An Tsoghluaisteacht le haghaidh baill foirne san oideachas aosach
Leis an ngníomhaíocht seo tacaítear le soláthraithe oideachais aosaigh agus le heagraíochtaí eile atá gníomhach i réimse an oideachais aosaigh ar mian leo gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama a eagrú le haghaidh foghlaimeoir fásta agus baill foirne san oideachas aosach.
Tacaítear le réimse leathan gníomhaíochtaí, lena n‑áirítear an scáthfhoghlaim agus cúrsaí forbartha gairmiúla le haghaidh baill foirne, soghluaisteacht aonair agus grúpa le haghaidh foghlaimeoir fásta ar lú na deiseanna atá acu (go háirithe foghlaimeoirí fásta nach bhfuil mórán scileanna acu), saineolaithe dá dtugtar cuireadh, agus gníomhaíochtaí eile mar a mhínítear thíos.
Ba cheart do na heagraíochtaí rannpháirteacha an cuimsiú agus an éagsúlacht, an inbhuaine comhshaoil agus an t‑oideachas digiteach a chur chun cinn go gníomhach trína ngníomhaíochtaí. Ba cheart dóibh déanamh amhlaidh ag úsáid na ndeiseanna cistiúcháin sonracha dá bhforáiltear leis an gclár chun na gcríoch sin, trí fheasacht a ardú i measc a rannpháirtithe, trí dhea‑chleachtais a chomhroinnt, agus trí dhearadh iomchuí a roghnú le haghaidh a ngníomhaíochtaí.
Cuspóirí na gníomhaíochta
Is é is cuspóir don ghníomhaíocht seo deiseanna foghlama a sholáthar do dhaoine aonair agus tacú le hidirnáisiúnú agus forbairt institiúide soláthraithe oideachais aosaigh agus eagraíochtaí eile i réimse an oideachais aosaigh. Rannchuideoidh an ghníomhaíocht le cur chun feidhme an Chláir Oibre Eorpaigh do Scileanna Nua agus le cruthú an Limistéir Eorpaigh Oideachais. Go sonrach, is iad cuspóirí na gníomhaíochta seo:
- An éirim Eorpach maidir leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim a neartú
- luachanna an chuimsithe agus na héagsúlachta, na caoinfhulaingthe, agus na rannpháirtíochta daonlathaí a chur chun cinn
- eolas faoi oidhreacht agus éagsúlacht chomhroinnte na hEorpa a chur chun cinn
- tacú le forbairt líonraí gairmiúla ar fud na hEorpa
- Feabhas a chur ar sholáthar cháilíocht an oideachais aosaigh fhoirmiúil, neamhfhoirmiúil agus sheachfhoirmiúil san Eoraip le haghaidh príomhinniúlachtaí mar a shainmhínítear i gcreat an Aontais (2018), lena n‑áirítear scileanna bunúsacha (an litearthacht, an uimhearthacht, scileanna digiteacha) agus scileanna saoil eile
- síneadh a chur leis an oideachas aosach agus é a éagsúlú trí ghairmiúlú na n‑oideoirí agus fothú acmhainneachta soláthraithe oideachais aosaigh
- cur chun feidhme agus inrochtaineacht clár teagaisc agus foghlama ardcháilíochta a shimpliú i ngach foirm den oideachas aosach, agus féachaint chuige go mbeidh siad ábhartha i leith riachtanais an duine aonair agus na sochaí i gcoitinne
- fothú acmhainneachta soláthraithe oideachais aosaigh chun tionscadail soghluaisteachta ardcháilíochta a chur i gcrích
- rannpháirtíocht daoine fásta de gach aois agus cúlra socheacnamaíoch san oideachas aosach a mhéadú, go háirithe trí rannpháirtíocht eagraíochtaí atá ag obair le foghlaimeoirí faoi mhíbhuntáiste, soláthraithe beaga oideachais aosaigh, nuatheachtaithe chuig an gclár, agus eagraíochtaí ag a bhfuil níos lú taithí, chomh maith le heagraíochtaí pobalbhunaithe an ghnáthphobail a chothú
Conas teacht ar dheiseanna soghluaisteachta Erasmus+?
Féadfaidh soláthraithe oideachais aosaigh agus eagraíochtaí eile atá gníomhach san oideachas aosach iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú ar dhá bhealach:
- Le tionscadail ghearrthéarmacha le haghaidh soghluaisteacht foghlaimeoirí agus ball foirne – soláthraítear deis d’iarratasóirí gníomhaíochtaí soghluaisteachta éagsúla a eagrú thar thréimhse 6 mhí go 18 mí. Tá tionscadail ghearrthéarmacha ar an rogha is fearr le haghaidh eagraíochtaí atá ag cur isteach ar Erasmus+ den chéad uair, nó dóibh sin nach mian leo ach líon teoranta gníomhaíochtaí a eagrú.
- Tionscadail chreidiúnaithe le haghaidh soghluaisteacht foghlaimeoirí ná ball foirne – níl na tionscadail sin oscailte ach amháin d’eagraíochtaí a bhfuil creidiúnú Erasmus i réimse an oideachais aosaigh acu. Leis an snáithe cistiúcháin speisialta sin is féidir le heagraíochtaí creidiúnaithe maoiniú a fháil go tráthrialta le haghaidh gníomhaíochtaí soghluaisteachta lena rannchuidítear lena bPlean Erasmus a chur chun feidhme de réir a chéile. Tá creidiúnuithe Erasmus oscailte do na heagraíochtaí uile ar mian leo gníomhaíochtaí soghluaisteachta a eagrú ar bhonn tráthrialta. Ní gá taithí a fháil sa chlár roimh ré chun iarratas a dhéanamh. Chun breis faisnéise a fháil faoin deis seo, léigh an chaibidil den treoir seo maidir le creidiúnú Erasmus i réimsí an oideachais aosaigh, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, agus an oideachais scoile.
Ina theannta sin, is féidir le heagraíochtaí dul i bpáirt leis an gclár gan iarratas a chur isteach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Dul i bpáirt le cuibhreannas soghluaisteachta Erasmus atá ann cheana faoi stiúir comhordaitheoir cuibhreannais creidiúnaithe ina dtír mar a bhfuiltear ag glacadh le comhaltaí nua ina gcuibhreannas.
- Rannpháirtithe ó thír eile a óstáil: is féidir le haon eagraíocht a bheith ina hóstach ar rannpháirtithe a thagann ó eagraíocht chomhpháirtíochta ar an gcoigríoch. Is luachmhar an t‑eispéireas é a bheith mar ósteagraíocht agus is maith an bealach é le comhpháirtíochtaí a chruthú agus tuilleadh a fhoghlaim faoin gclár roimh iarratas a dhéanamh air tú féin.
Tionscadal a bhunú
Is í an eagraíocht is iarratasóir an príomhghníomhaí i dtionscadal de chuid Phríomhghníomhaíocht 1. Déanann an t‑iarratasóir an t‑iarratas a dhréachtú agus a chur isteach, an comhaontú deontais a shíniú, na gníomhaíochtaí soghluaisteachta a chur chun feidhme, agus tuairiscíonn an duine sin don Ghníomhaireacht Náisiúnta freisin. Tá an próiseas iarratais maidir le tionscadail ghearrthéarmacha agus creidiúnú Erasmus araon dírithe ar riachtanais agus pleananna na heagraíochta is iarratasóir.
