Fothú acmhainneachta San Ardoideachas
Tacaíonn an ghníomhaíocht Fothú Acmhainneachta san Ardoideachas (FAA) le tionscadail comhair idirnáisiúnta atá bunaithe ar chomhpháirtíochtaí iltaobhacha idir eagraíochtaí atá gníomhach i réimse an ardoideachais. Tacaíonn sí le hábharthacht, cáilíocht, nuachóiriú agus freagrúlacht an ardoideachais i dtíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár maidir le téarnamh socheacnamaíoch, agus le fás agus rathúnas agus freagra a thabhairt ar threochtaí atá ann le déanaí, go háirithe domhandú eacnamaíoch ach chomh maith leis sin an meath atá ann le déanaí ar fhorbairt dhaonna, leochaileacht agus neamhionannas sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil atá ag méadú agus ag dul in olcas de bharr phaindéim COVID‑19.
Tá coinne leis go gcuirfidh an ghníomhaíocht le tosaíochtaí uileghabhálacha an Choimisiúin Eorpaigh:
An Comhaontú Glas
Tá córais Ardoideachais ríthábhachtach chun tacú leis an gComhaontú Glas, rud a d'fhéadfadh athrú as cuimse ar iompraíocht agus ar scileanna daoine a chumasú. Moltar do thionscadail inniúlachtaí in earnálacha inbhuanaitheachta éagsúla, scileanna, straitéisí agus modheolaíochtaí earnála glasa chomh maith le curaclaim atá dírithe ar an todhchaí agus lena bhfreastalaítear ar bhealach níos fearr ar riachtanais daoine aonair a fhorbairt. Tacaíonn Erasmus+ freisin le tástáil cleachtas nuálach chun foghlaimeoirí agus soláthraithe an ardoideachais a ullmhú le bheith ina bhfíorghníomhairí don athrú.
Claochlú digiteach
Ba cheart do thionscadail tacú le forbairt agus le glacadh scileanna digiteacha chun an claochlú digiteach a dhéanamh chomh cuimsitheach agus chomh hionchuimsitheach agus is féidir. Forbairt agus cur chun feidhme straitéisí digiteacha ardoideachais a spreagadh. An t‑aistriú digiteach a thionlacan ach digitiú a phríomhshruthú i gcórais ardoideachais agus cláir a chuimsíonn scileanna digiteacha a neartú. Cúnamh a sholáthar maidir le hoiliúint múinteoirí agus foghlaim ar líne.
Imeascadh imirceach
Ba cheart do thionscadail soghluaisteacht a chur chun cinn agus go háirithe tacú le céimeanna agus dintiúir a aithint sna réigiúin éagsúla, agus chomh maith leis sin tacú le nascacht idir‑réigiúnach. Ba cheart do thionscadail tacú le himeascadh imirceach agus daoine easáitithe trí rochtain ar oideachas.
Rialachas, síocháin, slándáil agus forbairt dhaonna
is féidir le tionscadail FAA cuidiú leis an mbunchloch a leagan chun saoránacht ghníomhach a neartú agus chun saineolas sonrach a thógáil i réimsí ar nós an daonlathais, chearta an duine agus an iltaobhachais. Is féidir le tionscadail FAA cuidiú le teacht ar réitigh fhadtéarmacha ar fhadhbanna a bhaineann le rialachas lag san ardoideachas.
Fás inbhuanaithe agus poist
Tá gá le hoideachas chun scileanna a fhorbairt don saol agus don obair, cuir i gcás scileanna bunúsacha, scileanna ‘boga’ (mar shampla, fadhbréiteach, cumarsáid), agus Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht, Ealaíona agus Matamaitic (STEAM). Tacaíonn oideachas freisin le hinfhostaitheacht agus is réamhchoinníoll don fhás inbhuanaithe é.
Rannchuideoidh an ghníomhaíocht freisin leis an ngné sheachtrach de bheartais inmheánacha an Aontais i réimse an oideachais. Tacóidh sí le téarnamh eacnamaíoch domhanda glas agus inbhuanaithe rathúil sna tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, nasctha leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) agus le Comhaontú Pháras.
Ní mór gníomhaíochtaí agus torthaí tionscadal FAA a bheith dírithe ar leas na dtíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, agus ar leas a gcóras agus a n‑institiúidí ardoideachais.
Cuspóirí na gníomhaíochta
Go sonrach, déanfar na nithe seo a leanas leis an ngníomhaíocht:
- Feabhas a chur ar cháilíocht an ardoideachais i dtíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár agus a ábharthacht do mhargadh an tsaothair agus don tsochaí a fheabhsú;
- Feabhas a chur ar leibhéal inniúlachtaí, scileanna agus acmhainneacht infhostaitheachta mac léinn in institiúidí ardoideachais sna tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár ach cláir oideachais nua agus nuálacha a fhorbairt;
- Oideachas cuimsitheach, comhionannas, cothromas, neamh‑idirdhealú agus cur chun cinn inniúlachtaí sibhialta a chur chun cinn san ardoideachas sna tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár;
- Feabhas a chur ar an teagasc, na sásraí measúnaithe d’fhoireann agus do mhic léinn institiúidí ardoideachais, dearbhú cáilíochta, bainistíocht, rialachas, cuimsiú, nuálaíocht, an bonn eolais, inniúlachtaí digiteacha agus fiontraíochta, chomh maith le hidirnáisiúnú institiúidí ardoideachais sna tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár;
- Inniúlachtaí institiúidí ardoideachais, comhlachtaí atá i gceannas ar an ardoideachas agus na n‑údarás inniúil i dtíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár a mhéadú chun a gcórais ardoideachais a nuachóiriú, go háirithe i dtéarmaí rialachais agus maoinithe, trí thacú le sainiú, le cur chun feidhme agus le monatóireacht a dhéanamh ar phróisis athchóirithe;
- Feabhas a chur ar oiliúint múinteoirí agus ar fhorbairt ghairmiúil leanúnach chun tionchar a imirt ar cháilíocht fhadtéarmach an chórais oideachais sna tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár;
- Comhar institiúidí, fothú acmhainneachta agus malartú dea‑chleachtas a spreagadh;
- An comhar a chothú ar fud réigiúin éagsúla den domhan trí thionscnaimh chomhpháirtíochta.
Cinnteofar leis an ngníomhaíocht cothromas agus cuimsiú, neartú an chórais agus fothú acmhainneachta chomh maith le hinfhostaitheacht go trasnaí trasna na gníomhaíochta. Ní thabharfaidh idirghabhálacha aghaidh ar nuachóiriú clár teagaisc amháin a thuilleadh per se, ach ba cheart dóibh rialachas, bainistíocht agus neartú na n‑éiceachóras eacnamaíoch agus sóisialta níos leithne san ardoideachas a chur san áireamh freisin. Spreagfar go láidir aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna réigiúnacha, ar chomhaontais agus comhghuaillíochtaí a fhorbairt, agus ar chuir chuige agus tionscnaimh nua a bheidh bunaithe ar úinéireacht tíre a reáchtáil ar bhonn píolótach. Beidh tacú le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais, acmhainneacht TFC a mhéadú sna tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár agus rannpháirtíocht na mac léinn i bpróisis phleanála agus foghlama ina ngnéithe trasghearrtha den ghníomhaíocht. Cinnteofar comhleanúnachas, sineirgí agus comhlántacht le hidirghabhálacha ábhartha eile de chuid an Aontais Eorpaigh sa réimse.
Tionchar measta
- Ní hamháin go n‑aistreoidh institiúidí ardoideachais nuachóirithe eolas ach cruthóidh siad luach eacnamaíoch agus sóisialta freisin ach a gcuid torthaí teagaisc agus taighde a aistriú chuig an bpobal/tír;
- Rochtain fheabhsaithe ar ardoideachas agus cáilíocht fheabhsaithe ardoideachais, go háirithe do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu agus sna tíortha is boichte sna réigiúin éagsúla;
- Rannpháirtíocht mhéadaithe institiúidí ardoideachais atá lonnaithe i gceantair iargúlta;
- Rialachas le haghaidh ceapadh beartas agus cur chun feidhme beartas atá éifeachtúil agus éifeachtach i réimse an ardoideachais;
- Comhtháthú réigiúnach agus bunú uirlisí inchomparáide aitheantais agus dearbhaithe cáilíochta chun tacú le comhar acadúil agus le soghluaisteacht do mhic léinn, don fhoireann agus do thaighdeoirí;
- Nasc agus comhar níos láidre leis an earnáil phríobháideach, ag cur nuálaíocht agus fiontraíocht chun cinn;
- Ailíniú an domhain acadúil le margadh an tsaothair, ag cur le hinfhostaitheacht na mac léinn;
- Ciall tionscnaíochta agus fiontraíochta mhéadaithe i measc na mac léinn;
- Leibhéal inniúlachta digití méadaithe do mhic léinn agus don fhoireann;
- Úinéireacht institiúideach ar na torthaí FAA, ag cinntiú inbhuanaitheachta dá réir;
- Úinéireacht náisiúnta ach cleachtais dhearfacha agus dea‑chleachtais a thriail agus a phríomhshruthú san ardoideachas;
- Inniúlacht mhéadaithe agus gairmiúlacht chun oibriú ar leibhéal idirnáisiúnta: inniúlachtaí bainistíochta agus straitéisí idirnáisiúnaithe feabhsaithe;
- Breis cáilíochta le linn tionscadail idirnáisiúnta a ullmhú agus a chur chun feidhme agus le linn monatóireachta agus obair leantach a dhéanamh orthu.
Gníomhaíochtaí
Ní mór na gníomhaíochtaí a mholtar a bheith nasctha go díreach leis na cuspóirí thuas, leis na réimsí tosaíochta réigiúnacha, le saintréithe na Snáitheanna (féach thíos) agus ní mór iad a mhionsonrú i dtuairisc ar an tionscadal lena gcumhdaítear an tréimhse chur chun feidhme ina hiomláine.
