Malartuithe Fíorúla san ardoideachas agus san óige
Cuimsítear faoi thionscadail malartuithe fíorúla gníomhaíochtaí ar líne duine le duine a chuireann forbairt idirphlé cultúrtha agus scileanna boga chun cinn. Leis na gníomhaíochtaí sin, fágtar go mbíonn gach duine óg in ann rochtain a fháil ar oideachas ardchaighdeáin idirnáisiúnta agus traschultúrtha (foirmiúil agus seachfhoirmiúil) gan soghluaisteacht fhisiceach. Cé nach ionadaí iomlán í an díospóireacht nó an oiliúint fhíorúil do thairbhí na soghluaisteachta fisicí, ba cheart do rannpháirtithe i malartuithe fíorúla leas a bhaint as cuid de na tairbhí a bhaineann le heispéiris oideachais idirnáisiúnta. Is uirlis luachmhar iad ardáin dhigiteacha maidir le dul i ngleic, go pointe áirithe, leis na srianta domhanda ar shoghluaisteacht de bharr phaindéim COVID‑19. Cabhraíonn malartuithe fíorúla le luachanna Eorpacha a scaipeadh. Thairis sin, i gcásanna áirithe, is féidir leo malartuithe fisiceacha a ullmhú, a dhoimhniú agus a leathnú, chomh maith le héileamh nua orthu a spreagadh.
Déantar na malartuithe fíorúla i ngrúpaí beaga agus déanann éascaitheoir a bhfuil oiliúint air modhnóireacht orthu i gcónaí. Ba cheart iad a shní isteach go héasca i dtionscadail don óige (oideachas seachfhoirmiúil) nó i gcúrsaí ardoideachais. Is féidir le malartuithe fíorúla rannpháirtithe a mhealladh ón dá earnáil, fiú dá mbeadh rannpháirtithe ó cheann amháin acu, nó an dá cheann, páirteach, ag brath ar na tionscadail shonracha. I gcás gach tionscadail faoin nglao seo, beidh eagraíochtaí agus rannpháirtithe ó Bhallstáit den Aontas agus ó thíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár, agus tíortha i réigiúin ábhartha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár páirteach.
Cuspóirí na gníomhaíochta
Beidh sé d’aidhm ag an ngníomhaíocht:
- Idirphlé idirchultúrtha le tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár a spreagadh agus caoinfhulaingt a mhéadú trí chaidrimh duine le duine ar líne, ag forbairt teicneolaíochtaí digiteacha a oireann don óige;
- Cineálacha éagsúla malartuithe fíorúla a chur chun cinn mar aon le soghluaisteacht fhisiceach Erasmus+, rud a chuireann ar an gcumas do níos mó daoine óga tairbhe a bhaint as taithí idirchultúrtha idirnáisiúnta;
- Smaointeoireacht chriticiúil agus litearthacht sna meáin a fheabhsú, go háirithe maidir le húsáid an idirlín agus na meán sóisialta, ar nós chun leithcheal, síolteagasc, deighiltí agus radacú foréigneach a chomhrac;
- Forbairt scileanna digiteacha agus boga1 mac léinn, daoine óga agus oibrithe óige2 a chothú, scileanna maidir le cleachtas teangacha iasachta agus obair foirne san áireamh, chun infhostaitheacht a fheabhsú go háirithe;
- Saoránacht agus luachanna coiteanna na saoirse, na caoinfhulaingthe agus an neamh‑idirdhealaithe a chur chun cinn tríd an oideachas;
- Gné na hóige i gcaidrimh idir an tAontas agus tíortha nach bhfuil san Aontas a neartú.