D’fhéadfadh gníomhaíochtaí soghluaisteachta i dtionscadal soghluaisteachta a bheith ina ngníomhaíochtaí isteach agus amach. Tá an chuid is mó de na cineálacha gníomhaíochtaí atá ar fáil ina ngníomhaíochtaí soghluaisteachta amach. Ciallaíonn sin go ngníomhóidh an eagraíocht is iarratasóir mar eagraíocht seolta: déanfaidh sí rannpháirtithe a roghnú agus a sheoladh chuig ósteagraíocht ar an gcoigríoch. Ina theannta sin, is ann do chineálacha speisialta gníomhaíochtaí isteach lenar féidir le heagraíochtaí is iarratasóirí cuireadh a thabhairt do shaineolaithe, do mhúinteoirí agus d’oideoirí faoi oiliúint chuig a n‑eagraíocht. Ní hé is cuspóir do ghníomhaíochtaí isteach malartuithe dhá threo a chruthú ach is é is cuspóir dóibh daoine a thabhairt isteach ar féidir leo cabhrú leis an eagraíocht is iarratasóir a fhorbairt agus a idirnáisiúnú. Chun éascaíocht a dhéanamh don phróiseas aimsithe comhpháirtithe, le Erasmus+ tacaítear le huirlisí chun comhpháirtithe a aimsiú ar an gcoigríoch: EPALE
Agus gach gníomhaíocht lena dtacaítear faoin nGníomhaíocht seo á cur chun feidhme, ní mór caighdeáin cháilíochta Erasmus a leanúint. Le caighdeáin cháilíochta Erasmus cumhdaítear cleachtais nithiúla maidir le cur chun feidhme le haghaidh cúraimí tionscadail amhail roghnú agus ullmhú rannpháirtithe, sainiú, meastóireacht agus aithint torthaí foghlama, comhroinnt torthaí tionscadail, srl. Chun téacs iomlán chaighdeáin cháilíochta Erasmus a léamh, téigh chuig an nasc seo a leanas ar shuíomh gréasáin Europa: https://ec.europa.eu/programmes/erasmus-plus/resources/documents/erasmus-quality-standards-mobility-projects-vet-adults-schools_ga
Gnéithe cothrománacha
Ba cheart do gach tionscadal soghluaisteachta na gnéithe seo a leanas atá comhchoiteann maidir leis an gclár iomlán Erasmus+ a chomhtháthú:
An cuimsiú agus an éagsúlacht
I gcomhréir le caighdeáin cháilíochta Erasmus, ní mór d’eagraíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gclár a áirithiú go dtairgfidh siad deiseanna soghluaisteachta ar bhealach cuimsitheach agus cothrom do rannpháirtithe ó gach cúlra. Le roghnú na bhfoghlaimeoirí a ghlacfaidh páirt i ngníomhaíochtaí tionscadail, ba cheart príomhfhachtóirí a chur san áireamh amhail spreagadh, fiúntas, chomh maith le forbairt phearsanta agus riachtanais foghlama na rannpháirtithe. Ar an mbealach céanna, le roghnú na mball foirne is rannpháirtithe ba cheart a áirithiú go mbeidh tairbhí a bhforbartha pearsanta ar fáil le haghaidh gach foghlaimeora san eagraíocht.
Le linn gníomhaíochtaí soghluaisteachta a ullmhú, a chur chun feidhme agus obair leantach a dhéanamh orthu, ba cheart do na heagraíochtaí seolta agus ósteagraíochtaí páirt a thabhairt do na rannpháirtithe i bpríomhchinntí chun an oiread tairbhí agus tionchair agus is féidir a áirithiú le haghaidh gach rannpháirtí.
Moltar do thairbhithe agus d’eagraíochtaí rannpháirteacha eile a sholáthraíonn an t‑oideachas agus an oiliúint deiseanna soghluaisteachta a chruthú agus a éascú go gníomhach, mar shampla trí dheiseanna soghluaisteachta a bhunú ina bhféilire acadúil agus céimeanna ath‑lánpháirtíochta a shainiú do rannpháirtithe a fhilleann.
Cleachtais atá inbhuanaithe agus freagrach ó thaobh an chomhshaoil de
I gcomhréir le caighdeáin cháilíochta Erasmus, ní mór d’eagraíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gclár iompar atá inbhuanaithe agus freagrach ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn i measc na rannpháirtithe, agus feasacht á múscailt faoin tábhacht a bhaineann le gníomhú chun lorg comhshaoil gníomhaíochtaí soghluaisteachta a laghdú nó a chúiteamh. Ba cheart na prionsabail sin a léiriú in ullmhú agus cur chun feidhme gach gníomhaíochta de chuid an chláir, go háirithe trí thacaíocht cistiúcháin shonrach a úsáid, rud a sholáthraítear leis an gclár chun modhanna inbhuanaithe taistil a chur chun cinn. Ba cheart d’eagraíochtaí a sholáthraíonn an t‑oideachas agus an oiliúint na prionsabail sin a lánpháirtiú ina n‑obair laethúil, agus ba cheart dóibh athrú meoin agus iompair a chur chun cinn go gníomhach i measc na bhfoghlaimeoirí agus na mball foirne.
An claochlú digiteach in oideachas agus oiliúint
I gcomhréir le caighdeáin cháilíochta Erasmus, leis an gClár tacaítear le gach eagraíocht rannpháirteach úsáid uirlisí agus modhanna foghlama digiteacha a ionchorprú chun a ngníomhaíochtaí fisiceacha a chomhlánú, chun feabhas a chur ar an gcomhar idir eagraíochtaí comhpháirteacha, agus chun feabhas a chur ar cháilíocht a bhfoghlama agus a dteagaisc. Ina theannta sin, féadfaidh rannpháirtithe tairbhiú de Chúrsaí Oiliúna sa Deis Dhigiteach: gníomhaíochtaí soghluaisteachta a ligean dóibh scileanna digiteacha a fháil agus a n‑inniúlacht chun oiliúint, múineadh agus cúraimí eile a dhéanamh le cúnamh ó uirlisí digiteacha. Féadfar gníomhaíochtaí den sórt sin a eagrú le haon cheann de na formáidí soghluaisteachta do bhaill foirne atá ar fáil.
Rannpháirtíocht sa saol daonlathach
Is é is aidhm don chlár cuidiú leis na rannpháirtithe teacht ar na tairbhithe a bhaineann leis an tsaoránacht agus leis an rannpháirtíocht ghníomhach sa saol daonlathach. Ba cheart do ghníomhaíochtaí soghluaisteachta a fhaigheann tacaíocht scileanna rannpháirtíochta a threisiú i réimsí éagsúla den tsochaí shibhialta, agus i bhforbairt inniúlachtaí sóisialta agus idirchultúrtha, na smaointeoireachta criticiúla agus na litearthachta sna meáin. Aon uair is féidir, le tionscadail ba cheart deiseanna a thairiscint do dhaoine a bheith rannpháirteach sa saol daonlathach chomh maith le deiseanna le haghaidh rannpháirtíocht saoránach agus shóisialta trí ghníomhaíochtaí foghlama foirmiúla nó neamhfhoirmiúla. Tuiscint rannpháirtithe ar an Aontas Eorpach agus ar chomhluachanna Eorpacha, agus meas ar phrionsabail dhaonlathacha, dínit an duine, an aontacht agus an éagsúlacht, idirphlé idirchultúrtha, chomh maith le hoidhreacht shóisialta, chultúrtha agus stairiúil Eorpach san áireamh, ba cheart tuiscint na rannpháirtithe ar na gnéithe sin a fheabhsú trí rannpháirtíocht sna soghluaisteachtaí.
