Céim 3: Na coinníollacha airgeadais a sheiceáil
Cineálacha deontais
Féadfaidh an deontas a bheith sna foirmeacha seo a leanas:
- deontas costas iarbhír measctha:
- aisíocaíocht ar chéatadán de na costais inaisíoctha arna thabhú go hiarbhír: mar shampla, na costais eisceachtúla faoi ghníomhaíochtaí soghluaisteachta Phríomhghníomhaíocht 1.
- aisíocaíocht ar bhonn costais aonaid, lena gcumhdaítear catagóirí sonracha áirithe de chostais incháilithe a shainaithnítear go soiléir roimh ré faoi threoir méid in aghaidh an aonaid: mar shampla, an tacaíocht aonair faoi thionscadail soghluaisteachta Phríomhghníomhaíocht 1;
- ranníocaíochtaí cnapshuime: Ciallaíonn sé sin go n‑aisíocfar suim sheasta leis an deontas, bunaithe ar chnapshuim nó ar mhaoiniú nach bhfuil nasctha le costais. Ríomhtar na méideanna cnapshuime i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach sa Chinneadh ón gCoimisiún lena n‑údaraítear úsáid cnapshuimeanna agus costas aonaid faoi Chlár Erasmus+
2021-20271
agus trí úsáid a bhaint as an tábla mionsonraithe buiséid/áireamhán a sholáthraítear (más ann dó). Is féidir gurb é atá ann:
- Deontais Cnapshuime bunaithe ar bhuiséad: Socróidh an t‑údarás deonaithe an méid ar bhonn bhuiséad measta an tionscadail, thoradh na meastóireachta agus ráta maoiniúcháin atá socraithe sa Ghlao (Cuid B den Treoir seo. Ní mór na bunchoinníollacha incháilitheachta maidir le deontais costais iarbhír an Aontais a chomhlíonadh leis an mbuiséad measta (le haghaidh gníomhaíochtaí arna mbainistiú ag EACEA, féach AGA — Comhaontú Deontais Anótáilte, airteagal 6);
- Deontais Cnapshuime réamhshocraithe: Déanann an t‑údarás deonúcháin an méid a réamhshocrú sa Ghlao (Cuid B den Treoir seo);
- meascán de na nithe thuas.
I bhformhór na gcásanna, soláthraítear leis an sásra maoinithe a chuirtear i bhfeidhm faoi Chlár Erasmus+ deontais bunaithe ar an aisíocaíocht ar bhonn costais aonaid nó cnapshuimeanna. Cuidíonn na cineálacha deontais sin le hiarratasóirí méid an deontais arna iarraidh a ríomh go héasca agus pleanáil airgeadais réalaíoch an tionscadail a éascú.
Le fáil amach cén cineál deontais a chuirtear i bhfeidhm maidir le gach mír mhaoinithe faoi gach Gníomhaíocht Erasmus+ a chumhdaítear leis an Treoir seo, féach an tuairisc ar gach gníomhaíocht i gCuid B, an roinn ‘Cad iad na rialacha maoinithe?’.
Prionsabail a bhaineann le deontais ón aontas eorpach
Neamh‑aisghníomhaíocht
Ní fhéadfar aon deontas ón Aontas a dhámhachtain go cúlghabhálach le haghaidh tionscadail atá críochnaithe cheana féin.
Ní fhéadfar deontas ón Aontas a dhámhachtain le haghaidh tionscadal a tosaíodh cheana ach amháin i gcás inar féidir leis an iarratasóir a léiriú, sa togra tionscadail, gur gá tús a chur leis an tionscadal sular síníodh an comhaontú deontais. I gcásanna den sórt sin, ní thabhófar na costais incháilithe ar mhaoiniú roimh an dáta faoina gcuirtear isteach an t‑iarratas ar dheontas.
Má chuireann an t‑iarratasóir tús leis an tionscadal a chur chun feidhme sula sínítear an comhaontú deontais, déantar sin ar riosca an iarratasóra.
Tíolacthaí iolracha
Féadfaidh iarratasóirí níos mó ná togra amháin a chur isteach le haghaidh tionscadail dhifriúla faoin nglao céanna (agus féadfar maoiniú a dhámhachtain orthu ina leith). Féadfaidh eagraíochtaí a bheith rannpháirteach i níos mó ná togra amháin.