Réimsí téamacha / cuspóirí sonracha
Is tionscnamh ón mbun aníos iad Malartuithe Fíorúla Erasmus+. Sa ghlao seo, is féidir leis na heagraíochtaí rannpháirteacha na topaicí ar a ndíreoidh siad a roghnú, ach ní mór go léireofaí sna tograí an tionchar measta maidir le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí thuasluaite (féach freisin an roinn ‘Tionchar measta’ thíos). Ba cheart gnéithe inscne a chur san áireamh de réir mar is gá, ag brath ar raon feidhme agus téamaí an tionscadail (mar shampla, gnéithe íogaireachta inscne a thabhairt isteach san oiliúint). Ní mór aird faoi leith a thabhairt ar chuimsiú daoine atá leochaileach ó thaobh cúrsaí sóisialta agus an gheilleagair de agus daoine nach féidir iarratas a dhéanamh ar shoghluaisteacht fhisiceach. Toisc go bhfuil sé níos éasca malartuithe fíorúla a eagrú le mic léinn agus ollscoileanna, moltar d’iarratasóirí plé le daoine óga agus eagraíochtaí nach bhfuil cláraithe in ardoideachas.
Gníomhaíochtaí
Maoineofar tionscadail bunaithe ar phleananna oibre a fhéadfaidh réimse leathan gníomhaíochtaí comhair ar líne a chomhtháthú, mar shampla:
- Plé a éascaítear ar líne idir daoine óga ó eagraíochtaí óige atá lonnaithe i dtíortha éagsúla, mar chuid de thionscadail óige. Féadfar ionsamhlúcháin rólghlactha a bheith san áireamh leis sin;
- Oiliúint d’oibrithe óige atá toilteanach tionscadal malartaithe fhíorúil a fhorbairt le comhghleacaithe ó thíortha eile;
- Plé a éascaítear ar líne idir mic léinn institiúidí ardoideachais atá lonnaithe i dtíortha éagsúla, mar chuid de chéimeanna ardoideachais;
- Oiliúint d’ollúna/do bhaill foirne ollscoile atá toilteanach tionscadal malartaithe fhíorúil a fhorbairt le comhghleacaithe ó thíortha eile; Cúrsaí oscailte idirghníomhacha ar líne, chomh maith le hábhair chúrsa thraidisiúnta ar nós léachtaí taifeadta, léamh agus tacair fadhbanna (ar nós MOOCanna, Ollchúrsaí Oscailte ar Líne, ach an bhéim ar fhóraim úsáideoirí idirghníomhacha i ngrúpaí beaga chun tacú le hidirghníomhú pobail i measc mic léinn, ollúna, cúntóirí teagaisc, daoine óga agus oibrithe óige).
Tionscadal a bhunú
Ní mór do na nithe a leanas a bheith fíor i gcás na dtionscadal malartaithe fhíorúil uile:
- Arna modhnú ag éascaitheoirí a bhfuil oiliúint orthu;
- Slán agus cosantach ó thaobh na rannpháirtithe agus na n‑óstach de, agus rialacha cosanta sonraí an Aontais á gcomhlíonadh ina n‑iomláine3 ;
- Iontaofa ó thaobh polaitíochta de agus ábhartha ó thaobh cultúir de: ní mór do ghníomhaíochtaí malartaithe fhíorúil a bheith leabaithe go docht in earnáil na hóige agus earnáil an ardoideachais agus ní mór dóibh a bheith cothrom le dáta le nósanna na ndaoine óga ar líne agus as líne sna tíortha rannpháirteacha;
- Oscailte agus inrochtana ar leibhéal an eispéiris agus na hidirghníomhachta úsáideora. Ba cheart don chlárú agus don idirghníomhaíocht le piaraí, éascaitheoirí , riarthóirí agus geallsealbhóirí eile a bheith simplí agus éasca;
- Sioncronach den chuid is mó, ach codanna aisioncronach freisin b’fhéidir (mar shampla, léamha, físeáin); agus
- ar deireadh, ní mór dóibh modh aitheanta rannpháirtíochta agus foghlama do dhaoine óga ag deireadh an mhalartaithe a thuar.
