Céim 4: An fhoirm iarratais a líonadh isteach agus a chur isteach
Le deontas ón Aontas a iarraidh faoin gClár Erasmus+, ní mór d’iarratasóirí úsáid a bhaint as na foirmeacha sonracha le haghaidh gach gníomhaíochta atá le fáil ar shuíomhanna gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh nó na nGníomhaireachtaí Náisiúnta (féach an nasc seo a leanas le haghaidh sonraí teagmhála: http://ec.europa.eu/programmes/erasmus-plus/contact_en).
I gcás tionscadail a chuirtear isteach i gcuibhreannas, cuireann an comhordaitheoir iarratas aonair isteach le haghaidh an tionscadail uile thar ceann na mball uile den chuibhreannas. Ní mór an t‑iarratas a chur isteach chuig an nGníomhaireacht Náisiúnta nó Feidhmiúcháin (féach na codanna ‘Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?’ le haghaidh gach Gníomhaíochta i gCuid B den Treoir seo).
Ní ghlacfar le hiarratais a chuirtear isteach sa phost, le seirbhís cúiréireachta, facs nó ríomhphost.
I gcás gníomhaíochtaí a bhainistíonn an Ghníomhaireacht Náisiúnta, ní mór an fhoirm leictreonach a líonadh isteach i gceann de na teangacha oifigiúla a úsáidtear i mBallstáit den Aontas agus i dtíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár. I gcás gníomhaíochtaí a bhainistíonn an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin, ní mór d’iarratasóirí an fhoirm a líonadh isteach i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais. Ba cheart don achomaireacht/achoimre, áfach, a bheith i gcónaí i mBéarla.
Ní mór iarratais a chur faoi bhráid Gníomhaireacht Náisiúnta amháin nó na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin, agus an Ghníomhaireacht sin amháin. I gcás tíolacthaí iolracha den iarratas céanna sa bhabhta roghnúcháin céanna chuig an nGníomhaireacht Náisiúnta nó chuig an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin chéanna, measfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta nó Feidhmiúcháin mar a bheith bailí an leagan deiridh a cuireadh isteach roimh an sprioc‑am. I gcás ina gcuirtear na hiarratais chéanna nó iarratais an‑chomhchosúla de chuid na heagraíochta céanna is iarratasóir nó an chuibhreannais chéanna faoi bhráid Gníomhaireachtaí Náisiúnta éagsúla an iliomad uaireanta, is féidir go ndiúltófar go huathoibríoch do na hiarratais uile (féach an roinn maidir le dámhachtain neamhcharnach).
Le haghaidh breis faisnéise maidir le conas an fhoirm iarratais a líonadh isteach agus a chur isteach, téigh chuig na suíomhanna gréasáin seo a leanas:
- Le haghaidh gníomhaíochtaí a bhainistíonn Gníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+: féach na treoirlínte maidir le conas foirm leictreonach a líonadh isteach agus a chur isteach. Tá faisnéis sna treoirlínte sin freisin maidir le céard is ceart a dhéanamh i gcás fadhbanna teicniúla; tá siad le fáil ar shuíomhanna gréasáin na nGníomhaireachtaí Náisiúnta (le haghaidh Gníomhaíochtaí atá bainistithe acu) agus an Choimisiúin Eorpaigh.
- Le haghaidh gníomhaíochtaí a bhainistíonn an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin: Ní mór iarratais a chur isteach go leictreonach trí Chóras Ríomhaighneachta Tairiscintí na Tairsí Cistiúcháin agus Tairiscintí. Le haghaidh breis faisnéise maidir le próiseas an chur isteach (lena n‑áirítear gnéithe TF), téigh chuig an Lámhleabhar ar Líne atá le fáil ag: https://ec.europa.eu/info/funding‑tenders/opportunities/docs/2021‑2027/common/guidance/om_en.pdf
Cloígh leis an sprioc‑am
Ní mór an t‑iarratas a chur isteach faoin sprioc‑am a leagtar amach le haghaidh gach Gníomhaíochta. Sonraítear na sprioc‑amanna chun tionscadail a chur isteach le haghaidh gach Gníomhaíochta i gCuid B, ‘Critéir Incháilitheachta’, den Treoir seo.