Skip to main content

Erasmus+ Programme Guide

The essential guide to understanding Erasmus+

Soghluaisteacht le haghaidh dhaltaí agus baill foirne san oideachas scoile

Leis an ngníomhaíocht seo tacaítear le scoileanna agus eagraíochtaí eile atá gníomhach i réimse an oideachais scoile ar mian leo gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama a eagrú le haghaidh daltaí agus baill foirne.

Tacaítear le réimse leathan gníomhaíochtaí, lena n‑áirítear an scáthfhoghlaim agus cúrsaí forbartha gairmiúla le haghaidh baill foirne, soghluaisteacht aonair agus grúpa le haghaidh daltaí, saineolaithe dá dtugtar cuireadh, agus gníomhaíochtaí eile mar a mhínítear thíos.

Ba cheart do na heagraíochtaí rannpháirteacha an cuimsiú agus an éagsúlacht, an inbhuaine comhshaoil, an t‑oideachas digiteach, agus rannpháirtíocht saoránach a chur chun cinn go gníomhach trína ngníomhaíochtaí: trí úsáid a bhaint as na deiseanna maoiniúcháin sonracha dá bhforáiltear leis an gclár chun na gcríoch sin, trí fheasacht a mhúscailt i measc a rannpháirtithe, trí dhea‑chleachtais a chomhroinnt, agus trí dhearadh iomchuí a roghnú le haghaidh a ngníomhaíochtaí. 

Cuspóirí na gníomhaíochta

Tá sé d’aidhm ag an ngníomhaíocht seo deiseanna foghlama a sholáthar do dhaoine aonair agus tacú le hidirnáisiúnú agus forbairt institiúide scoileanna agus eagraíochtaí eile san oideachas scoile. Go sonrach, is iad cuspóirí na gníomhaíochta seo:

An éirim Eorpach maidir leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim a neartú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • luachanna an chuimsithe agus na héagsúlachta, na caoinfhulaingthe, agus na rannpháirtíochta daonlathaí a chur chun cinn;
  • eolas faoi oidhreacht agus éagsúlacht chomhroinnte na hEorpa a chur chun cinn;
  • tacú le forbairt líonraí gairmiúla ar fud na hEorpa.

Cáilíocht an teagaisc agus na foghlama san oideachas scoile a mhéadú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • tacú le forbairt ghairmiúil múinteoirí, ceannairí scoile agus ball foirne eile scoile;
  • úsáid teicneolaíochtaí nua agus modhanna teagaisc nuálacha a chur chun cinn;
  • feabhas a chur ar an bhfoghlaim teanga agus ar an éagsúlacht teanga i scoileanna;
  • tacú le comhroinnt agus aistriú na ndea‑chleachtas i bhforbairt teagaisc agus scoile.

Rannchuidiú le Limistéar Eorpach Oideachais a chruthú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • acmhainneacht scoileanna a fhothú chun dul i mbun malartuithe trasteorann agus comhar trasteorann, agus tionscadail soghluaisteachta ardcháilíochta a dhéanamh;
  • féachaint chuige go mbeidh an tsoghluaisteacht foghlama ina féidearthacht réalaíoch d’aon dalta ar bith san oideachas scoile;
  • aitheantas ar thorthaí foghlama daltaí agus ball foirne i dtréimhsí soghluaisteachta ar an gcoigríoch a chothú.

Conas teacht ar dheiseanna soghluaisteachta Erasmus+?

Féadfaidh scoileanna agus eagraíochtaí eile atá gníomhach san oideachas scoile iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú ar dhá bhealach:

  • Le tionscadail ghearrthéarmacha le haghaidh soghluaisteacht daltaí agus ball foirne  – soláthraítear deis d’iarratasóirí gníomhaíochtaí soghluaisteachta éagsúla a eagrú thar thréimhse 6 mhí go 18 mí. Is iad tionscadail ghearrthéarmacha an rogha is fearr le haghaidh eagraíochtaí a dhéanann iarratas ar Erasmus+ den chéad uair, nó dóibh sin nach mian leo ach líon teoranta gníomhaíochtaí a eagrú; nó
  • Tionscadail chreidiúnaithe le haghaidh soghluaisteacht daltaí ná ball foirne – níl na tionscadail sin oscailte ach amháin d’eagraíochtaí a bhfuil creidiúnú Erasmus i réimse an oideachais scoile acu. Leis an snáithe maoiniúcháin speisialta sin is féidir le heagraíochtaí creidiúnaithe maoiniú a fháil go tráthrialta le haghaidh gníomhaíochtaí soghluaisteachta lena rannchuidítear lena bPlean Erasmus a chur chun feidhme de réir a chéile. Tá creidiúnuithe Erasmus oscailte do gach eagraíocht ar mian léi gníomhaíochtaí soghluaisteachta a eagrú ar bhonn tráthrialta. Ní gá taithí roimhe seo ar an gClár chun iarratas a dhéanamh ar chreidiúnú. Chun breis eolais a fháil faoin deis sin, léigh an chaibidil den treoir seo maidir le creidiúnú Erasmus i réimsí an oideachais aosaigh, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, agus an oideachais scoile.

Ina theannta sin, is féidir le heagraíochtaí dul i bpáirt leis an gclár gan iarratas a chur isteach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Dul i bpáirt le cuibhreannas soghluaisteachta Erasmus+ atá ann cheana faoi stiúir comhordaitheoir cuibhreannais chreidiúnaithe ina dtír mar a bhfuiltear ag glacadh le comhaltaí nua ina gcuibhreannas; nó
  • Rannpháirtithe ó thír eile a óstáil: is féidir le haon eagraíocht a bheith ina hóstach ar fhoghlaimeoirí nó ar bhaill foirne a thagann ó eagraíocht chomhpháirtíochta ar an gcoigríoch. Is luachmhar an t‑eispéireas é a bheith mar ósteagraíocht agus is maith an bealach é le comhpháirtíochtaí a chruthú agus tuilleadh a fhoghlaim faoin gclár roimh iarratas a dhéanamh air tú féin.

Spreagtar scoileanna chun páirt a ghlacadh in r‑Nascadh1 freisin, pobal ar líne atá á mhaoiniú ag Erasmus+ agus á óstáil ar an Ardán Eorpach um Oideachas Scoile agus atá inrochtana do mhúinteoirí agus do bhaill foirne scoile atá grinnfhiosraithe ag eagraíocht tacaíochta náisiúnta r‑Nascadh. Le r-Nascadh is féidir le scoileanna seomraí ranga fíorúla comhpháirteacha a chur ar bun agus tionscadail a chur i gcrích le scoileanna eile agus is féidir le múinteoirí plé agus eolas a mhalartú le comhghleacaithe agus a bheith rannpháirteach i réimse deiseanna forbartha gairmiúla. Sárthimpeallacht atá sa r-Nascadh freisin chun comhpháirtithe a aimsiú le haghaidh tionscadail amach anseo.

Ina theannta sin, iarrtar ar scoileanna agus múinteoirí úsáid a bhaint as an uirlis SELFIE: uirlisí saor in aisce, ilteangacha, gréasán‑bhunaithe, féinmhachnaimh a chruthaigh an Coimisiún Eorpach chun cuidiú le scoileanna agus múinteoirí a n‑inniúlacht dhigiteach a fhorbairt. Is le haghaidh múinteoirí an uirlis, agus cuirtear ar chumas múinteoirí féinmheasúnú a dhéanamh ar a n‑inniúlacht agus a muinín dhigiteach, agus aiseolas a fháil ar a láidreachtaí agus a mbearnaí ina n‑eolas nó ar na hinniúlachtaí a d’fhéadfaidís a fheabhsú. Is féidir le foirne múinteoirí oibriú le chéile freisin chun an uirlis a úsáid agus plean oiliúna a fhorbairt. Is féidir rochtain a fháil ar an uirlis SELFIE ar líne ag: www.ec.europa.eu/education/schools-go-digitalhttps://ec.europa.eu/education/schools-go-digital_ga

Tionscadal a bhunú

Is í an eagraíocht is iarratasóir an príomhghníomhaí i dtionscadal de chuid Phríomhghníomhaíocht 1. Déanann an eagraíocht is iarratasóir an t‑iarratas a dhréachtú agus a chur isteach, an comhaontú deontais a shíniú, na gníomhaíochtaí soghluaisteachta a chur chun feidhme, agus tuairiscíonn sí don Ghníomhaireacht Náisiúnta. Leis an bpróiseas iarratais le haghaidh tionscadail ghearrthéarmacha agus creidiúnuithe Erasmus araon, dírítear ar riachtanais agus ar phleananna na heagraíochta is iarratasóir (nó ar riachtanais agus ar phleananna a cuibhreannais).

D’fhéadfadh gníomhaíochtaí soghluaisteachta i dtionscadal soghluaisteachta a bheith ina ngníomhaíochtaí isteach nó amach. Tá an chuid is mó de na cineálacha gníomhaíochtaí atá ar fáil ina ngníomhaíochtaí soghluaisteachta amach. Ciallaíonn sin go ngníomhóidh an eagraíocht is iarratasóir mar eagraíocht seolta: déanfaidh sí rannpháirtithe a roghnú agus a sheoladh chuig ósteagraíocht ar an gcoigríoch. Moltar go mór na deiseanna sin a úsáid chun malartuithe dhá threo nó gníomhaíochtaí comhpháirteacha a eagrú le scoil chomhpháirtíochta amháin nó níos mó. Sa chás sin, ba cheart do gach scoil rannpháirteach iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú Erasmus+ nó is féidir leo dul i bpáirt le cuibhreannas atá ann cheana. 

Ina theannta sin, is ann do chineálacha speisialta gníomhaíochtaí isteach lenar féidir le heagraíochtaí is iarratasóirí cuireadh a thabhairt do shaineolaithe nó do mhúinteoirí faoi oiliúint chuig a n‑eagraíocht. Ní hé is cuspóir do ghníomhaíochtaí isteach malartuithe dhá threo a chruthú ach is é is cuspóir dóibh daoine a thabhairt isteach ar féidir leo cabhrú leis an eagraíocht is iarratasóir a fhorbairt agus a idirnáisiúnú.

