Acadaimh Múinteoirí Erasmus+
Sna Conclúidí ón gComhairle ó Bhealtaine 2020 maidir le Múinteoirí agus Oiliúnóirí Eorpacha don Todhchaí1 , athdhearbhaíodh ról na múinteoirí mar chlocha coirnéil an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus iarrtar tacaíocht bhreise ar mhaithe le forbairt gairme agus inniúlachtaí múinteoirí chomh maith leis an bhfolláine ag gach céim dá ngairm. Sna Conclúidí, cuireadh i dtábhacht na tairbhí a bhaineann le soghluaisteacht múinteoirí agus an gá atá ann an tsoghluaisteacht a dhaingniú mar chuid d’oideachais tosaigh agus d’oideachas leanúnach múinteoirí. Thairis sin, iarradh sna Conclúidí ar an gCoimisiún tacú le comhar níos dlúithe idir soláthraithe oideachais múinteoirí laistigh de chontanam na forbartha gairmiúla múinteoirí.
Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún in 2020 maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 20252 aithnítear an príomhról atá ag múinteoirí agus oiliúnóirí agus leagtar síos an fhís a bhaineann le hoideoirí thar ar a bheith inniúil agus spreagtha a bheith ann atá in ann tairbhiú de réimse deiseanna tacaíochta agus forbartha gairmiúla ar feadh a ngairmeacha éagsúla. Beartaítear leis sin roinnt gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh ghairmeacha teagaisc inniu, lena n‑áirítear an plean chun Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ a sheoladh.
Leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach ón gCoimisiún (2021‑2027)3 , cuirtear i dtábhacht an gá atá ann a chinntiú go mbeidh an mhuinín agus na hinniúlachtaí ag na múinteoirí agus na hoiliúnóirí uile chun an teicneolaíocht a úsáid go héifeachtach agus go cruthaitheach chun dul i mbun plé le foghlaimeoirí agus iad a spreagadh chomh maith lena chinntiú go bhforbróidh na foghlaimeoirí uile a n‑inniúlachtaí digiteacha chun dul i mbun foghlama, chun bheith ina gcónaí agus chun oibriú i saol atá níos digitithe fós.
I mí na Samhna 2023, ghlac an Chomhairle an Moladh maidir leis na príomhthosca cumasúcháin le haghaidh oideachas digiteach agus oiliúint dhigiteach rathúil</span> ’4 , lena n‑iarrtar ar Bhallstáit den Aontas Eorpach rochtain uilíoch ar oideachas agus ar oiliúint dhigiteach ardcháilíochta chuimsitheach a chinntiú. Leis an moladh, iarrtar ar Bhallstáit den Aontas Eorpach straitéisí náisiúnta a fhorbairt le haghaidh oideachas agus scileanna digiteacha, oibriú go dlúth le páirtithe leasmhara, infheistíocht a dhéanamh i dtrealamh digiteach, i mbonneagar digiteach, in uirlisí agus in inneachar digiteach agus oiliúint spriocdhírithe a spreagadh chun tacú le múinteoirí in úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha sa teagasc agus san fhoghlaim. Thairis sin, ghlac an Chomhairle an Moladh maidir le feabhas a chur ar sholáthar scileanna digiteacha san oideachas agus san oiliúint’5 , lena n‑iarrtar ar Bhallstáit den Aontas Eorpach scileanna digiteacha a sholáthar ar bhealach comhleanúnach trí gach earnáil den oideachas agus den oiliúint. Moltar sa mholadh go ndéanfadh Ballstáit den Aontas Eorpach gníomhaíochtaí chun borradh a chur faoi fhorbairt na scileanna digiteacha ar gach leibhéal oideachais agus oiliúna, ó bhunscileanna digiteacha go hardscileanna digiteacha agus sainscileanna digiteacha, agus an intleacht shaorga san áireamh.
An Moladh ón gComhairle maidir le ‘Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile’6 , is aithint bhreise atá ann gurb iad múinteoirí, oiliúnóirí agus ceannairí scoile ceann feadhna fíor-riachtanach an oideachais agus na hoiliúna agus cuirtear i dtábhacht leis an Moladh gur gá a n‑inniúlachtaí a fhorbairt a thuilleadh agus a thabhairt cothrom le dáta. I measc na mbeart atá beartaithe leis an Moladh, moltar do na Ballstáit an cuimsiú, an chothroime agus an éagsúlacht a leabú, tuiscint a fháil ar an tearcghnóthachtáil agus ar an díscor, agus aghaidh a thabhairt ar an bhfolláine, ar an meabhairshláinte agus ar an mbulaíocht sna cláir reachtúla uile um oideachas tosaigh múinteoirí (ITE). Thairis sin, cuirtear i dtábhacht leis an moladh an gá atá le hoideachas tosaigh múinteoirí atá ar ardcháilíocht agus atá bunaithe ar thaighde agus le forbairt ghairmiúil leantach (CPD) chun ceannairí scoile, múinteoirí, oiliúnóirí agus baill foirne eile oideachais a ullmhú chun tuiscint a fháil ar fhachtóirí riosca agus cosanta a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an bhfeidhmíocht acadúil, ar an díscor nó ar luathfhágáil an oideachais agus na hoiliúna, mar aon le deacrachtaí sóisialta, mothúchánacha agus iompraíochta; an fholláine, an míchumas agus saincheisteanna meabhairshláinte a thuiscint, agus strus iarthrámach san áireamh agus tacú le hinniúlachtaí sóisialta agus mothúchánacha na bhfoghlaimeoirí a fhorbairt.
D’ainneoin thionchar dearfach na soghluaisteacht foghlama ar an gcoigríoch ar fhorbairt ghairmiúil na múinteoirí agus ar chórais oideachais chomh maith, níl sí leabaithe go héifeachtach san oideachas múinteoirí fós, mar gheall ar mhórán bacainní praiticiúla ar cheart deireadh a chur leo trí bheartais níos comhsheasmhaí. Chuige sin, leis an Moladh ón gComhairle ‘An Eoraip ag bogadh ’ – deiseanna soghluaisteachta foghlama do chách’7 , cuimsítear iarscríbhinn thiomnaithe ina ndírítear ar shoghluaisteacht múinteoirí. Leagtar amach san iarscríbhinn sin sraith gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar shoghluaisteacht na múinteoirí atá sainaitheanta i mBallstáit den Aontas Eorpach, mar shampla, soghluaisteacht a lánpháirtiú in oideachas tosaigh agus i bhforbairt ghairmiúil na múinteoirí, feabhas a chur ar chomhar ar an leibhéal áitiúil trí chur chuige straitéiseach a fhorbairt agus a chur chun feidhme i dtreo soghluaisteachta múinteoirí, soghluaisteacht múinteoirí a leabú i bhforbairt fhoriomlán scoileanna, na hacmhainní lena bhfuil gá a leithdháileadh; na buntáistí a bhaineann le soghluaisteacht foghlama a chur chun cinn agus tacú léi leis an oiliúint riachtanach.
Tá gá le feabhas a chur ar tharraingteacht na gairme: sna tíortha san Aontas a bhíonn páirteach i suirbhé TALIS ECFE, ar an meán, mheas níos lú ná 20 % de mhúinteoirí meánscoile go bhfuil ag an tsochaí meas ar a ngairm.
