Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Tionscadail soghluaisteachta do dhaoine óga – ‘Malartuithe Ógra’

Faoin nGníomhaíocht seo1 , féadfaidh eagraíochtaí agus grúpaí neamhfhoirmiúla daoine óga tacaíocht a fháil chun tionscadail a chur i gcrích lena dtugtar daoine óga le chéile ó thíortha éagsúla chun malartú a dhéanamh agus tabhairt faoin bhfoghlaim lasmuigh dá gcóras oideachais foirmiúil.

Cuspóirí na gníomhaíochta

Le Erasmus+ tacaítear le soghluaisteacht foghlama seachfhoirmiúla daoine óga i bhfoirm Malartuithe Ógra, arb é is cuspóir dóibh sin dul i dteagmháil le daoine óga agus iad a chumhachtú le bheith ina saoránaigh ghníomhacha, daoine óga a nascadh leis an tionscadal Eorpach chomh maith le cuidiú leo inniúlachtaí a fháil agus a fhorbairt ar feadh an tsaoil agus dá dtodhchaí ar an leibhéal gairmiúil.

Go sonrach, is é is aidhm do Mhalartuithe Ógra:

  • idirphlé idirchultúrtha agus foghlaim idirchultúrtha chomh maith le braistint na féiniúlachta Eorpaí a chothú;
  • scileanna agus dearcthaí daoine óga a fhorbairt;
  • luachanna Eorpacha a neartú agus dochar agus steiréitíopaí a shárú;
  • feasacht a mhúscailt faoi thopaicí atá ábhartha ar bhonn sóisialta agus rannpháirtíocht sa tsochaí agus rannpháirtíocht ghníomhach a spreagadh ar an mbealach sin.

Tá an Ghníomhaíocht oscailte do gach duine óg agus tá sí dírithe go háirithe orthu sin ar lú na deiseanna atá acu.

Comhthéacs beartais

Le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019‑2027 leagtar amach Creat le haghaidh comhar Eorpach i réimse na hóige, bunaithe ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2018 maidir le páirt a thabhairt do dhaoine óga, ceangail a dhéanamh leo agus iad a chumhachtú. Leis an Straitéis cothaítear rannpháirtíocht na hóige sa saol daonlathach, tacaítear le rannpháirtíocht shóisialta agus saoránach agus is é is aidhm di a áirithiú go mbeidh na hacmhainní is gá ag gach duine óg chun páirt a ghlacadh sa tsochaí. I Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh áirítear próiseas idirphlé Óige freisin agus sa chomhthéacs sin, forbraíodh 11 Sprioc Eorpacha don Óige in 2018. Leis na spriocanna sin sainaithnítear réimsí trasearnála lena ndéantar difear do shaol daoine óga agus tarraingítear aird ar dhúshláin. Le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh ba cheart rannchuidiú leis an bhfís sin a fhíorú le haghaidh daoine óga. Faoin gcroíréimse a bhaineann le ceangail a dhéanamh, le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh tá ceangail, caidrimh agus malartú taithí idir daoine óga á gcur chun cinn agus á n‑éascú mar áis ríthábhachtach chun forbairt a dhéanamh ar an Aontas amach anseo. Is fearr is féidir na ceangail sin a chothú trí fhoirmeacha éagsúla soghluaisteachta agus tá Malartuithe Ógra ar cheann díobh sin.

https://europa.eu/youth/home_ga  

Straitéisí téamacha i réimse na hóige

Leis an gClár Erasmus+ féachtar le rannpháirtíocht na hóige, treisiú cáilíochta próiseas foghlama neamhfhoirmiúla agus seachfhoirmiúla agus forbairt oibre óige ardcháilíochta a chur chun cinn. Tá tacaíocht bhreise sna réimsí sin ar fáil trí straitéisí téamacha sonracha, amhail an Straitéis Rannpháirtíochta Óige, Youthpass agus an Straitéis Eorpach um Oiliúint (ETS)2 .

Tuairisc ar na gníomhaíochtaí

Malartuithe Ógra

Is éard atá i gceist le Malartuithe Ógra cruinnithe de ghrúpaí daoine óga ó dhá thír éagsúla ar a laghad a bhailíonn le chéile ar feadh tréimhse ghearr chun clár foghlama seachfhoirmiúla a chur chun feidhme go comhpháirteach (meascán de cheardlanna, cleachtaí, díospóireachtaí, gníomhaíochtaí rólghlactha, gníomhaíochtaí ionsamhlúcháin, gníomhaíochtaí lasmuigh, srl.) faoi thopaic ar spéis leo í, bunaithe ar na Spriocanna Eorpacha don Óige3 . Is éard atá i gceist leis an tréimhse foghlama tréimhse ullmhúcháin roimh an iarratas, céim ullmhúcháin roimh an malartú chomh maith le meastóireacht agus obair leantach ina dhiaidh sin.

Níl na gníomhaíochtaí seo a leanas incháilithe le haghaidh deontais faoi Mhalartuithe Ógra: turais staidéir acadúla; gníomhaíochtaí malartaithe arb é is aidhm dóibh brabús airgeadais a dhéanamh; gníomhaíochtaí malartaithe is féidir a mheas gur turasóireacht iad; féilte; taisteal saoire; turais feidhmíochta, cruinnithe reachtúla, cúrsaí oiliúna curtha ar fáil ag daoine fásta le haghaidh daoine óga.

