Skip to main content

Erasmus+ Programme Guide

The essential guide to understanding Erasmus+

Gníomhaíochtaí um rannpháirtíocht óige

Tacaíonn an ghníomhaíocht seo1 le gníomhaíochtaí lasmuigh den oideachas agus den oiliúint fhoirmiúil lena ndéantar rannpháirtíocht daoine óga sa saol daonlathach Eorpach a spreagadh, a chothú agus a éascú ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach. 

Cuspóirí na gníomhaíochta

Le Erasmus+ tacaítear le tionscadail rannpháirtíochta faoi stiúir na hóige ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta, trasnáisiúnta agus idirnáisiúnta lena ndéantar rannpháirtíocht na hóige sa saol daonlathach Eorpach a spreagadh agus de réir ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí seo a leanas:

  • deiseanna a sholáthar do dhaoine óga a bheith páirteach agus foghlaim conas a bheith rannpháirteach sa tsochaí shibhialta trí chonairí rannpháirtíochta a thairiscint do dhaoine óga ina saol laethúil agus sa saol daonlathach freisin, arb é is aidhm dóibh féachaint chuige go mbeidh daoine óga ó gach cúlra rannpháirteach ar bhealach suntasach, sibhialta, eacnamaíoch, sóisialta, cultúrtha agus polaitiúil, agus aird ar leith á díriú orthu sin ar lú na deiseanna atá acu);
  • feasacht daoine óga a mhúscailt maidir le luachanna comhchoiteanna agus cearta bunúsacha Eorpacha agus rannchuidiú le próiseas na lánpháirtíochta Eorpaí, lena n‑áirítear trí rannchuidiú le ceann amháin nó níos mó de na Spriocanna Eorpacha don Óige a bhaint amach;
  • inniúlachtaí digiteacha daoine óga chomh maith lena litearthacht sna meáin a fhorbairt (go háirithe ó thaobh smaointeoireacht chriticiúil de agus chumas na ndaoine óga measúnú a dhéanamh ar eolas agus oibriú leis) d’fhonn athléimneacht daoine óga i leith bréagaisnéise, mífhaisnéise agus bolscaireachta a mhéadú, chomh maith le cur lena gcumas a bheith rannpháirteach sa saol daonlathach;
  • daoine óga agus cinneadóirí a thabhairt le chéile ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus trasnáisiúnta agus/nó rannchuidiú le hIdirphlé Óige an Aontais.

Comhthéacs beartais

Is éard atá i Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 an creat le haghaidh chomhar an Aontais i réimse na hóige bunaithe ar an Rún ón gComhairle in 20182 . Leis an Straitéis cothaítear rannpháirtíocht na hóige sa saol daonlathach, tacaítear le rannpháirtíocht shóisialta agus saoránach agus is é is aidhm di a chinntiú go mbeidh na hacmhainní is gá ag gach duine óg chun páirt a ghlacadh sa tsochaí. Tá 11 Sprioc Eorpacha don Óige i Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh, ar spriocanna iad lena sainaithnítear réimsí trasearnála a dhéanann difear do shaol daoine óga. 

Faoin bpríomhréimse ‘Nascadh’, déanann Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh naisc agus malartú taithí idir daoine óga a éascú mar shócmhainn ríthábhachtach d’fhorbairt an Aontais amach anseo. Is trí chineálacha difriúla soghluaisteachta is fearr a chothaítear na naisc sin, cuir i gcás Malartuithe Ógra agus DiscoverEU. Faoi ‘Rannpháirtíocht’, éascaíonn an Straitéis rannpháirtíocht daoine óga trí Ghníomhaíochtaí Óige agus Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh mar shampla. Faoi ‘Cumhachtú’, éascaíonn an Straitéis obair óige ar ardchaighdeán trí, mar shampla, soghluaisteacht agus comhar, oiliúint agus líonrú na nOibrithe Óige. 

Is féidir inspioráid a fháil ó Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh agus rannchuidiú leis an straitéis sin i dtionscadail agus gníomhaíochtaí i ngach formáid agus earnáil. Is féidir é sin a dhéanamh trína shainaithint an rannchuidíonn an tionscadal leis an méid seo a leanas a bhaint amach agus conas a rannchuidíonn sé leis an méid sin a bhaint amach: 

Chun tacaíocht a fháil maidir le conas is féidir tionscadail a nascadh le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh, déan teagmháil le do Ghníomhaireacht Náisiúnta nó le Lárionaid Acmhainní SALTO.

Tá Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh le fáil anseo: https://youth.europa.eu/strategy_ga.

Straitéisí téamacha i réimse na hóige

Leis an gClár Erasmus+ féachtar le rannpháirtíocht na hóige, treisiú cáilíochta próiseas foghlama neamhfhoirmiúla agus seachfhoirmiúla agus forbairt oibre óige ardcháilíochta a chur chun cinn. Tá tacaíocht bhreise sna réimsí sin ar fáil trí straitéisí téamacha sonracha, mar shampla an Straitéis Rannpháirtíochta Óige, Youthpass agus an Straitéis Eorpach um Oiliúint (ETS)9 .

Tuairisc ar na gníomhaíochtaí

Is gníomhaíochtaí foghlama seachfhoirmiúla iad gníomhaíochtaí um rannpháirtíocht óige bunaithe ar rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga. Is é is aidhm do na gníomhaíochtaí sin a chumasú do dhaoine óga dul i mbun gníomhaíochtaí malartaithe, comhair, cultúrtha agus sibhialta. Le gníomhaíochtaí a dtacaítear leo ba cheart cuidiú leis na rannpháirtithe a n‑inniúlachtaí pearsanta, sóisialta, saorántachta agus digiteacha a neartú agus a bheith ina saoránaigh Eorpacha ghníomhacha.

Leis an nGníomhaíocht seo, tacaítear le foirmeacha malartacha, nuálacha, cliste agus digiteacha de rannpháirtíocht na hóige a úsáid, lena n‑áirítear rannpháirtíocht na hóige a shíneadh in earnálacha agus spásanna éagsúla (seirbhísí cúraim sláinte, áiseanna spóirt srl., gan beann ar cibé acu a dhéantar iad sin a oibriú leis an earnáil phoiblí nó phríobháideach), rud a osclaíonn conairí chuig rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga ó gach cúlra. 

Is féidir gníomhaíochtaí um rannpháirtíocht óige a úsáid chun idirphléití agus pléití a sheoladh idir daoine óga agus cinneadóirí chun rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga a chur chun cinn sa saol daonlathach san Eoraip. Mar thoradh coincréiteach air sin, is féidir le daoine óga a dtuairimí a chur chun tosaigh (trí sheasaimh, tograí agus moltaí a fhoirmliú), go háirithe maidir le conas ba cheart beartais óige a mhúnlú agus a chur chun feidhme san Eoraip. Is féidir gníomhaíocht chathartha agus gníomhaíochas óige a bheith i gceist le gníomhaíochtaí rannpháirtíochta óige, lena gcuirtear ar a gcumas do dhaoine óga páirt a ghlacadh ar bhealaí éagsúla chun feasacht a ardú maidir le ceisteanna atá tábhachtach dóibh.