I gcás gníomhaíochtaí arna mbainistiú ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin, má tá roinnt tograí ann le haghaidh tionscadail atá an-chomhchosúil, is le haon togra amháin a ghlacfar agus ní dhéanfar meastóireacht ach ar aon togra amháin; iarrfar ar na hiarratasóirí na tograí eile a tharraingt siar (nó diúltófar dó).
Féadfar tograí a athrú agus a chur isteach arís suas go dtí an sprioc‑am chun iarratas a chur isteach.
Maidir le gníomhaíochtaí a bhainistíonn Gníomhaireachtaí Náisiúnta, i gcás ina gcuireann an t‑iarratasóir céanna an t‑iarratas céanna faoi bhráid Gníomhaireachtaí éagsúla an iliomad uaireanta, diúltófar dóibh. I gcás ina gcuireann an t‑iarratasóir céanna nó iarratasóir éagsúil iarratais atá beagnach comhionann nó atá comhchosúil faoi bhráid na Gníomhaireachta céanna nó na nGníomhaireachtaí céanna, beidh siad uile faoi réir measúnú sonrach agus is féidir go ndiúltófar iad uile.
Inneachar bunaidh agus údarthacht
I ngach iarratas ar thionscadail agus creidiúnú, ní mór inneachar bunaidh atá údaraithe ag an iarratasóir nó ag eagraíochtaí eile a chuireann isteach go comhpháirteach ar dheontas a bheith ann. Má táthar ag cuimhneamh ar uirlisí intleachta saorga giniúnaí (IS) a úsáid chun an t‑iarratas a ullmhú, ba cheart a fhios a bheith ag na hiarratasóirí go bhféadfadh bradaíl a bheith ann, ba cheart dóibh an t‑iarratas a mheas go cúramach chun a oiriúnacht agus a cruinneas a chinntiú, agus go gcomhlíontar rialacháin maidir le maoin intleachtúil leis, agus gur inneachar bunaidh atá ann. Féadfaidh institiúid ardoideachais a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar ghníomhaíochtaí soghluaisteachta idirnáisiúnta páirt a thabhairt maidir le dréachtú a n‑iarratas dá gcuid institiúidí ardoideachais comhpháirtíochta ó thíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár. Ní féidir aon eagraíocht eile ná daoine aonair seachtracha a íoc ná a chúiteamh ar bhealach eile as an iarratas a dhréachtú. Féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta an t‑iarratas a dhiúltú ón bpróiseas roghnúcháin nó tionscadal/creidiúnú dáfa a fhoirceannadh ag aon tráth má chinneann sí nár comhlíonadh na rialacha sin.
Dámhachtain neamhcharnach
I gcás gach tionscadail, ní dhámhfar ach aon deontas amháin ón mbuiséad d’aon tairbhí amháin. Ní dhéanfar na costais chéanna a mhaoiniú faoi dhó i gcás ar bith trí mheán bhuiséad an Aontais.
Chun an baol maidir le maoiniú dúbailte a sheachaint, ní mór don iarratasóir foinsí agus méideanna aon mhaoiniúcháin eile a fuarthas, nó ar cuireadh iarratas isteach lena aghaidh, le linn na bliana a léiriú, bíodh sé sin le haghaidh an tionscadail chéanna nó le haghaidh aon tionscadal eile, cuir i gcás deontais oibriúcháin. Le haghaidh gníomhaíochtaí a bhainistíonn na Gníomhaireachtaí Náisiúnta, léireofar an méid sin san fhoirm iarratais. I gcás gníomhaíochtaí arna mbainistiú ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin, seiceálfar é sin tríd an dearbhú ar onóir.