Príomhinniúlachtaí a fhorbairt
Leis an gclár tacaítear le forbairt ar feadh an tsaoil agus treisiú na bpríomhinniúlachtaí1 is gá le haghaidh forbairt agus sásamh pearsanta, infhostaitheacht, saoránacht ghníomhach agus cuimsiú sóisialta. Ba cheart d’eagraíochtaí rannpháirteacha gníomhaíochtaí oiliúna agus foghlama a thairiscint atá oiriúnaithe do riachtanais speisialta foghlaimeoirí, rud a chuidíonn leo neamhspleáchas eacnamaíoch a bhaint amach agus na bacainní atá rompu i dteagmhálaithe oideachais agus sóisialta a bhaint anuas.
Gníomhaíochtaí
Sa roinn seo léirítear na cineálacha gníomhaíochtaí lenar féidir tacú le cistí Erasmus+, mar chuid de thionscadail ghearrthéarmacha agus de thionscadail chreidiúnaithe araon.
Le haghaidh aon ghníomhaíocht, is féidir tacaíocht bhreise a sholáthar do dhaoine a thionlacann rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu. Is féidir tacú le daoine tionlacain ar feadh fhad iomlán na gníomhaíochta nó ar feadh cuid de sin.
Soghluaisteacht ball foirne
Na formáidí atá ar fáil
- An scáthfhoghlaim (2 go 60 lá)
- Tascanna teagaisc nó oiliúna (2 go 365 lá)
- Cúrsaí agus oiliúint (2 go 30 lá, uasmhéid de tháillí le haghaidh 10 lá cúrsa in aghaidh an rannpháirtí)
I dteannta na soghluaisteachta fisicí, is féidir gach gníomhaíocht soghluaisteachta ball foirne a chumasc le gníomhaíochtaí fíorúla. Tá feidhm leis na faid íosta agus uasta a shonraítear thuas maidir leis an gcomhchuid soghluaisteachta fisicí.
Scáthfhoghlaim: féadfaidh rannpháirtithe tréimhse a chaitheamh ag ósteagraíocht i dtír eile agus is é is cuspóir don fhoghlaim cleachtais nua a fhoghlaim agus smaointe nua a bhailiú trí bhreathnóireacht agus idirphlé le piaraí, saineolaithe nó cleachtóirí eile ina n‑obair laethúil ag an ósteagraíocht.
Tascanna teagaisc nó oiliúna: féadfaidh rannpháirtithe tréimhse teagaisc nó tréimhse ina gcuireann siad oiliúint ar fáil d’fhoghlaimeoirí a chaitheamh ag ósteagraíocht i dtír eile, mar bhealach chun foghlaim trína gcúraimí a chur i gcrích agus malartú le piaraí.
Cúrsaí agus oiliúint: féadfaidh rannpháirtithe tairbhiú de chúrsa struchtúrtha nó d’oiliúint den chineál céanna a sholáthraíonn gairmithe cáilithe, bunaithe ar chlár foghlama agus torthaí foghlama réamhshainithe. Ní mór do rannpháirtithe ó 2 thír éagsúla ar a laghad a bheith rannpháirteach san oiliúint agus ní mór ligean do rannpháirtithe idirghníomhú le foghlaimeoirí eile agus leis na hoiliúnóirí san oiliúint sin. Ní thacaítear le gníomhaíochtaí atá go hiomlán neamhghníomhach, cuir i gcás, ag éisteacht le léachtanna, óráidí nó le comhdhálacha móra.
Ba cheart d’iarratasóirí a bheith feasach go bhfuil gach soláthraí cúrsa go hiomlán neamhspleách ón gclár Erasmus+ agus go ngníomhaíonn siad mar sholáthraithe seirbhíse ar mhargadh saor. Is freagracht de chuid na heagraíochta is tairbhí í an rogha cúrsaí agus oiliúna dá bhrí sin. Tá na caighdeáin cháilíochta seo a leanas ar fáil mar thacaíocht chun na hiarrthóirí a threorú agus rogha á déanamh acu:https://ec.europa.eu/programmes/erasmus-plus/resources/quality-standards-courses-under-key-action-1-learning-mobility-individuals_ga
Rannpháirtithe incháilithe
Áirítear ar na rannpháirtithe incháilithe múinteoirí, oiliúnóirí, agus gach saineolaí agus ball foirne neamh-theagaisc eile san oideachas aosach.
Áirítear ar na baill foirne neamh-theagaisc incháilithe baill foirne a oibríonn san oideachas aosach, bíodh sin i soláthraithe oideachais aosaigh (mar shampla baill foirne bainistíochta) nó in eagraíochtaí eile atá gníomhach san oideachas aosach (mar shampla oibreoirí deonacha, comhairleoirí, comhordaitheoirí beartais atá i gceannas ar an oideachas aosach, srl.).
Ní mór do rannpháirtithe a bheith ag obair san eagraíocht seolta, nó ní mór dóibh a bheith ag obair go tráthrialta leis an eagraíocht seolta chun cuidiú le cur chun feidhme phríomhghníomhaíochtaí na heagraíochta (mar shampla mar oiliúnóirí seachtracha, mar shaineolaithe, nó mar oibreoirí deonacha).
I ngach cás, ní mór na cúraimí lena nasctar an rannpháirtí leis an eagraíocht seolta a dhoiciméadú ar bhealach lenar féidir leis an nGníomhaireacht Náisiúnta an nasc sin a fhíorú (mar shampla le conradh oibre nó oibre deonaí, tuairisc ar an gcúram, nó doiciméad comhchosúil). Bunóidh na Gníomhaireachtaí Náisiúnta cleachtas trédhearcach agus comhsheasmhach maidir lena bhfuil i gceist le caidrimh oibre agus doiciméid tacaíochta atá inghlactha ina gcomhthéacs náisiúnta.
Ionaid incháilithe
Ní mór gníomhaíochtaí a reáchtáil ar an gcoigríoch, i mBallstát de chuid an Aontais nó i dtír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár.
Soghluaisteacht foghlaimeoirí
Na formáidí atá ar fáil
- Soghluaisteacht grúpa foghlaimeoirí fásta (2 go 30 lá, ar a laghad dhá dhalta in aghaidh an ghrúpa)
- Soghluaisteacht foghlama ghearrthéarmach foghlaimeoirí fásta (2 go 29 lá)
- Soghluaisteacht foghlama fhadtéarmach foghlaimeoirí fásta (30 go 365 lá)
I dteannta na soghluaisteachta fisicí, is féidir gach gníomhaíocht soghluaisteachta foghlaimeoirí a chumasc le gníomhaíochtaí fíorúla. Tá feidhm leis na faid íosta agus uasta a shonraítear thuas maidir leis an gcomhchuid soghluaisteachta fisicí.
Soghluaisteacht grúpa foghlaimeoirí fásta: is féidir le grúpa foghlaimeoirí fásta ón eagraíocht seolta am a chaitheamh i dtír eile chun tairbhiú d’fhoghlaim nuálach atá eagraithe ag ósteagraíocht trí chomhar idir na heagraíochtaí seolta agus ósteagraíochtaí (ní thacaítear le seirbhísí oiliúna atá ar fáil don tráchtáil a cheannach). Is féidir go n‑áireofar sna gníomhaíochtaí meascán de mhodhanna agus teicnící foghlama foirmiúla, neamhfhoirmiúla agus seachfhoirmiúla, amhail piarfhoghlaim, foghlaim sheachfhoirmiúil, oibriú go deonach, agus cineálacha cur chuige nuálacha eile. Ní mór d’oiliúnóirí ón eagraíocht seolta na foghlaimeoirí a thionlacan ar feadh fhad iomlán na gníomhaíochta agus a bheith rannpháirteach i gcur chun feidhme an chláir foghlama. Le hinneachar na ngníomhaíochtaí soghluaisteachta grúpa ba cheart díriú ar phríomhinniúlachtaí foghlaimeoirí fásta nó ar éirimí éagsúlachta, digiteacha, inbhuaine comhshaoil agus rannpháirteacha an chláir.
