Fothú acmhainneachta i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna (VET)
Is tionscadail comhair idirnáisiúnta iad tionscadail fothaithe acmhainneachta atá bunaithe ar chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta idir eagraíochtaí atá gníomhach i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna i mBallstáit an Aontais agus i dtíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár agus tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár. Is é is aidhm do na tionscadail tacú le hábharthacht, inrochtaineacht agus freagrúlacht córas i dtíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár agus na gnéithe sin mar thiománaí na forbartha socheacnamaíche.
Trí thionscnaimh chomhpháirteacha a chothaíonn comhar ar fud réigiúin éagsúla an domhain, tá sé beartaithe leis an ngníomhaíocht seo acmhainneacht na soláthraithe VET a mhéadú - go háirithe i réimsí na bainistíochta, an rialachais, an chuimsithe, an dearbhaithe cáilíochta, agus na nuálaíochta – chun go mbeidh siad in ann a bheith rannpháirteach leis an earnáil phríobháideach/le fiontair/le comhlachais ghnó chun deiseanna fostaíochta a fhiosrú agus idirghabhálacha freagrúla VET a fhorbairt i gcomhpháirt. Ba cheart do chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta rannchuidiú le feabhas a chur ar cháilíocht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna sna tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, go háirithe ach acmhainní foirne agus na múinteoirí VET a neartú chomh maith leis an nasc idir soláthraithe VET agus margadh an tsaothair a neartú.
Tá sé beartaithe go rannchuideoidh tionscadail forbartha acmhainní VET leis na cuspóirí beartais níos leithne atá á saothrú idir an Coimisiún Eorpach agus na tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár nó an réigiún lena mbaineann, agus cuimsítear leis sin pacáistí infheistíochta Global Gateway.
Cuspóirí na gníomhaíochta
Go sonrach, déanfar na nithe seo a leanas leis an ngníomhaíocht:
- Acmhainneacht soláthraithe VET a fhothú chun comhar a neartú idir geallsealbhóirí príobháideacha agus poiblí i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna le haghaidh idirghabhálacha VET atá dírithe ar éileamh agus á spreagadh ag deiseanna;
- Feabhas a chur ar cháilíocht agus ar fhreagrúlacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna d'fhorbairtí eacnamaíocha agus sóisialta chun ábharthacht an tsoláthair scileanna do mhargadh an tsaothair a fheabhsú;
- Soláthar VET a ailíniú le straitéisí forbartha áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta.
Réimsí téamacha
I measc na ngnéithe lena sainítear fothú acmhainneachta sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint tá roinnt réimsí téamacha a chuirtear i láthair thíos. Ba cheart aghaidh a thabhairt sna tograí ar cheann amháin nó níos mó de na téamaí seo a leanas:
- Foghlaim obairbhunaithe (do dhaoine óga agus/nó do dhaoine fásta);
- Sásraí dearbhaithe cáilíochta;
- Forbairt ghairmiúil múinteoirí/oiliúnóirí an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna;
- Príomhinniúlachtaí, agus fiontraíocht san áireamh;
- Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint;
- Nuálaíocht sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint;
- Scileanna glasa agus digiteacha le haghaidh an aistrithe dhúbailte;
- Meaitseáil scileanna le deiseanna fostaíochta atá ann faoi láthair agus amach anseo.
Ina theannta sin, is féidir le hiarratasóirí réimsí téamacha nach gcuirtear i láthair thuas a chumhdach. Ní mór dóibh a léiriú go bhfuil siad an‑iomchuí chun cuspóirí an ghlao a bhaint amach agus chun freastal ar riachtanais shainaitheanta.
Gníomhaíochtaí
Ní mór do na gníomhaíochtaí a mholtar a bheith nasctha go díreach le cuspóirí agus réimsí téamacha na gníomhaíochta, is é sin, ní mór dóibh comhfhreagairt do cheann amháin nó níos mó de na réimsí téamacha a liostaítear thuas agus ní mór iad a mhionsonrú i dtuairisc ar an tionscadal lena gcumhdaítear an tréimhse chur chun feidhme ina hiomláine.
I gcomhthéacs na gníomhaíochta domhanda idirnáisiúnta sin, le gníomhaíochtaí tionscadail ní mór díriú ar inniúlachtaí eagraíochtaí atá gníomhach i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a thógáil agus a neartú go príomha sna tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár a chumhdaítear leis an ngníomhaíocht.
