Tionscadail réamhbhreathnaitheacha
Cuspóir na gníomhaíochta
Tar éis na paindéime a bhí ann le déanaí, tá gá níos mó ná riamh leis an nuálaíocht inár gcórais oideachais agus oiliúna, chomh maith le réimse na hóige. Tá nuálaíocht sa teagasc agus san fhoghlaim ríthábhachtach, ar leibhéal an duine aonair agus ar leibhéal institiúide freisin. Ní hamháin gur cheart do na cuir chuige nuálacha seo na scileanna iomchuí a thabhairt d’oibrithe an lae inniu agus amárach le haghaidh margaí saothair a dtagann athrú orthu go tapa, ach ba cheart dóibh freisin an chruthaitheacht agus na scileanna a thabhairt do lucht saothair an lae inniu agus amárach chun dul i ngleic leis na dúshláin shochaíocha atá ag éirí níos casta agus atá le sárú againn ar fad amhail an t‑athrú aeráide, cosaint na bithéagsúlachta, fuinneamh glan, sláinte phoiblí, digitiú agus uathoibriú, intleacht shaorga, róbataic agus anailís ar shonraí.
Is é is aidhm don ghníomhaíocht seo an nuálaíocht, an chruthaitheacht agus an rannpháirtíocht a chothú, chomh maith leis an bhfiontraíocht shóisialta i réimsí éagsúla den oideachas agus den oiliúint, laistigh d’earnálacha nó ar fud earnálacha agus disciplíní.
Tionscadail ar scála mór is ea iad Tionscadail Réamhbhreathnaitheacha a bhfuil sé d’aidhm acu cuir chuige nuálacha (bheartais) a shainaithint, a fhorbairt, a thástáil, agus measúnú a dhéanamh orthu, cinn a bhféadfaí iad a phríomhshruthú, rud a chuirfeadh feabhas ar chórais oideachais agus oiliúna. Beidh siad ina dtaca le smaointe réamhbhreathnaitheacha a fhreagraíonn do phríomhthosaíochtaí Eorpacha agus a bhféadfaí iad a phríomhshruthú agus lena dtugtar ionchur chun córais oideachais, oiliúna agus óige a fheabhsú agus beidh éifeacht nuálach shubstaintiúil acu chomh maith leis sin ó thaobh modhanna agus cleachtas de maidir le gach cineál foghlama agus suíomhanna rannpháirtíochta gníomhaí le haghaidh chomhtháthú sóisialta na hEorpa.
Is é an cuspóir atá ann tacú le tionscadail chomhair thrasnáisiúnta lena gcuirtear chun feidhme tacar comhleanúnach cuimsitheach de ghníomhaíochtaí earnála nó trasearnála lena ndéantar ceachtar díobh seo a leanas:
- an nuálaíocht a chothú i dtéarmaí raon feidhme, modhanna ceannródaíocha agus cleachtais cheannródaíocha, agus/nó
- aistriú nuálaíochta (ar fud tíortha, earnálacha beartais nó spriocghrúpaí) a áirithiú, rud a áiritheoidh ar leibhéal na hEorpa saothrú inbhuanaithe torthaí tionscadal nuálacha agus/nó inaistritheacht chuig comhthéacsanna agus spriocphobail éagsúla.
Ba cheart do na comhpháirtíochtaí a bheith comhdhéanta de mheascán d’eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha lena gcuimsítear taighdeoirí, cleachtóirí agus comhpháirtithe a bhfuil d’acmhainn acu dul i bhfeidhm ar an lucht ceaptha beartas.
Ba cheart, dá bhrí sin, do chomhpháirtíocht mheasctha d’eagraíochtaí Tionscadail Réamhbhreathnaitheacha a chur chun feidhme:
- eagraíochtaí atá bunaithe ar bharr feabhais agus eolas úrscothach,
- eagraíochtaí a bhfuil sé de chumas orthu a bheith ag nuáil,
- eagraíochtaí atá in ann tionchar córasach a ghiniúint trína gcuid gníomhaíochtaí agus an cumas an clár oibre beartais a bhrú ar aghaidh i réimsí an oideachais agus na hoiliúna.
Beidh mar aidhm ag tionscadail a dtacófar leo tionchar sistéamach a bhaint amach ar leibhéal na hEorpa ach an inniúlacht a bheith acu feidhm a bhaint as a dtorthaí nuálacha ar scála Eorpach agus/nó a bheith ábalta iad a aistriú go comhthéacsanna éagsúla téamacha nó geografacha.
Beart 1: An t‑oideachas digiteach (trasearnálach)
Is féidir le tionscadail faoi Bheart 1 dul i ngleic le hearnálacha oideachais éagsúla nó is féidir leo earnálacha éagsúla oideachais a nascadh agus ní mór dóibh tacú le hoideachas digiteach cuimsitheach ardcháilíochta, i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach.
Ba cheart do thograí faoin mBeart seo dul i ngleic le ceann amháin de na trí thosaíocht seo a leanas:
- Tosaíocht 1: Teicneolaíocht an oideachais (EdTech): méadú ar réitigh atá bunaithe ar an Aontas trí chomhar agus trí dhearbhú cáilíochta;
- Tosaíocht 2: Cuir chuige éifeachtacha oideolaíocha maidir le faisnéisíocht ag leibhéal na bunscoile agus na meánscoile;
- Tosaíocht 3: Oiliúint múinteoirí agus forbairt curaclaim maidir le dul i ngleic le bréagaisnéis agus litearthacht dhigiteach a chur chun cinn.
Tugtar tuilleadh mionsonraí ar na tosaíochtaí sin faoin roinn ‘Tionscadal a bhunú’ thíos.
Beart 2: Gairmoideachas agus Gairmoiliúint (VET)
Tugann tionscadail faoi Bheart 2 aghaidh ar an earnáil ghairmoideachais agus ghairmoiliúna. Tacaíonn na tionscadail sin le cur chun feidhme phrionsabail agus chuspóirí Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta1 , an Chláir Oibre Eorpaigh do Scileanna2 , an Mholta ón gComhairle maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint le haghaidh iomaíochas inbhuanaithe, cothroime shóisialta agus athléimneacht3 agus Dearbhú Osnabrück maidir le gairmoideachais agus gairmoiliúna4 mar chumasóir téarnaimh agus aistrithe córa chuig geilleagar digiteach agus geilleagar glas5 .
Ní mór do thograí a chuirtear isteach faoi Bheart 2 aghaidh a thabhairt ar cheann amháin den dá thosaíocht seo a leanas a shonraítear faoi ‘Tionscadal a bhunú’:
- Tosaíocht 4: Micridhintiúir le haghaidh infhostaitheachta;
- Tosaíocht 5: Feabhas a chur ar mhealltacht an Ghairmoideachais agus na Gairmoiliúna (VET) trí chomhpháirtíochtaí agus líonraí soláthraithe VET.
Beart 3: An fhoghlaim aosach
Tugann tionscadail faoi Bheart 3 aghaidh ar réimse beartais na foghlama aosaí. Tacaíonn na tionscadail sin le cur chun feidhme phrionsabail agus chuspóirí Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta6 , an Chláir Oibre Eorpaigh do Scileanna7 , agus an Mholta ón gComhairle maidir le Conairí Uas‑scilithe8 : Deiseanna Nua do Dhaoine Fásta.
Ní mór do thograí a chuirtear isteach faoi Bheart 3 aghaidh a thabhairt ar cheann amháin den dá thosaíocht seo a leanas a shonraítear faoi ‘Tionscadal a bhunú’:
- Tosaíocht 6: Cláir náisiúnta maidir le deiseanna oiliúna le dearbhú cáilíochta agus a bhaineann le margadh an tsaothair a fhorbairt;
- Tosaíocht 7: Tacú leis an gComhshocrú um Scileanna
Cuspóirí na gníomhaíochta
Is iad seo a leanas na cuspóirí ginearálta:
- Tionscnaimh nuálacha lena mbaineann tionchar láidir ar athchóirithe oideachais agus oiliúna, i réimsí beartais straitéiseacha sonracha;
- Rannchuidiú le neartú inniúlacht nuálaíochta na hEorpa trí chur leis an nuálaíocht san oideachas agus san oiliúint;
- Athrú córasach a chruthú tríd an nuálaíocht a chothú ar leibhéal cleachtais agus ar leibhéal beartais araon;
- Tacú le smaointe réamhbhreathnaitheacha ina ndírítear ar eochairthopaicí agus ar eochairthosaíochtaí ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, a bhfuil acmhainneacht shoiléir acu go bhféadfaí iad a phríomhshruthú in aon earnáil amháin nó níos mó;
- Mar mhodhanna ceannródaíocha agus mar chleachtais cheannródaíocha oideachais agus/nó aistriú nuálaíochta: saothrú inbhuanaithe torthaí tionscadal nuálacha agus/nó inaistritheacht chuig comhthéacsanna agus spriocphobail éagsúla a áirithiú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.