Is féidir le gníomhaíochtaí um rannpháirtíocht óige a bheith trasnáisiúnta (curtha chun feidhme i dtír rannpháirteach amháin nó níos mó agus grúpa neamhfhoirmiúil/grúpaí neamhfhoirmiúla daoine óga agus/nó eagraíochtaí ó thíortha rannpháirteacha éagsúla páirteach iontu) nó náisiúnta (curtha chun feidhme ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta agus grúpa neamhfhoirmiúil nó grúpaí neamhfhoirmiúla daoine óga agus/nó eagraíochtaí ó thír rannpháirtíocht amháin páirteach iontu). Oireann gníomhaíochtaí um rannpháirtíocht óige náisiúnta go háirithe do smaointe a thriail ar an leibhéal áitiúil agus tá siad oiriúnach mar uirlis chun obair leantach a dhéanamh ar thionscnaimh a tháinig roimhe sin chun smaointe rathúla a mhéadú ó scála agus a fhorbairt a thuilleadh. 

Maidir le gach gníomhaíocht rannpháirtíochta Óige , gan beann ar an leibhéal ina gcuirtear chun feidhme iad, ní mór éirim Eorpach agus/nó breisluach Eorpach a bheith leo agus le gach gníomhaíocht aonair lena dtacaítear ní mór rannchuidiú go soiléir le ceann amháin nó níos mó de chuspóirí na Gníomhaíochta a liostaítear thuas.

Is féidir na rudaí a leanas (nó meascán díobh) a bheith ina ngníomhaíochtaí a dtacaítear leo: ceardlanna, díospóireachtaí, gníomhaíochtaí rólghlactha, gníomhaíochtaí ionsamhlúcháin, úsáid uirlisí digiteacha (mar shampla uirlisí ríomhdhaonlathais), feachtais múscailte feasachta, cúrsaí oiliúna, cruinnithe agus foirmeacha eile idirghníomhaíochtaí ar líne nó as líne idir daoine óga agus cinneadóirí, comhairliúcháin, imeachtaí eolais agus/nó imeachtaí cultúrtha, srl. 

Seo a leanas samplaí áirithe de na gníomhaíochtaí a d’fhéadfaí a chur chun feidhme laistigh de thionscadal: 

  • ceardlanna aghaidh ar aghaidh nó ar líne agus/nó cruinnithe, seimineáir nó imeachtaí/próisis eile ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó trasnáisiúnta lena dtairgtear spás le haghaidh eolais, díospóireachta agus rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga maidir le saincheisteanna atá ábhartha i leith a saoil laethúil mar shaoránaigh gníomhacha Eorpacha agus, más féidir, idirghníomhaíochtaí le cinneadóirí agus páirtithe leasmhara eile a mbaineann na saincheisteanna sin leo á gcur san áireamh, nó go dtiocfadh idirghníomhaíochtaí den sórt sin astu nó go ndéanfaí obair leantach ina leith;
  • comhairliúcháin le daoine óga agus topaicí/saincheisteanna á sainaithint a mbaineann ábharthacht shonrach leo dóibh (i gcomhthéacs áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó trasnáisiúnta) agus na riachtanais rannpháirtíochta atá acu á sainaithint chun dul i ngleic leis na topaicí/na saincheisteanna sin;
  • feachtais múscailte feasachta a bhaineann le rannpháirtíocht daoine óga sa saol daonlathach, cuir i gcás imeachtaí eolais agus/nó imeachtaí cultúrtha a bhaineann le dúshláin sochaí shonracha atá ábhartha do dhaoine óga;
  • rochtain ar spásanna fíorúla agus/nó fisiceacha atá oscailte, sábháilte agus inrochtana do dhaoine óga a éascú, agus deiseanna foghlama éifeachtacha a thairiscint chun bheith rannpháirteach sa saol daonlathach agus i bpróisis dhaonlathacha;
  • ionsamhlúcháin ar fheidhmiú institiúidí daonlathacha agus ar róil na gcinneadóirí laistigh de na hinstitiúidí sin.

I gcás inarb ábhartha, spreagtar go mór formáidí gníomhaíochta digití (mar shampla seimineáir ghréasáin, haiceatóin, uirlisí ríomh‑rannpháirtíochta éagsúla srl.) agus/nó oiliúint maidir le húsáid uirlisí ríomhdhaonlathais a lánpháirtiú i ngníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme laistigh de thionscadal Gníomhaíochtaí Óige.

Ba cheart go gcuimseofaí i dtionscadal gníomhaíochtaí tionscadail éagsúla lenar féidir na cuspóirí beartaithe a bhaint amach nuair a chuirtear le chéile iad. 

Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a mhaoiniú tríd an gcatagóir bhuiséid ‘bainistíocht tionscadail’, ar ranníocaíocht aonaid mhíosúil é, go príomha. I measc na ngníomhaíochtaí tionscadail sin bíonn cruinnithe maidir le bainistíocht tionscadail agus gníomhaíochtaí leanúnacha rialta an tionscadail de ghnáth.Is féidir gur gníomhaíochtaí digiteacha agus/nó fisiceacha a bheadh i ngníomhaíochtaí an tionscadail agus daoine óga atá ag gabháil go díreach don tionscadal a bheith san áireamh iontu.

D’fhéadfadh imeacht rannpháirtíochta Óige amháin, nó níos mó, a bheith i gceist leis an tionscadal freisin.

Cumhdaítear faoin téarma ‘Imeacht rannpháirtíochta Óige’ imeachtaí atá lárnach chun cuspóirí an tionscadail a bhaint amach; d’fhéadfaidís ceiliúradh a dhéanamh ar bhaint amach garspriocanna sa tionscadal agus ba cheart dóibh a bheith difriúil le gníomhaíochtaí leanúnacha an tionscadail, de réir a n‑ábhair, a méide nó phróifíl a rannpháirtithe. Thairis sin, is imeacht fisiceach í imeacht rannpháirtíochta Óige, a mbíonn daoine óga agus, i gcás inarb ábhartha, rannpháirtithe eile ar an láthair go fisiciúil lena aghaidh. Ní hamháin go mbeidh baill den ghrúpa neamhfhoirmiúil nó daoine óga sna heagraíochtaí is tairbhí a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí foriomlána an tionscadail i láthair ag an imeacht rannpháirtíochta don Óige, ach beidh grúpaí daoine óga eile agus/nó cinneadóirí ann freisin. Ba cheart d’fhad an imeachta teacht le fad na ngníomhaíochtaí beartaithe agus na n‑éachtaí a bhfuil coinne leo. Is féidir leis na himeachtaí a bheith an‑ghearr (uaireanta an chloig) nó níos faide. Tá tacaíocht shonrach maidir le heagrú rannpháirtíocht na hÓige ar fáil ar bhonn ‘in aghaidh an rannpháirtí in aghaidh an imeachta’, beag beann ar fhad an imeachta. 