Soghluaisteacht foghlama ghearrthéarmach foghlaimeoirí fásta: is féidir le foghlaimeoir fásta tréimhse a chaitheamh ar an gcoigríoch ag eagraíocht óstála chun feabhas a chur ar an eolas agus ar na scileanna atá acu. Ní mór clár foghlama aonair a shainiú le haghaidh gach rannpháirtí. Ag deireadh na gníomhaíochta, ní mór do gach foghlaimeoir dul faoi mheastóireacht agus creidiúnú i leith na dtorthaí foghlama. Is féidir go n‑áireofar sa chlár foghlama meascán de mhodhanna foghlama foirmiúla, neamhfhoirmiúla agus seachfhoirmiúla, lena n‑áirítear foghlaim laistigh den rang, foghlaim obairbhunaithe, scáthfhoghlaim, breathnóireacht agus cineálacha cur chuige nuálacha eile.
Soghluaisteacht foghlama aonair d’fhoghlaimeoirí fásta: is féidir le foghlaimeoirí fásta tréimhse níos faide a chaitheamh ar an gcoigríoch ag eagraíocht óstála chun feabhas a chur ar an eolas agus ar na scileanna atá acu. Ní mór clár foghlama aonair a shainiú le haghaidh gach rannpháirtí. Is féidir go n‑áireofar sa chlár foghlama meascán de mhodhanna foghlama foirmiúla, neamhfhoirmiúla agus seachfhoirmiúla, lena n‑áirítear foghlaim laistigh den rang, foghlaim obairbhunaithe, scáthfhoghlaim, breathnóireacht agus cineálacha cur chuige nuálacha eile.
Tabhair faoi deara nach bhfuil an difríocht idir formáidí grúpa agus aonair bunaithe ar shocruithe taistil agus lóistín, ach bunaithe go heisiata ar cheanglais le haghaidh cláir foghlama chomhchoiteanna nó aonair. Dá réir sin, moltar an fhormáid soghluaisteachta grúpa le haghaidh gníomhaíochtaí simplí a bhaineann leas as acmhainní agus inneachar atá ann cheana, agus tá formáidí aonair níos oiriúnaí do chláir foghlama a dteastaíonn infheistíocht shonrach ó na heagraíochtaí seolta agus ósteagraíochtaí uathu (agus cásanna ina mbeidh roinnt rannpháirtithe ag taisteal agus ag fanacht le chéile san áireamh). I gcomhréir lena riachtanais, soláthraítear leibhéal éagsúil tacaíochta eagraíochtúla le haghaidh formáidí éagsúla gníomhaíochta, mar a shainítear sna rialacha maoinithe a chuirtear i láthair ag deireadh na caibidle seo.
Rannpháirtithe incháilithe
Is éard is rannpháirtithe incháilithe ná foghlaimeoirí atá rannpháirteach i gclár oideachais aosaigh2 ag an eagraíocht seolta.
Agus rannpháirtithe á roghnú, ba cheart é a bheith d’aidhm ag gach tionscadal meascán cuimsitheach cothrom próifílí rannpháirtithe a roghnú agus go mbeidh rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu rannpháirteach go mór, i gcomhréir le cuspóirí na gníomhaíochta.
Ionaid incháilithe
Ní mór gníomhaíochtaí a reáchtáil ar an gcoigríoch, i mBallstát de chuid an Aontais nó i dtír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár.
Ní mór soghluaisteacht grúpa foghlaimeoirí fásta a dhéanamh ag an eagraíocht óstála. Go heisceachtúil, féadfar gníomhaíochtaí a dhéanamh ag ionad eile i dtír na heagraíochta óstaí, má tá údar leis sin i bhfianaise inneachar agus cháilíocht na gníomhaíochta. Sa chás sin, ní chuirfear taisteal rannpháirtithe ón ósteagraíocht chuig an ionad san áireamh mar ghníomhaíocht soghluaisteachta trasnáisiúnta. Ní féidir cistí breise a iarraidh chuige sin dá bhrí sin.
Ina theannta sin, féadfar soghluaisteacht foghlaimeoirí fásta a dhéanamh ag suíomh Institiúide de chuid an Aontais Eorpaigh má eagraítear an ghníomhaíocht ag nó i gcomhar le hinstitiúid de chuid an Aontais3 .
Gníomhaíochtaí eile lena dtacaítear
Na formáidí atá ar fáil
- Saineolaithe dá dtugtar cuireadh (2 go 60 lá)
- Múinteoirí agus oideoirí faoi oiliúint a óstáil (10 go 365 lá)
Saineolaithe dá dtugtar cuireadh: is féidir le heagraíochtaí cuireadh a thabhairt d’oiliúnóirí, múinteoirí, saineolaithe beartais nó gairmithe cáilithe eile ón gcoigríoch, ar daoine iad ar féidir leo cabhrú le feabhas a chur ar an teagasc, ar an oiliúint agus ar an bhfoghlaim san ósteagraíocht. Mar shampla, féadfaidh saineolaithe dá dtugtar cuireadh oiliúint a sholáthar do bhaill foirne na heagraíochta óstaí, modhanna teagaisc nua a léiriú nó cabhrú le dea‑chleachtais a aistriú ó thaobh cúrsaí eagrúcháin agus bainistíochta de.
Múinteoirí agus oideoirí faoi oiliúint a óstáil: is féidir le heagraíochtaí is iarratasóirí múinteoirí faoi oiliúint, ar mian leo tréimhse cúrsa oiliúna a dhéanamh ar an gcoigríoch, a óstáil. Gheobhaidh an ósteagraíocht tacaíocht chun an ghníomhaíocht a chur ar bun, bíodh agus gur cheart an tacaíocht taistil agus aonair a bheith á soláthar don rannpháirtí ag an institiúid seolta (ar féidir léi iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú Erasmus+ chun na críche sin).
Rannpháirtithe incháilithe
Aon duine ó Bhallstát eile de chuid an Aontais nó ó thír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár ar féidir saineolas atá ábhartha i leith riachtanais agus chuspóirí na heagraíochta a thugann cuireadh dóibh a sholáthar, is féidir leo a bheith ina saineolaithe dá dtugtar cuireadh.
Tá óstáil múinteoirí agus oideoirí faoi oiliúint ar fáil le haghaidh rannpháirtithe atá cláraithe i gclár oideachais múinteoirí nó rannpháirtithe ar céimithe nua4 de chuid clár den chineál sin iad (nó i gclár oideachais comhchosúil le haghaidh oiliúnóirí nó oideoirí) i mBallstát eile an Aontais nó i dtír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár.
Ionaid incháilithe
Is í an eagraíocht is tairbhí (lena n‑áirítear comhaltaí cuibhreannais) a fheidhmíonn i gcónaí mar ionad na saineolaithe agus na múinteoirí faoi oiliúint dá dtugtar cuireadh.
Cuairteanna ullmhúcháin
Céard is cuairt ullmhúcháin ann?
Is éard is cuairt ullmhúcháin ann cuairt a thugann baill foirne ón eagraíocht seolta ar ósteagraíocht ionchasach agus is é is cuspóir don chuairt ullmhú le haghaidh gníomhaíocht soghluaisteachta foghlaimeora nó foirne ar bhealach níos fearr.
Cathain is féidir cuairt ullmhúcháin a eagrú?