Ar na cuspóirí sonracha sin, tá:
- Cuir chuige nuálacha a shainaithint, a fhorbairt, a thástáil agus/nó a mheasúnú a bhféadfaí iad a phríomhshruthú chun feabhas a chur ar chórais oideachais agus oiliúna agus chun feabhas a chur ar éifeachtacht beartas agus cleachtas i réimse an oideachais agus na hoiliúna;
- Gníomhaíochtaí píolótacha a sheoladh chun réitigh ar dhúshláin atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a thástáil d’fhonn tionchar inbhuanaithe sistéamach a spreagadh;
- Tacú le comhar trasnáisiúnta agus foghlaim fhrithpháirteach maidir le saincheisteanna réamhbhreathnaitheacha i measc na bpríomhgheallsealbhóirí agus iad a chumhachtú chun réitigh nuálacha a fhorbairt agus aistriú na réiteach sin a chur chun cinn i suíomhanna nua, fothú acmhainneachta geallsealbhóirí ábhartha san áireamh.
Ba cheart do ghníomhaíochtaí faoi Thionscadail Réamhbhreathnaitheacha rannchuidiú leis na nithe seo a leanas:
- Feabhas a chur ar cháilíocht, éifeachtúlacht, tarraingteacht agus cothromas na gcóras oideachais agus oiliúna;
- Feabhas a chur ar éifeachtacht na mbeartas i réimsí an oideachais agus na hoiliúna;
- Tacú le cur chun feidhme Chreataí agus thionscnaimh dlí an Aontais chomh maith le moltaí tírshonracha ón Seimeastar Eorpach;
- Fianaise agus tuiscint fheabhsaithe ar spriocghrúpa(í), cásanna foghlama agus teagaisc agus modheolaíochtaí agus uirlisí éifeachtacha lenar féidir an nuálaíocht a spreagadh agus a ghríosú ar leibhéal an chórais;
- Eolas a fhorbairt chun tacú le beartas bunaithe ar fhianaise;
- Athraithe iompraíochta a spreagadh ar leibhéal an Aontais.
D’fhéadfaí na príomhghníomhaíochtaí a leanas a bheith ann faoi na Tosaíochtaí sin (liosta neamhchuimsitheach):
- Taighde gníomhaíochta, obair mhapála, lena dtáirgtear aschuir earnála nó thrasearnála ar mhórscála;
- Gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta trasnáisiúnta amhail oiliúint, an anailís ar chomhthéacsanna beartais, taighde ar bheartas, coigeartuithe institiúideacha;
- Gníomhaíochtaí píolótacha chun réitigh nuálacha a thástáil;
- Imeachtaí trasnáisiúnta nó gníomhaíochtaí líonraithe ar mhórscála, cibé acu earnála nó trasearnála;
- Gníomhaíochtaí saothraithe chun torthaí a scaipeadh ar an bpobal nó ar an earnáil oideachais;
- Gníomhaíochtaí meithle machnaimh, taighde agus turgnaimh a dhéanamh le smaointe nuálacha.
Éilítear ar Tionscadail Réamhbhreathnaitheacha ionstraimí agus uirlisí ar fud an Aontais a chur i bhfeidhm aon uair is ábhartha.
Ba cheart a chuimsiú i dTionscadail Réamhbhreathnaitheacha dearadh plean gníomhaíochta fhadtéarmaigh (tar éis fhad an tionscadail arna mhaoiniú ag Erasmus+) le haghaidh ghlacadh agus phríomhshruthú forchéimnitheach na nuálaíochtaí arna bhforbairt le bheith in ann dul i bhfeidhm ar chórais oideachais agus oiliúna, i gcomhar leis na húdaráis agus na hinstitiúidí ábhartha. Ba cheart dóibh infheictheacht iomchuí agus scaipeadh forleathan na hoibre a áirithiú freisin, ar leibhéal polaitiúil an Aontais agus ar leibhéal polaitiúil náisiúnta freisin.
Ba cheart do Thionscadail Réamhbhreathnaitheacha léiriú a thabhairt freisin ar an gcaoi a bhféadfaidh deiseanna maoiniúcháin eile ón Aontas (mar shampla, Cistí Struchtúracha Eorpacha, Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, an Ciste um Aistriú Cóir), agus maoiniú náisiúnta agus réigiúnach (mar aon le maoiniú príobháideach) tacú le cur chun feidhme an tionscadail. D’fhéadfaidís straitéisí náisiúnta agus réigiúnacha speisialaithe chliste agus forbairtí in Éiceachórais Thionsclaíocha na hEorpa a chur san áireamh ann.
Na critéir atá le comhlíonadh chun iarratas a dhéanamh ar thionscadail réamhbhreathnaitheacha
Critéir incháilitheachta
Chun bheith incháilithe le haghaidh dheontas Erasmus+, ní mór do thograí tionscadail le haghaidh Tionscadail Réamhbhreathnaitheacha na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:
Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?
Ní mór d’iarratasóirí (comhordaitheoir agus comhpháirtithe iomlána):
- a bheith ina n‑eagraíochtaí poiblí nó príobháideacha nó eintitis phoiblí nó phríobháideacha atá gníomhach i réimse an oideachais agus na hoiliúna nó i saol na hoibre;
- a bheith ina n‑iarratasóirí atá bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár (maidir le tíortha a bhfuil caibidlíocht reatha ar bun acu le haghaidh comhaontú comhlachais agus i gcás ina mbeidh feidhm ag an gcomhaontú sula síneofaí an deontas, tá siad incháilithe).
Eisceacht: I gcás Bheart 3 ‘Tosaíocht 7 Tacú leis an gComhshocrú um Scileanna’, ní féidir ach leis na heagraíochtaí comhordúcháin de chomhpháirtíochtaí an Chomhshocraithe um Scileanna a bheith ina gcomhordaitheoirí, agus ní féidir ach le heagraíochtaí atá rannpháirteach i gcomhpháirtíochtaí an Chomhshocraithe um Scileanna cheana féin tráth an sprioc‑ama chun iarratais a chur isteach a bheith ina gcomhpháirtithe iomlána.
Ní mór Cairt Ardoideachais Erasmus (ECHE) bhailí a bheith ag institiúidí ardoideachais atá bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár.
Is féidir le heagraíochtaí ó thíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár a bheith rannpháirteach mar chomhpháirtithe comhlachaithe (ach ní féidir leo a bheith ina gcomhordaitheoirí ná ina gcomhpháirtithe iomlána).
Comhdhéanamh cuibhreannais
Le haghaidh Bheart 1
Ní mór a chuimsiú leis an gcuibhreannas trí iarratasóir ar a laghad (comhordaitheoir agus comhpháirtithe iomlána) ó thrí cinn ar a laghad de Bhallstáit den Aontas nó tíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár.
Ní chuirtear eintitis chleamhnaithe san áireamh sna critéir íosta incháilitheachta le haghaidh chomhdhéanamh an chuibhreannais.
Ní mór a chuimsiú leis an gcuibhreannas ar a laghad údarás poiblí amháin ar leibhéal náisiúnta nó réigiúnach (mar shampla Aireachtaí Nuálaíochta, Oideachais, Saothair nó Geilleagair, údaráis cáilíochta nó dearbhaithe cáilíochta, srl.), ó Bhallstát den Aontas nó tír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár, mar iarratasóir (comhordaitheoir nó comhpháirtí iomlán).
Faoi Thosaíocht 1 (EdTech), ní mór don chuibhreannas ar a laghad cuideachta EdTech amháin a chuimsiú ó Bhallstát den Aontas nó tír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár, mar iarratasóir (comhordaitheoir nó comhpháirtí iomlán).
Le haghaidh Bheart 2:
Ní mór a chuimsiú leis an gcuibhreannas sé iarratasóir ar a laghad (comhordaitheoir agus comhpháirtithe iomlána) ó thrí cinn ar a laghad de Bhallstáit den Aontas nó tíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár.
Ní chuirtear eintitis chleamhnaithe san áireamh sna critéir íosta incháilitheachta le haghaidh chomhdhéanamh an chuibhreannais.
I gcás trí thír incháilithe ar a laghad, ní mór don chuibhreannas an méid a leanas a chuimsiú, in aghaidh na tíre:
- fiontar nó eagraíocht amháin ar a laghad atá ionadaíoch do thionscal nó d'earnáil, agus
- soláthraí gairmoideachais agus gairmoiliúna, nó eagraíocht ionadaíoch, amháin ar a laghad (ar an meánleibhéal agus/nó ar an leibhéal treasach).
Le haghaidh Bheart 3:
Faoi Thosaíocht 6, ní mór a chuimsiú leis an gcuibhreannas trí iarratasóir ar a laghad (comhordaitheoir agus comhpháirtithe iomlána) ar a laghad ó thrí cinn ar a laghad de Bhallstáit ón Aontas nó tíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár.
Ní chuirtear eintitis chleamhnaithe san áireamh sna critéir íosta incháilitheachta le haghaidh chomhdhéanamh an chuibhreannais.
Ní mór a chuimsiú leis freisin eintitis phoiblí nó phríobháideacha atá i gceannas ar, nó a bhfuil leibhéal ard freagrachta acu as (nó a bhfuil tionchar acu ar), eagrú agus/nó maoiniú agus/nó soláthar seirbhísí oideachais do dhaoine fásta (mar shampla, measúnú scileanna, bailíochtú inniúlachtaí, oideachas agus oiliúint, ionduchtú agus treoraíocht), mar iarratasóirí nó mar chomhpháirtithe comhlachaithe.