I gcomhthéacs na gníomhaíochta sin, ní mór gníomhaíochtaí tionscadail a bheith dírithe ar neartú agus ar leas na dtíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, agus ar neartú agus ar leas a gcuid institiúidí ardoideachais agus a gcuid eagraíochtaí eile atá gníomhach i réimse an ardoideachais agus na gcóras.
Le tionscadail mhaoinithe beifear in ann réimse leathan gníomhaíochtaí comhair, malartaithe, cumarsáide agus gníomhaíochtaí eile a lánpháirtiú, agus cuirtear samplaí díobh sin ar fáil faoin gcur síos ar na trí Shnáithe atá ar fáil faoin ngníomhaíocht seo. Ba cheart breisluach a bheith ag na gníomhaíochtaí atá beartaithe, agus beidh tionchar díreach acu ar bhaint amach thorthaí an tionscadail.
Spriocanna geografacha
Is féidir tionscadail FAA a chur chun feidhme mar a leanas:
- Tionscadail náisiúnta, is é sin tionscadail a bhaineann le hinstitiúidí ó thír incháilithe amháin nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár;
- Tionscadail iltíre (réigiúnacha) laistigh de Réigiún incháilithe amháin;
- Tionscadail iltíre a bhaineann le níos mó ná Réigiún amháin (tras‑réigiúnach) agus a bhaineann le tír amháin ar a laghad as gach Réigiún incháilithe 1 .
Tá buiséad sainithe ann le haghaidh gach réigiúin agus foilseofar tuilleadh eolais maidir leis na méideanna atá ar fáil ar an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana (TDCT):https://ec.europa.eu/info/funding-tenders/opportunities/portal/screen/home
De bhreis ar aird ar leith a thabhairt ar fheabhas a chur ar rochtain chóir agus chothrom ó thaobh inscne de ar institiúidí ardoideachais i dtíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, go háirithe do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu, glacfaidh an ghníomhaíocht cur chuige cuimsitheach i ngach réigiún agus é mar aidhm leis rannpháirtíocht na dtíortha is boichte agus is lú forbairt nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár a mhéadú.
Réimsí tosaíochta réigiúnacha
Le haghaidh Shnáitheanna 1 agus 2, ní mór tosaíochtaí réigiúnacha réamhshainithe a urramú leis na tograí, ar tosaíochtaí iad a fhoilsítear ar an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana (TDCT): https://ec.europa.eu/info/funding-tenders/opportunities/portal/screen/home
Le haghaidh Shnáithe 3, ní mór aird a thabhairt sna tograí ar na ceanglais i ndáil leis an Úcráin a fhoilsítear ar an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana (TDCT): https://ec.europa.eu/info/funding-tenders/opportunities/portal/screen/home
Snáitheanna tionscadail
Chun freagra a thabhairt ar na dúshláin éagsúla sna tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, tá trí Shnáithe shonracha sa ghníomhaíocht FAA:
Snáithe 1 - Rochtain ar chomhar san ardoideachas a chothú
Tá an Snáithe seo deartha chun institiúidí ardoideachais agus gníomhaithe mionscála ag a bhfuil níos lú taithí a mhealladh chuig an ngníomhaíocht FAA chun rochtain ar eagraíochtaí is nuatheachtaí a éascú 2 . Ba cheart do na comhpháirtíochtaí sin gníomhú mar chéad chéim d’institiúidí ardoideachais agus d’eagraíochtaí ag a bhfuil acmhainn oibríochtúil níos lú atá lonnaithe i dtír nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár rochtain a fháil ar bhealaí chun freastal ar dhaoine ar lú na deiseanna atá acu agus na bealaí sin a mhéadú. Maoineofar leis an Snáithe sin tionscadail mhionscála chun an bhearna idirnáisiúnaithe a laghdú i measc institiúidí ardoideachais ó thíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, ón tír chéanna nó ón Réigiún céanna. Ba cheart do thionscadail comhpháirtíochtaí a bhunú chun smaointe comhair a fhorbairt chomh maith le haistriú saineolais, taithí agus dea‑chleachtas a éascú, rochtain ar dheiseanna fothaithe acmhainneachta a chothú agus cuimsiú sóisialta agus rochtain mac léinn/foirne ar lú na deiseanna atá acu ar thairiscint cháilíochtúil ardoideachais a fheabhsú. Díreoidh na tionscadail sin ar na nithe seo a leanas go háirithe:
- Institiúidí ardoideachais ó thíortha is lú forbairt nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár;
- Institiúidí ardoideachais atá lonnaithe i réigiúin/limistéir iargúlta i dtíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár;
- Nuatheachtaithe nó institiúidí ardoideachais agus dámha ag a bhfuil níos lú taithí ó thíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár;
- Mic léinn agus baill foirne ar lú na deiseanna atá acu.
Gníomhaíochtaí
Ba cheart do na gníomhaíochtaí a mholtar agus do na torthaí tionscadail breisluach soiléir a bheith acu do na tairbhithe ar a ndírítear. Tá liosta neamhchuimsitheach gníomhaíochtaí féideartha ar fáil thíos:
Gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh acmhainneacht bainistíochta/riaracháin na n‑institiúidí ardoideachais ar a ndírítear a fheabhsú, cuir i gcás:
- an rialachas ollscoile a athchóiriú agus a nuachóiriú, agus cuimsítear leis sin seirbhísí a fheabhsú, go háirithe chun leasa na mac léinn (treoraíocht mac léinn, comhairleoireacht agus treoshuíomh poist, srl.);
- oifigí caidrimh idirnáisiúnta a bhunú nó a neartú agus straitéisí idirnáisiúnaithe a fhorbairt;
- aonaid agus próisis/straitéisí dearbhaithe cáilíochta nua a bhunú nó cinn atá ann cheana a fhorbairt laistigh d’institiúidí ardoideachais;
- acmhainneacht aonad pleanála agus meastóireachta a chruthú nó a mhéadú;
- sásraí a fheabhsú chun torthaí ó thionscadail comhair idirnáisiúnta a chur in iúl agus a scaipeadh;
- acmhainní a fhorbairt chun tacú le gníomhaíochtaí soghluaisteachta mac léinn agus foirne.
Gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh oideachas ardcháilíochta agus ábhartha a chinntiú, cuir i gcás:
- modúil nó cláir staidéir, treoshuíomhanna teicniúla nó gairmiúla clár;
- cláir dianstaidéir a bhunú a thabharfaidh mic léinn agus foireann teagaisc ó institiúidí ardoideachais rannpháirteacha le chéile ar feadh tréimhsí staidéir níos giorra;
- inniúlachtaí a fhorbairt le haghaidh mac léinn iarchéime agus foirne acadúla chomh maith lena soghluaisteacht a chur chun cinn;
- cúrsaí oiliúna a chur chun feidhme le haghaidh foirne acadúla institiúidí ardoideachais;
- sineirgí a chruthú agus na naisc leis an earnáil ghnó agus le haon eagraíochtaí príobháideacha nó poiblí atá gníomhach i margadh an tsaothair agus i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na hóige a neartú.
Gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh inrochtaineacht na mac léinn/na foirne ar lú na deiseanna atá acu a mhéadú, cuir i gcás:
- conairí agus deiseanna foghlama cianda agus cuimsitheacha a fhorbairt ach leas a bhaint as an teicneolaíocht dhigiteach agus as an ríomhfhoghlaim le haghaidh mic léinn leochaileacha;
- an teicneolaíocht dhigiteach a thabhairt cothrom le dáta chun seirbhísí sonracha a fhorbairt arb é is aidhm dóibh deiseanna foghlama cothroma agus córa a chinntiú do mhic léinn faoi mhíchumas;
- tionscnaimh a chur chun cinn atá dírithe ar idirdhealú dearfach ach mná agus mionlaigh eitneacha/reiligiúnacha a chumhachtú;
- tionscnaimh a fhorbairt lena dtabharfar aghaidh ar bhacainní atá roimh ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste i ndáil le rochtain á fáil ar dheiseanna foghlama, agus lena ndéanfar na bacainní sin a laghdú;
- rannchuidiú le timpeallachtaí cuimsitheacha a chruthú a chothaíonn cothromas agus comhionannas, agus atá freagrúil do riachtanais an phobail i gcoitinne.
Snáithe 2 - Comhpháirtíochtaí le haghaidh claochlaithe san ardoideachas
Tabharfaidh tionscadail faoin Snáithe sin aghaidh ar staid éagsúil an dul chun cinn agus ar dhúshláin institiúidí ardoideachais atá lonnaithe i dtíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, feabhsóidh siad tionchar an chláir agus, i gcás inarb ábhartha, cuirfidh siad le foinsí maoinithe eile. Tabharfaidh siad cuir chuige agus tionscnaimh nua isteach san ardoideachas, bunaithe ar phiarfhoghlaim agus ar aistriú taithí agus dea‑chleachtais a dhéanann difear ní amháin do na hinstitiúidí ach don tsochaí i gcoitinne freisin. Is tionscadail fothaithe acmhainneachta choimpléascacha agus nuálacha iad comhpháirtíochtaí le haghaidh claochlaithe san ardoideachas, atá bunaithe ar aistriú taithí, inniúlachtaí agus dea‑chleachtais le raon gníomhaíochtaí idirnasctha arb é is aidhm dóibh inniúlachtaí na n‑institiúidí ardoideachais ar a ndírítear a neartú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an 21ú céad, ar nós imirce, an t‑athrú aeráide, rialachas agus aistrithe i dtreo geilleagar digiteach. Ba cheart tionchar suntasach agus fadtéarmach a bheith ag torthaí na dtionscadal ar na hinstitiúidí ardoideachais ar a ndírítear tar éis shaolré na dtionscadal agus mar sin rachaidh siad chun tairbhe na sochaí ina hiomláine.