Ní mór réasúnaíocht shoiléir a bheith mar bhonn le gach cuairt ullmhúcháin agus ní mór feabhas a chur ar chuimsitheacht, raon feidhme agus cáilíocht na ngníomhaíochtaí soghluaisteachta leo sin.
Mar shampla, is féidir cuairteanna ullmhúcháin a eagrú chun gur fearr is féidir soghluaisteacht rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu a ullmhú, chun tosú ar oibriú le heagraíocht chomhpháirtíochta nua, nó chun gníomhaíochtaí soghluaisteachta níos faide a ullmhú.
Féadfar cuairteanna ullmhúcháin a eagrú ag ullmhú le haghaidh aon chineáil soghluaisteachta foghlama nó foirne, cé is moite de ‘chúrsaí agus oiliúint’.
Cé atá in ann a bheith páirteach i gcuairt ullmhúcháin?
Is féidir le haon duine atá incháilithe le haghaidh gníomhaíochtaí soghluaisteachta ball foirne agus ag a bhfuil baint le heagrú an tionscadail cuairteanna ullmhúcháin a dhéanamh.
Go heisceachtúil, féadfaidh foghlaimeoirí a ghlacfaidh páirt sa tsoghluaisteacht foghlama fhadtéarmach agus rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu in aon chineál gníomhaíochta páirt a ghlacadh i gcuairteanna ullmhúcháin le haghaidh a ngníomhaíochtaí.
Féadfaidh uasmhéid de thriúr a bheith rannpháirteach i gcuairt ullmhúcháin, agus féadfar uasmhéid de chuairt ullmhúcháin amháin a eagrú le haghaidh gach eagraíochta óstaí.
Cén áit a bhféadfar dul ar chuairteanna ullmhúcháin?
Déantar cuairteanna ullmhúcháin ag áitreabh na heagraíochta óstaí, nó ag aon ionad eile ina mbeartaítear gníomhaíochtaí soghluaisteachta a dhéanamh. Na rialacha atá infheidhme maidir le hionaid ghníomhaíochtaí foirne agus soghluaisteachta, tá feidhm acu maidir le cuairteanna ullmhúcháin atá nasctha leis na gníomhaíochtaí sin freisin.
Tionscadail ghearrthéarmacha le haghaidh soghluaisteacht foghlaimeoirí agus ball foirne san oideachas aosach
Is éard atá i dtionscadail ghearrthéarmacha le haghaidh soghluaisteacht foghlaimeoirí agus ball foirne bealach furasta agus simplí chun tairbhiú de Erasmus+. Is é is cuspóir dóibh deis a thabhairt d’eagraíochtaí cúpla gníomhaíocht a eagrú ar bhealach éasca agus taithí a fháil sa chlár.
Chun bheith simplí i gcónaí, áirítear teorainn i dtionscadail ghearrthéarmacha leis an líon rannpháirtithe agus le fad an tionscadail. Níl an fhormáid oscailte ach amháin d’eagraíochtaí aonair agus níl sí oscailte do chomhordaitheoirí cuibhreannais. Ní féidir le heagraíochtaí creidiúnaithe iarratas a dhéanamh ar thionscadail ghearrthéarmacha ós rud é go bhfuil rochtain bhuan acu ar mhaoiniú Erasmus+ cheana féin.
San iarratas ar thionscadail ghearrthéarmacha áirítear liosta de na gníomhaíochtaí, agus tuairisc orthu, a bhfuil plean ag an eagraíocht is iarratasóir iad a eagrú.
Critéir incháilitheachta
Eagraíochtaí incháilithe: cé atá in ann iarratas a dhéanamh?
Tá na heagraíochtaí seo a leanas incháilithe5 le hiarratas a dhéanamh:
- Eagraíochtaí a sholáthraíonn an t‑oideachas aosach foirmiúil, neamhfhoirmiúil agus seachfhoirmiúil6
- Údaráis phoiblí áitiúla agus réigiúnacha, comhlachtaí comhordúcháin agus eagraíochtaí eile ag a bhfuil ról i réimse an oideachais aosaigh
Ní féidir le heagraíochtaí a shealbhaíonn creidiúnú Erasmus san oideachas aosach iarratas a dhéanamh ar thionscadail ghearrthéarmacha.
Tíortha incháilithe
Ní mór d’eagraíochtaí is iarratasóir a bheith bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár.
Cén áit ar féidir iarratas a chur isteach?
Cuirtear iarratais faoi bhráid Ghníomhaireacht Náisiúnta na tíre ina bhfuil an eagraíocht is iarratasóir bunaithe.
Sprioc‑amanna le haghaidh iarratas
Babhta 1 (le haghaidh na nGníomhaireachtaí Náisiúnta uile): An 23 Feabhra ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile)
Babhta 2: Féadfaidh Gníomhaireachtaí Náisiúnta cinneadh a dhéanamh chun dara sprioc‑am a oscailt (Babhta 2). Sa chás sin, cuirfidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta na rannpháirtithe ar an eolas faoi trína suíomh gréasáin. Le haghaidh Bhabhta 2, ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratais a chur isteach faoin 4 Deireadh Fómhair ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile).
Dátaí tosaigh le haghaidh tionscadal
Is féidir na dátaí tosaigh seo a leanas a roghnú le haghaidh tionscadal:
- Babhta 1: idir an 1 Meitheamh agus an 31 Nollaig sa bhliain chéanna
- Babhta 2 (má tá sé oscailte): idir an 1 Eanáir agus an 31 Bealtaine an bhliain ina dhiaidh sin
Fad tionscadal
Ó 6 mhí go 18 mí
An líon iarratas
In aghaidh an bhabhta roghnúcháin, ní fhéadfaidh eagraíocht iarratas a dhéanamh ach ar thionscadal gearrthéarmach amháin i réimse an oideachais aosaigh.
Eagraíochtaí a fhaigheann deontas ar thionscadal gearrthéarmach faoin gcéad bhabhta iarratas, ní fhéadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar an dara babhta den ghlao céanna ar thograí.
Laistigh d’aon tréimhse 5 bliana as a chéile ina n‑eisítear glao, féadfaidh eagraíochtaí trí dheontas ar a mhéad a fháil le haghaidh tionscadail ghearrthéarmacha i réimse an oideachais aosaigh. Ní áirítear deontais a fuarthas sa tréimhse 2014-2020 sa teorainn sin.
Gníomhaíochtaí incháilithe
Gach cineál gníomhaíochta le haghaidh an oideachais aosaigh. Chun teacht ar liosta mionsonraithe agus ar na rialacha, féach an roinn ‘Gníomhaíochtaí’.
Chun bheith incháilithe, ní mór gníomhaíocht soghluaisteachta baill foirne nó foghlaimeora ar a laghad a bheith san áireamh in iarratais.
Raon feidhme tionscadal
In iarratas ar thionscadal gearrthéarmach, is féidir 30 rannpháirtí ar a mhéad a áireamh i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta.
Ní áireofar cuairteanna ullmhúcháin ná rannpháirtíocht daoine tionlacain sa teorainn sin.
Eagraíochtaí tacaíochta
Is éard atá in eagraíocht tacaíochta eagraíocht a chuidíonn le heagraíocht is tairbhí i ngnéithe praiticiúla de thionscadal a chur chun feidhme, gnéithe nach mbaineann le cúraimí lárnacha tionscadail (mar a shainmhínítear i gcaighdeáin cháilíochta Erasmus).