Cuairteanna Ullmhúcháin

I dteannta Malartuithe Ógra, d’fhéadfadh Cuairteanna Ullmhúcháin a bheith i gceist le tionscadail freisin. Is é is aidhm do chuairteanna ullmhúcháin gníomhaíochtaí ardcháilíochta a áirithiú trí shocruithe riaracháin a éascú agus a ullmhú, an t‑iontaobhas agus an tuiscint a chothú agus comhpháirtíocht láidir a chur ar bun idir na heagraíochtaí agus na daoine atá páirteach. I gcás gníomhaíochtaí Malartuithe Ógra le daoine óga ar lú na deiseanna atá acu, leis an gcuairt ullmhúcháin ba cheart a bheith in ann a áirithiú gur féidir freastal ar riachtanais shonracha na rannpháirtithe. Reáchtáiltear Cuairteanna Ullmhúcháin i dtír ceann de na n‑ósteagraíochtaí roimh thús na gníomhaíochta Malartaithe Ógra.

Tionscadal a bhunú

Déanann ar a laghad dhá eagraíocht tionscadal a chur chun feidhme. Ba cheart do na heagraíochtaí atá páirteach i dtionscadal tairbhiú dá rannpháirtíocht; dá bhrí sin ba cheart an tionscadal a bheith i gcomhréir lena gcuspóirí agus ba cheart freastal ar a riachtanais leis an tionscadal. Glacann na heagraíochtaí atá páirteach na róil a bhaineann le rannpháirtithe ‘a sheoladh’ agus/nó ‘a óstáil’ is é sin, óstáil na gníomhaíochta. Glacann ceann de na heagraíochtaí ról an chomhordaitheora freisin agus déanann sé iarratas ar an tionscadal iomlán thar ceann na comhpháirtíochta.

Baineann ceithre chéim le tionscadal: pleanáil, ullmhú, cur chun feidhme agus obair leantach. Ní mór d’eagraíochtaí rannpháirteacha agus do dhaoine óga atá páirteach sna gníomhaíochtaí ról gníomhach a ghlacadh sna céimeanna sin uile, rud a chuirfidh feabhas ar a n‑eispéireas foghlama.

  • Pleanáil (riachtanais, cuspóirí, torthaí foghlama agus formáidí na gníomhaíochta a shainiú, an clár oibre a fhorbairt, na gníomhaíochtaí a sceidealú srl. sula gcuirtear an t‑iarratas isteach)
  • Ullmhú (socruithe praiticiúla, comhaontuithe a chur ar bun le comhpháirtithe, rannpháirtithe a ullmhú ó thaobh foghlaim teanga/idirchultúrtha de agus ó thaobh na gcúraimí de roimh imeacht srl.);
  • Cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí;
  • Obair leantach (meastóireacht ar na gníomhaíochtaí, torthaí foghlama na rannpháirtithe a shainaithint agus a dhoiciméadú, chomh maith le scaipeadh agus úsáid thorthaí an tionscadail).

Maidir le Malartú Ógra ardcháilíochta:

  • tá sé ag brath ar rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga agus eagraíochtaí rannpháirteacha, ar cheart dóibh ról gníomhach a ghlacadh i ngach céim den tionscadal, rud a fheabhsóidh a n‑eispéireas foghlama agus forbartha;
  • tá grúpaí éagsúla rannpháirtithe páirteach ann agus tógtar ar an éagsúlacht sin leis;
  • tá sé bunaithe ar riachtanais na rannpháirtithe óga agus iad sainaitheanta go soiléir;
  • áirithítear go ndéanfar torthaí foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla na rannpháirtithe a shainaithint agus a dhoiciméadú go cuí;
  • spreagtar na rannpháirtithe chun a machnamh a dhéanamh ar thopaicí agus luachanna Eorpacha.

Próiseas foghlama

Má chuirtear Malartú Ógra ar bun i gcomhthéacs na foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla ní mór ar a laghad cuid de na torthaí foghlama inmhianaithe a phleanáil roimh ré, chun na deiseanna iomchuí a áirithiú. Ba cheart do dhaoine óga a ghlacann páirt sa ghníomhaíocht rannchuidiú lena riachtanais agus leis an bhfoghlaim ar mian leo a bhaint amach nó a fhorbairt tríd an Malartú Ógra a shainaithint.

Ba cheart do na rannpháirtithe a bheith páirteach, a mhéid agus is féidir, i ndearadh agus forbairt na gníomhaíochta (an clár agus na modhanna oibre a chur ar bun agus roinnt na gcúraimí a shainiú) agus smaoineamh ar conas is féidir leo ullmhú chun go bhfoghlaimeoidís agus go bhforbróidís ar leibhéal pearsanta a mhéid agus is féidir le linn an Mhalartaithe.

Tar éis na croíghníomhaíochta, ba cheart a iarraidh ar na rannpháirtithe aiseolas a thabhairt ar an ngníomhaíocht, a machnamh a dhéanamh ar a bhfuil foghlamtha acu agus ar conas is féidir leo úsáid a bhaint as na torthaí foghlama sin. Thairis sin, ba cheart do rannpháirtithe obair leantach fhéideartha ar an ngníomhaíocht a chur san áireamh. Is féidir leo sin a dhéanamh ina n‑aonar agus, nuair is féidir, mar ghrúpa.

