Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Tionscadail soghluaisteachta le haghaidh oibrithe óige

Faoin nGníomhaíocht seo1 , is féidir le heagraíochtaí tacaíocht a fháil chun tionscadail a chur i gcrích arb é atá iontu gníomhaíocht foghlama amháin nó níos mó le haghaidh forbairt ghairmiúil agus fothú acmhainneachta oibrithe óige agus a n‑eagraíochta.

Cuspóirí na gníomhaíochta

Leis an nGníomhaíocht seo tacaítear le forbairt ghairmiúil oibrithe óige agus ar an mbealach sin le forbairt oibre óige ardcháilíochta ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta, Eorpach agus idirnáisiúnta, trí eispéiris sheachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta. Tá an Ghníomhaíocht ina rannchuidiú le cuspóirí Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019‑2027, go háirithe an Clár Oibre Eorpach don Obair Óige2  maidir le cáilíocht, nuálaíocht agus aithint oibre óige.

Go sonrach, is é is aidhm do thionscadail soghluaisteachta le haghaidh oibrithe óige:

  • Deiseanna foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla a sholáthar le haghaidh forbairt oideachais agus ghairmiúil daoine óige, rud a rannchuidíonn le cleachtas aonair ardcháilíochta agus le teacht chun cinn eagraíochtaí agus córas maidir le hobair óige;
  • Pobal oibrithe óige a thógáil lenar féidir tacú le cáilíocht tionscadal agus gníomhaíochtaí daoine óga i gcláir AE agus lastall de sin.
  • Cleachtais oibre óige áitiúla a fhorbairt agus rannchuidiú le fothú acmhainneachta le haghaidh obair óige ardcháilíochta na rannpháirtithe agus a n‑eagraíochta, agus tionchar soiléir aige sin ar obair thráthrialta na n‑oibrithe óige rannpháirteacha le daoine óga.

Comhthéacs beartais

Le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019‑2027 leagtar amach Creat le haghaidh comhar Eorpach i réimse na hóige, bunaithe ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2018 maidir le páirt a thabhairt do dhaoine óga, ceangail a dhéanamh leo agus iad a chumhachtú. Leis an Straitéis cothaítear rannpháirtíocht na hóige sa saol daonlathach, tacaítear le rannpháirtíocht shóisialta agus saoránach agus is é is aidhm di a chinntiú go mbeidh na hacmhainní is gá ag gach duine óg chun páirt a ghlacadh sa tsochaí. I Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh áirítear próiseas idirphlé Óige freisin agus sa chomhthéacs sin, forbraíodh 11 Sprioc Eorpacha don Óige in 2018. Leis na spriocanna sin sainaithnítear réimsí trasearnála lena ndéantar difear do shaol daoine óga agus tarraingítear aird ar dhúshláin. Le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh ba cheart rannchuidiú leis an bhfís sin a fhíorú le haghaidh daoine óga. Faoin gcroíréimse a bhaineann le cumhachtú, le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh tacaítear le cumhachtú na hóige trí cháilíocht, nuálaíocht agus aithint oibre óige.https://europa.eu/youth/home_ga

Straitéisí téamacha i réimse na hóige

Leis an gClár Erasmus+ féachtar le rannpháirtíocht na hóige, treisiú cáilíochta próiseas foghlama neamhfhoirmiúla agus seachfhoirmiúla agus forbairt oibre óige ardcháilíochta a chur chun cinn. Tá tacaíocht bhreise sna réimsí sin ar fáil trí straitéisí téamacha sonracha, mar shampla an Straitéis Rannpháirtíochta Óige, Youthpass agus an Straitéis Eorpach um Oiliúint (ETS)3 .

Tuairisc ar na gníomhaíochtaí

Gníomhaíochtaí Forbartha Gairmiúla (GFGanna)

Is éard atá i gceist le gníomhaíochtaí forbartha gairmiúla gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama trasnáisiúnta nó idirnáisiúnta lena dtacaítear le forbairt ghairmiúil oibrithe óige. Is féidir go mbeidh siad i bhfoirm:

  • Cuairteanna staidéir agus cineálacha éagsúla tascanna, amhail an scáthfhoghlaim, malartuithe oibrithe óige agus an phiarfhoghlaim, in eagraíochtaí oibre óige agus in eagraíochtaí atá gníomhach i réimse na hóige ar an gcoigríoch.
  • Líonrú agus tógáil pobail i measc oibrithe óige a ghlacann páirt sa ghníomhaíocht agus a thacaíonn le cuspóirí na gníomhaíochta.
  • Cúrsaí oiliúna lena dtacaítear le forbairt inniúlachtaí (mar shampla bunaithe ar shamhlacha inniúlachta ábhartha atá ann cheana), chun cleachtais oibre óige ardcháilíochta a chur chun feidhme nó aghaidh a thabhairt ar mhodhanna nuálacha agus iad a thástáil (cuir i gcás i ndáil le hobair óige dhigiteach agus chliste4 ).
  • Seimineáir agus ceardlanna lena dtacaítear go háirithe le cothú eolais agus comhroinnt dea‑chleachtas atá nasctha le cuspóirí, luachanna agus tosaíochtaí Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh agus clár AE atá ina rannchuidiú lena cur chun feidhme. Níl na gníomhaíochtaí seo a leanas incháilithe le haghaidh deontais faoi thionscadail soghluaisteachta le haghaidh oibrithe óige: turais staidéir acadúla; gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh brabús airgeadais a dhéanamh; gníomhaíochtaí is féidir a mheas gur turasóireacht iad; féilte; taisteal saoire; turais feidhmíochta, cruinnithe reachtúla.