Faoi Thosaíocht 7, nímór a chuimsiú leis an gcuibhreannas comhpháirtithe chomhpháirtíochtaí an Chomhshocraithe um Scileanna atá ann cheana amháin mar iarratasóirí (comhordaitheoir agus comhpháirtithe iomlána) ar a laghad ó thrí cinn ar a laghad de Bhallstáit an Aontais nó ó thíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár. Ní chuirtear eintitis chleamhnaithe san áireamh sna critéir íosta incháilitheachta le haghaidh chomhdhéanamh an chuibhreannais.
Ionad na ngníomhaíochtaí
Ní mór na gníomhaíochtaí seo a dhéanamh i mBallstáit an Aontais nó i dtíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár.
Fad an tionscadail
Le haghaidh Bheart 1 ba cheart do thionscadail maireachtáil ar feadh idir 24 agus 48 mí de ghnáth (is féidir síneadh a chur leo, má tá údar cuí leis agus trí bhíthin leasaithe).
Le haghaidh Bheart 2 ba cheart do thionscadail maireachtáil ar feadh 36 mhí de ghnáth (is féidir síneadh a chur leo, má tá údar cuí leis agus trí bhíthin leasaithe).
Le haghaidh Bheart 3 ba cheart do thionscadail maireachtáil ar feadh 24 mhí de ghnáth (is féidir síneadh a chur leo, má tá údar cuí leis agus trí bhíthin leasaithe).
Ní mór an fad a roghnú ag céim an iarratais, bunaithe ar chuspóir an tionscadail, ar an gcineál gníomhaíochtaí atá beartaithe le himeacht ama, ar an mbuiséad agus ar na huaillmhianta a leagadh síos le haghaidh an tionscadail.
Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?
Faoi bhráid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA).
Uimhir aitheantais an Ghlao beart1: ERASMUS-EDU-2023-PI-FORWARD-LOT1
Uimhir aitheantais an Ghlao beart2: ERASMUS-EDU-2023-PI-FORWARD-LOT2
Uimhir aitheantais an Ghlao beart3: ERASMUS-EDU-2023-PI-FORWARD-LOT3
Cathain is féidir iarratas a dhéanamh?
Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoin 15 Márta ar 17:00 (am na Bruiséile)
Déanfar measúnú ar eagraíochtaí is iarratasóirí de réir na gcritéar eisiaimh agus roghnúcháin ábhartha. Chun breis faisnéise a fháil féach Cuid C den Treoir seo.
Tionscadal a bhunú
Ní mór do Thionscadail Réamhbhreathnaitheacha na comhthéacsanna polasaí trasnaí seo a leanas a chur san áireamh i gcónaí:
- Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.
- Comhaontú Glas an Choimisiúin Eorpaigh9 , Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe10 agus Dearbhú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide11 ;
- An Clár Oibre Eorpach do Scileanna12 ;
- An Moladh ón gComhairle maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht13
- An Moladh ón gComhairle maidir le micridhintiúir14
- An Moladh ón gComhairle maidir le cuntais foghlama aonair15
- An Rún ón gComhairle maidir le clár oibre Eorpach nua don fhoghlaim aosach 2021‑203016
- An Moladh ón gComhairle maidir le Conairí Uas‑scilithe: Deiseanna Nua do Dhaoine Fásta17 .
- Claochlú Digiteach inár gcórais oideachais agus oiliúna, agus san óige freisin, mar a chuimsítear sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach den Choimisiún Eorpach 2021‑202718 ;
Beart 1: An t‑oideachas digiteach (trasearnálach)
Ní mór do thograí a chuirtear isteach faoi Bheart 1 tacú le hoideachas digiteach cuimsitheach ardcháilíochta, i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021‑2027.
Tá claochlú digiteach domhain á dhéanamh faoi láthair ar chórais oideachais agus oiliúna, atá á thiomáint ag dul chun cinn sa nascacht; úsáid fhorleathan gaireas agus feidhmchlár digiteach; an gá atá le solúbthacht aonair; infhaighteacht níos leithne agus an gá atá le hábhar oideachais dhigitigh ardchaighdeáin agus an t‑éileamh atá ag méadú i gcónaí ar scileanna digiteacha. Chuir paindéim COVID‑19, a raibh tionchar mór aici ar oideachas agus ar oiliúint, dlús leis an athrú agus chuir sí eispéiris agus dearcthaí líonmhara nua foghlama ar fáil.
Leagann an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021‑2027 síos polasaí an Aontais maidir leis an gclaochlú digiteach san oideachas agus san oiliúint thar an gcéad chlárthréimhse eile. Is glao chun gníomhaíochta é le haghaidh comhar níos láidre ar an leibhéal Eorpach chun foghlaim ó ghéarchéim COVID‑19 agus chun córais oideachais agus oiliúna a dhéanamh oiriúnach don ré dhigiteach. Foráiltear sa Phlean Gníomhaíochta 14 ghníomhaíocht faoi 2 thosaíocht straitéiseacha, is iad sin:
- Tacú le forbairt éiceachórais oideachais dhigitigh ardfheidhmíochta (1)
- Aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le hinniúlachtaí digiteacha don chlaochlú digiteach a fheabhsú (2)
Ghlac an Coimisiún an Plean Gníomhaíochta mar phríomháisitheoir don Limistéar Eorpach Oideachais, agus cuireadh tús lena chur chun feidhme in Eanáir 2021.Le cúpla mí anuas, agus é ag glacadh leis an gcuireadh ón gComhairle agus tar éis Aitheasc 2021 ar Staid an Aontais Eorpaigh ó Uachtarán an Choimisiúin von der Leyen, sheol an Coimisiún Idirphlé Struchtúrtha leis na Ballstáit maidir le hoideachas agus scileanna digiteacha. Is é is aidhm don Idirphlé tacú leis na Ballstáit agus a gcórais oideachais agus oiliúna á gclaochlú acu go digiteach ar chur chuige comhtháite, comhleanúnach agus níos uaillmhianaí, ag tabhairt earnálacha éagsúla rialtais, chomh maith leis an earnáil phríobháideach (mar shampla, cuideachtaí EdTech), comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta le chéile. Tríd an Idirphlé Struchtúrtha, cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit diagnóis chomhroinnte chun tosaigh ar an gcás agus ar na dearcthaí ar an leibhéal náisiúnta; ceachtanna a foghlaimíodh agus na chéad chéimeanna eile is gá le haghaidh tuilleadh gníomhaíochta ar oideachas digiteach a shainaithint. Tabharfar an tIdirphlé chun críche ag deireadh 2022 agus cuirfidh sé le gníomhaíochtaí amach anseo ar leibhéal an Aontais Eorpaigh maidir le hoideachas agus scileanna digiteacha, ina measc dhá thogra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le tosca cumasúcháin don oideachas digiteach agus maidir le soláthar scileanna digiteacha a fheabhsú san oideachas agus san oiliúint.
Sa chomhthéacs sin, is gá a chinntiú go bhfuil na modheolaíochtaí agus na deiseanna oiliúna oiriúnacha do mhúinteoirí i bhfeidhm chun forbairt éifeachtach scileanna agus inniúlachtaí digiteacha a chinntiú trí oideachas agus trí oiliúint. Féadfar a chuimsiú leo sin soláthar faisnéisíochta mar mheán chun úsáid ghníomhach teicneolaíochtaí ag aois óg a chur chun cinn agus forbairt scileanna agus inniúlachtaí chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna práinneacha sochaíocha, amhail dul i ngleic le bréagaisnéis agus cur chun cinn na litearthachta digití.
Anuas ar an méid a leagtar amach thuas, is é is aidhm don Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach tacú le comhar níos éifeachtaí maidir le hoideachas agus le hoiliúint dhigiteach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh ach Mol Eorpach maidir leis an Oideachas Digiteach a bhunú. Cuirfidh an Mol comhar trasearnálach chun cinn, sainaithneoidh agus roinnfidh sé dea‑chleachtais agus tacóidh sé leis na Ballstáit agus leis an earnáil oideachais agus oiliúna le huirlisí, creataí, treoraíocht, saineolas teicniúil agus le taighde i réimse an oideachais dhigitigh. Ba cheart don Mhol tionscnaimh agus gníomhaithe oideachais dhigitigh náisiúnta agus réigiúnacha a nascadh agus tacú le samhlacha nua maidir le hábhar oideachais dhigitigh a mhalartú, ag tabhairt aghaidh ar shaincheisteanna amhail caighdeáin chomhchoiteanna, idir‑inoibritheacht, inrochtaineacht agus dearbhú cáilíochta. Ar aon dul le cuspóirí an Mhoil, tá sé tábhachtach freisin tacú le gach gníomhaí san éiceachóras oideachais dhigitigh chun dul i gcomhar lena chéile go héifeachtach agus go háirithe chun an comhar idir údaráis phoiblí/institiúidí oideachais agus oiliúna agus earnálacha atá ag forbairt go tapa a éascú, amhail an Teicneolaíocht Oideachais Eorpach (EdTech).
Tabharfar aghaidh ar cheann amháin de na trí thosaíocht seo a leanas sna Tionscadail Réamhbhreathnaitheacha:
Tosaíocht 1: Teicneolaíocht an oideachais (EdTech): méadú ar réitigh atá bunaithe ar an Aontas trí chomhar agus trí dhearbhú cáilíochta
Is príomhfhoinse nuálaíochta san oideachas digiteach í earnáil na teicneolaíochta oideachais Eorpaí (EdTech) agus tá sí ag fás go tapa. Mar sin féin, tá fadhbanna móra fós inti, agus is minic nach mbíonn an taithí agus na hinniúlachtaí inti chun dul i gcomhar le hinstitiúidí oideachais agus oiliúna agus le húdaráis phoiblí go héifeachtach ar bhealach inbhuanaithe.