Ba cheart d’eagraíochtaí tacú leis an bpróiseas foghlama, le sainaithint agus doiciméadú na dtorthaí foghlama, go háirithe trí Youthpass.

Caighdeáin Cháilíochta Erasmus i réimse na hÓige

Agus gach tionscadal lena dtacaítear faoin nGníomhaíocht seo á chur chun feidhme, ní mór Caighdeáin Cháilíochta Erasmus i réimse na hÓige a leanúint chun gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama ardcháilíochta a eagrú. Le Caighdeáin Cháilíochta Erasmus i réimse na hÓige cumhdaítear prionsabail bhunúsacha na Gníomhaíochta, chomh maith le cleachtais nithiúla maidir le cur chun feidhme le haghaidh cúraimí tionscadail amhail roghnú agus ullmhú rannpháirtithe, sainiú, meastóireacht agus aitheanta torthaí foghlama, comhroinnt torthaí tionscadail, srl. Tá Caighdeáin Cháilíochta Erasmus i réimse na hÓige le fáil anseo: https://ec.europa.eu/programmes/erasmus-plus/resources/documents/erasmus-quality-standards-mobility-projects-youth_ga  

Cosaint agus Sábháilteacht na rannpháirtithe

Tá baint ag ceannairí grúpa le Malartú Ógra. Déanann ceannairí grúpa monatóireacht agus soláthraíonn siad tacaíocht do rannpháirtithe chun an próiseas foghlama cáilíochtúil a áirithiú le linn na croíghníomhaíochta. San am céanna, freastalaíonn siad ar thimpeallacht shlán, mheasúil agus neamh‑idirdhealaitheach agus ar chosaint na rannpháirtithe. Le linn Malartú Ógra a phleanáil agus a ullmhú, ba cheart dul i ngleic leis an tsaincheist a bhaineann le cosaint agus sábháilteacht na rannpháirtithe agus ba cheart foráil a dhéanamh maidir le gach beart is gá chun rioscaí a chosc/a laghdú.

Gnéithe cothrománacha

Agus tionscadal soghluaisteachta á dhearadh, ní mór na gnéithe cothrománacha a leanas a neartú:

An cuimsiú agus an éagsúlacht

Leis an gClár Erasmus+ féachtar leis an gcomhionannas deiseanna a chur chun cinn ar fud a ghníomhaíochtaí uile agus féachtar leis an rochtain, leis an gcuimsiú, agus leis an gcothroime a chur chun cinn leis sin freisin. Ba cheart d’eagraíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin ngníomh seo gníomhaíochtaí tionscadail inrochtana agus cuimsitheacha a dhearadh, agus dearcthaí na rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu á gcur san áireamh agus páirt á tabhairt dóibh sa phróiseas cinnteoireachta. 

Oireann Malartuithe Ógra go háirithe do dhaoine óga ar lú na deiseanna atá acu a chuimsiú:

  • Le soghluaisteacht grúpa tairgtear eispéireas soghluaisteachta idirnáisiúnta do dhaoine óga agus iad sábháilte i ngrúpa;
  • Fágann fad gearr na Malartuithe Ógra go bhfuil rannpháirtíocht daoine óga ar lú na deiseanna atá acu iomchuí;
  • Éascaíonn rannpháirtíocht rannpháirtithe áitiúla rannpháirtíocht i dtionscadail Eorpacha den chéad uair.

Tá Malartuithe Ógra oiriúnach freisin chun oibriú ar an gcuimsiú agus ar an éagsúlacht mar ábhar an tionscadail, mar shampla chun tacú leis an gcomhrac in aghaidh steiréitíopaí chomh maith leis an tuiscint, leis an gcaoinfhulaingt agus leis an neamh‑idirdhealú a chothú.Leis an tionscadal iomlán, ba cheart cur chuige comhfhiosach a ghlacadh i leith an chuimsithe agus na héagsúlachta. Ba cheart na gnéithe sin a chur san áireamh i gcás na pleanála, an ullmhúcháin, an chur chun feidhme agus na hoibre leantaí.

Inbhuaine comhshaoil

Le Malartú Ógra, ba cheart iompar atá inbhuanaithe agus freagrach ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn i measc na rannpháirtithe, agus feasacht á múscailt faoin tábhacht a bhaineann le gníomhú chun lorg comhshaoil gníomhaíochtaí soghluaisteachta a laghdú nó a chúiteamh. Ba cheart Malartú Ógra a dhearadh agus a chur chun feidhme agus feasacht á cothú ar an gcomhshaol mar shampla trí chleachtais inbhuanaithe a lánpháirtiú amhail ábhair in‑athúsáidte nó éiceabhácha a roghnú, tríd an dramhaíl a laghdú, tríd an athchúrsáil agus trí mhodhanna iompair inbhuanaithe.