Go sonrach, tabharfaidh na tionscadail sin na gnéithe seo a leanas le chéile chun tairbhe institiúidí ardoideachais sna tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár:
- Nuálaíocht san ardoideachas chun a ábharthacht do mhargadh an tsaothair agus don tsochaí a fheabhsú. Tá coinne leis go dtabharfaidh na tionscadail bheartaithe aghaidh ar neamhréireanna idir cheanglais fostóirí agus tairiscintí institiúidí ardoideachais agus go molfaidh siad réitigh chomhtháite ionas go mbeidh na mic léinn níos infhostaithe. Is féidir é sin a dhéanamh ach idirghabhálacha cuimsitheacha a chur chun feidhme lena gcuimsítear:
- curaclaim nuálacha a dhearadh agus gnéithe nuálacha a thabhairt isteach sna curaclaim atá ann cheana;
- modhanna nuálacha foghlama agus teagaisc a chur chun feidhme (is é sin teagasc agus foghlaim atá dírithe ar fhoghlaimeoirí agus bunaithe ar fhadhbanna iarbhír);
- rannpháirtíocht ghníomhach le saol an ghnó agus leis an taighde, cláir agus gníomhaíochtaí oideachais leanúnaigh le fiontair agus laistigh díobh a eagrú;
- acmhainní institiúidí ardoideachais sna tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár a neartú chun líonrú éifeachtach a dhéanamh sa taighde agus sa nuálaíocht eolaíoch agus theicneolaíoch.
- Athchóiriú a chur chun cinn in institiúidí ardoideachais a bheidh ina gcúis forbartha eacnamaíche agus sóisialta sna tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár. Ba cheart do thionscadail tacú le hinstitiúidí ardoideachais chun na hathchóirithe institiúideacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme a dhéanfaidh comhpháirteanna níos daonlathaí, níos cuimsithí, níos cothroime agus níos iomláine den tsochaí shibhialta díobh. Cuimsítear le hathchóirithe institiúideacha córais agus struchtúir nua rialachais agus bainistíochta, ullmhacht i dtéarmaí scileanna digiteacha, seirbhísí nua‑aimseartha ollscoile, próisis dearbhaithe cáilíochta agus uirlisí agus modhanna le haghaidh gairmiúlú agus forbairt ghairmiúil foirne acadúla, teicniúla agus riaracháin. Tá forbairt meoin fiontraíochta agus inniúlachtaí agus scileanna feabhsaithe laistigh de na hinstitiúidí ina bpríomhghnéithe do rathúlacht an tSnáithe seo. Cuirfidh foghlaim scileanna trasnaí, oideachas fiontraíochta agus cur i bhfeidhm praiticiúil scileanna fiontraíochta ar a gcumas d’institiúidí ardoideachais a gcuid eolais agus acmhainní a chur ar fáil dá bpobail áitiúla/náisiúnta/réigiúnacha.
Gníomhaíochtaí
Ba cheart do na gníomhaíochtaí a mholtar agus do na torthaí tionscadail breisluach soiléir a bheith acu do na tairbhithe ar a ndírítear. Tá liosta neamhchuimsitheach gníomhaíochtaí féideartha ar fáil thíos:
- curaclaim nuálacha a fhorbairt, a thástáil agus a oiriúnú i dtéarmaí ábhair [príomhinniúlachtaí agus scileanna trasnaí, (fiontraíocht, fadhbréiteach, poist ghlasa, srl.)], struchtúir (modúlach, comhpháirteach…) agus modhanna teagaisc/foghlama [agus cuimsítear leis sin úsáid a bhaint as an bhfoghlaim oscailte agus sholúbtha, an tsoghluaisteacht fhíorúil, acmhainní oscailte oideachais, an fhoghlaim chumaisc, Ollchúrsaí Oscailte Ar Líne (MOOC), srl.];
- modhanna, uirlisí agus ábhair nua foghlama a fhorbairt, a thástáil agus a chur chun feidhme (mar shampla curaclaim ildisciplíneacha nua, teagasc agus foghlaim atá dírithe ar fhoghlaimeoirí agus bunaithe ar fhadhbanna iarbhír) trí oiliúint agus trí shocrúcháin phraiticiúla mac léinn;
- athchóirithe de chineál Bologna a thabhairt isteach (córas bunaithe ar shraith trí leibhéal, uirlisí trédhearcachta, cuir i gcás córais chreidmheasa agus Forlíonadh Dioplóma, dearbhú cáilíochta, meastóireacht, Creataí Cáilíochta Náisiúnta/Réigiúnacha, aitheantas ar réamhfhoghlaim agus ar fhoghlaim sheachfhoirmiúil, srl.) ar an leibhéal institiúideach;
- scéimeanna oiliúna praiticiúla, intéirneachtaí agus staidéar ar chásanna fíorshaoil sa ghnó agus sa tionsclaíocht a thabhairt isteach atá leabaithe go hiomlán, aitheanta agus creidiúnaithe sa churaclam;
- córais oiliúna sealaíochta a thabhairt isteach lena nasctar staidéir threasacha le gairmoideachas agus le gairmoiliúint sa mheánscoil uachtarach mar bhealach chun infhostaitheacht céimithe a neartú;
- réitigh a fhorbairt ar shaincheisteanna dúshlánacha, nuálaíocht táirge agus phróisis (mic léinn, ollúna agus cleachtóirí le chéile);
- forbairt agus tástáil a dhéanamh ar réitigh ar éilimh shóisialta phráinneacha nach dtéann an margadh i ngleic leo agus atá dírithe ar ghrúpaí leochaileacha sa tsochaí; dul i ngleic le dúshláin shochaíocha nó dúshláin a bhaineann le hathruithe i ndearcthaí agus luachanna, straitéisí agus beartais, struchtúir agus próisis eagraíochtúla, córais agus seirbhísí soláthair;
- tacú le cruthú lárionad, gorlann don nuálaíocht, aistrithe teicneolaíochta agus gnólachtaí nuathionscanta agus le comhtháthú an oideachais agus na taighde agus na nuálaíochta ar an leibhéal institiúideach/réigiúnach/náisiúnta;
- cláir agus gníomhaíochtaí oideachais leanúnaigh a fhorbairt agus a thástáil le fiontair agus laistigh díobh;
- cumraíochtaí chun bearta nuálacha a thriail agus a thástáil; malartuithe mac léinn, taighdeoirí, ball foirne teagaisc agus ball foirne fiontair ar feadh tréimhse theoranta; dreasachtaí a sholáthar le haghaidh rannpháirtíocht ball foirne fiontair sa teagasc agus sa taighde;
- athchóiriú córas agus struchtúr rialachais agus bainistíochta ar an leibhéal institiúideach (agus cuimsítear leis sin modhanna agus córais dearbhaithe cáilíochta, bainistíocht airgeadais agus neamhspleáchas institiúidí ardoideachais, caidreamh idirnáisiúnta, seirbhísí agus comhairleoireacht mac léinn, gairmthreoir, boird acadúla agus taighde, srl.);
- straitéisí agus uirlisí a fhorbairt le haghaidh idirnáisiúnú institiúidí ardoideachais (oscailteacht idirnáisiúnta curaclam, scéimeanna soghluaisteachta idirinstitiúideacha), agus a n‑acmhainn chun líonrú éifeachtach a dhéanamh sa taighde agus sa nuálaíocht eolaíoch agus theicneolaíoch (comhar eolaíoch agus aistriú eolais, srl.);
- forbairt agus tástáil a dhéanamh ar réitigh ar éilimh shóisialta phráinneacha nach dtéann an margadh i ngleic leo agus atá dírithe ar ghrúpaí leochaileacha sa tsochaí; dul i ngleic le dúshláin shochaíocha nó dúshláin a bhaineann le hathruithe i ndearcthaí agus luachanna, straitéisí agus beartais, struchtúir agus próisis eagraíochtúla, córais agus seirbhísí soláthair;
- réitigh a fhorbairt ar shaincheisteanna dúshlánacha, nuálaíocht táirge agus phróisis (mic léinn, ollúna agus cleachtóirí le chéile);
- uirlisí agus modhanna a fhorbairt, a oiriúnú agus a sholáthar le haghaidh uas‑sciliú, meastóireacht/measúnú, gairmiúlú agus forbairt ghairmiúil foirne acadúla agus riaracháin, agus le haghaidh oiliúint tosaigh múinteoirí agus forbairt gairme leanúnach.
Snáithe 3 - Tionscadail um athchóiriú struchtúrach
Tacóidh tionscadail faoin Snáithe seo le hiarrachtaí i dtíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár chun córais ardoideachais chomhleanúnacha agus inbhuanaithe a fhorbairt chun a gcuid riachtanas socheacnamaíoch agus a n‑uaillmhian leathan maidir le geilleagar eolasbhunaithe a chruthú a chomhlíonadh. Tá príomhshruthú agus uas‑scálú torthaí rathúla chomh maith le sineirgí le tacaíocht leanúnach nó tacaíocht phíblíne sa réimse faoi chláir tacaíochta dhéthaobhacha ina ngnéithe den Snáithe seo freisin. Tabharfaidh tionscadail um Athchóiriú Struchtúrach aghaidh ar riachtanais tíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár chun tacú le feabhsú agus nuálaíocht shistéamach agus struchtúrach inbhuanaithe ar leibhéal na hearnála ardoideachais. Go sonrach, tabharfaidh na tionscadail seo aghaidh ar iarrachtaí tíortha chun córais Ardoideachais chomhleanúnacha agus inbhuanaithe a fhorbairt chun a gcuid riachtanas socheacnamaíoch a chomhlíonadh agus ar deireadh thiar chun geilleagar eolasbhunaithe a chruthú. Ach na hÚdaráis Náisiúnta inniúla a bheith rannpháirteach (go háirithe Aireachtaí Oideachais) ó thíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, chomh maith le hinstitiúidí ardoideachais, institiúidí Taighde agus údaráis/comhlachtaí agus geallsealbhóirí ábhartha eile, déanfaidh na tionscadail sin na nithe seo a leanas go háirithe:
- Comhar agus foghlaim fhrithpháirteach a chur chun cinn i measc agus idir údaráis phoiblí ar an leibhéal institiúideach is airde i mBallstáit an Aontais nó i dtíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár agus na tíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár chun feabhas agus nuálaíocht shistéamach a chothú san earnáil ardoideachais.