Le tionscadail mhaoinithe beifear in ann réimse leathan gníomhaíochtaí comhair, malartaithe, cumarsáide agus gníomhaíochtaí eile a lánpháirtiú agus an méid seo a leanas san áireamh:
- Líonraí agus malartuithe dea‑chleachtais a chruthú agus a fhorbairt idir soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna i dtíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár agus i mBallstáit an Aontais nó i dtíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár;
- Uirlisí, cláir agus ábhair eile a chruthú chun acmhainneacht institiúidí a fhorbairt ar institiúidí iad ó thíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár (scéimeanna oiliúna praiticiúla, cláir agus uirlisí oiliúna chun measúnú a dhéanamh ar thorthaí foghlama sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint agus iad a bhailíochtú, pleananna gníomhaíochta aonair le haghaidh institiúidí rannpháirteacha; treoraíocht ghairmiúil agus modhanna comhairleoireachta agus cóitseála…);
- Sásraí a chruthú chun gur féidir leis an earnáil phríobháideach a bheith rannpháirteach i ndearadh agus i seachadadh curaclam agus chun taithí obairbhunaithe ardcháilíochta a sholáthar d’fhoghlaimeoirí VET;
- Cuir chuige oideolaíocha, ábhair agus modhanna teagaisc agus oiliúna a fhorbairt agus a aistriú, agus cuimsítear leis sin foghlaim obairbhunaithe, soghluaisteacht fhíorúil, acmhainní oscailte oideachais agus leas níos fearr a bhaint as acmhainneacht TFC;
- Gníomhaíochtaí malartaithe idirnáisiúnta (fíorúla) a fhorbairt agus a chur chun feidhme le haghaidh foirne go príomha (agus cuimsítear leis sin múinteoirí agus baill foirne neamhtheagaisc ar nós ceannairí scoile, bainisteoirí, comhairleoirí, treoirchomhairleoirí, srl.).
I gcás ina mbeartaítear gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlaimeora agus foirne, ba cheart dóibh rannchuidiú go díreach le cuspóirí an tionscadail agus a bheith leabaithe go láidir i loighic an tionscadail ina hiomláine.
Ba cheart breisluach a bheith ag na gníomhaíochtaí atá beartaithe, agus beidh tionchar díreach acu ar bhaint amach thorthaí an tionscadail.
Tosaíochtaí réigiúnacha
Roinntear an buiséad atá ar fáil idir réigiúin éagsúla an domhain (is é sin na Balcáin Thiar, Comharsanacht an Oirthir, Tíortha i nDeisceart na Meánmhara, An Afraic Fho‑Shahárach, Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib) agus ní ionann méid gach clúdach buiséadach. Foilseofar tuilleadh faisnéise maidir leis na méideanna atá le fáil faoi gach clúdach buiséadach ar an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana (TDCT).
Tá líon áirithe tosaíochtaí socraithe ag an Aontas maidir le cothromaíocht gheografach agus cuspóirí sonracha. Ina theannta sin, spreagtar eagraíochtaí chun obair a dhéanamh le comhpháirtithe sna tíortha is boichte agus is lú forbairt nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár.
Is iad seo a leanas na tosaíochtaí réigiúnacha a leagadh síos don ghníomhaíocht sin:
Má bhaineann an t‑iarratas le tír chomhpháirtíochta amháin nó níos mó de chuid ETF (an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna)1 , ba cheart don togra fianaise a sholáthar ar fhreagra a thabhairt do mholtaí ETF a foirmíodh sna2 tuarascálacha réigiúnacha3 ábhartha de chuid phróiseas Torino.
Na Balcáin Thiar
- Tabharfar tosaíocht do thionscadail a chuireann lena Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta agus/nó le moltaí Fhondúireacht Oiliúna an Aontais Eorpaigh faoi phróiseas Torino (féach thuas);
- Tabharfar buntáiste do shoghluaisteacht foghlaimeoirí (mic léinn) agus foirne (múinteoirí, oiliúnóirí, stiúrthóirí, bainisteoirí srl.).
Comharsanacht an Oirthir
- Tabharfar tosaíocht do thionscadail a chuireann lena Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta agus/nó le moltaí Fhondúireacht Oiliúna an Aontais Eorpaigh faoi phróiseas Torino (féach thuas).
Tíortha i nDeisceart na Meánmhara
- Tabharfar tosaíocht do thionscadail a chuireann lena Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta agus/nó le moltaí Fhondúireacht Oiliúna an Aontais Eorpaigh faoi phróiseas Torino (féach thuas).
An Afraic Fho-Shahárach
- Tabharfar tosaíocht do thíortha is lú forbairt; cuirfear béim speisialta chomh maith ar thíortha tosaíochta imirce; ní bheidh rochtain ag tír ar bith ar níos mó ná 8 % den mhaoiniú atá beartaithe don Réigiún;
- Tabharfar tosaíocht do thionscadail a chuireann leis na Cláir Ilbhliantúla Tháscacha gheografacha faoi seach 4 ar leibhéal na tíre nó an réigiúin.
Meiriceá Laidineach
- Tabharfar tosaíocht do thionscadail réigiúnacha (tionscadail ina bhfuil níos mó ná tír incháilithe amháin nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár) nó do thionscadail i dtíortha ar ioncam íseal agus ar mheánioncaim uachtarach;
- Tabharfar tosaíocht do thionscadail a chuireann leis an gClár Ilbhliantúil Táscach geografach faoi seach5 ar leibhéal na tíre nó an réigiúin.
Muir Chairib
- Tabharfar tosaíocht do thionscadail réigiúnacha (tionscadail ina bhfuil níos mó ná tír incháilithe amháin nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil bainteach leis an gClár) nó do thionscadail i dtíortha is lú forbairt, ar ioncam íseal agus ar mheánioncaim uachtarach;
- Tabharfar tosaíocht do thionscadail a chuireann leis an gClár Ilbhliantúil Táscach geografach faoi seach[6 ar leibhéal na tíre nó an réigiúin.
I gcás go bhfreastalófar ar na tosaíochtaí réigiúnacha thuas, beidh ar thionscadail an chaoi agus a mhéid a ndéanann siad amhlaidh a léiriú.
