Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

An Treoirleabhar Erasmus+

Buntreoir chun Erasmus+ a thuiscint.

Slide

An leagan reatha

Leagan 1 de 28.11.2023.

Maidir le Treoir an Chláir

Is uirlis thábhachtach é Treoirleabhar Erasmus+ d'aon duine ar mhaith leis mioneolas a chur ar Erasmus+. Déanann sé liosta cuimsitheach deiseanna a fhaigheann tacaíocht ón gclár a chur ar fáil d’eagraíochtaí agus do dhaoine rannpháirteacha.

Dlúthchuid den Ghlao ar Thograí Erasmus+ 2024 is ea é.

Na daoine ar cheart dóibh é a léamh

Ní mór d'eagraíochtaí agus d'institiúidí atá ag lorg maoiniú faoi chuimsiú an ghlao sin cloí leis na coinníollacha rannpháirtíochta agus maoiniúcháin atá leagtha amach sa Treoirleabhar.

Tá eolas sa doiciméad sin faoi na nithe seo a leanas:

  • tosaíochtaí an chláir,
  • na gníomhaíochtaí a gcuirtear tacaíocht ar fáil dóibh
  • an maoiniú atá ar fáil i gcomhair gníomhaíochtaí éagsúla
  • mionsonraí maidir le rannpháirtíocht

Conas an leagan is déanaí a léamh

Foilsítear an Treoirleabhar i bhformáid gréasáin agus mar pdf is féidir a íoslódáil.

Ar líne

Is formáid inrochtana gréasáin í seo a bhfuil feidhmiúlacht chuardaigh aici.

Féach leat an Treoirleabhar ar líne

Download

Related documents

Na teangacha a bhfuil fáil orthu

Tá an Treoirleabhar le fáil i 23 theanga faoi láthair.

Má bhíonn ciall leaganacha teanga éagsúla ag teacht salach ar a chéile, is é an leagan Béarla atá údarásach.

Leaganacha roimhe seo:

Cartlann

Tabhair cuairt ar an gcartlann chun leaganacha den Treoirleabhar a bhí ann roimhe a fheiceáil.

Conas iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú Erasmus+

An bhfuil spéis agat a fháil amach conas iarratas a dhéanamh ar dheiseanna trí chlár Erasmus+?

Faigh tuilleadh eolais faoin bpróiseas iarratais

Iarratais ó eagraíochtaí

Iarrtar ar eagraíochtaí a bhfuil spéis acu ann iarratas a chur isteach trína nGníomhaireacht Náisiúnta nó tríd an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr.

Iarratas aonair a dhéanamh

Más maith leat iarratas aonair a dhéanamh, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le d’eagraíocht, d’institiúid nó d’institiúid oideachais.