Tá aosú gairmithe múinteoireachta ina ábhar imní toisc go bhféadfadh na rabhartaí scoir atá ar na bacáin a bheith ina gcúis le ganntanais múinteoirí i dtír. In ainneoin go gcuirtear forbairt ghairmiúil leantach ar fáil go forleathan, bíonn easpa deiseanna forbartha gairmiúla á tuairisciú ag na múinteoirí féin fós de réir shuirbhé TALIS de chuid ECFE.
Leis an Council Resolution on a strategic framework for European cooperation in education and training towards the European Education Area and beyond [Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide i gcéin] (2021‑2030), tagraítear d’acmhainneacht Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ maidir leis an líonrú, comhroinnt an eolais agus an tsoghluaisteacht a éascú agus le deiseanna foghlama a sholáthar do mhúinteoirí agus d’oilúnóirí ag gach céim de ghairmeacha múinteoirí agus oiliúnóirí.
Léirítear freisin i dTuarascáil Faireacháin 2023 ar Oideachas agus Oiliúint go bhfuil ganntanais mhóra múinteoirí i ndán do na tíortha Eorpacha uile nach mór, ar bhonn uilechoiteann nó in ábhair áirithe ar nós na heolaíochta, nó i bpróifílí sonracha, cuir i gcás teagasc daltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu.
Tá sé d’aidhm ag Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin trí dhlúthchomhar a chur chun cinn idir eagraíochtaí atá gníomhach san oideachas agus oiliúint tosaigh agus leanúnach múinteoirí, obair eile atá déanta chun an Limistéar Oideachais a bhaint amach á comhlánú acu, agus cuidiú leis na torthaí a aistriú chuig an gceapadh beartais náisiúnta agus réigiúnach agus na torthaí sin a aistriú ar deireadh chuig oideachas múinteoirí agus tacaíocht le haghaidh scoileanna.
Tá na hAcadaimh le cur leis na nuálaíochtaí agus leis an gcleachtas éifeachtach atá ann cheana laistigh den oideachas náisiúnta múinteoirí agus den chomhar Eorpach, agus forbróidh na hAcadaimh a thuilleadh iad. Tá aird ar leith le tabhairt ar chleachtas éifeachtach a scaipeadh agus a shaothrú i dtíortha éagsúla agus i measc soláthraithe éagsúla oideachais múinteoirí, agus ar aiseolas agus ar thionchar a chinntiú ar leibhéal beartais freisin.
Cuspóirí na gníomhaíochta
Is é is cuspóir foriomlán don ghníomhaíocht seo comhpháirtíochtaí Eorpacha d’institiúidí oideachais agus de sholáthraithe oideachais múinteoirí8 a chruthú chun Acadaimh Múinteoirí a chur ar bun lena bhforbrófar dearcadh Eorpach agus idirnáisiúnta san oideachas múinteoirí.
Tá sé d’aidhm ag na hAcadaimh sin oideachas múinteoirí a fhorbairt i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais sa bheartas oideachais agus rannchuidiú le cuspóirí an Limistéir Eorpaigh Oideachais a bhaint amach. Dírítear leis an ngníomhaíocht ar an líonrú, ar an tsoghluaisteacht agus ar mhodhanna nuálacha, agus cuimseofar inti freisin topaicí a bhaineann leis an ilteangachas, leis an bhfeasacht teanga agus leis an éagsúlacht chultúrtha.
Tá na cuspóirí seo a leanas ag Acadaimh Múinteoirí Erasmus+:
- Rannchuidiú le feabhsú beartas agus cleachtas maidir le hoiliúint múinteoirí san Eoraip trí líonraí agus pobail chleachtais a chruthú maidir le hoiliúint múinteoirí lena dtugtar le chéile soláthraithe oiliúna tosaigh múinteoirí (oiliúint réamhsheirbhíse le haghaidh ábhair múinteora) agus soláthraithe forbartha gairmiúla leanúnaí (ar bhonn inseirbhíse), gníomhaithe ábhartha eile, cuir i gcás comhlachais múinteoirí, aireachtaí agus páirtithe leasmhara chun forbairt agus tástáil a dhéanamh ar straitéisí agus cláir le haghaidh foghlaim ghairmiúil atá éifeachtach, inrochtana agus inaistrithe chuig comhthéacsanna eile.
- Forbairt agus tástáil chomhpháirteach a dhéanamh ar shamhlacha éagsúla soghluaisteachta (de chineál fíorúil, fisiciúil agus cumaisc) in oiliúint tosaigh múinteoirí agus mar chuid d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach múinteoirí chun feabhas a chur ar cháilíocht agus méid na soghluaisteachta chomh maith le cuid lárnach den soláthar oiliúna múinteoirí san Eoraip a dhéanamh den tsoghluaisteacht.
- Comhar inbhuanaithe a fhorbairt idir soláthraithe oiliúna múinteoirí le tionchar ar cháilíocht na hoiliúna múinteoirí san Eoraip agus d’fhonn bonn eolais a chur faoi bheartais oiliúna múinteoirí ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta.
- Feabhas a chur ar an éirim Eorpach agus idirnáisiúnú na hoiliúna múinteoirí trí chomhar nuálach praiticiúil le hoideoirí múinteoirí agus múinteoirí i dtíortha Eorpacha eile agus trí eispéiris a chomhroinnt le haghaidh forbairt bhreise oiliúna múinteoirí san Eoraip.
Ba cheart d’Acadaimh Múinteoirí tosaíocht amháin nó níos mó a shainaithint agus oibriú uirthi nó orthu, a bheidh ina tosaíocht nó ina dtosaíochtaí atá ábhartha ar leith dá gcomhpháirtíocht agus sineirgí leis na tosaíochtaí eile a fhiosrú, d’fhonn oideachas ardcháilíochta/forbairt ghairmiúil a fheabhsú, agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha na múinteoirí (agus riachtanais na ndaoine is ábhair múinteoirí iad), go háirithe trí chúrsaí, modúil agus deiseanna foghlama eile do mhúinteoirí a chur ar fáil maidir leis na nithe seo a leanas:
1. An cuimsiú agus an éagsúlacht, go háirithe:
Chun cuidiú le múinteoirí na hinniúlachtaí riachtanacha a fháil, mar shampla, an t‑eolas, na scileanna agus na dearcthaí chun leanaí/mic léinn ar lú na deiseanna atá acu a chuimsiú san oideachas, cuir i gcás leanaí/mic léinn faoi mhíchumas nó ag a bhfuil riachtanais speisialta, ag a bhfuil cúlra imircigh nó dídeanaí, chomh maith le leanaí/mic léinn atá ina gcónaí i gceantair thuaithe agus iargúlta ar nós na réigiún is forimeallaí, leanaí/mic léinn nach mór dóibh dul i ngleic le neamhionannas inscne, a bhfuil deacrachtaí socheacnamaíocha acu nó aon fhoinse fhéideartha eile de neamh‑idirdhealú bunaithe ar ghnéis, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach. Ciallaíonn sé sin freisin tuiscint a fháil ar an tearcghnóthachtáil mar a léirítear i dtorthaí an Chláir Idirnáisiúnta um Measúnú Daltaí (PISA) 20229 , Le samplaí cuimsítear: Inniúlachtaí a fhorbairt chun teagasc i suíomhanna ilteangacha agus ilchultúrtha, maidir le cleachtais inscne‑íogair, leis an oideachas cuimsitheach do leanaí ag a bhfuil riachtanais speisialta, maidir le timpeallachtaí foghlama tacúla a chruthú agus straitéisí lena dtabharfar aghaidh ar fholláine foghlaimeoirí agus múinteoirí ar scoil, maidir le tacaíocht shíceasóisialta a sholáthar, maidir leis an mbealach chun úsáid a bhaint as cineálacha éagsúla cur chuige foghlama agus as an bhfoghlaim chumaisc, agus oideolaíocht idirdhisciplíneach ar fud ábhair dhifriúla san áireamh, agus lena dtugtar aird ar leith ar na healaíona, agus ar mhodhanna agus uirlisí measúnaithe fhoirmithigh chomh maith.