Tionscadail rannpháirtíochta Óige lena mbaineann gníomhaíochtaí tionscadail fisiceacha nó imeachtaí fisiceacha rannpháirtíochta Óige a fhágann go mbíonn ar rannpháirtithe taisteal go hionad éagsúil nach bhfuil cónaí orthu ann, is féidir leo iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú breise le haghaidh soghluaisteachta, maoiniú lena gcuimsítear tacaíocht le haghaidh taistil agus cothaithe. Is féidir soghluaisteacht i dtionscadail rannpháirtíochta Óige a bheith náisiúnta agus idirnáisiúnta, ach ba cheart dóibh tacú le gníomhaíocht tionscadail a mhaoinítear trí chostais bainistithe tionscadail nó trí imeacht rannpháirtíochta óige (a mhaoinítear le tacaíocht d’imeachtaí rannpháirtíochta Óige) i gcónaí.

Ní féidir tacú leis na cineálacha gníomhaíochtaí seo a leanas faoin nGníomhaíocht seo: cruinnithe reachtúla eagraíochtaí nó líonraí eagraíochtaí, eagrú imeachtaí polaitíochta páirtíní, bonneagar fisiceach (mar shampla, an costas a bhaineann le foirgnimh a thógáil/a fháil agus lena dtrealamh buan).

Is féidir samplaí de thionscadail ina bhfuil gné láidir rannpháirtíochta (nach bhfuil teoranta d’fhormáid na ngníomhaíochtaí um rannpháirtíocht óige) agus dea‑chleachtais ábhartha a fháil i bhFoireann Uirlisí na hÓige10 .   

Tionscadal a bhunú

I dtionscadal lena dtacaítear faoin nGníomhaíocht seo ba cheart ceann amháin nó níos mó de na gnéithe ar a bhfuil tuairisc thuas a áireamh. Is féidir na gnéithe sin a chomhcheangal ar bhealach solúbtha, ag brath ar chuspóirí an tionscadail agus riachtanais na heagraíochta rannpháirtí nó na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha agus na rannpháirtithe.

Déanann grúpa neamhfhoirmiúil amháin nó níos mó de dhaoine óga, eagraíocht amháin nó níos mó, nó meascán díobh araon, tionscadal a chur chun feidhme. Ní mór an grúpa neamhfhoirmiúil nó na grúpaí neamhfhoirmiúla daoine óga agus/nó na heagraíochtaí rannpháirteacha a shainaithint i gcéim an iarratais. Féadfaidh daoine óga eile a bheith páirteach sa tionscadal mar rannpháirtithe i roinnt de na gníomhaíochtaí nó mar chuid den spriocghrúpa le haghaidh na ngníomhaíochtaí. Mura mbíonn ach grúpa neamhfhoirmiúil daoine óga páirteach, déanann duine de na baill den ghrúpa iarratas thar ceann an ghrúpa. Má bhíonn roinnt grúpaí nó eagraíochtaí páirteach, glacann ceann díobh ról an chomhordaitheora agus déanann sé iarratas ar an tionscadal iomlán thar ceann na comhpháirtíochta.

Baineann ceithre chéim le tionscadal: pleanáil, ullmhú, cur chun feidhme agus obair leantach. Ní mór d’eagraíochtaí rannpháirteacha agus do dhaoine óga atá páirteach sna gníomhaíochtaí ról gníomhach a ghlacadh sna céimeanna sin uile, rud a chuirfidh feabhas ar a n‑eispéireas foghlama (‘gníomhaíochtaí curtha le chéile ag daoine óga do dhaoine óga’). Féadann Foireann Uirlisí na hÓige smaointe praiticiúla agus treoraíocht phraiticiúil a chur ar fáil chun rannpháirtíocht na hóige a fheabhsú.

  • Pleanáil (riachtanais, cuspóirí, torthaí foghlama agus formáidí na gníomhaíochta a shainiú, an clár oibre a fhorbairt, na gníomhaíochtaí a sceidealú srl.)
  • Ullmhú (socruithe praiticiúla, comhaontuithe a chur ar bun le comhpháirtithe, deimhniú an spriocghrúpa nó na spriocghrúpaí ar na gníomhaíochtaí beartaithe, rannpháirtithe a ullmhú ó thaobh foghlaim teanga/idirchultúrtha de agus ó thaobh na gcúraimí de srl.);
  • Cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí;
  • Obair leantach (meastóireacht ar na gníomhaíochtaí, torthaí foghlama na rannpháirtithe a shainaithint agus a dhoiciméadú, chomh maith le scaipeadh agus úsáid thorthaí an tionscadail). Mar chuid den chéim leantach, le gach tionscadal ba cheart a bheartú aiseolas a sholáthar maidir le torthaí tionscadail nithiúla do na rannpháirtithe óga, lena n‑áirítear maidir le conas a cuireadh na torthaí sin in iúl do pháirtithe leasmhara ábhartha eile agus/nó maidir leis an úsáid a bhain siad astu. 

Idirphlé Óige an Aontais

Is féidir go mbeidh na topaicí agus na tosaíochtaí a shainaithnítear i gcomhthéacs Idirphlé Óige an Aontais11 ina spreagadh do Ghníomhaíochtaí Óige ar gach leibhéal. D’fhéadfadh sé go mbeadh na Spriocanna Eorpacha don Óige a forbraíodh in Idirphlé Óige an Aontais a bheith chomh spreagúil céanna ina sainaithnítear réimsí trasearnála lena ndéantar difear do shaol daoine óga agus ina gcuirtear dúshláin in iúl. Thairis sin, is féidir torthaí gníomhaíochtaí um rannpháirtíocht óige rathúla a úsáid mar ionchur le haghaidh céimeanna eile d’Idirphlé Óige an Aontais.

Próiseas Foghlama

Le gníomhaíochtaí um rannpháirtíocht óige ní mór tacaíocht a bheartú le haghaidh an phróisis machnaimh, torthaí foghlama aonair na rannpháirtithe uile [is é sin, rannpháirtithe lasmuigh den ghrúpa neamhfhoirmiúil/de na grúpaí neamhfhoirmiúla daoine óga a chuireann an tionscadal chun feidhme agus nó lasmuigh de na daoine óga atá páirteach go gníomhach in ullmhú agus cur chun feidhme an tionscadail] a shainaithint agus a dhoiciméadú, go háirithe trí Youthpass.

Cosaint agus sábháilteacht na rannpháirtithe

Le linn tionscadal a phleanáil agus a ullmhú, ba cheart dul i ngleic leis an tsaincheist a bhaineann le cosaint agus sábháilteacht na rannpháirtithe agus ba cheart foráil a dhéanamh maidir le gach beart is gá chun rioscaí a chosc/a laghdú. 

Tógáil pobail

Moltar go mór gníomhaíochtaí tógála pobail a chuimsiú i ngníomhaíochtaí um rannpháirtíocht óige. Aon uair is féidir, maidir leis na gníomhaíochtaí sin, ba cheart féachaint le go mbeidh siad fós inmharthana lastall d’fhad na dtionscadal lena dtacaítear agus go mbeidh siad féin‑inbhuanaithe. 

