Skip to main content

Erasmus+ Programme Guide

The essential guide to understanding Erasmus+

Soghluaisteacht foirne i réimse an spóirt

Is é is aidhm don ghníomhaíocht seo cur le forbairt eagraíochtaí spóirt trí thacaíocht a thabhairt do shoghluaisteacht foghlama a mball foirne.

Ba cheart do na heagraíochtaí rannpháirteacha an cuimsiú agus an éagsúlacht, an inbhuaine comhshaoil, an t‑oideachas digiteach, agus rannpháirtíocht saoránach a chur chun cinn go gníomhach trína ngníomhaíochtaí. Ba cheart dóibh déanamh amhlaidh trí úsáid a bhaint as na deiseanna maoiniúcháin sonracha dá bhforáiltear leis an gClár chun na gcríoch sin, trí fheasacht a mhúscailt i measc a rannpháirtithe, trí dhea‑chleachtais a chomhroinnt, agus trí dhearadh iomchuí a roghnú le haghaidh a ngníomhaíochtaí.

Tá sé d’aidhm ghinearálta ag an ngníomhaíocht seo deis a thabhairt do bhaill foirne in eagraíochtaí spóirt, i spórt an phobail go príomha, chun feabhas a chur ar a n‑inniúlachtaí agus ar a gcáilíochtaí agus scileanna nua a fháil trí shoghluaisteacht foghlama trí thréimhse a chaitheamh ar an gcoigríoch, agus leis sin, rannchuidítear le fothú acmhainneachta agus forbairt na n‑eagraíochtaí spóirt. 

Tacaíonn an ghníomhaíocht seo le forbairt ghairmiúil na gcóitseálaithe agus na mball foirne eile (idir bhaill foirne íoctha agus oibrithe deonacha) i spóirt an phobail. Féadfaidh baill foirne atá páirteach i spóirt an phobail, agus iad siúd atá páirteach i ngairmeacha spóirt agus i ngairmeacha nach mbaineann leis an spórt araon san áireamh, an tionchar foghlama agus an malartú eolais le haghaidh baill foirne agus eagraíochtaí spóirt an phobail a fheabhsú freisin. Féadfar tacú le deiseanna soghluaisteachta foghlama do bhaill foirne i spórt nach bhfuil ar an mbunleibhéal i gcás ina bhféadfadh spórt ar an mbunleibhéal tairbhiú de rannpháirtíocht ball foirne den sórt sin.

Cuireann an Ghníomhaíocht le cuspóirí Phlean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt 2024-20271

Ar bhonn sonrach, tá sé d’aidhm ag tionscadail soghluaisteachta i réimse an spóirt:

  • díriú ar spórt an phobail, agus an ról tábhachtach a bhíonn ag an spórt maidir le cur chun cinn gníomhaíochta fisicí agus stíl mhaireachtála shláintiúil, caidrimh idirphearsanta, cuimsiú sóisialta agus comhionannas á gcur san áireamh;
  • éirim Eorpach an spóirt agus comhar idirnáisiúnta a fhorbairt i réimse na soghluaisteachta foghlama sa spórt;
  • inniúlachtaí eagraíochtaí pobalbhunaithe a fhothú;
  • eolas agus oilteacht na mball foirne spóirt a fheabhsú;
  • luachanna coiteanna na hEorpa a chur chun cinn tríd an spórt, dea‑rialachas agus ionracas sa spórt, forbairt inbhuanaithe, chomh maith le hoideachas, oiliúint agus scileanna sa spórt, agus tríd an spórt, a chur chun cinn.
  • slí mhaireachtála ghníomhach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus saoránacht ghníomhach a chur chun cinn;
  • líonraí Eorpacha de chóitseálaithe agus baill foirne spóirt a bhunú.

Tosaíochtaí cothrománacha

Ba cheart do gach tionscadal soghluaisteachta na gnéithe seo a leanas atá comhchoiteann maidir leis an gclár iomlán Erasmus+ a chomhtháthú:

An Cuimsiú agus an Éagsúlacht

Leis an gClár Erasmus+ féachtar leis an gcomhionannas deiseanna a chur chun cinn ar fud a ghníomhaíochtaí uile agus féachtar leis an rochtain, leis an gcuimsiú, agus leis an gcothroime a chur chun cinn leis sin freisin. Ní mór d’eagraíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gClár a chinntiú go dtairgfidh siad deiseanna soghluaisteachta ar bhealach cuimsitheach agus cothrom do rannpháirtithe ó gach cúlra. Le roghnú na rannpháirtithe ba cheart a chinntiú go mbeidh tairbhí a bhforbartha pearsanta go hiomlán inaistrithe laistigh den eagraíocht seolta.

Le linn gníomhaíochtaí soghluaisteachta a ullmhú, a chur chun feidhme agus obair leantach a dhéanamh orthu, ba cheart do na heagraíochtaí seolta agus ósteagraíochtaí páirt a thabhairt do na rannpháirtithe i bpríomhchinntí chun an oiread tairbhí agus tionchair agus is féidir a chinntiú le haghaidh gach rannpháirtí.