Múinteoirí a ullmhú chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní atá ar na grúpaí sin maidir leis an oideachas a rochtain, chomh maith le rannchuidiú le timpeallachtaí cuimsitheacha a chruthú a chothaíonn cothroime agus cothromas, agus atá freagrúil do riachtanais an phobail i gcoitinne; caidrimh iontaobhais a chothú le foghlaimeoirí, tuismitheoirí, teaghlaigh agus cúramóirí; úsáid a bhaint as cleachtais chomhoibríocha agus oibriú i bhfoirne ildisciplíneacha i scoileanna.
Tagairtí breise:
- Moladh ón gComhairle maidir le comhluachanna, an t‑oideachas cuimsitheach agus gné Eorpach an teagaisc a chur chun cinn10
- Moladh ón gComhairle maidir le Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile (lena n‑ionadaítear an Moladh ón gComhairle an 28 Meitheamh 2011 maidir le beartais chun luathfhágáil na scoile a laghdú)11
- Aschuir Mheitheal an Limistéir Eorpaigh Oideachais maidir le conairí i dtreo na rathúlachta scoile12
2. An fholláine, go háirithe:
Prionsabail folláine a lánpháirtiú go hiomlán i gcláir um Oideachas Tosaigh Múinteoirí: an bonn a leagan síos chun ábhair múinteora amach anseo a chumhachtú chun úinéireacht a ghlacadh ar a bhfolláine (straitéisí idirghabhála féinchabhrach, foghlaim shóisialta agus mhothúchánach mar shampla), chun na hinniúlachtaí is gá a fhorbairt chun caidreamh cairdiúil, comhbhách agus comhoibríoch a thógáil le mic léinn, comhghleacaithe, tuismitheoirí (agus le mic léinn, comhghleacaithe, tuismitheoirí a bheidh ann amach anseo), agus san áireamh leis sin, inniúlachtaí chun coinbhleachtaí a réiteach go cuiditheach, meantóireacht a sholáthar do mhúinteoirí faoi oiliúint agus do chláir um rólchuspaí.
Forbairt ghairmiúil leantach (CPD) agus tacaíocht a sholáthar do mhúinteoirí, oideoirí agus ceannairí scoile maidir le folláine: oiliúint, treoraíocht agus caighdeáin CPD a dhearadh ina gcuimsítear an dá pheirspictíocht a bhaineann le hoiliúint a chur ar mhúinteoirí ar mhaithe lena bhfolláine phearsanta agus uirlisí a sholáthar dóibh chun tacú lena bhfoghlaimeoirí.
3. An comhshaol, an t‑athrú aeráide agus an inbhuanaitheacht, go háirithe:
Tacú le foghlaimeoirí a bheith ina ngníomhaithe don athrú agus machnamh a dhéanamh agus gníomhú, ar bhonn aonair agus comhchoiteann agus go háitiúil agus go domhanda araon, ar mhaithe le domhan níos inbhuanaithe. Is cúram práinneach ó thaobh an oideachais agus na hoiliúna de go dtabharfar aghaidh ar an athrú aeráide agus an inbhuanaitheacht a leabú sa teagasc agus san oiliúint. Tá oideachas múinteoirí ar cheann de na catalaígh is suntasaí don aistriú glas, ós rud é go bhforbraítear inniúlachtaí inbhuanaitheachta dá bharr, rud a thacaíonn le foghlaimeoirí an t‑aistriú sin a mhúnlú dá réir.
Oiliúint/oideachas gairmiúil a chur ar fáil do mhúinteoirí (d’ábhar múinteoirí) maidir leis an aeráid, le géarchéimeanna comhshaoil agus leis an inbhuanaitheacht; inniúlachtaí inbhuanaitheachta múinteoirí/oideoirí agus ceannairí oideachais (ábhair múinteora/oideora agus ceannaire) a fhorbairt; cineálacha cur chuige féinmheastóireachta agus cleachtas machnamh a chur chun cinn.
Tacú le múinteoirí chun oideolaíochtaí a ghlacadh agus cleachtais nuálacha a thástáil, ar nós cineálacha cur chuige idirdhisciplíneacha agus cuir chuige atá bunaithe ar fhadhbanna agus lena bhfeabhsaítear an teagasc agus an fhoghlaim maidir leis an inbhuanaitheacht, cuir i gcás na gnéithe soch‑mhothúchánacha agus ag déileáil leis an imní faoin gcomhshaol. Cineálacha cur chuige lánpháirtithe a chur ar fáil lena gceanglaítear gnéithe téamacha agus oideolaíocha.
Féachaint ar conas is féidir le huirlisí agus teicneolaíochtaí digiteacha an teagasc agus an fhoghlaim faoin aeráid, faoin ngéarchéim chomhshaoil agus faoin inbhuanaitheacht a fheabhsú agus ar conas is féidir déileáil leis an aistriú digiteach agus leis an aistriú glas ar bhealaí lena dtreisítear an dá aistriú san oideachas múinteoirí.
Cineálacha cur chuige i leith na hinbhuanaitheachta a chothú ar bhealach lena gcuimseofar an institiúid iomlán, measúnú a dhéanamh ar an bhfoghlaim faoin inbhuanaitheachta, acmhainní teagaisc ar ardchaighdeán a fhorbairt mar aon le curaclaim lena ndíreofar ar an todhchaí.
Féachaint ar dheimhniú na hoiliúna múinteoirí maidir le hinbhuanaitheacht trí micridhintiúir; treoirlínte a fhorbairt chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na gclár forbartha gairmiúla agus na n‑acmhainní a bhaineann leis an inbhuanaitheacht.
Tagairtí breise:
- Moladh ón gComhairle maidir le foghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe13
- Creat GreenComp14
- Aschuir Mheitheal an Limistéir Eorpaigh Oideachais um fhoghlaim maidir leis an inbhuanaitheacht15
4 . Fothú acmhainneachta digití múinteoirí, foghlaimeoirí agus eagraíochtaí, go háirithe:
Tacú leis an ngá le dul i mbun plé le múinteoirí (agus ábhair múinteora) maidir leis an gclaochlú digiteach, d’fhonn tarraingt ar chumas na dteicneolaíochtaí digiteacha, agus intleacht shaorga san áireamh, don teagasc agus don fhoghlaim agus gnéithe eiticiúla na dteicneolaíochtaí sin á dtuiscint go hiomlán agus aghaidh á tabhairt ar na gnéithe sin an tráth céanna; scileanna digiteacha a fhorbairt do chách; tacú le folláine dhigiteach múinteoirí agus mac léinn agus acmhainneacht dhigiteach agus ullmhacht na n‑institiúidí a fhothú.