Agus gach gníomhaíocht lena dtacaítear faoin nGníomhaíocht seo á cur chun feidhme, ní mór caighdeáin cháilíochta Erasmus a leanúint. Le caighdeáin cháilíochta Erasmus cumhdaítear cleachtais phraiticiúla chun cúraimí an tionscadail a chur chun feidhme ar nós rannpháirtithe a roghnú agus a ullmhú, torthaí foghlama a shainiú, meastóireacht a dhéanamh orthu agus iad a aithint, torthaí tionscadail a chomhroinnt, srl. Chun téac iomlán chaighdeáin cháilíochta Erasmus a léamh, téigh chuig an nasc seo a leanas ar shuíomh gréasáin Europa: https://erasmus-plus.ec.europa.eu/document/erasmus-quality-standards-mobility-projects-vet-adults-schools

Is cuid thábhachtach de gach tionscadal soghluaisteachta í an fhoghlaim teanga: ba cheart d’eagraíochtaí is tairbhithe tacaíocht foghlama teanga a chur ar fáil dá rannpháirtithe roimh na gníomhaíochtaí soghluaisteachta agus lena linn. Chun na críche sin, maoiníonn Erasmus+ an t‑ardán Tacaíochta Teanga Ar Líne atá saor in aisce agus oscailte lena úsáid ag gach rannpháirtí Erasmus+.

Conas comhpháirtithe a aimsiú le haghaidh do ghníomhaíochtaí soghluaisteachta?

Cuireann Erasmus+ uirlisí agus deiseanna éagsúla ar fáil chun go mbeidh tú in ann comhpháirtithe a aimsiú le haghaidh do ghníomhaíochtaí soghluaisteachta:

  • Tairgeann an tArdán Eorpach um Oideachas Scoile (ESEP) uirlis aimsithe comhpháirtithe ar líne. Trí chlárú ar an ardán, is féidir leat fógraí aimsithe comhpháirtithe a phostáil agus fógraí atá póstáilte ag eagraíochtaí eile a chuardach: https://school-education.ec.europa.eu/en/networking/
    aimsiú comhpháirtithe
  • Eagraíonn Gníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+ Gníomhaíochtaí Oiliúna agus Comhair go tráthrialta. Ina measc bíonn seimineáir, imeachtaí ar líne agus deiseanna eile d’iarratasóirí agus do thairbhithe Erasmus+ chun comhpháirtithe a aimsiú. Tá eolas faoi TCAnna ar fáil ar shuíomhanna gréasáin ábhartha na nGníomhaireachtaí Náisiúnta agus ar shuíomh gréasáin Lárionad Acmhainní SALTO um TCA Oiliúna agus Oideachais: www.salto-et.net
  • An tArdán Torthaí ar Thionscadail Erasmus+ ina ligtear duit gach eagraíocht atá creidiúnaithe agus gach tionscadal ceadaithe a chuardach: https://erasmus-plus.ec.europa.eu/projects

Gnéithe cothrománacha

Ba cheart do gach tionscadal soghluaisteachta na gnéithe seo a leanas atá comhchoiteann maidir leis an gclár iomlán Erasmus+ a chomhtháthú:

An cuimsiú agus an éagsúlacht

I gcomhréir le caighdeáin cháilíochta Erasmus, ní mór d’eagraíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gclár a chinntiú go dtairgfidh siad deiseanna soghluaisteachta ar bhealach cuimsitheach agus cothrom do rannpháirtithe ó gach cúlra. Le roghnú na bhfoghlaimeoirí a ghlacfaidh páirt i ngníomhaíochtaí tionscadail, ba cheart príomhfhachtóirí a chur san áireamh amhail spreagadh, fiúntas, chomh maith le forbairt phearsanta agus riachtanais foghlama na rannpháirtithe. Ar an mbealach céanna, le roghnú na mball foirne is rannpháirtithe ba cheart a chinntiú go mbeidh tairbhí a bhforbartha pearsanta ar fáil le haghaidh gach foghlaimeora san eagraíocht. 

Le linn gníomhaíochtaí soghluaisteachta a ullmhú, a chur chun feidhme agus obair leantach a dhéanamh orthu, ba cheart do na heagraíochtaí seolta agus ósteagraíochtaí páirt a thabhairt do na rannpháirtithe i bpríomhchinntí chun an oiread tairbhí agus tionchair agus is féidir a chinntiú le haghaidh gach rannpháirtí. 

Moltar do thairbhithe agus d’eagraíochtaí rannpháirteacha eile a sholáthraíonn an t‑oideachas agus an oiliúint deiseanna soghluaisteachta a chruthú agus a éascú go gníomhach, mar shampla trí dheiseanna soghluaisteachta a bhunú ina bhféilire acadúil agus céimeanna ath‑lánpháirtíochta a shainiú do rannpháirtithe a fhilleann. 

Cleachtais atá inbhuanaithe agus freagrach ó thaobh an chomhshaoil de

I gcomhréir le caighdeáin cháilíochta Erasmus, ní mór d’eagraíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gclár iompar atá inbhuanaithe agus freagrach ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn i measc na rannpháirtithe, agus feasacht á múscailt faoin tábhacht a bhaineann le gníomhú chun lorg comhshaoil gníomhaíochtaí soghluaisteachta a laghdú nó a chúiteamh. Ba cheart na prionsabail sin a léiriú in ullmhú agus cur chun feidhme gach gníomhaíochta de chuid an chláir, go háirithe trí thacaíocht maoiniúcháin shonrach a úsáid, rud a sholáthraítear leis an gclár chun modhanna inbhuanaithe taistil a chur chun cinn. Ba cheart d’eagraíochtaí a sholáthraíonn an t‑oideachas agus an oiliúint na prionsabail sin a lánpháirtiú ina n‑obair laethúil, agus ba cheart dóibh athrú meoin agus iompair a chur chun cinn go gníomhach i measc na bhfoghlaimeoirí agus na mball foirne. 

An claochlú digiteach in oideachas agus oiliúint

I gcomhréir le caighdeáin cháilíochta Erasmus, leis an gClár tacaítear le gach eagraíocht rannpháirteach úsáid uirlisí agus modhanna foghlama digiteacha a ionchorprú chun a ngníomhaíochtaí fisiceacha a chomhlánú, chun feabhas a chur ar an gcomhar idir eagraíochtaí comhpháirteacha, agus chun feabhas a chur ar cháilíocht a bhfoghlama agus a dteagaisc. Ina theannta sin, féadfaidh rannpháirtithe tairbhiú de Chúrsaí Oiliúna sa Deis Dhigiteach: gníomhaíochtaí soghluaisteachta a ligeann dóibh scileanna digiteacha a fháil agus lena gcuirtear ar a gcumas do bhaill foirne a n‑inniúlacht a fheabhsú chun oiliúint, múineadh agus cúraimí eile a dhéanamh le cúnamh ó uirlisí digiteacha. Féadfar gníomhaíochtaí den sórt sin a eagrú le haon cheann de na formáidí soghluaisteachta atá ar fáil.

Rannpháirtíocht sa saol daonlathach

Is é is aidhm don chlár cuidiú leis na rannpháirtithe teacht ar na tairbhithe a bhaineann leis an tsaoránacht agus leis an rannpháirtíocht ghníomhach sa saol daonlathach. Ba cheart do ghníomhaíochtaí soghluaisteachta a fhaigheann tacaíocht scileanna rannpháirtíochta a threisiú i réimsí éagsúla den tsochaí shibhialta, agus i bhforbairt inniúlachtaí sóisialta agus idirchultúrtha, na smaointeoireachta criticiúla agus na litearthachta sna meáin. Aon uair is féidir, le tionscadail ba cheart deiseanna a thairiscint do dhaoine a bheith rannpháirteach sa saol daonlathach chomh maith le deiseanna le haghaidh rannpháirtíocht saoránach agus shóisialta trí ghníomhaíochtaí foghlama foirmiúla nó neamhfhoirmiúla. Tuiscint rannpháirtithe ar an Aontas Eorpach agus ar chomhluachanna Eorpacha, agus meas ar phrionsabail dhaonlathacha, dínit an duine, an aontacht agus an éagsúlacht, idirphlé idirchultúrtha, chomh maith le hoidhreacht shóisialta, chultúrtha agus stairiúil Eorpach san áireamh, ba cheart tuiscint na rannpháirtithe ar na gnéithe sin a fheabhsú trí rannpháirtíocht sna soghluaisteachtaí.

Gníomhaíochtaí

Sa roinn seo léirítear na cineálacha gníomhaíochtaí is féidir a mhaoiniú le Erasmus+, mar chuid de thionscadail ghearrthéarmacha agus de thionscadail chreidiúnaithe chomh maith.

Ní mór na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis na gníomhaíochtaí soghluaisteachta uile:

  • Gníomhaíochtaí foghlama: beartaithe le haghaidh rannpháirtithe chun feabhas a chur ar eolas, scileanna, inniúlachtaí agus dearcthaí nó eolas, scileanna, inniúlachtaí agus dearcthaí nua a ghnóthú;
  • Trasnáisiúnta: baineann le hidirghníomhaíochtaí idir daoine ó thíortha difriúla agus an malartú agus an fhoghlaim fhrithpháirteach d’aidhm leis sin;
  • Struchtúrtha: modheolaíocht shoiléir, clár foghlama soiléir agus torthaí foghlama pleanáilte a bheith i gceist leo;
  • Straitéiseach: rannchuidíonn le sraith cuspóirí tionscadail níos leithne.

Le haghaidh aon ghníomhaíocht ar bith, is féidir tacaíocht airgeadais bhreise a sholáthar do dhaoine a thionlacann rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu, mionaoisigh, nó daoine fásta óga nach mór maoirseacht a dhéanamh orthu. Is féidir tacú le daoine tionlacain ar feadh fhad iomlán na gníomhaíochta nó ar feadh cuid de sin.

Soghluaisteacht ball foirne

Gníomhaíochtaí incháilithe

  • An scáthfhoghlaim (2 go 60 lá)
  • Tascanna teagaisc nó oiliúna (2 go 365 lá)
  • Cúrsaí agus oiliúint (idir 2 agus 10 lá)

Sa bhreis ar an tsoghluaisteacht fhisiciúil, is féidir gach gníomhaíocht soghluaisteachta ball foirne a chumasc le gníomhaíochtaí fíorúla foghlama. Tá feidhm leis na faid íosta agus uasta a shonraítear thuas maidir leis an gcomhchuid soghluaisteachta fisicí.

Ní mór na ceanglais cháilíochtúla seo a leanas a chomhlíonadh leis na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme:

Scáthfhoghlaim: féadfaidh rannpháirtithe tréimhse a chaitheamh ag ósteagraíocht i dtír eile agus is é is cuspóir don fhoghlaim cleachtais nua a fhoghlaim agus smaointe nua a bhailiú trí bhreathnóireacht agus idirphlé le piaraí, saineolaithe nó cleachtóirí eile ina n‑obair laethúil ag an ósteagraíocht.

Tascanna teagaisc nó oiliúna: féadfaidh rannpháirtithe tréimhse teagaisc nó tréimhse ina gcuireann siad oiliúint ar fáil d’fhoghlaimeoirí a chaitheamh ag ósteagraíocht i dtír eile, mar bhealach chun foghlaim trína gcúraimí a chur i gcrích agus malartú le piaraí.

