáil a dhéanamh ar réitigh ar éilimh shóisialta phráinneacha nach dtéann an margadh i ngleic leo agus atá dírithe ar ghrúpaí leochaileacha sa tsochaí; dul i ngleic le dúshláin shochaíocha nó dúshláin a bhaineann le hathruithe i ndearcthaí agus luachanna, straitéisí agus beartais, struchtúir agus próisis eagraíochtúla, córais agus seirbhísí soláthair;
  • Réitigh a fhorbairt ar shaincheisteanna dúshlánacha, nuálaíocht táirge agus phróisis (trí chomhar mac léinn, ollúna agus cleachtóirí).

Ciall tionscnaíochta agus meonta fiontraíochta, inniúlachtaí agus scileanna a fhorbairt

  • Modhanna teagaisc agus uirlisí foghlama nua a fhorbairt lena gcuimsítear foghlaim agus cur i bhfeidhm scileanna trasnaí ar fud cláir ardoideachais agus ghairmoideachais agus ghairmoiliúna a fhorbraítear i gcomhar le fiontair agus atá dírithe ar an infhostaitheacht, an chruthaitheacht agus conairí gairme nua a neartú;
  • Ciall tionscnaíochta agus fiontraíochta a thabhairt isteach nuair is iomchuí i ndisciplín, curaclam, cúrsa srl. ar leith chun na hinniúlachtaí, scileanna agus spreagadh a sholáthar do mhic léinn, taighdeoirí, baill foirne agus oideoirí chun acmhainn tionscnaíochta agus meon fiontraíochta a fhorbairt agus le bheith in ann aghaidh a thabhairt ar dhúshláin éagsúla ina saol oideachasúil, gairmiúil agus príobháideach;
  • Deiseanna nua foghlama a oscailt trí na heispéiris phraiticiúla agus trí chur i bhfeidhm acmhainne tionscnaíochta agus inniúlachtaí fiontraíochta agus scileanna a bhféadfadh seoladh seirbhísí, táirgí agus fréamhshamhlacha nua a sheoladh agus cruthú gnólachtaí nuathionscanta agus seach‑chuideachtaí a bheith rannpháirteach agus/nó ina dtoradh orthu;
  • ‘Cineálacha cur chuige níos dírithe ar mhic léinn’ a thabhairt isteach ina ndéanann mic léinn a gconair oideachais féin a shaincheapadh.

Sreabhadh agus malartú eolais a spreagadh idir an t‑ardoideachas, gairmoideachas agus gairmoiliúint, fiontair agus taighde

  • Córais agus fiontair ardoideachais agus ghairmoideachais agus ghairmoiliúna atá cuimsitheach agus nasctha a thógáil trí mhuinín fhrithpháirteach, aitheantas agus deimhniúchán trasteorann, conairí solúbtha idir an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint agus an t‑ardoideachas, ag cothú gairmoideachais agus gairmoiliúna ar leibhéil níos airde EQF, agus an tsolúbthacht a fheabhsú d’fhoghlaimeoirí agus d’oibrithe;
  • Printíseachtaí agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis an réimse staidéir i bhfiontair, atá leabaithe, aitheanta agus creidiúnaithe go hiomlán sa churaclam; cumraíochtaí chun bearta nuálacha a thriail agus a thástáil; malartuithe mac léinn, taighdeoirí, ball foirne teagaisc agus ball foirne fiontair ar feadh tréimhse theoranta; dreasachtaí a sholáthar le haghaidh rannpháirtíocht ball foirne fiontair sa teagasc agus sa taighde; anailís ar shonraí taighde. I gcás inarb ábhartha, d’fhéadfaí naisc a dhéanamh sna tionscadail leis an gComhaontas Eorpach do Phrintíseachtaí12 .

Riachtanais an mhargaidh agus gairmeacha atá ag teacht chun cinn a bhaineann leis an athléimneacht a shainaithint

  • Riachtanais an mhargaidh agus gairmeacha atá ag teacht chun cinn (ar thaobh an éilimh) a shainaithint, feabhas a chur ar fhreagrúlacht córas ar gach leibhéal do riachtanais mhargadh an tsaothair (ar thaobh an tsoláthair); an soláthar ardoideachais agus gairmoideachais agus gairmoiliúna a oiriúnú do riachtanais scileanna trí churaclaim thrasnáisiúnta ar fud na hearnála a dhearadh agus a sholáthar lena gcuimsítear an fhoghlaim obairbhunaithe;
  • Na scileanna sin a shainaithint a bhfuil gá leo san fhearann poiblí chun dúshláin shochaíocha (mar shampla an t‑athrú aeráide, sláinte) a réiteach agus athléimneacht a spreagadh ar leibhéal na sochaí agus an phobail, lena n‑áirítear trí chomhar institiúidí ardoideachais agus soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla chomh maith leis an earnáil phríobháideach chun rannchuidiú le Straitéisí um Speisialtóireacht Chliste i réigiúin a dhearadh agus a chur chun feidhme;
  • Tacaíocht a sholáthar chun an mhímheaitseáil scileanna a shárú le haghaidh na hathléimneachta agus riachtanais an mhargaidh araon.

Beart 2: Comhaontais um chomhar earnála maidir le scileanna (lena gcuirtear chun feidhme an ‘Treoirphlean’)

Ba cheart na gníomhaíochtaí seo a leanas a chur chun feidhme:

Forbairt cur chuige straitéisigh i leith comhar earnála maidir le scileanna

  • Comhar inbhuanaithe a chur ar bun ar fhorbairt scileanna idir príomh‑pháirtithe leasmhara an tionscail lena n‑áirítear comhpháirtithe sóisialta, soláthraithe oideachais agus oiliúna, agus údaráis phoiblí (ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach). Is é is aidhm don tionscadal freisin an comhar a thógáil idir fiontair mhóra agus micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide ar fud an tslabhra luacha in éiceachóras tionscadail ar leith;
  • Faisnéis scileanna a bhailiú ar bhonn leanúnach: fianaise cháilíochtúil agus sonraí cainníochtúla a sheachadadh atá ábhartha ar leibhéal an Aontais agus na tíre agus/nó ar leibhéal réigiúnach de réir formáid sonraí nasctha saor‑rochtana; modheolaíocht choiteann a fhorbairt chun riachtanais scileanna amach anseo a thuar chomh maith le monatóireacht a dhéanamh (ar bhonn bliantúil) ar an dul chun cinn agus ar éabhlóid an éilimh agus an tsoláthair scileanna bunaithe ar chásanna fadbhreathnaitheachta inchreidte, ag tarraingt ar Lánléargas Scileanna an Aontais, agus i gcás inarb ábhartha, obair ECFE, an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda agus Comhaontais Scileanna Earnála atá ann cheana;
  • Mapáil tacaíochta uas‑scilithe agus athscilithe atá le fáil san earnáil/san éiceachóras (atá soláthartha ag páirtithe leasmhara sa tionscal agus páirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha) agus na gníomhaíochtaí sin a bhféadfaí cur leo chun tacú le cuideachtaí sna slabhraí breisluacha a shainaithint;
  • Bunaithe ar an bhfaisnéis scileanna, straitéis scileanna a fhorbairt le haghaidh an éiceachórais tionscail lena n‑áirítear tosaíochtaí le haghaidh gníomhaíochtaí chun tacú leis na cuspóirí a bhaineann le lucht saothair an éiceachórais tionscail agus iad sin a d’fhéadfadh dul isteach san earnáil (mar shampla atá neamhghníomhach go heacnamaíoch) a athsciliú agus a uas‑sciliú. Ba cheart a leagan amach sa straitéis conas ar dhócha go ndéanfaí difear le mórthreochtaí, amhail forbairtí domhanda, sochaíocha agus teicneolaíocha san earnáil tionscail, ar phoist agus riachtanais scileanna. Ba cheart tuairisc a thabhairt inti ar an amlíne lena bhfuil coinne agus ba cheart aird ar leith a thabhairt ar thionchar teicneolaíochtaí digiteacha agus ar thionchar teicneolaíochtaí doimhne. Ba cheart próifílí gairme agus scileanna gaolmhara a shainaithint agus a shainmhíniú léi ar dhócha go dtiocfaidís chun cinn san earnáil (is é sin, a bheidh nua ar fad). Ba cheart príomhghníomhaithe tionscail agus páirtithe leasmhara a shainaithint inti freisin ar cheart dóibh a bheith rannpháirteach i gcur chun feidhme na straitéise. Ba cheart an straitéis seo a bheith ar cheann de na chéad phríomhtháirgí insoláthartha de chuid an tionscadail, lena léirítear taca soiléir gníomhaíochtaí, garspriocanna agus aschur dea‑shainithe, mar aon le gníomhaíochtaí tosaíochta nithiúla a leagan amach lena moltar conas an t‑éileamh agus an soláthar scileanna a mheaitseáil le haghaidh na ngairmeacha sin atá ag teacht chun cinn. Ba cheart an straitéis a úsáid mar bhonn chun an chomhpháirtíocht a thógáil faoin gComhshocrú um Scileanna;
  • I gcás inarb ábhartha, a chinntiú go mbíonn torthaí an tionscadail le fáil i bhformáid sonraí oscailte le go bhféadfaí iad a úsáid i bhFaisnéis Scileanna Cedefop agus san Aicmiú Eorpach Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha (ESCO);
  • Fianaise cháilíochtúil agus sonraí cainníochtúla a sheachadadh atá ábhartha ar leibhéal an Aontais agus na tíre agus/nó ar leibhéal réigiúnach de réir formáid sonraí nasctha saor‑rochtana.

‘Croíchuraclaim’ agus cláir oiliúna Eorpacha atá comhaontaithe ar fud na hearnála a dhearadh

Laistigh de chéad bhliain den ghníomhaíocht (freagairt ghasta)

I gcomhthráth leis na gníomhaíochtaí thuas, le gach tionscadal ba cheart aghaidh a thabhairt go gasta ar riachtanais scileanna práinneacha i ngairmeacha in éiceachóras tionscail a thagann ó phaindéim COVID‑19 agus an t‑aistriú digiteach agus glas (fianaise le soláthar sa togra):

  • Ag tarraingt, i gcás ina bhfuil fáil orthu, ar phróifílí gairme Aicmiú ESCO agus creataí inniúlachta atá ann cheana13 ;
  • Cláir gairmoiliúna leanúnaí a dhearadh chun an lucht saothair a uas‑sciliú agus a athsciliú tríd an bhfoghlaim nuálach chumaisc agus obairbhunaithe;
  • Dea‑cháilíocht inneachar agus sholáthar na gclár oiliúna nua a chinntiú trí mhodhanna dearbhaithe cáilíochta a chur i bhfeidhm i gcomhréir le EQAVET agus ESG (Caighdeáin agus Treoirlínte Eorpacha um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas);  
  • Glacadh gasta agus úsáid na gclár oiliúna a chinntiú trí dhul i bhfeidhm ar phríomhghníomhaithe i slabhraí luacha laistigh den éiceachóras tionscail, Ionaid Barr Feabhais Gairme14 , réigiúin ina gcuirtear chun feidhme straitéisí um speisialtóireacht chliste15 , Comhpháirtíochtaí Braislí Eorpacha16  agus Pobail agus Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) na hInstitiúide Eorpaí um Teicneolaíocht (EIT)17  atá gníomhach san éiceachóras tionscail céanna.

Ó thús deiridh an tionscadail (freagairt réamhghníomhach)

Le tionscadail ba cheart oibriú ansin ar phróifílí gairme agus inneachar oiliúna a fhorbairt le haghaidh próifílí gairme atá ag athrú agus ag teacht chun cinn:

  • Ar bhonn riachtanais scileanna shainaitheanta le haghaidh próifílí gairme atá ag teacht chun cinn in éiceachóras tionscadail, dearadh a dhéanamh ar churaclaim ghairmoideachais agus ghairmoiliúna mhodúlacha nua agus cáilíochtaí nua le haghaidh oideachas agus oiliúint tosaigh (curaclaim iomlána le haghaidh lánpháirtiú i gcórais oideachais agus oiliúna), agus cláir gairmoiliúna leanúnaí chun daoine in aois oibre a uas‑sciliú nó a athsciliú (modúil lena dtugtar aghaidh ar riachtanais scileanna atá ag teacht chun cinn);
  • Beidh an curaclaim agus na cláir oiliúna sin comhdhéanta d’aonaid torthaí foghlama, i gcomhréir leis an gCreat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF) / an Creat Náisiúnta um Cháilíochtaí (NQFanna) agus bunaithe ar eolas ESCO; le curaclaim ba cheart scileanna postsonracha a sholáthar chomh maith le príomhinniúlachtaí18 , lena n‑áirítear go háirithe scileanna trasnaí agus disciplíní ETEIM19 ​​​​​​​;
  • Tréimhsí foghlama obairbhunaithe a lánpháirtiú san inneachar oiliúna nua, lena n‑áirítear deiseanna chun eolas a chur i bhfeidhm i gcásanna praiticiúla ‘fíorshaoil’ san ionad oibre, agus eispéireas trasnáisiúnta foghlama a leabú aon uair is féidir;
  • Bainistíocht cháilíochta a chur i bhfeidhm maidir leis an inneachar oiliúna nua trí phrionsabail dearbhaithe cáilíochta EQAVET agus ESG a chur i bhfeidhm nó trí úsáid a bhaint as córais dearbhaithe cáilíochta atá ann cheana, córais ar cheart dóibh, áfach, a bheith i gcomhréir le EQAVET agus ESG;
  • Cáilíochtaí earnála ábhartha a chur chun cinn lena n‑áirítear cláir chomhpháirteacha thrasnáisiúnta (lena n‑áirítear Próifílí Láir Gairme Eorpaigh20 ) arna mbronnadh ag níos mó ná soláthraí oideachais agus oiliúna amháin, rud trína n‑éascaítear an deimhniú trasteorann, trína dtógtar muinín fhrithpháirteach, agus trína rannchuidítear le soghluaisteacht foghlaimeoirí agus le soghluaisteacht ghairmiúil níos mó san earnáil.