Tionscadal a bhunú
Tá ceithre chéim i dtionscadal fothaithe acmhainneachta i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna (VET):
- Sainaithint agus tionscnamh an tionscadail;
- Ullmhú, dearadh agus pleanáil an tionscadail;
- Cur chun feidhme an tionscadail agus monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí;
- Athbhreithniú agus measúnú tionchair i ndáil leis an tionscadal.
Tabhair faoi deara bíodh is gur féidir tús a chur le gníomhaíochtaí ullmhúcháin sula gcuirtear an togra isteach nó sula roghnaítear le haghaidh maoiniú é, ní féidir costais a thabhú ná gníomhaíochtaí a chur chun feidhme ach amháin tar éis shíniú an chomhaontaithe deontais.
Ní mór d’eagraíochtaí rannpháirteacha agus rannpháirtithe atá páirteach sna gníomhaíochtaí ról gníomhach a ghlacadh sna céimeanna sin uile, rud a chuirfidh feabhas ar a n‑eispéireas foghlama.
Sainaithint agus tionscnamh
Fadhb, riachtanas nó deis ar ar féidir leat aghaidh a thabhairt a shainaithint le do smaoineamh tionscadail i gcomhthéacs an ghlao; na príomhghníomhaíochtaí agus na príomhthorthaí lena bhféadfar coinne a bheith leo a shainaithint; na geallsealbhóirí ábhartha agus comhpháirtithe féideartha a mhapáil; cuspóir nó cuspóirí an tionscadail a fhoirmliú; ailíniú an tionscadail le cuspóirí straitéiseacha na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha a áirithiú; tabhairt faoi phleanáil tosaigh chun tús maith a chur leis an tionscadal, agus an t‑eolas is gá a chur le chéile chun dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile srl.
Ullmhú, dearadh agus pleanáil
Raon feidhme an tionscadail agus an cur chuige iomchuí a shonrú; an mhodheolaíocht atá beartaithe a leagan amach go soiléir agus comhsheasmhacht á háirithiú idir cuspóirí agus gníomhaíochtaí an tionscadail; cinneadh a dhéanamh ar sceideal le haghaidh na gcúraimí lena mbaineann; meastachán a dhéanamh ar na hacmhainní is gá agus mionsonra an tionscadail a fhorbairt mar shampla measúnú ar riachtanais; cuspóirí agus táscairí tionchair fónta a shainmhíniú (atá sonrach, intomhaiste, indéanta, réalaíoch agus faoi cheangal ama); torthaí tionscadail agus foghlama a shainaithint; an clár oibre, formáidí gníomhaíochta, an tionchar lena bhfuil coinne, an buiséad foriomlán measta a fhorbairt; plean cur chun feidhme tionscadail agus plean cumarsáide fónta agus réalaíoch a ullmhú lena n‑áirítear gnéithe straitéiseacha den tionscadal a bhaineann le rialachas, monatóireacht, rialú cáilíochta, tuairisciú agus scaipeadh torthaí; socruithe praiticiúla a shainiú agus deimhniú an spriocghrúpa nó na spriocghrúpaí le haghaidh na ngníomhaíochtaí atá beartaithe; comhaontuithe a chur ar bun le comhpháirtithe agus an togra a scríobh srl.
Cur chun feidhme agus monatóireacht ar ghníomhaíochtaí
Cur chun feidhme an tionscadail a dhéanamh de réir pleananna lena gcomhlíontar ceanglais maidir le tuairisciú agus cumarsáid; monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí leanúnacha agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht an tionscadail de réir pleananna tionscadail; gníomhaíocht cheartaitheach a shainaithint agus a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar chlaontaí ó phleananna agus chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna agus rioscaí; neamh‑chomhréireachtaí a shainaithint leis na caighdeáin cháilíochta atá leagtha síos agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha a dhéanamh srl.
Athbhreithniú agus measúnú tionchair
Measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht an tionscadail de réir chuspóirí an tionscadail agus pleananna cur chun feidhme; meastóireacht ar na gníomhaíochtaí agus ar a dtionchar ar leibhéil éagsúla, torthaí an tionscadail a chomhroinnt agus a úsáid, srl.
Ina theannta sin, i gcás inarb iomchuí, agus i dtéarmaí comhréireacha, beidh coinne leis go ndéanfadh tionscadail:
- Plean gníomhaíochta fadtéarmach a chomhtháthú le haghaidh rolladh amach céimneach tháirgí insoláthartha an tionscadail nuair a bheidh deireadh tagtha leis an tionscadal (bunaithe ar chomhpháirtíochtaí leanúnacha) mar shampla bearta um inscálaitheacht agus inbhuanaitheacht airgeadais;
- Infheictheacht iomchuí agus scaipeadh forleathan thorthaí an tionscadail a chinntiú ar leibhéil trasnáisiúnta, náisiúnta agus/nó réigiúnacha le comhpháirtithe ábhartha.
Gnéithe cothrománacha le cur san áireamh agus do thionscadal á dhearadh
I dteannta na critéir fhoirmiúla a chomhlíonadh agus socrú comhair inbhuanaithe a chur ar bun le gach comhpháirtí tionscadail, is féidir go rannchuideoidh na gnéithe seo a leanas le cur le tionchar agus cur chun feidhme cáilíochtúil tionscadal fothaithe acmhainneachta ar fud na gcéimeanna éagsúla den tionscadal.