Cuimseoidh tionscadail réamhbhreathnaitheacha sa réimse tosaíochta seo eagraíochtaí EdTech atá bunaithe san Aontas ach comhar a chothú idir an tionscal agus údaráis phoiblí, ag cur le forbairt éiceachórais oideachais dhigitigh Eorpaigh ardfheidhmíochta.
Ba cheart do thionscadail faoin tosaíocht seo aghaidh a thabhairt ar an dá ní seo a leanas:
- creat dearbhaithe cáilíochta atá bunaithe ar fhianaise a fhorbairt le haghaidh teicneolaíocht oideachais, i gcomhar le hAireachtaí Oideachais, ag tagairt do na torthaí foghlama a bhaintear amach ach réitigh theicneolaíocht an oideachais a chomhtháthú sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú.
- comhar trasearnálach a chur chun cinn idir soláthraithe teicneolaíochta oideachais, institiúidí oideachais agus oiliúna, agus údaráis phoiblí chun aghaidh a thabhairt ar rochtain éifeachtúil agus chothrom ar ábhar oideachais dhigitigh ardchaighdeáin.
Tosaíocht 2: Cuir chuige éifeachtacha oideolaíocha maidir le faisnéisíocht ag leibhéal na bunscoile agus na meánscoile
Is disciplín sách nua san oideachas scoile í an fhaisnéisíocht19 i gcónaí. Cé go bhfuil traidisiún seanbhunaithe ag roinnt tíortha Eorpacha maidir lena theagasc, níor thug tíortha eile an t‑ábhar seo isteach ach le déanaí, go háirithe sa bhunoideachas agus san mheánoideachas íochtarach. Mar thoradh ar phróisis athchóirithe le déanaí tháinig athruithe ar churaclaim scoile agus bhí treocht ghinearálta ann chun an fhaisnéisíocht a fheabhsú i scoileanna san Aontas. Mar sin féin, léiríonn an fhianaise atá ann cheana go bhfuil an méid eolais agus taighde atá forbartha sa teagasc sa mheánoideachas íochtarach agus sa bhunoideachas sách teoranta, cé go bhfuil taithí ar mhúineadh na faisnéisíochta san oideachas treasach agus, go pointe áirithe, sa mheánoideachas uachtarach.
Ach tacú le cuir chuige oideolaíocha éifeachtacha a fhorbairt ar an bhfaisnéisíocht agus ar an measúnú gaolmhar, is féidir cuidiú le múinteoirí a ullmhú ar bhealach níos fearr chun saineolas a fhorbairt agus a roinnt ar an mbealach is fearr leis an ábhar a chomhtháthú thar leibhéil éagsúla an oideachais scoile – agus ar an gcaoi sin úsáid ghníomhach agus shábháilte na teicneolaíochta digití a chur chun cinn níos fearr i measc daoine óga.
Ba cheart do thionscadail faoin tosaíocht seo aghaidh a thabhairt ar an dá ní seo a leanas:
- cuir chuige oideolaíocha éifeachtacha agus nuálacha a fhorbairt agus a thástáil atá ábhartha agus a bhfuil dul chun cinn soiléir ann idir na leibhéil éagsúla oideachais agus go háirithe a bhfuil béim ann ar an mbunleibhéal agus an dara leibhéal.
- tionscnaimh oiliúna múinteoirí atá dírithe ar infhaighteacht múinteoirí (ginearálta agus speisialaithe) a mhéadú a bhfuil an t‑ullmhúchán agus an cháilíocht oiriúnach acu chun an disciplín a mhúineadh.
Tosaíocht 3: Oiliúint múinteoirí agus forbairt curaclaim maidir le dul i ngleic le bréagaisnéis agus litearthacht dhigiteach a chur chun cinn
Mar chuid den Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021‑2027, sheol an Coimisiún Eorpach treoirlínte comhchoiteanna do mhúinteoirí agus d’oideoirí chun an litearthacht dhigiteach a chothú agus chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis tríd an oideachas agus an oiliúint20 . Mar sin féin, tá gá le tuilleadh iarrachtaí ar an leibhéal sistéamach chun a chinntiú go soláthraíonn córais oideachais agus oiliúna na scileanna agus na hinniúlachtaí go héifeachtach do dhaoine óga chun dul i ngleic leis na saincheisteanna práinneacha sin agus go dtugtar tacaíocht do mhúinteoirí agus d’oideoirí ina n‑oiliúint agus ina bhforbairt ghairmiúil leanúnach sa réimse.
Chuige sin, rannchuideodh tionscadail réamhbhreathnaitheacha maidir le hoiliúint múinteoirí agus forbairt curaclaim chun litearthacht dhigiteach a chur chun cinn agus chun dul i ngleic le bréagaisnéis le tacú le córais oideachais agus oiliúna agus go háirithe le foghlaimeoirí agus le múinteoirí agus le hoideoirí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua agus ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn sa seomra ranga atá nasctha go dlúth leis an timpeallacht dhinimiciúil ar líne ar bhealach éifeachtach agus struchtúrtha.
- Ba cheart aghaidh a thabhairt ar an dá ní seo a leanas i dtionscadail faoin tosaíocht seo: Oiliúint tosaigh múinteoirí agus forbairt ghairmiúil leanúnach, i réimse na litearthachta digití agus an dul i ngleic le bréagaisnéis i dtéarmaí ábhair agus modheolaíochta araon, ach i dtéarmaí roghnú sistéamach freisin;
- Taighde agus malartú cur chuige éifeachtach agus inscálaithe agus curaclaim á bhforbairt i réimse na litearthachta digití agus an dul i ngleic le bréagaisnéis.
Beart 2: Gairmoideachas agus Gairmoiliúint (VET)
Ní mór do thograí a chuirtear isteach faoi Bheart 2 aghaidh a thabhairt ar cheann amháin den dá thosaíocht seo a leanas:
Tosaíocht 4 – Micridhintiúir le haghaidh infhostaitheachta
Is éard is ‘micridhintiúir’ ann taifead (mar shampla, gradam nó deimhniú) ar na torthaí foghlama atá sealbhaithe ag foghlaimeoir tar éis méid beag foghlama. Tá fás easpónantúil tagtha ar mhicridhintiúir agus daoine á roghnú agus oibrithe agus cuardaitheoirí poist ag iarraidh uasoiliúint agus athsciliú a dhéanamh i gcomhréir le héilimh shíorathraitheacha mhargaidh an tsaothair, tionchar an aistrithe dhigitigh agus ghlais agus an téarnamh ó COVID‑19. Tá féidearthacht ollmhór sna micridhintiúir chun tacú le foghlaim ar feadh an tsaoil agus le foirmeacha foghlama atá níos cuimsithí trí fhoghlaim níos solúbtha agus trí dheiseanna foghlama ábhartha. Ghníomhaigh an Coimisiún trína thogra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr le haghaidh na foghlama ar feadh an tsaoil agus na hinfhostaitheachta chun sainmhíniú, formáid chaighdeánach a bhunú chun cur síos a dhéanamh ar mhicridhintiúir agus prionsabail a bhunú maidir le micridhintiúir a dhearadh agus a eisiúint.
Tá na gnéithe seo fíor‑riachtanach chun cáilíocht, muinín agus roghnú na micridhintiúr a chinntiú agus chun a gcumas iomlán mar mhodh foghlama a chumasú. Chun cumas na micridhintiúr a fhorbairt tuilleadh, ba cheartdíriú ar cheann amháin nó ar mheascán de na réimsí seo a leanas sna tionscadail:
- Micridhintiúir le haghaidh mhargadh an tsaothair atá níos cuimsithí: conas is féidir micridhintiúir a úsáid laistigh d’éiceachórais scileanna, beartais ghníomhacha maidir le margadh an tsaothair (is é sin, seirbhísí fostaíochta, tacaíocht oiliúna agus dreasachtaí fostaíochta) chun tacú le hinfhostaitheacht agus le cuimsiú do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, mar shampla, daoine óga, faighteoirí ioncaim íosta, daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach, daoine atá faoi mhíchumas agus daoine gan mórán cáilíochtaí i margaí an tsaothair san Aontas.
- Micridhintiúir le haghaidh an aistrithe ghlais: conas is féidir micridhintiúir a dhearadh, a sheachadadh agus a thabhairt cothrom le dáta chun na scileanna is gá a thabhairt do dhaoine le haghaidh an aistrithe ghlais bunaithe ar úsáid faisnéis scileanna ó mhargadh an tsaothair agus ar ionchur ó fhostóirí, ó thionscal agus ó chomhpháirtithe sóisialta.
- Iniomparthacht na micridhintiúr: conas is féidir linn an úsáid is fearr a bhaint as digitiú, as caighdeáin oscailte agus as seirbhísí fíordheimhnithe, mar shampla, Dintiúir Dhigiteacha Eorpacha don Fhoghlaim (cuid de Europass), chun iniomparthacht micridhintiúr a chumasú idir tíortha, fostóirí, oideachas agus oiliúint agus córais fostaíochta.