Ní mór d’eagraíochtaí rannpháirteacha malartuithe fíorúla a eagrú do dhaoine idir 13 agus 30 bliain d’aois. Má bhíonn baint ag daoine óga faoi bhun 18 mbliana d’aois le tionscadal, éilítear ar eagraíochtaí rannpháirteacha údarú le haghaidh rannpháirtíochta a fháil roimh ré óna dtuismitheoirí nó uathu sin atá ag gníomhú thar a gceann. Ní mór do rannpháirtithe aonair a bheith lonnaithe i dtíortha na n‑eagraíochtaí atá rannpháirteach sa tionscadal.
Chun a gcuid gníomhaíochtaí a dhéanamh, ba cheart do thionscadail a bheith ag brath, a mhéid is féidir, ar uirlisí agus ardáin atá ann cheana.
Cé na critéir atá le comhlíonadh chun iarratas a dhéanamh ar mhalartuithe fíorúla i dtionscadail san ardoideachas agus san óige?
Critéir incháilitheachta
Ní mór do thograí tionscadail maidir le Malartuithe fíorúla san Ardoideachas agus san Óige na critéir seo a leanas a chomhlíonadh le bheith incháilithe le haghaidh dheontas Erasmus+:
Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?
Féadfaidh na heagraíochtaí seo a leanas a bheith rannpháirteach mar chomhordaitheoir:
- Eagraíochtaí poiblí nó príobháideacha atá gníomhach i réimse an ardoideachais nó na hóige (oideachas seachfhoirmiúil);
- Institiúidí ardoideachais, comhlachais nó eagraíochtaí institiúidí ardoideachais, chomh maith le heagraíochtaí reachtairí, múinteoirí nó mac léinn a aithnítear go dlíthiúil go náisiúnta nó go hidirnáisiúnta;
Is í an eagraíocht a dhéanann iarratas thar ceann na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha uile atá páirteach sa tionscadal agus ní mór di a bheith bunaithe go dlíthiúil agus lonnaithe i mBallstát den Aontas nó i dtír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár.
Cé na cineálacha eagraíochtaí atá incháilithe le bheith rannpháirteach sa tionscadal?
Féadfar eagraíochtaí rannpháirteacha a bhunú i mBallstát den Aontas nó i dtír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár nó i dtír nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár agus atá incháilithe. Féadfaidh eagraíochtaí agus rannpháirtithe ó cheann amháin de na réigiúin incháilithe de thíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár a bheith bainteach le togra an tionscadail. Is iad Réigiúin 1, 2, 3 agus 9 na réigiúin incháilithe atá cumhdaithe faoin ngníomhaíocht seo (féach an roinn ‘Tíortha incháilithe’ i gCuid A den Treoir seo).
Féadfaidh eagraíochtaí rannpháirteacha teacht faoi cheann de na catagóirí seo a leanas:
- Eagraíochtaí óige4 ;
- Institiúidí ardoideachais, comhlachais nó eagraíochtaí institiúidí ardoideachais, chomh maith le heagraíochtaí reachtairí, múinteoirí nó mac léinn a aithnítear go dlíthiúil go náisiúnta nó go hidirnáisiúnta;
- Éascaitheoirí athruithe sa chóras oideachais (bainisteoirí ollscoileanna, ranna idirnáisiúnta, déin, gníomhaireachtaí cáilíochta, srl.); eagraíochtaí poiblí nó príobháideacha atá gníomhach i réimse an ardoideachais agus réimse na hóige agus atá bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár nó i gceann de na tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár agus atá incháilithe.
Féadfaidh eintitis eile a bheith páirteach i róil chuibhreannais eile, amhail, comhpháirtithe comhlachaithe, fochonraitheoirí, tríú páirtithe a thugann ranníocaíochtaí comhchineáil, srl. Níl eintitis chleamhnaithe incháilithe do mhaoiniú.