- Córais ardoideachais chuimsitheacha a chur chun cinn ar féidir leo na coinníollacha cearta a sholáthar do mhic léinn ó chúlraí éagsúla chun rochtain a fháil ar an bhfoghlaim agus chun go n‑éireoidh leo san ardoideachas. Dá bhrí sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar dhaoine ar lú na deiseanna atá acu.
- Inniúlachtaí institiúidí ardoideachais i dtíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár, inniúlachtaí comhlachtaí atá i gceannas ar an ardoideachas agus inniúlachtaí na n‑údarás inniúil (Aireachtaí go háirithe) trína rannpháirtíocht i sainiú, i gcur chun feidhme agus i monatóireacht próiseas athchóirithe a mhéadú chun a gcórais ardoideachais a nuachóiriú, go háirithe i dtéarmaí rialachais agus maoinithe.
- Sineirgí le tionscnaimh leanúnacha an Aontais sa tír/sna tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár i réimsí atá cumhdaithe faoi Erasmus+ a shainaithint.
An timpeallacht dhigiteach oideachais a neartú don Úcráin
Faoi Shnáithe 3, tacóidh an ghníomhaíocht seo freisin le tionscadal um Athchóiriú Struchtúrach atá dírithe ar thimpeallacht dhigiteach oideachais oscailte a chruthú chun ardoideachas ardcháilíochta a thairiscint do mhic léinn atá cláraithe in Institiúidí Ardoideachais san Úcráin, go háirithe dóibh siúd atá ag teitheadh ón Úcráin nó do mhic léinn atá easáitithe go hinmheánach - chomh maith le deiseanna oideachais do phobal leathan na hÚcráine ar an gcoigríoch - bunaithe ar chomhar idir ollscoileanna san Úcráin agus ollscoileanna eile san Eoraip. Thacódh timpeallacht dhigiteach den sórt sin freisin le malartuithe agus comhar le foirne acadúla.
Is iad seo a leanas spriocanna ionchais an tionscadail sin:
- tacú le forbairt éiceachórais oideachais dhigitigh ardfheidhmíochta d’ollscoileanna san Úcráin, rud a chinnteodh go leanfar lena gcuid gníomhaíochtaí, chomh maith lena bhfeidhmíocht le linn na coinbhleachta agus ina diaidh;
- tacú le digitiú modhanna teagaisc agus foghlama agus le soláthar an bhonneagair is gá don fhoghlaim ar líne agus don fhoghlaim chuimsitheach, i gcomhréir le spriocanna ginearálta an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021‑2027 freisin.
Go sonrach, leis an tionscadal seo tabharfar an deis do líonra institiúidí ardoideachais san Úcráin chun ardán ilinstitiúideach comhpháirteach ar líne a chur ar bun a dhéanfadh ardáin oideachais dhigitigh atá ann cheana a nascadh le chéile. Féadfaidh institiúidí oideachais Eorpacha a bhfuil taithí acu ar an gcianfhoghlaim agus ar an bhfoghlaim ar líne tacaíocht a sholáthar freisin chun an t‑ardán comhpháirteach a chur ar bun agus a reáchtáil.
Thabharfadh an t‑ardán seo cúrsaí digiteacha ar líne le chéile, mar aon le hábhar ábhartha eile a múineadh in ollscoileanna na hÚcráine roimh an gcogadh agus a nuashonraíodh de réir chaighdeáin cháilíochta an tionscadail. Leis an ardán d’fhéadfaí foráil a dhéanamh freisin do bhainistiú cúrsaí, do chlárú, d’fhíordheimhniú na mac léinn, do stór ábhair foghlama, do scrúduithe agus do mheasúnaithe ar líne, srl. Is iad na príomhspriocanna don ardán a bheadh ann institiúidí ardoideachais a chaill a mbonneagar go do‑athraithe nó go páirteach agus an fhoireann acadúil agus a gcuid mac léinn athlonnaithe chuig réigiúin eile san Úcráin nó ar an gcoigríoch, cé go bhféadfadh sé tacú le hinstitiúidí ardoideachais eile san Úcráin agus dá gcuid mac léinn freisin.
Le linn an tionscadail thabharfaí deis do na comhpháirtithe de chuid na hÚcráine an liosta táscach gníomhaíochtaí seo a leanas a chur chun feidhme:
- rialacha agus sásraí idirinstitiúideacha a dhearadh chun cúrsaí agus ábhair ollscoile a fhorbairt;
- ábhar agus cúrsaí oideachais dhigitigh a dhearadh agus a sheachadadh, a chuirfear ar fáil do gach institiúid ardoideachais san Úcráin ar an ardán ar líne;
- gníomhaíochtaí oiliúna a sholáthar don fhoireann acadúil a sheachadann teagasc ar líne agus ó chian ar an ardán;
- próisis a fhorbairt chun torthaí foghlama agus creidmheasanna ECTS a aithint, go háirithe do na cúrsaí ollscoile;
- sásraí dearbhaithe cáilíochta comhpháirteacha a fhorbairt;
- aon ghníomhaíocht ardcháilíochta lena gcinnteofar leanúnachas chóras ardoideachais na hÚcráine, d’ainneoin na gcúinsí deacra.
Sa mheántéarma, d’fhéadfadh an t‑ardán feidhmiú mar bhonn chun Ollscoil Oscailte a bhunú san Úcráin, a thabharfadh tairiscint dhigiteach na n‑ollscoileanna atá ann cheana le chéile agus anuas air sin, bheifí in ann cláir nua a fhorbairt, agus cuimsítear leis sin cúrsaí nua ar líne agus ábhar staidéir ábhartha.
Foilseofar eolas agus ceanglais bhreise ina leith ar an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana (TCDT): https://ec.europa.eu/info/funding-tenders/opportunities/portal/screen/home
Gníomhaíochtaí
Ba cheart do thionscadail gníomhaíochtaí a mholadh a thabharfaidh breisluach soiléir don chóras ardoideachais ina iomláine agus a mbeidh tionchar díreach acu ar na tairbhithe ar a ndírítear. Ba cheart do na gníomhaíochtaí sin rannchuidiú le hathchóiriú beartas ardoideachais a fhreagraíonn do riachtanais na sochaí agus an mhargaidh saothair.
Tá liosta neamhchuimsitheach gníomhaíochtaí féideartha ar fáil thíos:
- Úinéireacht náisiúnta a chothú ach cleachtais dhearfacha agus dea‑chleachtais a thriail agus a phríomhshruthú san Ardoideachas ar an leibhéal náisiúnta agus/nó réigiúnach:
- chun infhostaitheacht céimithe a mhéadú;
- rochtain ar Ardoideachas a leathnú do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu;
- na naisc idir an t‑oideachas, an taighde agus an nuálaíocht a neartú.
- Cur le ceapadh beartas éifeachtúil agus éifeachtach i réimse an Ardoideachais ach geallsealbhóirí eile i réimse an Ardoideachais a bheith rannpháirteach:
- rannpháirtíocht údarás poiblí freagrach eile a spreagadh chun ábharthacht na hearnála Ardoideachais agus a tionchar ar an tsochaí i gcoitinne a mhéadú;
- rannpháirtíocht ghníomhach mac léinn a chumasú i rialachas agus in athchóiriú an chórais Ardoideachais;
- comhlachais atá gníomhach i réimsí ábhartha eile ar nós na gairmoiliúna agus na hóige a bheith rannpháirteach;
- feabhas a chur ar ghné idirnáisiúnta an ardoideachais trí chomhar idir institiúidí ardleibhéil i mBallstát an Aontais nó i dtíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gclár agus i dtíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár. Go sonrach, scéimeanna a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena n‑éascaítear soghluaisteacht mac léinn agus foirne acadúla, mar shampla córas réigiúnach aistrithe creidiúna a chruthú nó tacú le forbairt Creataí Náisiúnta Cáilíochtaí;
- creat dearbhaithe cáilíochta náisiúnta / réigiúnach a shainiú.
- Comhar acadúil réigiúnach a chothú agus cóineasú deonach na dtíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár a chur chun cinn i dtreo comhstraitéis réigiúnach i réimse an Ardoideachais:
- céimeanna a shainiú chun Réimse Ardoideachais réigiúnach a chruthú;
- aithint náisiúnta agus trasteorann a éascú;
- bacainní roimh an bhfoghlaim a bhaint, feabhas a chur ar an rochtain ar oideachas ardcháilíochta faoi thionchar na nuálaíochta, agus é a éascú do mhúinteoirí, d’fhoghlaimeoirí agus d’oibrithe bogadh idir tíortha.
- Tabhairt isteach sásraí maoiniúcháin a chothú atá dírithe ar na nithe seo a leanas:
- rannpháirtíocht daoine ar lú na deiseanna atá acu san ardoideachas a mhéadú;
- an deighilt dhigiteach ar an leibhéal institiúideach agus aonair a dhúnadh.
- Feabhas a chur ar tharraingteacht ghairm na múinteoireachta ach bearta a thabhairt isteach, cuir i gcás:
- tionscnaimh le haghaidh forbairt gairme a chur chun cinn;
- a rannpháirtíocht in idirnáisiúnú an Ardoideachais a chur chun cinn ach dreasachtaí a chruthú.
Spreagtar údaráis phoiblí fhreagracha a bhfuil inniúlachtaí acu sna hearnálacha a mbaineann an tionscadal leo (mar shampla, fostaíocht, an óige, airgeadas, gnóthaí sóisialta, gnóthaí baile, dlí agus ceart, sláinte, srl.) páirt a ghlacadh sna tionscadail, chomh maith le húdaráis ó Bhallstáit an Aontais nó ó thíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár.