Moltar d’iarratasóirí (comhordaitheoir agus comhpháirtithe iomlána) na deiseanna agus na héirimí sin a chur san áireamh agus a dtionscadal á dhearadh acu.
An cuimsiú agus an éagsúlacht
Tacaíonn an Clár le tionscadail lena gcuirtear an cuimsiú sóisialta chun cinn agus arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an bhfor‑rochtain do dhaoine a bhfuil níos lú deiseanna acu, cuir i gcás daoine faoi mhíchumas agus daoine ag a bhfuil cúlra imirceach, chomh maith le daoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe agus iargúlta, daoine a bhfuil deacrachtaí socheacnamaíocha acu nó aon fhoinse fhéideartha neamh‑idirdhealaithe eile bunaithe ar inscne, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéis. Beidh na tionscadail ina gcuidiú chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní atá roimh na grúpaí sin chun deiseanna a thairgtear leis an gClár a rochtain, chomh maith le rannchuidiú le timpeallachtaí cuimsitheacha a chruthú a chothaíonn cothroime agus cothromas, agus atá freagrúil do riachtanais an phobail i gcoitinne.
Inbhuaine comhshaoil
Tacaíonn an Clár le feasacht a ardú faoi dhúshláin chomhshaoil agus athraithe aeráide. Moltar do thionscadail inniúlachtaí in earnálacha inbhuanaitheachta éagsúla, scileanna, straitéisí agus modheolaíochtaí earnála glasa chomh maith le curaclaim atá dírithe ar an todhchaí agus lena bhfreastalaítear ar bhealach níos fearr ar riachtanais daoine aonair a fhorbairt. Tacaíonn an Clár freisin le tástáil cleachtas nuálach chun foghlaimeoirí agus soláthraithe an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna (VET) a ullmhú le bheith ina bhfíorghníomhairí don athrú (mar shampla acmhainní a shábháil, úsáid fuinnimh agus dramhaíola a laghdú, astaíochtaí an loirg carbóin a chúiteamh, glacadh le roghanna bia agus soghluaisteachta inbhuanaithe, srl.).
An éirim dhigiteach
Tacaíonn an Clár leis na pleananna claochlaithe dhigitigh de chuid institiúidí bunoideachais, meánoideachais, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna (VET). Cothaíonn sé úsáid fhreagrach agus shábháilte teicneolaíochtaí digiteacha. Cuimsítear leis sin forbairt oideolaíochta agus saineolais dhigitigh in úsáid uirlisí digiteacha, agus teicneolaíochtaí inrochtana agus cúnta san áireamh chomh maith le cruthú agus úsáid nuálach inneachair oideachais dhigitigh.
Luachanna coiteanna, rannpháirteachas saoránach agus rannpháirtíocht
Tacaíonn an Clár leis an tsaoránacht ghníomhach agus leis an eitic san fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Ba cheart do thionscadail deiseanna a thairiscint do rannpháirtíocht daoine sa saol daonlathach agus do rannpháirtíocht shóisialta agus shaoránach. Díreofar freisin ar fheasacht a mhúscailt ar chomhthéacs an Aontais Eorpaigh agus ar an tuiscint ar an gcomhthéacs sin a mhéadú, go háirithe a mhéid a bhaineann le luachanna coiteanna an Aontais, prionsabail na haontachta agus na héagsúlachta, chomh maith lena bhféiniúlacht chultúrtha, lena bhfeasacht chultúrtha agus lena n‑oidhreacht shóisialta agus stairiúil.
Cé na critéir atá le comhlíonadh chun iarratas a dhéanamh ar thionscadal fothaithe acmhainneachta i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna?
Critéir incháilitheachta
Chun bheith incháilithe le haghaidh deontas Erasmus, ní mór na critéir seo a leanas a chomhlíonadh le tograí tionscadail le haghaidh forbairt acmhainneachta i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna:
Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?
Aon eagraíocht phoiblí nó phríobháideach atá gníomhach i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna (VET) agus atá bunaithe go dlíthiúil i mBallstát den Aontas Eorpach nó i dtír incháilithe nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár (féach Cuid A den Treoir seo). Ní féidir le heagraíochtaí ó thíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár a bheith ina gcomhordaitheoirí. Is é an comhordaitheoir a dhéanann iarratas thar ceann na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha uile atá páirteach sa tionscadal.
Cé na cineálacha eagraíochtaí atá incháilithe le bheith rannpháirteach sa tionscadal?
Ní mór do gach eagraíocht rannpháirteach a bheith gníomhach i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna nó sa mhargadh saothair. Is féidir léi páirt a ghlacadh mar chomhpháirtí iomlán, eintiteas cleamhnaithe nó chomhpháirtí comhlachaithe agus ní mór di a bheith bunaithe i mBallstát den Aontas Eorpach nó i dtír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár (féach Cuid A den Treoir seo), nó i dtír incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár (féach thíos).
Tíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár don ghníomhaíocht seo:
- Na tíortha go léir nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár i Réigiúin 1, 2, 3, 9, 10 agus 11 (féach Cuid A den Treoir seo);
Eisceacht: níl eagraíochtaí ón mBealarúis (Réigiún 2) incháilithe chun páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht seo.