‘Croíchuraclaim’ agus cláir oiliúna a sholáthar

  • Modheolaíochtaí soláthair a fhorbairt le haghaidh na gcuraclam agus na gclár oiliúna, atá oiriúnaithe do na spriocghrúpaí éagsúla, ina mbaintear úsáid as cineálacha cur chuige nuálacha i leith an teagaisc agus na foghlama, lena n‑áirítear soláthar foghlama obairbhunaithe, úsáid TFCanna (mar shampla an fhoghlaim chumaisc, ionsamhlóirí, an réaltacht bhreisithe, srl.), réitigh shoghluaisteachta fíorúla/cumaisc le haghaidh foghlaimeoirí agus baill foirne, agus acmhainní oscailte oideachais (mar shampla foghlaim intleachta saorga feabhsaithe, MOOCanna21 );
  • Gníomhaíochtaí a fhorbairt chun aistriú idirghlúine eolais ghairmiúil a éascú;  
  • Tuairisc a thabhairt ar na bealaí ar féidir le modheolaíochtaí agus próisis measúnaithe gach cineál forbartha a chumhdach, lena n‑áirítear foghlaim obairbhunaithe, agus bailíochtú scileanna agus inniúlachtaí a éascú a sealbhaítear iad roimh an oiliúint;
  • Tógáil ar theagmhálaithe bunaithe agus ar theagmhálaithe nua atá bunaithe le taobh an éilimh scileanna le linn chéim na faisnéise scileanna, dul i bhfeidhm ar sholáthraithe deiseanna fostaíochta, cuir i gcás fostóirí príobháideacha agus poiblí agus seirbhísí fostaíochta, le haghaidh meaitseáil fhéideartha le céimithe oiliúna;
  • Bearta leordhóthanacha a shainaithint chun foghlaimeoirí a rianú tar éis dóibh a n‑oiliúint a chur i gcrích chun ‘aischothaithe’22  a chur ar fáil. Féadfaidh na córais rianaithe agus aischothaithe sin tógáil ar eolas ó chuideachtaí, foghlaimeoirí/fostaithe, chomh maith le hacmhainní eolais phoiblí agus páirtithe leasmhara mhargadh an tsaothair;
  • Na bearta iomchuí a mholadh le haghaidh aithint fhoirmiúil na gcuraclam agus na gcáilíochtaí ardoideachais agus gairmoideachais agus gairmoiliúna gairme nua nó oiriúnaithe sna tíortha ina bhfuil na comhpháirtithe lonnaithe agus san earnáil tionscail a chumhdaítear.

Plean gníomhaíochta fadtéarmach a dhearadh le haghaidh fheidhmiú céimneach tháirgí insoláthartha an tionscadail nuair a bheidh deireadh tagtha leis an tionscadal

  • Beidh an plean sin bunaithe ar chomhpháirtíochtaí inbhuanaithe idir soláthraithe oideachais agus oiliúna, príomhpháirtithe leasmhara tionscail agus údaráis phoiblí (ar an leibhéal réigiúnach nó náisiúnta) ar an leibhéal iomchuí chun comhpháirtíochtaí scileanna il-gheallsealbhóra a éascú/a neartú faoin gComhshocrú um Scileanna le haghaidh athsciliú agus uas‑sciliú an lucht oibre. Ba cheart a áireamh ann sainaithint struchtúr rialachais iomchuí, chomh maith le pleananna le haghaidh inscálaitheachta agus inbhuanaitheacht airgeadais;
  • Leis an bplean áiritheofar infheictheacht iomchuí agus scaipeadh forleathan na dtorthaí, lena n‑áirítear ar leibhéal polaitiúil an Aontais agus ar an leibhéal polaitiúil náisiúnta/réigiúnach, agus áireofar mionsonraí ar conas a dhéanfar an rolladh amach a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus/nó réigiúnach le húdaráis phoiblí ábhartha;
  • Leis an bplean déanfar foráil maidir le conas a dhéanfar táirgí insoláthartha an tionscadail, go háirithe an fhaisnéis scileanna, an straitéis agus na cláir oiliúna, a thabhairt cothrom le dáta i ndiaidh dheireadh fhad 4 bliana an tionscadail, lena n‑áirítear trí fhoráil a dhéanamh maidir lena fhoinsí maoiniúcháin amach anseo;
  • Maidir le deiseanna maoiniúcháin an Aontais (mar shampla an tsaoráid téarnaimh agus athléimneachta (RRF), creat airgeadais ilbhliantúil an Aontais (CAI) 2021‑2027, lena n‑áirítear Cistí Struchtúracha na hEorpa, InvestEU, Erasmus+), chomh maith le hinfheistíocht phríobháideach agus le maoiniú náisiúnta/réigiúnach, léireofar leis an bplean conas is féidir tacú le straitéisí scileanna leis na nithe sin. Leis sin ba cheart a chur san áireamh straitéisí um speisialtóireacht chliste, comhpháirtíochtaí braislí Eorpacha, líonra na nIonad Barr Feabhais agus Pobail Nuálaíochta EIT.

Faoin dá Bheart (Beart 1: Comhaontais ar son an Oideachais agus na bhFiontar agus Beart 2: Comhaontais um chomhar earnála maidir le scileanna (lena gcuirtear chun feidhme an ‘Treoirphlean’)

Éilítear ar Chomhpháirtíochtaí ar son na Nuálaíochta ionstraimí agus uirlisí ar fud an Aontais, amhail EQF, ESCO, Europass (Dintiúir Dhigiteacha Eorpacha don Fhoghlaim san áireamh), EQAVET agus ESG, a chur i bhfeidhm aon uair is ábhartha. Má mholtar i dtograí, mar shampla, pobail cleachtas a chruthú nó suíomhanna gréasáin le haghaidh comhair a fhorbairt, ba cheart dóibh, i gcás inarb ábhartha, ardáin ar líne atá ann cheana a fhorbairt agus a úsáid, amhail an tArdán Eorpach um Oideachas Scoile, EPALE, nó Pobal EPALE de chleachtóirí gairmoideachais agus gairmoiliúna23 .

Chun curaclaim nua nó modhanna nua oiliúna agus foghlama a thriail agus a thástáil, féadfaidh Comhaontais ar son na Nuálaíochta gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama a reáchtáil le haghaidh mac léinn, múinteoirí, taighdeoirí agus baill foirne a mhéid a thacaíonn/chuireann siad le príomhghníomhaíochtaí na gcomhpháirtíochtaí agus a bhfuil breisluach ag baint leo i gcur chun feidhme chuspóirí an tionscadail.

Tionchar measta

Beidh Comhaontais ar son na Nuálaíochta fréamhaithe sa chomhar straitéiseach inbhuanaithe sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint agus san oiliúint, san ardoideachas agus i bhfiontair atá ag obair le chéile chun borradh a chur faoi inniúlacht nuálaíochta na hEorpa. Neartóidh siad go mór na sineirgí idir an dá réimse oideachais tríd an nuálaíocht, scileanna nua, ciall tionscnaíochta agus meonta fiontraíochta a chothú. Táthar ag súil go rannchuideoidh na comhaontais sin san ardoideachas, sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint agus sna fiontair le forbairt éiceachóras réigiúnach agus go soláthrófar go díreach leo ionchur luachmhar sa gheilleagar, lena ndéantar an fhoghlaim obairbhunaithe a lánpháirtiú. Bíodh is go mbíonn eolas agus sonraí ó thaighde ag na hollscoileanna, rud a chuireann ar a gcumas dóibh ionchur a sholáthar go díreach d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide chun borradh a chur faoi gheilleagair áitiúla, soláthraíonn soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna na scileanna a bhíonn de dhíth ar fhiontair agus is féidir leo an fás a chothú sa gheilleagar áitiúil.