Cúrsaí agus oiliúint: féadfaidh rannpháirtithe tairbhiú de chúrsa struchtúrtha nó d’oiliúint den chineál céanna a sholáthraíonn gairmithe cáilithe, bunaithe ar chlár foghlama agus torthaí foghlama réamhshainithe.

Beidh an deontas iomlán le haghaidh ‘Cúrsaí agus oiliúint’ teoranta d’uasmhéid 50 % den deontas tionscadail a dhámhfar. Mar eisceacht, maidir le tionscadail lena mbaineann deontas iomlán a dhámhtar suas le EUR 40 000, socrófar an teorainn sin ag EUR 20 000.

Triúr ar a mhéad ón eagraíocht seolta chéanna agus deichniúr ar a mhéad ón gcuibhreannas soghluaisteachta céanna, is féidir leo maoiniú a fháil chun freastal ar an gcúrsa céanna in éineacht le chéile. Is féidir le gach duine páirt a ghlacadh i gcúrsa amháin in aghaidh an tionscadail, ach ní níos mó ná cúrsa amháin in aon tionscadal amháin.

Ní mór comhpháirt thrasnáisiúnta shoiléir a bheith mar chuid den oiliúint, mar shampla an idirghníomhaíocht foghlama a chothú idir rannpháirtithe ó thíortha difriúla nó gnéithe eile d’aistriú trasnáisiúnta cleachtas a chomhtháthú, cuir i gcás rannpháirtíocht láidir na foirne oideachais scoile ón tír óstach chun idirghníomhú le comhghleacaithe a thagann ón gcoigríoch agus a gcleachtais a thaispeáint dóibh.

Ní mór ábhar na gcúrsaí agus na hoiliúna a bheith ábhartha do scileanna gairmiúla na foirne rannpháirtí agus do chuspóirí an tionscadail nó an chreidiúnúcháin.

Mar shampla, is féidir le cúrsaí agus oiliúint a eagraíonn institiúidí poiblí nó eagraíochtaí saorálaithe a bheith i measc na ngníomhaíochtaí tacaíochta, gníomhaíochtaí a eagraítear mar chuid de mhalartú cleachtas idir eagraíochtaí i dtíortha difriúla, chomh maith le cúrsaí agus oiliúint atá ar fáil ar bhonn tráchtála. Ní thacaítear le gníomhaíochtaí atá go hiomlán neamhghníomhach, cuir i gcás, ag éisteacht le léachtanna, óráidí nó le comhdhálacha móra. Ní fhéadfar comhdhálacha agus imeachtaí a mbíonn teideal comhchosúil orthu a bhreithniú i gcomhair maoinithe ach amháin má chaitheann na rannpháirtithe formhór dá gcuid ama ag tabhairt faoi oiliúint struchtúrach, ceardlanna, cleachtaí praiticiúla, malartú cleachtas le comhghleacaithe, nó foirmeacha eile den fhoghlaim ghníomhach.

Ba cheart d’iarratasóirí a bheith feasach go bhfuil gach soláthraí cúrsa go hiomlán neamhspleách ón gclár Erasmus+ agus go ngníomhaíonn siad mar sholáthraithe seirbhíse ar mhargadh saor. Is freagracht de chuid na heagraíochta is tairbhí í an rogha cúrsaí agus oiliúna dá bhrí sin. Tá na caighdeáin cháilíochta seo a leanas ar fáil chun na hiarratasóirí a threorú agus rogha á déanamh acu:

https://erasmus-plus.ec.europa.eu/resources-and-tools/quality-standards-key-action-1

Rannpháirtithe incháilithe

Ar na rannpháirtithe incháilithe tá múinteoirí, ceannairí scoile agus gach saineolaí agus ball foirne eile nach mbíonn i mbun teagaisc agus a oibríonn san oideachas scoile.

Ar na baill foirne incháilithe nach mbíonn i mbun teagaisc tá baill foirne a oibríonn san oideachas scoile, bíodh sin i scoileanna (múinteoirí cúnta, comhairleoirí oideolaíocha, síceolaithe, comhordaitheoirí Erasmus+ srl.) nó in eagraíochtaí eile atá gníomhach san oideachas scoile (mar shampla cigirí scoile, comhairleoirí, comhordaitheoirí Erasmus+, comhordaitheoirí beartais atá i gceannas ar an oideachas scoile, srl.).

Ní mór rannpháirtithe a bheith ag obair san eagraíocht seolta, nó ní mór iad a bheith ag obair go tráthrialta leis an eagraíocht seolta chun cuidiú le príomhghníomhaíochtaí na heagraíochta a chur chun feidhme (mar oiliúnóirí seachtracha, saineolaithe, oibrithe deonacha, comhaltaí boird, cigirí, srl. mar shampla).

I ngach cás, ní mór na cúraimí lena nasctar an rannpháirtí leis an eagraíocht seolta a dhoiciméadú ar bhealach lenar féidir leis an nGníomhaireacht Náisiúnta an nasc sin a fhíorú (mar shampla le conradh oibre nó oibre deonaí, tuairisc ar an gcúram, nó doiciméad comhchosúil). Bunóidh na Gníomhaireachtaí Náisiúnta cleachtas trédhearcach agus comhsheasmhach maidir lena bhfuil i gceist le caidrimh oibre agus doiciméid tacaíochta atá inghlactha ina gcomhthéacs náisiúnta.

Ní féidir le baill foirne atá i mbun cianobair ón gcoigríoch páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí ón tír ina bhfuil siad ag obair.

Ionaid incháilithe

Ní mór gníomhaíochtaí a reáchtáil ar an gcoigríoch, i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár. Ní mór gníomhaíochtaí a reáchtáil sa tír ina bhfuil an eagraíocht óstála bunaithe go dlíthiúil. Is in aon tír amháin is féidir gach gníomhaíocht soghluaisteachta a reáchtáil2 .

Torthaí foghlama a dhoiciméadú

Leagtar síos na ceanglais maidir le torthaí foghlama a dhoiciméadú i gcaighdeáin cháilíochta Erasmus agus tugtar tuilleadh mionsonraí ina dtaobh i gcomhaontú deontais an tionscadail.

Roimh an ngníomhaíocht, ní mór don eagraíocht seolta, don ósteagraíocht, agus don rannpháirtí teacht ar chomhaontú maidir le comhaontú foghlama (nó doiciméad comhchosúil) ina sonraítear na torthaí foghlama a bhfuil coinne leo ón rannpháirtí. Le haghaidh cúrsaí agus oiliúna, is féidir clár cúrsaí a úsáid in ionad comhaontú foghlama.

Tar éis na gníomhaíochta, ní mór aitheantas a thabhairt do na torthaí foghlama a bhain an rannpháirtí amach trí Shoghluaisteacht Europass nó doiciméad comhchosúil a eisiúint. Ní mór don eagraíocht is tairbhí cóip den doiciméad eisithe a choimeád mar chruthúnas gur chuir an rannpháirtí an ghníomhaíocht i gcrích.

Soghluaisteacht foghlaimeoirí

Gníomhaíochtaí incháilithe

  • Soghluaisteacht grúpa de dhaltaí scoile (2 go 30 lá, ar a laghad dhá dhalta in aghaidh an ghrúpa)
  • Soghluaisteacht foghlama ghearrthéarmach do dhaltaí (10 go 29 lá)
  • Soghluaisteacht foghlama fhadtéarmach do dhaltaí (30 go 365 lá)

Chomh maith leis an tsoghluaisteacht fhisiciúil, is féidir gach gníomhaíocht soghluaisteachta daltaí a chumasc le gníomhaíochtaí foghlama fíorúla. Tá feidhm leis na faid íosta agus uasta a shonraítear thuas maidir leis an gcomhchuid soghluaisteachta fisicí.

Ní mór na ceanglais cháilíochtúla seo a leanas a chomhlíonadh leis na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme:

Soghluaisteacht grúpa de dhaltaí scoile: is féidir le grúpa daltaí ón scoil seolta am a chaitheamh i mbun foghlaim lena bpiaraí i dtír eile. Ní mór don scoil seolta na gníomhaíochtaí foghlama a dhearadh agus a chur chun feidhme i gcomhar le scoil chomhpháirtíochta sa tír óstach3 . Ní mór do mhúinteoirí nó do bhaill foirne oideachais cáilithe eile ón scoil seolta na daltaí a thionlacan ar feadh fhad iomlán na gníomhaíochta agus a bpróiseas foghlama a threorú. Más gá, féadfaidh daoine fásta eile gníomhú mar dhaoine tionlacain freisin chun tacú leis na múinteoirí tionlacain4 .

Soghluaisteacht foghlama ghearrthéarmach de dhaltaí scoile: is féidir le daltaí tréimhse a chaitheamh ar an gcoigríoch chun tabhairt faoi staidéar ag scoil chomhpháirtíochta nó cúrsa oiliúna a dhéanamh ag eagraíocht ábhartha eile ar an gcoigríoch. Ní mór clár foghlama aonair a shainiú le haghaidh gach rannpháirtí. I gcás rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu, is féidir an tsoghluaisteacht a eagrú ar feadh fad íosta 2 lá, má tá údar leis sin.

Soghluaisteacht foghlama fhadtéarmach de dhaltaí scoile: is féidir le daltaí tréimhse a chaitheamh ar an gcoigríoch chun tabhairt faoi staidéar ag scoil chomhpháirtíochta nó cúrsa oiliúna a dhéanamh ag eagraíocht ábhartha eile ar an gcoigríoch. Ní mór clár foghlama aonair a shainiú le haghaidh gach rannpháirtí. Ní mór oiliúint réamhimeachta éigeantacha a sholáthar do na rannpháirtithe uile agus cuirfear tacaíocht maoinithe bhreise ar fáil le haghaidh tacaíocht eagraíochtúil agus teanga.

Tabhair faoi deara nach bhfuil an difríocht idir formáidí gníomhaíochtaí grúpa agus aonair bunaithe ar shocruithe taistil agus lóistín, tá siad bunaithe in ionad sin ar cheanglais le haghaidh cláir foghlama chomhchoiteanna nó aonair, mar a thugtar tuairisc orthu thíos faoi ‘Torthaí foghlama a dhoiciméadú’. Dá réir sin, cuirtear leibhéal éagsúil tacaíochta eagraíochtúla ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí grúpa agus aonair, mar a shainmhínítear sna rialacha maoinithe a chuirtear i láthair ag deireadh na caibidle seo.

Rannpháirtithe incháilithe

Ní mór do dhaltaí rannpháirteacha a bheith cláraithe i gclár oideachais ag an scoil seolta5 .

Féadfaidh daltaí a fhaigheann scolaíocht lasmuigh de shuíomh institiúideach i dtíortha a bhfuil an cleachtas sin iontu a bheith rannpháirteach freisin6 .