Neamhbhrabús
Ní bheidh sé de chuspóir ná d’éifeacht ag deontas a mhaoinítear trí bhuiséad an Aontais brabús a dhéanamh faoi chuimsiú an tionscadail a dhéanann an tairbhí. Sainítear brabús mar bharrachas, arna ríomh tráth a n‑íocfar an t‑iarmhéid, fáltas i leith chostais incháilithe na gníomhaíochta, i gcás ina mbeidh fáltais teoranta do dheontas an Aontais agus don teacht isteach arna ghiniúint ag an ngníomhaíocht nó2 . Níl feidhm ag an riail an neamhbhrabúis le:
- gníomhaíochtaí arb é a gcuspóir acmhainneacht airgeadais tairbhí a threisiú, nó gníomhaíochtaí lena ndéantar ioncam a ghiniúint chun a leanúnachas a chinntiú tar éis thréimhse mhaoinithe an Aontais dá bhforáiltear sa chomhaontú deontais;
- tacaíocht airgeadais don staidéar, don taighde, don oiliúint nó don oideachas a íoctar le daoine nádúrtha nó tacaíocht dhíreach eile a íoctar leis na daoine nádúrtha is mó gátar, ar nós daoine dífhostaithe agus dídeanaithe;
- gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag eagraíochtaí neamhbhrabúis;
- deontais a sholáthraítear i bhfoirm ranníocaíochta aonaid nó cnapshuimeanna;
- deontais ar luach íseal, a shainítear mar dheontais EUR 60 000 nó níos lú.
Nuair a dhéantar brabús, beidh an Coimisiún i dteideal ghnóthú chéatadán an bhrabúis a chomhfhreagraíonn do ranníocaíocht an Aontais leis na costais incháilithe a thabhaigh an tairbhí iarbhír agus an ghníomhaíocht á déanamh.
Chun críche an brabús a ghintear leis an deontas a ríomh, ní chuirfear san áireamh cómhaoiniú i bhfoirm ranníocaíochtaí comhchineáil.
Cómhaoiniú
Beidh réamh-mhaoiniú mar chuid de na deontais. Dá thoradh sin, ní fhorálfar leis an deontas sa tslánchruinne na hacmhainní is gá chun an ghníomhaíocht a chur i gcrích. Féadfaidh cómhaoiniú a fhoráil i bhfoirm acmhainní dílse an tairbhí, i bhfoirm ioncam a gineadh leis an ngníomhaíocht nó leis an gclár oibre nó i bhfoirm ranníocaíochtaí airgeadais nó ranníocaíochtaí comhchineáil ó thríú páirtithe.
Nuair a sholáthraítear deontas ón Aontas i bhfoirm costas aonaid, cnapshuime, nó maoiniú ar ráta comhréidh – mar atá i gcás fhormhór na nGníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Treoir seo – cinntíonn an Coimisiún prionsabail an neamhbhrabúis agus an chómhaoinithe le haghaidh na Gníomhaíochta ina hiomláine roimh ré nuair a shainíonn sé rátaí nó céatadáin na n‑aonad, na gcnapshuimeanna agus na rátaí comhréidh sin. Glactar leis go ginearálta go n‑urramófar prionsabal an neamhbhrabúis agus prionsabal an chómhaoinithe agus dá bhrí sin, ní gá d’iarratasóirí údar a thabhairt do na costais arna dtabhú ag an tionscadal. .
Mar sin féin, íocaíocht an deontais bunaithe ar an aisíocaíocht ar bhonn costais aonaid, cnapshuimeanna, nó maoiniú ar ráta comhréidh, tá sí gan dochar don cheart rochtana ar thaifid reachtúla na dtairbhithe. I gcás ina nochtar le seiceáil nó le hiniúchadh nár tharla an t‑imeacht ginte (mar shampla ní dhéantar gníomhaíochtaí an tionscadail mar a fhormheastar ag céim an iarratais, ní ghlacann rannpháirtithe páirt sna gníomhaíochtaí srl.) agus go ndearnadh íocaíocht mhíchuí leis an tairbhí i bhfoirm deontais bunaithe ar an íocaíocht ar bhonn ranníocaíochta le costais aonaid, cnapshuimeanna, nó maoiniú ar ráta comhréidh, beidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta nó Feidhmiúcháin i dteideal suas le méid an deontais a ghnóthú. Ar an mbealach céanna, mura gcuirtear na gníomhaíochtaí a rinneadh nó na haschuir a táirgeadh chun feidhme nó mura gcuirtear chun feidhme iad i gceart (lena n‑áirítear mainneachtain oibleagáid chonarthach a chomhlíonadh), féadfar an deontas a laghdú, agus a mhéid a cuireadh an ghníomhaíocht i gcrích á chur san áireamh. Ina theannta sin, chun críocha staidrimh agus monatóireachta, féadfaidh an Coimisiún Eorpach suirbhéanna a dhéanamh ar shamplaí de thairbhithe a bhfuil mar aidhm leo cainníochtú a dhéanamh i leith na gcostas iarbhír a thabhaítear i dtionscadail a chistítear bunaithe ar an aisíocaíocht ar bhonn ranníocaíochta le costais aonaid, cnapshuimeanna nó maoiniú ar ráta comhréidh.