Gníomhaíochtaí forbartha córais agus for‑rochtana

Is féidir go n‑áireofar i dtionscadail soghluaisteachta le haghaidh oibrithe óige gníomhaíochtaí forbartha córais agus for‑rochtana, ar gníomhaíochtaí comhlántacha iad arb é is aidhm dóibh tionchar an tionscadail soghluaisteachta ar an láthair a fheabhsú. Áirítear iontu na gníomhaíochtaí sin uile arb é is aidhm dóibh rannchuidiú leis an gClár Oibre Eorpach don Obair Óige5  le haghaidh cáilíocht, nuálaíocht agus aithint oibre óige agus na ceachtanna a foghlaimíodh chomh maith le huirlisí a thabhairt ar ais do na heagraíochtaí atá páirteach sna tionscadail agus lastall díobh. Is éard atá i gceist leis na gníomhaíochtaí comhlántacha sin deis chun go bhféadfaidh tairbhithe ag a bhfuil níos mó taithí agus atá níos acmhainní tástáil a dhéanamh ar mhodhanna agus freagraí nuálacha i leith dúshláin choiteanna, spás de chineál ‘saotharlann oibre óige Eorpaí’ a eascraíonn as na gníomhaíochtaí forbartha gairmiúla a chuirtear chun feidhme laistigh de na tionscadail agus macalla acu iontu.

Mar chuid de na samplaí áirítear uirlisí a sholáthar agus cleachtais a chomhroinnt lena rannchuidítear le forbairt agus teacht chun cinn oibrithe óige, eagraíochtaí agus córas, gníomhaíochtaí for‑rochtana agus tógála pobail agus modhanna nuálacha a thabhairt isteach lena n‑áirítear úsáid teicneolaíochtaí digiteacha trí obair óige. Téann na gníomhaíochtaí sin thar na gníomhaíochtaí scaipthe leantacha, atá mar chuid de ghnáth‑shaolré an tionscadail, ach is féidir, áfach, le gníomhaíochtaí scaipthe níos dírithe agus straitéisí a bheith ag baint leis na gníomhaíochtaí comhlántacha sin freisin.

Is féidir gníomhaíocht forbartha córais agus for‑rochtana a dhéanamh ar an leibhéal trasnáisiúnta, idirnáisiúnta nó náisiúnta.

Cuairteanna ullmhúcháin

Is é is aidhm do chuairteanna ullmhúcháin gníomhaíochtaí ardcháilíochta a chinntiú trí shocruithe riaracháin a éascú agus a ullmhú, an t‑iontaobhas agus an tuiscint a chothú agus comhpháirtíocht láidir a chur ar bun idir na heagraíochtaí agus na daoine atá páirteach. Reáchtáiltear cuairteanna ullmhúcháin i dtír ceann de na hósteagraíochtaí roimh thús na gníomhaíochta forbartha gairmiúla.

Tionscadal a bhunú

Ní mór gníomhaíocht forbartha gairmiúla amháin nó níos mó a bheith san áireamh i dtionscadal lena dtacaítear leis an ngníomhaíocht seo. Is féidir gníomhaíochtaí a chomhcheangal ar bhealach solúbtha, ag brath ar chuspóirí an tionscadail agus ar riachtanais na heagraíochta rannpháirtí nó na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha agus na n‑oibrithe óige rannpháirteacha.

Déanann ar a laghad dhá eagraíocht tionscadal a chur chun feidhme. Ní mór na heagraíochtaí uile atá páirteach a shainaithint i gcéim an iarratais mar chomhpháirtíocht láidir agus tá ríthábhacht leis sin chun tionscadail ardcháilíochta a chur i gcrích. Glacann na heagraíochtaí atá páirteach na róil a bhaineann le rannpháirtithe ‘a sheoladh’ agus/nó ‘a óstáil’ is é sin, óstáil na gníomhaíochta. Glacann ceann de na heagraíochtaí ról an chomhordaitheora freisin agus déanann sé iarratas ar an tionscadal iomlán thar ceann na comhpháirtíochta.

Baineann ceithre chéim le tionscadal: pleanáil, ullmhú, cur chun feidhme agus obair leantach.

  • Pleanáil (riachtanais, cuspóirí, torthaí foghlama agus formáidí na gníomhaíochta a shainiú, an clár oibre a fhorbairt, na gníomhaíochtaí a sceidealú srl.)
  • Ullmhú (socruithe praiticiúla, roghnú na rannpháirtithe, comhaontuithe a chur ar bun le comhpháirtithe, rannpháirtithe a ullmhú ó thaobh foghlaim teanga/idirchultúrtha de agus ó thaobh na gcúraimí de roimh imeacht srl.);
  • Cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí;
  • Obair leantach (meastóireacht ar na gníomhaíochtaí, torthaí foghlama na rannpháirtithe a shainaithint agus a dhoiciméadú, chomh maith le scaipeadh agus úsáid thorthaí an tionscadail).

Tionscadal soghluaisteachta ardcháilíochta le haghaidh oibrithe óige:

  • tá tionchar soiléir aige sin ar obair thráthrialta na n‑oibrithe óige rannpháirteacha le daoine óga agus ar a n‑eagraíocht;
  • tá sé ag brath ar rannpháirtíocht ghníomhach eagraíochtaí rannpháirteacha agus oibrithe óige, ar cheart dóibh ról gníomhach a ghlacadh i ngach céim den tionscadal, rud a fheabhsóidh a n‑eispéireas foghlama agus forbartha;
  • tá sé bunaithe ar na riachtanais oideachais agus forbartha gairmiúla atá ag oibrithe óige agus iad sainaitheanta go soiléir6  go háirithe ó thaobh cáilíochta, nuálaíochta agus aitheantais de, agus tá bearta roghnúcháin, ullmhúcháin agus leantacha iomchuí ag gabháil leis;
  • cinntítear go ndéanfar torthaí foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla na rannpháirtithe a aithint go cuí agus go mbeidh torthaí an tionscadail, lena n‑áirítear aon mhodh, ábhar agus uirlis, inaistrithe agus á n‑úsáid laistigh de na heagraíochtaí rannpháirteacha, rud a rannchuidíonn le teacht chun cinn eagraíochtaí oibre óige, agus áirithítear go mbeidh siad scaipthe go fairsing ina theannta sin i réimse na hóige;
  • spreagtar na rannpháirtithe chun a machnamh a dhéanamh ar thopaicí agus luachanna Eorpacha agus soláthraítear uirlisí agus modhanna d’oibrithe óige chun an meas a chur chun cinn agus an éagsúlacht a bhainistiú ina n‑obair laethúil.
  • cuirtear úsáid cleachtas agus modhanna nuálacha chun cinn amhail cuimsiú gníomhaíochtaí oibre óige digiteacha d’fhonn iad a bheith ina n‑uirlis lena gcoiscfí aon fhoirm bréagfhaisnéise ar líne agus bréagnuachta.