Ionaid incháilithe

Ní mór gníomhaíochtaí a reáchtáil ar an gcoigríoch, i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár. Ní mór gníomhaíochtaí a reáchtáil sa tír ina bhfuil an eagraíocht óstála bunaithe go dlíthiúil. Is in aon tír amháin is féidir gach gníomhaíocht soghluaisteachta a reáchtáil7 .

Ní mór soghluaisteacht grúpa de dhaltaí scoile a reáchtáil ag scoil óstach. Go heisceachtúil, féadfar gníomhaíochtaí a dhéanamh ag ionad eile i dtír na scoile óstaí, má tá údar leis sin i bhfianaise inneachar agus cháilíocht na gníomhaíochta. Sa chás sin, ní chuirfear taisteal rannpháirtithe ón scoil óstach chuig an ionad san áireamh mar ghníomhaíocht soghluaisteachta trasnáisiúnta. Ní féidir cistí breise a iarraidh chuige sin dá bhrí sin.

Ina theannta sin, féadfar soghluaisteacht daltaí a dhéanamh ag suíomh Institiúid AE má eagraítear an ghníomhaíocht ag nó i gcomhar le hinstitiúid AE8 .

Gan beann ar an ionad, ní mór daltaí ó dhá Bhallstát den Aontas ar a laghad nó ó dhá thríú tír atá comhlachaithe leis an gClár a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí grúpa.

Torthaí foghlama a dhoiciméadú

Leagtar síos na ceanglais maidir le torthaí foghlama a dhoiciméadú i gcaighdeáin cháilíochta Erasmus agus tugtar tuilleadh mionsonraí ina dtaobh i gcomhaontú deontais an tionscadail.

Gníomhaíochtaí soghluaisteachta aonair: roimh an ngníomhaíocht, ní mór don eagraíocht seolta, don ósteagraíocht, agus don rannpháirtí teacht ar chomhaontú maidir le comhaontú foghlama (nó doiciméad comhchosúil) ina sonraítear na torthaí foghlama a bhfuil coinne leo ón rannpháirtí. Tar éis na gníomhaíochta, ní mór aitheantas a thabhairt do na torthaí foghlama a bhain an rannpháirtí amach trí Shoghluaisteacht Europass nó doiciméad comhchosúil a eisiúint. Ní mór don eagraíocht is tairbhí cóip den doiciméad eisithe a choimeád mar chruthúnas gur chuir an rannpháirtí an ghníomhaíocht i gcrích.

Gníomhaíochtaí soghluaisteachta grúpa: ní mór clár foghlama a shainiú don ghrúpa iomlán (níl gá le comhaontuithe foghlama aonair). Tar éis na gníomhaíochta, ní mór don eagraíocht is tairbhí an clár foghlama agus liosta de na rannpháirtithe (daoine tionlacain ina measc) a choimeád mar chruthúnas gur chuir siad an ghníomhaíocht i gcrích.

Gníomhaíochtaí eile lena dtacaítear

Gníomhaíochtaí incháilithe

  • Saineolaithe dá dtugtar cuireadh (2 go 60 lá)
  • Múinteoirí agus oideoirí faoi oiliúint a óstáil (10 go 365 lá)

Ní mór na ceanglais cháilíochtúla seo a leanas a chomhlíonadh leis na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme:

Saineolaithe dá dtugtar cuireadh: is féidir le scoileanna cuireadh a thabhairt d’oiliúnóirí, múinteoirí, saineolaithe beartais nó gairmithe cáilithe eile ón gcoigríoch, ar daoine iad ar féidir leo feabhas a chur ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim sa scoil óstach. Mar shampla, féadfaidh saineolaithe dá dtugtar cuireadh oiliúint a sholáthar do bhaill foirne na scoile, modhanna teagaisc nua a léiriú nó cuidiú le dea‑chleachtais a aistriú ó thaobh cúrsaí eagrúcháin agus bainistíochta de.

Múinteoirí agus oideoirí faoi oiliúint a óstáil: is féidir le heagraíochtaí is iarratasóirí múinteoirí faoi oiliúint, ar mian leo tréimhse cúrsa oiliúna a dhéanamh ar an gcoigríoch, a óstáil. Gheobhaidh an ósteagraíocht tacaíocht chun an ghníomhaíocht a chur ar bun, bíodh agus gur cheart an tacaíocht taistil agus aonair a bheith á soláthar don rannpháirtí ag an institiúid seolta (ar féidir léi iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú Erasmus+ chun na críche sin).

Rannpháirtithe incháilithe

Aon duine ó Bhallstát eile den Aontas nó ó thríú tír atá comhlachaithe leis an gClár ar féidir saineolas atá ábhartha i leith riachtanais agus chuspóirí na heagraíochta a thugann cuireadh dóibh a sholáthar, is féidir leo a bheith ina saineolaithe dá dtugtar cuireadh.

Tá óstáil múinteoirí agus oideoirí faoi oiliúint ar fáil le haghaidh rannpháirtithe atá cláraithe i gclár oideachais múinteoirí nó rannpháirtithe ar céimithe nua9 de chuid clár den chineál sin iad (nó i gclár oideachais comhchosúil le haghaidh oiliúnóirí nó oideoirí) i mBallstát eile an Aontais nó i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár.

Ionaid incháilithe

Is í an eagraíocht is tairbhí (lena n‑áirítear comhaltaí cuibhreannais) a fheidhmíonn i gcónaí mar ionad na saineolaithe agus na múinteoirí faoi oiliúint dá dtugtar cuireadh.

Torthaí foghlama a dhoiciméadú

I gcás saineolaithe dá dtugtar cuireadh, ní mór an clár foghlama a chuirfidh an saineolaí ar fáil a bheith comhaontaithe leis an eagraíocht is tairbhí roimh an ngníomhaíocht. Tar éis na gníomhaíochta, ní mór don eagraíocht is tairbhí an clár foghlama a cuireadh i gcrích a choimeád mar chruthúnas gur chuir siad an ghníomhaíocht i gcrích.

I gcás múinteoirí agus oideoirí óstáilte faoi oiliúint, tá na ceanglais ar a dtugtar tuairisc le haghaidh gníomhaíochtaí soghluaisteachta don fhoghlaimeoir aonair infheidhme.

Cuairteanna ullmhúcháin

Céard is cuairt ullmhúcháin ann?

Is éard is cuairt ullmhúcháin ann cuairt a thugann baill foirne ón eagraíocht seolta ar ósteagraíocht ionchasach agus is é is cuspóir don chuairt ullmhú le haghaidh gníomhaíocht soghluaisteachta foghlaimeora nó foirne ar bhealach níos fearr.

Cathain is féidir cuairt ullmhúcháin a eagrú?

Ní mór réasúnaíocht shoiléir a bheith mar bhonn le gach cuairt ullmhúcháin agus ní mór feabhas a chur ar chuimsitheacht, raon feidhme agus cáilíocht na ngníomhaíochtaí soghluaisteachta leo sin.

Mar shampla, is féidir cuairteanna ullmhúcháin a eagrú chun gur fearr is féidir soghluaisteacht rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu a ullmhú, chun tosú ar oibriú le heagraíocht chomhpháirtíochta nua, nó chun gníomhaíochtaí soghluaisteachta níos faide a ullmhú.

Féadfar cuairteanna ullmhúcháin a eagrú ag ullmhú le haghaidh aon chineáil soghluaisteachta foghlama nó foirne, cé is moite de ‘chúrsaí agus oiliúint’.

Cé atá in ann a bheith páirteach i gcuairt ullmhúcháin?

Is féidir le haon duine atá incháilithe le haghaidh gníomhaíochtaí soghluaisteachta ball foirne agus ag a bhfuil baint le heagrú an tionscadail cuairteanna ullmhúcháin a dhéanamh.

Go heisceachtúil, féadfaidh foghlaimeoirí a ghlacfaidh páirt sa tsoghluaisteacht foghlama fhadtéarmach agus rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu in aon chineál gníomhaíochta páirt a ghlacadh i gcuairteanna ullmhúcháin le haghaidh a ngníomhaíochtaí.

Féadfaidh triúr ar a mhéad páirt a ghlacadh i gcuairt ullmhúcháin.

Cén áit a bhféadfar dul ar chuairteanna ullmhúcháin?

Déantar cuairteanna ullmhúcháin ag áitreabh na heagraíochta óstaí, nó ag aon ionad eile ina mbeartaítear gníomhaíochtaí soghluaisteachta a dhéanamh. Na rialacha atá infheidhme maidir le hionaid ghníomhaíochtaí foirne agus soghluaisteachta, tá feidhm acu maidir le cuairteanna ullmhúcháin atá nasctha leis na gníomhaíochtaí sin freisin.

Ní féidir ach cuairt ullmhúcháin amháin a eagrú in aghaidh na heagraíochta óstála.

Tionscadail ghearrthéarmacha le haghaidh soghluaisteacht daltaí agus ball foirne san oideachas scoile

Is ionann tionscadail ghearrthéarmacha le haghaidh soghluaisteacht daltaí agus ball foirne agus bealach furasta agus simplí chun tairbhiú de Erasmus+. Is é is cuspóir dóibh deis a thabhairt d’eagraíochtaí cúpla gníomhaíocht a eagrú ar bhealach éasca agus taithí a fháil sa chlár. 

Chun bheith simplí i gcónaí, áirítear teorainn i dtionscadail ghearrthéarmacha leis an líon rannpháirtithe agus le fad an tionscadail. Níl an fhormáid oscailte ach amháin d’eagraíochtaí aonair agus níl sí oscailte do chomhordaitheoirí cuibhreannais. Ní féidir le heagraíochtaí creidiúnaithe iarratas a dhéanamh ar thionscadail ghearrthéarmacha ós rud é go bhfuil rochtain bhuan acu ar mhaoiniú Erasmus+ cheana féin.

San iarratas ar thionscadail ghearrthéarmacha áirítear liosta de na gníomhaíochtaí, agus tuairisc orthu, a bhfuil plean ag an eagraíocht is iarratasóir iad a eagrú.

Critéir incháilitheachta

Eagraíochtaí incháilithe: cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Tá na heagraíochtaí seo a leanas incháilithe10 le hiarratas a dhéanamh:

  1. Scoileanna a sholáthraíonn oideachas ginearálta ar an leibhéal réamh‑bhunscoile, bunscoile nó meánscoile, ar nós eagraíochtaí a sholáthraíonn oideachas agus cúram luath‑óige11
  2. Údaráis phoiblí áitiúla agus réigiúnacha, comhlachtaí comhordúcháin agus eagraíochtaí eile ag a bhfuil ról i réimse an oideachais scoile

Ní féidir le heagraíochtaí a bhfuil creidiúnú Erasmus san oideachas scoile acu iarratas a dhéanamh ar thionscadail ghearrthéarmacha.