D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist le heagraíochtaí den chineál sin (ní liosta uileghabhálach atá ann):
- Soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna;
- Cuideachtaí, eagraíochtaí ionadaíocha tionscail nó earnála;
- Údaráis cáilíochtaí náisiúnta/réigiúnacha;
- Seirbhísí fostaíochta ;
- Institiúidí taighde;
- Gníomhaireachtaí nuálaíochta;
- Údaráis forbartha réigiúnaí srl.
Is féidir lecomhpháirtithe comhlachaithe páirt a ghlacadh sa mhéid is a léiríonn siad go gcuireann a gcuid rannpháirtíochta luach sa bhreis atá riachtanach leis an tionscadal (mar shampla cur chun feidhme tascanna/gníomhaíochtaí tionscadail sonracha nó tacaíocht um scaipeadh agus inbhuanaitheacht an tionscadail). Le haghaidh saincheisteanna bainistíochta conarthacha, meastar nach comhpháirtithe tionscadail iad comhpháirtithe comhlachaithe agus ní fhaigheann siad aon mhaoiniú.
Líon agus próifíl na n‑‑rannpháirteacha
Bíonn tionscadail fothaithe acmhainneachta trasnáisiúnta agus ní mór ceithre eagraíocht (comhordaitheoir agus comhpháirtithe iomlána) ar a laghad a bheith páirteach iontu ó thrí thír ar a laghad:
- 1 eagraíocht ar a laghad as 2 Bhallstát dhifriúla den Aontas agus 2 eagraíocht ar a laghad as 1 tír ar a laghad nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, nó
- 1 eagraíocht ar a laghad as 2 thír dhifriúla nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár agus 2 eagraíocht ar a laghad as 1 tír incháilithe ar a laghad nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, nó
- 1 eagraíocht ar a laghad as Ballstát den Aontas Eorpach agus 1 eagraíocht ó thír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár agus 2 eagraíocht ar a laghad as 1 tír incháilithe ar a laghad nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár.
Ní mór don chuibhreannas soláthraí gairmoideachais agus gairmoiliúna (VET) amháin ar a laghad, ar leibhéal an oideachais neamhthreasaigh, a chuimsiú.
Ní fhéadfaidh líon na n‑eagraíochtaí ó Bhallstáit den Aontas Eorpach agus ó thíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár a bheith níos airde ná líon na n‑eagraíochtaí ó thíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár.
Ní chuirtear eintitis chleamhnaithe agus comhpháirtithe comhlachaithe san áireamh mar chuid de na ceanglais thuas.
Ionad na ngníomhaíochtaí
Ní mór gach gníomhaíocht a reáchtáil i dtíortha na n‑eagraíochtaí atá rannpháirteach sa tionscadal seachas i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le cuspóirí na gníomhaíochta.Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil údar cuí leis i ndáil le cuspóirí nó cur chun feidhme an tionscadail:
- Féadfar gníomhaíochtaí a reáchtáil ag suíomh Institiúide de chuid an Aontais Eorpaigh freisin, fiú amháin más fíor nach bhfuil sa tionscadal aon eagraíocht rannpháirteach ón tír a óstálann an Institiúid;
- Féadfar gníomhaíochtaí lena mbaineann comhroinnt agus cur chun cinn torthaí a reáchtáil freisin ag imeachtaí/comhdhálacha trasnáisiúnta téamacha ábhartha i mBallstáit den Aontas Eorpach nó i dtíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár nó i dtíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár.
Fad an tionscadail
Ba cheart tréimhse 12, 24 nó 36 mhí a bheith i gceist leis na tionscadail (is féidir síneadh a chur leis an tréimhse sin, le leasú, má tá údar cuí leis). Ní mór an fad a roghnú ag céim an iarratais, bunaithe ar chuspóir an tionscadail agus ar an gcineál gníomhaíochtaí atá beartaithe le himeacht aimsire.
Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?
Faoi bhráid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA).
Uimhir aitheantais an Ghlao: ERASMUS-EDU-2023-CB-VET
Cathain is féidir iarratas a dhéanamh?
Ní mór d’iarratasóirí an t‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoin 28 Feabhra ar 17:00:00 (am na Bruiséile).
Critéir eile
Ní fhéadfaidh an comhordaitheoir céanna ach togra amháin a chur isteach in aghaidh an sprioc‑ama. Má chuireann an comhordaitheoir céanna níos mó ná togra amháin isteach, ní dhéanfar ach an ceann is túisce a chuirtear isteach a chur san áireamh agus diúltófar go huathoibríoch don cheann eile nó do na cinn eile.
Déanfar measúnú ar eagraíochtaí is iarratasóirí de réir na gcritéar eisiaimh agus roghnúcháin ábhartha. Chun breis faisnéise a fháil féach Cuid C den Treoir seo.