Próiseas Foghlama

Le tionscadal Soghluaisteachta le haghaidh Oibrithe Óige is gá tacaíocht don phróiseas machnaimh a bheartú, sin agus sainaithint agus doiciméadú torthaí foghlama, go háirithe trí Youthpass, chun tacú le haithint agus tionchar na nithe seo a leanas ‑ torthaí an tionscadail, agus na cleachtais, na modheolaíochtaí agus na hábhair oibre óige a bheidh ann i réimse na hoibre óige de bharr an tionscadail.

Cosaint agus Sábháilteacht na rannpháirtithe

Le linn tionscadal a phleanáil agus a ullmhú, ba cheart dul i ngleic leis an tsaincheist a bhaineann le cosaint agus sábháilteacht na rannpháirtithe agus ba cheart foráil a dhéanamh maidir le gach beart is gá chun rioscaí a chosc/a laghdú.

Caighdeáin Cháilíochta Erasmus+ i Réimse na hÓige

Agus gach tionscadal lena dtacaítear faoin nGníomhaíocht seo á chur chun feidhme, ní mór Caighdeáin Cháilíochta Erasmus+ i réimse na hÓige a leanúint chun gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama ardcháilíochta a eagrú. Le Caighdeáin Cháilíochta Erasmus+ i réimse na hóige cumhdaítear prionsabail bhunúsacha na gníomhaíochta, chomh maith le cleachtais nithiúla maidir le cur chun feidhme le haghaidh cúraimí tionscadail amhail roghnú agus ullmhú rannpháirtithe, sainiú, meastóireacht agus aithint torthaí foghlama, comhroinnt torthaí tionscadail, srl. Tá Caighdeáin Cháilíochta Erasmus+ i réimse na hÓige le fáil anseo: https://ec.europa.eu/programmes/erasmus-plus/resources/documents/erasmus-quality-standards-mobility-projects-youth_ga 

Gnéithe cothrománacha

Agus tionscadal soghluaisteachta á dhearadh, ba cheart na gnéithe a leanas atá comhchoiteann maidir le clár iomlán Erasmus+ a chomhtháthú:

An Cuimsiú agus an Éagsúlacht

Leis an gClár Erasmus+ féachtar leis an gcomhionannas deiseanna a chur chun cinn ar fud a ghníomhaíochtaí uile agus féachtar leis an rochtain, leis an gcuimsiú, agus leis an gcothroime a chur chun cinn leis sin freisin. Ba cheart d’eagraíochtaí gníomhaíochtaí tionscadail inrochtana agus cuimsitheacha a dhearadh, agus dearcthaí na rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu á gcur san áireamh agus páirt á tabhairt dóibh sa phróiseas cinnteoireachta. 

  • Tá tionscadail Soghluaisteachta le haghaidh Oibrithe Óige oiriúnach go háirithe chun éagsúlacht feasachta oibrithe óige a fheabhsú chomh maith leis na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá a fhoghlaim chun rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu a chuimsiú i gcleachtais oibre óige. Le rannpháirtíocht na n‑oibrithe óige rannpháirteacha i ngach céim den tionscadal cothaítear treoraíocht mhionchúiseach tríd an bpróiseas foghlama agus forbartha agus is féidir obair leantach níos dlúithe a dhéanamh;
  • Ach oiliúnóirí agus éascaitheoirí a bheith i láthair sa chuid is mó de na gníomhaíochtaí cinntítear cur chuige atá níos dlúithe agus oiriúnaithe, saincheaptha do riachtanais na rannpháirtithe;
  • Leis an tionscadal iomlán, ba cheart cur chuige comhfhiosach a ghlacadh i leith an chuimsithe agus na héagsúlachta. Ba cheart na gnéithe sin a chur san áireamh i gcás na pleanála, an ullmhúcháin, an chur chun feidhme agus na hoibre leantaí. Tá tábhacht ar leith leis an mbealach a bhfeabhsaíonn an tionscadal cumas na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha chun dul i ngleic le saincheisteanna cuimsithe agus éagsúlachta ina ngníomhaíochtaí tráthrialta.
  • Tá an fhormáid sin oiriúnach chun rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu a tharraingt chun bheith rannpháirteach freisin. Leis an tsolúbthacht a bhaineann leis an ngníomhaíocht i bhformáid na ngníomhaíochtaí (mar shampla, fad, cineál, srl.), is féidir oiriúnú do riachtanais rannpháirtithe.

Ina theannta sin, oireann tionscadail soghluaisteachta le haghaidh Oibrithe Óige d’obair maidir leis an gcuimsiú agus leis an éagsúlacht mar ábhar an tionscadail, mar shampla cleachtais agus modhanna chuimsitheacha a mhalartú. 

Inbhuaine Comhshaoil

Le tionscadal ba cheart iompar atá inbhuanaithe agus freagrach ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn i measc na rannpháirtithe, agus feasacht á múscailt faoin tábhacht a bhaineann le gníomhú chun lorg comhshaoil gníomhaíochtaí soghluaisteachta a laghdú nó a chúiteamh. Ba cheart é a dhearadh agus a chur chun feidhme agus feasacht á cothú ar an gcomhshaol mar shampla trí chleachtais inbhuanaithe a lánpháirtiú amhail ábhair in‑athúsáidte nó éiceabhácha a roghnú, tríd an dramhaíl a laghdú, tríd an athchúrsáil agus trí mhodhanna iompair inbhuanaithe.