An claochlú digiteach i réimse na hóige

Leis an gClár Erasmus+ tacaítear leis na heagraíochtaí rannpháirteacha úsáid uirlisí agus modhanna foghlama digiteacha a ionchorprú chun a ngníomhaíochtaí fisiceacha a chomhlánú, chun feabhas a chur ar an gcomhar idir eagraíochtaí comhpháirteacha, agus chun feabhas a chur ar cháilíocht na ngníomhaíochtaí. Moltar tabhairt isteach gnéithe digiteacha agus gnéithe ar líne chun an tairseach le haghaidh rannpháirtíochta a ísliú do dhaoine óga ar lú na deiseanna atá acu. Trí thionscadail agus gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh borradh a chur faoi scileanna digiteacha, an litearthacht dhigiteach a chothú agus/nó tuiscint a fhorbairt ar rioscaí agus ar dheiseanna na teicneolaíochta digití, féadfaidh an clár meonta a athrú agus cur le cuir chuige dhigiteacha agus chumaisc a fhorbairt i ngníomhaíochtaí na hóige.

Ag brath ar dhearadh agus cuspóirí na ngníomhaíochtaí, forbairt na n‑inniúlachtaí agus feasacht ar shaincheisteanna digiteacha, agus úsáid teicneolaíochtaí nua a bhféadfar a thabhairt isteach i soghluaisteachtaí foghlama.

Tairgeann na Gníomhaireachtaí Náisiúnta raon deiseanna oiliúna le haghaidh oibrithe óige agus ceannairí óige trína nGníomhaíochtaí Oiliúna agus Comhair, mar shampla ag tacú leis an gclaochlú digiteach i réimse na hóige. Foilsítear na tairiscintí ar an bhFéilire Oiliúna Eorpach https://www.salto-youth.net/tools/european‑training-calendar/ Is féidir spreagadh a aimsiú faoi na huirlisí SALTO freisin https://www.salto-youth.net/tools/

Inbhuaine Comhshaoil

Le tionscadal ba cheart iompar atá inbhuanaithe agus freagrach ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn i measc na rannpháirtithe, agus feasacht á múscailt faoin tábhacht a bhaineann le gníomhú chun lorg comhshaoil gníomhaíochtaí soghluaisteachta a laghdú nó a chúiteamh. Ba cheart é a dhearadh agus a chur chun feidhme agus feasacht á cothú ar an gcomhshaol mar shampla trí chleachtais inbhuanaithe a lánpháirtiú amhail ábhair in‑athúsáidte nó éiceabhácha a roghnú, tríd an dramhaíl a laghdú, tríd an athchúrsáil agus trí mhodhanna iompair inbhuanaithe.

Rannpháirtíocht agus gníomhaíocht shibhialta

Tacaíonn an Clár Erasmus+ le gach eagraíocht rannpháirteach chun cáilíocht a dtionscadal a fheabhsú trí ghné rannpháirtíochta a chuimsiú, deiseanna ábhartha a thairiscint do dhaoine óga chun gabháil do cheapadh agus do chur chun feidhme gníomhaíochtaí tionscadail, agus chun páirt a ghlacadh sa cheapadh agus sa chur chun feidhme sin, mar bhealach chun eolas a chur ar thairbhí na saoránachta gníomhaí agus na rannpháirtíochta sa saol daonlathach. Tá acmhainní chun gné rannpháirtíochta tionscadal a dtacaítear leo le fáil inter alia ar an suíomh gréasáin participationpool.eu. Ina theannta sin, spreagtar naisc le tionscnaimh agus le hardáin (eile) náisiúnta nó idirnáisiúnta nó de chuid an Aontais atá ann cheana, atá bunaithe ar an rannpháirtíocht agus ar an rannpháirtíocht saoránach, agus spreagtar páirt a ghlacadh sna tionscnaimh agus sna hardáin den sórt sin.

Na critéir a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar thionscadail malartuithe ógra

Critéir incháilitheachta

Tá feidhm leis na critéir ghinearálta thíos maidir le tionscadail chaighdeánacha Malartuithe Ógra. Le haghaidh creidiúnuithe, féach an roinn ábhartha den treoir seo.

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Is féidir le haon eagraíocht nó grúpa rannpháirteach incháilithe i mBallstát den Aontas nó i dtír nach bhfuil san Aontas ach atá comhlachaithe leis an gClár a bheith ina (h)iarratasóir. Is í an eagraíocht sin a dhéanann iarratas thar ceann na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha uile atá páirteach sa tionscadal4 .

Eagraíochtaí rannpháirteacha incháilithe

Is féidir le heagraíocht rannpháirteach a bheith:

  • ina heagraíocht neamhbhrabúsach, ina comhlachas, ina heagraíocht neamhrialtasach; ina heagraíocht neamhrialtasach Eorpach don óige; ina comhlacht poiblí ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta; ina fiontar sóisialta; ina comhlacht brabúsach atá gníomhach sa Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach;
  • ina grúpa neamhfhoirmiúil daoine óga5 .

bunaithe i mBallstát de chuid an Aontais nó i dtír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár nó i dtír nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár (réigiúin 1 go 4; féach an roinn ‘Tíortha incháilithe’ i gCuid A den Treoir seo).   

An líon eagraíochtaí rannpháirteacha

Ní mór dhá eagraíocht rannpháirteacha ar a laghad (eagraíocht seolta amháin ar a laghad agus ósteagraíocht amháin ar a laghad) ó thíortha éagsúla a bheith páirteach.

Fad an tionscadail

Ó 3 mhí go 24 mhí.

Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?

Faoi bhráid Ghníomhaireacht Náisiúnta na tíre ina bhfuil an t‑iarratasóir bunaithe

Cathain is féidir iarratas a dhéanamh?

Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoi na dátaí seo a leanas:

An 23 Feabhra ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile) le haghaidh tionscadail dar tosach idir an 1 Meitheamh agus an 31 Nollaig an bhliain chéanna

An 4 Deireadh Fómhair ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile) le haghaidh tionscadail dar tosach idir an 1 Eanáir agus an 31 Bealtaine an bhliain ina dhiaidh sin

Babhta breise féideartha:

Féadfaidh Gníomhaireachtaí Náisiúnta cinneadh a dhéanamh babhta breise a oscailt. Cuirfidh na Gníomhaireachtaí Náisiúnta na hiarratasóirí ar an eolas faoi oscailt an bhabhta bhreise trína suíomhanna gréasáin.

  • Má eagraítear babhta breise, ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratais a chur isteach faoin 4 Bealtaine ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile) le haghaidh tionscadail dar tosach idir an 1 Lúnasa agus an 31 Nollaig an bhliain chéanna

Iarratas a dhéanamh

Féach cuid C den Treoir seo le haghaidh sonraí faoi conas iarratas a dhéanamh.

Iarscríbhinní

Ní mór dearbhú onóra ón ionadaí dlíthiúil a bheith i gceangal leis an bhfoirm iarratais.

Ní mór tráthchlár de gach Malartú Ógra agus Cuairt Ullmhúcháin atá pleanáilte sa tionscadal a bheith i gceangal leis an bhfoirm iarratais.

Critéir Incháilitheachta bhreise maidir le Malartuithe Ógra

Fad na gníomhaíochta

Ó 5 go 21 lá, seachas laethanta taistil.

Ionad nó ionaid na gníomhaíochta

Ní mór an ghníomhaíocht a reáchtáil i dtír ceann (nó roinnt, i gcás gníomhaíochtaí taistil) de na heagraíochtaí atá rannpháirteach sa ghníomhaíocht. 

An líon eagraíochtaí rannpháirteacha

Ní mór dhá eagraíocht rannpháirteacha ar a laghad (eagraíocht seolta amháin ar a laghad agus ósteagraíocht amháin ar a laghad) ó thíortha éagsúla a bheith páirteach.

Gníomhaíochtaí laistigh de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus tíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár: ní mór do gach eagraíocht rannpháirteach a bheith ó Bhallstát de chuid an Aontais nó i dtír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár.

Gníomhaíochtaí le tíortha nach bhfuil san Aontas atá i gcomharsanacht an Aontais agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár: maidir leis an ngníomhaíocht, ní mór d’eagraíocht rannpháirteach amháin ar a laghad teacht ó Bhallstát de chuid an Aontais nó ó thír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár agus eagraíocht rannpháirteach amháin teacht ó thír nach bhfuil san Aontas atá i gcomharsanacht an Aontais nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár (Réigiúin 1-4).

Rannpháirtithe incháilithe

Daoine óga idir 13 bliana d’aois agus 30 bliain d’aois6 atá ina gcónaí i dtíortha a n‑eagraíochtaí seolta agus a n‑ósteagraíochtaí.

Ní mór do cheannairí grúpa7 agus d’éascaitheoirí a bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad.

An líon rannpháirtithe in aghaidh na gníomhaíochta agus comhdhéanamh na ngrúpaí náisiúnta

Ar a laghad 16 rannpháirtí agus ar a mhéad 60 rannpháirtí in aghaidh na gníomhaíochtaí (ní áirítear ceannairí grúpa, éascaitheoirí ná daoine tionlacain). I gcásanna Malartuithe Ógra ina bhfuil daoine óga ar lú na deiseanna atá acu, agus na daoine sin amháin, páirteach, is ionann an líon íosta rannpháirtithe agus 10 rannpháirtí.

4 rannpháirtí ar a laghad in aghaidh an ghrúpa (níl ceannairí grúpa, éascaitheoirí ná daoine tionlacain san áireamh sa líon sin).

Ar a laghad dhá ghrúpa daoine óga ó dhá thír éagsúla.

Ní mór ceannaire grúpa amháin ar a laghad a bheith ag gach grúpa. Beirt éascaitheoirí ar a mhéad in aghaidh na gníomhaíochta

Critéir eile

Ní mór do cheann de na heagraíochtaí seolta nó de na hósteagraíochtaí sa ghníomhaíocht a bheith ó thír na Gníomhaíochta Náisiúnta ar faoina bráid a chuirtear an t‑iarratas.

Critéir Incháilitheachta bhreise maidir le Cuairteanna Ullmhúcháin

Ionad nó ionaid na gníomhaíochta

Ní mór an ghníomhaíocht a reáchtáil i dtír ceann de na hósteagraíochtaí. 

Rannpháirtithe incháilithe

Ionadaithe ó na heagraíochtaí rannpháirteacha, éascaitheoirí, ceannairí grúpa agus daoine óga a ghlacann páirt sa phríomhghníomhaíocht.

Critéir dhámhachtana

Déanfar measúnú ar thionscadail de réir na gcritéar dámhachtana seo a leanas. Ní mór do thograí 60 pointe ar a laghad a bhaint amach chun go gcuirfear san áireamh le haghaidh cistiúcháin iad. Thairis sin, ní mór dóibh ar a laghad leath na bpointí scóir uasta a bhaint amach i ngach ceann de na catagóirí le haghaidh critéir dhámhachtana a luaitear thíos.