Líon agus próifíl na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha
Ní mór ceithre eagraíocht ar a laghad a bheith i gcuibhreannas a chuireann togra isteach. Ní mór do na cuibhreannais na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
- Ar a laghad dhá institiúid ardoideachais nó eagraíocht óige ó dhá cheann de Bhallstáit den Aontas agus tíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár agus ar a laghad dhá institiúid ardoideachais nó eagraíocht óige ó dhá thír incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár atá sa réigiún incháilithe céanna; agus
- Ní fhéadfaidh líon na n‑eagraíochtaí ó Bhallstáit den Aontas agus ó thíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár a bheith níos airde ná líon na n‑eagraíochtaí ó thíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár.
- I gcás na hAfraice fo‑Shaháraí, moltar d’iarratasóirí rannpháirtithe ó réimse leathan tíortha a chur san áireamh ina dtograí, cur i gcás, na tíortha is lú forbairt5 agus/nó comhpháirtithe nach bhfuil an oiread taithí ar Erasmus+ acu.
Ní chuirtear eintitis chleamhnaithe san áireamh sna critéir íosta incháilitheachta le haghaidh chomhdhéanamh an chuibhreannais.
Ionad na ngníomhaíochtaí
Ní mór na gníomhaíochtaí a reáchtáil i dtíortha na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha.
Fad an tionscadail
Ba cheart tréimhse 36 mhí a bheith i gceist leis na tionscadail de ghnáth (is féidir síneadh a chur leis an tréimhse sin, le leasú, má tá údar cuí leis).
Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?
Faoi bhráid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA).
Uimhir aitheantais an Ghlao: ERASMUS-EDU-2023-VIRT-EXCH
Cathain is féidir iarratas a dhéanamh?
Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoin 26 Aibreán ar 17:00:00 (am na Bruiséile).
Déanfar measúnú ar eagraíochtaí is iarratasóirí de réir na gcritéar eisiaimh agus roghnúcháin ábhartha. Chun breis faisnéise a fháil féach Cuid C den Treoir seo.
Tionchar measta
Díreoidh gníomhaíochtaí agus aschuir na dtionscadal éagsúil ar thionchar dearfach a bhaint amach i ndáil le cuspóirí an ghlao, ar cheart dóibh a bheith nasctha go dlúth le gné foghlama na malartuithe fíorúla, fad a bheidh siad éagsúil i gcomhréir le sonraíochtaí na dtionscadal. Ba cheart faisnéis maidir leis an tionchar measta seo a bheith i dtogra gach tionscadail. Moltar d’iarratasóirí aiseolas ó dhaoine agus eagraíochtaí rannpháirteacha a thuar, go háirithe maidir leis an luach foghlama, nuair a thuairiscítear tionchar na dtionscadal.
Critéir dhámhachtana
Ábharthacht an tionscadail - (scór uasta 30 pointe)
- Tá an togra ábhartha do chuspóirí ginearálta agus sonracha an ghlao. Tagann togra an tionscadail le riachtanais an ghlao. Mínítear an togra go soiléir.
- Comhsheasmhacht: Tá codanna éagsúla an iarratais comhleanúnach agus comhsheasmhach. Tá an t‑iarratas bunaithe ar anailís leordhóthanach ar dhúshláin agus riachtanais; tá na cuspóirí réalaíoch, agus tugtar aghaidh leo ar shaincheisteanna atá ábhartha maidir leis na heagraíochtaí rannpháirteacha agus leis na spriocghrúpaí díreacha agus indíreacha. Cuirtear fianaise maidir le héifeachtacht chur chuige an mhalartaithe fhíorúil mholta ar fáil.
- Uas‑scálú: Léirítear san iarratas an fhéidearthacht maidir le huas‑scálú a chleachta(i)s ar leibhéil éagsúla (mar shampla, leibhéal áitiúil, leibhéal réigiúnach, leibhéal náisiúnta, leibhéal an Aontais) agus an inaistritheacht go hearnálacha éagsúla. Is dócha go nginfidh an t‑uas‑scálú tionchar, ní hamháin ar leibhéal na n‑eagraíochtaí comhpháirtíochta éagsúla, ach ar leibhéal an chórais agus/nó an leibhéal beartas. D’fhéadfadh an togra iontaoibh fhrithpháirteach a fhorbairt agus comhar trasteorann a fheabhsú.