Claochlú digiteach

Leis an gClár Erasmus+ tacaítear leis na heagraíochtaí rannpháirteacha úsáid uirlisí agus modhanna foghlama digiteacha a ionchorprú chun a ngníomhaíochtaí fisiceacha a chomhlánú, chun feabhas a chur ar an gcomhar idir eagraíochtaí comhpháirteacha, agus chun feabhas a chur ar cháilíocht na ngníomhaíochtaí. Moltar tabhairt isteach gnéithe digiteacha agus gnéithe ar líne chun an tairseach le haghaidh rannpháirtíochta a ísliú le haghaidh rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu. Trí thionscadail agus gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh borradh a chur faoi scileanna digiteacha, an litearthacht dhigiteach a chothú agus/nó tuiscint a fhorbairt ar rioscaí agus ar dheiseanna na teicneolaíochta digití, féadfaidh an clár meonta a athrú agus cur le cuir chuige dhigiteacha agus chumaisc a fhorbairt i ngníomhaíochtaí na hóige.

Ag brath ar dhearadh agus cuspóirí na ngníomhaíochtaí, forbairt na n‑inniúlachtaí agus feasacht ar shaincheisteanna digiteacha, agus úsáid teicneolaíochtaí nua a bhféadfar a thabhairt isteach i soghluaisteachtaí foghlama.

Tairgeann na Gníomhaireachtaí Náisiúnta raon deiseanna oiliúna le haghaidh oibrithe óige agus ceannairí óige trína nGníomhaíochtaí Oiliúna agus Comhair, mar shampla ag tacú leis an gclaochlú digiteach i réimse na hóige. Foilsítear na tairiscintí ar an bhFéilire Oiliúna Eorpach https://www.salto-youth.net/tools/european‑training-calendar/ Is féidir spreagadh a aimsiú faoi na huirlisí SALTO freisin https://www.salto-youth.net/tools/

Rannpháirtíocht

Tacaíonn Clár Erasmus+ le gach eagraíocht rannpháirteach chun cáilíocht a dtionscadal a fheabhsú trí ghné rannpháirtíochta a chuimsiú, deiseanna ábhartha a thairiscint d’oibrithe óige chun gabháil do cheapadh agus do chur chun feidhme gníomhaíochtaí tionscadail, agus chun páirt a ghlacadh sa cheapadh agus sa chur chun feidhme sin, mar bhealach chun eolas a chur ar thairbhí na saoránachta gníomhaí agus na rannpháirtíochta sa saol daonlathach. Tá acmhainní chun gné rannpháirtíochta tionscadal a dtacaítear leo le fáil inter alia ar an suíomh gréasáin participationpool.eu. Ina theannta sin, spreagtar naisc le tionscnaimh agus le hardáin (eile) náisiúnta nó idirnáisiúnta nó de chuid an Aontais atá ann cheana, atá bunaithe ar an rannpháirtíocht agus ar an rannpháirtíocht saoránach, agus spreagtar páirt a ghlacadh sna tionscnaimh agus sna hardáin den sórt sin.

Na critéir a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar thionscadail chaighdeánacha soghluaisteachta oibrithe óige

Critéir incháilitheachta

Tá feidhm leis na critéir ghinearálta thíos maidir le tionscadail chaighdeánacha Soghluaisteachta d’Oibrithe Óige. Le haghaidh iarratasóirí creidiúnaithe, féach an roinn ábhartha den Treoir seo.

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Is féidir le haon eagraíocht rannpháirteach incháilithe i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár a bheith ina hiarratasóir. Is í an eagraíocht sin a dhéanann iarratas thar ceann na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha uile atá páirteach sa tionscadal7 .

Eagraíochtaí rannpháirteacha incháilithe

Is féidir le heagraíocht rannpháirteach a bheith:

  • ina heagraíocht neamhbhrabúsach, ina comhlachas, ina heagraíocht neamhrialtasach; ina heagraíocht neamhrialtasach Eorpach don óige; ina comhlacht poiblí ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta; ina fiontar sóisialta; ina comhlacht brabúsach atá gníomhach sa fhreagracht chorparáideach;
  •  ina grúpa daoine óga atá gníomhach in obair óige ach ní gá mbeidís gníomhach i gcomhthéacs eagraíochta óige (is é sin, grúpa neamhfhoirmiúil daoine óga) 8

bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár nó i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár (réigiúin 1 go 4; féach an roinn ‘Tíortha incháilithe’ i gCuid A den Treoir seo).

An líon eagraíochtaí rannpháirteacha

Ní mór dhá eagraíocht rannpháirteacha ar a laghad (eagraíocht seolta amháin ar a laghad agus ósteagraíocht amháin ar a laghad) ó thíortha éagsúla a bheith páirteach.

Ní féidir leis an eagraíocht chéanna (OID amháin) a bheith ag gabháil do níos mó ná 5 iarratas in aghaidh an sprioc-ama sa ghníomhaíocht seo, bíodh sé sin mar iarratasóir nó mar chomhpháirtí.

Fad an tionscadail

Ó 3 mhí go 24 mhí

Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?

Is féidir iarratas a chur faoi bhráid Ghníomhaireacht Náisiúnta na tíre ina bhfuil an eagraíocht is iarratasóir bunaithe

Cathain is féidir iarratas a dhéanamh?

Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoi na dátaí seo a leanas:

An 20 Feabhra ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile) le haghaidh tionscadail dar tosach idir an 1 Meitheamh agus an 31 Nollaig an bhliain chéanna

An 1 Deireadh Fómhair ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile) le haghaidh tionscadail dar tosach idir an 1 Eanáir agus an 31 Bealtaine an bhliain ina dhiaidh sin

Babhta breise féideartha:

Féadfaidh Gníomhaireachtaí Náisiúnta cinneadh a dhéanamh babhta breise a oscailt. Cuirfidh na Gníomhaireachtaí Náisiúnta na hiarratasóirí ar an eolas faoi oscailt an bhabhta bhreise trína suíomhanna gréasáin.