Rannchuidiú le tosaíochtaí straitéiseacha an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach, (1) is é sin, éiceachóras oideachais dhigitigh ardfheidhmíochta a fhorbairt, trí fhothú acmhainneachta agus tuisceana criticiúla maidir le conas is féidir leas a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil le teicneolaíochtaí digiteacha agus na rioscaí a bhaineann leo a bhainistiú ar mhaithe leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim ar gach leibhéal agus straitéisí digiteacha institiúidí oideachais a fhorbairt agus a chur chun feidhme; agus (2) Scileanna agus inniúlachtaí digiteacha don chlaochlú digiteach a fheabhsú, trí úsáid a bhaint as na Treoirlínte do mhúinteoirí agus oideoirí maidir le dul i ngleic leis an mbréagaisnéis chomh maith mar aon agus maidir leis an litearthacht dhigiteach a chur chun cinn tríd an oideachas.
Tacú le húsáid, lena ngabhann cuspóir, a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha ar mhaithe le rannpháirteachas gairmiúil; teagasc, foghlaim agus measúnú; foghlaimeoirí a chumhachtú agus tacú leo a gcuid scileanna digiteacha a fhorbairt.
An féinmhachnamh a chur chun cinn mar mheicníocht le haghaidh cumas gníomhúcháin, fhéin‑éifeachtúlacht agus ghníomhaíocht múinteoirí.
Tacú le forbairt na hoideolaíochta digití agus an tsaineolais dhigitigh san úsáid uirlisí digiteacha, agus teicneolaíochtaí inrochtana agus cúnta san áireamh chomh maith le hinneachar oideachais dhigitigh a chruthú agus a úsáid ar bhealach nuálach. Tabharfar aird ar leith ar an gcomhionannas inscne a chur chun cinn agus ar aghaidh a thabhairt ar dhifríochtaí i ndáil leis an rochtain agus leis an úsáid ag grúpaí tearcionadaithe.
Spreagtar úsáid a bhaint as na creataí Eorpacha um inniúlachtaí digiteacha oideoirí, saoránach agus eagraíochtaí mar aon le huirlisí SELFIE agus uirlisí SELFIE do Mhúinteoirí.
Tagairtí breise:
- An Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (2021-2027)16
- Moladh ón gComhairle maidir leis na príomhthosca cumasúcháin le haghaidh oideachas digiteach agus oiliúint dhigiteach rathúil17
- Moladh ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar sholáthar scileanna agus inniúlachtaí digiteacha san oideachas agus san oiliúint18
- Creat DigCompEdu19
- Uirlisí SELFIE.20
5. ETIM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic) agus ETIEM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht, na hEalaíona agus Matamaitic)
Cuidiú le múinteoirí na hinniúlachtaí riachtanacha a fháil trí oiliúint tosaigh múinteoirí agus trí fhorbairt ghairmiúil leantach chun teagasc agus foghlaim ETIM a dhéanamh níos ábhartha agus níos cuimsithí. Áirítear leis sin oideolaíochtaí agus modhanna measúnaithe nuálacha, foghlaim lánpháirtithe/idirdhisciplíneach ETI(E)M i gcomhthéacsanna cultúir, comhshaoil, eacnamaíocha agus eile mar shampla, maille le rannpháirtíocht na ndisciplíní acadúla uile; inniúlachtaí, rannpháirteachas, rannpháirtíocht agus (gairm)‑mhianta ETIM na mac léinn a mhéadú; comhpháirtíochtaí a thógáil laistigh de phobail áitiúla le gníomhaithe agus tuismitheoirí chun tacú le deiseanna oideachais ETIM laistigh de chórais scoile agus lasmuigh díobh; tacú le spéis na gcailíní in ETIM agus steiréitíopaí inscne san oideachas agus i ngairmeacha oideachais a shárú (féach freisin Gníomh 13 den Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach); aghaidh a thabhairt ar riachtanais na mac léinn ó chúlraí cultúir agus socheacnamaíocha éagsúla.
6. Luachanna coiteanna, rannpháirteachas saoránach agus rannpháirtíocht, go háirithe:
- chun oiliúint a chur ar mhúinteoirí (ábhair múinteora) agus iad a ullmhú.
- an tsaoránacht ghníomhach agus an eitic a chur chun cinn ina dteagasc, agus forbairt na n‑inniúlachtaí sóisialta agus idirchultúrtha, na smaointeoireachta criticiúla agus na litearthachta sna meáin a chothú.
- deiseanna a chur ar fáil do leanaí/do mhic léinn páirt a ghlacadh sa saol daonlathach chomh maith le deiseanna le haghaidh rannpháirteachas saoránach agus sóisialta go háirithe trí ghníomhaíochtaí foghlama foirmiúla nó neamhfhoirmiúla.
- feasacht a mhúscailt ar chomhthéacs an Aontais Eorpaigh agus ar an tuiscint ar an gcomhthéacs sin a ardú, go háirithe a mhéid a bhaineann le luachanna coiteanna an Aontais, prionsabail na haontachta agus na héagsúlachta, chomh maith lena bhféiniúlacht chultúrtha, lena bhfeasacht chultúrtha agus lena n‑oidhreacht shóisialta agus stairiúil.
Tagairt bhreise:
- Moladh ón gComhairle maidir le comhluachanna, an t‑oideachas cuimsitheach agus gné Eorpach an teagaisc a chur chun cinn21 .
Critéir incháilitheachta
Ní mór do thograí tionscadail le haghaidh Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ na critéir seo a leanas a chomhlíonadh le bheith incháilithe le haghaidh deontas Erasmus+.
Eagraíochtaí rannpháirteacha incháilithe (cé atá in ann iarratas a dhéanamh?)
Chun bheith incháilithe, ní mór do na hiarratasóirí (tairbhithe agus eintitis chleamhnaithe, más infheidhme):
- a bheith ina n‑eintitis dhlíthiúla (comhlachtaí poiblí nó príobháideacha);
- a bheith bunaithe i gceann de na tíortha incháilithe, is é sin Ballstát den Aontas nó dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár (féach an roinn ‘Tíortha incháilithe’ i gCuid A den Treoir seo).
Eagraíochtaí atá bunaithe i dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár ní féidir leo páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht.
Ní mór don eagraíocht chomhordúcháin a bheith ina hInstitiúid Oiliúna Múinteoirí. Is í a dhéanann iarratas thar ceann na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha uile atá páirteach sa tionscadal. Ní féidir léi a bheith ina heintiteas cleamhnaithe.
Is féidir leis na hiarratasóirí (tairbhithe agus eintitis chleamhnaithe, más infheidhme), mar shampla (liosta nach bhfuil uileghabhálach):
- a bheith ina nInstitiúidí Oiliúna Múinteoirí (coláistí, institiúidí, ollscoileanna ina soláthraítear oiliúint tosaigh múinteoirí agus/nó forbairt ghairmiúil leanúnach) le haghaidh múinteoirí agus baill foirne in oideachas agus cúram na luath‑óige ar leibhéal 0-3 ISCED, agus múinteoirí gairmoideachais agus gairmoiliúna san áireamh;
- Aireachtaí nó comhlachtaí poiblí comhchosúla atá freagrach as beartais oideachais scoile;
- Comhlachtaí poiblí (áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta) agus príobháideacha atá freagrach as forbairt a dhéanamh ar bheartais agus ar tairiscintí le haghaidh na hoiliúna múinteoirí chomh maith le caighdeáin a shainiú le haghaidh cáilíochtaí múinteoirí;
- Comhlachais múinteoirí nó soláthraithe eile oiliúna múinteoirí agus forbartha gairmiúla leanúnaí atá aitheanta go náisiúnta;
- Údaráis atá freagrach as oideachas agus oiliúint múinteoirí agus maoirseacht a dhéanamh ar a bhforbairt ghairmiúil leanúnach agus a gcáilíochtaí;
- Scoileanna a oibríonn le soláthraithe oiliúna múinteoirí chun foráil a dhéanamh maidir le hoiliúint phraiticiúil mar chuid d’oiliúint múinteoirí;
- Eagraíochtaí nó scoileanna oideachais agus cúraim luath‑óige eile (idir bhunscoileanna agus ghairmoideachas agus ghairmoiliúint tosaigh) nó eagraíochtaí eile (eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhlachais múinteoirí mar shampla) atá ábhartha don tionscadal.