Tíortha incháilithe

Ní mór d’eagraíochtaí is iarratasóir a bheith bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár.

Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?

Cuirtear iarratais faoi bhráid Ghníomhaireacht Náisiúnta na tíre ina bhfuil an eagraíocht is iarratasóir bunaithe.

Sprioc‑amanna le haghaidh iarratas

Babhta 1 (le haghaidh na nGníomhaireachtaí Náisiúnta uile): An 19 Feabhra ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile)

Babhta 2: Féadfaidh Gníomhaireachtaí Náisiúnta cinneadh a dhéanamh chun dara sprioc‑am a oscailt (Babhta 2). Sa chás sin, cuirfidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta na rannpháirtithe ar an eolas faoi trína suíomh gréasáin. Le haghaidh Bhabhta 2, ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratais a chur isteach faoin 1 Deireadh Fómhair ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile).

Dátaí tosaigh le haghaidh tionscadal

Is féidir na dátaí tosaigh seo a leanas a roghnú le haghaidh tionscadal:

Babhta 1: idir an 1 Meitheamh agus an 31 Nollaig sa bhliain chéanna

Babhta 2 (má tá sé oscailte): idir an 1 Eanáir agus an 31 Bealtaine an bhliain ina dhiaidh sin

Fad tionscadal

Ó 6 mhí go 18 mí

An líon iarratas

In aghaidh an bhabhta roghnúcháin, ní fhéadfaidh eagraíocht iarratas a dhéanamh ach ar aon tionscadal gearrthéarmach amháin i réimse an oideachais scoile.

Eagraíochtaí a fhaigheann deontas ar thionscadal gearrthéarmach faoin gcéad bhabhta iarratas, ní fhéadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar an dara babhta den ghlao céanna ar thograí.

Laistigh d’aon tréimhse 5 bliana as a chéile ina n‑eisítear glao, féadfaidh eagraíochtaí trí dheontas ar a mhéad a fháil le haghaidh tionscadail ghearrthéarmacha san oideachas scoile. Ní áirítear deontais a fuarthas sa tréimhse 2014-2020 sa teorainn sin.

Gníomhaíochtaí incháilithe

Gach cineál gníomhaíochta le haghaidh an oideachais scoile. Chun teacht ar liosta mionsonraithe agus ar na rialacha, féach an roinn ‘Gníomhaíochtaí’.

Chun bheith incháilithe, ní mór gníomhaíocht soghluaisteachta baill foirne nó foghlaimeora ar a laghad a bheith san áireamh in iarratais.

Raon feidhme tionscadal

In iarratas ar thionscadal gearrthéarmach, is féidir 30 rannpháirtí ar a mhéad a áireamh i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta.

Ní áireofar cuairteanna ullmhúcháin ná rannpháirtíocht daoine tionlacain sa teorainn sin.

Eagraíochtaí tacaíochta

Is éard is eagraíocht tacaíochta ann eagraíocht a thugann cúnamh don eagraíocht is tairbhí i ngnéithe praiticiúla de chur chun feidhme an tionscadail nach mbaineann le príomhchúraimí an tionscadail. I measc na bpríomhchúraimí tionscadail tá bainistíocht airgeadais chistí an chláir, teagmháil leis an nGníomhaireacht Náisiúnta, tuairisciú ar ghníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme, chomh maith le gach cinneadh a dhéanann difear díreach d’inneachar, do cháilíocht agus do thorthaí na ngníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme (ar nós cineál agus fad na gníomhaíochta, agus an eagraíocht óstála a roghnú, torthaí foghlama a shainiú agus meastóireacht a dhéanamh orthu), srl.  Tá rannpháirtíocht eagraíochta tacaíochta faoi réir fhormheas na Gníomhaireachta Náisiúnta.

Ní mór ról agus oibleagáidí na n‑eagraíochtaí tacaíochta a bheith sainithe go foirmiúil eatarthu féin agus an eagraíocht is tairbhí. Gníomhaíonn an eagraíocht tacaíochta faoi mhaoirseacht na heagraíochta tairbhithe, agus fanann an eagraíocht tairbhí freagrach as torthaí agus cáilíocht na ngníomhaíochtaí a cuireadh chun feidhme. Ní mór do na rannchuidithe uile de chuid eagraíochtaí tacaíochta a bheith i gcomhréir le caighdeáin cháilíochta Erasmus.

I gcás nach gcuirfear caighdeáin cháilíochta chun feidhme go maith nó nach gcomhlíonfar na ceanglais sin ar bhealach eile, féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta a iarraidh ar an tairbhí scor de chúnamh a fháil le haghaidh cúraimí áirithe agus iad a chur chun feidhme í féin. Mar bheart feabhais deiridh, féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta an comhaontú deontais a fhoirceannadh.

Meastar nach eagraíochtaí tacaíochta iad na hósteagraíochtaí a chuireann ábhar foghlama agus meantóireacht ar fáil do rannpháirtithe na n‑eagraíochtaí is tairbhithe, mura bhfuil siad ag tabhairt tacaíochta an tráth céanna don tairbhí i gcúraimí bainistíochta tionscadail eile a dhéanann an eagraíocht seolta de ghnáth.

Critéar roghnúcháin, critéir eisiaimh agus rialacha maidir le hinneachar bunaidh agus údarthacht

Ní mór acmhainneacht oibríochtúil agus airgeadais shásúil a bheith ag iarratasóirí chun an tionscadal atá beartaithe a chur chun feidhme. 

Ní mór d’iarratasóirí dearbhú sínithe ar a n‑onóir a chur isteach, á dheimhniú nach bhfuil siad in aon cheann de na cásanna dá dtagraítear sna critéir eisiaimh a liostaítear i gCuid C den Treoir seo.Ina theannta sin, tríd an dearbhú a shíniú, deimhneoidh na hiarratasóirí go bhfuil inneachar bunaidh a scríobh siad féin san iarratas a cuireadh isteach, agus nár íocadh aon eagraíocht ná duine aonair seachtrach eile as an iarratas a dhréachtú.

Léigh Cuid C den Treoir seo chun breis eolais a fháil faoi na critéir roghnúcháin, na critéir eisiaimh agus na rialacha maidir le hinneachar bunaidh agus údaracht.

Critéir dhámhachtana

Déanfar measúnú ar na hiarratais a chuirtear isteach trí phointí as 100 ar an iomlán a shannadh, bunaithe ar na critéir dhámhachtana agus ar na scóir thíos. Le bheith curtha san áireamh le haghaidh dámhachtana, ní mór na tairseacha seo a leanas a bhaint amach leis na hiarratais:

  • Ar a laghad 60 pointe as 100 pointe ar an iomlán, agus
  • Ar a laghad leath na bpointí scóir uasta i ngach ceann de na chritéar dámhachtana thíos

Ábharthacht (scór uasta:  20 phointe)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • tá próifíl, taithí agus gníomhaíochtaí an iarratasóra chomh maith le spriocphobal na bhfoghlaimeoirí ábhartha i leith réimse an oideachais scoile;
  • tá togra an tionscadail ábhartha i leith chuspóirí na gníomhaíochta;
  • tá an togra ábhartha chun comhluachanna an Aontais a urramú agus a chur chun cinn, cuir i gcás meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, smacht reachta agus meas ar chearta an duine, chomh maith le troid in aghaidh aon sórt idirdhealaithe;
  • tá togra an tionscadail ábhartha i leith na dtosaíochtaí sonracha seo a leanas:
    • tacaíocht a thabhairt do nuatheachtaithe agus d’eagraíochtaí ag a bhfuil níos lú taithí;
    • tacaíocht a thabhairt do rannpháirtithe i soghluaisteacht foghlama fhadtéarmach do dhaltaí;
    • tacaíocht a thabhairt do rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu.

Cáilíocht dhearadh an tionscadail (scór uasta: 50 pointe)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • i gcuspóirí an tionscadail atá beartaithe tugtar aghaidh ar riachtanais na heagraíochta is iarratasóir, ar riachtanais a ball foirne agus ar riachtanais na bhfoghlaimeoirí agus déantar amhlaidh ar bhealach atá soiléir agus praiticiúil;
  • tá na gníomhaíochtaí atá beartaithe iomchuí chun cuspóirí an tionscadail a bhaint amach;
  • tá gnéithe oibríochtúla agus lóistíochta de dhearadh an tionscadail (ar nós ionaid bheartaithe) iomchuí agus costéifeachtach;
  • sa tionscadal ionchorpraítear cleachtais atá inbhuanaithe agus freagrach ó thaobh an chomhshaoil de;
  • sa tionscadal ionchorpraítear úsáid modhanna foghlama agus uirlisí digiteacha (r‑Nascadh go háirithe) chun a ngníomhaíochtaí soghluaisteachta fisicí a chomhlánú, agus chun feabhas a chur ar an gcomhar le heagraíochtaí comhpháirtíochta óstála.

Cáilíochtaí na ngníomhaíochtaí leantacha
(scór uasta: 30 phointe)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • is go soiléir a shainigh an t‑iarratasóir na cúraimí agus na freagrachtaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a sholáthar; i gcomhréir le caighdeáin cháilíochta Erasmus;
  • tá bearta praiticiúla agus loighciúla beartaithe ag an iarratasóir chun torthaí na ngníomhaíochtaí soghluaisteachta a lánpháirtiú in obair thráthrialta na heagraíochta;
  • tá bealach iomchuí beartaithe ag an iarratasóir chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí an tionscadail;
  • tá bearta praiticiúla agus éifeachtacha beartaithe ag an iarratasóir chun torthaí an tionscadail a chur in iúl laistigh den eagraíocht is iarratasóir, chun na torthaí a chomhroinnt le heagraíochtaí eile agus leis an bpobal, agus chun aitheantas a thabhairt go poiblí do mhaoiniú an Aontais Eorpaigh.

Tionscadail chreidiúnaithe le haghaidh soghluaisteacht daltaí agus ball foirne san oideachas scoile

Is féidir le heagraíochtaí a bhfuil creidiúnú Erasmus san oideachas scoile acu iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú mar chuid de shnáithe maoiniúcháin speisialta atá oscailt dóibh, agus dóibhsean amháin. Tá iarratais bunaithe ar an bPlean Erasmus a formheasadh roimhe sin, mar sin, níl gá le liosta mionsonraithe de na gníomhaíochtaí pleanáilte, ná le tuairisc mhionsonraithe orthu. Ina ionad sin, dírítear sna hiarratais ar an mbuiséad is gá le haghaidh an chéad tacair gníomhaíochtaí eile a mheas.