Ábharthacht, réasúnaíocht agus tionchar (scór uasta 30 pointe)

  • A ábhartha atá an tionscadal i leith an mhéid seo a leanas: 
    • cuspóirí na Gníomhaíochta;
    • riachtanais eagraíochtaí rannpháirteacha agus rannpháirtithe an mhalartaithe;
    • A mhéid atá an togra oiriúnach chun torthaí foghlama ardcháilíochta a bhaint amach do na rannpháirtithe;
  • Tionchar féideartha an tionscadail: 
    • ar rannpháirtithe agus eagraíochtaí rannpháirteacha le linn shaolré an tionscadail agus ina dhiaidh sin;
    • lasmuigh de na heagraíochtaí agus ar dhaoine aonair atá rannpháirteach go díreach sa tionscadal, ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus/nó Eorpach nó domhanda.
  • A mhéid atá an togra oiriúnach chun rannchuidiú leis na héirimí cuimsithe agus éagsúlachta, glasa, digiteacha agus rannpháirteacha den chlár;
  • A mhéid a thugann an tionscadal nuatheachtaithe agus eagraíochtaí ag a bhfuil níos lú taithí isteach sa Ghníomhaíocht.

Cáilíocht dhearadh an tionscadail (scór uasta 40 pointe)

  • An chomhsheasmhacht idir na riachtanais atá sainaitheanta, cuspóirí an tionscadail, próifílí na rannpháirtithe agus na gníomhaíochtaí a mholtar;
  • Soiléireacht, iomláine agus cáilíocht gach céime den tionscadal: pleanáil, ullmhú (agus an t‑ullmhú a sholáthraítear do rannpháirtithe san áireamh), cur chun feidhme gníomhaíochtaí agus obair leantach;
  • A mhéid atá daoine óga páirteach i ngach céim de na gníomhaíochtaí;
  • A mhéid atá na gníomhaíochtaí deartha ar bhealach inrochtana agus cuimsitheach agus atá siad oscailte do rannpháirtithe ag a bhfuil cúlraí agus cumais éagsúla. 
  • A iomchuí atá na modhanna foghlama rannpháirtíochta a mholtar, agus aon chomhchuid ar líne/dhigiteach san áireamh;
  • Cáilíocht na socruithe agus tacaíocht le haghaidh an phróisis machnaimh, sainaithint agus doiciméadú thorthaí foghlama na rannpháirtithe, agus úsáid chomhsheasmhach uirlisí trédhearcachta agus aitheantais Eorpacha, go háirithe Youthpass;
  • Ionadaíocht chothromaithe rannpháirtithe ó thaobh tíortha agus inscne de;
  • Leordhóthanacht agus éifeachtacht na mbeart dá bhforáiltear chun sábháilteacht agus cosaint na rannpháirtithe a áirithiú;
  • A mhéid atá cleachtais atá inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol ionchorpraithe sna gníomhaíochtaí.

Cáilíocht bhainistíocht an tionscadail (scór uasta 30 pointe)

  • Cáilíocht na socruithe praiticiúla agus na módúlachtaí bainistíochta agus tacaíochta;
  • Cáilíocht an chomhair agus na cumarsáide idir na heagraíochtaí rannpháirteacha, agus, ina theannta sin, le geallsealbhóirí ábhartha eile;
  • Cáilíocht na mbeart chun meastóireacht a dhéanamh ar chéimeanna agus torthaí éagsúla an tionscadail;
  • A iomchuí atá na bearta, agus cáilíocht na mbeart, arb é is aidhm dóibh torthaí an tionscadail a scaipeadh laistigh agus lasmuigh de na heagraíochtaí rannpháirteacha.

Rialacha cistiúcháin

Catagóir bhuiséid – Tacaíocht Eagraíochtúil

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais atá nasctha go díreach le cur chun feidhme gníomhaíochtaí soghluaisteachta.

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an líon rannpháirtithe, cé is moite de cheannairí grúpa, daoine tionlacain agus éascaitheoirí.

Méid

EUR 100 in aghaidh an rannpháirtí i Malartú Ógra

Catagóir bhuiséid – Taisteal

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Ranníocaíocht le costais taistil na rannpháirtithe, lena n‑áirítear ceannairí grúpa, daoine tionlacain agus éascaitheoirí, óna n‑áit bhunaidh chuig ionad na gníomhaíochta agus ar ais.

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an achar taistil agus ar an líon daoine.

Ní mór don iarratasóir an t‑achar idir an áit bhunaidh agus ionad na gníomhaíochta a léiriú8 tríd an áireamhán taistil lena dtacaíonn an Coimisiún Eorpach a úsáid9 .

Le haghaidh gníomhaíochtaí taistil, ba cheart don iarratasóir na hachair idir ionaid aonair a chur le chéile agus an banda achair a chomhfhreagraíonn don iomlán a roghnú10 .

Méid

Achar taistil Taisteal caighdeánach Taisteal glas
10 – 99 km EUR 23  
100 – 499 km EUR 180 EUR 210
500 – 1 999 km EUR 275 EUR 320
2 000 – 2 999 km EUR 360 EUR 410
3 000 – 3 999 km EUR 530 EUR 610
4000 – 7999 km EUR 820  
8 000 km nó níos mo EUR 1500  

Catagóir bhuiséid –  Tacaíocht Aonair

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais atá nasctha leis an gcothú.