Má eagraítear babhta breise, ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratais a chur isteach faoin 7 Bealtaine ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile) le haghaidh tionscadail dar tosach idir an 1 Lúnasa agus an 31 Nollaig an bhliain chéanna

Iarratas a dhéanamh

Féach cuid C den Treoir seo le haghaidh sonraí faoi conas iarratas a dhéanamh.

Critéir eile

Ní mór dearbhú onóra ón ionadaí dlíthiúil a bheith i gceangal leis an bhfoirm iarratais.

Ní mór Gníomhaíocht Forbartha Gairmiúla amháin ar a laghad a bheith san áireamh i ngach tionscadal.

Ní mór tráthchlár le haghaidh gach Gníomhaíochta Forbartha Gairmiúla, cuairte ullmhúcháin agus gníomhaíochta forbartha córais agus for‑rochtana atá pleanáilte sa tionscadal a bheith i gceangal leis an bhfoirm iarratais.

Critéir incháilitheachta bhreise maidir le gníomhaíochtaí forbartha gairmiúla

Fad na ngníomhaíochtaí

Ó 2 go 60 lá, seachas laethanta taistil. Ní mór an 2 lá íosta a bheith as a chéile.

Ionad nó ionaid na ngníomhaíochtaí

Ní mór na gníomhaíochtaí a reáchtáil i dtír ceann (nó roinnt, i gcás gníomhaíochtaí taistil) de na heagraíochtaí atá rannpháirteach sa ghníomhaíocht. 

An líon eagraíochtaí rannpháirteacha

Ní mór dhá eagraíocht rannpháirteacha ar a laghad (eagraíocht seolta amháin ar a laghad agus ósteagraíocht amháin ar a laghad) ó thíortha éagsúla a bheith páirteach.

Gníomhaíochtaí laistigh de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus tríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gClár: ní mór gach eagraíocht rannpháirteach a bheith ó Bhallstát den Aontas nó i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár.

Gníomhaíochtaí le tríú tíortha atá i gcomharsanacht an Aontais agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár: maidir leis an ngníomhaíocht, ní mór d’eagraíocht rannpháirteach amháin ar a laghad teacht ó Bhallstát den Aontas nó ó thríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár agus eagraíocht rannpháirteach amháin teacht ó thríú tír ach atá i gcomharsanacht an Aontais agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár (réigiúin 1-4).

Rannpháirtithe incháilithe

Ní hann d’aon teorainn aoise.

Ní mór do rannpháirtithe a bheith ina gcónaí i dtír a n‑eagraíochta seolta nó óstaí.

Measfar nach rannpháirtithe sa ghníomhaíocht iad oiliúnóirí, daoine tionlacain agus éascaitheoirí, ach beidh siad incháilithe le haghaidh tacaíochta faoi chatagóirí buiséid áirithe.

An líon rannpháirtithe

An líon rannpháirtithe: Suas le 50 rannpháirtí i ngach gníomhaíocht atá pleanáilte leis an tionscadal. Ní chomhairfear oiliúnóirí, daoine tionlacain ná éascaitheoirí sa líon rannpháirtithe. Ní mór do rannpháirtithe ó thír na heagraíochta óstaí a bheith páirteach i ngach gníomhaíocht.

Critéir eile

Ní mór ceann de na heagraíochtaí seolta nó de na hósteagraíochtaí sa ghníomhaíocht a bheith ó thír na Gníomhaíochta Náisiúnta ar faoina bráid a chuirtear an t‑iarratas.

Critéir Incháilitheachta bhreise maidir le Cuairteanna Ullmhúcháin

Ionad nó ionaid na gníomhaíochta

Ní mór an ghníomhaíocht a reáchtáil i dtír ceann de na hósteagraíochtaí. 

Rannpháirtithe incháilithe

Ionadaithe ó na heagraíochtaí rannpháirteacha, oiliúnóirí agus éascaitheoirí a ghlacann páirt sa phríomhghníomhaíocht.

Critéir dhámhachtana

Déanfar measúnú ar na hiarratais a chuirtear isteach trí phointí as 100 ar an iomlán a shannadh, bunaithe ar na critéir agus ar na hualuithe thíos. Le bheith curtha san áireamh le haghaidh dámhachtana, ní mór na tairseacha seo a leanas a bhaint amach leis na hiarratais:

  • Ar a laghad 60 pointe as 100 pointe ar an iomlán, agus
  • Ar a laghad leath na bpointí scóir uasta i ngach ceann de na trí chatagóir le haghaidh critéir dhámhachtana

Ábharthacht, réasúnaíocht agus tionchar (scór uasta 30 pointe)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • tá próifíl, taithí agus gníomhaíochtaí an iarratasóra ábhartha don réimse obair óige
  • díreofar sa tionscadal ar cheann amháin nó níos mó de na tosaíochtaí in Idirphlé Óige an Aontais nó na Spriocanna Eorpacha don Óige;
  • tá an tionscadal oiriúnach chun rannchuidiú leis na héirimí cuimsithe agus éagsúlachta, glasa, digiteacha agus rannpháirteacha den Chlár;
  • tá togra an tionscadail ábhartha i leith chuspóirí na Gníomhaíochta;
  • tá an tionscadal ábhartha chun comhluachanna an Aontais a urramú agus a chur chun cinn, cuir i gcás meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, smacht reatha agus meas ar chearta an duine, chomh maith le troid in aghaidh aon sórt idirdhealaithe.
  • tugtar aghaidh sa tionscadal agus sna gníomhaíochtaí atá beartaithe ar riachtanais forbartha na n‑oibrithe óige agus na n‑eagraíochtaí oibrithe óige atá rannpháirteach;
  • tá an tionscadal feiliúnach chun an méid seo a dhéanamh:
    • cleachtas na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha a threisiú nó a chlaochlú, i ndáil le cáilíocht, nuálaíocht agus aitheantas don obair óige, chomh maith lena raon feidhme, ó raon feidhme áitiúil go raon feidhme domhanda de réir mar is iomchuí.
    • torthaí foghlama ardcháilíochta a sholáthar d’oibrithe óige rannpháirteacha;páirt a thabhairt do rannpháirtithe atá gníomhach in obair óige sna heagraíochtaí rannpháirteacha chomh maith le heagraíochtaí a thugann faoi obair óige choincréiteach agus obair thráthrialta le daoine óga ar an leibhéal áitiúil.
    • tionchar a imirt ar oibrithe óige rannpháirteacha agus ar eagraíochtaí rannpháirteacha le linn shaolré an tionscadail agus ina dhiaidh sin.
    • Tionchar a chruthú lasmuigh de na heagraíochtaí agus ar dhaoine aonair nach bhfuil rannpháirteach go díreach sa tionscadal, ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus/nó Eorpach nó domhanda.(más infheidhme) tá na gníomhaíochtaí forbartha córais agus for-rochtana a mholtar ina rannchuidiú le forbairt thimpeallacht na hoibre don óige
  • tugann an tionscadal nuatheachtaithe agus eagraíochtaí ag a bhfuil níos lú taithí isteach sa Ghníomhaíocht.

Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail (scór uasta 40 pointe)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • Léiríonn an togra comhsheasmhacht idir riachtanais a sainaithníodh, cuspóirí an tionscadail, próifílí rannpháirtithe agus na gníomhaíochtaí a mholtar
  • Tugtar tuairisc ar bhealach soiléir agus áititheach sa togra ar chéimeanna uile an tionscadail (ullmhú, cur chun feidhme agus bearta leantacha) agus rannpháirtíocht ghníomhach na rannpháirtithe sna céimeanna uile;
  • Urramaítear ionadaíocht chothromaithe rannpháirtithe i dtéarmaí tíortha agus inscne
  • tá na bearta chun oibrithe óige a roghnú iomchuí agus i gcomhréir leis an sainmhíniú ar oibrí óige sa bhunús dlí
  • a mhéid atá na gníomhaíochtaí deartha ar bhealach inrochtana agus cuimsitheach agus atá siad oscailte do rannpháirtithe ag a bhfuil cúlraí agus cumais éagsúla. 
  • ionchorpraítear cleachtais inbhuanaithe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol sna gníomhaíochtaí;
  • Tá na modhanna foghlama atá beartaithe, agus uirlisí digiteacha nó comhpháirteanna fíorúla ina measc, tá siad cuí do na gníomhaíochtaí
  • tá na bearta tacaíochta don phróiseas machnaimh, sainaithint agus doiciméadacht thorthaí foghlama na rannpháirtithe, agus an úsáid a bhaintear as uirlisí trédhearcachta agus aitheantais, go háirithe Youthpass, iomchuí;
  • (más infheidhme) Tá na huirlisí agus na cleachtais a mholtar faoi ‘forbairt córais agus gníomhaíochtaí for-rochtana’ cuí agus is féidir aithris a dhéanamh orthu agus iad a bheith ina spreagadh d’eagraíochtaí eile.

Cáilíocht bhainistíocht an tionscadail (scór uasta 30 pointe)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • tá cáilíocht na socruithe praiticiúla agus na módúlachtaí bainistíochta agus tacaíochta sásúil;
  • tá na bearta a shamhlaítear chun sábháilteacht agus cosaint na rannpháirtithe a chinntiú oiriúnach agus éifeachtach;
  • Tá na cúraimí agus na freagrachtaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sainithe go soiléir i gcomhréir le caighdeáin cháilíochta Erasmus;
  • Tugann an plean maidir le comhoibriú agus cumarsáid idir na rannpháirtithe an ghrúpa/na ngrúpaí, na heagraíochtaí rannpháirteacha, chomh maith le páirtithe leasmhara ábhartha eile creat tacaíochta chun an tionscadal a bhainistiú; 
  • Tá bealach cuí molta ag an iarratasóir chun meastóireacht a dhéanamh ar na céimeanna difriúla agus ar thorthaí an tionscadail i ndáil lena chuspóirí
  • tá bealach iomchuí molta ag an iarratasóir chun torthaí an tionscadail a scaipeadh laistigh agus lasmuigh de na heagraíochtaí rannpháirteacha.
  • tá bearta sa tionscadal arb é is aidhm dóibh go mbeidh torthaí an tionscadail inbhuanaithe lastall de shaolré an tionscadail

Rialacha maoiniúcháin

Catagóir bhuiséid – Tacaíocht Eagraíochtúil

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais atá nasctha go díreach le cur chun feidhme gníomhaíochtaí soghluaisteachta.

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh:  Níl daoine tionlacain, oiliúnóirí ná éascaitheoirí incháilithe do thacaíocht eagraíochtúil.

Méid

EUR 125 in aghaidh an rannpháirtí i nGníomhaíocht Forbartha Gairmiúla.

Catagóir bhuiséid – Taisteal

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Ranníocaíocht le costais taistil na rannpháirtithe, lena n‑áirítear oiliúnóirí, daoine tionlacain agus éascaitheoirí, óna n‑áit bhunaidh chuig ionad na gníomhaíochta agus ar ais.

Faoi bhun 500 km,  taistealóidh rannpháirtí, mar riail ghinearálta, le modh iompair atá íseal ar astaíochtaí

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an achar taistil agus ar an líon daoine.

Ní mór don iarratasóir an t‑achar idir an áit bhunaidh agus ionad na gníomhaíochta a léiriú9  tríd an áireamhán taistil lena dtacaíonn an Coimisiún Eorpach a úsáid10 .

Le haghaidh gníomhaíochtaí taistil, ba cheart don iarratasóir na hachair idir ionaid aonair a chur le chéile agus an banda achair a chomhfhreagraíonn don iomlán a roghnú11 .