Féadfaidh aon eagraíocht atá gníomhach i réimse an oideachais agus na hoiliúna a bheith ina heagraíocht tacaíochta. Ní mór ról agus oibleagáidí na n‑eagraíochtaí tacaíochta a bheith sainithe go foirmiúil eatarthu féin agus an eagraíocht is tairbhí. Gníomhaíonn an eagraíocht tacaíochta faoi mhaoirseacht na heagraíochta tairbhithe, agus fanann an eagraíocht tairbhí freagrach as torthaí agus cáilíocht na ngníomhaíochtaí a cuireadh chun feidhme. Ní mór do na rannchuidithe uile de chuid eagraíochtaí tacaíochta a bheith i gcomhréir le caighdeáin cháilíochta Erasmus.
Critéir dhámhachtana
Déanfar measúnú ar na hiarratais a chuirtear isteach trí phointí as 100 ar an iomlán a shannadh, bunaithe ar na critéir agus ar na hualuithe thíos. Le bheith curtha san áireamh le haghaidh dámhachtana, ní mór na tairseacha seo a leanas a bhaint amach leis na hiarratais:
- Ar a laghad 60 pointe as 100 pointe ar an iomlán, agus
- Ar a laghad leath na bpointí uasta i ngach ceann de na trí chatagóir le haghaidh critéir dhámhachtana
Ábharthacht (scór uasta 30 pointe)
A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:
- tá próifíl, taithí agus gníomhaíochtaí an iarratasóra chomh maith le spriocphobal na bhfoghlaimeoirí ábhartha i leith réimse an oideachais aosaigh
- tá togra an tionscadail ábhartha i leith chuspóirí na gníomhaíochta
- tá togra an tionscadail ábhartha i leith na dtosaíochtaí sonracha seo a leanas:
- tacaíocht a thabhairt do nuatheachtaithe agus d’eagraíochtaí ag a bhfuil níos lú taithí
- tacaíocht a thabhairt do rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu
Cáilíocht dhearadh an tionscadail (scór uasta 40 pointe)
A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:
- i gcuspóirí an tionscadail a mholtar tugtar aghaidh ar riachtanais na heagraíochta is iarratasóir, ar riachtanais a ball foirne agus ar riachtanais na bhfoghlaimeoirí agus déantar amhlaidh ar bhealach atá soiléir agus coincréiteach
- tá inneachar na ngníomhaíochtaí a mholtar agus an chothromaíocht idir cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí iomchuí chun cuspóirí an tionscadail a bhaint amach
- tá plean oibre soiléir i bhfeidhm le haghaidh gach ceann de na gníomhaíochtaí a mholtar
- sa tionscadal ionchorpraítear cleachtais atá inbhuanaithe agus freagrach ó thaobh an chomhshaoil de
- sa tionscadal ionchorpraítear úsáid modhanna foghlama agus uirlisí digiteacha (EPALE go háirithe) chun na gníomhaíochtaí soghluaisteachta fisicí a chomhlánú, agus chun feabhas a chur ar an gcomhar le heagraíochtaí comhpháirtíochta
Cáilíochtaí na ngníomhaíochtaí leantacha (scór uasta 30 pointe)
A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:
- rinne an t‑iarratasóir na cúraimí agus na freagrachtaí le haghaidh seachadadh gníomhaíochtaí a shainiú ar bhealach soiléir i gcomhréir le caighdeáin cháilíochta Erasmus
- tá bearta nithiúla agus loighciúla molta ag an iarratasóir chun torthaí na ngníomhaíochtaí soghluaisteachta a lánpháirtiú in obair thráthrialta na heagraíochta
- tá bealach iomchuí molta ag an iarratasóir chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí an tionscadail
- tá bearta nithiúla agus éifeachtacha molta ag an iarratasóir chun torthaí an tionscadail a chur in iúl laistigh den eagraíocht is iarratasóir, chun na torthaí a chomhroinnt le heagraíochtaí eile agus leis an bpobal, agus chun aitheantas a thabhairt go poiblí do mhaoiniú an Aontais Eorpaigh
Tionscadail chreidiúnaithe le haghaidh soghluaisteacht foghlaimeoirí agus ball foirne san oideachas aosach
Is féidir le heagraíochtaí a bhfuil creidiúnú Erasmus san oideachas aosach acu iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú mar chuid de shnáithe cistiúcháin speisialta atá oscailt dóibh, agus dóibhsean amháin. Tá iarratais bunaithe ar an bPlean Erasmus a formheasadh roimhe sin, mar sin, níl gá le liosta mionsonraithe de na gníomhaíochtaí pleanáilte, ná le tuairisc mhionsonraithe orthu. Ina ionad sin, dírítear sna hiarratais ar an mbuiséad is gá le haghaidh an chéad tacair gníomhaíochtaí eile a mheas.
Critéir incháilitheachta
Eagraíochtaí incháilithe: cé atá in ann iarratas a dhéanamh?
Tá eagraíochtaí a bhfuil creidiúnú Erasmus bailí san oideachas aosach acu incháilithe le hiarratas a dhéanamh.
Cuibhreannas soghluaisteachta
Ní mór d’eagraíochtaí a bhfuil creidiúnú Erasmus do chomhordaitheoirí cuibhreannais soghluaisteachta acu iarratas a dhéanamh ar an bhformáid cuibhreannais soghluaisteachta.
Ní mór liosta de na comhaltaí cuibhreannais soghluaisteachta a sholáthar mar chuid den iarratas agus ní mór eagraíocht is iarratasóir amháin ar a laghad a bheith san áireamh ann i dteannta an chomhordaitheora.
Is féidir le haon eagraíocht a chomhlíonann na critéir incháilitheachta le haghaidh chreidiúnú Erasmus sa réimse céanna teacht chun bheith ina comhalta de chuibhreannas soghluaisteachta. Ní mór do gach eagraíocht phleanáilte is comhalta den chuibhreannas a bheith ón mBallstát céanna de chuid an Aontais nó ón tír chéanna nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár leis an gcomhordaitheoir cuibhreannais soghluaisteachta.
Ní gá do chomhaltaí cuibhreannais creidiúnú Erasmus a bheith acu.
Is féidir le heagraíochtaí a ghlacann páirt i gcuibhreannas soghluaisteachta maoiniú a fháil ó dhá chomhaontú deontais ar a mhéad de chuid Phríomhghníomhaíocht 1 i réimse an oideachais aosaigh faoin nglao céanna ar thograí. Dá bhrí sin, is féidir le heagraíochtaí oideachais aosaigh a fhaigheann deontas le haghaidh tionscadal gearrthéarmach nó tionscadal creidiúnaithe páirt a ghlacadh ina theannta sin i gcuibhreannas soghluaisteachta, agus é sin amháin, san oideachas aosach ina gcáil mar eagraíochtaí is comhaltaí. Is féidir le heagraíochtaí eile páirt a ghlacadh i suas le dhá chuibhreannas soghluaisteachta.
Cén áit ar féidir iarratas a chur isteach?
Cuirtear iarratais faoi bhráid Ghníomhaireacht Náisiúnta na tíre ina bhfuil an eagraíocht is iarratasóir bunaithe.
Sprioc‑am le haghaidh iarratas
An 23 Feabhra ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile)
Dáta tosaigh le haghaidh tionscadal
An 1 Meitheamh sa bhliain chéanna
Fad tionscadal
Mairfidh na tionscadail chreidiúnaithe uile ar feadh 15 mhí ar dtús. Tar éis 12 mhí, beidh na tairbhithe uile in ann a dtionscadal a fhadú ar feadh 24 mhí san iomlán.
An líon iarratas
Ní fhéadfaidh eagraíochtaí creidiúnaithe iarratas a dhéanamh ach uair amháin in aghaidh an bhabhta roghnúcháin.