Spreagtar go háirithe institiúidí ardoideachais ó thíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár gníomhú mar iarratasóirí faoin Snáithe seo.
An timpeallacht dhigiteach oideachais a neartú don Úcráin
Go sonrach don tionscnamh seo, tá coinne leis go mbunóidh líonra institiúidí de chuid na hÚcráine, le tacaíocht ó institiúidí san Eoraip a bhfuil taithí acu ar an gcianfhoghlaim, ardán ar líne a thabharfaidh cúrsaí digiteacha ar líne agus ábhar ábhartha eile a múineadh in ollscoileanna na hÚcráine roimh an gcogadh le chéile, agus a tugadh cothrom le dáta de réir chaighdeáin cháilíochta an tionscadail (an chéad chéim) agus/nó a forbraíodh go speisialta laistigh d’Ollscoil (Fhíorúil) Oscailte na hÚcráine nó lena haghaidh (an dara céim). Is é an cuspóir is ceart a bheith ann go mbeidh na cúrsaí a bheidh le tairiscint ar an ardán á gcur ar fáil ag Ollscoileanna na hÚcráine, dá bhrí sin déanfaidh na mic léinn staidéar agus bainfidh siad céim amach ar an mbealach céanna le mac léinn a bheadh ar an gcampas.
Le linn an tionscadail bheadh ar na hinstitiúidí rialacha agus sásraí idirinstitiúideacha a dhearadh chun na cúrsaí agus na hábhair Ollscoile a fhorbairt, chomh maith le seachadadh, teagasc agus foghlaim na gcúrsaí, a bheidh ar fáil do gach institiúid ardoideachais san Úcráin ar an ardán ar líne; próisis a fhorbairt chun torthaí foghlama agus creidmheasanna ECTS a aithint, go háirithe do na Cúrsaí Ollscoile; sásraí comhpháirteacha um dhearbhú cáilíochta a fhorbairt agus cuimsítear leis sin creat féinmheastóireachta chúrsaí agus ábhair na hOllscoile. Tacóidh an tionscadal le hábhar agus cúrsaí oideachais dhigitigh nua a chruthú.
Cuirfear gníomhaíochtaí oiliúna do lucht acadúil na hÚcráine sa chianteagasc san áireamh ar an ardán.
Tá coinne leis go dtacóidh an t‑ardán go príomha le hinstitiúidí ardoideachais ag an gcéad chéim a chaill a mbonneagar go do‑athraithe nó go páirteach agus an fhoireann acadúil agus a gcuid mac léinn athlonnaithe chuig réigiúin eile san Úcráin nó ar an gcoigríoch, chomh maith le hinstitiúidí ardoideachais eile de chuid na hÚcráine agus le mic léinn.
Cruthóidh an t‑ardán infheictheacht agus rochtain ar na táirgí oideachais dhigitigh, arna bhforbairt ag Institiúidí Ardoideachais na hÚcráine, don phobal i gcoitinne san Úcráin agus ar fud an domhain trí Chúrsaí Oscailte.
Critéir incháilitheachta
Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?
Tíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár don ghníomhaíocht seo:
Na tíortha uile nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár (féach an roinn ‘Tíortha Incháilithe’ i gCuid A den Treoir seo) i Réigiúin 1, 2, 3, 5, 6, 7, 8, 9, 10 agus 11 3 .
Eisceacht: níl eagraíochtaí ón mBealarúis (Réigiún 2) ná ó Chónaidhm na Rúise (Réigiún 4) incháilithe chun páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht sin.
Le haghaidh Shnáitheanna 1 & 2
Ní mór d’iarratasóirí (comhordaitheoir agus comhpháirtithe) a bheith mar eintitis dhlítheanacha:
- institiúidí ardoideachais nó eagraíochtaí institiúidí ardoideachais 4 ;
- bunaithe i mBallstát den Aontas, i dtír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár 5 nó i dtír incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár.
Le haghaidh Shnáithe 3
An timpeallacht dhigiteach oideachais a neartú don Úcráin:
Ní mór do chuibhreannas (comhordaitheoir agus comhpháirtithe) a chuireann tograí isteach na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
Cumhdach geografach:
- Críoch na hÚcráine mar a aithnítear leis an dlí idirnáisiúnta;
- aon Bhallstát amháin den Aontas nó aon tír amháin nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár ar a laghad;
Cumhdach institiúideach:
- 1 institiúid ardoideachais ó gach tír rannpháirteach ar a laghad;
- údarás náisiúnta inniúil (Aireacht mar shampla) atá freagrach as ardoideachas san Úcráin.
Tionscadail eile um Athchóiriú Struchtúrach:
Ní mór d’iarratasóirí (comhordaitheoir agus comhpháirtithe) a bheith mar eintitis dhlítheanacha:
- institiúidí ardoideachais, eagraíochtaí institiúidí ardoideachais nó eagraíochtaí reachtairí, múinteoirí nó mac léinn a aithnítear go náisiúnta nó go hidirnáisiúnta;
- bunaithe i mBallstát den Aontas, i dtír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár nó i dtír incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár.
- níl eagraíochtaí ón tSiria incháilithe chun páirt a ghlacadh sa Snáithe seo.
Ní mór Cairt Ardoideachais Erasmus (ECHE) bhailí a bheith ag institiúidí ardoideachais atá lonnaithe i mBallstát den Aontas nó i dtír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár.
Ní mór do na hinstitiúidí ardoideachais, atá bunaithe i dtíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, agus a aithníonn na húdaráis inniúla mar sin iad, lena n‑eintitis chleamhnaithe (más ann dóibh), cláir staidéir iomlána a chur ar fáil a mbíonn céimeanna ardoideachais agus dioplómaí aitheanta mar thoradh orthu ar leibhéal cáilíochtaí an oideachais threasaigh 6 .
Féadfaidh comhlachais, eagraíochtaí poiblí nó príobháideacha, agus a n‑eintitis chleamhnaithe san áireamh (más ann dóibh), atá gníomhach i margadh an tsaothair nó i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na hóige atá lonnaithe i mBallstát den Aontas, i dtír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár nó i dtíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, páirt a ghlacadh freisin, ach ní mar chomhordaitheoir.
Comhdhéanamh cuibhreannais
Le haghaidh Shnáitheanna 1 & 2
Ní mór do chuibhreannas (comhordaitheoir agus comhpháirtithe) a chuireann tograí isteach na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
Cumhdach geografach:
- dhá Bhallstát den Aontas Eorpach nó dhá thír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár ar a laghad;
- aon tír incháilithe amháin ar a laghad nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár;
- dhá thír incháilithe ar a laghad nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár le haghaidh Réigiúin 1, 10 agus 11;
- aon tír amháin ar a laghad nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár ó Réigiún 10 agus tír amháin eile ó Réigiún 11 le haghaidh tionscadail lena mbaineann an dá Réigiún 7 .
Cumhdach institiúideach:
- ar a laghad 1 institiúid ardoideachais ó gach Ballstát den Aontas Eorpach atá rannpháirteach nó tír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár;
- ar a laghad 2 institiúid ardoideachais ó gach tír rannpháirteach nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár.
Bíonn feidhm ag clúdach institiúideach maidir le gach tír atá rannpháirteach sa chuibhreannas.
Ní mór do líon na n‑iarratasóirí ó thíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár a bheith cothrom le nó níos airde ná líon na n‑iarratasóirí ó Bhallstáit an Aontais agus ó thíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár.
Eisceacht:
I dtíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár ina bhfuil líon na n‑institiúidí ardoideachais níos ísle ná 5 sa tír ar fad, nó i gcásanna inarb ionann institiúid amháin agus níos mó ná 50 % de dhaonra foriomlán na mac léinn sa tír, glacfar le hiarratais nach mbaineann ach le hinstitiúid ardoideachais amháin ó na tíortha sin.
Le haghaidh Shnáithe 3:
Ní mór do chuibhreannas (comhordaitheoir agus comhpháirtithe) a chuireann tograí isteach na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
Cumhdach geografach:
- dhá Bhallstát den Aontas Eorpach nó dhá thír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár ar a laghad;
- ar a laghad 1 tír incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár.
Cumhdach institiúideach:
- ar a laghad 1 institiúid ardoideachais ó gach Ballstát den Aontas Eorpach atá rannpháirteach nó tír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár;
- ar a laghad 2 institiúid ardoideachais ó gach tír rannpháirteach nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár;
- údarás náisiúnta inniúil (mar shampla, Aireacht) atá freagrach as ardoideachas i ngach ceann de na tíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár.
Bíonn feidhm ag clúdach institiúideach maidir le gach tír atá rannpháirteach sa chuibhreannas.
Ní mór do líon na n‑iarratasóirí ó thíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár a bheith cothrom le nó níos airde ná líon na n‑iarratasóirí ó Bhallstáit an Aontais agus ó thíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár.
Eisceacht:
I dtíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár ina bhfuil líon na n‑institiúidí ardoideachais níos ísle ná 5 sa tír ar fad, nó i gcásanna inarb ionann institiúid amháin agus níos mó ná 50 % de dhaonra foriomlán na mac léinn sa tír, glacfar le hiarratais nach mbaineann ach le hinstitiúid ardoideachais amháin ó na tíortha sin freisin.
Ionad na ngníomhaíochtaí
Ba cheart na gníomhaíochtaí a dhéanamh sna tíortha atá rannpháirteach sna tionscadail.
Fad an tionscadail
Le haghaidh Shnáitheanna 1 & 2
Ba cheart tréimhse 24 mhí nó 36 mhí a bheith i gceist leis na tionscadail de ghnáth (is féidir síneadh a chur leis an tréimhse sin, le leasú, má tá údar cuí leis).
Le haghaidh Shnáithe 3
Ba cheart tréimhse 36 mhí nó 48 mí a bheith i gceist leis na tionscadail de ghnáth (is féidir síneadh a chur leis an tréimhse sin, le leasú, má tá údar cuí leis).
Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?
Faoi bhráid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA).
Snáithe 1
Uimhir aitheantais an Ghlao: ERASMUS-EDU-2023-CBHE
Aitheantas an ábhair: ERASMUS-EDU-2023-CBHE-STRAND-1
Snáithe 2
Uimhir aitheantais an Ghlao: ERASMUS-EDU-2023-CBHE
Aitheantas an ábhair: ERASMUS-EDU-2023-CBHE-STRAND-2
Snáithe 3
Uimhir aitheantais an Ghlao: ERASMUS-EDU-2023-CBHE
Aitheantas an ábhair: ERASMUS-EDU-2023-CBHE-STRAND-3
Cathain is féidir iarratas a dhéanamh?
Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoin 16 Feabhra ar 17:00:00 (am na Bruiséile).
Critéir dhámhachtana
Déanfar measúnú ar an tionscadal le próiseas dhá chéim de réir na gcritéar seo a leanas:
Céim 1
Ábharthacht an tionscadail - (scór uasta 30 pointe)
- Cuspóir: tá an togra ábhartha maidir le cuspóirí agus gníomhaíochtaí na gníomhaíochta FAA agus maidir le sonraíochtaí an tSnáithe. Is freagairt shásúil é ar riachtanais agus ar shrianta reatha na tíre/na dtíortha nó an Réigiúin/na Réigiún ar a ndírítear agus na ngrúpaí agus na dtairbhithe deiridh ar a ndírítear. Cuirtear riachtanais na rannpháirtithe ar a ndírítear ar lú na deiseanna atá acu (i gcás inarb infheidhme) san áireamh. Tugtar aghaidh leis an togra ar thosaíochtaí uileghabhálacha an Aontais.
- Cuspóirí: tá na cuspóirí bunaithe ar anailís iontaofa ar riachtanais; sainítear go soiléir iad agus tá siad sonrach, intomhaiste, indéanta, réalaíoch agus faoi cheangal ama. Tugtar aghaidh leo ar shaincheisteanna a bhaineann leis na heagraíochtaí rannpháirteacha (i gcomhréir le straitéis nuachóirithe, forbartha agus idirnáisiúnaithe na n‑institiúidí ardoideachais ar a ndírítear), agus le straitéisí forbartha don ardoideachas sna tíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár.
- Nasc chuig beartas agus tionscnaimh ón Aontas: leis an togra cuirtear comhlántacht/sineirgí le hidirghabhálacha eile arna maoiniú ag an Aontas agus ag eintitis eile (deontóirí, poiblí agus príobháideacha) san áireamh agus déantar iad a fheabhsú, i gcás inarb iomchuí.
- Breisluach AE: Léirítear leis an togra nach bhféadfaí torthaí comhchosúla a bhaint amach gan comhar na n‑institiúidí ardoideachais ó na Ballstáit den Aontas Eorpach nó ó thíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár agus gan maoiniú ón Aontas.
Go háirithe le haghaidh Shnáithe 1
- Tugtar aghaidh leis an togra go soiléir ar na tosaíochtaí réigiúnacha réamhshainithe don Réigiún/do na Réigiúin ar a ndírítear.
Go háirithe le haghaidh Shnáithe 2
- Dírítear leis an togra ar ghnéithe nuálacha agus ar mhodhanna agus ar theicnící úrscothacha sa réimse idirghabhála sainaitheanta.
- Tugtar aghaidh leis an togra go soiléir ar na tosaíochtaí réigiúnacha réamhshainithe don Réigiún/do na Réigiúin ar a ndírítear.
Go háirithe le haghaidh Shnáithe 3
- Tugtar aghaidh leis an togra ar athchóiriú agus ar nuachóiriú an chórais/na gcóras ardoideachais i gcomhréir le straitéisí forbartha na dtíortha ar a ndírítear nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár.
Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail - (scór uasta 30 pointe)
- Comhleanúnachas: le dearadh foriomlán an tionscadail cinntítear comhsheasmhacht idir cuspóirí an tionscadail agus an buiséad atá beartaithe. Cuirtear i láthair sa togra tacar comhleanúnach cuimsitheach gníomhaíochtaí iomchuí chun freastal ar na riachtanais shainaitheanta agus chun na torthaí a bhfuil súil leo a bhaint amach.
- Modheolaíocht: tá loighic na hidirghabhála ar ardchaighdeán, tá na haschuir agus na torthaí atá beartaithe comhleanúnach agus indéanta, agus tá príomhthoimhdí agus rioscaí aitheanta go soiléir ann. Tá struchtúr agus ábhar na Creatmhaitríse Loighciúla (CML) sásúil, is é sin rogha táscairí atá infhíoraithe go hoibiachtúil, infhaighteacht sonraí, sonraí bonnlíne, spriocluachanna, srl.
- Plean oibre: cáilíocht and éifeachtacht an phlean oibre, cuir i gcás a mhéid atá na hacmhainní atá sannta do phacáistí oibre i gcomhréir lena gcuspóirí agus leis na dtáirgí insoláthartha; tá an gaol idir na hacmhainní agus na torthaí a bhfuil coinne leo sásúil agus tá an plean oibre réalaíoch, le gníomhaíochtaí dea‑shainithe, amlínte, táirgí insoláthartha soiléire agus garspriocanna.
- Buiséad: tá an togra costéifeachtach agus leithdháileann sé na hacmhainní airgeadais iomchuí is gá chun an tionscadal a chur chun feidhme go rathúil.
- Rialú cáilíochta: le bearta rialaithe (meastóireacht leanúnach ar cháilíocht, piarmheasúnuithe, gníomhaíochtaí tagarmharcála, gníomhaíochtaí maolaitheacha, srl.) agus táscairí cáilíochta, cinntítear go gcuirtear an tionscadal chun feidhme ar bhealach ardcháilíochta.
- Inbhuaine comhshaoil: deartar an tionscadal ar bhealach éiceabhách agus cuimsítear cleachtais ghlasa (mar shampla, taisteal glas) i gcéimeanna éagsúla de chuid an tionscadail.
Cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair - (scór uasta 20 pointe)
- Bainistíocht: déantar foráil maidir le socruithe bainistíochta láidre. Sainítear amlínte, struchtúir rialachais, socruithe comhair agus freagrachtaí go soiléir agus tá siad réalaíoch.
- Comhdhéanamh: bailíonn an chomhpháirtíocht meascán iomchuí eagraíochtaí a bhfuil na hinniúlachtaí is gá acu atá ábhartha do chuspóirí an togra agus do shonraíochtaí an tSnáithe; cuimsítear leis an togra an raon is iomchuí agus is éagsúla comhpháirtithe neamh‑acadúla.
- Cúraimí: sanntar róil agus cúraim ar bhonn fhios gnó, phróifílí agus thaithí shonrach gach rannpháirtí agus tá siad iomchuí.
- Comhar: beartaítear sásraí éifeachtacha chun comhar, cumarsáid agus réiteach coinbhleachta éifeachtúil a chinntiú idir na heagraíochtaí comhpháirtíochta agus aon gheallsealbhóir eile.
- Gealltanas: tá an rannchuidiú ó na comhpháirtithe tionscadail suntasach, ábhartha agus comhlántach; léirítear leis an togra rannpháirtíocht, gealltanas agus úinéireacht na gcomhpháirtithe ar chuspóirí agus ar thorthaí sonracha an tionscadail, go háirithe ó na tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár.
Go háirithe le haghaidh Shnáithe 2
- Tá baint ag eagraíochtaí neamh‑acadúla agus geallsealbhóirí ábhartha sa togra a thabharfaidh breisluach nuálach do chuspóirí an togra.
Go háirithe le haghaidh Shnáithe 3
- Léirítear leis an togra go bhfuil baint láidir ag na húdaráis inniúla náisiúnta don ardoideachas le stiúradh agus le cur chun feidhme na gníomhaíochta.
Inbhuanaitheacht, tionchar agus scaipeadh na dtorthaí a bhfuil coinne leo - (scór uasta 20 pointe)
- Saothrú: léirítear leis an togra conas a úsáidfidh na comhpháirtithe agus geallsealbhóirí eile torthaí an tionscadail, conas a chinnteofar éifeachtaí iolraitheora (agus cuimsítear leis sin raon feidhme chun toradh na gníomhaíochta a athchruthú agus a leathnú ar an leibhéal earnálach, agus ar an leibhéal áitiúil/réigiúnach/náisiúnta nó idirnáisiúnta freisin) agus cuirtear modhanna ar fáil leis chun saothrú a thomhas laistigh d’am maoinithe an tionscadail agus ina dhiaidh sin.
- Scaipeadh: soláthraítear plean soiléir agus éifeachtúil sa togra maidir le scaipeadh na dtorthaí, agus cuimsítear ann gníomhaíochtaí iomchuí agus a n‑uainiú, uirlisí agus bealaí lena chinntiú go ndéanfar na torthaí agus na tairbhí a scaipeadh go héifeachtach ar gach geallsealbhóir ábhartha agus an spriocphobal neamh‑rannpháirteach, ag dul i dteagmháil le geallsealbhóirí ábhartha agus iad a mhealladh chuig na torthaí laistigh d’am maoinithe an tionscadail agus ina dhiaidh sin.
- Tionchar: cinntítear leis an togra tionchar inláimhsithe ar a spriocghrúpaí agus ar gheallsealbhóirí ábhartha ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta nó réigiúnach. Cuimsítear ann bearta, chomh maith le spriocanna agus táscairí chun monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn agus chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar measta (sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma) ar leibhéal an duine aonair, ar an leibhéal institiúideach agus ar an leibhéal sistéamach.
- Inbhuanaitheacht: mínítear sa togra conas a dhéanfar torthaí an tionscadail a chothú ó thaobh airgeadais de (tar éis deireadh a chur le maoiniú an tionscadail) agus go hinstitiúideach (gníomhaíochtaí agus seirbhísí fós i bhfeidhm) agus conas a chinnteofar an úinéireacht áitiúil.