Critéir incháilitheachta

Eagraíochtaí incháilithe: cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Ní mór d’iarratasóirí creidiúnú bailí Erasmus a bheith acu san oideachas scoile tráth dháta tosaigh an tionscadail.

Cuibhreannas soghluaisteachta

Ní mór d’eagraíochtaí a bhfuil creidiúnú Erasmus do chomhordaitheoirí cuibhreannais soghluaisteachta acu iarratas a dhéanamh ar an bhformáid cuibhreannais soghluaisteachta.

Ní mór liosta de na comhaltaí cuibhreannais soghluaisteachta a sholáthar mar chuid den iarratas agus ní mór eagraíocht is iarratasóir amháin ar a laghad a bheith san áireamh ann i dteannta an chomhordaitheora.

Is féidir le haon eagraíocht a chomhlíonann na critéir incháilitheachta le haghaidh chreidiúnú Erasmus sa réimse céanna a bheith ina comhalta de chuibhreannas soghluaisteachta12 . Ní mór gach eagraíocht phleanáilte is comhalta den chuibhreannas a bheith ón mBallstát céanna den Aontas nó ón tír chéanna nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár leis an gcomhordaitheoir cuibhreannais soghluaisteachta.13 Ní mór an caidreamh idir comhordaitheoir an chuibhreannais agus comhaltaí an chuibhreannais a bheith bunaithe ar bhonn comhoibritheach, neamhbhrabúsach.

Ní gá creidiúnú Erasmus a bheith ag comhaltaí cuibhreannais.

Is féidir le heagraíochtaí a ghlacann páirt i gcuibhreannas soghluaisteachta iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú in dhá iarratas ar a mhéad faoi Phríomhghníomhaíocht 1 i réimse an oideachais scoile faoin nGlao céanna ar thograí. Dá bhrí sin, laistigh de réimse an oideachais scoile, eagraíochtaí a dhéanann iarratas ar dheontas le haghaidh tionscadal gearrthéarmach nó tionscadal creidiúnaithe, ní féidir leo páirt a ghlacadh ach in aon iarratas breise amháin le haghaidh cuibhreannas soghluaisteachta mar eagraíochtaí is comhaltaí de. Is féidir le heagraíochtaí eile páirt a ghlacadh i suas le dhá iarratas soghluaisteachta ó chuibhreannais.

Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?

Cuirtear iarratais faoi bhráid Ghníomhaireacht Náisiúnta na tíre ina bhfuil an eagraíocht is iarratasóir bunaithe.

Sprioc‑am le haghaidh iarratas

An 19 Feabhra ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile)

Dáta tosaigh le haghaidh tionscadal

An 1 Meitheamh sa bhliain chéanna

Fad tionscadal

Mairfidh na tionscadail chreidiúnaithe uile ar feadh 15 mhí ar dtús. Má dhlitear sin, is féidir leis na tairbhithe a iarraidh go gcuirfí fadú 24 mhí san iomlán ar a dtionscadal. Déanfar an fadú tar éis 12 mhí ó dháta chur chun feidhme an tionscadail, mura gcinnfidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta a mhalairt.

An líon iarratas

Ní fhéadfaidh eagraíochtaí creidiúnaithe iarratas a dhéanamh ach uair amháin in aghaidh an bhabhta roghnúcháin.

Gníomhaíochtaí incháilithe

Gach cineál gníomhaíochta le haghaidh an oideachais scoile. Chun teacht ar liosta mionsonraithe agus ar na rialacha, féach an roinn ‘Gníomhaíochtaí’.

Chun bheith incháilithe, ní mór gníomhaíocht soghluaisteachta baill foirne nó foghlaimeora ar a laghad a bheith san áireamh in iarratais.

Raon feidhme tionscadal

Níl teorainn leis an líon rannpháirtithe is féidir a áireamh i dtionscadail chreidiúnaithe, cé is moite d’aon teorainn a shainítear i gcéim leithdháilte an bhuiséid.

Eagraíochtaí tacaíochta

Is éard is eagraíocht tacaíochta ann eagraíocht a thugann cúnamh don eagraíocht is tairbhí i ngnéithe praiticiúla de chur chun feidhme an tionscadail nach mbaineann le príomhchúraimí an tionscadail. I measc na bpríomhchúraimí tionscadail tá bainistíocht airgeadais chistí an chláir, teagmháil leis an nGníomhaireacht Náisiúnta, tuairisciú ar ghníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme, chomh maith le gach cinneadh a dhéanann difear díreach d’inneachar, do cháilíocht agus do thorthaí na ngníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme (ar nós cineál agus fad na gníomhaíochta, agus an eagraíocht óstála a roghnú, torthaí foghlama a shainiú agus meastóireacht a dhéanamh orthu), srl. Tá rannpháirtíocht eagraíochta tacaíochta faoi réir fhormheas na Gníomhaireachta Náisiúnta.

Ní mór ról agus oibleagáidí na n‑eagraíochtaí tacaíochta a bheith sainithe go foirmiúil eatarthu féin agus an eagraíocht is tairbhí. Gníomhaíonn an eagraíocht tacaíochta faoi mhaoirseacht na heagraíochta tairbhithe, agus fanann an eagraíocht tairbhí freagrach as torthaí agus cáilíocht na ngníomhaíochtaí a cuireadh chun feidhme. Ní mór do na rannchuidithe uile de chuid eagraíochtaí tacaíochta a bheith i gcomhréir le caighdeáin cháilíochta Erasmus.

I gcás nach gcuirfear caighdeáin cháilíochta chun feidhme go maith nó nach gcomhlíonfar na ceanglais sin ar bhealach eile, féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta a iarraidh ar an tairbhí scor de chúnamh a fháil le haghaidh cúraimí áirithe agus iad a chur chun feidhme í féin. Mar bheart feabhais deiridh, féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta an comhaontú deontais a fhoirceannadh.

Meastar nach eagraíochtaí tacaíochta iad na hósteagraíochtaí a chuireann ábhar foghlama agus meantóireacht ar fáil do rannpháirtithe na n‑eagraíochtaí is tairbhithe, mura bhfuil siad ag tabhairt tacaíochta an tráth céanna don tairbhí i gcúraimí bainistíochta tionscadail eile a dhéanann an eagraíocht seolta de ghnáth.

Leithdháileadh an bhuiséid

Rinneadh measúnú ar cháilíocht an phlean Erasmus de chuid an iarratasóra i gcéim an iarratais creidiúnúcháin agus dá bhrí sin ní dhéanfar aon mheasúnú cáilíochtúil i gcéim leithdháileadh an bhuiséid. Gheobhaidh gach iarratas incháilithe ar dheontas maoiniú.

Beidh an méid deontais a dhámhtar ag brath ar roinnt gnéithe:

  • an buiséad iomlán atá ar fáil chun leithdháileadh a dhéanamh ar iarratasóirí creidiúnaithe
  • na gníomhaíochtaí a iarradh (agus an buiséad measta is gá chun iad a chur chun feidhme san áireamh)
  • an deontas bunúsach agus uasta
  • na comhpháirteanna leithdháilte seo a leanas: feidhmíocht cháilíochtúil, tosaíochtaí beartais, agus cothromaíocht gheografach (má chuireann an Ghníomhaireacht Náisiúnta i bhfeidhm iad)

An buiséad atá ar fáil do thionscadail chreidiúnaithe agus rialacha mionsonraithe maidir leis an mbuiséad a leithdháileadh, foilseoidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta iad roimh sprioc‑am an ghlao. Ní mór prionsabail na cothroime, na trédhearcachta agus na córa comhionainne a urramú leis na rialacha maidir leis an mbuiséad a leithdháileadh. Na táscairí agus an mhéadracht a úsáidtear chun an buiséad a leithdháileadh, ní mór iad a bheith oibiachtúil, infhíoraithe agus a luachanna a bheith ar eolas ag na hiarratasóirí roimh sprioc-am an ghlao. 

Bunaithe ar na ranníocaíochtaí aonaid is infheidhme agus ar na sonraí stairiúla, déanfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta meastachán faoin mbuiséad is gá chun na gníomhaíochtaí a d’iarr gach iarratasóir a chur chun feidhme. Ní féidir deontas a dhámhachtain ar iarratasóirí a bheidh níos airde ná an buiséad measta a thiocfaidh as sin. 

Má dhámhtar an buiséad measta iomlán is gá ar iarratasóir chun na gníomhaíochtaí a d’iarr siad a chur chun feidhme, cuimseofar na gníomhaíochtaí a iarradh san iarratas i gcomhaontú deontais an tionscadail mar spriocanna a bheidh le comhlíonadh. I gcásanna eile, mura ndámhtar an buiséad measta iomlán ar an iarratasóir, déanfar na spriocanna a bheidh le comhlíonadh a choigeartú chun go mbeidh siad i gcomhréir leis an deontas a dhámhtar14 .

Ní féidir meastachán a dhéanamh faoin mbuiséad le haghaidh chatagóirí na gcostas ‘Tacaíocht chuimsiúcháin le haghaidh rannpháirtithe’ agus ‘Costais eisceachtúla’ ar an mbealach céanna leis an mbuiséad le haghaidh chatagóirí na gcostas a gcuirtear ranníocaíochtaí aonaid i bhfeidhm ina leith. Déanfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta measúnú ar iarrataí ar na cineálacha costas sin ar leithligh, bunaithe ar an tuairisc a thabharfar orthu agus ar an údar a thugtar leo. Le linn chur chun feidhme an tionscadail, is féidir le tairbhithe tuilleadh iarrataí a dhéanamh ar na cineálacha costas sin nuair is gá. Próiseálfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta iarrataí breise den sórt sin in ord a nglactha, fad a bheidh cistí fós ar fáil.

Cad iad na rialacha maoiniúcháin atá ann?

Tá feidhm ag na rialacha maoiniúcháin seo a leanas maidir le tionscadail ghearrthéarmacha agus tionscadail chreidiúnaithe le haghaidh soghluaisteacht daltaí agus foirne san oideachas scoile. Maoinítear tionscadail Erasmus+ bunaithe ar phrionsabal an chómhaoinithe. Dá réir sin, ríomhtar na costais aonaid a shainítear sa tábla thíos chun 80 % de na costais iarbhír a chumhdach ar an meán. Is féidir rannpháirtithe a chuimsiú i dtionscadal, ar rannpháirtithe iad a maoinítear a ndeontas iomlán nó cuid de ó fhoinsí seachas Erasmus+. I gcás aon rannpháirtí aonair, is féidir leis an tairbhí maoiniú a iarraidh le haghaidh na gcatagóirí buiséid incháilithe uile nó gan maoiniú a iarraidh ach le haghaidh cuid díobh, má chumhdaítear an chuid eile de na costais ar bhealach difriúil. Is féidir na cistí a fhaightear ó Erasmus+ a fhorlíonadh ón eagraíocht is tairbhí, ó chistí eile an Aontais, tabhartais, ranníocaíochtaí rannpháirtithe, ranníocaíochtaí tríú páirtí, srl. An prionsabal nach mbeidh aon mhaoiniú dúbailte ann, ní mór an prionsabal sin a urramú: ní féidir tacaíocht airgeadais don chostas céanna a éileamh faoi dhó, ó fhoinsí difriúla, mar shampla. I gcás ina n‑iarrann an tairbhí ranníocaíochtaí ón rannpháirtí, ní mór dóibh a bheith i gcomhréir le forálacha ábhartha chaighdeáin cháilíochta Erasmus i gcónaí. Go sonrach, ní fhéadfaidh ranníocaíochtaí den sórt sin bacainní a chruthú ar chuimsiú rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu.

