Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Príomhghníomhaíocht 2: Comhar i measc eagraíochtaí agus institiúidí

Leis an bPríomhghníomhaíocht seo tacaítear leis an méid seo a leanas:

  • Comhpháirtíochtaí maidir leis an gComhar, lena n‑áirítear Comhpháirtíochtaí Comhair agus Comhpháirtíochtaí ar scála beag;
  • Comhpháirtíochtaí Barr Feabhais, Ionaid Barr Feabhais Gairme agus Gníomhaíocht Erasmus Mundus san áireamh;
  • Comhpháirtíochtaí um Nuálaíocht, lena n‑áirítear Comhaontais agus tionscadail réamhbhreathnaitheacha;
  • Tionscadail fothaithe acmhainneachta i réimse an ardoideachais, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, na hóige agus an spóirt;
  • Imeachtaí spóirt Eorpacha seachbhrabúsacha.

Leis na Gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin bPríomhghníomhaíocht seo meastar go rannchuideofar go suntasach do thosaíochtaí an chláir, go mbeidh éifeachtaí dearfacha agus fadmharthanacha acu ar na heagraíochtaí rannpháirteacha, ar na córais beartais ina bhfuil na Gníomhaíochtaí sin curtha le chéile agus ar na heagraíochtaí agus ar na daoine atá páirteach go díreach nó go hindíreach sna gníomhaíochtaí eagraithe.

De bharr na Príomhghníomhaíochta seo, meastar go ndéanfar cleachtais nuálacha a fhorbairt, a aistriú agus/nó a chur chun feidhme ar an leibhéal eagraíochtúil, áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó Eorpach.

Ag brath ar na réimsí ar a dtugtar aghaidh agus ar an gcineál iarratasóra, déanann na Gníomhaireachtaí Náisiúnta nó an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir (EACEA) na gníomhaíochtaí sin a bhainistiú. Sna Ranna thíos, sonraítear gach mionsonra fúthu siúd atá in ann iarratas a dhéanamh agus faoin áit ar féidir iarratas a dhéanamh.

Maidir leis na heagraíochtaí rannpháirteacha, tá sé beartaithe go mbeidh na torthaí seo a leanas ar thionscadail dá dtugtar tacaíocht faoin bPríomhghníomhaíocht seo:

  • cineálacha cur chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar a spriocghrúpaí, tríd an méid seo a leanas a sholáthar mar shampla: cláir oideachais agus oiliúna níos tarraingtí, i gcomhréir le riachtanais agus ionchais aonair; úsáid cineálacha cur chuige rannpháirteacha agus modheolaíochtaí digiteacha; próisis nua nó fheabhsaithe chun inniúlachtaí a aithint agus a bhailíochtú; gníomhaíochtaí níos éifeachtaí chun tairbhe do phobail áitiúla; cleachtais nua nó fheabhsaithe chun freastal ar riachtanais spriocghrúpaí ar lú na deiseanna atá acu agus chun déileáil le difríochtaí i dtorthaí foghlama atá nasctha leis na héagothromaíochtaí geografacha agus socheacnamaíocha; cineálacha cur chuige nua chun aghaidh a thabhairt ar an éagsúlacht shóisialta, eitneach, teanga agus chultúrtha; cineálacha cur chuige nua chun tacú ar bhealach níos fearr leis an iomaíochas agus leis an bhfostaíocht go háirithe ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil; aithint barr feabhais i bhfoghlaim nó teagasc teangacha tríd an Séala Eorpach Teanga;
  • timpeallacht atá níos nua‑aimseartha, dinimiciúla, tiomanta agus gairmiúla laistigh den eagraíocht: réidh chun dea‑chleachtais agus modhanna nua a lánpháirtiú, lena n‑áirítear cumais dhigiteacha, sna gníomhaíochtaí laethúla; i bhfabhar sineirgí le heagraíochtaí atá gníomhach i réimsí éagsúla nó in earnálacha socheacnamaíocha eile; pleanáil straitéiseach fhorbairt ghairmiúil na mball foirne i gcomhréir le riachtanais aonair agus cuspóirí eagraíochtúla;
  • inniúlacht mhéadaithe agus gairmiúlacht chun oibriú ar leibhéal an Aontais/ar an leibhéal idirnáisiúnta: inniúlachtaí bainistíochta agus straitéisí idirnáisiúnaithe feabhsaithe; comhar treisithe le comhpháirtithe ó thíortha eile, réimsí eile oideachais, oiliúna agus óige agus/nó earnálacha socheacnamaíocha eile; breis acmhainní airgeadais a leithdháileadh (seachas cistí ón Aontas) chun tionscadail ón Aontas/tionscadail idirnáisiúnta a eagrú i réimse an oideachais, na hoiliúna agus na hóige; breis cáilíochta le linn tionscadail ón Aontas/idirnáisiúnta a ullmhú agus a chur chun feidhme agus le linn monatóireacht agus obair leantach a dhéanamh orthu;
  • eolas agus feasacht fheabhsaithe maidir leis an spórt agus gníomhaíocht fhisiceach;
  • feasacht níos mó maidir le ról an spóirt i gcur chun cinn an chuimsithe shóisialta, comhionannas deiseanna, agus stíl mhaireachtála shláintiúil;

Ina theannta sin, is dócha go mbeidh tionchar dearfach ag na tionscadail a chistítear faoin bPríomhghníomhaíocht seo ar na daoine atá páirteach go díreach nó go hindíreach sna gníomhaíochtaí, amhail:

  • ciall tionscnaíochta agus fiontraíochta mhéadaithe;
  • inniúlacht mhéadaithe i dteangacha iasachta;
  • leibhéal inniúlachta digití méadaithe;
  • tuiscint agus freagrúlacht níos fearr ar gach cineál éagsúlachta, mar shampla éagsúlacht shóisialta, eitneach, teanga, inscne agus chultúrtha chomh maith le cumais éagsúla;
  • leibhéil fheabhsaithe scileanna le haghaidh infhostaitheachta agus cruthú gnólachtaí nua (lena n‑áirítear an fhiontraíocht shóisialta);
  • rannpháirtíocht níos gníomhaí sa tsochaí;
  • dearcadh níos dearfaí i leith an tionscadail Eorpaigh agus luachanna an Aontais;
  • scileanna agus cáilíochtaí san Eoraip agus lastall di a thuiscint agus a aithint ar bhealach níos fearr;
  • inniúlachtaí feabhsaithe, nasctha le próifílí gairmiúla (an teagasc, an oiliúint, obair óige, cóitseáil spóirt srl.);
  • tuiscint níos fearr ar chleachtais, ar bheartais agus ar chórais san oideachas, san oiliúint, san óige nó sa spórt ar fud tíortha;
  • tuiscint níos fearr ar idirnaisc idir an t‑oideachas foirmiúil agus seachfhoirmiúil, an ghairmoiliúint, cineálacha eile foghlama, agus margadh an tsaothair faoi seach;
  • deiseanna níos mó chun forbairt ghairmiúil a dhéanamh;
  • go mbeidh siad níos spreagtha agus sásta ina n‑obair laethúil;
  • go rachfar i mbun níos mó spóirt agus gníomhaíocht fhisiceach.

Ar leibhéal sistéamach, tá coinne leis go spreagfaidh siad an nuachóiriú agus go neartóidh siad freagairt córas oideachais agus oiliúna agus beartas óige do na dúshláin is mó sa lá atá inniu ann: inbhuaine comhshaoil, claochlú digiteach, fostaíocht, cobhsaíocht agus fás eacnamaíoch, ach ina theannta sin an gá atá ann inniúlachtaí sóisialta, sibhialta agus idirchultúrtha, idirphlé idirchultúrtha, luachanna daonlathacha agus cearta bunúsacha, cuimsiú sóisialta, sláinte agus folláine intinne, neamh‑idirdhealú agus saoránacht ghníomhach, smaointeoireacht chriticiúil agus litearthacht sna meáin a chur chun cinn.

Dá bhrí sin, is é seo a leanas tionchar beartaithe na Príomhghníomhaíochta seo:

  • cáilíocht níos fearr oideachais agus oiliúna, oibre óige agus cleachtas spóirt san Eoraip agus lastall di: leibhéil níos airde barr feabhais agus tarraingteachta a chur le chéile le deiseanna níos mó do chách;
  • córais oideachais, oiliúna agus óige atá ailínithe níos fearr le riachtanais mhargadh an tsaothair agus leis na deiseanna atá ann, agus naisc níos dlúithe le gnólachtaí agus leis an bpobal;
  • soláthar níos fearr maidir le bunscileanna agus scileanna trasnaí, agus measúnú níos fearr orthu, go háirithe: fiontraíocht, inniúlachtaí sóisialta, sibhialta, idirchultúrtha agus teanga, smaointeoireacht chriticiúil, scileanna digiteacha, agus litearthacht sna meáin;
  • sineirgí agus naisc níos mó agus aistriú níos fearr idir earnálacha éagsúla an oideachais, na hoiliúna agus na hóige ar an leibhéal náisiúnta, agus úsáid fheabhsaithe uirlisí tagartha Eorpacha maidir le haithint, bailíochtú agus trédhearcacht inniúlachtaí agus cáilíochtaí;
  • úsáid níos mó torthaí foghlama nuair a bhíonn tuairisc á tabhairt agus sainmhíniú á thabhairt ar cháilíochtaí, codanna de cháilíochtaí agus curaclaim, chun tacú leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim agus sa mheasúnú;
  • feasacht agus oscailteacht níos mó i leith na hilchineálachta sóisialta agus cuimsitheacht agus inrochtaineacht níos mó córas oideachais agus féidearthachtaí;
  • comhar nua méadaithe idir‑réigiúnach agus trasnáisiúnta na n‑údarás poiblí i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na hóige;
  • úsáid níos straitéisí agus níos comhtháite teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide agus acmhainní oscailte oideachais (OER) i gcórais oideachais, oiliúna agus óige;
  • spreagadh níos mó don fhoghlaim teangacha trí mhodhanna nuálacha teagaisc nó naisc níos fearr le húsáid phraiticiúil scileanna teanga is gá i margadh an tsaothair;
  • idirghníomhú treisithe idir cleachtas, taighde agus beartas;
  • leibhéal méadaithe rannpháirtíochta i spórt agus i ngníomhaíocht fhisiceach mar uirlis sláinte agus folláine;
  • eolas níos mó ar conas dul i ngleic le bagairtí trasteorann ar ionracas an spóirt, amhail dópáil, cúbláil cluichí agus foréigean, chomh maith le gach cineál éadulaingthe agus neamh‑idirdhealaithe, tacaíocht níos fearr le haghaidh dea‑rialachas i spórt agus déghairmeacha na lúthchleasaithe;
  • aitheantas níos mó ar ghníomhaíochtaí deonacha sa spórt;
  • soghluaisteacht mhéadaithe oibreoirí deonacha, cóitseálaithe, bainisteoirí agus ball foirne ó eagraíochtaí spóirt neamhbhrabúsacha;
  • cuimsiú sóisialta agus comhionannas deiseanna níos mó i spórt.