Tionchar measta
Ba cheart do na tionscadail a dtabharfar deontas dóibh a dtionchar measta a léiriú trí na torthaí seo a leanas a bhaint amach:
- Naisc níos fearr a chruthú idir tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe le Clár chóras an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna (VET) agus a mhargadh saothair;
- Naisc idir bpróifílí an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna (VET) agus straitéisí agus tosaíochtaí áitiúla/réigiúnacha/náisiúnta a fheabhsú;
- Inniúlachtaí sholáthraithe an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna (VET) go háirithe i réimsí na bainistíochta, an rialachais, an chuimsitheacht, an dearbhaithe cáilíochta, an nuálaíochta agus an idirnáisiúnaithe a fheabhsú;
- Teagmháil a mhéadú idir foirne, bainisteoirí, lucht ceaptha beartas agus múinteoirí sinsearacha agus cuir chuige a ghlacann an margadh saothair agus an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint (VET) níos gaire dá chéile;
- Eolas, scileanna teicniúla, bainistíochta agus oideolaíocha múinteoirí agus oiliúnóirí an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna (VET) a fheabhsú;
- Ionchur níos fearr ó mhúinteoirí/oiliúnóirí, fhoghlaimeoirí agus fhostóirí an ghairmoideachais agus na gairmiúla (VET) maidir le curaclam, dearadh próifíle agus leasú oiliúna;
- Leibhéal inniúlachtaí, scileanna agus infhostaitheachta fhéideartha ag foghlaimeoirí an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna (VET) a fheabhsú;
- Comhar méadaithe ar fud réigiúin éagsúla den domhan trí thionscnaimh chomhpháirtíochta;
- Inniúlachtaí na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha maidir leis an inbhuaine comhshaoil a fhorbairt;
- Scileanna agus inniúlachtaí digiteacha an spriocphobail a fheabhsú trí ghníomhaíochtaí agus trí thionscnaimh oiriúnacha;
- Inniúlachtaí sóisialta agus idirchultúrtha i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna (VET) a mhéadú.
Critéir dhámhachtana
Ní mór go bhfreagraítear i ngach togra na pointí go léir i gcuid B den iarratas a liostaítear faoi na ceithre chritéar dhámhachtana uile a chuirtear in iúl thíos.
Ábharthacht an tionscadail - (scór uasta 30 pointe)
- Nasc le réimsí téamacha: ábharthacht an togra maidir le cuspóirí agus le réimsí téamacha na gníomhaíochta;
- Tosaíochtaí réigiúnacha: tugann an togra aghaidh ar na tosaíochtaí réigiúnacha, agus doiciméid pholasaí ábhartha a liostaítear faoin ngníomhaíocht sin san áireamh;
- Comhthéacs áitiúil: tá an togra bunaithe ar anailís riachtanas oiriúnach atá indéanta i gcomhthéacs áitiúil na spriocthíre(spriocthíortha);
- Comhsheasmhacht: sainítear cuspóirí an iarratais go soiléir, tá siad réalaíoch, agus tugtar aghaidh leo ar shaincheisteanna atá ábhartha maidir leis na heagraíochtaí rannpháirteacha agus leis na spriocghrúpaí;
- Nuálaíocht: cuirtear modhanna agus teicnící úrscothacha san áireamh sa togra, agus tá mar thoradh air torthaí agus réitigh nuálacha le haghaidh a réimse go ginearálta, nó le haghaidh an chomhthéacs gheografaigh ina gcuirtear an tionscadal chun feidhme (mar shampla inneachar; na haschuir a táirgeadh, na modhanna oibre a cuireadh i bhfeidhm, na heagraíochtaí nó na daoine lena mbaineann nó atá spriocdhírithe);
- Comhlántacht: tá an togra comhlántach ar thionscnaimh eile atá déanta ag na heagraíochtaí rannpháirteacha cheana féin;
- Fothú acmhainneachta: sainítear na gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta go soiléir agus is é is aidhm dóibh inniúlachtaí na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha go príomha ó thíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár a threisiú;
- Nasc le straitéisí: inscríobhtar na gníomhaíochtaí i straitéisí forbartha spriocsholáthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna (VET) agus i straitéisí tacaíochta ar leibhéal na tíre, cuir i gcás aird níos mó ar infhostaitheacht, chuimsitheacht, éagsúlacht agus rannpháirtithe atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch nuair is ábhartha;
- Gnéithe cothrománacha: cuirtear gnéithe cothrománacha an Chláir san áireamh.
Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail - (scór uasta 30 pointe)
- Comhleanúnachas: áirithítear leis an dearadh foriomlán tionscadail comhsheasmhacht idir cuspóirí an tionscadail, gníomhaíochtaí agus an buiséad atá beartaithe. Cuirtear i láthair sa togra tacar comhleanúnach cuimsitheach gníomhaíochtaí agus seirbhísí iomchuí chun freastal ar na riachtanais shainaitheanta agus chun na torthaí a bhfuil coinne leo a bhaint amach. Is ann do chéimeanna iomchuí d’ullmhú, cur chun feidhme, monatóireacht, saothrú, meastóireacht agus scaipeadh;
- Modheolaíocht: oiriúnacht agus cáilíocht na modheolaíochta atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais a shainaithnítear;
- Plean oibre: cáilíocht and éifeachtacht an phlean oibre, mar shampla a mhéid atá na hacmhainní atá sannta do phacáistí oibre i gcomhréir lena gcuspóirí agus lena dtáirgí insoláthartha;
- Modhanna foghlama seachfhoirmiúla: cáilíocht na modhanna foghlama seachfhoirmiúla atá beartaithe - más infheidhme, is é sin má mholtar modhanna foghlama seachfhoirmiúla san iarratas;
- Roghnú na rannpháirtithe: cáilíocht na socruithe maidir le roghnú na rannpháirtithe atá páirteach i ngníomhaíochtaí an togra i ndáil le cuspóirí cuimsitheachta agus éagsúlachta;
- Aitheantas agus bailíochtú: cáilíocht na socruithe chun torthaí foghlama na rannpháirtithe a aithint agus a bhailíochtú chomh maith le húsáid chomhleanúnach uirlisí trédhearcachta agus aitheantais Eorpacha;
- Bearta rialála cáilíochta: bearta rialaithe cáilíochta a bheith ann agus a n‑ábharthacht lena áirithiú go mbeidh cur chun feidhme an tionscadail ar ardcháilíocht, agus go gcríochnófar in am é agus go gcloífear leis an mbuiséad;
- Cost‑éifeachtacht: a mhéid atá an tionscadal costéifeachtach agus a leithdháiltear acmhainní iomchuí ar gach gníomhaíocht leis;
- Gníomhaíochtaí soghluaisteachta: oiriúnacht na mbeart chun rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta a roghnú agus/nó chun go mbeidh siad rannpháirteach iontu (déan tagairt do ‘Cosaint, sláinte agus sábháilteacht na rannpháirtithe’ i gcuid A den Treoir seo chomh maith le ceanglais agus moltaí eile is infheidhme maidir le tionscadal soghluaisteachta PG1.) - más infheidhme, is é sin go bhfuil gníomhaíochtaí soghluaisteachta mar chuid den iarratas.
Cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair -(scór uasta 20 pointe)
- Cumraíocht: mar chuid den togra tá meascán iomchuí d’eagraíochtaí rannpháirteacha comhlántacha ag a bhfuil an phróifíl, an taithí agus an saineolas is gá chun gach gné den tionscadal a chur i gcrích go rathúil;
- Gealltanas: leis an dáileadh freagrachtaí agus cúraimí léirítear gealltanas agus rannchuidiú gníomhach na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha uile.
- Comhar: sásraí éifeachtacha a bheith ann le haghaidh an chomhair agus na cumarsáide idir na heagraíochtaí rannpháirteacha agus le geallsealbhóirí ábhartha eile chomh maith leis sin.
Tionchar - (scór uasta 20 pointe)
- Tionchar: tionchar féideartha an tionscadail:
- ar rannpháirtithe agus eagraíochtaí rannpháirteacha le linn shaolré an tionscadail agus ina dhiaidh sin;
- lasmuigh de na heagraíochtaí agus ar dhaoine aonair atá go díreach rannpháirteach sa tionscadal, ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus/nó idirnáisiúnta;
- Scaipeadh: cáilíocht an phlean scaipthe: a iomchuí atá na bearta, agus cáilíocht na mbeart, arb é is aidhm dóibh torthaí an tionscadail a chomhroinnt laistigh agus lasmuigh de na heagraíochtaí rannpháirteacha;
- Saothrú: léirítear leis an togra conas a úsáidfidh na comhpháirtithe agus geallsealbhóirí eile torthaí an tionscadail seo. Déanann sé cur síos ar bhearta saothraithe laistigh de shaolré an tionscadail agus ina dhiaidh sin;
- Rochtain oscailte: tugtar tuairisc sa togra ar an gcaoi a ndéanfar na hábhair, na doiciméid agus na meáin a tháirgfear a chur ar fáil gan srian agus a chur chun cinn trí cheadúnais oscailte, agus nach bhfuil teorainneacha díréireacha ann;
- Inbhuanaitheacht: cáilíocht na bpleananna chun inbhuanaitheacht an tionscadail a áirithiú: an acmhainneacht atá ann leanúint de thionchar a bheith aige agus torthaí a tháirgeadh nuair a bheidh an deontas ón Aontas ídithe.
Ní mór 60 pointe ar a laghad (as 100 pointe san iomlán) a bhaint amach le togra chun go gcuirfear san áireamh le haghaidh maoiniúcháin é.
Ina theannta sin, ní mór dóibh leath na bpointí scóir uasta ar a laghad a ghnóthú i ngach ceann de na ceithre chritéar dhámhachtana thuasluaite (is é sin 15 phointe ar a laghad le haghaidh ‘ábharthacht an tionscadail’ agus ‘cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail’; 10 bpointe le haghaidh na gcatagóirí ‘cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair’ agus ‘tionchar’).
I gcásanna ina bhfaigheann dhá iarratas nó níos mó an scór iomlán céanna (cásanna ex aequo), tabharfar tosaíocht do na scóir is airde le haghaidh ‘ábharthacht an tionscadail’ agus ansin ‘tionchar’.
Faisnéis bhreise
Ní hionann glacadh le hiarratas agus gealltanas go ndámhfar maoiniú cothrom leis an méid a d’iarr na hiarratasóirí. Féadfar an maoiniú a iarradh a laghdú ar bhonn na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an ngníomhaíocht agus le torthaí an mheasúnaithe.