Caighdeáin Cháilíochta Erasmus i réimse na hÓige

Agus gach gníomhaíocht lena dtacaítear faoin nGníomhaíocht seo á cur chun feidhme, ní mór Caighdeáin Cháilíochta Erasmus i réimse na hÓige a leanúint chun gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama ardcháilíochta a eagrú. Le Caighdeáin Cháilíochta Erasmus i réimse na hÓige cumhdaítear prionsabail bhunúsacha na Gníomhaíochta, mar aon le cleachtais phraiticiúla chun cúraimí an tionscadail a chur chun feidhme ar nós rannpháirtithe a roghnú agus a ullmhú, torthaí foghlama a shainiú, meastóireacht a dhéanamh orthu agus iad a aithint, torthaí tionscadail a chomhroinnt, srl. Tá Caighdeáin Cháilíochta Erasmus i réimse na hÓige le fáil anseo: https://ec.europa.eu/programmes/erasmus-plus/resources/documents/erasmus-quality-standards-mobility-projects-youth_ga

Gnéithe cothrománacha

Agus tionscadal soghluaisteachta á dhearadh, ní mór cuimhneamh ar na gnéithe cothrománacha seo a leanas.

An cuimsiú agus an éagsúlacht

Leis an gClár Erasmus+ féachtar leis an gcomhionannas deiseanna a chur chun cinn ar fud a ghníomhaíochtaí uile agus féachtar leis an rochtain, leis an gcuimsiú, agus leis an gcothroime a chur chun cinn leis sin freisin. Ba cheart d’iarratasóirí gníomhaíochtaí tionscadail inrochtana agus chuimsitheacha a dhearadh, agus dearcthaí na rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu á gcur san áireamh agus páirt á tabhairt dóibh sa phróiseas cinnteoireachta. 

Oireann Gníomhaíochtaí um rannpháirtíocht óige go háirithe do dhaoine óga ar lú na deiseanna atá acu a chuimsiú:

  • Tá gníomhaíochtaí um rannpháirtíocht óige deartha mar fhormáid ghníomhaíochta ar leibhéal an phobail le paraiméadair an‑solúbtha (fad, an líon rannpháirtithe, gníomhaíochtaí náisiúnta/trasnáisiúnta srl.) is féidir a oiriúnú go héasca do riachtanais shonracha daoine óga ar lú na deiseanna atá acu.
  • Is féidir go dtabharfaidh  cóitseálaí12 tacaíocht do ghrúpaí neamhfhoirmiúla daoine óga a chuireann tionscadal Gníomhaíochtaí um Rannpháirtíocht óige i gcrích. D’fhéadfadh sé go mbeadh seirbhísí cóitseálaí ábhartha agus cabhrach go háirithe chun tacú le daoine óga ar lú na deiseanna atá acu a dtionscadail a fhorbairt agus a chur i gcrích.
  • I gcuspóirí na gníomhaíochta áirítear deiseanna foghlama a sholáthar do dhaoine óga chun bheith rannpháirteach sa tsochaí shibhialta, chomh maith le feabhas a chur ar an litearthacht dhigiteach agus leis an litearthacht sna meáin. Is féidir le tionscadail lena saothraítear na spriocanna sin a bheith úsáideach go háirithe chun cuidiú le daoine óga ar lú na deiseanna atá acu roinnt de na dúshláin is féidir a bheith rompu a shárú.

Tá gníomhaíochtaí um rannpháirtíocht óige oiriúnach freisin go háirithe chun oibriú go téamach ar an gcuimsiú agus ar an éagsúlacht sa tsochaí, mar shampla chun tacú leis an gcomhrac in aghaidh steiréitíopaí, an tuiscint, an chaoinfhulaingt agus an neamh‑idirdhealú a chothú. 

Inbhuaine comhshaoil

Le tionscadal ba cheart iompar atá inbhuanaithe agus freagrach ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn i measc na rannpháirtithe, agus feasacht á múscailt faoin tábhacht a bhaineann le gníomhú chun lorg comhshaoil gníomhaíochtaí soghluaisteachta a laghdú nó a chúiteamh. Ba cheart é a dhearadh agus a chur chun feidhme agus feasacht ar an gcomhshaol á cothú, mar shampla, trí chleachtais inbhuanaithe a lánpháirtiú ar nós ábhair in‑athúsáidte nó éiceabhácha a roghnú, tríd an dramhaíl a laghdú, tríd an athchúrsáil agus trí mhodhanna iompair inbhuanaithe. 

An claochlú digiteach i réimse na hóige

Leis an gClár Erasmus+ tacaítear leis na heagraíochtaí rannpháirteacha úsáid uirlisí agus modhanna foghlama digiteacha a ionchorprú chun a ngníomhaíochtaí fisiceacha a chomhlánú, chun feabhas a chur ar an gcomhar idir eagraíochtaí comhpháirteacha, agus chun feabhas a chur ar cháilíocht na ngníomhaíochtaí. Moltar tabhairt isteach gnéithe digiteacha agus gnéithe ar líne chun an tairseach le haghaidh rannpháirtíochta a ísliú do dhaoine óga ar lú na deiseanna atá acu. Trí thionscadail agus gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh borradh a chur faoi scileanna digiteacha, an litearthacht dhigiteach a chothú agus/nó tuiscint a fhorbairt ar rioscaí agus ar dheiseanna na teicneolaíochta digití, féadfaidh an clár meonta a athrú agus cur le cuir chuige dhigiteacha agus chumaisc a fhorbairt i ngníomhaíochtaí na hóige. 

Ag brath ar dhearadh agus cuspóirí na ngníomhaíochtaí, is féidir forbairt na n‑inniúlachtaí agus feasacht ar shaincheisteanna digiteacha, agus úsáid teicneolaíochtaí nua a thabhairt isteach in imeachtaí fisiceacha nó soghluaisteachtaí foghlama, ach ba cheart codanna atá go hiomlán fíorúil a mhaoiniú le costais bainistíochta tionscadail. Is féidir iarratas a dhéanamh ar chostais a bhfuil údar cuí leo chun daoine óga ar lú na deiseanna atá acu a chuimsiú faoin tacaíocht chuimsiúcháin do rannpháirtithe. 

Tairgeann na Gníomhaireachtaí Náisiúnta raon deiseanna oiliúna le haghaidh oibrithe óige agus ceannairí óige trína nGníomhaíochtaí Oiliúna agus Comhair, mar shampla ag tacú leis an gclaochlú digiteach i réimse na hóige. Foilsítear na tairiscintí ar an bhFéilire Oiliúna Eorpach https://www.salto-youth.net/tools/european-training-calendar/ . Is féidir spreagadh a aimsiú faoi uirlisí SALTO freisin https://www.salto-youth.net/tools/ .