Gníomhaíochtaí atá ar fáil
Gach cineál gníomhaíochta le haghaidh an oideachais aosaigh. Chun teacht ar liosta mionsonraithe agus ar na rialacha, féach an roinn ‘Gníomhaíochtaí’.
Chun bheith incháilithe, ní mór gníomhaíocht soghluaisteachta baill foirne nó foghlaimeora ar a laghad a bheith san áireamh in iarratais.
Raon feidhme tionscadal
Níl teorainn leis an líon rannpháirtithe is féidir a áireamh i dtionscadail chreidiúnaithe, cé is moite d’aon teorainn a shainítear i gcéim leithdháilte an bhuiséid.
Leithdháileadh an bhuiséid
Rinneadh measúnú ar cháilíocht an phlean Erasmus de chuid an iarratasóra i gcéim an iarratais creidiúnúcháin agus dá bhrí sin ní dhéanfar aon mheasúnú cáilíochtúil i gcéim leithdháileadh an bhuiséid. Gheobhaidh gach iarratas incháilithe ar dheontas cistiú.
Beidh an méid deontais a dhámhtar ag brath ar roinnt gnéithe:
- an buiséad iomlán atá ar fáil chun leithdháileadh a dhéanamh ar iarratasóirí creidiúnaithe
- na gníomhaíochtaí a iarradh (agus an buiséad measta is gá chun iad a chur chun feidhme san áireamh)
- an deontas bunúsach agus uasta
- na critéir leithdháilte seo a leanas: feidhmíocht an iarratasóra, tosaíochtaí beartais, agus cothromaíocht gheografach (má chuireann an Ghníomhaireacht Náisiúnta an méid sin i bhfeidhm)
Rialacha mionsonraithe maidir le deontas bunúsach agus uasta, scóráil na gcritéar leithdháilte, ualú gach critéir, an modh leithdháilte agus, an buiséad atá ar fáil le haghaidh tionscadail chreidiúnaithe, foilseoidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta iad roimh sprioc‑am an ghlao.
Cad iad na rialacha cistiúcháin atá ann?
Tá feidhm ag na rialacha maoiniúcháin seo a leanas maidir le tionscadail ghearrthéarmacha agus tionscadail chreidiúnaithe.
Catagóir bhuiséid – Tacaíocht eagraíochtúil
Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme
Costais atá nasctha go díreach le cur chun feidhme gníomhaíochtaí soghluaisteachta nach gcumhdaítear le catagóirí eile costais.
Mar shampla: rannpháirtithe a ullmhú (ar bhealach oideolaíoch, idirchultúrtha agus eile), meantóireacht agus monatóireacht a dhéanamh orthu agus tacaíocht a thabhairt dóibh le linn na soghluaisteachta, na seirbhísí chomh maith leis na huirlisí agus an trealamh is gá le haghaidh comhchodanna fíorúla i ngníomhaíochtaí cumaisc, torthaí foghlama a aithint, torthaí a chomhroinnt agus maoiniú an Aontais Eorpaigh a chur in iúl don phobal.
Le tacaíocht eagraíochtúil cumhdaítear na costais atá tabhaithe ag an eagraíocht seolta agus ag an ósteagraíocht araon (seachas i gcás soghluaisteacht ball foirne le haghaidh cúrsaí agus oiliúna). Tiocfaidh an dá eagraíocht ar chomhaontú maidir leis an deontas a fuarthas a roinnt.
Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.
Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an líon rannpháirtithe
Méid
EUR 100
- In aghaidh an fhoghlaimeora i soghluaisteacht grúpa.
- In aghaidh an rannpháirtí i soghluaisteacht ball foirne le haghaidh cúrsaí agus oiliúna
- In aghaidh an tsaineolaí dá dtugtar cuireadh
- In aghaidh an mhúinteora nó an oideora faoi oiliúint a óstáiltear
EUR 350; EUR 200 tar éis 100 rannpháirtí sa chineál gníomhaíochta céanna
- In aghaidh an rannpháirtí i soghluaisteacht foghlama ghearrthéarmach d’fhoghlaimeoirí fásta
- In aghaidh an rannpháirtí i soghluaisteacht ball foirne le haghaidh na scáthfhoghlama agus tascanna teagaisc nó oiliúna
EUR 500 In aghaidh an rannpháirtí i soghluaisteacht foghlama fhadtéarmach d’fhoghlaimeoirí fásta
Catagóir bhuiséid – Taisteal
Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme
Ranníocaíocht le costais taistil fillte rannpháirtithe agus daoine tionlacain óna n‑áit bhunaidh chuig ionad na gníomhaíochta.
Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.
Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an achar taistil agus ar an líon daoine.
Ní mór don iarratasóir an t‑achar aeir idir an áit bhunaidh agus ionad na gníomhaíochta a léiriú7 tríd an áireamhán achair lena dtacaíonn an Coimisiún Eorpach a úsáid8 .
Méid
Achar taistil | Taisteal caighdeánach | Taisteal glas |
---|---|---|
10 – 99 km | EUR 23 | |
100 – 499 km | EUR 180 | EUR 210 |
500 – 1 999 km | EUR 275 | EUR 320 |
2 000 – 2 999 km | EUR 360 | EUR 410 |
3 000 – 3 999 km | EUR 530 | EUR 610 |
4000 – 7999 km | EUR 820 | |
8 000 km nó níos mo | EUR 1500 |
Catagóir bhuiséid – Tacaíocht aonair
Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme
Costais chothaithe le haghaidh rannpháirtithe agus daoine tionlacain9 le linn na gníomhaíochta.
Más gá: tá costais chothaithe incháilithe le haghaidh am taistil roimh an ngníomhaíocht agus ina diaidh, le 2 lá taistil ar a mhéad le haghaidh rannpháirtithe agus daoine tionlacain a fhaigheann deontas taistil chaighdeánaigh, agus 6 lá taistil ar a mhéad le haghaidh rannpháirtithe i gcás deontais taistil ghlais.
Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.
Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an líon daoine, ar fhad an fhanachta agus ar an tír óstach10 .
Méid
Catagóir rannpháirtithe | Grúpa tíortha 1 | Grúpa tíortha 2 | Grúpa tíortha 3 |
---|---|---|---|
Baill foirne | EUR 101 ‑ 180 | EUR 90 ‑ 160 | EUR 79 ‑ 140 |
Foghlaimeoirí | EUR 39 ‑ 120 | EUR 34 ‑ 104 | EUR 28 ‑ 88 |
Is bonnrátaí iad na rátaí thuas in aghaidh an lae gníomhaíochta. Déanfaidh gach gníomhaireacht náisiúnta cinneadh i dtaobh na mbonnrátaí beachta laistigh de na raonta a cheadaítear. Íoctar an bonnráta suas leis an 14ú lá den ghníomhaíocht. Ón 15ú lá gníomhaíochta, beidh an ráta is iníoctha cothrom le 70 % den bhonnráta. Slánófar na rátaí iníoctha go dtí an euro iomlán is gaire.
Catagóir bhuiséid – Tacaíocht chuimsiúcháin
Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme
Tacaíocht chuimsiúcháin d’eagraíochtaí: Costais a bhaineann le gníomhaíochtaí soghluaisteachta a eagrú do rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu.
Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.
Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an líon rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu.
Méid
EUR 100 in aghaidh an rannpháirtí
Tacaíocht chuimsiúcháin le haghaidh rannpháirtithe: Costais bhreise atá nasctha go díreach le rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu agus leis na daoine atá á dtionlacan (lena n‑áirítear costais taistil agus chothaithe a bhfuil údar leo mura n‑iarrtar deontas le haghaidh na rannpháirtithe sin trí na catagóirí buiséid ar a dtugtar ‘Taisteal’ agus ‘Tacaíocht aonair’).