- Breisluach Eorpach: Cruthaíonn an t‑iarratas breisluach ar leibhéal an Aontais, trí thorthaí nach mbainfí amach ar leibhéal na tíre amháin, agus d’fhéadfaí torthaí a aistriú go tíortha nach bhfuil bainteach leis an tionscadal freisin. D’fhéadfadh torthaí an tionscadail cur le clár oibre beartas ábhartha de chuid an Aontais.
Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail - (scór uasta 20 pointe)
- Plean straitéiseach: Leagtar straitéis shoiléir síos san iarratas, ceann a fhorbraíonn anailís indéantachta agus a shainaithníonn gníomhaíochtaí a bhfuil gá le haghaidh thástáil, oiriúnú, agus/nó uas‑scálú an chleachtais/na gcleachtas malartaithe fhíorúil i gcomhthéacs nua na comhpháirtíochta tionscadail.
- Riachtanais: Sainaithníodh riachtanais éagsúla na gcomhpháirtithe éagsúla agus cuireadh san áireamh iad. Forbraíodh coincheap soiléir maidir leis an mbealach a mbainisteofar na riachtanais éagsúla sin. Tagann an cur chuige/na cuir chuige oideolaíochta a roghnaíodh leis na riachtanais éagsúla sin freisin.
- Struchtúr: Tá an clár oibre soiléir agus intuigthe, agus cumhdaítear leis gach céim den tionscadal. Tá táscairí gnóthachain agus modhanna fíoraithe sainithe go soiléir le haghaidh gach toraidh.
- Bainistíocht: Tá plean bainistíochta an tionscadail láidir agus tá acmhainní leordhóthanacha sannta do na cúraimí éagsúla. Tá próisis éifeachtacha um chomhar agus cinnteoireacht curtha i bhfeidhm, cinn ar féidir le gach geallsealbhóir iad a thuiscint. Léirítear cost‑éifeachtacht agus an luach is fearr ar airgead sa bhuiséad. Tá comhleanúnachas ann idir cúraimí, róil agus acmhainní airgeadais a leithdháiltear ar chomhpháirtithe. Tá na socruithe bainistíochta airgeadais soiléir agus iomchuí.
- Meastóireacht: Cinntítear le bearta sonracha le haghaidh próisis monatóireachta agus táirgí insoláthartha (is é sin, táscairí maidir le gnóthachan agus modhanna fíoraithe) go bhfuil ardcháilíocht ag baint le cur chun feidhme an tionscadail. Déantar meastóireacht ar thorthaí foghlama agus aithnítear iad. Tá plean dearbhaithe cáilíochta soiléir ann a chumhdaíonn bainistíocht an tionscadail go leordhóthanach freisin. Cuimsítear faoin straitéis monatóireachta sainaithint riosca agus plean gníomhaíochta maolaitheach. Tá na gnéithe mionsonraithe agus san áireamh sa chreat loighiciúil (teimpléad éigeantach den Ghlao).
Cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair - (scór uasta 20 pointe)
- Cumraíocht: Is féidir leis an gcomhpháirtíocht a chinntiú go mbaintear amach cuspóirí uile an tionscadail. Tá na scileanna, an saineolas agus an taithí uile is gá sna réimsí a chumhdaítear faoin tionscadal ag an gcuibhreannas. Cinntítear sannadh leordhóthanach ama agus ionchuir i measc na gcomhpháirtithe. Tá scileanna agus inniúlachtaí na comhpháirtíochta comhlántach.
- Gealltanas: Léiríonn gach eagraíocht rannpháirteach rannpháirteachas iomlán a thagann lena hinniúlachtaí agus lena réimse shonrach saineolais.