Tosaíocht 5: Feabhas a chur ar mhealltacht an Ghairmoideachais agus na Gairmoiliúna (VET) trí chomhpháirtíochtaí agus líonraí soláthraithe VET
Ar fud an Aontais, is iondúil go mbíonn céimithe a tháinig amach as cláir VET le déanaí (san oideachas meánscoile uachtaraí agus iar‑mheánscoile) i bhfad níos infhostaithe ná céimithe a tháinig amach as an oideachais ginearálta le déanaí. Ina theannta sin, tá ról tábhachtach ag VET in oideachas meánscoile uachtaraí na hEorpa toisc go bhfuil thart ar leath (48.4 %) de na foghlaimeoirí uile atá cláraithe san oideachas meánscoile uachtaraí cláraithe i gcláir VET.
Mar sin féin, tá go leor claontachtaí fós le sárú ag VET i dtíortha áirithe agus bíonn íomhá dhiúltach iontu ina leith; agus dá bhrí sin tá gá le hathrú meoin i measc daoine óga, tuismitheoirí, cuideachtaí agus foghlaimeoirí fásta, ag an mbunleibhéal – áit arb ann do VET, i ndlúthchomhar le líonraí soláthraithe VET.
Chomh maith leis sin, dhéanfadh méadú ar an bhfeasacht faoin tábhacht a bhaineann le leanúint le VET tairbhe don iomaíochas i measc cuideachtaí agus oibrithe.
Cuid den fhís atá sa Mholadh ón gComhairle maidir le VET is ea breathnú ar VET mar rogha tharraingteach: ‘I bhfianaise an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh agus na ndúshlán déimeagrafach atá ann, is gá an tairiscint do ghairmoideachas agus do ghairmoiliúint a leathnú agus a fheabhsú go suntasach do dhaoine óga agus do dhaoine fásta araon, agus ag an am céanna tarraingteacht agus cáilíocht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a mhéadú’.
Ní mór beart a dhéanamh chun na dúshláin sin a shárú, mar shampla, ach inniúlachtaí a mhéadú ar an mbunleibhéal chun tarraingteacht agus sármhaitheas VET a neartú agus beartas, tionscnaimh agus cláir VET na hEorpa a thabhairt níos gaire don chleachtas.
Ní mór an tsraith gníomhaíochtaí a luaitear thíos ar a laghad a chur chun feidhme sna tionscadail (féadfar gníomhaíochtaí breise a chur leo):
- Líonraí agus comhpháirtíochtaí nua soláthraithe VET a chruthú agus/nó cinn atá ann cheana a fheabhsú ar an leibhéal earnálach, réigiúnach, náisiúnta, nó Eorpach, go háirithe le haghaidh tíortha a bhfuil socruithe ionadaíochta teoranta acu i measc soláthraithe VET, chun for‑rochtain éifeachtach don phobal VET a chinntiú chun críche tarraingteacht agus sármhaitheas VET a neartú ar bhealaí nuálacha; d’fhéadfaí a chuimsiú leis sin an fhéidearthacht Pobail Cleachtais (lena n‑áirítear cinn fhíorúla) a chruthú agus cur le Pobail Cleachtais atá ann cheana chun tacú le tarraingteacht agus le sármhaitheas an gairmoideachais agus na gairmoiliúna.
- Feachtais chumarsáide náisiúnta agus/nó thrasnáisiúnta a eagrú chun na tairbhí agus na deiseanna gairme a chuireann cáilíochtaí tosaigh VET ar fáil do dhaoine óga chomh maith le deiseanna uas‑scilithe agus athscilithe do dhaoine fásta a chur i láthair;
- Imeachtaí agus/nó tionscnaimh líonraithe a eagrú ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó Eorpach chun for‑rochtain leathan do spriocghrúpaí éagsúla a chinntiú, agus meascán de mhodhanna cumarsáide nuálacha ar líne agus traidisiúnta á úsáid; beidh leibhéal láidir nuálaíochta i gceist leo sin21 ;
- Comhar le gníomhaithe eacnamaíocha agus sóisialta a neartú, mar shampla, údaráis phoiblí, comhpháirtithe sóisialta agus fostóirí chun gníomhaíochtaí a spreagadh chun tarraingteacht agus sármhaitheas an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a mhéadú agus é mar aidhm freisin timpeallachtaí oibre a spreagann an fhoghlaim a chothú. Déanfar gach iarracht i dtionscadail údaráis phoiblí náisiúnta nó réigiúnacha a chuimsiú sa tionscadal a mhéid is féidir;
- Teistiméireachtaí a roghnú, ambasadóirí a ainmniú, agus/nó gradaim a bhunú le haghaidh barr feabhais i réimsí éagsúla (le haghaidh foghlaimeoirí, múinteoirí agus oiliúnóirí VET, soláthraithe nuálacha, cuideachtaí, printíseachtaí VET, srl.) chun feidhmiú mar shamplaí spreagúla agus inspioráideacha chun tarraingteacht agus sármhaitheas a mhéadú i ngradaim VET agus d’fhéadfadh tionscnaimh eile a bheith ina dtionscnaimh náisiúnta nó thrasnáisiúnta agus d’fhéadfadh siad tógáil ar a bhfuil ann cheana i dtíortha áirithe agus iad a mhéadú agus a dhéanamh inbhuanaithe i dtíortha éagsúla.
Spreagtar tionscadail faoi Thosaíocht 5 chun dul i gcomhar leis na tionscadail eile a roghnaítear faoin tosaíocht chéanna agus chun sineirgí a chruthú i measc a gcuid gníomhaíochtaí (mar shampla, trí imeachtaí comhpháirteacha a eagrú).
Beart 3: An Fhoghlaim Aosach
Ní mór do thograí a chuirtear isteach faoi Bheart 3 aghaidh a thabhairt ar an tosaíocht seo a leanas:
Tosaíocht 6: Cláir náisiúnta maidir le deiseanna oiliúna le dearbhú cáilíochta agus a bhaineann le margadh an tsaothair a fhorbairt
I measc na gcúiseanna a chuireann srian le rannpháirtíocht san fhoghlaim aosach, tuairiscíonn foghlaimeoirí ionchasacha faisnéis éiginnte faoi dheiseanna. Is deacair dul i ngleic leis an réimse leathan deiseanna oiliúna aosacha i mórán Ballstát, agus is minic a bhíonn éiginnteacht ann do bhreathnóirí an bhfuil cáilíocht mhaith ag baint le deis ar leith agus an mbeidh luach léi ina dhiaidh sin ar mhargadh an tsaothair. Laghdaíonn sé sin an spreagadh do dhaoine fásta chun deiseanna den sórt sin a chuardach agus a thapú. I gcás comhlachtaí maoinithe ionchasacha, cibé acu an údaráis phoiblí nó fostóirí iad, laghdaíonn sé a dtoilteanas a gcuid infheistíochta san fhorbairt scileanna a mhéadú. Baineadh leas as cláir náisiúnta maidir le deiseanna oiliúna le dearbhú cáilíochta agus a bhaineann le margadh an tsaothair mar uirlis nuálach chun dul i ngleic leis na dúshláin sin i roinnt Ballstát, a bhaineann go minic le tacaíocht airgeadais le haghaidh daoine aonair chun na deiseanna sna clárlanna sin a thapú, agus uaireanta cuimsítear leis sin faisnéis maidir le treoraíocht agus deiseanna bailíochtaithe. Chomh maith leis sin, chuideodh faisnéis ardcháilíochta maidir le soláthar deiseanna treoraíochta agus bailíochtaithe lena dtairbhithe ionchasacha iad a chur i bhfeidhm agus an rogha is fearr a dhéanamh.
Sainaithneofar i dtionscadail modhanna agus sásraí chun cuidiú lena chinntiú go sroichfidh cláir den sórt sin, a luaithe a bheidh siad ag feidhmiú, líon suntasach úsáideoirí toisc go ndéanann siad na nithe seo a leanas:
- Cuireann siad feabhas ar an gcumarsáid idir an ‘domhan oideachais agus oiliúna’ agus an ‘saol oibre’ (mar shampla, baineann siad le faisnéis scileanna, le comhpháirtithe sóisialta, le soláthraithe oideachais agus oiliúna agus le geallsealbhóirí eile a bhíonn ábhartha maidir lena rialú);
- Baineann siad cothromaíocht mhaith amach idir cáilíocht a chinntiú agus tairiscint éagsúil deiseanna a sholáthar a fhreagraíonn do riachtanais mhargadh an tsaothair;
- Comhcheanglaíonn siad simplíocht ó thaobh an úsáideora de le solúbthacht iomchuí ag an ‘cúl’/ag baint leis na deiseanna atá san áireamh (mar shampla, an fhéidearthacht ‘bealaí iomadúla’ chun dul isteach sa chlár, idirdhealú réigiúnach na ndeiseanna atá san áireamh, srl.); agus
- Tionscnaíonn siad infheistíochtaí breise le haghaidh oiliúna (mar shampla, trí bheith ina dtagairt iontaofa le haghaidh scéimeanna poiblí a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais don oiliúint, nó margáil chomhchoiteann nó ar an leibhéal cuideachta maidir le teidlíochtaí oiliúna).
- Tá siad idir‑inoibritheach le cláir náisiúnta eile agus leis an Ardán Europass a bhuí leis an úsáid a bhaineann siad as caighdeáin (scéim sonraí) na Samhla Foghlama Eorpaí.