Méid

Achar taistil

Taisteal glas

Taisteal nach taisteal glas é

10 – 99 km

EUR 56

EUR 28

100 – 499 km

EUR 285

EUR 211

500 – 1 999 km

EUR 417

EUR 309

2000 – 2999 km

EUR 535

EUR 395

3000 – 3999 km

EUR 785

EUR 580

4000 – 7999 km

EUR 1188

EUR 1188

8 000 km nó níos mo

EUR 1735

EUR 1735

Catagóir bhuiséid – Tacaíocht Aonair

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais atá nasctha leis an gcothú.

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh:  bunaithe ar fhad an fhanachta in aghaidh an rannpháirtí, daoine tionlacain, oiliúnóirí agus éascaitheoirí (más gá), lena n‑áirítear 1 lá taistil freisin roimh an ngníomhaíocht agus 1 lá taistil i ndiaidh na gníomhaíochta, agus suas le 4 lá breise le haghaidh rannpháirtithe, oiliúnóirí, éascaitheoirí agus daoine tionlacain a fhaigheann deontas taistil ghlais.

Méid

Tábla A2.2 in aghaidh an rannpháirtí in aghaidh an lae. 

Tá feidhm ag an tábla seo freisin i gcás oiliúnóirí, éascaitheoirí agus daoine tionlacain.

EUR 1,100 ar a mhéad in aghaidh an rannpháirtí, oiliúnóirí, éascaitheoirí agus daoine tionlacain

Catagóir bhuiséid – Tacaíocht chuimsiúcháin

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Tacaíocht chuimsiúcháin d’eagraíochtaí: Costais a bhaineann le gníomhaíochtaí soghluaisteachta a eagrú ina bhfuil rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu rannpháirteach.

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an líon rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu, cé is moite de dhaoine tionlacain, d’oiliúnóirí agus d’éascaitheoirí.

Méid

EUR 125 in aghaidh an rannpháirtí

Tacaíocht chuimsiúcháin le haghaidh rannpháirtithe: Costais bhreise atá nasctha go díreach le rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu agus leis na daoine atá á dtionlacan, lena n‑oiliúnóirí agus lena n‑éascaitheoirí (lena n‑áirítear costais taistil agus chothaithe a dtugtar údar leo mura n‑iarrtar deontas le haghaidh na rannpháirtithe sin trí na catagóirí buiséid ar a dtugtar 'Taisteal' agus 'Tacaíocht aonair').

Sásra maoiniúcháin: fíorchostais.

Riail maidir le leithdháileadh: ní mór don iarratasóir údar a thabhairt leis an iarraidh agus ní mór don Ghníomhaireacht Náisiúnta í a fhormheas.

100 % de chostais incháilithe

Catagóir bhuiséid – Tacaíocht le haghaidh cuairt ullmhúcháin

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais atá nasctha le cur chun feidhme na cuairte ullmhúcháin lena n‑áirítear costais taistil agus chothaithe.

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh: cé is moite de rannpháirtithe ón ósteagraíocht. Is féidir ar a mhéad beirt rannpháirtithe in aghaidh na heagraíochta rannpháirtí a mhaoiniú in aghaidh na gníomhaíochta. Ina theannta sin, féadfar éascaitheoir amháin in aghaidh gach cuairte ullmhúcháin a mhaoiniú freisin. Coinníollach: an gá atá le cuairt ullmhúcháin, cuspóirí agus rannpháirtithe ní mór don iarratasóir údar a thabhairt leis an méid sin agus ní mór é a bheith formheasta ag an ngníomhaireacht náisiúnta. Níl feidhm ag an gcoinníoll sin maidir le tionscadail atá maoinithe faoin gcóras creidiúnaithe.

Méid

EUR 680 in aghaidh an rannpháirtí in aghaidh na cuairte ullmhúcháin.

Catagóir bhuiséid – Gníomhaíochtaí forbartha córais agus for‑rochtana

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais atá nasctha le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí comhlántacha.

Costais indíreacha: Tá méid ar ráta comhréidh, nach mó ná 7 % de chostais incháilithe dhíreacha na ngníomhaíochtaí comhlántacha, incháilithe faoi chostais indíreacha, arb ionann é agus costais riaracháin ghinearálta an tairbhí ar féidir a mheas gur costais inmhuirearaithe i leith na ngníomhaíochtaí comhlántacha iad (mar shampla billí leictreachais nó idirlín, costais áitribh, costas ball foirne buan, srl.).

Sásra maoiniúcháin: fíorchostais.

Riail maidir le leithdháileadh: ní mór don iarratasóir údar a thabhairt leis an iarraidh agus ní mór don Ghníomhaireacht Náisiúnta í a fhormheas. Is féidir 10 % ar a mhéad de na costais tionscadail iomlána a leithdháileadh ar na gníomhaíochtaí sin.

Méid

80 % ar a mhéad de chostais incháilithe.

Catagóir bhuiséid – Costais eisceachtúla

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais chun ráthaíocht airgeadais a thabhairt, má iarrann an Ghníomhaireacht Náisiúnta sin.

Víosa agus costais a bhaineann le víosa, ceadanna cónaithe, vacsaínithe agus deimhnithe leighis.

Costais taistil arda rannpháirtithe, daoine tionlacain, oiliúnóirí agus éascaitheoirí nach féidir tacú leo leis an ngnáthchatagóir ‘Taisteal’, de bharr iargúltacht gheografach nó bacainní eile (is é sin, i gcás ina mbíonn costais taistil níos costasaí ann toisc go n‑úsáidtear modhanna iompair níos glaine ag a bhfuil astaíochtaí carbóin níos ísle).  Má dhámhtar iad, cuirtear na costais eisceachtúla le haghaidh taisteal costasach in ionad na tacaíochta taistil bunaithe ar chostais aonaid.

Sásra maoiniúcháin: fíorchostais.