Ar scála níos mó, bítear ag súil go ndíreoidh Comhaontais ar son na Nuálaíochta ar dhúshláin shochaíocha agus eacnamaíocha, san oideachas agus san fhostaíocht araon, agus go gcuirfidh siad san áireamh príomhréimsí amhail dúshláin nuálaíochta, soláthar scileanna, an t‑athrú aeráide, an geilleagar glas, an déimeagrafaíocht, an digitiú agus an intleacht shaorga. Féadfar tairbhe a bhaint as comhar le fiontair mhóra freisin. Díreoidh na Comhaontais son na Nuálaíochta ar riachtanas na saoránach agus cuirfidh siad luas faoi nuachóiriú an ardoideachais agus an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna.

Leis an gComhshocrú um Scileanna ní hamháin go mbunófar creat le haghaidh chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí eile de chuid an Chláir Oibre do Scileanna atá tugtha cothrom le dáta, ach freisin le haghaidh scaipeadh agus shaothrú thorthaí tionscadail na gComhaontas ar son na Nuálaíochta. Go sonrach, úsáidfear torthaí na gComhaontas Treoirphlean ar son comhar earnála maidir le scileanna mar bhonn le haghaidh comhpháirtíochtaí earnála ar mhórscála de chuid an Chomhshocraithe um Scileanna.

Ina theannta sin, cuideoidh na Comhaontais le cur chun feidhme na Teachtaireachta ón Aontas maidir leis an gClár Oibre Athnuaite don Ardoideachas24  agus rannchuideoidh siad le cruthú Limistéir Eorpaigh Oideachais25 ​​​​​​​. Rannchuideoidh siad freisin leis an gClár Oibre Eorpaigh nua don Nuálaíocht agus le straitéisí Thionscail agus FBManna an Aontais a chur chun feidhme (2021).

Cuirfear san áireamh freisin leis na Comhaontais ar son na Nuálaíochta Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 203026  agus Dearbhú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide27 ​​​​​​​ mar pharaiméadair uileghabhálacha na gníomhaíochta, rud a chuidíonn leis an gCoimisiún Eorpach a Chomhaontú Glas nua28 ​​​​​​​ agus an Plean Téarnaimh don Eorpach29 ​​​​​​​ a chur chun feidhme. Cuirfidh na Comhaontais smaointe leis an tionscnamh Bauhaus Eorpach Nua30 ​​​​​​​ arb é is aidhm dó bealaí nua inbhuanaithe maireachtála a dhearadh chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a chomhlíonadh.

Tá sé i gceist go mbeidh tionchar gearrthéarmach agus fadtéarmach ag Comhaontais ar son na Nuálaíochta ar an réimse níos forleithne páirtithe leasmhara atá rannpháirteach, ar leibhéal aonair, eagraíochtúil agus sistéamach. Meastar go rachaidh an tionchar sin níos faide ná saolré an tionscadail agus níos faide ná na heagraíochtaí atá páirteach sna comhpháirtíochtaí. Meastar go leanfaidh an chomhpháirtíocht agus na gníomhaíochtaí ar aghaidh. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí nach mbeadh na torthaí/na táirgí insoláthartha ina dtorthaí/ina dtáirgí neamhspleácha ach go nascfaí iad le gnóthais, scéimeanna, tionscadail, ardáin, fiontair srl., nó go ndéanfaí iad a lánpháirtiú iontu sin.

Critéir dhámhachtana

Tá feidhm ag na critéir dhámhachtana seo a leanas maidir le Beart–1 - Comhaontais ar son an Oideachais agus na bhFiontar:

Ábharthacht an tionscadail (scór uasta 25 phointe)

Cúlra agus cuspóirí ginearálta 

  • Nasc chuig beartas agus tionscnaimh ón Aontas: cuirtear san áireamh leis an togra agus rannchuidítear leis na cuspóirí Eorpacha a bhaint amach i réimsí an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, an ardoideachais, agus na nuálaíochta; cuirtear san áireamh leis an togra infheictheacht a thabhairt d’uirlisí agus do thionscnaimh an Aontais maidir le forbairt scileanna agus rannchuidíonn sé leis sin;
  • Cuspóir: tá an togra ábhartha maidir le cuspóirí agus gníomhaíochtaí na Gníomhaíochta.

Luachanna an Aontais:

Tá an togra ábhartha chun comhluachanna an Aontais a urramú agus a chur chun cinn, cuir i gcás meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, smacht reatha agus meas ar chearta an duine, chomh maith le troid in aghaidh aon sórt idirdhealaithe.

Anailís riachtanas agus cuspóirí sonracha  

  • Comhsheasmhacht: tá na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí bunaithe ar anailís ar fhadhbanna agus ar riachtanais arb anailís í atá cuimsitheach, ar ardcháilíocht, agus lena ngabhann bonn daingean; sainítear iad go soiléir, tá siad réalaíoch, agus tugtar aghaidh leo ar shaincheisteanna atá ábhartha maidir leis na heagraíochtaí rannpháirteacha agus leis an nGníomhaíocht;
  • Scileanna digiteacha: a mhéid a lánpháirtítear leis an togra scileanna digiteacha san inneachar oiliúna le haghaidh próifíl ghairmiúil amháin, nó roinnt próifílí gairmiúla gaolmhara;
  • Scileanna glasa: a mhéad, leis an togra, a lánpháirtítear scileanna atá nasctha leis an aistriú chuig geilleagar níos ciorclaí agus níos glais san inneachar oiliúna le haghaidh próifíl ghairmiúil amháin, nó roinnt próifílí gairmiúla gaolmhara;
  • Scileanna athléimneachta: a mhéid a lánpháirtítear leis an togra scileanna atá nasctha leis an inniúlacht ar oiriúnú, ar athruithe a bhainistiú, agus ar aire a thabhairt dá chéile mar phobal.
  • Scileanna teicneolaíochta doimhne: más infheidhme, a mhéid a lánpháirtítear scileanna atá nasctha le réimsí na teicneolaíochta doimhne leis an togra.

Comhlántacht i gcomparáid le gníomhaíochtaí eile agus leis an nuálaíocht – breisluach Eorpach

  • Nuálaíocht: cuirtear modhanna agus teicnící úrscothacha san áireamh sa togra, mar shampla bunú gorlann laistigh d’institiúidí oideachais agus oiliúna, agus beidh mar thoradh air sin torthaí agus réitigh nuálacha a bhaineann go sonrach leis an tionscadal le haghaidh riachtanais an mhargaidh mar shampla, trí rannchuidiú leis an tionscnamh Deep Tech Talent faoin gClár Oibre Eorpach nua don Nuálaíocht;
  • Breisluach Eorpach: léirítear go soiléir leis an togra an breisluach a ghintear trína thrasnáisiúntacht agus a inaistritheacht ionchais;
  • Ionadaíocht oideachais agus oiliúna: áirítear sa Chomhaontas comhpháirtithe lena ndéantar ionadaíocht leordhóthanach do sholáthraithe oideachais agus oiliúna, agus léirítear leis tairbhí/ábharthacht don ardoideachas agus don ghairmoideachas agus don ghairmoiliúint.

Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail (scór uasta 30 pointe)

Coincheap agus modheolaíocht 

  • Comhleanúnachas: le dearadh foriomlán an tionscadail cinntítear comhsheasmhacht idir cuspóirí an tionscadail, modheolaíochtaí, gníomhaíochtaí agus an buiséad atá beartaithe. Cuirtear i láthair leis an togra tacar comhleanúnach cuimsitheach gníomhaíochtaí iomchuí chun freastal ar na riachtanais shainaitheanta agus chun na torthaí lena bhfuil coinne a bhaint amach, a bheidh le húsáid ag na tairbhithe deiridh/spriocghrúpaí a mbeidh torthaí idirmheánacha agus tionchair fhadtéarmacha mar thoradh orthu;
  • Struchtúr: tá an clár oibre soiléir agus intuigthe, agus cumhdaítear leis gach céim (ullmhú, cur chun feidhme, saothrú, monatóireacht, meastóireacht agus scaipeadh);
  • Modheolaíocht: baintear leas sa togra as ionstraimí agus as uirlisí ón Aontas a bhaineann le scileanna agus gairmeacha aon uair is ábhartha, amhail EQF, ESCO, Europass, EQAVET, ESG.

Bainistíocht tionscadail, dearbhú cáilíochta agus straitéis monatóireachta agus meastóireachta 

  • Bainistíocht: déantar foráil maidir le socruithe bainistíochta láidre. Sainítear amlínte, eagrú, cúraimí agus freagrachtaí go soiléir agus tá siad réalaíoch. Leithdháiltear acmhainní iomchuí do gach gníomhaíocht sa togra;
  • Plean oibre: cáilíocht agus éifeachtacht an phlean oibre, lena n‑áirítear a mhéid atá na hacmhainní atá sannta do phacáistí oibre i gcomhréir lena gcuspóirí agus lena dtáirgí insoláthartha;
  • Cáilíocht na socruithe chun cáilíochtaí a aithint agus a bhailíochtú: i gcomhréir le huirlisí agus prionsabail trédhearcachta agus aitheantais Eorpacha, lena n‑áirítear maidir le micridhintiúir.

Costéifeachtacht agus bainistíocht airgeadais

  • Buiséad: déantar foráil sa bhuiséad maidir le hacmhainní iomchuí a bhfuil gá leo chun go n‑éireodh leis an tionscadal, ní dhéantar rómheastachán ar an mbuiséad ná ní mheastar faoina luach é;
  • Rialú airgeadais agus cáilíochta: le bearta rialaithe (meastóireacht leanúnach ar cháilíocht, piarmheasúnuithe, gníomhaíochtaí tagarmharcála, srl.) agus táscairí cáilíochta cinntítear go bhfuil ardcháilíocht agus costéifeachtacht ag baint le cur chun cinn an tionscadail. Sainaithnítear dúshláin/rioscaí an tionscadail go soiléir agus téitear i ngleic le bearta maolaithe go hiomchuí. Beartaítear próisis athbhreithnithe shaineolaigh mar chuid lárnach den tionscadal. Áirítear i gclár oibre an Chomhaontais measúnú seachtrach neamhspleách ar cháilíocht i lár téarma agus deireadh an tionscadail.

Cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair (scór uasta 25 phointe)

Socrú cuibhreannais

  • Cumraíocht: tá comhdhéanamh na comhpháirtíochta i gcomhréir le cuspóirí na gníomhaíochta agus an tionscadail; tugtar le chéile léi meascán iomchuí eagraíochtaí ábhartha, lena n‑áirítear gairmoideachas agus gairmoiliúint, ardoideachas agus fiontair ag a bhfuil na próifílí agus na scileanna is gá, an taithí iomchuí atá nasctha leis an ról sa tionscadal, an saineolas agus an tacaíocht bhainistíochta a éilítear le haghaidh chur chun feidhme rathúil an tionscadail; áirítear leis an gComhaontas comhpháirtithe lena ndéantar ionadaíocht leordhóthanach don chur chuige earnála nó trasearnála lena mbaineann;
  • Gealltanas: tá an rannchuidiú ó na comhpháirtithe suntasach, ábhartha agus comhlántach; is léir agus is iomchuí dáileadh na bhfreagrachtaí agus na gcúraimí, agus léirítear leis gealltanas agus rannchuidiú gníomhach na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha uile i ndáil lena saineolas agus lena n‑inniúlacht shonrach;
  • Rannpháirtíocht tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár: más infheidhme, tugann rannpháirtíocht eagraíochtaí rannpháirteacha ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár breisluach fíor‑riachtanach don Chomhaontas.

Bainistíocht chuibhreannais agus cinnteoireacht 

  • Cúraimí: léiríonn an comhordaitheoir bainistíocht agus comhordú ardcháilíochta ar líonraí trasnáisiúnta agus ar an gceannaireacht i dtimpeallacht chasta. Leithdháiltear cúraimí aonair ar bhonn fhios gnó sonrach gach rannpháirtí;
  • Comhar/Spiorad foirne: beartaítear sásra éifeachtach chun comhordú, réiteach coinbhleachta, cinnteoireacht agus cumarsáid éifeachtúil a chinntiú idir na heagraíochtaí rannpháirteacha, na rannpháirtithe agus aon pháirtí leasmhar ábhartha eile;
  • Luach saothair: soláthraítear breisluach soiléir agus tairbhí soiléire leis an gComhaontas do gach eagraíocht chomhpháirtíochta.

Tionchar (scór uasta 20 pointe)

Tionchar agus uaillmhian 

  • Saothrú: léirítear leis an togra conas a úsáidfidh na comhpháirtithe agus páirtithe leasmhara eile torthaí an Chomhaontais seo. Foráiltear ann modhanna chun an saothrú a thomhas laistigh de shaolré an tionscadail agus ina dhiaidh sin;
  • Tionchar: léirítear leis an togra ábharthacht agus for‑rochtain shochaíoch agus eacnamaíoch. Áirítear leis tionchar ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus Eorpach ar na spriocghrúpaí agus na páirtithe leasmhara ábhartha a bhfuil ról mór acu san earnáil lena mbaineann lena n‑áirítear san oideachas agus san oiliúint. Cuimsítear leis bearta chomh maith le spriocanna agus táscairí chun monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn (lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, ar an líon daoine a gcuirtear oiliúint orthu) agus chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar lena bhfuil coinne (sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma).

Cumarsáid, scaipeadh agus infheictheacht

  • Scaipeadh: soláthraítear plean soiléir sa togra maidir le scaipeadh na dtorthaí, agus áirítear ann gníomhaíochtaí iomchuí agus a n‑uainiú, uirlisí agus cainéil lena chinntiú go ndéanfar na torthaí agus na tairbhí a scaipeadh go héifeachtach ar pháirtithe leasmhara agus an spriocphobal neamh‑rannpháirteach laistigh de shaolré an tionscadail agus ina dhiaidh sin.