Rialacha maidir le hincháilitheacht costas
Chun bheith incháilithe, ní mór na coinníollacha incháilitheachta a leagtar amach sa chomhaontú deontais agus mar a léirítear thíos a chomhlíonadh leis na costais agus leis an ranníocaíocht3 :
Costais incháilithe – coinníollacha ginearálta
I gcás costas iarbhír/fíorchostas:
- ní mór don tairbhí iad a thabhú i ndáiríre;
- ní mór iad a thabhú le linn fad an chur chun feidhme a bhunaítear sa chomhaontú deontais, cé is moite de na costais a bhaineann le tuarascálacha críochnaitheacha agus deimhnithe iniúchóireachta, ar costais iad a d’fhéadfaí a thabhú ina dhiaidh sin;
- ní mór iad a dhearbhú faoi cheann de na catagóirí buiséid a leagtar amach sa chomhaontú deontais;
- ní mór iad a thabhú i dtaca leis an ngníomhaíocht ar a dtugtar tuairisc sa chomhaontú deontais agus de réir mar is gá chun an ghníomhaíocht a chur chun feidhme;
- ní mór iad a bheith in‑sainaitheanta agus infhíoraithe, go háirithe taifead a bheith déanta orthu i dtaifid chuntasaíochta an tairbhí agus iad a bheith cinntithe de réir chaighdeáin chuntasaíochta infheidhme na tíre ina bhfuil an tairbhí bunaithe agus de réir ghnáthchleachtais an tairbhí i ndáil le cuntasaíocht chostála;
- ní mór na ceanglais is infheidhme maidir le cánacha, saothar agus leas sóisialta a chomhlíonadh leo;
- tá siad réasúnach, tá bonn cirt leo agus comhlíonann siad prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, go háirithe maidir le tíosaíocht agus éifeachtúlacht.
I gcás costais aonaid agus ranníocaíochtaí:
- ní mór iad a dhearbhú faoi cheann de na catagóirí buiséid a leagtar amach sa chomhaontú deontais;
- ní mór do na haonaid a bheith:
- in úsáid nó á dtáirgeadh iarbhír ag an tairbhí le linn na tréimhse cur chun feidhme;
- riachtanach maidir le cur chun feidhme na gníomhaíochta agus
ní mór an líon aonad a bheith inaitheanta agus infhíoraithe agus, nuair is gá, taifid agus doiciméadacht a bheith ag gabháil leo;
- ní mór do na haonaid a bheith:
Ranníocaíochtaí cnapshuime:
- ní mór iad a dhearbhú faoi cheann de na gníomhaíochtaí/pacáistí oibre a leagtar amach sa chomhaontú deontais;
- ní mór an obair a bheith curtha chun feidhme i gceart ag an tairbhí i gcomhréir le comhaontú an deontais;
- ní mór na táirgí insoláthartha/na haschuir a bheith bainte amach le linn an tréimhse cur chun feidhme.