Go háirithe le haghaidh Shnáithe 1
- Cinntítear leis an togra freagra leanúnach agus inbhuanaithe ar na bacainní atá ann faoi láthair agus ar an méadú ar inrochtaineacht na mac léinn/na foirne ar lú na deiseanna atá acu ar na deiseanna agus ar na hacmhainní foghlama a chuireann na hinstitiúidí ardoideachais ar fáil.
- Is dócha go méadófar leis an togra acmhainní comhair idirnáisiúnta institiúidí i dtíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár.
Go háirithe le haghaidh Shnáithe 2
- Cinntítear leis an togra tionchar suntasach ar institiúidí na dtíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, go háirithe ar fhorbairt a n‑acmhainní nuálaíochta agus ar nuachóiriú a rialachais, agus iad á n‑oscailt féin don tsochaí i gcoitinne, do mhargadh an tsaothair agus don saol níos leithne.
- Léirítear leis an togra an cumas atá aige maidir le tionchar níos leithne a bheith aige ar an tsochaí agus/nó ar an earnáil eacnamaíoch.
Go háirithe le haghaidh Shnáithe 3
- Léirítear leis an togra conas a bheidh athchóirithe beartais nó nuachóiriú san ardoideachas ar an leibhéal sistéamach mar thoradh ar thorthaí an tionscadail.
Féadfaidh na hiarratais suas le 100 pointe a ghnóthú. Chun bheith curtha san áireamh le haghaidh maoinithe, ní mór do thograí ar a laghad 60 pointe san iomlán agus ar a laghad leath den uasmhéid pointí do gach critéar dámhachtana a ghnóthú.
I gcás tograí ex aequo, tabharfar tosaíocht do na tionscadail ag a bhfuil an scór is airde faoi na critéir ‘Ábharthacht an tionscadail’ agus ansin ‘Inbhuanaitheacht, tionchar agus scaipeadh na dtorthaí a bhfuil coinne leo’.
Ina theannta sin, cuirfidh an Coiste Meastóireachta na nithe seo a leanas san áireamh:
- éagsúlacht théamach tionscadal agus ionadaíocht gheografach dhóthanach laistigh de Réigiún i dtéarmaí an líon tionscadal in aghaidh na tíre;
- comhlíontacht na gceanglas is infheidhme maidir leis na Réigiúin seo a leanas:
- Le haghaidh thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir: i gcás Shnáitheanna 1 agus 2 tabharfar tosaíocht d’institiúidí ardoideachais ó réigiúin nach príomhréigiúin iad agus/nó ó réigiúin tuaithe agus/nó níos iargúlta;
- Don Áise, don Áise Láir, don Mheánoirthear agus do Réigiún an Aigéin Chiúin: le haghaidh Shnáitheanna 1 agus 2 tabharfar tosaíocht do na tíortha is lú forbairt;
- Don Afraic Fho‑Shahárach: le haghaidh gach Snáithe, tabharfar tosaíocht do na tíortha is lú forbairt; cuirfear béim speisialta chomh maith ar thíortha tosaíochta imirce agus ar thionscadail réigiúnacha lena mbaineann institiúidí ardoideachais ó roinnt tíortha. Ní bheidh fáil ag tír ar bith ar níos mó ná 8 % den mhaoiniú atá beartaithe don Réigiún.
Ina dhiaidh sin, déanfar moltaí a rangú in ord íslitheach de réir an Réigiúin agus de réir an tSnáithe.
Sa dara céim, i gcás tograí a mholann an Coiste Meastóireachta ar mhaoiniú (agus an liosta ionadaithe), rachfar i gcomhairle le Toscaireacht(aí) an Aontais sa tír/sna tíortha incháilithe ábhartha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár maidir leis na gnéithe seo a leanas:
- Aitheantas d’institiúidí ardoideachais ó údaráis náisiúnta inniúla
- Indéantacht an tionscadail i gcomhthéacs áitiúil na tíre nó na dtíortha nach bhfuil san Aontas
- Tá an tionscadal ag cur le riachtanais áitiúla sa réimse tosaíochta
- Forluí le tionscnaimh atá ann cheana sa réimse téamach a roghnaítear arna mhaoiniú ag an Toscaireacht de chuid an Aontais agus ag deontóirí náisiúnta nó idirnáisiúnta
Ní dhéanfar ach tionscadail ar éirigh leo i gcomhairliúchán na Toscaireachta/na dToscaireachtaí den Aontas a choinneáil ar bun le haghaidh maoiniú ón Aontas, laistigh de theorainneacha an bhuiséid atá ar fáil in aghaidh an Réigiúin, agus suas le dhá thogra mhaoinithe ar a mhéad in aghaidh gach eagraíochta is iarratasóir. Tá buiséad táscach beartaithe do gach ceann de na trí Shnáithe, is féidir buiséad a aistriú ó Shnáithe amháin go Snáithe eile áfach.
Faisnéis bhreise
Ní hionann glacadh le hiarratas agus gealltanas go ndámhfar maoiniú cothrom leis an méid a d’iarr an t‑iarratasóir. Féadfar an maoiniú a iarradh a laghdú ar bhonn na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis na Snáitheanna gníomhaíochta agus le torthaí na meastóireachta.
Mar riail ghinearálta, agus laistigh de theorainneacha na gcreataí dlíthiúla náisiúnta agus Eorpacha atá ann cheana, ba cheart na torthaí a chur ar fáil mar acmhainní oscailte oideachais (OER) agus, chomh maith leis sin, ar ardáin údarás ábhartha, gairmiúil, earnála nó inniúil. Tabharfar tuairisc sa togra ar an gcaoi a ndéanfar na sonraí, na hábhair, na doiciméid agus na gníomhaíochtaí closamhairc agus meán sóisialta a tháirgfear a chur ar fáil gan srian agus a chur chun cinn trí cheadúnais oscailte, agus ní bheidh teorainneacha díréireacha ann.
Tionscadal a bhunú
Ba cheart na pointí seo a leanas a chur san áireamh:
1. Gealltanas institiúidí comhpháirtíochta sa tionscadal
Ní mór do thionscadal éifeachtach FAA rannpháirtíocht láidir na n‑institiúidí comhpháirtíochta uile a chinntiú, go háirithe na cinn sna tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár. Mar gheall ar úinéireacht chomhpháirteach agus an togra á chur ar bun beidh siad freagrach as torthaí an tionscadail agus as inbhuanaitheacht an tionscadail. Féadfaidh tionscadail FAA ‘Comhpháirtithe comhlachaithe’ a chuimsiú a chuireann le cur chun feidhme tascanna/gníomhaíochtaí tionscadail sonracha nó a thacaíonn le scaipeadh agus le hinbhuanaitheacht an tionscadail. Le haghaidh saincheisteanna bainistíochta conarthacha, meastar nár cuid den chomhpháirtíocht iad ‘Comhpháirtithe comhlachaithe’ agus ní fhaigheann siad aon mhaoiniú.
2. Anailís ar riachtanais
Is é measúnú riachtanas an chéad chéim thábhachtach i bhforbairt togra FAA. Is é cuspóir an mheasúnaithe riachtanas na réimsí ar gá iad a neartú a shainaithint agus na cúiseanna atá leis na bearnaí sna réimsí sin a shainaithint freisin. Is é sin, ar a sheal, an bonn atá le hidirghabhálacha iomchuí a dhearadh chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí agus, ar an gcaoi sin, chun cur le hacmhainneacht na n‑institiúidí ardoideachais.
3. Cur chun feidhme agus monatóireacht
A luaithe a chuirfear an anailís ar riachtanais i gcrích, is féidir plean cur chun feidhme a chur ar bun chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí a sainaithníodh.
Ba cheart na príomhghnéithe seo a leanas a chur san áireamh:
- Nuachóiriú /curaclaim nua: Maidir le tionscadail a gcuimsítear ‘forbairt curaclaim’ leo tá coinne leis go gcuimseofar oiliúint don fhoireann teagaisc iontu agus go dtabharfar aghaidh iontu ar shaincheisteanna gaolmhara, cuir i gcás dearbhú cáilíochta agus infhostaitheacht céimithe trí naisc le margadh an tsaothair. Ba cheart cláir staidéir a chreidiúnú agus/nó a cheadúnú go hoifigiúil roimh dheireadh thréimhse mhaoinithe an tionscadail. Ní mór tús a chur le teagasc cúrsaí nua nó cúrsaí a tugadh cothrom le dáta le linn shaolré an tionscadail le líon sásúil mac léinn agus múinteoirí athoilte agus ní mór é a dhéanamh le linn aon trian ar a laghad de thréimhse an tionscadail. Féadfar díriú ar phearsanra riaracháin freisin ar nós foirne leabharlainne, foirne saotharlainne agus foirne TF agus oiliúint laistigh de thionscadail athchóirithe curaclaim á déanamh. Moltar go láidir do thionscadail socrúcháin do mhic léinn sa ghnó/fhiontar a leabú sna curaclaim nuachóirithe. Ní mór fad réasúnach a bheith ag na socrúcháin chun gur féidir le mic léinn na scileanna is gá a fháil
- Rannpháirtíocht mac léinn: Ba cheart do na tionscadail rannpháirtíocht mac léinn a chur san áireamh (mar shampla, agus cláir nua staidéir á bhforbairt) agus ní hamháin le linn chéim tástála/phíolótach an tionscadail.