Tosaíocht 7: Tacú leis an gComhshocrú um Scileanna
Is é an Comhshocrú um Scileanna an chéad bheart suaitheanta de Chlár Oibre Nua Scileanna don Eoraip 2020. Tá an Comhshocrú fréamhaithe go daingean i bprionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus tacaíonn sé le spriocanna an Chomhshocraithe Ghlais agus an chlaochlaithe dhigitigh, mar a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Eoraip Shóisialta láidir le haghaidh Aistrithe Córa’. Rannchuidíonn sé freisin le sprioc an Aontais a bhaint amach go mbeidh 60 % de dhaoine fásta i mbun oiliúna gach bliain faoi 2030, mar a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.
Is samhail rannpháirteachais nua é an Comhshocrú um Scileanna chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin scileanna agus chun an téarnamh eacnamaíoch, an Straitéis Eorpach maidir le Tionsclaíocht, agus na haistrithe glasa agus digiteacha a chur i gcrích. Is é is aidhm dó aghaidh níos mó a thabhairt ar bhearnaí scileanna ar fud éiceachórais thionsclaíocha trí chuideachtaí, oibrithe, údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí tionscail, soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna, comhlachais tráchtála agus seirbhísí fostaíochta a shlógadh chun infheistiú i ngníomhartha uas‑scilithe agus athscilithe. Ach dul i bpáirt le chéile agus gealltanais nithiúla a thabhairt chun infheistíocht a dhéanamh san oiliúint le haghaidh daoine in aois oibre, tá comhpháirtíochtaí scileanna faoin gComhaontú ag cuidiú le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin scileanna an lae inniu.
Dá bhrí sin, níor cheart ach comhpháirtithe de chuid chomhpháirtíochtaí an Chomhshocraithe um Scileanna atá ann cheana a chuimsiú i dtionscadail faoin tosaíocht seo.
Cuirfear na gníomhaíochtaí uile a liostaítear thíos chun feidhme i dtionscadail:
- Struchtúir nó socruithe rialachais a fhorbairt a nascann comhaltaí laistigh den chomhpháirtíocht chéanna de chuid an Chomhshocraithe um Scileanna, agus tacú leo;
- Comhar cuideachtaí móra le FBManna a fhorbairt agus tacú leis, in éineacht le comhar i measc FBManna ar comhaltaí den chomhpháirtíocht chéanna de chuid an Chomhshocraithe um Scileanna iad i réimse na hoiliúna;
- Tacú le sainiú, le cur chun feidhme agus le monatóireacht na ngealltanas coincréiteach a thug agus a thabharfaidh an chomhpháirtíocht de chuid an Chomhshocraithe um Scileanna, amhail:
- faisnéis scileanna a bhailiú,
- daoine ag a bhfuil scileanna ísle a uas‑sciliú,
- daoine a athsciliú le haghaidh cúraimí nua ina gcuid post, daoine ó earnálacha eile a athsciliú le scileanna inaistrithe chuig a n‑earnáil féin, agus aidhm ar leith ann dídeanaithe ón Úcráin a chomhtháthú i margadh an tsaothair.
Tionchar measta
Tá sé i gceist le Tionscadail Réamhbhreathnaitheacha réitigh nuálacha a chur ar fáil ar féidir iad a phríomhshruthú ar leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach agus b’fhearr go bhféadfaí forbairt bhreise a dhéanamh orthu le maoiniú ón Aontas nó tríd an tacaíocht náisiúnta agus réigiúnach.
Ba cheart do na cleachtais ón mbun aníos dul i ngleic i gceart leis na tosaíochtaí socraithe a leagtar amach chun acmhainn nuálaíochta na hEorpa a neartú, dul i bhfeidhm go láidir ar athchóirithe oideachais agus oiliúna agus athrú sistéamach a thionscnamh.
Trí scaipeadh forleathan na dtorthaí tionscadail ar leibhéal trasnáisiúnta, náisiúnta agus/nó réigiúnach, agus trí straitéisí náisiúnta, Éiceachórais Thionsclaíocha na hEorpa agus réigiúnacha um speisialtóireacht chliste a chur san áireamh, meastar go mbeidh tionchar catairseach ag Tionscadail Réamhbhreathnaitheacha ar leibhéal an chórais chun cabhrú le córais oideachais agus oiliúna freastal níos fearr ar dhúshláin i ndomhan atá ag athrú go tapa.
Critéir dhámhachtana
Ábharthacht an tionscadail - (30 pointe ar a mhéad)
- Nasc chuig beartas agus tionscnaimh ón Aontas: bunaítear agus forbraítear leis an togra tionscadal lena dtacaítear le smaoineamh réamhbhreathnaitheach ar leibhéal an Aontais, ina gcuirtear san áireamh agus ina gcothaítear uirlisí agus tionscnaimh de chuid an Aontais atá ann cheana (más ábhartha). Tacaíonn an togra freisin le cur chun feidhme beartas de chuid an Aontais (mar shampla, an Clár Oibre Eorpach do Scileanna), Creataí de chuid an Aontais agus tionscnamh de chuid an Aontais amhail moltaí tírshonracha ón Seimeastar Eorpach;
- Cuspóir: tá an togra ábhartha do chuspóir na Gníomhaíochta, agus do chuspóirí ginearálta agus sonracha na Gníomhaíochta (féach an roinn ‘Cuspóirí na gníomhaíochta’ thuas);
- Raon feidhme: leis an togra, tugtar aghaidh ar cheann de thosaíochtaí na Gníomhaíochta (féach an roinn ‘Tionscadal a chur ar bun' thuas). Ag brath ar an tosaíocht ar a dtugtar aghaidh:
- Beart 1: Oideachas digiteach (trasearnálach) – Ag tacú le hoideachas digiteach cuimsitheach ardcháilíochta: a mhéid a phleanáiltear agus a lánpháirtítear go comhsheasmhach, leis an togra, gníomhaíochtaí, taighde agus imeachtaí a rannchuidíonn go soiléir le cuspóirí an Bhirt, go háirithe faoi chuspóirí sonracha na dtosaíochtaí ar a ndírítear i ngach togra.
- Tosaíocht 4 – Micridhintiúir le haghaidh infhostaitheachta: a mhéid a chinntítear leis an togra go n‑úsáidtear le micridhintiúir na córais náisiúnta atá ann cheana agus uirlisí agus seirbhísí an Aontais nó go n‑iniúchtar leo oiriúnú na nithe sin le haghaidh: (1) scileanna agus cáilíochtaí (creataí cáilíochtaí náisiúnta, córais chreidmheasa, Europass, mar shampla, dintiúir Dhigiteacha Eorpacha don Fhoghlaim, uirlisí dearbhaithe cáilíochta, srl.) agus (2) infhostaitheacht (córais oiliúna, cuntais foghlama aonair, Seirbhísí Fostaíochta Poiblí, rannpháirtíocht le Comhpháirtithe Sóisialta, srl.);
- Tosaíocht 5 – tarraingteacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna: a mhéid a bhunaítear nó a neartaítear leis an togra líonraí agus comhlachais soláthraithe VET, chun rannchuidiú ar bhealaí nuálacha agus nithiúla le tarraingteacht agus sármhaitheas a mhéadú sa ghairmoideachais agus sa ghairmoiliúint, agus chun teagmháil a dhéanamh le soláthraithe VET i dtíortha a bhfuil socruithe ionadaíochta teoranta acu i measc soláthraithe VET.
- Tosaíocht 6 – Cláir náisiúnta deiseanna oiliúna: a mhéid a shamhlaítear leis an togra comhar agus malartú maidir le conas cláir éifeachtacha deiseanna oiliúna le dearbhú cáilíochta agus a bhaineann le margadh an tsaothair a bhunú nó a fheabhsú, ar féidir leo feidhmiú mar thagairt iontaofa le haghaidh scéimeanna poiblí nó príobháideacha a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais don oiliúint agus a mhéid a chomhlíontar leo scéim sonraí na Samhla Foghlama Eorpaí;
- Tosaíocht 7 – Tacú leis an gComhshocrú um Scileanna: a mhéid a shamhlaítear leis an togra gníomhaíochtaí a neartóidh comhar i measc comhpháirtithe agus mar thoradh air sin, beidh faisnéis scileanna níos fearr agus uas‑sciliú agus athsciliú éifeachtach oibrithe ann.
- Nuálaíocht: cuirtear modhanna agus teicnící úrscothacha san áireamh sa togra, agus beidh mar thoradh air torthaí agus réitigh nuálacha a d’fhéadfaí a phríomhshruthú in aon earnáil eacnamaíoch nó oideachasúil amháin nó níos mó;
- Comhsheasmhacht: tá na cuspóirí bunaithe ar anailís iontaofa ar riachtanais; sainítear iad go soiléir, tá siad réalaíoch, agus tugtar aghaidh leo ar shaincheisteanna atá ábhartha maidir leis na heagraíochtaí rannpháirteacha agus leis an nGníomhaíocht;
- Breisluach Eorpach: léirítear go soiléir leis an togra an breisluach ar leibhéal sistéamach an Aontais a ghintear trína thras‑náisiúntacht agus a inaistritheacht ionchais;
- Socrú iarphaindéime: a mhéid a lánpháirtítear leis an togra bearta lena gcothaítear beartais agus cleachtais nua ar leibhéal sistéamach d’fhonn dul i ngleic le dúshláin nua mar thoradh ar an bpaindéim le deireanaí.
Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail - (30 pointe ar a mhéad)
- Comhleanúnachas: cinntítear leis an dearadh foriomlán tionscadail comhsheasmhacht idir cuspóirí an tionscadail, modheolaíochtaí, gníomhaíochtaí, fad agus an buiséad atá beartaithe. Cuirtear i láthair sa togra tacar comhleanúnach cuimsitheach gníomhaíochtaí iomchuí chun freastal ar na riachtanais shainaitheanta agus chun na torthaí a bhfuil súil leo a bhaint amach;
- Struchtúr: tá an clár oibre soiléir agus iomlán (cuimsítear leis céimeanna tionscadail iomchuí: ullmhú, cur chun feidhme, monatóireacht, meastóireacht, scaipeadh agus saothrú). Cuimsítear leis anailís ex ante agus ex post (an dá cheann laistigh d’fhad an tionscadail) ar an nuálaíocht san oideachas a tugadh isteach;
- Modheolaíocht: cáilíocht agus indéantacht na modheolaíochta atá beartaithe agus a iomchuí atá sé chun na torthaí a bhfuil coinne leo a fháil, ag baint úsáid as ionstraimí an Aontais aon uair is ábhartha don tionscadal;
- Bainistíocht: déantar foráil maidir le socruithe bainistíochta láidre. Sainítear amlínte, eagrú, cúraimí agus freagrachtaí go soiléir agus tá siad réalaíoch. Leithdháiltear acmhainní iomchuí do gach gníomhaíocht sa togra;
- Feabhas a chur ar cháilíocht agus ar éifeachtacht: leabaítear go soiléir sa togra a nuálaíocht i ngníomhaíochtaí agus i dtorthaí lena gcuirtear feabhas ar cháilíocht, éifeachtacht agus cothromas córas oideachais agus oiliúna;
- Buiséad: déantar foráil sa bhuiséad maidir le hacmhainní iomchuí a bhfuil gá leo chun go n‑éireodh leis an tionscadal, ní dhéantar rómheastachán ar an mbuiséad ná ní mheastar faoina luach é;
- Rialú airgeadais agus cáilíochta: le bearta rialaithe (meastóireacht leanúnach ar cháilíocht agus oiliúint, piarmheasúnuithe, gníomhaíochtaí tagarmharcála, srl.) agus táscairí cáilíochta áirithítear go gcuirtear an tionscadal chun cinn ar bhealach ardcháilíochta agus costéifeachtúil. Sainaithnítear dúshláin/rioscaí an tionscadail go soiléir agus téitear i ngleic le bearta maolaithe go hiomchuí. Beartaítear próisis athbhreithnithe shaineolaigh mar chuid lárnach den tionscadal. Cuimsítear leis an gclár oibre measúnú seachtrach neamhspleách ar cháilíocht sa lárthéarma agus roinnt míonna roimh dheireadh an tionscadail chun go bhféadfaí coigeartuithe a dhéanamh ar an tionscadal.
Cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair - (20 pointe ar a mhéad)
- Cumraíocht: tá comhdhéanamh na comhpháirtíochta i gcomhréir le cuspóirí na gníomhaíochta agus an tionscadail. Tugtar le chéile ann meascán iomchuí eagraíochtaí ábhartha ag a bhfuil na próifílí, scileanna, taithí, saineolas agus tacaíocht bhainistíochta is gá atá riachtanach le haghaidh sholáthar rathúil an tionscadail iomláin. Cuimsítear leis an togra comhpháirtithe lena ndéantar ionadaíocht oiriúnach don chur chuige earnála nó trasearnála lena mbaineann. Cumraíocht ag brath ar an mbeart/tosaíocht ar a dtugtar aghaidh:
- Tosaíocht 4 – Micridhintiúir le haghaidh infhostaitheachta: A mhéid a chuimsítear leis an gcomhpháirtíocht eagraíochtaí atá rannpháirteach go gníomhach le beartas nó le cleachtas i réimsí na foghlama ar feadh an tsaoil (agus gach leibhéal agus cineál foghlama, oideachais agus oiliúna san áireamh) agus le córais fostaíochta, agus beartais ghníomhacha mhargadh an tsaothair san áireamh (is é sin seirbhísí fostaíochta, tacaíocht oiliúna agus dreasachtaí fostaíochta).
- Tosaíocht 5 – tarraingteacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna: A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh don chomhpháirtíocht:
- cuimsítear léi comhlachais nó líonraí Eorpacha, náisiúnta, réigiúnacha nó earnálacha soláthraithe VET;
- cuimsítear léi údaráis phoiblí chun tionchar na ngníomhaíochtaí a chinntiú;
- cinntítear léi clúdach maith geografach, go háirithe le haghaidh tíortha a bhfuil socruithe ionadaíochta teoranta acu i measc soláthraithe VET.
- Gealltanas: tá an rannchuidiú ó na comhpháirtithe suntasach, ábhartha agus comhlántach. Is léir agus is iomchuí dáileadh na bhfreagrachtaí agus na gcúraimí, agus léirítear leis gealltanas agus rannchuidiú gníomhach na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha uile i ndáil lena saineolas agus lena n‑inniúlacht shonrach;
- Cúraimí: léiríonn an comhordaitheoir bainistíocht agus comhordú ardcháilíochta ar líonraí trasnáisiúnta agus ar an gceannaireacht i dtimpeallacht chasta. Leithdháiltear cúraimí aonair ar bhonn fhios gnó sonrach gach rannpháirtí;
- Comhar/Spiorad foirne: beartaítear sásra éifeachtach chun comhordú, cinnteoireacht, cumarsáid agus réiteach coinbhleachta éifeachtúil a chinntiú idir na heagraíochtaí rannpháirteacha, na rannpháirtithe agus aon gheallsealbhóir ábhartha eile;
- Sainghné gheografach agus rannpháirtíocht tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár (más infheidhme): cuimsítear leis an gcomhpháirtíocht comhpháirtithe ábhartha ó limistéir gheografacha éagsúla agus tá cúis leis an gcomhdhéanamh geografach sin. Más infheidhme, tugann rannpháirtíocht eagraíochtaí rannpháirteacha ó thríú thíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár breisluach fíor‑riachtanach do bhaint amach chuspóirí an Tionscadail Réamhbhreathnaithigh.
Tionchar, scaipeadh agus inbhuanaitheacht - (20 pointe ar a mhéad)
- Saothrú: léirítear leis an togra an chaoi a ndéanfar príomhshruthú ar thorthaí an tionscadail ar leibhéal an chórais in aon earnáil amháin nó níos mó. Foráiltear ann modhanna chun an saothrú a thomhas laistigh de shaolré an tionscadail agus ina dhiaidh sin;
- Scaipeadh: tá plean soiléir sa togra maidir le scaipeadh na dtorthaí, agus cuimsítear ann spriocanna agus gníomhaíochtaí cainníochtúla sainaitheanta iomchuí, uainiú ábhartha, uirlisí agus bealaí chun a chinntiú go ndéanfar na torthaí agus na tairbhí a scaipeadh go héifeachtach i measc na ngeallsealbhóirí cearta, an lucht ceaptha beartas chirt agus spreagthóirí cearta na nuálaíochta laistigh de shaolré an tionscadail agus ina diaidh. Léirítear freisin leis an togra na comhpháirtithe a bheidh freagrach as an scaipeadh agus léirítear an taithí ábhartha atá acu i ngníomhaíochtaí scaipthe. Cuirtear straitéisí náisiúnta agus réigiúnacha speisialaithe chliste san áireamh freisin leis an scaipeadh chun dul i bhfeidhm ar na leibhéil sin chomh mór agus is féidir; Rochtain oscailte: mar riail ghinearálta, agus laistigh de theorainneacha na gcreataí dlíthiúla náisiúnta agus Eorpacha atá ann cheana, ba cheart na torthaí a chur ar fáil mar acmhainní oscailte oideachais (OER) agus, chomh maith leis sin, ar ardáin údarás ábhartha, gairmiúil, earnála nó inniúil. Tabharfar tuairisc sa togra ar an gcaoi a ndéanfar na sonraí, na hábhair, na doiciméid agus na gníomhaíochtaí closamhairc agus meán sóisialta a tháirgfear a chur ar fáil gan srian agus a chur chun cinn trí cheadúnais oscailte, agus ní bheidh teorainneacha díréireacha ann;
- Tionchar: léirítear leis an togra tionchar féideartha an tionscadail:
- Ar na grúpaí agus ar an earnáil/na hearnálacha a ndírítear orthu;
- Ar an lucht ceaptha beartas ar leibhéal an chórais;
- Lasmuigh den lucht ceaptha beartas agus de na húdaráis a ndírítear orthu go sonrach sa tionscadal, ar spreagthóirí príobháideach nó poiblí na nuálaíochta ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus/nó Eorpach. Léirítear leis an togra an cumas a chaithfidh príomhgheallsealbhóirí eile san earnáil nó níos faide i gcéin a chur chun feidhme.