Féadfaidh eintitis eile a bheith páirteach i róil chuibhreannais eile, ar nós comhpháirtithe comhlachaithe.
Comhdhéanamh cuibhreannais (Líon agus próifíl na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha)
Seisear iarratasóir ar a laghad (tairbhithe; eintitis nach bhfuil cleamhnaithe, ó cheithre Bhallstát den Aontas nó tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár, a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
- Ar a laghad ceithre sholáthraí oideachais tosaigh múinteoirí atá bunaithe go náisiúnta ó thrí Bhallstát éagsúla den Aontas agus tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár, agus
- ar a laghad soláthraí amháin atá bunaithe go náisiúnta d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach (oiliúint inseirbhíse) le haghaidh múinteoirí, agus
- aon scoil cleachtais/oiliúna ar a laghad.
Féadfar a áireamh sa chuibhreannas freisin eintitis chleamhnaithe nó comhpháirtithe comhlachaithe, eagraíochtaí eile a bhfuil saineolas ábhartha acu san oiliúint múinteoirí agus/nó comhlachtaí a shainíonn caighdeáin, cáilíochtaí nó dearbhú cáilíochta le haghaidh oiliúint múinteoirí.
Suíomh geografach (Ionad na ngníomhaíochtaí)
Ní mór na gníomhaíochtaí seo a dhéanamh i mBallstáit an Aontais nó i dtríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár.
Gníomhaíochtaí a tharlaíonn i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, níl na gníomhaíochtaí sin incháilithe.
Fad an tionscadail
Ba cheart tréimhse 36 mhí a bheith i gceist leis na tionscadail de ghnáth (is féidir síneadh a chur léi, má tá údar cuí leis agus sin a dhéanamh trí bhíthin leasaithe ar an gcomhaontú deontais).
Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?
Chuig an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (EACEA) trí Thairseach an Aontais um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana.
Uimhir aitheantais an Ghlao: ERASMUS-EDU-2025-PEX-TEACH-ACA
Roimh iarratas a dhéanamh, féach na Ceisteanna Coitianta ábhartha in TDCT.
Cathain is féidir iarratas a dhéanamh?
Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoin 26 Márta ar 17:00:00 (am na Bruiséile).
Iarratas a dhéanamh
Chun eolas a fháil, féach Cuid C den Treoir seo.
Déanfar measúnú ar eagraíochtaí is iarratasóirí de réir na gcritéar eisiaimh agus roghnúcháin ábhartha. Chun breis eolais a fháil féach Cuid C den Treoir seo.
An tionscadal a bhunú
Déanfaidh gach Acadamh Múinteoirí tacar comhleanúnach cuimsitheach gníomhaíochtaí a chur chun feidhme, ar nós:
- Oibriú i gcomhar agus líonraí agus pobail chleachtais idirnáisiúnta a bhunú idir soláthraithe oideachais múinteoirí, comhlachais múinteoirí, eagraíochtaí poiblí a rannpháirtíonn in oideachais múinteoirí agus gníomhaithe ábhartha eile chun straitéisí agus cláir nuálacha a chruthú le haghaidh forbairt ghairmiúil tosaigh agus leantach le haghaidh múinteoirí agus scoileanna.
- Modúil foghlama chomhpháirteacha, nuálacha agus éifeachtacha ar oiliúint múinteoirí agus le haghaidh inniúlachtaí múinteoirí a fhorbairt agus a sheachadadh maidir le hábhair oideolaíocha dhúshlánacha agus/nó nua ar ábhair leasa choitinn iad. Tabharfaidh siad aghaidh ar riachtanais shainiúla na múinteoirí faoi oiliúint (mar chuid dá n‑oideachas tosaigh) agus na múinteoirí ar seirbhís (mar chuid den fhorbairt ghairmiúil leantach) agus ba cheart iad a bheith bunaithe ar anailsís chríochnúil ar riachtanais agus tástáil a dhéanamh orthu le linn an tionscadail.
- Tairiscint foghlama chomhpháirteach lena mbaineann éirim láidir Eorpach a fhorbairt lena n‑áirítear gníomhaíochtaí soghluaisteachta ina cineálacha uile, lena gcuirtear ar bun, mar shampla, scoileanna samhraidh, cuairteanna staidéir le haghaidh mic léinn agus múinteoirí chomh maith le cineálacha eile comhair traschampais, idir comhar fisiciúil agus fíorúil.
- Bealaí éifeachtacha a shainaithint chun bacainní ar an tsoghluaisteacht a bhaint agus dálaí a shainaithint, lena n‑áirítear socruithe praiticiúla agus aithint na foghlama, chun cur le líon agus cáilíocht na soghluaisteachta agus a cuimsiú mar chuid lárnach den tairiscint foghlama tosaigh agus leanúnaí le haghaidh múinteoirí.
- Ról a thabhairt do scoileanna agus go háirithe scoileanna oiliúna chun tástáil a dhéanamh agus bealaí nua nuálacha teagaisc a chomhroinnt (lena n‑áirítear le haghaidh cineálacha cur chuige cianfhoghlama agus foghlama cumaisc i leith an teagaisc agus na foghlama).
- Tabhairt faoi, i gcomhréir le cuspóirí an ghlao seo, staidéir, taighde agus/nó suirbhéanna nó bailiúcháin cleachtas éifeachtach chun achoimrí, plépháipéir, moltaí etc. a tháirgeadh chun plé a spreagadh agus bonn eolais a chur faoi bheartais maidir le hoiliúint múinteoirí.
- Uirlisí Erasmus+ atá ann cheana a chur chun cinn agus tús áite a thabhairt dóibh, mar shampla an r-Nascadh mar chuid den Ardán Eorpach um Oideachas Scoile, le haghaidh na soghluaisteachta fíorúla, an chomhair, agus na cumarsáide chun torthaí a thástáil agus a chomhroinnt agus Tacaíocht Teanga Ar Líne (OLS) chun feabhas a chur ar scileanna teanga le haghaidh na soghluaisteachta.
Critéir Dhámhachtana
Ábharthacht an tionscadail (scór uasta 35 pointe)
- Nasc le cuspóirí an ghlao : a mhéid a bhunaítear Acadamh Múinteoirí leis an togra d’fhonn feabhas a chur ar oideachas tosaigh agus leanúnach múinteoirí le foghlaim nuálach a chur ar fáil do mhúinteoirí i ndáil le ceann amháin ar a laghad de thosaíochtaí na gníomhaíochta:
- An cuimsiú agus an éagsúlacht;
- An fholláine;
- An comhshaol, an t‑athrú aeráide agus an inbhuanaitheacht;
- Fothú achmainneachta digití múinteoirí, foghlaimeoirí agus eagraíochtaí;
- ETIM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic) agus ETIEM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht, na hEalaíona agus Matamaitic);
- Luachanna coiteanna, rannpháirteachas saoránach agus rannpháirtíocht.