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar fhad an fhanachta in aghaidh an rannpháirtí, lena n‑áirítear ceannairí grúpa, daoine tionlacain agus éascaitheoirí (más gá), lena n‑áirítear 1 lá taistil freisin roimh an ngníomhaíocht agus 1 lá taistil i ndiaidh na gníomhaíochta, agus suas le 4 lá breise le haghaidh rannpháirtithe a fhaigheann deontas taistil ghlais.

Méid

Tábla A2.1 in aghaidh an rannpháirtí in aghaidh an lae

Catagóir bhuiséid – Tacaíocht chuimsiúcháin

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Tacaíocht chuimsiúcháin d’eagraíochtaí: Costais a bhaineann le gníomhaíochtaí soghluaisteachta a eagrú ina bhfuil rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu rannpháirteach.

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an líon rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu, cé is moite de cheannairí grúpa, daoine tionlacain agus éascaitheoirí.

Méid

EUR 100 in aghaidh an rannpháirtí i Malartú Ógra

Tacaíocht chuimsiúcháin le haghaidh rannpháirtithe: Costais bhreise atá nasctha go díreach le rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu agus leis na daoine atá á dtionlacan, lena n‑áirítear ceannairí grúpa agus éascaitheoirí (lena n‑áirítear costais taistil agus chothaithe a dtugtar údar leo mura n‑iarrtar deontas le haghaidh na rannpháirtithe sin trí na catagóirí buiséid ar a dtugtar 'Taisteal' agus 'Tacaíocht aonair').

Sásra maoiniúcháin: fíorchostais.

Riail maidir le leithdháileadh: ní mór don iarratasóir údar a thabhairt leis an iarraidh agus ní mór don Ghníomhaireacht Náisiúnta í a fhormheas.

Méid

100 % de chostais incháilithe

Catagóir bhuiséid –  Tacaíocht le haghaidh cuairt ullmhúcháin

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais atá nasctha le cur chun feidhme na cuairte ullmhúcháin lena n‑áirítear costais taistil agus chothaithe.

Sásra maoiniúcháin: costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh: cé is moite de rannpháirtithe ón ósteagraíocht.  Féadfar beirt rannpháirtithe ar a mhéad in aghaidh na gníomhaíochta a mhaoiniú, ar choinníoll gur duine óg atá sa dara duine. Ina theannta sin, féadfar éascaitheoir amháin in aghaidh gach cuairte ullmhúcháin a mhaoiniú freisin. Coinníollach: an gá atá le cuairt ullmhúcháin, cuspóirí agus rannpháirtithe ní mór don iarratasóir údar a thabhairt leis an méid sin agus ní mór é a bheith formheasta ag an ngníomhaireacht náisiúnta. Níl feidhm ag an gcoinníoll sin maidir le tionscadail atá maoinithe faoin gcóras creidiúnaithe.

Méid

EUR 575 in aghaidh an rannpháirtí in aghaidh na cuairte ullmhúcháin.

Catagóir bhuiséid – Costais eisceachtúla

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais chun ráthaíocht airgeadais a thabhairt, má iarrann an Ghníomhaireacht Náisiúnta sin.

Víosa agus costais a bhaineann le víosa, ceadanna cónaithe, vacsaínithe agus deimhnithe leighis.

Costais taistil chostasaigh na rannpháirtithe, agus daoine tionlacain, ceannairí grúpa, oiliúnóirí agus éascaitheoirí san áireamh nach féidir tacú leo leis an ngnáthchatagóir ‘Taisteal’, de bharr iargúltacht gheografach nó bacainní eile (is é sin, i gcás ina mbíonn costais taistil níos costasaí ann toisc go n‑úsáidtear modhanna iompair níos glaine ag a bhfuil astaíochtaí níos ísle carbóin).

Sásra maoiniúcháin: fíorchostais.

Riail maidir le leithdháileadh: ní mór don iarratasóir údar a thabhairt leis an iarraidh agus ní mór don Ghníomhaireacht Náisiúnta í a fhormheas.

Tá feidhm ag taisteal costasach i gcásanna nach gcumhdaíonn an tacaíocht taistil bunaithe ar chostas aonaid 70 % de chostais taistil na rannpháirtithe. Má dhámhtar iad, cuirtear na costais eisceachtúla le haghaidh taisteal costasach in ionad an deontais taistil chaighdeánaigh.

Méid

Ráthaíocht airgeadais: 80 % de chostais incháilithe

Costais taistil chostasaigh: 80 % de chostais taistil incháilithe

Víosa agus costais a bhaineann le víosa, ceadanna cónaithe, vacsaínithe agus deimhnithe leighis: 100 % de chostais incháilithe

