Deiseanna soghluaisteachta le haghaidh eagraíochtaí creidiúnaithe Erasmus i réimse na hóige
Is féidir le heagraíochtaí creidiúnaithe iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú le haghaidh gníomhaíochtaí soghluaisteachta óige ar bhealach simplithe. Tá gníomhaíochtaí bunaithe ar an bPlean Gníomhaíochta creidiúnúcháin a formheasadh roimhe sin, mar sin, níl gá le liosta mionsonraithe de na gníomhaíochtaí beartaithe, ná le tuairisc mhionsonraithe orthu. Ina ionad sin, dírítear sna hiarratais ar an líon gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme chomh maith leis an líon rannpháirtithe atá páirteach a mheas.
Leis na gníomhaíochtaí soghluaisteachta atá le cur chun feidhme faoin nGníomhaíocht1 seo ní mór na ceanglais íosta a chomhlíonadh arb iad na ceanglais a leagtar síos maidir le gach cineál gníomhaíochta sna ranna ábhartha den Treoir seo.
Tugann eagraíochtaí creidiúnaithe gealltanas go gcomhlíonfaidh siad Caighdeáin Cháilíochta Erasmus i réimse na hÓige agus go soláthróidh siad gníomhaíochtaí soghluaisteachta ardcháilíochta i réimse na hóige.
Níl eagraíochtaí creidiúnaithe i réimse na hóige incháilithe le haghaidh maoiniú faoi thionscadail chaighdeánacha na Malartuithe Ógra agus na Soghluaisteachta le haghaidh oibrithe óige. Is féidir leo dul i mbun róil mar chomhpháirtí sna tionscadail sin, áfach.
Critéir incháilitheachta
Tá feidhm ag na critéir incháilitheachta thíos maidir le hiarratais ar dheontais.
Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?
Aon eagraíocht a bhfuil creidiúnú Erasmus bailí i réimse na hóige acu tráth dháta tosaigh an tionscadail.
Gníomhaíochtaí incháilithe
- Malartuithe Ógra
- Gníomhaíochtaí forbartha gairmiúla oibrithe óige
Ina theannta sin, is féidir na gníomhaíochtaí seo a leanas a chur chun feidhme:
- Cuairteanna ullmhúcháin
- Gníomhaíochtaí forbartha córais agus for‑rochtana (ach ní mór iad a bheith i gcomhar le gníomhaíochtaí forbartha oibrithe óige)
Sainítear critéir tuairisce agus incháilitheachta le haghaidh gach ceann de na gníomhaíochtaí sin faoi na codanna ábhartha den Treoir seo.
Fad an tionscadail
Mairfidh na tionscadail chreidiúnaithe uile ar feadh 15 mhí ar dtús. Tar éis 12 mhí, beidh na tairbhithe uile in ann a dtionscadal a fhadú ar feadh 24 mhí san iomlán.
Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?
Is féidir iarratas a chur faoi bhráid Ghníomhaireacht Náisiúnta na tíre ina bhfuil an eagraíocht is iarratasóir bunaithe
Cathain is féidir iarratas a dhéanamh?
Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoi na dátaí seo a leanas:
- An 12 Feabhra ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile) le haghaidh tionscadail dar tosach an 1 Meitheamh an bhliain chéanna.
Iarratas a dhéanamh
Féach cuid C den Treoir seo le haghaidh sonraí faoi conas iarratas a dhéanamh.
Íoscheanglais eile
Ní fhéadfaidh eagraíocht chreidiúnaithe iarratas a dhéanamh ach uair amháin in aghaidh an ghlao (in aghaidh na bliana) le haghaidh tionscadal creidiúnaithe.
Leithdháileadh an bhuiséid
Beidh an méid deontais a dhámhtar ag brath ar roinnt gnéithe:
- an buiséad iomlán atá ar fáil chun leithdháileadh a dhéanamh ar iarratasóirí creidiúnaithe
- na gníomhaíochtaí a iarradh
- an deontas íosta agus uasta
- na critéir leithdháilte seo a leanas: feidhmíocht airgeadais, feidhmíocht cháilíochtúil, tosaíochtaí beartais agus réimsí téamacha ar a dtugtar aghaidh leis na gníomhaíochtaí a ndéantar iarratas ina leith, agus cothromaíocht gheografach (má chuireann an Ghníomhaireacht Náisiúnta an méid sin i bhfeidhm).
Rialacha mionsonraithe maidir le deontas bunúsach agus uasta, scóráil na gcritéar leithdháilte, ualú gach critéir, an modh leithdháilte agus, an buiséad atá ar fáil le haghaidh tionscadail chreidiúnaithe, foilseoidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta iad roimh sprioc‑am an ghlao.
- Déantar príomhbhuiséad na Gníomhaíochta seo a leithdháileadh chun tacú le gníomhaíochtaí trasnáisiúnta ina bhfuil eagraíochtaí agus rannpháirtithe ó Bhallstáit den Aontas Eorpach agus ó thríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár páirteach. Mar sin féin, tá suas le 25 % den bhuiséad ar fáil chun gníomhaíochtaí soghluaisteachta idirnáisiúnta a mhaoiniú, agus eagraíochtaí agus rannpháirtithe ó thríú tíortha atá i gcomharsanacht an Aontais agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár san áireamh (réigiúin 1 go 4; féach an roinn ‘Tíortha incháilithe’ i gCuid A den Treoir seo). ↩ back