I gcás gníomhaíochtaí arna mbainistiú ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin agus samhail chnapshuime á húsáid, socróidh an t‐údarás deonaithe (EACEA) an tSuim Chnapshuime ar bhonn bhuiséad measta an tionscadail. Soláthraítear mionsonraí i gCuid B den Treoir seo. Ina theannta sin:
- Ós rud é gurb é tábla an bhuiséid mhionsonraithe an bunús chun na cnapshuimeanna a shocrú le haghaidh na ndeontas (agus ós rud é nach mór cnapshuimeanna a bheith ina suimeanna ionadacha iontaofa le haghaidh costais iarbhír tionscadail), leis na costais a chuimsítear, ní mór na bunchoinníollacha incháilitheachta, maidir le deontais an Aontais le haghaidh costais iarbhír, a chomhlíonadh (féach AGA — Comhaontú Deontais Anótáilte, airteagal 6). Baineann tábhacht ar leith leis sin maidir le ceannacháin agus fochonraitheoireacht, nithe nach mór an luach is fearr ar airgead (nó an praghas is ísle más iomchuí) a chomhlíonadh ina leith agus ní mór iad a bheith saor ó aon choinbhleacht leasanna. Má tá costais neamh‑incháilithe i dtábla an bhuiséid, d’fhéadfaí an deontas a laghdú (fiú níos déanaí le linn chur chun feidhme an tionscadail nó tar éis dheireadh an tionscadail);
- más féidir costais aonaid le haghaidh oibrithe deonacha4 a chuimsiú i dtábla an bhuiséid mhionsonraithe le haghaidh gníomhaíocht phraiticiúil lena mbaineann cnapshuim, seiceáil Cuid B den Treoir seo. Ní gnáthchatagóir costais iad costais oibrithe deonacha. Níl aon chostas ann toisc go n‑oibríonn oibrithe deonacha saor in aisce, ach mar sin féin féadfar iad a chur leis an mbuiséad i bhfoirm costas aonaid réamhshocraithe (in aghaidh an oibrí dheonaigh), rud lena ligtear duit dá réir sin tairbhiú d’obair na n‑oibrithe deonacha don deontas (trí mhéid na haisíocaíochta a mhéadú suas le 100 % de ghnáthchostais, is é sin catagóirí costas seachas oibrithe deonacha). Tá breis eolais le fáil in AGA - Chomhaontú Deontais Anótáilte, airteagal 6.2.A.5.. ;
- má cheadaítear costas aonaid d’úinéir FBM / do dhuine nádúrtha5 i ndeontas cnapshuime agus más féidir é a chuimsiú i dtábla an bhuiséid mhionsonraithe le haghaidh gníomhaíocht phraiticiúil, seiceáil Cuid B;
- na costais taistil agus chothaithe faoi dheontas cnapshuime, bain úsáid as costas aonaid taistil agus chothaithe6
- má cheadaítear costais le haghaidh tacaíocht airgeadais do thríú páirtithe agus más féidir iad a chuimsiú i dtábla an bhuiséid mhionsonraithe le haghaidh gníomhaíocht phraiticiúil lena mbaineann cnapshuim, seiceáil Cuid B. Is é EUR 60 000 an t‐uasmhéid in aghaidh an tríú páirtí mura sonraítear a mhalairt i gCuid B;
- má tá córas sonrach ann le haghaidh costais trealaimh, seiceáil Cuid B;
- tá costais chumarsáide chun an tionscadal a chur i láthair ar shuíomhanna gréasáin nó ar chuntais meán sóisialta na rannpháirtithe incháilithe; níl costais le haghaidh suíomhanna gréasáin ar leithligh do thionscadail incháilithe.
Costais incháilithe - Coinníollacha sonracha
Féadfaidh costais iarbhír/fíorchostais incháilithe a bheith ina gcostais dhíreacha nó indíreacha.
Costais dhíreacha
Is costais shonracha iad na costais dhíreacha incháilithe atá nasctha go díreach le feidhmiú na gníomhaíochta agus, dá bhrí sin, is féidir iad a shannadh dó go díreach. Féach Cuid B den Treoir seo le haghaidh na gcatagóirí buiséid a aisíoctar mar chostais iarbhír.
Ní mór a bheith in ann próisis inmheánacha an tairbhí maidir le cuntasaíocht agus iniúchadh na costais agus an t‑ioncam a dhearbhaítear a réiteach go díreach leis na ráitis chuntasaíochta chomhfhreagracha agus le doiciméid tacaíochta.