Rannpháirtíocht sa saol daonlathach, luachanna coiteanna agus rannpháirteachas saoránach

Tacaíonn Clár Erasmus+ le gach gné de rannpháirtíocht daoine óga. Le Gníomhaíochtaí Óige, ba cheart scileanna rannpháirtíochta agus saoránachta daoine óga agus a n‑inniúlachtaí sóisialta agus idirchultúrtha a threisiú, agus feabhas a chur ar a smaointeoireacht chriticiúil agus ar a scileanna litearthachta sna meáin. I gcás gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht, ba cheart deiseanna a chruthú le haghaidh rannpháirtíocht dhaonlathach, agus rannpháirteachas saoránach san áireamh mar aon leis an deis tionchar a bheith acu ar an gcinnteoireacht agus páirt a ghlacadh inti maidir le hábhair a dhéanann difear dóibh trí eispéiris foghlama lánbhrí do dhaoine óga agus dóibh uile a rannpháirtíonn sa phróiseas. Leis na tionscadail is féidir tacú freisin le hoibrithe óige, cinnteoirí agus gairmithe eile a bhfuil baint acu le tuiscint agus scileanna a fháil maidir le conas deis, spásanna, modhanna agus tacaíocht shásúil a sholáthar ar mhaithe leis an rannpháirtíocht óige. Ba cheart éirim rannpháirteach a leabú sna tionscadail freisin, mar atá, daoine óga a spreagadh agus tacú leo ceapadh agus cur chun feidhme gníomhaíochtaí tionscadail a stiúradh go gníomhach agus/nó chun gabháil do cheapadh agus do chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin go gníomhach, agus chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheapadh agus sa chur chun feidhme sin, mar chonair do rannpháirtithe i dtreo páirt bhreise a ghlacadh sa saol daonlathach13 . Le tionscadail, ba cheart feabhas a chur ar thuiscint rannpháirtithe ar an Aontas Eorpach agus ar na luachanna coiteanna Eorpacha, cuir i gcás meas ar phrionsabail dhaonlathacha, dínit an duine, an aontacht agus an éagsúlacht, idirphlé idirchultúrtha, mar aon leis an oidhreacht shóisialta, chultúrtha agus stairiúil Eorpach.

Critéir incháilitheachta

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Is féidir le haon eagraíocht rannpháirteach incháilithe i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár a bheith ina hiarratasóir. Is í an eagraíocht sin a dhéanann iarratas thar ceann na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha uile atá páirteach sa tionscadal14 .

Eagraíochtaí rannpháirteacha incháilithe

Is féidir le heagraíocht rannpháirteach a bheith:

  • ina heagraíocht neamhbhrabúsach, ina comhlachas, ina heagraíocht neamhrialtasach; ina heagraíocht neamhrialtasach Eorpach don óige; ina comhlacht poiblí ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta; ina fiontar sóisialta; ina comhlacht brabúsach atá gníomhach sa fhreagracht chorparáideach;
  • ina grúpa neamhfhoirmiúil daoine óga15 .

bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár nó i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár (réigiúin 1 go 4; féach an roinn ‘Tíortha incháilithe’ i gCuid A den Treoir seo).

Líon agus próifíl na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha

  • Tionscadail rannpháirtíochta Óige náisiúnta: ní mór ar a laghad eagraíocht rannpháirteach amháin a bheith páirteach.
  • Tionscadail rannpháirtíochta Óige thrasnáisiúnta agus idirnáisiúnta: ní mór ar a laghad dhá eagraíocht rannpháirteacha ó thíortha éagsúla a bheith páirteach.

Ní féidir leis an eagraíocht chéanna (OID amháin) a bheith ag gabháil do níos mó ná 5 iarratas in aghaidh an sprioc-ama sa ghníomhaíocht seo, bíodh sé sin mar iarratasóir nó mar chomhpháirtí.

Fad an tionscadail

Ó 3 mhí go 24 mhí.

Ionad nó ionaid na ngníomhaíochtaí

Ní mór na gníomhaíochtaí a reáchtáil i dtír ceann amháin de na heagraíochtaí rannpháirteacha ar a laghad. Féadfar gníomhaíochtaí a reáchtáil ag suíomh Institiúide de chuid an Aontais Eorpaigh freisin16 , fiú amháin i ngníomhaíocht náisiúnta óige nó mura bhfuil aon eagraíocht rannpháirteach sa tionscadal ón tír a óstálann an Institiúid.

Eisceacht: Ní féidir gníomhaíochtaí a reáchtáil sa Bhealarúis ná sa Rúis.

Rannpháirtithe incháilithe

Daoine óga idir 13 bliana d’aois agus 30 bliain d’aois17 a chónaíonn i dtír na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha agus na gcinneadóirí atá ábhartha i leith na dtopaicí ar a ndírítear sa togra.

Ní mheasfar éascaitheoirí ná daoine tionlacain mar rannpháirtithe sa ghníomhaíocht, ach beidh siad incháilithe le haghaidh tacaíochta faoi chatagóirí buiséid áirithe.

Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?

Faoi bhráid Ghníomhaireacht Náisiúnta na tíre ina bhfuil an eagraíocht is iarratasóir bunaithe.

Cathain is féidir iarratas a dhéanamh?

Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoi na dátaí seo a leanas:

An 12 Feabhra ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile) le haghaidh tionscadail a gcuirfear tús leo idir an 1 Meitheamh agus an 31 Nollaig den bhliain chéanna

An 1 Deireadh Fómhair ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile) le haghaidh tionscadail dar tosach idir an 1 Eanáir agus an 31 Bealtaine an bhliain ina dhiaidh sin

Babhta breise féideartha:

Féadfaidh Gníomhaireachtaí Náisiúnta cinneadh a dhéanamh babhta breise a oscailt. Cuirfidh na Gníomhaireachtaí Náisiúnta na hiarratasóirí ar an eolas faoi oscailt an bhabhta bhreise trína suíomhanna gréasáin.

Má eagraítear babhta breise, ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratais a chur isteach faoin 7 Bealtaine ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile) le haghaidh tionscadail dar tosach idir an 1 Lúnasa agus an 31 Nollaig an bhliain chéanna.

Iarratas a dhéanamh

Féach cuid C den Treoir seo le haghaidh sonraí faoi conas iarratas a dhéanamh.

Iarscríbhinní

Má tá sé beartaithe go gcuirfidh an plean gníomhaíochtaí soghluaisteachta agus/nó imeachtaí fisiceacha chun feidhme: Ní mór tráthchlár de na gníomhaíochtaí soghluaisteachta agus/nó na himeachtaí fisiceacha beartaithe a bheith i gceangal leis an bhfoirm iarratais.

Critéir dhámhachtana

Déanfar measúnú ar na hiarratais a chuirtear isteach trí phointí as 100 ar an iomlán a shannadh, bunaithe ar na critéir agus ar na scóir thíos. Le bheith curtha san áireamh le haghaidh dámhachtana, ní mór na tairseacha seo a leanas a bhaint amach leis na hiarratais:

  • Ar a laghad 60 pointe as 100 pointe ar an iomlán, agus
  • Ar a laghad leath na bpointí scóir uasta i ngach ceann de na chritéar dámhachtana thíos

Ábharthacht, réasúnaíocht agus tionchar (scór uasta 30 pointe)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • tá próifíl, taithí, gníomhaíochtaí agus spriocghrúpa(í) an iarratasóra ábhartha i leith réimse na hóige;
  • díreofar sa tionscadal ar cheann amháin nó níos mó de na tosaíochtaí in Idirphlé Óige an Aontais nó na Spriocanna Eorpacha don Óige;
  • tá an tionscadal oiriúnach chun rannchuidiú leis na héirimí cuimsithe agus éagsúlachta, glasa, digiteacha agus rannpháirteacha den Chlár;
  • tá an tionscadal ábhartha i leith chuspóirí na Gníomhaíochta;
  • tá an tionscadal ábhartha chun comhluachanna an Aontais a urramú agus a chur chun cinn, cuir i gcás meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, smacht reachta agus meas ar chearta an duine, chomh maith le troid in aghaidh aon sórt idirdhealaithe.
  • tugtar aghaidh sa tionscadal agus sna gníomhaíochtaí atá beartaithe ar riachtanais na ndaoine óga agus na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha;
  • tugtar breisluach Eorpach leis an tionscadal;
  • A mhéid atá an togra oiriúnach chun torthaí foghlama ardcháilíochta a bhaint amach le haghaidh na rannpháirtithe;
  • gach seans go mbeidh tionchar ag an tionscadal ar rannpháirtithe agus eagraíochtaí rannpháirteacha, chomh maith le daoine óga agus eagraíochtaí nach bhfuil rannpháirteach go díreach sa togra, ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus/nó Eorpach nó domhanda;
  • tugann an tionscadal nuatheachtaithe agus eagraíochtaí ag a bhfuil níos lú taithí isteach sa Ghníomhaíocht, agus grúpaí daoine óga ina measc.