Riail maidir le leithdháileadh: ní mór don iarratasóir údar a thabhairt leis an iarraidh agus ní mór don Ghníomhaireacht Náisiúnta í a fhormheas. Tá feidhm ag taisteal costasach i gcásanna nach gcumhdaíonn an tacaíocht taistil bunaithe ar chostas aonaid 70 % de chostais taistil na rannpháirtithe.  Má dhámhtar iad, cuirtear na costais eisceachtúla le haghaidh taisteal costasach in ionad an deontais taistil nach deontas taistil ghlais é.

Méid

Ráthaíocht airgeadais: 80 % de chostais incháilithe

Costais taistil chostasaigh: 80 % de chostais taistil incháilithe

Víosa agus costais a bhaineann le víosa, ceadanna cónaithe, vacsaínithe agus deimhnithe leighis: 100 % de chostais incháilithe

Tábla  A2.2 Tacaíocht aonair le haghaidh Gníomhaíochtaí Forbartha Gairmiúla

 

Tacaíocht aonair (euro in aghaidh an lae)

An Ostair

84

An Bheilg

88

An Bhulgáir

60

An Chróit

75

An Chipir

81

An tSeicia

65

An Danmhairg

95

An Eastóin

76

An Fhionlainn

93

An Fhrainc

85

An Ghearmáin

77

An Ghréig

80

An Ungáir

77

An Íoslainn

99

Éire

91

An Iodáil

85

An Laitvia

66

Lichtinstéin

84

An Liotuáin

65

Lucsamburg

84

Málta

77

An Ísiltír

92

An Mhacadóin Thuaidh

57

An Iorua

94

An Pholainn

68

An Phortaingéil

78

An Rómáin

64

An tSeirbia

59

An tSlóvaic

67

An tSlóivéin

78

An Spáinn

81

An tSualainn

87

An Tuirc

68

Tíortha comharsanachta nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár

62

  • 1 Déantar príomhbhuiséad na Gníomhaíochta seo a leithdháileadh chun tacú le gníomhaíochtaí trasnáisiúnta lena mbaineann eagraíochtaí agus rannpháirtithe ó Bhallstáit an Aontais agus tríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gClár. Mar sin féin, féadfaidh suas le 25 % den bhuiséad atá ar fáil gníomhaíochtaí soghluaisteachta idirnáisiúnta a mhaoiniú, agus eagraíochtaí agus rannpháirtithe ó thíortha an chláir agus ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár agus atá comharsanach leis an Aontas san áireamh (réigiúin 1 go 4; féach an roinn ‘Tíortha incháilithe’ i gCuid A den Treoir seo). ↩ back
  • 2 Resolution of the Council and of the Representatives of the Governments of the Member States meeting within the Council on the Framework for establishing a European Youth Work Agenda [Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh laistigh den Chomhairle maidir leis an gCreat chun Clár Oibre Eorpach don Obair Óige a bhunú]

    http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=uriserv:OJ.C_.2020.415.01.0001.01.ENG. Is féidir tuilleadh eolais ar chur chun feidhme an Chláir Oibre Eorpaigh don Obair Óige a aimsiú ag www.bonn‑process.net. ↩ back

  • 3 Tá liosta na straitéisí le fáil anseo: https://www.salto-youth.net/ ↩ back
  • 4 https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52017XG1207(01) ↩ back
  • 5 http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=uriserv:OJ.C_.2020.415.01.0001.01.ENG and www.bonn‑process.net ↩ back
  • 6 Tagairt do European Training Strategy Competence model for Youth Workers to work internationally, [Samhail Inniúlachtaí de chuid na Straitéise Oiliúna Eorpaí chun go bhféadfaidh Oibrithe Óige oibriú go hidirnáisiúnta]https://www.salto-youth.net/rc/training-and-cooperation/trainingstrategy/ ↩ back
  • 7 Beidh ar eagraíochtaí rannpháirteacha foirm aontachais a shíniú don eagraíocht is iarratasóir. Ba cheart na foirmeacha aontachais a chur ar fáil ag céim an iarratais agus faoin tráth a shínítear an comhaontú deontais ar a dhéanaí. Chun breis eolais a fháil, féach Cuid C den treoir seo. ↩ back
  • 8 Grúpa de cheathrar daoine óga ar a laghad idir 13 bliana d’aois agus 30 bliain d’aois. Glacann duine de na comhaltaí den ghrúpa atá ar a laghad 18 mbliana d’aois ról an ionadaí chomh maith leis an bhfreagracht thar ceann an ghrúpa. Seiceáil an ghluais le haghaidh sainmhíniú ar ghrúpa neamhfhoirmiúil. ↩ back
  • 9 Mar shampla, má bhíonn duine ó Mhaidrid (na Spáinne) ag glacadh páirt i ngníomhaíocht atá á reáchtáil sa Róimh (an Iodáil), déanfaidh an t‑iarratasóir an t‑achar ó Mhaidrid go dtí an Róimh a ríomh (1 365.28 KM) agus ansin roghnóidh an t‑iarratasóir an banda achair taistil is infheidhme (is é sin, idir 500 agus 1 999 km). ↩ back
  • 10 https://ec.europa.eu/programmes/erasmus-plus/resources/distance-calculator_ga ↩ back
  • 11 Mar shampla, má bhíonn rannpháirtí ó Mhaidrid (na Spáinne) ag glacadh páirt i ngníomhaíocht taistil atá á reáchtáil sa Róimh (an Iodáil) ar dtús agus ansin i Liúibleána (na Slóivéine), déanfaidh an t‑iarratasóir an t‑achar idir Maidrid agus an Róimh (1 365.28 KM) a ríomh ar dtús, ansin ríomhfaidh sé an t‑achar idir an Róimh agus Liúibleána (489,75 KM) agus cuirfidh sé an dá achar le chéile (1 855.03 KM) b) roghnóidh sé an banda achair taistil is infheidhme (is é sin, idir 500 agus 1 999 KM) agus c) déanfaidh sé an deontas ón Aontas a ríomh, rud a sholáthróidh ranníocaíocht le costais taistil an rannpháirtí ó Mhaidrid go Liúibleána (tríd an Róimh) agus ar ais (EUR 275). ↩ back
Tagged in:  Youth