- Comhar: Tá na socruithe comhair cothrom. Beartaítear sásraí éifeachtacha chun comhordú, cinnteoireacht agus cumarsáid a chinntiú idir na heagraíochtaí rannpháirteacha, na geallsealbhóirí agus aon pháirtí ábhartha eile.
Tionchar - (scór uasta 30 pointe)
- Scaipeadh: Cinntítear le straitéis shoiléir um ardú feasachta, scaipeadh agus cumarsáid, go sroichtear na spriocghrúpaí ábhartha, chomh maith leis na geallsealbhóirí ginearálta agus an pobal le linn shaolré an tionscadail. Sa straitéis sin tá pleananna chun aon ábhar a tháirgtear a chur ar fáil trí cheadúnais oscailte.
- Saothrú: Cuirtear in iúl leis an iarratas gur féidir cur chuige roghnaithe malartaithe fhíorúil a scaipeadh agus/nó a uas‑scálú, ionas go mbeidh tionchar níos leithne aige agus go spreagfaidh sé athrú córasach. Tugtar tuairisc shoiléir ar an gcur chuige saothrúcháin agus d’fhéadfadh na bearta atá beartaithe chun torthaí an tionscadail a úsáid a bheith éifeachtach.
- Tionchar: Maidir leis an tionchar tuartha, do na spriocghrúpaí sainaitheanta go háirithe, tá sé sonraithe go soiléir agus tá na bearta i bhfeidhm chun a chinntiú gur féidir an tionchar a bhaint amach agus meastóireacht a dhéanamh air. Tá torthaí foghlama sonraithe go soiléir roimh gach gníomhaíocht malartaithe fhíorúil agus déantar iad a thomhas tar éis gach gníomhaíochta, taifeadtar an dul chun cinn agus aithnítear na héachtaí. Is dócha go mbeidh torthaí suntasacha ar na gníomhaíochtaí. D’fhéadfadh torthaí an tionscadail tacú le hathruithe fadtéarmacha, feabhsuithe, nó forbairtí chun leasa na spriocghrúpaí agus na gcóras lena mbaineann. Mínítear san iarratas freisin conas a dhéanfar meastóireacht ar thionchar na foghlama (torthaí foghlama) trí mhalartú fíorúil chun moltaí eolasacha (le sonraí) a dhéanamh chun an teagasc agus an fhoghlaim malartaithe fhíorúil a fheabhsú tar éis an tionscadail. Tá na gnéithe sin mionsonraithe agus san áireamh sa chreat loighiciúil (teimpléad éigeantach den Ghlao) freisin
- Inbhuanaitheacht: San iarratas tá bearta iomchuí agus acmhainní lena chinntiú go mbeidh na torthaí agus tairbhí inbhuanaithe tar éis shaolré an tionscadail.
Ní mór do thograí 60 pointe ar a laghad a bhaint amach chun go gcuirfear san áireamh le haghaidh cistiúcháin iad. Thairis sin, ní mór dóibh leath an uaslín pointí ar a laghad a ghnóthú i ngach catagóir de na critéir dhámhachtana thuasluaite (is é sin, 15 phointe ar a laghad le haghaidh na gcatagóirí ‘ábharthacht an tionscadail’ agus ‘tionchar’; 10 bpointe le haghaidh na gcatagóirí ‘cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail’ agus ‘cáilíocht na socruithe comhpháirtíochta agus comhair’).
I gcás ex aequo, tabharfar tosaíocht do na tionscadail ag a bhfuil an scór is airde faoi na critéir ‘ábharthacht an tionscadail’ agus ansin ‘tionchar’.
Spriocanna geografacha
Rannchuidíonn ionstraimí gníomhaíochta seachtraí an Aontais leis an ngníomhaíocht sin. Roinntear an buiséad atá ar fáil idir réigiúin éagsúla agus tá méid gach clúdaigh bhuiséadaigh éagsúil. Foilseofar tuilleadh faisnéise maidir leis na méideanna atá ar fáil faoi gach clúdach buiséadach ar an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana (TDCT).