Inbhuanaitheacht agus leanúnachas

  • Rochtain oscailte: Más ábhartha, tugtar tuairisc sa togra ar an gcaoi a ndéanfar na hábhair, na doiciméid agus na meáin a tháirgfear a chur ar fáil gan srian agus a chur chun cinn trí cheadúnais oscailte, agus nach bhfuil teorainneacha díréireacha ann;
  • Inbhuanaitheacht: mínítear sa togra conas a fhorbrófar an plean gníomhaíochta le haghaidh rolladh amach ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach. Áirítear sa togra bearta iomchuí agus sainaithint acmhainní airgeadais (Eorpacha, náisiúnta agus príobháideacha) lena chinntiú go mbeidh na torthaí agus na tairbhí a bhainfear amach inbhuanaithe tar éis shaolré an tionscadail.

Le bheith incháilithe le haghaidh maoiniúcháin, ní mór do thograí ar a laghad 70 pointe a ghnóthú agus an scór pas íosta is gá le haghaidh gach ceann de na ceithre chritéar dámhachtana á chur san áireamh freisin: uasmhéid 13 phointe le haghaidh na catagóire ‘ábharthacht an tionscadail’; 16 phointe le haghaidh ‘cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail’, 13 phointe le haghaidh ‘cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair’ agus 11 phointe le haghaidh ‘tionchar’.

Tabharfar tosaíocht do na tograí ex aequo de réir na scór a dhámhfar orthu le haghaidh an chritéir dámhachtana ‘Ábharthacht’. Nuair a bheidh na scóir sin comhionann, beidh tosaíocht bunaithe ar a scóir le haghaidh an chritéir ‘cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail’. Nuair a bheidh na scóir sin comhionann, beidh tosaíocht bunaithe ar a scóir le haghaidh an chritéir ‘Tionchar’.

Mura bhfágann sé sin go mbeifear in ann an tosaíocht a chinneadh, féadfar tosaíocht bhreise a chur in ord trí phunann fhoriomlán an tionscadail a mheas agus trí shinéirgí dearfacha a chruthú idir tionscadail, nó tosca eile a bhaineann le cuspóirí an ghlao. Déanfar na tosca sin a dhoiciméadú sa tuarascáil phainéil.

Tá feidhm ag na critéir dhámhachtana seo a leanas maidir le Beart–2 - Comhaontais ar son Comhar Earnála (lena gcuirtear chun feidhme an ‘Treoirphlean’):

Ábharthacht an tionscadail (scór uasta 25 phointe)

Cúlra agus cuspóirí ginearálta

  • Nasc chuig beartas agus tionscnaimh ón Aontas: leis an togra cuirtear san áireamh baint amach na gcuspóirí Eorpacha i réimse an ardoideachais agus an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna agus beartas earnála ón Aontas atá ábhartha maidir le héiceachóras tionscail ar leith agus tacaítear leis an gcomhpháirtíocht scileanna ar scála mór faoin gComhshocrú um Scileanna ina éiceachóras tionsclaíoch. Rannchuidíonn sé leis an gClár Oibre Eorpach do Scileanna Nua agus cuirtear san áireamh leis uirlisí an Aontais. Maidir le togra lena dtugtar aghaidh ar éiceachóras tionsclaíoch inar cuireadh Comhaontas Treoirphlean chun feidhme cheana féin, ní mór dó sonrú go soiléir conas a chuirfidh sé leis an iarthionscadal Treoirphlean; ní ceadmhach aon fhorluí i raon feidhme, aschuir ná gníomhaíochtaí. Ar chomhcháilíocht, togra lena dtugtar aghaidh ar éiceachóras nach gcumhdaítear in aon chor le Comhaontas Treoirphlean, déanfar measúnú air mar thogra atá níos ábhartha ná togra lena dtugtar aghaidh ar éiceachóras ina bhfuil Treoirphlean ar bun cheana.
  • Cuspóir: tá an togra ábhartha maidir le cuspóirí agus gníomhaíochtaí na Gníomhaíochta. Go sonrach, leis an togra áirítear forbairtí ar thacar thar a bheith ábhartha próifílí gairme atá ag teacht chun cinn, agus dearthaí agus cáilíochtaí gaolmhara, atá eagraithe in aonaid torthaí foghlama, ar leibhéil 3 go 5 de EQF agus ar leibhéil 6 go 8 de EQF araon. Áirítear leis an togra dearadh, tástáil agus soláthar tosaigh na gclár oideachais agus oiliúna gaolmhar, a ceapadh agus a soláthraíodh mar dheiseanna foghlama modúlacha, solúbtha, inrochtana, agus bailíochtú scileanna a fuarthas roimhe sin á chur san áireamh.

Luachanna an Aontais:

Tá an togra ábhartha chun comhluachanna an Aontais a urramú agus a chur chun cinn, cuir i gcás meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, smacht reatha agus meas ar chearta an duine, chomh maith le troid in aghaidh aon sórt idirdhealaithe.

Anailís riachtanas agus cuspóirí sonracha

  • Comhsheasmhacht: tá na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí bunaithe ar anailís ar fhadhbanna agus ar riachtanais arb anailís í atá cuimsitheach, ar ardcháilíocht, agus lena ngabhann bonn daingean; sainítear iad go soiléir, tá siad réalaíoch, agus tugtar aghaidh leo ar shaincheisteanna atá ábhartha maidir leis na heagraíochtaí rannpháirteacha agus leis an nGníomhaíocht;
  • Ionadaíocht earnála/réimse: áirítear leis an gComhaontas comhpháirtithe lena ndéantar ionadaíocht leordhóthanach don éiceachóras tionscail lena mbaineann;
  • Scileanna digiteacha: a mhéid a lánpháirtítear leis an togra scileanna digiteacha san inneachar oiliúna le haghaidh próifíl ghairmiúil amháin, nó roinnt próifílí gairmiúla gaolmhara;
  • Scileanna glasa: a mhéad, leis an togra, a lánpháirtítear scileanna atá nasctha leis an aistriú chuig geilleagar níos ciorclaí agus níos glais san inneachar oiliúna le haghaidh próifíl ghairmiúil amháin, nó roinnt próifílí gairmiúla gaolmhara;
  • Scileanna athléimneachta: a mhéid a lánpháirtítear leis an togra scileanna atá nasctha leis an inniúlacht ar oiriúnú, ar athruithe a bhainistiú, agus ar aire a thabhairt dá chéile mar phobal;
  • Scileanna teicneolaíochta doimhne: más infheidhme, a mhéid a lánpháirtítear scileanna atá nasctha le réimsí na teicneolaíochta doimhne leis an togra.31

Comhlántacht i gcomparáid le gníomhaíochtaí eile agus leis an nuálaíocht – breisluach Eorpach 

  • Nuálaíocht: cuirtear modhanna agus teicnící úrscothacha san áireamh sa togra, agus beidh mar thoradh air torthaí agus réitigh nuálacha;
  • Breisluach Eorpach: léirítear go soiléir leis an togra an breisluach a ghintear trína thrasnáisiúntacht;
  • Ionadaíocht oideachais agus oiliúna: áirítear sa Chomhaontas comhpháirtithe lena ndéantar ionadaíocht leordhóthanach do sholáthraithe oideachais agus oiliúna.

Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail (scór uasta 30 pointe)

Coincheap agus modheolaíocht

  • Comhleanúnachas: Cuirtear i láthair sa togra tacar comhleanúnach cuimsitheach gníomhaíochtaí iomchuí, nithiúla agus praiticiúla chun freastal ar na riachtanais shainaitheanta agus chun na torthaí a bhfuil coinne leo a bhaint amach;
  • Struchtúr: tá an clár oibre soiléir agus intuigthe, agus cumhdaítear leis gach céim (ullmhú, cur chun feidhme, saothrú, monatóireacht, meastóireacht agus scaipeadh);
  • Modheolaíocht: baintear leas sa togra as ionstraimí agus as uirlisí ón Aontas a bhaineann le scileanna agus gairmeacha aon uair is ábhartha, amhail EQF, ESCO, Europass, EQAVET, ESG.

Bainistíocht tionscadail, dearbhú cáilíochta agus straitéis monatóireachta agus meastóireachta 

  • Bainistíocht: déantar foráil maidir le socruithe bainistíochta láidre. Sainítear amlínte, eagrú, cúraimí agus freagrachtaí go soiléir agus tá siad réalaíoch. Leithdháiltear acmhainní iomchuí do gach gníomhaíocht sa togra;
  • Plean oibre: cáilíocht agus éifeachtacht an phlean oibre, lena n‑áirítear a mhéid atá na hacmhainní atá sannta do phacáistí oibre i gcomhréir lena gcuspóirí agus lena dtáirgí insoláthartha;
  • Cáilíocht na socruithe chun cáilíochtaí a aithint agus a bhailíochtú: i gcomhréir le huirlisí agus prionsabail trédhearcachta agus aitheantais Eorpacha.

Costéifeachtacht agus bainistíocht airgeadais

  • Buiséad: déantar foráil sa bhuiséad maidir le hacmhainní iomchuí a bhfuil gá leo chun go n‑éireodh leis an tionscadal, ní dhéantar rómheastachán air agus tá sé comhréireach le raon feidhme an togra; le togra le haghaidh éiceachóras tionscail ina bhfuil Comhaontas Treoirphlean ar bun cheana, meastar go gcuirfear buiséad isteach lena léirítear go soiléir go gcoiscfear maoiniú dúbailte, ós rud é go gcomhlánóidh sé agus go dtógfaidh sé ar an obair a rinneadh cheana leis an Treoirphlean leanúnach;
  • Rialú airgeadais agus cáilíochta: le bearta rialaithe (meastóireacht leanúnach ar cháilíocht, piarmheasúnuithe saineolacha, gníomhaíochtaí tagarmharcála, srl.) agus táscairí cáilíochta cinntítear go bhfuil ardcháilíocht agus costéifeachtacht ag baint le cur chun cinn an tionscadail. Sainaithnítear dúshláin/rioscaí an tionscadail go soiléir agus téitear i ngleic le bearta maolaithe go hiomchuí. Beartaítear próisis athbhreithnithe shaineolaigh mar chuid lárnach den tionscadal. Áirítear i gclár oibre an Chomhaontais measúnú seachtrach neamhspleách ar cháilíocht i lár téarma agus deireadh an tionscadail.

Cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair (scór uasta 25 phointe)

Socrú cuibhreannais

  • Cumraíocht: cuimsítear sa chomhpháirtíocht comhpháirtithe comhpháirtíochtaí scileanna ar scála mór faoin gComhshocrú um Scileanna; tugtar le chéile ann meascán iomchuí eagraíochtaí ábhartha, lena n‑áirítear gairmoideachas agus gairmoiliúint, ardoideachas agus fiontair, lena n‑áirítear FBManna ag a bhfuil na próifílí, na scileanna, an taithí, an saineolas agus an tacaíocht bhainistíochta is gá a éilítear le haghaidh chur chun feidhme rathúil an tionscadail. Léirítear sa chomhpháirtíocht a mholtar san iarratas saineolas agus ionadaíochas maidir leis an gcomhpháirtíocht scileanna ábhartha ar scála mór faoin gComhaontú. Tá rannpháirtíocht comhpháirtithe sóisialta Eorpacha agus/nó comhpháirtithe sóisialta náisiúnta sna tíortha a chumhdaítear leis an gComhaontas an‑ábhartha. Ba cheart do raon geografach agus d’ionadaíochas comhpháirtithe ábhartha i mBallstáit den Aontas Eorpach agus i réigiúin atá rannpháirteach sa Chomhaontas a bheith de chineál go mbeidh inniúlacht ard cur chun feidhme ag an gComhaontas sna tíortha agus sna réigiúin a chumhdaítear (mar shampla trí rannpháirtíocht eagraíochta earnála Eorpaí agus/nó comhpháirtithe sóisialta Eorpacha);
  • Gealltanas: tá an rannchuidiú ó na comhpháirtithe suntasach, ábhartha agus comhlántach; is léir agus is iomchuí dáileadh na bhfreagrachtaí agus na gcúraimí, agus léirítear leis gealltanas agus rannchuidiú gníomhach na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha uile i ndáil lena saineolas agus lena n‑inniúlacht shonrach;
  • Rannpháirtíocht tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár: más infheidhme, tugann rannpháirtíocht eagraíochtaí rannpháirteacha ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár breisluach fíor‑riachtanach don Chomhaontas.

Bainistíocht chuibhreannais agus cinnteoireacht

  • Cúraimí: léiríonn an comhordaitheoir bainistíocht agus comhordú ardcháilíochta ar líonraí trasnáisiúnta agus ar an gceannaireacht i dtimpeallacht chasta. Leithdháiltear cúraimí aonair ar bhonn fhios gnó sonrach gach rannpháirtí;
  • Comhar/Spiorad foirne: beartaítear sásra éifeachtach chun comhordú, cinnteoireacht agus cumarsáid mhaith a chinntiú idir na heagraíochtaí rannpháirteacha, na rannpháirtithe agus aon pháirtí leasmhar ábhartha eile;
  • Luach saothair: soláthraítear breisluach soiléir agus tairbhí soiléire leis an gComhaontas don chomhpháirtíocht scileanna ábhartha ar scála mór.

Tionchar (scór uasta 20 pointe)

Tionchar agus uaillmhian

  • Saothrú: léirítear leis an togra conas a dhéanfar torthaí an Chomhaontais a rolladh amach i gcomhréir le cuspóirí agus gealltanais na comhpháirtíochta scileanna ábhartha ar scála mór faoin gComhshocrú um Scileanna;
  • Tionchar: léirítear leis an togra ábharthacht agus for‑rochtain shochaíoch agus eacnamaíoch. Áirítear leis tionchar ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus Eorpach ar na spriocghrúpaí agus na páirtithe leasmhara ábhartha a bhfuil ról nach beag acu san éiceachóras lena mbaineann lena n‑áirítear san oideachas agus san oiliúint, amhail iad sin a chuaigh i bpáirt leis an gComhshocrú um Scileanna. Cuimsítear leis bearta chomh maith le spriocanna agus táscairí chun monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn (lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, ar an líon daoine a gcuirtear oiliúint orthu) agus chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar lena bhfuil coinne (sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma).