Catagóir bhuiséid - Tacaíocht eagraíochtúil

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais atá nasctha go díreach le cur chun feidhme an tionscadailnach gcumhdaítear le catagóirí eile costais

Mar shampla: rannpháirtithe a ullmhú (ar bhealach oideolaíoch, idirchultúrtha agus eile), meantóireacht agus monatóireacht a dhéanamh orthu agus tacaíocht a thabhairt dóibh le linn na soghluaisteachta, na seirbhísí, na huirlisí agus an trealamh is gá le haghaidh tionscadal a chur chun feidhme, comhchodanna fíorúla i ngníomhaíochtaí cumaisc, torthaí foghlama a aithint, torthaí a chomhroinnt agus maoiniú an Aontais Eorpaigh a chur in iúl don phobal.

Le tacaíocht eagraíochtúil cumhdaítear na costais atá tabhaithe ag an eagraíocht seolta agus ag an ósteagraíocht araon (seachas i gcás soghluaisteacht ball foirne le haghaidh cúrsaí agus oiliúna). Tiocfaidh an dá eagraíocht ar chomhaontú maidir leis an deontas a fuarthas a roinnt.

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an líon rannpháirtithe. Ní rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama iad daoine tionlacain agus ní chuirtear san áireamh iad chun Tacaíocht eagraíochtúil a ríomh.

Méid

EUR 100

  • In aghaidh an dalta scoile i soghluaisteacht grúpa
  • In aghaidh an rannpháirtí i soghluaisteacht ball foirne le haghaidh cúrsaí agus oiliúna
  • In aghaidh an tsaineolaí dá dtugtar cuireadh
  • In aghaidh an mhúinteora nó an oideora faoi oiliúint a óstáiltear

EUR 350; EUR 200 tar éis 100 rannpháirtí sa chineál gníomhaíochta céanna

  • In aghaidh an rannpháirtí i soghluaisteacht foghlama ghearrthéarmach do dhaltaí
  • In aghaidh an rannpháirtí i soghluaisteacht ball foirne le haghaidh na scáthfhoghlama agus tascanna teagaisc nó oiliúna

EUR 500

  • In aghaidh an rannpháirtí i soghluaisteacht foghlama fhadtéarmach do dhaltaí 

Catagóir bhuiséid - Taisteal

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Ranníocaíocht le costais taistil fillte rannpháirtithe agus daoine tionlacain óna n‑áit bhunaidh chuig ionad na gníomhaíochta.

Ina theannta sin: ranníocaíocht leis na costais taistil fillte ar rannpháirtithe agus ar dhaoine tionlacain óna n‑áit bhunaidh chuig an ionad oiliúna réamhimeachta le haghaidh daltaí sa tsoghluaisteacht fhadtéarmach.  

Faoi bhun 500 km, mar riail ghinearálta, taistealóidh an rannpháirtí trí mhodhanna iompair íseal‑astaíochtaí a úsáid

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an achar taistil agus an líon rannpháirtithe agus daoine tionlacain.

Ní mór don iarratasóir an t‑achar aeir aontreo idir an áit bhunaidh agus ionad na gníomhaíochta15 a léiriú trí úsáid a bhaint as an áireamhán achair lena dtacaíonn an Coimisiún</span> Eorpach16 .

Méid

Achar taistilTaisteal glasTaisteal nach taisteal glas é
10 – 99 kmEUR 56EUR 28
100 – 499 km285EUREUR 211
500 – 1 999 kmEUR 417309EUR
2 000 – 2 999 kmEUR 535EUR 395
3000 – 3999 kmEUR 785EUR 580
4000 – 7999 kmEUR 1188EUR 1188
8 000 km nó níos moEUR 1735EUR 1735

Catagóir bhuiséid - Tacaíocht aonair

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais chothaithe le haghaidh rannpháirtithe agus daoine tionlacain17 le linn na gníomhaíochta.

Más gá: tá costais chothaithe incháilithe le haghaidh am taistil roimh an ngníomhaíocht agus ina diaidh, le 2 lá taistil ar a mhéad le haghaidh rannpháirtithe agus daoine tionlacain a fhaigheann deontas taistil nach deontas taistil ghlais é, agus 6 lá taistil ar a mhéad le haghaidh rannpháirtithe i gcás deontais taistil ghlais.

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh:bunaithe ar an líon rannpháirtithe agus daoine tionlacain, fad an fhanachta agus an tír óstach18 .

Méid

Catagóir rannpháirtitheGrúpa tíortha 1Grúpa tíortha 2Grúpa tíortha 3
Baill foirneEUR 107-191EUR 95 ‑ 169EUR 84 ‑ 148
Daltaí scoileEUR 48 ‑ 85EUR 41-74EUR 36 ‑ 64

Is raonta ceadaithe le haghaidh bonnrátaí in aghaidh an lae gníomhaíochta iad na rátaí thuas. Laistigh de na raonta seo, cinnfidh gach Gníomhaireacht Náisiúnta na bonnrátaí beachta le haghaidh tionscadail atá á mbainistiú aici, agus foilseoidh sí an t‑eolas sin ar a suíomh gréasáin. 

Íoctar an bonnráta suas leis an 14ú lá den ghníomhaíocht (agus laethanta taistil san áireamh). Ón 15ú lá, beidh an ráta is iníoctha cothrom le 70 % den bhonnráta. Slánófar na rátaí iníoctha go dtí an euro iomlán is gaire.

Catagóir bhuiséid - Tacaíocht chuimsiúcháin

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Tacaíocht chuimsiúcháin d’eagraíochtaí:Costais a bhaineann le gníomhaíochtaí soghluaisteachta a eagrú do rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu.  

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an líon rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu 

Méid

EUR 125 in aghaidh an rannpháirtí 

Tacaíocht chuimsiúcháin le haghaidh rannpháirtithe: Costais bhreise atá nasctha go díreach le rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu agus leis na daoine atá á dtionlacan (lena n‑áirítear costais taistil agus chothaithe a bhfuil údar leo mura n‑iarrtar deontas le haghaidh na rannpháirtithe sin trí na catagóirí buiséid ar a dtugtar ‘Taisteal’ agus ‘Tacaíocht aonair’). Is féidir tacaíocht chuimsiúcháin a thabhairt freisin do bhaill foirne ar lú na deiseanna atá acu agus iad ag glacadh leis an ról mar dhaoine tionlacain nó iad rannpháirteach i gcuairt ullmhúcháin.

Sásra maoiniúcháin: fíorchostais.

Riail maidir le leithdháileadh: ní mór don iarratasóir údar a thabhairt leis an iarraidh agus ní mór don Ghníomhaireacht Náisiúnta í a fhormheas.

Méid

100 % de chostais incháilithe

Catagóir bhuiséid - Cuairteanna ullmhúcháin

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais taistil agus chothaithe le haghaidh rannpháirtíocht i gcuairt ullmhúcháin.

Sásra maoiniúcháin: costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an líon rannpháirtithe.

Méid

EUR 680 in aghaidh an rannpháirtí

Catagóir bhuiséid - Táillí cúrsa

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais lena gcumhdaítear táillí clárúcháin le haghaidh formáid soghluaisteachta baill foirne ‘Cúrsaí agus oiliúint’.

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar fhad an chúrsa.

Méid

EUR 80 in aghaidh an rannpháirtí in aghaidh an lae

Catagóir bhuiséid - Tacaíocht teanga

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais a bhaineann le hábhair foghlama teanga agus oiliúint a sholáthar do rannpháirtithe ar gá dóibh feabhas a chur ar an eolas atá acu ar an teanga a úsáidfidh siad chun tabhairt faoi staidéar nó oiliúint a fháil le linn a ngníomhaíochta.

Tá tacaíocht teanga incháilithe le haghaidh rannpháirtithe sna cineálacha gníomhaíochtaí seo a leanas: i scáthfhoghlaim, sannacháin teagaisc agus oiliúna, soghluaisteacht foghlama ghearrthéarmach daltaí scoile agus soghluaisteacht foghlama fhadtéarmach daltaí scoile

Níl tacaíocht iníoctha ach amháin mura bhfuair an rannpháirtí Tacaíocht Teanga ar Líne mar gheall nach bhfuil an teanga nó an leibhéal a éilítear ar fáil, nó mar gheall ar bhacainní áirithe a bhíonn ar rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu. Níl feidhm ag na coinníollacha thuas maidir le tacaíocht threisithe a sholáthraítear le haghaidh rannpháirtithe i soghluaisteacht daltaí.

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an líon rannpháirtithe.

Méid

EUR 150 in aghaidh an rannpháirtí 

Ina theannta sin: EUR 150 de thacaíocht threisithe teanga in aghaidh an rannpháirtí i soghluaisteacht foghlama fhadtéarmach daltaí

Catagóir bhuiséid - Costais eisceachtúla

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais chun ráthaíocht airgeadais a thabhairt, má iarrann an Ghníomhaireacht Náisiúnta sin. 

Costais arda taistil na rannpháirtithe agus na ndaoine atá á dtionlacan nach féidir tacú leo leis an gcatagóir Taisteal agus é caighdeánach, de dheasca iargúltacht gheografach nó bacainní eile.  Má dhámhtar iad, cuirtear na costais eisceachtúla le haghaidh taisteal costasach in ionad na tacaíochta taistil bunaithe ar chostais aonaid. 

Víosa agus costais a bhaineann le víosa, ceadanna cónaithe, vacsaínithe agus deimhnithe leighis. 

Sásra maoiniúcháin: fíorchostais.

Riail maidir le leithdháileadh: ní mór don iarratasóir údar a thabhairt leis an iarraidh agus ní mór don Ghníomhaireacht Náisiúnta í a fhormheas. Tá feidhm ag taisteal costasach i gcásanna nach gcumhdaíonn an tacaíocht taistil bunaithe ar chostas aonaid 70 % de chostais taistil na rannpháirtithe.