An Afraic Fho-Shahárach: Tabharfar tosaíocht do na tíortha is lú forbairt sa réigiún seo; cuirfear béim speisialta chomh maith ar thíortha tosaíochta imirce6 ; ní bheidh rochtain ag aon tír ar níos mó ná 8 % den mhaoiniú atá beartaithe don réigiún seo.
Mar riail ghinearálta, agus laistigh de theorainneacha na gcreataí dlíthiúla náisiúnta agus Eorpacha atá ann cheana, ba cheart na torthaí a chur ar fáil mar acmhainní oscailte oideachais (OER) agus, chomh maith leis sin, ar ardáin údarás ábhartha, gairmiúil, earnála nó inniúil. Tabharfar tuairisc sa togra ar conas a dhéanfar na sonraí, na hábhair, na doiciméid agus na gníomhaíochtaí closamhairc agus meán sóisialta a tháirgfear a chur ar fáil gan srian agus a chur chun cinn trí cheadúnais oscailte, agus níl teorainneacha díréireacha ann
Cad iad na rialacha cistiúcháin atá ann?
Leanann an ghníomhaíocht seo samhail cistiúcháin cnapshuime. Cinnfear méid na ranníocaíochta cnapshuime aonair le haghaidh gach deontais bunaithe ar bhuiséad measta na gníomhaíochta atá beartaithe ag an iarratasóir. Socróidh an t‑údarás deonúcháin cnapshuim gach deontais bunaithe ar an togra, ar an toradh meastóireachta, ar na rátaí cistiúcháin agus ar uasmhéid an deontais atá socraithe sa ghlao.
EUR 500,000 ar a mhéad a bheidh i ngach deontas ón Aontas in aghaidh an tionscadail agus déanfaidh eagraíochtaí infheistíocht de EUR 200 ar a mhéad in aghaidh an rannpháirtí (is é sin, bheadh ar thionscadal a fhaigheann EUR 500,000 2,500 rannpháirtí ar a laghad a bhaint amach).Féadfaidh an deontas a dhámhtar a bheith níos ísle ná an méid a iarrtar.
Conas a chinntear cnapshuim an tionscadail?
Ní mór d’iarratasóirí tábla buiséid mionsonraithe a líonadh isteach san fhoirm iarratais, agus na pointí seo a leanas á gcur san áireamh:
- Ba cheart an buiséad a bheith mionsonraithe mar is gá ag an tairbhí/na tairbhithe agus eagraithe i bpacáistí oibre comhleanúnacha (mar shampla roinnte i ‘bainistíocht tionscadail’, ‘oiliúint’, ‘eagrú imeachtaí’, ‘ullmhú agus cur chun feidhme na soghluaisteachta’, ‘cumarsáid agus scaipeadh’, ‘dearbhú cáilíochta’, srl.);
- Leis an togra ní mór tuairisc a thabhairt ar na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le gach pacáiste oibre;
- Ní mór d’iarratasóirí miondealú ar na costais mheasta a sholáthar ina dtogra lena léirítear an scair in aghaidh an phacáiste oibre (agus, laistigh de gach pacáiste oibre, an scair atá sannta do gach tairbhí agus eintiteas cleamhnaithe);
- Sna costais ar a dtugtar tuairisc is féidir costais ball foirne, costais taistil agus chothaithe, costais trealaimh agus fochonraitheoireachta mar aon le costais eile (amhail scaipeadh faisnéise, foilsiú, aistriú) a chumhdach.
Déanfar meastóireacht ar thograí de réir na nósanna imeachta meastóireachta caighdeánacha le cuidiú ó shaineolaithe inmheánacha agus/nó seachtracha. Déanfaidh na saineolaithe measúnú ar cháilíocht na dtograí de réir na gceanglas a shainítear sa ghlao agus thionchar, cháilíocht agus éifeachtúlacht mheasta na gníomhaíochta.