- Luachanna an Aontais: tá an togra ábhartha chun comhluachanna an Aontais a urramú agus a chur chun cinn, cuir i gcás meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, smacht reachta agus meas ar chearta an duine, chomh maith le troid in aghaidh aon sórt idirdhealaithe.
- Comhsheasmhacht: a mhéid atá an togra bunaithe ar anailís oiriúnach ar riachtanais; sainítear na spriocanna go soiléir, tá siad réalaíoch agus tugtar aghaidh leo ar shaincheisteanna atá ábhartha do na heagraíochtaí rannpháirteacha agus don ghníomhaíocht.
- Cur chuige nuálach: Leis an togra tugtar tuairisc shoiléir ar na modhanna agus teicnící úrscothacha, agus ar bhreisluach thorthaí an tionscadail. As an tionscadal tagann torthaí agus réitigh nuálacha dá réimse i gcoitinne, nó don chomhthéacs geografach ina gcuirtear an tionscadal chun feidhme (inneachar mar shampla; na haischuir a táirgeadh, na modhanna oibre a cuireadh i bhfeidhm, na heagraíochtaí nó na daoine lena mbaineann nó atá spriocdhírithe).
- Breisluach Eorpach: léirítear go soiléir leis an togra an breisluach ar leibhéal an duine aonair (foghlaimeoir agus/nó ball foirne), ar an leibhéal institiúideach agus sistéamach, a ghintear trí thorthaí a mbeadh sé deacair ar na comhpháirtithe iad a bhaint amach agus iad ag gníomhú gan comhar Eorpach; úsáidtear agus cuirtear chun cinn leis an togra na huirlisí atá ann cheana ar leibhéal an Aontais cuir i gcás r‑Nascadh agus Ardán Eorpach um Oideachas Scoile le haghaidh an chomhair, na cumarsáide, agus chun torthaí a thástáil agus a chomhroinnt.
- Idirnáisiúnú: léirítear leis an togra a rannchuidiú leis an éirim idirnáisiúnta den oiliúint múinteoirí, lena n‑áirítear forbairt samhlacha comhpháirteacha soghluaisteachta (de chineál fíorúil, fisiciúil agus cumaisc) agus tairiscint foghlama eile in oiliúint tosaigh múinteoirí agus i bhforbairt ghairmiúil leanúnach múinteoirí.
- Íogaireacht inscne: tugtar aghaidh sa togra ar chomhionannas inscne agus cuidítear le réitigh a fháil chun teagasc atá íogair ó thaobh inscne de a chothú go héifeachtach i scoileanna.
Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail (scór uasta 25 phointe)
- Comhleanúnachas: cinntítear leis an dearadh foriomlán tionscadail comhsheasmhacht idir cuspóirí an tionscadail, gníomhaíochtaí agus an buiséad atá beartaithe. Cuirtear i láthair sa togra tacar comhleanúnach cuimsitheach gníomhaíochtaí agus seirbhísí iomchuí chun freastal ar na riachtanais shainaitheanta agus chun na torthaí a bhfuil coinne leo a bhaint amach.
- Modheolaíocht: cáilíocht agus indéantacht na modheolaíochta a bheartaítear agus a iomchuí atá sé chun na torthaí a bhfuil coinne leo.
- Struchtúr: soiléireacht, iomláine agus cáilíocht an chláir oibre, lena n‑áirítear céimeanna iomchuí i ndáil le hullmhú, cur chun feidhme, monatóireacht, saothrú, meastóireacht agus scaipeadh.
- Bainistíocht: déantar foráil maidir le socruithe bainistíochta láidre. Sainítear amlínte, eagrú, cúraimí agus freagrachtaí go soiléir agus tá siad réalaíoch. Leis an togra leithdháiltear acmhainní iomchuí ar gach gníomhaíocht.
- Buiséad: déantar foráil sa bhuiséad maidir le hacmhainní iomchuí a bhfuil gá leo chun go n‑éireodh leis an tionscadal, ní dhéantar rómheastachán ar an mbuiséad ná ní mheastar faoina luach é.
- Bainistíocht riosca: sainaithnítear dúshláin/rioscaí an tionscadail go soiléir agus téitear i ngleic le bearta maolaithe go hiomchuí.
- Dearbhú Cáilíochta: déantar bearta rialaithe (meastóireacht leanúnach ar cháilíocht, piarmheasúnuithe, gníomhaíochtaí tagarmharcála, etc.) a chur i bhfeidhm go leordhóthanach.
- Uirlisí faireacháin: le bearta rialaithe (meastóireacht leanúnach ar cháilíocht, piarmheasúnuithe, gníomhaíochtaí tagarmharcála, etc.) agus táscairí cáilíochta cinntítear go bhfuil ardcháilíocht agus costéifeachtacht ag baint le cur chun cinn an tionscadail.
Cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair (scór uasta 20 pointe)
- Cumraíocht: mar chuid den togra tá meascán iomchuí d’eagraíochtaí rannpháirteacha comhlántacha ag a bhfuil an phróifíl, na hinniúlachtaí, an taithí agus an saineolas is gá chun gach gné den tionscadal a chur i gcrích go rathúil.
- Comhar le páirtithe leasmhara: bunaítear leis an gcomhpháirtíocht líonraí láidre leanúnacha agus pobail chleachtais ar na leibhéil áitiúla, náisiúnta agus trasnáisiúnta araon le soláthraithe oiliúna réamhsheirbhíse agus inseirbhíse múinteoirí, údaráis phoiblí atá rannpháirteach in oiliúint múinteoirí agus gníomhaithe ábhartha eile, agus lena bhfágtar gur féidir saineolas agus eolas a mhalartú go héifeachtach i measc na bpáirtithe leasmhara sin.
- Cothromaíocht gheografach: cuimsítear leis an gcomhpháirtíocht comhpháirtithe ábhartha ó limistéir gheografacha éagsúla, agus róil ghníomhacha acu sa tionscadal; thug an t‑iarratasóir údar le comhdhéanamh geografach na comhpháirtíochta agus léirigh sé a ábharthacht maidir le baint amach chuspóirí na nAcadamh Múinteoirí; cuimsítear leis an gcomhpháirtíocht réimse leathan iomchuí de gach gníomhaí ábhartha ar leibhéil áitiúla agus réigiúnacha.
- Comhar agus soghluaisteacht fhíorúil: tá an comhar nasctha le huirlisí Erasmus+ atá ann cheana, cuir i gcás r‑Nascadh agus an tArdán Eorpach um Oideachas Scoile.
- Gealltanas: is léir agus is iomchuí dáileadh na bhfreagrachtaí agus na gcúraimí, agus léirítear leis gealltanas agus rannchuidiú gníomhach na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha uile i ndáil lena saineolas agus lena n‑inniúlacht shonrach.
- Cúraimí: léiríonn an comhordaitheoir bainistíocht ardcháilíochta, cumas chun líonraí trasnáisiúnta a chomhordú agus ceannaireacht i dtimpeallacht chasta; leithdháiltear cúraimí aonair ar bhonn fhios gnó sonrach gach rannpháirtí.