Méid

Costais maidir le ráthaíocht airgeadais: 80 % de chostais incháilithe

Costais arda taistil: 80 % de chostais taistil incháilithe 

Víosa agus costais a bhaineann le víosa, ceadanna cónaithe, vacsaínithe agus deimhnithe leighis: 100 % de chostais incháilithe

  1. An tArdán Eorpach um Oideachas Scoile – r‑Nascadh: www.school-education.ec.europa.eu/en/etwinning ↩ back
  2. Ceadaítear turais ghearra trasteorann nuair is ábhartha don ghníomhaíocht, ach ní mheasfar gur athrú ar thír an ionaid é sin ó thaobh an deontas a ríomh de. Má eagraítear gníomhaíochtaí i dtíortha difriúla i ndiaidh a chéile, ní mór na critéir incháilitheachta ábhartha uile a chomhlíonadh i gcás gach gníomhaíocht aonair. ↩ back
  3. Cláir gníomhaíochtaí grúpa ina mbíonn gníomhaíochtaí tráchtála ar fáil agus an cineál gníomhaíochta sin, nó an cineál gníomhaíochta sin go príomha, cuir i gcás cúrsaí i scoil teanga nó gníomhaíochtaí ‘réamhdhéanta’, níl siad incháilithe. Más ábhartha do chlár foghlama na gníomhaíochta, is féidir le daltaí cuid bheag den tréimhse soghluaisteachta a chaitheamh ar thurais chomhpháirteacha chuig an dúlra, ionaid chultúrtha, gnólachtaí nó institiúidí poiblí, comórtais idirnáisiúnta nó gníomhaíochtaí foghlama den chineál céanna. Mar sin féin, ba cheart ábhar den sórt sin a bheith leabaithe i gcónaí i gclár piarfhoghlama a dhear an dá scoil. ↩ back
  4. I ngach cás, is iad na scoileanna seolta agus óstacha a bheidh freagrach i gcónaí as a chinntiú go n urramaítear na rialacha agus na dlíthe uile is infheidhme sna tíortha seolta agus óstacha. ↩ back
  5. Is é an tÚdarás Náisiúnta inniúil i ngach Ballstát den Aontas nó tríú tír atá comhlachaithe leis an gClár a dhéanfaidh na cláir oideachais a shainiú agus foilseofar ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Náisiúnta ábhartha iad. ↩ back
  6. Tá an dlíthiúlacht agus na coinníollacha le haghaidh scolaíocht lasmuigh de shuíomh institiúideach rialaithe ag an reachtaíocht náisiúnta i ngach tír. I dtíortha ina bhfuil féidearthachtaí den sórt sin iontu, cinnfidh an tÚdarás Náisiúnta cé hiad na scoileanna a bhféadfaidh gníomhú mar scoileanna seolta le haghaidh daltaí a fhaigheann scolaíocht ar an mbealach sin. ↩ back
  7. Ceadaítear turais ghearra trasteorann nuair is ábhartha don ghníomhaíocht, ach ní mheasfar gur athrú ar thír an ionaid é sin ó thaobh an deontas a ríomh de. Má eagraítear gníomhaíochtaí i dtíortha difriúla i ndiaidh a chéile, ní mór na critéir incháilitheachta ábhartha uile a chomhlíonadh i gcás gach gníomhaíocht aonair. ↩ back
  8. Is iad an Bhruiséil, Frankfurt, Lucsamburg, Strasbourg, agus an Háig suíomhanna Institiúidí an Aontais Eorpaigh. Measfar gníomhaíochtaí ag suíomh an Aontais Eorpaigh a bheith mar shoghluaisteacht thrasnáisiúnta, agus féadfar iarraidh ar mhaoiniú (mar a dhéantar tuairisc air sa roinn ‘Cad iad na rialacha maoinithe?’) a dhéanamh le haghaidh gach rannpháirtí, gan beann ar a dtír tionscnaimh. ↩ back
  9. Tá céimithe nua incháilithe chun bheith rannpháirteach ar feadh suas le 12 mhí tar éis bhronnadh a gcéime. I gcás ina mbeidh seirbhís shibhialta nó mhíleata éigeantach á comhlíonadh ag na rannpháirtithe tar éis bhronnadh na céime, déanfar an tréimhse incháilitheachta a fhadú de réir fhad na seirbhíse sin. ↩ back
  10. Is é an tÚdarás Náisiúnta inniúil i ngach Ballstát den Aontas nó tríú tír atá comhlachaithe leis an gClár a dhéanfaidh na heagraíochtaí incháilithe a shainiú agus foilseofar ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Náisiúnta ábhartha iad mar aon le samplaí ábhartha. ↩ back
  11. Scoileanna atá bunaithe i mBallstát den Aontas Eorpach nó i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár agus a bhfuil stádas agus feidhm speisialta acu faoi mhaoirseacht na  n údarás náisiúnta i dtír eile (Lycée français nó scoileanna Gearmánacha mar shampla), d’fhéadfadh sé go mbeadh orthu iarratas a dhéanamh chuig Gníomhaireacht Náisiúnta na tíre maoirseachta. Chun eolas beacht a fháil ar gach cás, déan teagmháil leis an nGníomhaireacht Náisiúnta sa tír óstach nó sa tír ina bhfuil an t‑údarás náisiúnta ábhartha. Mar gheall ar na ceanglais go mbeidh na gníomhaíochtaí soghluaisteachta uile ina ngníomhaíochtaí trasnáisiúnta, ní féidir le scoileanna a bhfuil stádas speisialta den chineál sin acu gníomhaíochtaí soghluaisteachta a eagrú le heagraíochtaí eile a bhfuil an stádas céanna acu (is é sin, faoi mhaoirseacht an Údaráis Náisiúnta agus na Gníomhaireachta Náisiúnta céanna), fiú má tá an eagraíocht eile lonnaithe i dtír eile. ↩ back
  12. Le haghaidh conarthaí, féadfaidh comhaltaí cuibhreannais a bheith ina gcomhthairbhithe, ina  n eintitis chleamhnaithe nó ina dtríú páirtithe a fhaigheann tacaíocht airgeadais. Is féidir tacaíocht a sholáthar do thríú páirtithe bunaithe ar na ceanglais a leagtar amach i gcaighdeáin cháilíochta Erasmus maidir le gníomhaíochtaí incháilithe agus rannpháirtithe incháilithe a shainítear le haghaidh na gníomhaíochta seo, suas le huasmhéid EUR 60 000 in aghaidh na heagraíochta is faighteoir. Comhaltaí cuibhreannais atá ina gcuid den eintiteas céanna ó thaobh an dlí de agus atá comhordaitheoir an chuibhreannais, féadfaidh siad tairbhiú den deontas tionscadail, agus ní mheasfar gur comhthairbhithe, eintitis chleamhnaithe ná tríú páirtithe iad chun críoch dhlíthiúil.  Is í an Ghníomhaireacht Náisiúnta a dhéanfaidh an cinneadh maidir le struchtúr conarthach gach tionscadail soghluaisteachta ó chuibhreannais bunaithe ar stádas agus ar naisc fhoirmiúla chomhordaitheoir an chuibhreannais agus chomhaltaí an chuibhreannais sa chreat dlíthiúil náisiúnta. Sna cásanna uile, ní mór comhaltaí rannpháirteacha an chuibhreannais a liostú san iarratas tionscadail agus i gcomhaontú deontais an tionscadail mar chuid den tuairisc ar an tionscadal. ↩ back
  13. Scoileanna a bhfuil stádas speisialta acu agus atá faoi mhaoirseacht na  n údarás náisiúnta i dtír eile (Lycée français nó scoileanna Gearmánacha mar shampla), féadfaidh siad páirt a ghlacadh i gcuibhreannais soghluaisteachta faoi stiúir eagraíochtaí atá creidiúnaithe ag an nGníomhaireacht Náisiúnta i dtír mhaoirseachta na scoile. Mar sin féin, ní fhéadfaidh siad a bheith rannpháirteach an tráth céanna i dtionscadail atá bainistithe ag Gníomhaireachtaí Náisiúnta in dhá thír éagsúla. Cuibhreannas soghluaisteachta lena bhfuil baint ag scoileanna ag a bhfuil an stádas speisialta réamhluaite, ní féidir leo gníomhaíochtaí soghluaisteachta a eagrú idir na heagraíochtaí difriúla sa chuibhreannas, ná gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlaimeoirí nó foirne i gcás inarb í an tír cinn scríbe tír na Gníomhaireachta Náisiúnta maoirseachta. ↩ back
  14. Is féidir leis an nGníomhaireacht Náisiúnta modhnuithe teoranta a dhéanamh ar an gcoigeartú comhréireach chun go mbeidh an deontas a dhámhtar agus na spriocghníomhaíochtaí níos oiriúnaí dá chéile, chun comhleanúnachas leis an bPlean Erasmus formheasta a chinntiú, chun tacaíocht shásúil a sholáthar le haghaidh gníomhaíochtaí tosaíochta, chun rannpháirtí amháin ar a laghad a choinneáil i ngach cineál gníomhaíochta agus i ngach catagóir a d’iarr an t‐iarratasóir, agus chun rialacha an ghlao a chomhlíonadh. ↩ back
  15. Mar  shampla, má bhíonn duine ó Mhaidrid (an Spáinn) ag glacadh páirt i ngníomhaíocht atá ar siúl sa Róimh (an Iodáil), déanfaidh an t‑iarratasóir an t‑achar ó Mhaidrid go dtí an Róimh a ríomh (1 365.28 KM) agus ansin roghnóidh an t‑iarratasóir an banda achair taistil is infheidhme (is é sin, idir 500 agus 1 999 km). ↩ back
  16. https://ec.europa.eu/programmes/erasmus-plus/resources/distance-calculator_ga ↩ back
  17. I gcás daoine tionlacain, tá feidhm leis na rátaí foirne. I gcásanna eisceachtúla, i gcás inar gá don duine tionlacain fanacht ar an gcoigríoch ar feadh tréimhse is faide ná 60 lá, tacófar le costais chothaithe bhreise lastall den 60ú lá faoin gceannteideal buiséid ar a dtugtar ‘Tacaíocht chuimsiúcháin’. ↩ back
  18. Grúpaí na dtíortha óstacha:  Grúpa tíortha 1: An Ostair, an Bheilg, an Danmhairg, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Íoslainn, an Iodáil, Lichtinstéin, Lucsamburg, an Iorua, an Ísiltír, an tSualainn Grúpa tíortha 2: An Chipir, an tSeicia, an Eastóin, an Ghréig, an Laitvia, Málta, an Phortaingéil, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn Grúpa tíortha 3: An Bhulgáir, an Chróit, an Liotuáin, an Mhacadóin Thuaidh, an Pholainn, an Rómáin, an tSeirbia, an Tuirc, an Ungáir ↩ back
Tagged in:  School education