Cáin bhreisluacha (CBL)
Cáin bhreisluacha (CBL) in‑asbhainte agus neamh‑in‑aisíoctha, is costas incháilithe í faoin reachtaíocht náisiúnta CBL is infheidhme7 . An t‑aon eisceacht a bhaineann leis sin ná gníomhaíochtaí nó idirbhearta ina bhfuil stáit, údaráis réigiúnacha agus áitiúla agus comhlachtaí poiblí eile páirteach mar údaráis phoiblí8 . Níl feidhm ag an Treoir maidir le CBL le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad. Féadfar eagraíochtaí ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár a dhíolmhú ó chánacha (agus CBL san áireamh), ó dhleachtanna agus ó mhuirir, más rud é gur síníodh comhaontú idir an Coimisiún Eorpach agus an tríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár ina bhfuil an eagraíocht bunaithe.
Costais indíreacha incháilithe
Is éard atá i gceist le costais indíreacha costais nach bhfuil nasctha go díreach le cur chun feidhme na gníomhaíochta agus nach féidir, dá bhrí sin, a bheith curtha ina leith go díreach.
I gcás tionscadail soghluaisteachta Oibrithe Óige (féach Cuid B den Treoir seo chun mionsonraí a fháil faoi na rialacha maoinithe le haghaidh Gníomhaíochtaí), maidir le méid ar ráta comhréidh, nach mó ná 7 % de chostais dhíreacha incháilithe an tionscadail, tá sé incháilithe faoi chostais indíreacha, arb iad sin costais riaracháin ghinearálta an tairbhí nach bhfuil cumhdaithe cheana féin leis na costais dhíreacha incháilithe (mar shampla billí leictreachais nó idirlín, costais áitribh, srl.) ach ar féidir a mheas gur costais inmhuirearaithe i leith an tionscadail iad.
Ní fhéadfar a áireamh le costais indíreacha costais a chuirtear isteach faoi chatagóir bhuiséid eile. Níl costais indíreacha incháilithe i gcás ina bhfaigheann an tairbhí deontas oibriúcháin ó bhuiséad an Aontais cheana féin (mar shampla faoi chuimsiú an ghlao ar thograí maidir le Comhar leis an tSochaí Shibhialta faoi Chlár Erasmus+).
Costais neamh‑incháilithe
Ní mheasfar gur costais incháilithe iad na costais seo a leanas:
- costais nó ranníocaíochtaí nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCuid B den Treoir seo;
- costais a bhaineann le toradh ar chaipiteal agus díbhinní atá íoctha ag tairbhí;
- fiachas agus muirir seirbhíse fiachais;
- forálacha maidir le caillteanais nó fiacha;
- ús dlite;
- caillteanais malairte airgeadra;
- costais bhainc a ghearrann banc an tairbhí ar aistrithe ón údarás deonaithe;
- caiteachas iomarcach nó meargánta;
- CBL in‑asbhainte nó in‑aisíoctha (agus CBL san áireamh a íocann comhlachtaí poiblí ag feidhmiú mar údarás poiblí dóibh) (féach mír thuas maidir le Cáin Bhreisluacha);
- costais arna dtabhú nó ranníocaíochtaí le haghaidh gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme le linn comhaontú deontais a bheith ar fionraí;
- ranníocaíochtaí comhchineáil ag tríú páirtithe;
- costais nó ranníocaíochtaí atá dearbhaithe an tairbhí faoi dheontais eile de chuid an Aontais (nó deontais arna ndámhachtain ag Ballstát den Aontas Eorpach, ag tír nach Ballstát den Aontas Eorpach í nó ag comhlacht eile a chuireann buiséad an Aontais chun feidhme), ach amháin sna cásanna seo a leanas:
- má chomhcheanglaítear an deontas gníomhaíochta le deontas oibriúcháin a bheidh i bhfeidhm le linn na tréimhse céanna agus más féidir leis an tairbhí a léiriú nach gcumhdaíonn an deontas oibriúcháin aon chostas (díreach nó indíreach) a bhaineann leis an deontais gníomhaíochta;
- costais nó ranníocaíochtaí le haghaidh baill foirne riaracháin náisiúnta (nó réigiúnaigh/áitiúil), le haghaidh gníomhaíochtaí ar cuid de ghnáthghníomhaíochtaí an riaracháin iad (is é sin, nach ndéantar mar gheall ar an deontas amháin);
- costais nó ranníocaíochtaí (go háirithe taisteal agus cothú) le haghaidh baill foirne nó ionadaithe institiúidí, chomhlachtaí nó ghníomhaireachtaí an Aontais;
- i gcás trealamh ar cíos nó ar léas, costais aon rogha ceannaigh ag deireadh thréimhse an léasa nó an chíosa;
- costais a bhaineann le cuntais bhainc a oscailt agus a fheidhmiú (agus costais san áireamh, arna ngearradh ag banc an tairbhí, as aistrithe a dhéanamh chuig an nGníomhaireacht Náisiúnta/nó ón nGníomhaireacht).