- Comhar: beartaítear sásra éifeachtach chun comhordú, cinnteoireacht agus cumarsáid mhaith a chinntiú idir na heagraíochtaí rannpháirteacha, na rannpháirtithe agus aon pháirtí leasmhar ábhartha eile.
Tionchar (scór uasta 20 pointe)
- Saothrú: léirítear leis an togra conas a úsáidfidh na comhpháirtithe agus páirtithe leasmhara eile torthaí an tionscadail seo. Déantar foráil leis maidir le modhanna chun an saothrú a thomhas laistigh de shaolré an tionscadail agus ina dhiaidh sin.
- Scaipeadh: leis an togra soláthraítear plean soiléir, le linn shaolré an tionscadail agus i ndiaidh dheireadh an tionscadail, maidir le scaipeadh na dtorthaí, agus áirítear spriocanna, gníomhaíochtaí iomchuí, uainiú, uirlisí agus cainéil ábhartha lena chinntiú go ndéanfar na torthaí agus na tairbhí a scaipeadh go héifeachtach ar pháirtithe leasmhara, lucht ceaptha beartas, soláthraithe oiliúna múinteoirí, údaráis phoiblí, etc. laistigh de shaolré an tionscadail agus ina dhiaidh sin; léirítear freisin leis an togra na comhpháirtithe a bheidh freagrach as an scaipeadh agus léirítear an taithí ábhartha atá acu i ngníomhaíochtaí scaipthe; leis an togra leagtar amach na modhanna scaipthe a úsáideadh, agus tosaíocht á tabhairt d’uirlisí Erasmus+ amhail an r-Nascadh agus an tArdán Eorpach um Oideachas Scoile.
- Tionchar: léirítear leis an togra tionchar féideartha an tionscadail:
- Maidir le rannpháirtithe agus eagraíochtaí rannpháirteacha, agus an méid a mheastar a athróidh le linn shaolré an tionscadail agus ina dhiaidh sin;
- Lasmuigh de na heagraíochtaí agus daoine aonair atá go díreach rannpháirteach sa tionscadal, ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus/nó Eorpach.
Áirítear sa togra seo bearta chomh maith le spriocanna agus táscairí chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn agus measúnú a dhéanamh ar an tionchar measta (sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma).
- Inbhuanaitheacht: mínítear sa togra conas a dhéanfar Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ a rolladh amach agus a fhorbairt a thuilleadh. Áirítear sa togra dearadh plean gníomhaíochta fhadtéarmaigh le haghaidh rolladh amach céimneach tháirgí insoláthartha an tionscadail nuair a bheidh deireadh tagtha leis an tionscadal. Beidh an plean sin bunaithe ar chomhpháirtíochtaí marthanacha idir soláthraithe oiliúna tosaigh múinteoirí (oiliúint réamhsheirbhíse d’ábhair múinteora) agus soláthraithe forbartha gairmiúla leanúna (oiliúint inseirbhíse). Ba cheart a áireamh ann sainaithint struchtúr rialachais iomchuí, mar aon le pleananna le haghaidh inscálaitheachta agus inbhuanaitheacht airgeadais, lena n‑áirítear sainaithint acmhainní airgeadais (Eorpacha, náisiúnta agus príobháideacha) lena chinntiú go mbeidh na torthaí agus na tairbhí a bhainfear amach inbhuanaitheacht san fhadtéarma.
Le bheith incháilithe ar mhaoiniú, ní mór d’iarratais 70 pointe ar a laghad a ghnóthú (as 100 pointe ar an iomlán), agus an scór pas riachtanach le haghaidh gach ceann de na ceithre chritéar dámhachtana á chur san áireamh freisin: ar a laghad 25 bpointe le haghaidh na catagóire ‘Ábharthacht an tionscadail’; ar a laghad 13 phointe le haghaidh ‘Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail’ agus 11 phointe le haghaidh na gcatagóirí ‘Cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair’ agus ‘Tionchar’.
Tabharfar tosaíocht do na tograí ex aequo de réir na scór a dhámhfar orthu le haghaidh an chritéir dámhachtana ‘Ábharthacht’. Nuair a bheidh na scóir sin comhionann, beidh tosaíocht bunaithe ar a scóir le haghaidh an chritéir ‘Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail’. Nuair a bheidh na scóir sin comhionann, beidh tosaíocht bunaithe ar a scóir le haghaidh an chritéir ‘Tionchar’.
Mura bhfágann sé sin go mbeifear in ann an tosaíocht a chinneadh, féadfar tosaíocht bhreise a chur in ord trí phunann fhoriomlán an tionscadail a mheas agus trí shinéirgí dearfacha a chruthú idir tionscadail, nó tosca eile a bhaineann le cuspóirí an ghlao. Déanfar na tosca sin a dhoiciméadú sa tuarascáil phainéil.
Tionchar measta
Mar thoradh ar fhorbairt na nAcadamh Múinteoirí Erasmus+, meastar go gcuirfear feabhas ar tharraingteacht ghairm na múinteoireachta agus go n‑áiritheofar oiliúint tosaigh agus forbairt ghairmiúil leanúnach ardcháilíochta le haghaidh múinteoirí, oideoirí agus ceannairí scoile. Is fearr a bheidh múinteoirí, oideoirí agus ceannairí scoile in ann aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha agus ar dhúshláin eile atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn laistigh den seomra ranga agus lasmuigh de.
Meastar go bhfeabhsóidh Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ éirim Eorpach agus idirnáisiúnú na hoiliúna múinteoirí trí chomhpháirtíochtaí Eorpacha den oiliúint múinteoirí agus de sholáthraithe oiliúna a chruthú. Leis an dlúthchomhar idir gníomhaithe ábhartha thar theorainneacha Eorpacha beartaítear comhar Eorpach nuálach agus forbairt shubstaintiúil beartas agus cleachtas maidir le hoiliúint múinteoirí, rud a thógann ar na nuálaíochtaí agus na cleachtais éifeachtacha atá ann cheana laistigh de chórais oiliúna múinteoirí náisiúnta agus ar an tairiscint foghlama chomhpháirteach a eagraítear le haghaidh múinteoirí rannpháirteacha. Meastar go réiteoidh an cur chuige seo an bealach chun go mbeidh an tsoghluaisteacht ina cuid lárnach den soláthar oiliúna múinteoirí san Eoraip, trí bhacainní iarbhír ar an tsoghluaisteacht a bhaint agus trí dhálaí a shainaithint le haghaidh straitéisí agus cláir rathúla maidir leis an tsoghluaisteacht.
Ag feidhmiú ar an leibhéal náisiúnta agus Eorpach, cruthóidh Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ comhpháirtíochtaí láidre marthanacha idir soláthraithe oiliúna tosaigh múinteoirí agus forbartha gairmiúla leanúnaí. Soláthróidh siad comhar níos dlúithe idir soláthraithe oiliúna múinteoirí, agus réiteoidh siad an bealach i dtreo comhpháirtíochtaí struchtúracha agus cláir chomhpháirteacha idir institiúidí. Ar an gcaoi sin, áiritheoidh Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ forbairt ghairmiúil éifeachtach tosaigh agus leanúnach agus bainfidh siad torthaí amach ba dheacair a bhaint amach gan comhroinnt eolais agus comhar éifeachtach.
