Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Conas iarratas Eramus+ a chur isteach?

Ní mór d’iarratasóirí cloí leis na ceithre chéim a bhfuil tuairisc orthu thíos chun tionscadal Erasmus+ a chur isteach:

  1. Clárú. Ní mór do gach iarratasóir a bheith cláraithe mar a leanas:
    1. Maidir le gníomhaíochtaí atá á mbainistiú ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin, ní mór d’iarratasóir, eintitis chleamhnaithe agus comhpháirtithe comhlachaithe clárú ar an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana (TDCT) 1 agus ní mór dóibh Cód Sainaitheantais Rannpháirtí (CSR) a fháil 2 . Eagraíochtaí/grúpaí a fuair cód cheana féin trína rannpháirtíocht i gcláir eile den Aontas Eorpach, ní mór dóibh clárú arís. Tá an cód a fuair siad ón gclárú roimhe seo bailí freisin chun iarratas a dhéanamh faoi Erasmus+;
    2. Maidir le gníomhaíochtaí a bhainistíonn Gníomhaireachtaí Náisiúnta, ní mór d’iarratasóirí mura ndearna siad amhlaidh cheana, clárú trí chóras an chlárúcháin eagraíochta https://webgate.ec.europa.eu/erasmus-esc le haghaidh Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus sainaitheantas eagraíochta a fháil.
  2. An chomhlíontacht le critéir an chláir a sheiceáil le haghaidh na gníomhaíochta/an réimse ábhartha;
  3. Na coinníollacha airgeadais a sheiceáil;
  4. An fhoirm iarratais a líonadh isteach agus an fhoirm iarratais a chur isteach.