Tábla A2.1 Tacaíocht aonair le haghaidh malartuithe ógra

  Tacaíocht aonair (euro in aghaidh an lae)
An Ostair EUR 51
An Bheilg EUR 47
An Bhulgáir EUR 36
An Chróit EUR 39
An Chipir EUR 36
Poblacht na Seice EUR 36
An Danmhairg EUR 51
An Eastóin EUR 37
An Fhionlainn EUR 51
An Mhacadóin Thuaidh EUR 31
An Fhrainc EUR 43
An Ghearmáin EUR 46
An Ghréig EUR 43
An Ungáir EUR 37
An Íoslainn EUR 51
Éire EUR 55
An Iodáil EUR 44
An Laitvia EUR 38
Lichtinstéin EUR 51
An Liotuáin EUR 38
Lucsamburg EUR 51
Málta EUR 44
An Ísiltír EUR 51
An Iorua EUR 56
An Pholainn EUR 38
An Phortaingéil EUR 42
An Rómáin EUR 36
An tSeirbia EUR 33
An tSlóvaic EUR 39
An tSlóivéin EUR 38
An Spáinn EUR 38
An tSualainn EUR 51
An Tuirc EUR 36
Tíortha comharsanachta nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár EUR 33
  • 1 Déantar príomhbhuiséad na Gníomhaíochta seo a leithdháileadh chun tacú le gníomhaíochtaí trasnáisiúnta lena mbaineann eagraíochtaí agus rannpháirtithe ó Bhallstáit an Aontais agus tíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár. Mar sin féin, féadfaidh suas le 25 % den bhuiséad atá ar fáil gníomhaíochtaí soghluaisteachta idirnáisiúnta a mhaoiniú, agus eagraíochtaí agus rannpháirtithe ó thíortha an chláir agus ó thíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár agus atá comharsanach leis an Aontas san áireamh (réigiúin 1 go 4; féach an roinn ‘Tíortha incháilithe’ i gCuid A den Treoir seo).
  • 2 Tá liosta na straitéisí le fáil anseo: https://www.salto-youth.net/
  • 3 Forbraíodh na Spriocanna Eorpacha don Óige faoi chuimsiú Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh. Leis na spriocanna sin sainaithnítear réimsí trasearnála lena ndéantar difear do shaol daoine óga agus tarraingítear aird ar dhúshláin. Https://ec.europa.eu/youth/policy/youth-strategy_en
  • 4 Beidh ar eagraíochtaí rannpháirteacha sainordú a shíniú don eagraíocht is iarratasóir. Ba cheart na sainorduithe a sholáthar i gcéim an iarratais agus faoin tráth a shínítear an comhaontú deontais ar a dhéanaí. Chun breis faisnéise a fháil, féach Cuid C den treoir seo.
  • 5 Grúpa de cheathrar daoine óga ar a laghad idir 13 bliana d’aois agus 30 bliain d’aois. Glacann duine de na comhaltaí den ghrúpa atá ar a laghad 18 mbliana d’aois ról an ionadaí chomh maith leis an bhfreagracht thar ceann an ghrúpa. Seiceáil an ghluais le haghaidh sainmhíniú ar ghrúpa neamhfhoirmiúil. Chun críoch na gníomhaíochta seo agus aon fhorála a bhaineann léi, bainfidh ‘grúpa neamhfhoirmiúil daoine óga’ leis an nóisean ‘eagraíocht rannpháirteach’. I gcás ina ndéantar tagairt do ‘eagraíocht rannpháirteach’ measfar go gcumhdaítear ‘grúpa neamhfhoirmiúil daoine óga’ leis sin freisin.
  • 6 Is fiú an méid seo a leanas a chur san áireamh: íosteorainneacha aoise – ní mór an aois íosta a bheith slánaithe ag na rannpháirtithe i ndáta tosaigh na gníomhaíochta.uasteorainneacha aoise – níor cheart do na rannpháirtithe a bheith níos sine ná an aois uasta léirithe i ndáta tosaigh na gníomhaíochta.
  • 7 is éard is ceannaire grúpa ann duine fásta a théann i bpáirt leis na daoine óga atá rannpháirteach i malartú ógra chun a áirithiú go dtabharfaidh siad faoin bhfoghlaim, go gcosnófar iad agus go mbeidh sábháilte, agus sin ar bhealach éifeachtach.
  • 8 Mar shampla, má bhíonn duine ó Mhaidrid (na Spáinne) ag glacadh páirt i ngníomhaíocht atá á reáchtáil sa Róimh (an Iodáil), déanfaidh an t‑iarratasóir an t‑achar ó Mhaidrid go dtí an Róimh a ríomh (1 365.28 KM) agus ansin roghnóidh an t‑iarratasóir an banda achair taistil is infheidhme (is é sin, idir 500 agus 1 999 km).
  • 9 https://ec.europa.eu/programmes/erasmus-plus/resources/distance-calculator_ga
  • 10 Mar shampla, má bhíonn rannpháirtí ó Mhaidrid (na Spáinne) ag glacadh páirt i ngníomhaíocht taistil atá á reáchtáil sa Róimh (an Iodáil) ar dtús agus ansin i Liúibleána (na Slóivéine), déanfaidh an t‑iarratasóir an t‑achar idir Maidrid agus an Róimh (1 365.28 KM) a ríomh ar dtús, ansin ríomhfaidh sé an t‑achar idir an Róimh agus Liúibleána (489,75 KM) agus cuirfidh sé an dá achar le chéile (1 855.03 KM) b) roghnóidh sé an banda achair taistil is infheidhme (is é sin, idir 500 agus 1 999 KM) agus c) déanfaidh sé an deontas ón Aontas a ríomh, rud a sholáthróidh ranníocaíocht le costais taistil an rannpháirtí ó Mhaidrid go Liúibleána (tríd an Róimh) agus ar ais (EUR 275).
Tagged in:  Youth