Trí úsáid a bhaint as cainéil scaipthe éagsúla ar an leibhéal trasnáisiúnta, náisiúnta agus/nó réigiúnach chomh maith le leas a bhaint as plean gníomhaíochta fadtéarmach le haghaidh rolladh amach céimneach tháirgí insoláthartha an tionscadail, meastar go mbunóidh na tionscadail caidreamh le páirtithe leasmhara ábhartha laistigh d’eagraíochtaí rannpháirteacha agus lasmuigh díobh agus go n‑áiritheoidh siad tionchar marthanach freisin tar éis shaolré an tionscadail.
Cad iad na rialacha maoiniúcháin atá ann?
Leanann an ghníomhaíocht seo samhail maoiniúcháin cnapshuime. Cinnfear méid na ranníocaíochta cnapshuime aonair le haghaidh gach deontais bunaithe ar bhuiséad measta na gníomhaíochta atá beartaithe ag an iarratasóir. Socróidh an t‑údarás deonúcháin an méid ar bhonn bhuiséad measta an tionscadail, ar thoradh na meastóireachta agus ar ráta maoiniúcháin 80 %.
Is é EUR 1 500 000 an deontas uasta ón Aontas in aghaidh an tionscadail
Ní cheadaítear tacaíocht airgeadais do thríú páirtithe i bhfoirm deontas nó duaiseanna.
Ní cheadaítear costais le haghaidh iniúchtaí airgeadais.
Ceadaítear costais oibrithe deonacha. Ní mór na costais aonaid a léirítear a bheith ailínithe leis na costais aonaid sin sa Chinneadh maidir le costais aonaid le haghaidh oibrithe deonacha22 .
Ceadaítear costas aonaid FBM le haghaidh úinéirí FBM. Ní mór na costais aonaid a léirítear a bheith ailínithe leis na costais aonaid sin sa Chinneadh maidir le costais aonaid le haghaidh úinéirí FBManna23 .
Ba cheart a áireamh sa phacáiste oibre ábhartha costais do chruinniú bliantúil amháin ar a laghad (ionadaí amháin ó gach comhpháirtí iomlán den tionscadal) arna eagrú nó arna thionscnamh ag an gCoimisiún Eorpach/nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr chun dea‑chleachtais agus foghlaim fhrithpháirteach a mhalartú idir Acadaimh Múinteoirí Erasmus+.
Conas a chinntear cnapshuim an tionscadail?
Ní mór d’iarratasóirí tábla buiséid mionsonraithe a líonadh isteach de réir na foirme iarratais, agus na pointí seo a leanas á gcur san áireamh:
- Ba cheart an buiséad a bheith mionsonraithe mar is gá ag an tairbhí/na tairbhithe agus eagraithe i bpacáistí oibre comhleanúnacha (mar shampla roinnte i ‘bainistíocht tionscadail’, ‘oiliúint’, ‘eagrú imeachtaí’, ‘ullmhú agus cur chun feidhme na soghluaisteachta’, ‘cumarsáid agus scaipeadh’, ‘dearbhú cáilíochta’, srl.);
- Leis an togra ní mór tuairisc a thabhairt ar na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le gach pacáiste oibre;
- Ní mór d’iarratasóirí miondealú ar an gcnapshuim a sholáthar ina dtogra lena léirítear an scair in aghaidh an phacáiste oibre (agus, laistigh de gach pacáiste oibre, an scair atá sannta do gach tairbhí agus eintiteas cleamhnaithe);
- Sna costais ar a dtugtar tuairisc is féidir costais ball foirne, costais taistil agus chothaithe, costais trealaimh agus fochonraitheoireachta mar aon le costais eile (mar shampla scaipeadh eolais, foilsiú, aistriú) a chumhdach.
Déanfar meastóireacht ar thograí de réir na bpróiseas meastóireachta caighdeánach le cuidiú ó shaineolaithe inmheánacha agus/nó seachtracha. Déanfaidh na saineolaithe measúnú ar cháilíocht na dtograí de réir na gceanglas a shainítear sa ghlao agus thionchar, cháilíocht agus éifeachtúlacht mheasta na gníomhaíochta.
I ndiaidh na meastóireachta ar an togra, cinnfidh an t‑oifigeach údarúcháin méid na cnapshuime, agus torthaí an mheasúnúcháin a rinneadh á gcur san áireamh.
Socrófar paraiméadair an deontais (uasmhéid deontais, ráta maoiniúcháin, costais incháilithe iomlána, srl.) sa chomhaontú deontais. Féach Cuid C den Treoir Cláir seo, an roinn ‘Costais dhíreacha incháilithe’.
Déanfar meastóireacht ar éachtaí an tionscadail de réir na dtorthaí a chuirtear i gcrích. Leis an scéim maoiniúcháin sin, féadfar díriú ar na haschuir seachas ar na hionchuir, rud a chuirfeadh béim ar cháilíocht agus leibhéal gnóthachtála cuspóirí intomhaiste.
Tugtar tuairisc ar níos mó mionsonraí i samhail an Chomhaontaithe Deontais atá le fáil ar Thairseach an Aontais um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana.
- https://www.consilium.europa.eu/media/44115/st08269-en20.pdf ↩ back
- https://ec.europa.eu/education/resources-and-tools/document-library/eea-communication-sept2020_en ↩ back
- https://ec.europa.eu/education/education-in-the-eu/digital-education-action-plan_ga ↩ back
- https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:32024H01115 ↩ back
- https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=OJ:C_202401030 ↩ back
- https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A32022H1209%2801%29 ↩ back
- https://erasmus-plus.ec.europa.eu/document/proposal-for-a-council-recommendation-europe-on-the-move-learning-mobility-for-everyone ↩ back
- Chun críche an ghlao seo, tá an téarma ‘múinteoir’ le tuiscint ar bhealach méadaithe, cuir i gcás oiliúnóirí agus baill foirne in oideachas agus cúram na luath‑óige. ↩ back
- Féach freisin anailís chomparáideach an Aontais ar thorthaí PISA 2022: https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/d9d9adad-c71b-11ee-95d9-01aa75ed71a1/language-en ↩ back
- https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/HTML/?uri=CELEX:32018H0607(01)&from=EN ↩ back
- https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A32022H1209%2801%29&qid=1671106078506 ↩ back
- https://wikis.ec.europa.eu/display/EAC/Pathways+to+School+Success ↩ back
- https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:32022H0627(01) ↩ back
- https://joint-research-centre.ec.europa.eu/greencomp-european-sustainability-competence-framework_en ↩ back
- https://wikis.ec.europa.eu/display/EAC/Learning+for+Sustainability ↩ back
- https://education.ec.europa.eu/focus-topics/digital-education/action-plan ↩ back
- https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:32024H01115 ↩ back
- https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=OJ:C_202401030 ↩ back
- https://joint-research-centre.ec.europa.eu/digcompedu_ga ↩ back
- https://education.ec.europa.eu/focus-topics/digital-education/tools-for-schools-and-educators ↩ back
- https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/HTML/?uri=CELEX:32018H0607(01)&from=EN ↩ back
- https://ec.europa.eu/info/funding-tenders/opportunities/docs/2021-2027/common/guidance/unit-cost-decision-volunteers_en.pdf ↩ back
- unit-cost-decision-sme-owners-natural-persons_en.pdf (europa.eu) ↩ back