Foinsí maoinithe
Ní mór don iarratasóir an ranníocaíocht ó fhoinsí eile seachas an deontas ón Aontas Eorpach a léiriú san fhoirm iarratais. Féadfaidh cómhaoiniú a bheith i bhfoirm acmhainní dílse an tairbhí nó ranníocaíochtaí airgeadais ó thríú páirtithe, mar shampla. Más rud é, tráth na tuarascála críochnaithí agus na hiarrata ar íocaíocht an iarmhéid, go bhfuil fianaise ann go bhfuil barrachas ann, féach na ranna thuas maidir le Neamhbhrabús agus Cómhaoiniú).
Ní mheastar go bhfuil ranníocaíochtaí comhchineáil ó thríú páirtithe ina bhfoinse fhéideartha chómhaoinithe.
- Cinneadh lena n‑údaraítear ranníocaíochtaí cnapshuime agus ranníocaíochtaí aonaid a úsáid faoi Chlár Erasmus+ 2021-2027: https://ec.europa.eu/info/funding-tenders/opportunities/docs/2021-2027/erasmus/guidance/ls-and-unit-cost-decision_erasmus_en.pdf ↩ back
- Chuige sin, tá na fáltais teoranta don ioncam atá ginte ag an tionscadal, mar aon le ranníocaíochtaí airgeadais atá leithdháilte go sonrach ag deontóirí ar chostais incháilithe a mhaoiniú. Dá bhrí sin, is é atá sa bhrabús (nó sa chaillteanas) mar a shainmhínítear thuas an difríocht idir: méid an deontais a nglactar leis go sealadach agus an t‑ioncam arna ghiniúint leis an ngníomhaíocht agus na costais incháilithe arna dtabhú ag an tairbhí. Ina theannta sin, i gcás ina ndéantar brabús, déanfar an brabús sin a ghnóthú. Beidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta nó an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin i dteideal céatadán an bhrabúis a chomhfhreagraíonn do ranníocaíocht an Aontais leis na costais incháilithe a thabhaigh an tairbhí iarbhír, agus an ghníomhaíocht á déanamh, a ghnóthú. Soláthrófar soiléirithe breise ar ríomh an bhrabúis le haghaidh gníomhaíochtaí dá bhfuil deontais i bhfoirm aisíocaíocht cion sonraithe de chostais incháilithe. ↩ back
- I gcás gníomhaíochtaí arna mbainistiú ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin, déantar na forálacha airgeadais mionsonraithe is infheidhme a chur i láthair i Samhail an Chomhaontaithe Deontais a fhoilsítear sa Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana. ↩ back
- Cinneadh ón gCoimisiún an 10 Aibreán 2019 lena n údaraítear costais aonaid a úsáid chun costais phearsanra a dhearbhú don obair a dhéanann oibrithe deonacha faoi ghníomhaíocht nó faoi chlár oibre (C(2019)2646). ↩ back
- Cinneadh ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2020 lena n údaraítear costais aonaid a úsáid le haghaidh costais pearsanra úinéirí fiontar beag agus meánmhéide agus tairbhithe ar daoine nádúrtha iad nach bhfaigheann tuarastal don obair a dhéanann siad féin faoi ghníomhaíocht nó faoi chlár oibre (C(2020)7115). ↩ back
- Cinneadh ón gCoimisiún an 12 Eanáir 2021 lena n údaraítear costais aonaid a úsáid le haghaidh costais taistil, chóiríochta agus chothaithe faoi ghníomhaíocht nó faoi chlár oibre faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 (C(2021)35). ↩ back
- Aistrítear Treoir 2006/112/CE maidir le CBL leis an reachtaíocht náisiúnta maidir le CBL sna Ballstáit. ↩ back
- Féach airteagal 13(1) den Treoir. ↩ back