Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Gluais téarmaí - Ardoideachas

Rátáil

Tacar torthaí foghlama duine a ndearnadh measúnú orthu agus ar féidir iad a shealbhú chun cáilíocht a bhaint amach nó a aistriú chuig cláir foghlama nó cáilíochtaí eile.

Soghluaisteacht creidiúintí

Tréimhse theoranta staidéir nó cúrsa oiliúna ar an gcoigríoch atá leagtha síos laistigh de staidéir leanúnacha ag institiúid baile – chun críche creidiúintí a ghnóthú. Tar éis na céime soghluaisteachta, filleann mic léinn ar a n‑institiúid bhaile chun a gcuid léinn a chur i gcrích.

Soghluaisteacht céime

Tréimhse staidéir ar an gcoigríoch a bhfuil mar aidhm leis céim iomlán nó deimhniú a bhaint amach sa tír chinn scríbe nó sna tíortha cinn scríbe.

Forlíonadh Dioplóma

Iarscríbhinn le doiciméadacht oifigiúil na cáilíochta, atá deartha chun eolas níos mionsonraithe a sholáthar ar an léann a cuireadh i gcrích de réir formáid chomhaontaithe a aithnítear go hidirnáisiúnta; doiciméad a ghabhann le dioplóma ardoideachais, lena soláthraítear tuairisc chaighdeánaithe ar chineál, leibhéal, comhthéacs, inneachar agus stádas an staidéir atá curtha i gcrích ag an sealbhóir. Is iad institiúidí ardoideachais a sholáthraíonn an forlíonadh de réir na gcaighdeán atá comhaontaithe ag an gCoimisiún Eorpach, ag Comhairle na hEorpa agus ag UNESCO. I gcomhthéacs comhchlár staidéir idirnáisiúnta, moltar ‘forlíonadh dioplóma comhpháirteach’ a eisiúint lena gcumhdaítear an clár ina iomláine agus é formhuinithe ag na hollscoileanna bronnta céime uile.

Céim dhúbailte/céim iolrach

(Ar a laghad) dhá dheimhniú céime ar leith a dhámhtar ar mhac léinn tar éis clár comhpháirteach a chur i gcrích go rathúil. Is éard is céim dhúbailte ann cineál sonrach ilchéime. Ní mór do gach céim a bheith sínithe ag údarás inniúil na hinstitiúide lena mbaineann, agus aitheanta go hoifigiúil sna tíortha ina bhfuil na hinstitiúidí bronnta éagsúla lonnaithe.

ECHE (Cairt Ardoideachais Erasmus)

Creidiúnú a bhronnann an Coimisiún Eorpach lena gcuirtear ar a gcumas d’institiúidí ardoideachais ó Bhallstáit den Aontas agus tíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár a bheith incháilithe le hiarratas a dhéanamh agus a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama agus comhair faoi Erasmus+. Féadfaidh institiúidí ardoideachais ó thíortha nach bhfuil san Aontas atá sna Balcáin Thiar agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár iarratas a dhéanamh ar ECHE chun críocha an Ghlao ar Thograí maidir le Tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha, a bhfuil siad incháilithe ina leith agus féadfaidh ECHE a dheonú dóibh chun na gcríoch sin. Tá achoimre sa Chairt ar na bunphrionsabail ar cheart d’institiúid cloí leo chun soghluaisteacht agus comhar ardchaighdeáin a eagrú agus a chur chun feidhme. Luaitear ann na riachtanais a dtoilíonn an institiúid iad a chomhlíonadh chun seirbhísí agus nósanna imeachta ardchaighdeáin a áirithiú, mar aon le soláthar faisnéise iontaofa agus trédhearcaí.