Áirítear sa togra seo bearta chomh maith le spriocanna agus táscairí cainníochtúla sainaitheanta chun monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn agus measúnú a dhéanamh ar an tionchar measta (sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma);
- Inbhuanaitheacht: mínítear sa togra an chaoi a gcuirfear an Tionscadal Réamhbhreathnaitheach chun feidhme agus a ndéanfar forbairt bhreise uirthi ar leibhéil éagsúla (áitiúil, réigiúnach, náisiúnta). Cuimsítear leis an togra dearadh plean gníomhaíochta fhadtéarmaigh le haghaidh fheidhmiú céimneach tháirgí insoláthartha an tionscadail nuair a bheidh deireadh tagtha leis an tionscadal agus le haghaidh a lánpháirtithe sa phríomhshruth. Beidh an plean sin bunaithe ar chomhpháirtíochtaí leanúnacha idir lucht ceaptha beartas, soláthraithe oideachais agus oiliúna agus príomh‑gheallsealbhóirí tionscail ar an leibhéal iomchuí. Ba cheart sainaithint struchtúr rialachais iomchuí a chuimsiú ann, mar aon le pleananna le haghaidh inscálaitheachta agus inbhuanaitheacht airgeadais, cuir i gcás sainaithint fhéideartha acmhainní airgeadais (Eorpacha, náisiúnta agus príobháideacha) chun a chinntiú go mbeidh inbhuanaitheacht fhadtéarmach ag na torthaí agus na tairbhí a bhainfear amach.
Le bheith incháilithe ar mhaoiniú, ní mór d’iarratais 70 pointe ar a laghad a ghnóthú (as 100 pointe ar an iomlán), agus an tairseach íosta atá riachtanach le haghaidh gach ceann de na ceithre chritéar dámhachtana á cur san áireamh: uasmhéid 15 phointe le haghaidh na catagóire ‘ábharthacht an tionscadail’; 15 phointe le haghaidh ‘cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail’, 10 phointe le haghaidh ‘cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair’ agus 10 phointe le haghaidh ‘tionchar’.
Na tograí ex aequo faoin tosaíocht chéanna tabharfar tosaíocht dóibh de réir na scór a bheidh dáfa orthu le haghaidh an chritéir dámhachtana ‘Ábharthacht’ agus ansin ‘Tionchar’.
Beidh sé d’aidhm ag an gCoiste Meastóireachta, más féidir, cumhdach cothrom tosaíochtaí a chinntiú.
Cad iad na rialacha cistiúcháin atá ann?
Leanann an ghníomhaíocht seo samhail cistiúcháin cnapshuime. Cinnfear méid na ranníocaíochta cnapshuime aonair le haghaidh gach deontais bunaithe ar bhuiséad measta na gníomhaíochta atá beartaithe ag an iarratasóir. Socróidh an t‑údarás deonúcháin cnapshuim gach deontais bunaithe ar an togra, ar an toradh meastóireachta, ar na rátaí cistiúcháin agus ar uasmhéid an deontais atá socraithe sa ghlao.
Is mar a leanas an deontas uasta ón Aontas in aghaidh an tionscadail:
- Le haghaidh Bheart 1 - Oideachas Digiteach (Trasearnálach): EUR 1 500 000
- Le haghaidh Bheart 2 - Gairmoideachas agus Gairmoiliúint (VET) : EUR 900 000
- Le haghaidh Bheart 3 - Oideachas aosach: EUR 1 000 000
Is é an líon uasta tionscadal atá le maoiniú:
Le haghaidh gach birt: níl aon teorainn uasta ar an líon tionscadal seachas na srianta buiséadacha.
Le haghaidh Bheart 1: tá sprioc táscach 3 thionscadal in aghaidh na tosaíochta ann.
Conas a chinntear cnapshuim an tionscadail?
Ní mór d’iarratasóirí tábla buiséid mionsonraithe a líonadh isteach de réir na foirme iarratais, agus na pointí seo a leanas á gcur san áireamh:
- Ba cheart an buiséad a bheith mionsonraithe mar is gá ag an tairbhí/na tairbhithe agus eagraithe i bpacáistí oibre comhleanúnacha (mar shampla roinnte i ‘bainistíocht tionscadail’, ‘anailís’, ‘oiliúint’, ‘eagrú imeachtaí’, ‘cur chun feidhme na samhla’, ‘plean gníomhaíochta fadtéarmach’, ‘cumarsáid agus scaipeadh’, ‘dearbhú cáilíochta’ srl.);
- Leis an togra ní mór tuairisc a thabhairt ar na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le gach pacáiste oibre;
- Ní mór d’iarratasóirí miondealú ar na costais mheasta a sholáthar ina dtogra lena léirítear an scair in aghaidh an phacáiste oibre (agus, laistigh de gach pacáiste oibre, an scair atá sannta do gach tairbhí agus eintiteas cleamhnaithe);
- Sna costais ar a dtugtar tuairisc is féidir costais ball foirne, costais taistil agus chothaithe, costais trealaimh agus fochonraitheoireachta mar aon le costais eile (amhail scaipeadh faisnéise, foilsiú, aistriú) a chumhdach.
Déanfar meastóireacht ar thograí de réir na nósanna imeachta meastóireachta caighdeánacha le cuidiú ó shaineolaithe inmheánacha agus/nó seachtracha. Déanfaidh na saineolaithe measúnú ar cháilíocht na dtograí de réir na gceanglas a shainítear sa ghlao agus thionchar, cháilíocht agus éifeachtúlacht mheasta na gníomhaíochta. Beidh an chnapshuim teoranta do 80 % ar a mhéad den bhuiséad measta a chinntear tar éis na meastóireachta.
I ndiaidh na meastóireachta ar an togra, cinnfidh an t‑oifigeach údarúcháin méid na cnapshuime, agus torthaí an mheasúnúcháin a rinneadh á gcur san áireamh.
Socrófar paraiméadair an deontais (uasmhéid deontais, ráta cistiúcháin, costais incháilithe iomlána, srl.) sa chomhaontú deontais. Ní cheadaítear tacaíocht airgeadais do thríú páirtithe. Ceadaítear costais d’oibrithe deonacha agus FBManna. Féach Cuid C den Treoir Cláir seo, an roinn ‘Costais dhíreacha incháilithe’.
Faoi Bheart 2, tosaíocht 5, ba cheart costais a bhaineann le himeacht chomhpháirteach amháin in aghaidh na bliana go táscach a chuimsiú leis an togra lena gceadófaí malartú dea‑chleachtas agus comhar le tionscadail eile a roghnaítear faoin tosaíocht (suas le beirt in aghaidh an iarratais/na himeachta comhpháirtí).
Déanfar meastóireacht ar éachtaí an tionscadail de réir na dtorthaí a chuirtear i gcrích. Leis an scéim cistiúcháin, d’fhéadfaí díriú ar na haschuir seachas ar na hionchuir, rud a chuirfeadh béim ar cháilíocht agus leibhéal gnóthachtála cuspóirí intomhaiste.
Tugtar tuairisc ar níos mó mionsonraí i samhail an chomhaontaithe deontais atá le fáil ar an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana (TDCT).
- 1 https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/economy-works-people/jobs-growth-and-investment/european-pillar-social-rights/european-pillar-social-rights-action-plan_en
- 2 https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1223&langId=en
- 3 https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A32020H1202%2801%29
- 4 https://www.cedefop.europa.eu/files/osnabrueck_declaration_eu2020.pdf
- 5 https://op.europa.eu/webpub/empl/VET-skills-for-today-and-future/en
- 6 https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/economy-works-people/jobs-growth-and-investment/european-pillar-social-rights/european-pillar-social-rights-action-plan_en
- 7 https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1223&langId=en
- 8 https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/ALL/?uri=CELEX%3A32016H1224%2801%29
- 9 https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/european-green-deal-communication_en.pdf
- 10 https://www.un.org/sustainabledevelopment/sustainable-development-goals/
- 11 https://ec.europa.eu/clima/policies/international/negotiations/paris_en
- 12
- https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catid=1223&langid=en
- 13 https://eur-lex.europa.eu/legal-content/en/txt/?uri=celex%3a32020h1202%2801%29
- 14 https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A32022H0627%2802%29&qid=165634972986
- 15 https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A32022H0627%2803%29&qid=1656361055059
- 16 fhttps://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-14485-2021-INIT/en/pd
- 17 https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/ALL/?uri=CELEX%3A32016H1224%2801%29
- 18 https://ec.europa.eu/education/education-in-the-eu/digital-education-action-plan_ga
- 19 Is í an fhaisnéisíocht an disciplín atá mar bhonn taca faoi na hinniúlachtaí is gá chun an domhan digiteach a thuiscint.
- 20 https://education.ec.europa.eu/focus-topics/digital-education/action-plan/action-7
- 21 D’fhéadfaí a chuimsiú leo, mar shampla, féilte haiceála le haghaidh foghlaimeoirí VET agus soláthraithe VET, nó imeachtaí a chuireann timpeallachtaí tarraingteacha nuálacha chun cinn, mar shampla, tríd an réaltacht fhíorúil. Ba cheart faisnéis choincréiteach maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint a scaipeadh i bhfeachtais agus in imeachtaí sna tíortha lena mbaineann, ag díriú ar thuismitheoirí, foghlaimeoirí, múinteoirí, oiliúnóirí agus ar fhostóirí, mar shampla, i ndáil leis na nithe seo a leanas: 1) infhostaitheacht a chumhdach bunaithe ar rianú céimithe VET agus ar réamhaíocht agus ar réamhaisnéis scileanna; 2) cur leis an dul i ngleic le steiréitíopaí inscne sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint; 3) deiseanna tréscaoilteachta a chur chun cinn idir an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint agus an t‑ardoideachas/an t‑ard‑ghairmoideachas agus an ard‑ghairmoiliúint