Cáilíocht dhearadh an tionscadail (scór uasta 40 pointe)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • Léiríonn an togra comhsheasmhacht idir riachtanais a sainaithníodh, cuspóirí an tionscadail, próifílí rannpháirtithe agus na gníomhaíochtaí a mholtar;
  • tugtar tuairisc ar bhealach soiléir agus áititheach sa togra ar chéimeanna ullmhúcháin, cur chun feidhme agus leantacha an tionscadail, agus rannpháirtíocht daoine óga sna céimeanna uile;
  • tá na gníomhaíochtaí deartha ar bhealach inrochtana agus cuimsitheach agus tá siad oscailte do rannpháirtithe ag a bhfuil cúlraí agus cumais éagsúla;
  • ionchorpraítear cleachtais inbhuanaithe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol sna gníomhaíochtaí;
  • baintear úsáid sa tionscadal as foirmeacha malartacha, nuálacha agus cliste de rannpháirtíocht na hóige;
  • tá na modhanna foghlama atá beartaithe, agus uirlisí digiteacha nó comhpháirteanna fíorúla ina measc, tá siad cuí do na gníomhaíochtaí agus tá próiseas machnaimh mar chuid díobh chun torthaí foghlama na rannpháirtithe a shainaithint agus a dhoiciméadú agus úsáidtear uirlisí trédhearcachta agus aitheantais, go háirithe Youthpass.

Cáilíocht bhainistíocht an tionscadail (scór uasta 30 pointe)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • tá na socruithe praiticiúla, bainistíochta, agus na módúlachtaí tacaíochta sásúil;
  • tá na bearta chun sábháilteacht agus cosaint na rannpháirtithe a chinntiú, oiriúnach agus éifeachtach;
  • tá na cúraimí agus na freagrachtaí sainithe go soiléir le haghaidh na ngníomhaíochtaí i gcomhréir le caighdeáin cháilíochta Erasmus;
  • tugann an plean maidir le comhoibriú agus cumarsáid idir na rannpháirtithe, na heagraíochtaí rannpháirteacha, chomh maith le páirtithe leasmhara ábhartha eile creat tacaíochta chun an tionscadal a bhainistiú;
  • tá bealach iomchuí molta ag an iarratasóir chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí an tionscadail i ndáil lena chuspóirí;
  • tá bealach iomchuí molta ag an iarratasóir chun torthaí an tionscadail a scaipeadh laistigh agus lasmuigh de na heagraíochtaí rannpháirteacha;
  • tá bearta sa tionscadal arb é is aidhm dóibh go mbeidh torthaí an tionscadail inbhuanaithe lastall de shaolré an tionscadail.

Ní mór buiséad an tionscadail a dhréachtú i gcomhréir leis na rialacha maoiniúcháin seo a leanas (in euro):

Uasmhéid an deontais a dhámhfar in aghaidh an tionscadail le haghaidh gníomhaíochtaí um rannpháirtíocht óige: <strong>EUR&nbsp;60&nbsp;000</strong>19

Catagóir bhuiséid - Bainistíocht tionscadail

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais atá nasctha le bainistíocht agus cur chun feidhme an tionscadail (mar shampla, ullmhúchán agus cur chun feidhme chruinnithe agus ghníomhaíochtaí an tionscadail, comhar agus cumarsáid idir na páirtithe,meastóireacht, scaipeadh eolais agus bearta leantacha

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar fhad an tionscadail.

Méid

EUR 500 in aghaidh na míosa

Catagóir bhuiséid - Costais chóitseála

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais atá nasctha le rannpháirtíocht cóitseálaí sa tionscadal.  Ní bhíonn costais oiliúna infheidhme ach amháin má chuireann grúpa neamhfhoirmiúil daoine óga an tionscadal chun feidhme.

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe thír an ionaid agus ar na laethanta oibre.

San fhoirm iarratais ní mór údar a thabhairt leis an iarraidh ar thacaíocht airgeadais chun costais chóitseála a chumhdach. Níl fad na cóitseála nasctha le fad an tionscadail.

Méid

Tábla  B3 in aghaidh an lae oibre.

Ar a mhéad 12 lá.

Catagóir bhuiséid - Tacaíocht chuimsiúcháin le haghaidh rannpháirtithe

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais bhreise a bhaineann go díreach le rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu agus lena ndaoine tionlacain, a n‑éascaitheoirí i ngníomhaíochtaí agus imeachtaí an tionscadail (costais taistil agus chothaithe a dtugtar údar leo san áireamh, mura n‑iarrtar deontas le haghaidh na rannpháirtithe sin trí na catagóirí buiséid ‘Taisteal’ agus ‘Tacaíocht aonair’).

Sásra maoiniúcháin: fíorchostais.

Riail maidir le leithdháileadh:ní mór don iarratasóir údar a thabhairt leis an iarraidh agus ní mór don Ghníomhaireacht Náisiúnta í a fhormheas.

Méid

100 % de chostais incháilithe

Catagóir bhuiséid - Costais eisceachtúla

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais chun ráthaíocht airgeadais a thabhairt, má iarrann an Ghníomhaireacht Náisiúnta sin.

Sásra maoiniúcháin: fíorchostais.

Riail maidir le leithdháileadh:ní mór don iarratasóir údar a thabhairt leis an iarraidh agus ní mór don Ghníomhaireacht Náisiúnta í a fhormheas.

Méid

Ráthaíocht airgeadais: 80 % de chostais incháilithe

Tábla  B3 Costais chóitseála

 Múinteoir/Oiliúnóir/Taighdeoir/ Oibrí óige Ranníocaíocht aonaid in aghaidh an lae
Grúpa tíortha 1: An Ostair, an Bheilg, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Íoslainn, Éire, an Iodáil, Lichtinstéin, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an tSualainn 241
Grúpa tíortha 2: An tSeicia, an Eastóin, an Ghréig, an Spáinn, an Chipir, Málta, an Phortaingéil, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Laitvia137
Grúpa tíortha 3: An Bhulgáir, an Chróit, an Liotuáin, an Mhacadóin Thuaidh, an Pholainn, an Rómáin, an tSeirbia, an Tuirc, an Ungáir74

Maoiniú breise le haghaidh imeachtaí fisiceacha a chuirtear i gcrích faoi chuimsiú an tionscadail

Catagóir bhuiséid - Tacaíocht le haghaidh imeachtaí rannpháirtíochta Óige

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais a bhaineann le cur chun feidhme imeachtaí fisiceacha náisiúnta, trasnáisiúnta, agus idirnáisiúnta, atá lárnach maidir le baint amach chuspóirí an tionscadail gníomhaíochtaí um rannpháirtíocht óige. Níl sé i gceist go gcumhdófaí leis an gcatagóir bhuiséid sin rannpháirtíocht ball foirne ón eagraíocht rannpháirteach/ó na heagraíochtaí rannpháirteacha nó baill den ghrúpa neamhfhoirmiúil/de na grúpaí neamhfhoirmiúla daoine óga agus éascaitheoirí, toisc gur cheart na costais freastail a bhaineann leis na rannpháirtithe sin ag imeachtaí den sórt sin a chumhdach faoin gcatagóir bhuiséid ‘bainistíocht tionscadail’.