Cumarsáid, scaipeadh agus infheictheacht

  • Scaipeadh: tá plean soiléir sa togra maidir le scaipeadh na dtorthaí, agus áirítear ann gníomhaíochtaí iomchuí agus a n‑uainiú, a n‑uirlisí agus a gcainéil lena chinntiú go ndéanfar na torthaí agus na tairbhí a scaipeadh go héifeachtach i measc páirtithe leasmhara.

Inbhuanaitheacht agus leanúnachas

  • Rochtain oscailte: más ábhartha, tugtar tuairisc sa togra ar an gcaoi a ndéanfar na hábhair, na doiciméid agus na meáin a tháirgfear a chur ar fáil gan srian agus a chur chun cinn trí cheadúnais oscailte agus i bhformáid sonraí nasctha saor‑rochtana, agus nach bhfuil teorainneacha díréireacha ann;
  • Inbhuanaitheacht: mínítear sa togra conas a fhorbrófar an plean gníomhaíochta le haghaidh rolladh amach ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach. Áirítear sa togra bearta iomchuí agus sainaithint acmhainní airgeadais (Eorpacha, náisiúnta agus príobháideacha) lena chinntiú go mbeidh na torthaí agus na tairbhí a bhainfidh an Comhaontas amach inbhuanaithe tar éis shaolré an tionscadail.

Le bheith incháilithe le haghaidh maoiniúcháin, ní mór do thograí ar a laghad 70 pointe, a ghnóthú agus an scór pas íosta is gá le haghaidh gach ceann de na ceithre chritéar dámhachtana á chur san áireamh freisin: uasmhéid 13 phointe le haghaidh na catagóire a bhaineann le hábharthacht an tionscadail; 16 phointe le haghaidh cháilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail, 13 phointe le haghaidh cháilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair agus 11 phointe le haghaidh tionchair.

Tabharfar tosaíocht do na tograí ex aequo de réir na scór a dhámhfar orthu le haghaidh an chritéir dámhachtana ‘Ábharthacht’. Nuair a bheidh na scóir sin comhionann, beidh tosaíocht bunaithe ar a scóir le haghaidh an chritéir ‘cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail’. Nuair a bheidh na scóir sin comhionann, beidh tosaíocht bunaithe ar a scóir le haghaidh an chritéir ‘Tionchar’.

Mura bhfágann sé sin go mbeifear in ann an tosaíocht a chinneadh, féadfar tosaíocht bhreise a chur in ord trí phunann fhoriomlán an tionscadail a mheas agus trí shinéirgí dearfacha a chruthú idir tionscadail, nó tosca eile a bhaineann le cuspóirí an ghlao. Déanfar na tosca sin a dhoiciméadú sa tuarascáil phainéil.

Cad iad na rialacha maoiniúcháin atá ann?

Leanann an ghníomhaíocht seo samhail maoiniúcháin cnapshuime. Cinnfear méid na ranníocaíochta cnapshuime aonair le haghaidh gach deontais bunaithe ar bhuiséad measta na gníomhaíochta atá beartaithe ag an iarratasóir. Socróidh an t‑údarás deonúcháin an méid ar bhonn bhuiséad measta an tionscadail, ar thoradh na meastóireachta agus ar ráta maoiniúcháin 80 %.

Is é seo a leanas an deontas uasta ón Aontas Eorpach in aghaidh an tionscadail:

  • Beart–1 - Comhaontais ar son an Oideachais agus na bhFiontar
    • EUR 1 mhilliún (tionscadal 2 bhliain)
    • EUR 1.5 milliún (tionscadal 3 bliana)
  • Beart–2 - Comhaontais um Chomhar Earnála maidir le Scileanna (lena gcuirtear chun feidhme an ‘Treoirphlean’):
    • EUR 4 mhilliún (tionscadal 4 bliana)

Ní cheadaítear tacaíocht airgeadais do thríú páirtithe i bhfoirm deontas nó duaiseanna.

Ceadaítear costais oibrithe deonacha. Is i bhfoirm costas aonaid a bheidh siad mar a shainmhínítear sa Chinneadh ón gCoimisiún maidir le costais aonaid le haghaidh oibrithe deonacha32 . Ceadaítear costais aonaid FBM le haghaidh úinéirí FBM nach bhfuil tuarastal acu. Ba cheart iad a bheith i bhfoirm costas aonaid mar a shainmhínítear sa Chinneadh ón gCoimisiún maidir le costais aonaid le haghaidh úinéirí FBManna.33 ​​​​​​​

Conas a chinntear cnapshuim an tionscadail?

Ní mór d’iarratasóirí tábla buiséid mionsonraithe a líonadh isteach de réir na foirme iarratais, agus na pointí seo a leanas á gcur san áireamh:

  1. Ba cheart an buiséad a bheith mionsonraithe mar is gá ag an tairbhí/na tairbhithe agus eagraithe i bpacáistí oibre comhleanúnacha (mar shampla roinnte i ‘bainistíocht tionscadail’, ‘oiliúint’, ‘eagrú imeachtaí’, ‘ullmhú agus cur chun feidhme na soghluaisteachta’, ‘cumarsáid agus scaipeadh’, ‘dearbhú cáilíochta’, srl.);
  2. Leis an togra ní mór tuairisc a thabhairt ar na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le gach pacáiste oibre;
  3. Ní mór d’iarratasóirí miondealú ar na costais mheasta a sholáthar ina dtogra lena léirítear an scair in aghaidh an phacáiste oibre (agus, laistigh de gach pacáiste oibre, an scair atá sannta do gach tairbhí agus eintiteas cleamhnaithe);
  4. Sna costais ar a dtugtar tuairisc is féidir costais ball foirne, costais taistil agus chothaithe, costais trealaimh agus fochonraitheoireachta mar aon le costais eile (cuir i gcás scaipeadh eolais, foilsiú, aistriú) a chumhdach.

Déanfar meastóireacht ar thograí de réir na bpróiseas meastóireachta caighdeánacha le cuidiú ó shaineolaithe inmheánacha agus/nó seachtracha. Déanfaidh na saineolaithe measúnú ar cháilíocht na dtograí de réir na gceanglas a shainítear sa ghlao agus thionchar, cháilíocht agus éifeachtúlacht mheasta na gníomhaíochta. Beidh an chnapshuim teoranta do 80 % ar a mhéad den bhuiséad measta a chinntear tar éis na meastóireachta

I ndiaidh na meastóireachta ar an togra, cinnfidh an t‑oifigeach údarúcháin méid na cnapshuime, agus torthaí an mheasúnúcháin a rinneadh á gcur san áireamh.

Socrófar paraiméadair an deontais (uasmhéid deontais, srl.) sa Chomhaontú Deontais. Féach Cuid C den Treoir Cláir seo, an roinn ‘Costais dhíreacha incháilithe’.

Déanfar meastóireacht ar éachtaí an tionscadail de réir na dtorthaí a chuirtear i gcrích. Leis an scéim maoiniúcháin, d’fhéadfaí díriú ar na haschuir seachas ar na hionchuir, rud a chuirfeadh béim ar cháilíocht agus leibhéal gnóthachtála cuspóirí intomhaiste.

Tugtar tuairisc ar níos mó mionsonraí i samhail an chomhaontaithe deontais atá le fáil ar an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana (TDCT).

Tagged in:  Higher education Vocational education and training