ECTS (an Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna)

Córas foghlaimeoirlárnach le haghaidh sealbhú agus aistriú creidiúintí, bunaithe ar thrédhearcacht na foghlama, an teagaisc agus na bpróiseas measúnaithe. An cuspóir atá leis pleanáil agus soláthar clár staidéir agus soghluaisteachta foghlaimeoirí, agus measúnú orthu, a éascú trí cháilíochtaí agus tréimhsí foghlama a aithint. Córas lena gcuidítear le cláir staidéir a dhearadh, tuairisc a dhéanamh orthu, agus iad a sholáthar, agus le cáilíochtaí ardoideachais a bhronnadh. Mar thoradh ar úsáid ECTS, i gcomhar le creataí cáilíochtaí bunaithe ar thorthaí, bíonn cláir staidéir agus cáilíochtaí níos trédhearcaí agus éascaítear aithint cáilíochtaí.

Institiúid ardoideachais

Ciallaíonn sé institiúid ina dtairgtear, i gcomhréir le dlí nó cleachtadh náisiúnta, céimeanna aitheanta nó cáilíochtaí aitheanta eile ar leibhéal an oideachais threasaigh, gan beann ar an ainm a chuirtear ar an bhforas sin, nó institiúid inchomparáide tríú leibhéal eile a measann na húdaráis náisiúnta a bheith incháilithe chun páirt a ghlacadh sa Chlár ina gcríocha faoi seach.

Céim chomhpháirteach

Deimhniú céime aonair a bhronntar ar mhac léinn tar éis clár comhpháirteach a chur i gcrích go rathúil. Ní mór d’údaráis inniúla dhá cheann nó níos mó de na hinstitiúidí rannpháirteacha an chéim chomhpháirteach a shíniú agus ní mór an chéim a aithint go hoifigiúil sna tíortha ina bhfuil na hinstitiúidí rannpháirteacha sin bunaithe.

Cláir chomhpháirteacha

Cláir ardoideachais (staidéir nó taighde) a ndeartar agus a soláthraítear iad go comhpháirteach agus atá aitheanta go hiomlán ag dhá institiúid ardoideachais nó níos mó. Is féidir cláir chomhpháirteacha a chur chun feidhme in aon timthriall ardoideachais, is é sin, céim bhaitsiléara, máistir, dochtúireacht, nó fiú timthriall gearr. Féadfaidh cláir chomhpháirteacha a bheith náisiúnta (is é sin, nuair is as an tír chéanna do na hollscoileanna rannpháirteacha uile) nó trasnáisiúnta/idirnáisiúnta (is é sin, nuair a dhéantar ionadaíocht do dhá thír éagsúla ar a laghad i measc na n‑institiúidí ardoideachais lena mbaineann).

Cláir staidéir aon timthrialla amháin

Cláir chomhtháite/fhada ar a mbronntar céim céad timthrialla nó dara timthriall agus, i dtíortha áirithe, ar fearr is féidir cur síos a dhéanamh orthu lena bhfad i mblianta seachas i dtéarmaí creidiúintí. I bhformhór na dtíortha sin, is i réimsí an leighis, na fiaclóireachta, na tréidliachta, an altranais agus an chnáimhseachais atá na cláir nach mbaineann le samhail céad timthrialla Bologna, agus bíonn 1-8 % de mhic léinn ag gabháil dóibh go hiondúil. 300-360 ECTS / 5-6 bliana fad ama na gclár comhtháite le haghaidh na ngairmeacha rialáilte go hiondúil, ag brath ar an ngairm rialáilte lena mbaineann.

Tríú timthriall

Leibhéal an tríú timthriall sa Chreat Cáilíochtaí le haghaidh Limistéar Eorpach an Ardoideachais a chomhaontaigh na hairí atá freagrach as an ardoideachas ag a gcruinniú in Bergen i mí na Bealtaine 2005 i gcreat phróiseas Bologna. Comhfhreagraíonn an tuairisceoir den tríú timthriall den Chreat Cáilíochtaí do na torthaí foghlama do leibhéal 8 den Chreat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF).

Tagged in:  Higher education