Sásra maoiniúcháin: fíorchostais.
Riail maidir le leithdháileadh: ní mór don iarratasóir údar a thabhairt leis an iarraidh agus ní mór don Ghníomhaireacht Náisiúnta í a fhormheas.
Méid
100 % de chostais incháilithe
Catagóir bhuiséid – Cuairteanna ullmhúcháin
Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme
Costais taistil agus chothaithe le haghaidh rannpháirtíocht i gcuairt ullmhúcháin.
Sásra maoiniúcháin: costais aonaid.
Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an líon rannpháirtithe.
Méid
EUR 575 in aghaidh an rannpháirtí, agus trí rannpháirtí ann ar a mhéad in aghaidh na cuairte
Catagóir bhuiséid – Táillí cúrsa
Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme
Costais lena gcumhdaítear táillí clárúcháin le haghaidh formáid soghluaisteachta baill foirne ‘Cúrsaí agus oiliúint’.
Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.
Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar fhad na gníomhaíochta.
Méid
EUR 80 in aghaidh an rannpháirtí in aghaidh an lae; féadfaidh ball foirne aonair EUR 800 ar a mhéad a fháil i dtáillí cúrsa laistigh de chomhaontú deontais amháin.
Catagóir bhuiséid – Tacaíocht teanga
Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme
Costais a bhaineann le hábhair foghlama teanga agus oiliúint a sholáthar do rannpháirtithe ar gá dóibh feabhas a chur ar an eolas atá acu ar an teanga a úsáidfidh siad chun tabhairt faoi staidéar nó oiliúint a fháil le linn a ngníomhaíochta.
Tá tacaíocht teanga incháilithe le haghaidh rannpháirtithe i soghluaisteacht foirne atá níos faide ná 30 lá agus le haghaidh rannpháirtithe i ngníomhaíocht soghluaisteachta foghlama ghearrthéarmach agus fhadtéarmach foghlaimeoirí fásta. Níl tacaíocht iníoctha ach amháin mura bhfuair an rannpháirtí Tacaíocht Teanga ar Líne mar gheall nach bhfuil an rannpháirtí Tacaíocht Teanga ar Líne mar gheall nach bhfuil an teanga nó an leibhéal a éilítear ar fáil.
Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.
Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an líon rannpháirtithe.
Méid
EUR 150 in aghaidh an rannpháirtí
Catagóir bhuiséid – Costais eisceachtúla
Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme
Costais chun ráthaíocht airgeadais a thabhairt, má iarrann an Ghníomhaireacht Náisiúnta sin.
Costais taistil chostasaigh na rannpháirtithe agus na ndaoine atá á dtionlacan nach féidir tacú leo leis an deontas caighdeánach ‘Taisteal’ de dheasca iargúltacht gheografach nó bacainní eile.
Víosa agus costais a bhaineann le víosa, ceadanna cónaithe, vacsaínithe agus deimhnithe leighis.
Sásra maoiniúcháin: fíorchostais
Riail maidir le leithdháileadh: ní mór don iarratasóir údar a thabhairt leis an iarraidh agus ní mór don Ghníomhaireacht Náisiúnta í a fhormheas. Tá feidhm ag taisteal costasach i gcásanna nach gcumhdaíonn an tacaíocht taistil bunaithe ar chostas aonaid 70 % de chostais taistil na rannpháirtithe.
Méid
Costais maidir le ráthaíocht airgeadais: 80 % de chostais incháilithe
Costais taistil chostasaigh: 80 % de chostais taistil incháilithe
Víosa agus costais a bhaineann le víosa, ceadanna cónaithe, vacsaínithe agus deimhnithe leighis: 100 % de chostais incháilithe
- 1 Key competences - https://ec.europa.eu/education/policies/school/key-competences-and-basic-skills_en
- 2 Is é an tÚdarás Náisiúnta inniúil i ngach Ballstát de chuid an Aontais nó tíre atá comhlachaithe leis an gClár a dhéanfaidh na cláir agus gníomhaíochtaí oideachais aosaigh a shainiú agus foilseofar ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Náisiúnta ábhartha iad.
- 3 Is iad an Bhruiséil, Frankfurt, an Háig, Lucsamburg agus Strasbourg suíomhanna Institiúidí an Aontais Eorpaigh. Measfar gníomhaíochtaí ag suíomh an Aontais Eorpaigh a bheith mar shoghluaisteacht thrasnáisiúnta agus féadfar iarraidh ar mhaoiniú (mar a dhéantar tuairisc air sa roinn ‘Cad iad na rialacha maoinithe?’) a dhéanamh le haghaidh gach rannpháirtí, gan beann ar a dtír tionscnaimh.
- 4 Tá céimithe nua incháilithe chun bheith rannpháirteach ar feadh suas le 12 mhí tar éis bhronnadh a gcéime. I gcás ina mbeidh seirbhís shibhialta nó mhíleata éigeantach á comhlíonadh ag na rannpháirtithe tar éis bhronnadh na céime, déanfar an tréimhse incháilitheachta a fhadú de réir fhad na seirbhíse sin.
- 5 Is é an tÚdarás Náisiúnta inniúil i ngach Ballstát de chuid an Aontais nó tír atá comhlachaithe leis an gClár a dhéanfaidh na heagraíochtaí incháilithe a shainiú agus foilseofar ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Náisiúnta ábhartha iad mar aon le samplaí ábhartha.
- 6 Gan dochar do shainmhínithe atá bunaithe ag an Údarás Náisiúnta inniúil, tabhair faoi deara go meastar go bhfuil eagraíochtaí a sholáthraíonn an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint d’fhoghlaimeoirí fásta ina soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna go hiondúil seachas ina soláthraithe oideachais aosaigh. Chun breis faisnéise a fháil, féach na sainmhínithe is infheidhme ar shuíomh gréasáin do Ghníomhaireachta Náisiúnta.
- 7 Mar shampla, má bhíonn duine ó Mhaidrid (na Spáinne) ag glacadh páirt i ngníomhaíocht atá á reáchtáil sa Róimh (an Iodáil), déanfaidh an t‑iarratasóir an t‑achar ó Mhaidrid go dtí an Róimh a ríomh (1 365.28 KM) agus ansin roghnóidh an t‑iarratasóir an banda achair taistil is infheidhme (is é sin, idir 500 agus 1 999 km).
- 8 https://ec.europa.eu/programmes/erasmus-plus/resources/distance-calculator_ga
- 9 I gcás daoine tionlacain, tá feidhm leis na rátaí foirne. I gcásanna eisceachtúla, i gcás inar gá don duine tionlacain fanacht ar an gcoigríoch ar feadh tréimhse is faide ná 60 lá, tacófar le costais chothaithe bhreise lastall den 60ú lá faoin gceannteideal buiséid ar a dtugtar ‘Tacaíocht chuimsiúcháin’.
- 10 Grúpaí na dtíortha óstacha:
Grúpa tíortha 1: An Danmhairg, Éire, an Fhionlainn, an Iorua, an Íoslainn, Lichtinstéin, Lucsamburg, an tSualainn;
Grúpa tíortha 2: An Bheilg, an Chipir, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, Málta, an Ostair, an Phortaingéil, an Spáinn;
Grúpa tíortha 3: An Bhulgáir, an Chróit, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Mhacadóin Thuaidh, Poblacht na Seice, an Pholainn, an Rómáin, an tSeirbia, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Tuirc, an Ungáir