I ndiaidh na meastóireachta ar an togra, cinnfidh an t‑oifigeach údarúcháin méid na cnapshuime, agus torthaí an mheasúnúcháin a rinneadh á gcur san áireamh. Beidh an chnapshuim teoranta do 95 % ar a mhéad den bhuiséad measta a chinntear tar éis na meastóireachta
Socrófar paraiméadair an deontais (uasmhéid deontais, ráta cistiúcháin, costais incháilithe iomlána, srl.) sa chomhaontú deontais. Ní cheadaítear tacaíocht airgeadais do thríú páirtithe. Ceadaítear costais oibrithe deonacha agus FBManna. Féach Cuid C den Treoir Cláir seo, an chuid maidir le ‘Costais Dhíreacha Incháilithe’. Ní mór a áireamh sa togra na costais le haghaidh dhá chruinniú (suas le beirt in aghaidh an iarratais) in aghaidh na bliana arna n‑eagrú nó arna dtionscnamh ag an gCoimisiún Eorpach.
Déanfar meastóireacht ar éachtaí an tionscadail de réir na dtorthaí a chuirtear i gcrích. Leis an scéim cistiúcháin, d’fhéadfaí díriú ar na haschuir seachas ar na hionchuir, rud a chuirfeadh béim ar cháilíocht agus leibhéal gnóthachtála cuspóirí intomhaiste.
Tugtar tuairisc ar níos mó mionsonraí i samhail an chomhaontaithe deontais atá le fáil ar an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana (TDCT).
- 1 Áirítear le scileanna boga an cumas smaoineamh go criticiúil, a bheith fiosrach agus cruthaitheach, seasamh chun tosaigh, fadhbanna a réiteach agus oibriú i gcomhar, a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh go héifeachtúil i dtimpeallacht ilchultúrtha idirdhisciplíneach, a bheith in ann oiriúnú don chomhthéacs agus déileáil le strus agus le héiginnteacht. Tá na scileanna sin mar chuid de na príomhinniúlachtaí, mar a leagtar amach sa Mholadh ón gComhairle dar teideal Príomhinniúlachtaí don Fhoghlaim ar feadh an tSaoil (Key Competences for Lifelong Learning) (IO C 189/1 de 4.6.2018).
- 2 Is gairmithe nó oibrithe deonacha iad oibrithe óige atá páirteach san fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus a thacaíonn le daoine óga lena bhforbairt shochoideachasúil agus ghairmiúil phearsanta.
- 3 https://ec.europa.eu/info/law/law-topic/data-protection/eu-data-protection-rules_en.
- 4 Is é sin, aon eagraíocht phoiblí nó phríobháideach atá ag obair le daoine óga nó lena n‑aghaidh lasmuigh de shuíomhanna foirmiúla. Mar shampla, is féidir le heagraíochtaí den sórt sin a bheith: ina n‑eagraíochtaí neamhbhrabúsacha, ina gcomhlachas, ina n‑eagraíochtaí neamhrialtasacha (lena n‑áirítear eagraíocht neamhrialtasach Eorpach don óige); ina gComhairle óige náisiúnta; ina n‑údarás poiblí ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta; ina n‑institiúid oideachais nó taighde; nó ina bhfondúireacht.
- 5 De réir liosta Choiste Cúnaimh Forbartha ECFE de na tíortha is lú forbairt: DAC-List-of-ODA-Recipients-for-reporting-2022-23-flows.pdf (oecd.org).
- 6 Is príomhthíortha imirce nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár iad na tíortha seo a leanas nach bhfuil san Aontas: An Aetóip, an Afraic Theas, Buircíne Fasó, an Bhurúin, an Cósta Eabhair, an Ghaimbia, an Ghuine, Mailí, an Mháratáin, an Nigéir, an Nígir, an tSeineagáil, an tSúdáin, agus an tSúdáin Theas.