- Soghluaisteacht foirne agus mac léinn: Ní mór an tsoghluaisteacht a dhíriú go príomha ar mhic léinn ó thíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár agus ar fhoirne ó na tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár agus tá sí dírithe ar: foirne (mar shampla, bainisteoirí, foirne taighde agus aistrithe teicneolaíochta, foirne teicniúla agus riaracháin) atá faoi chonradh oifigiúil sna hinstitiúidí is tairbhithe agus atá páirteach sa tionscadal; mic léinn [sa tsraith ghearr, sa chéad shraith (Baitsiléir nó a choibhéis), sa dara sraith (Máistreacht nó a coibhéis) agus sa tríú sraith nó sa tsraith dochtúireachta] atá cláraithe i gceann de na hinstitiúidí is tairbhithe. I gcás soghluaisteacht mac léinn laistigh de Bhallstáit an Aontais agus tíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár agus eatarthu, níl an tsoghluaisteacht sin incháilithe. Ní mór don tsoghluaisteacht a bheith ar fhad réasúnach chun foghlaim agus sealbhú na scileanna is gá a chinntiú i gcomhréir le cuspóirí an tionscadail agus de ghnáth níor cheart dó a bheith níos giorra ná 1 seachtain amháin. Moltar soghluaisteacht fhisiceach a chomhcheangal le soghluaisteacht fhíorúil. Is féidir í a úsáid chun soghluaisteacht fhisiceach a ullmhú, tacú léi agus í a leanúint. Is féidir í a eagrú freisin chun aghaidh a thabhairt ar dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu nó ar lú na deiseanna atá acu chun cuidiú leo na bacainní ar shoghluaisteacht fhisiceach fhadtéarmach a shárú.
- Ní mór dearbhú cáilíochta a bheith ina chomhpháirt tionscadail leabaithe lena chinntiú go n‑éiríonn le tionscadail FAA na torthaí a bhfuil coinne leo a sheachadadh agus tionchar a bhaint amach i ndiaidh na comhpháirtíochta féin. Ní mór bearta rialaithe cáilíochta, agus táscairí agus tagarmharcanna san áireamh, a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go mbeidh cur chun feidhme an tionscadail ar ardcháilíocht, go gcríochnófar in am é agus go mbeidh sé costéifeachtach.
- Comhaontú comhpháirtíochta: Ní mór rialacha mionsonraithe cur chun feidhme an tionscadail a chomhaontú idir na comhpháirtithe tionscadail agus a chur ar bhonn foirmiúil i ‘gcomhaontú comhpháirtíochta’ a bheidh le síniú ag na comhpháirtithe ag tús an tionscadail. Ní mór cóip den chomhaontú comhpháirtíochta a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin laistigh de 6 mhí ó shíniú an chomhaontaithe deontais.
- Trealamh: Ní fhéadfar ach ceannach trealaimh atá ábhartha go díreach do chuspóirí an tSnáithe agus a dhéantar tráth nach déanaí ná 12 mhí roimh dheireadh an tionscadail a mheas mar chaiteachas incháilithe. Tá trealamh beartaithe go heisiach d’institiúidí ardoideachais na dtíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár a chuimsítear sa chomhpháirtíocht, agus ní mór é a thaifeadadh i bhfardal oifigiúil na n‑institiúidí ardoideachais dá gceannaítear é.
- Tionchar agus inbhuanaitheacht: Tá coinne leis go mbeidh tionchar struchtúrach fadtéarmach ag tionscadail FAA sna tíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár. Beidh ar na tograí an tionchar lena bhfuil coinne ar na trí leibhéal a léiriú (duine aonair, institiúideach agus córas) i gcás inarb ábhartha agus ba cheart dóibh modheolaíocht a chur ar bun agus uirlisí a shainaithint chun í a thomhas.
- Cur chun feidhme éiceabhách: Ba cheart do na tionscadail cleachtais atá slán ó thaobh an chomhshaoil de a bhreithniú agus a gcuid gníomhaíochtaí á gcur chun feidhme, agus cuimsítear leis sin bainistíocht na dtionscadal. Tá coinne leis go ndéanfaidh tionscadail lorg carbóin aonair na rannpháirtithe a bhaineann le hiompar a thaifeadadh agus a ríomh go sistéamach.
- Rochtain oscailte: Ba cheart don togra a chinntiú go ndéanfar na hábhair, na doiciméid agus na meáin a tháirgfear a chur ar fáil gan srian agus a chur chun cinn trí cheadúnais oscailte agus gan teorainneacha díréireacha
Cad iad na rialacha cistiúcháin atá ann?
Leanann an ghníomhaíocht seo samhail cistiúcháin cnapshuime. Cinnfear méid na ranníocaíochta cnapshuime aonair le haghaidh gach deontais bunaithe ar bhuiséad measta na gníomhaíochta atá beartaithe ag an iarratasóir. Socróidh an t‑údarás deonúcháin cnapshuim gach deontais bunaithe ar an togra, ar an toradh meastóireachta, ar na rátaí cistiúcháin agus ar uasmhéid an deontais atá socraithe sa ghlao.
Is mar a leanas an deontas ón Aontas in aghaidh an tionscadail:
- Le haghaidh Shnáithe 1 - Rochtain ar chomhar san ardoideachas a chothú: Idir EUR 200 000 agus EUR 400 000 in aghaidh an tionscadail
- Le haghaidh Shnáithe 2 - Comhpháirtíochtaí le haghaidh claochlaithe san ardoideachas: Idir EUR 400 000 agus EUR 800 000 in aghaidh an tionscadail
- Le haghaidh Shnáithe 3 - An timpeallacht dhigiteach oideachais a neartú don Úcráin: suas le EUR 5 000 000. Tionscadail eile um Athchóiriú Struchtúrach: Idir EUR 600 000 agus EUR 1 000 000 in aghaidh an tionscadail.
Conas a chinntear cnapshuim an tionscadail?
Ní mór d’iarratasóirí tábla buiséid mionsonraithe a líonadh isteach de réir na foirme iarratais, agus na pointí seo a leanas á gcur san áireamh:
- Ba cheart an buiséad a bheith mionsonraithe mar is gá ag na tairbhithe agus eagraithe i bpacáistí oibre comhleanúnacha (mar shampla roinnte i ‘bainistíocht tionscadail’, ‘oiliúint’, ‘eagrú imeachtaí’, ‘ullmhú agus cur chun feidhme na soghluaisteachta’, ‘cumarsáid agus scaipeadh’, ‘dearbhú cáilíochta’, ‘trealamh’, srl.).
- Ní mór tuairisc a thabhairt sa togra ar na gníomhaíochtaí/an táirge insoláthartha a chumhdaítear le gach pacáiste oibre.
- Ní mór d’iarratasóirí miondealú ar na costais mheasta a sholáthar ina dtogra lena léirítear an scair in aghaidh an phacáiste oibre (agus, laistigh de gach pacáiste oibre, an scair atá sannta do gach tairbhí agus eintiteas cleamhnaithe).
- Sna costais ar a dtugtar tuairisc is féidir costais ball foirne, costais taistil agus chothaithe, costais trealaimh agus fochonraitheoireachta mar aon le costais eile (amhail scaipeadh faisnéise, foilsiú, aistriú) a chumhdach.
- Ba cheart 35 % ar a mhéid den deontas arna dhámhachtain ag an Aontas a bheith i gceist leis na costais trealaimh agus cumhdóidh an deontas ón Aontas 100 % de na costais incháilithe.
- Ba cheart 10 % ar a mhéid den deontas arna dhámhachtain ag an Aontas a bheith i gceist leis an bhfochonraitheoireacht.
Déanfar meastóireacht ar thograí de réir na nósanna imeachta meastóireachta caighdeánacha le cuidiú ó shaineolaithe inmheánacha agus/nó seachtracha. Déanfaidh na saineolaithe measúnú ar cháilíocht na dtograí de réir na gceanglas a shainítear sa ghlao agus thionchar, cháilíocht agus éifeachtúlacht mheasta na gníomhaíochta. Beidh an chnapshuim teoranta do 90 % ar a mhéad den bhuiséad measta a chinntear tar éis na meastóireachta agus socrófar paraiméadair an deontais (uasmhéid an deontais, an ráta maoinithe, iomlán na gcostas incháilithe, srl.) sa Chomhaontú Deontais.
Déanfar meastóireacht ar éachtaí an tionscadail de réir na dtorthaí a chuirtear i gcrích. Leis an scéim cistiúcháin, d’fhéadfaí díriú ar na haschuir seachas ar na hionchuir, rud a chuirfeadh béim ar cháilíocht agus leibhéal gnóthachtála cuspóirí intomhaiste.
Tugtar tuairisc ar níos mó mionsonraí i samhail an chomhaontaithe deontais atá le fáil ar an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana (TDCT): https://ec.europa.eu/info/fundingtenders/opportunities/portal/screen/home
- 1 Ní mór tionscadail thras‑réigiúnacha a bheith i réimsí tosaíochta na Réigiún uile atá i gceist, a n‑ábharthacht do gach Réigiún a léiriú agus é sin a chosaint le hanailís mhionsonraithe ar riachtanais agus ar chuspóirí coiteanna. ↩ back
- 2 Féach an sainmhíniú ar eagraíocht is nuatheachtaí i gCuid D - Gluais. ↩ back
- 3 Cé is moite de thíortha ardioncaim i Réigiúin 5, 7 agus 8 (féach an roinn ‘Tíortha Incháilithe’ i gCuid A den Treoir seo). ↩ back
- 4 Ní mheasfar gur institiúidí ardoideachais atá in eagraíocht institiúidí ardoideachais.. Na comhaltaí sin atá bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár nó i dtír incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, ní féidir ach leis na comhaltaí sin tairbhiú den deontas. ↩ back
- 5 Tíortha atá i mbun caibidlíochta faoi láthair le haghaidh comhaontú comhlachais agus i gcás ina mbeidh feidhm ag an gcomhaontú sula síneofaí an deontas, tá na tíortha sin incháilithe. ↩ back
- 6 Aicmiú Idirnáisiúnta Caighdeánach ar an Oideachas (ISCED 2013), oideachas treasach, leibhéal 5 ar a laghad. Ní ghlactar le hoideachas iar‑mheánscoile neamhthreasach ISCED 2011 leibhéal 4. ↩ back
- 7 Is féidir tionscadail idir‑réigiúnacha a chur i láthair le 1 tír nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár ó Réigiún 10 agus ceann eile ó Réigiún 11 ↩ back