Mar riail ghinearálta, agus laistigh de theorainneacha na gcreataí dlíthiúla náisiúnta agus Eorpacha atá ann cheana, ba cheart na torthaí a chur ar fáil mar acmhainní oscailte oideachais (OER) agus, chomh maith leis sin, ar ardáin údarás ábhartha, gairmiúil, earnála nó inniúil. Tabharfar tuairisc sa togra ar an gcaoi a ndéanfar na sonraí, na hábhair, na doiciméid agus na gníomhaíochtaí closamhairc agus meán sóisialta a tháirgfear a chur ar fáil gan srian agus a chur chun cinn trí cheadúnais oscailte, agus ní bheidh teorainneacha díréireacha ann.
Cad iad na rialacha cistiúcháin atá ann?
Leanann an ghníomhaíocht seo samhail cistiúcháin cnapshuime. Cinnfear méid na ranníocaíochta cnapshuime aonair le haghaidh gach deontais bunaithe ar bhuiséad measta na gníomhaíochta atá beartaithe ag na hiarratasóirí. Socróidh an t‑údarás deonúcháin cnapshuim gach deontais bunaithe ar an togra, ar an toradh meastóireachta, ar na rátaí cistiúcháin agus ar uasmhéid an deontais atá socraithe sa ghlao.
Beidh an deontas ón Aontas in aghaidh an tionscadail idir EUR 100 000 ar a laghad agus EUR 400 000 ar a mhéad
Conas a chinntear cnapshuim an tionscadail?
Ní mór d’iarratasóirí tábla buiséid mionsonraithe a líonadh isteach de réir na foirme iarratais, agus na pointí seo a leanas á gcur san áireamh:
- Ba cheart an buiséad a bheith mionsonraithe mar is gá ag an tairbhí/na tairbhithe agus eagraithe i bpacáistí oibre comhleanúnacha (mar shampla roinnte i ‘bainistíocht tionscadail’, ‘oiliúint’, ‘eagrú imeachtaí’, ‘ullmhú agus cur chun feidhme na soghluaisteachta’, ‘cumarsáid agus scaipeadh’, ‘dearbhú cáilíochta’, srl.);
- Leis an togra ní mór tuairisc a thabhairt ar na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le gach pacáiste oibre;
- Ní mór d’iarratasóirí miondealú ar an gcnapshuim a sholáthar ina dtogra lena léirítear an scair in aghaidh an phacáiste oibre (agus, laistigh de gach pacáiste oibre, an scair atá sannta do gach tairbhí agus eintiteas cleamhnaithe);
- Sna costais ar a dtugtar tuairisc is féidir costais ball foirne, costais taistil agus chothaithe, costais trealaimh agus fochonraitheoireachta mar aon le costais eile (amhail scaipeadh faisnéise, foilsiú, aistriú) a chumhdach.
Déanfar meastóireacht ar thograí de réir na nósanna imeachta meastóireachta caighdeánacha le cuidiú ó shaineolaithe inmheánacha agus/nó seachtracha. Déanfaidh na saineolaithe measúnú ar cháilíocht na dtograí de réir na gceanglas a shainítear sa ghlao agus thionchar, cháilíocht agus éifeachtúlacht mheasta na gníomhaíochta. I ndiaidh na meastóireachta ar an togra, cinnfidh an t‑oifigeach údarúcháin méid na cnapshuime, agus torthaí an mheasúnúcháin a rinneadh á gcur san áireamh. Beidh an chnapshuim teoranta do 80 % ar a mhéad den bhuiséad measta a chinntear tar éis na meastóireachta.
Socrófar paraiméadair an deontais (uasmhéid deontais, ráta cistiúcháin, costais incháilithe iomlána, srl.) sa chomhaontú deontais. Ní cheadaítear tacaíocht airgeadais do thríú páirtithe. Ceadaítear costais oibrithe deonacha agus FBManna. Féach Cuid C den Treoir Cláir seo, an roinn ‘Costais dhíreacha incháilithe’.
Déanfar meastóireacht ar éachtaí an tionscadail de réir na dtorthaí a chuirtear i gcrích. Leis an scéim cistiúcháin, d’fhéadfaí díriú ar na haschuir seachas ar na hionchuir, rud a chuirfeadh béim ar cháilíocht agus leibhéal gnóthachtála cuspóirí intomhaiste.
Tugtar tuairisc ar níos mó mionsonraí i samhail an chomhaontaithe deontais atá le fáil ar an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana (TDCT).
- 1 Seachas an Bhealarúis agus tíortha na hÁise Láir nach bhfuil incháilithe faoin ngníomhaíocht seo.
- 2 Próiseas rannpháirteach is ea Próiseas Torino (TRP) a bhfuil anailís fhianaisebhunaithe ar na beartais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna i dtír áirithe mar thoradh air. Tugann Próiseas Torino, a tugadh isteach in 2010 agus a chuirtear i bhfeidhm gach 2 bhliain, léargas ar staid forbartha na gcóras VET i dtíortha comhpháirtíochta ETF, forbhreathnú ar an dul chun cinn a rinneadh agus tosaíochtaí don todhchaí.
- 3 https://www.etf.europa.eu/en/publications-and-resources/publications/policies-human-capital-development-southern-and-eastern; https://www.etf.europa.eu/en/publications-and-resources/publications/policies-human-capital-development-eastern-partnership-etf; https://www.etf.europa.eu/en/publications-and-resources/publications/policies-human-capital-development-south-eastern-europe-and
- 4 https://ec.europa.eu/international-partnerships/global-europe-programming_en
- 5 Mar atá thuas
- 6 Mar atá thuas