I gcás inarb ábhartha, is féidir tacaíocht d’imeachtaí rannpháirtíochta Óige a chur le maoiniú le haghaidh soghluaisteachtaí laistigh de ghníomhaíochtaí rannpháirtíochta Óige de réir na rialacha is infheidhme thíos.

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an líon rannpháirtithe ag an imeacht, seachas baill foirne ón eagraíocht rannpháirteach/ó na heagraíochtaí rannpháirteacha nó baill den ghrúpa neamhfhoirmiúil/de na grúpaí neamhfhoirmiúla daoine óga agus éascaitheoirí.

Méid

EUR 100 in aghaidh an rannpháirtí

Maoiniú breise le haghaidh soghluaisteachtaí a chuirtear i gcrích faoi chuimsiú an <strong>tionscadail</strong>20

Catagóir bhuiséid - Taisteal

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Ranníocaíocht le costais taistil na rannpháirtithe, agus a ndaoine tionlacain, a n‑éascaitheoirí, óna n‑áit bhunaidh chuig ionad gníomhaíochta an tionscadail nó chuig an imeacht fisiceach agus ar ais, is cuma cé acu taisteal náisiúnta nó trasnáisiúnta atá i gceist.

Faoi bhun 500 km, mar riail ghinearálta, taistealóidh an rannpháirtí trí mhodhanna iompair íseal‑astaíochtaí a úsáid.

Rannpháirtithe a thaistealaíonn níos lú ná 10 km chuig an ionad, d’fhéadfaidís a bheith incháilithe do thacaíocht aonair agus do thacaíocht chuimsiúcháin d’eagraíochtaí le haghaidh laethanta gníomhaíochta lena mbíonn forluí le laethanta a mbíonn rannpháirtithe atá incháilithe do Thacaíocht Taistil i láthair lena linn.

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an achar taistil agus ar an líon daoine.

Ní mór don iarratasóir an t‑achar idir an áit bhunaidh agus ionad na gníomhaíochta a léiriú21 tríd an áireamhán taistil lena dtacaíonn an Coimisiún Eorpach a úsáid22 .

Le haghaidh gníomhaíochtaí taistil, ba cheart don iarratasóir na hachair idir ionaid aonair a chur le chéile agus an banda achair a chomhfhreagraíonn don iomlán a roghnú23 .

Méid

Achar taistilTaisteal glasTaisteal nach taisteal glas é
10 – 99 kmEUR 56EUR 28
100 – 499 kmEUR 285EUR 211
500 – 1 999 kmEUR 417EUR 309
2000 – 2999 kmEUR 535EUR 395
3000 – 3999 kmEUR 785EUR 580
4000 – 7999 kmEUR 1188EUR 1188
8 000 km nó níos moEUR 1735EUR 1735

Catagóir bhuiséid - Tacaíocht Aonair

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais atá nasctha leis an gcothú.

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh:bunaithe ar an tír óstála, ar fhad an fhanachta in aghaidh an rannpháirtí, daoine tionlacain agus éascaitheoirí (más gá), ina measc 1 lá taistil amháin freisin roimh an ngníomhaíocht agus 1 lá taistil amháin i ndiaidh na gníomhaíochta (más gá), agus suas le 4 lá breise le haghaidh rannpháirtithe, ceannairí grúpa, daoine tionlacain agus éascaitheoirí a fhaigheann deontas taistil ghlais

Méid

Tábla A2.1 in aghaidh an rannpháirtí in aghaidh an lae

Tá feidhm ag an tábla seo freisin i gcás daoine tionlacain agus éascaitheoirí.

Catagóir bhuiséid - Tacaíocht chuimsiúcháin d’eagraíochtaí

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais a bhaineann le gníomhaíochtaí soghluaisteachta a eagrú ina bhfuil rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu rannpháirteach.  Níl éascaitheoirí ná daoine tionlacain incháilithe do thacaíocht chuimsiúcháin d’eagraíochtaí.

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh bunaithe ar an líon rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu.

Méid

EUR 125 in aghaidh an rannpháirtí

Catagóir bhuiséid - Costais eisceachtúla

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Víosa agus costais a bhaineann le víosa, ceadanna cónaithe, vacsaínithe agus deimhnithe leighis.

Costais arda taistil na rannpháirtithe, ball den ghrúpa neamhfhoirmiúil/de na grúpaí neamhfhoirmiúla, daoine tionlacain agus éascaitheoirí, nach féidir tacú leo leis an ngnáthchatagóir ‘Taisteal’, de bharr iargúltacht gheografach nó bacainní eile (is é sin, i gcás ina mbíonn costais taistil níos airde ann toisc go n‑úsáidtear modhanna iompair níos glaine ag a bhfuil astaíochtaí níos ísle carbóin).  

Sásra maoiniúcháin: fíorchostais.

Riail maidir le leithdháileadh:ní mór don iarratasóir údar a thabhairt leis an iarraidh agus ní mór don Ghníomhaireacht Náisiúnta í a fhormheas. Tá feidhm ag taisteal costasach i gcásanna nach gcumhdaíonn an tacaíocht taistil bunaithe ar chostas aonaid 70 % de na costais taistil. Má dhámhtar iad, cuirtear costais eisceachtúla le haghaidh taisteal costasach in ionad tacaíochta taistil bunaithe ar chostais aonaid.

Méid

Víosa agus costais a bhaineann le víosa, ceadanna cónaithe, vacsaínithe agus deimhnithe leighis: 100 % de chostais incháilithe

Taisteal costasach: 80 % de chostais taistil incháilithe

Tábla A2.1: Tacaíocht aonair le haghaidh gníomhaíochtaí soghluaisteachta rannpháirtíochta óige

 Gníomhaíochtaí um Rannpháirtíocht óige (euro in aghaidh an lae) 
An Ostair78
An Bheilg78
An Bhulgáir45
An Chróit57
An Chipir63
An tSeicia53
An Danmhairg81
An Eastóin48
An Fhionlainn79
An Fhrainc67
An Ghearmáin71
An Ghréig68
An Ungáir60
An Íoslainn76
Éire73
An Iodáil69
An Laitvia48
Lichtinstéin77
An Liotuáin49
Lucsamburg77
Málta57
An Ísiltír69
An Mhacadóin Thuaidh41
An Iorua83
An Pholainn51
An Phortaingéil57
An Rómáin46
An tSeirbia47
An tSlóvaic48
An tSlóivéin54
An Spáinn58
An tSualainn72
An Tuirc50
Tíortha comharsanachta nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár44
  1. Déantar príomhbhuiséad na Gníomhaíochta seo a leithdháileadh chun tacú le gníomhaíochtaí trasnáisiúnta ina bhfuil eagraíochtaí agus rannpháirtithe ó Bhallstáit an Aontais agus tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár páirteach. Mar sin féin, tá suas le 25 % den bhuiséad ar fáil chun gníomhaíochtaí soghluaisteachta idirnáisiúnta a mhaoiniú, agus eagraíochtaí agus rannpháirtithe ó thríú tíortha atá i gcomharsanacht an Aontais agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár san áireamh, (réigiúin 1 go 4; féach an roinn ‘Tíortha incháilithe’ i gCuid A den Treoir seo). ↩ back
  2. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=uriserv%3AOJ.C_.2018.456.01.0001.01.ENG&toc=OJ%3AC%3A2018%3A456%3AFULL ↩ back
  3. https://youth.europa.eu/strategy/european-youth-goals_ga ↩ back
  4. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=uriserv:OJ.C_.2020.415.01.0001.01.ENG ↩ back
  5. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=OJ:C_202403526 ↩ back
  6. https://eur-lex.europa.eu/eli/C/2024/3364 ↩ back
  7. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A32022H0411%2801%29 ↩ back
  8. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=COM:2024:1:FIN ↩ back
  9. Tá liosta na straitéisí le fáil anseo:  Straitéis Rannpháirtíochta Óige:  https://participationpool.eu/resource-category/youth-participation/youth-participation-strategy/  Youthpass: https://www.youthpass.eu/de/   ÓIGE SALTO - Céard is Youthpass ann?  / ETS:   https://www.salto-youth.net/rc/training-and-cooperation/trainingstrategy/ ↩ back
  10. https://participationpool.eu/toolkit/ ↩ back
  11. https://europa.eu/youth/strategy/euyouthdialogue_ga ↩ back
  12. Ag brath ar a riachtanais, féadfaidh grúpaí neamhfhoirmiúla daoine óga dul i muinín cóitseálaí amháin nó roinnt díobh le linn an tionscadail. ↩ back
  13. Chun acmhainní agus inspioráid a fháil, féach modúl 12 ‘Pleanáil le haghaidh rannpháirtíochta’ d’Fhoireann Uirlisí na hÓige a ullmhaíodh le hIonstraim um Chomhpháirtíocht SALTO agus arb é is aidhm don mhodúl sin fios gnó, moltaí, uirlisí agus treoraíocht phraiticiúil a sholáthar maidir le rannpháirtíocht daoine óga a chur chun cinn:  https://participationpool.eu/toolkit . ↩ back
  14. Beidh ar eagraíochtaí rannpháirteacha foirm aontachais a shíniú don eagraíocht is iarratasóir. Ba cheart na foirmeacha aontachais a chur ar fáil ag céim an iarratais agus faoin tráth a shínítear an comhaontú deontais ar a dhéanaí. Chun breis eolais a fháil, féach Cuid C den treoir seo. ↩ back
  15. Grúpa de cheathrar daoine óga ar a laghad idir 13 bliana d’aois agus 30 bliain d’aois. Glacann duine de na comhaltaí den ghrúpa atá ar a laghad 18 mbliana d’aois ról an ionadaí chomh maith leis an bhfreagracht thar ceann an ghrúpa. Seiceáil an ghluais le haghaidh sainmhíniú ar ghrúpa neamhfhoirmiúil. Chun críoch na gníomhaíochta seo agus aon fhorála a bhaineann léi, bainfidh ‘grúpa neamhfhoirmiúil daoine óga’ leis an nóisean ‘eagraíocht rannpháirteach’. I gcás ina ndéantar tagairt do ‘eagraíocht rannpháirteach’ measfar go gcumhdaítear ‘grúpa neamhfhoirmiúil daoine óga’ leis sin freisin. ↩ back
  16. Is iad an Bhruiséil, Frankfurt, an Háig, Lucsamburg agus Strasbourg suíomhanna Institiúidí an Aontais Eorpaigh. ↩ back
  17. Is fiú an méid seo a leanas a chur san áireamh:   íosteorainneacha aoise – ní mór an aois íosta a bheith slánaithe ag na rannpháirtithe tráth dháta tosaigh na gníomhaíochta uasteorainneacha aoise – níor cheart na rannpháirtithe a bheith níos sine ná an aois uasta léirithe i dtús na gníomhaíochta. ↩ back
  18. Ar mhaithe leis an ngníomhaíocht maidir le gníomhaíochtaí Óige, tabhair faoi deara go dtagraíonn ‘rannpháirtí’ do dhaoine óga idir 13 bliana d’aois agus 30 bliain d’aois atá ina gcónaí i dtír na  n eagraíochtaí rannpháirteacha agus na gcinnteoirí is ábhartha do na topaicí a dtugtar aghaidh orthu leis an tionscadal. ↩ back
  19. Ní chuimsítear leis an uasmhéid sin costais a chomhfhreagraíonn don chatagóir ‘tacaíocht chuimsiúcháin do rannpháirtithe’. ↩ back
  20. D’fhéadfadh rannpháirtithe áitiúla, a thaistealaíonn níos lú ná 10 km chuig an ionad, a bheith incháilithe do thacaíocht Aonair agus Chuimsiúcháin d’eagraíochtaí le haghaidh laethanta gníomhaíochta lena mbíonn forluí le rannpháirtithe a bhíonn incháilithe do thacaíocht taistil. ↩ back
  21. Mar   shampla, má bhíonn duine ó Mhaidrid (an Spáinn) ag glacadh páirt i ngníomhaíocht atá ar siúl sa Róimh (an Iodáil), déanfaidh an t‑iarratasóir an t‑achar ó Mhaidrid go dtí an Róimh a ríomh (1 365.28 KM) agus ansin roghnóidh an t‑iarratasóir an banda achair taistil is infheidhme (is é sin, idir 500 agus 1 999 km). ↩ back
  22. https://ec.europa.eu/programmes/erasmus-plus/resources/distance-calculator_ga ↩ back
  23. Mar shampla, má bhíonn rannpháirtí ó Mhaidrid (an Spáinn) ag glacadh páirt i ngníomhaíocht taistil atá á reáchtáil sa Róimh (an Iodáil) ar dtús agus ansin i Liúibleána (an tSlóivéin), déanfaidh an t‑iarratasóir an t‑achar idir Maidrid agus an Róimh (1 365.28 KM) a ríomh ar dtús, ansin ríomhfaidh sé an t‑achar idir an Róimh agus Liúibleána (489.75 KM) agus cuirfidh sé an dá achar le chéile (1 855.03 KM) b) roghnóidh sé an banda achair taistil is infheidhme (is é sin, idir 500 agus 1 999 KM) agus c) déanfaidh sé an deontas ón Aontas a ríomh, rud a sholáthróidh ranníocaíocht le costais taistil an rannpháirtí ó Mhaidrid go Liúibleána (tríd an Róimh) agus ar ais (EUR 275). ↩ back
Tagged in:  Youth