Inbhuaine comhshaoil

Le tionscadal ba cheart iompar atá inbhuanaithe agus freagrach ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn i measc na rannpháirtithe, agus feasacht á múscailt faoin tábhacht a bhaineann le gníomhú chun lorg comhshaoil gníomhaíochtaí soghluaisteachta a laghdú nó a chúiteamh. Ba cheart é a dhearadh agus a chur chun feidhme agus feasacht ar an gcomhshaol á cothú, mar shampla, trí chleachtais inbhuanaithe a lánpháirtiú ar nós ábhair in‑athúsáidte nó éiceabhácha a roghnú, tríd an dramhaíl a laghdú agus tríd an athchúrsáil. Ba cheart na prionsabail sin a léiriú in ullmhú agus cur chun feidhme gach gníomhaíochta de chuid an chláir, go háirithe trí thacaíocht maoiniúcháin shonrach a úsáid, rud a sholáthraítear leis an gclár chun modhanna inbhuanaithe taistil a chur chun cinn.

Aistriú digiteach

Leis an gClár Erasmus+ tacaítear leis na heagraíochtaí rannpháirteacha úsáid uirlisí agus modhanna foghlama digiteacha a ionchorprú chun a ngníomhaíochtaí fisiceacha a chomhlánú, chun feabhas a chur ar an gcomhar idir eagraíochtaí comhpháirteacha, agus chun feabhas a chur ar cháilíocht na ngníomhaíochtaí.

Rannpháirtíocht sa saol daonlathach

Is é is aidhm don chlár cuidiú leis na rannpháirtithe teacht ar na tairbhithe a bhaineann leis an tsaoránacht agus leis an rannpháirtíocht ghníomhach sa saol daonlathach. Ba cheart do ghníomhaíochtaí soghluaisteachta a fhaigheann tacaíocht scileanna rannpháirtíochta a threisiú i réimsí éagsúla den tsochaí shibhialta, agus i bhforbairt inniúlachtaí sóisialta agus idirchultúrtha, na smaointeoireachta criticiúla agus na litearthachta sna meáin. Aon uair is féidir, le tionscadail ba cheart deiseanna a thairiscint do dhaoine a bheith rannpháirteach sa saol daonlathach chomh maith le deiseanna le haghaidh rannpháirtíocht saoránach agus shóisialta trí ghníomhaíochtaí foghlama foirmiúla nó neamhfhoirmiúla. Tuiscint rannpháirtithe ar an Aontas Eorpach agus ar chomhluachanna Eorpacha, agus meas ar phrionsabail dhaonlathacha, dínit an duine, an aontacht agus an éagsúlacht, idirphlé idirchultúrtha, chomh maith le hoidhreacht shóisialta, chultúrtha agus stairiúil Eorpach san áireamh, ba cheart tuiscint na rannpháirtithe ar na gnéithe sin a fheabhsú trí rannpháirtíocht sna soghluaisteachtaí.

Tionscadal a bhunú

Is í an eagraíocht is iarratasóir an príomhghníomhaí i dtionscadal de chuid Phríomhghníomhaíocht 1. Déanann an t‑iarratasóir an t‑iarratas a dhréachtú agus a chur isteach, an comhaontú deontais a shíniú le Ghníomhaireacht Náisiúnta Erasmus+, na gníomhaíochtaí soghluaisteachta a chur chun feidhme, agus tuairiscíonn an t‑iarratasóir sin dá nGníomhaireacht Náisiúnta Erasmus+ freisin. Is gníomhaíochtaí soghluaisteachta amach iad an dá chineál gníomhaíochtaí a dtacaítear leo. Ciallaíonn sin go ngníomhóidh an eagraíocht is iarratasóir mar eagraíocht seolta: déanfaidh sí rannpháirtithe a roghnú agus a sheoladh chuig ósteagraíocht ar an gcoigríoch. 

Is féidir breis agus gníomhaíocht amháin a chuimsiú faoi thionscadal. Is féidir gníomhaíochtaí a chomhcheangal, ag brath ar chuspóirí an tionscadail agus riachtanais na heagraíochta rannpháirtí/na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha agus na rannpháirtithe féin.

Baineann ceithre chéim le tionscadal: pleanáil, ullmhú, cur chun feidhme agus obair leantach. 

  • Pleanáil (riachtanais, cuspóirí, torthaí foghlama agus formáidí na gníomhaíochta a shainiú, clár oibre struchtúrtha a fhorbairt, gníomhaíochtaí foghlama a sceidealú, modheolaíocht shoiléir, srl.)
  • Ullmhú (socruithe praiticiúla, roghnú na rannpháirtithe, rannpháirtithe a ullmhú ó thaobh foghlaim teanga/idirchultúrtha de agus ó thaobh na gcúraimí de roimh imeacht, cruinnithe ullmhúcháin fhíorúla, srl.); Maidir le cosaint agus sábháilteacht na rannpháirtithe, ba cheart aghaidh a thabhairt uirthi sin i gceart agus ba cheart na bearta uile is gá a bheartú chun rioscaí a chosc agus a laghdú.
  • Gníomhaíochtaí foghlama a chur chun feidhme;
  • Obair leantach (meastóireacht ar na gníomhaíochtaí, torthaí foghlama pleanáilte na rannpháirtithe a shainaithint agus a dhoiciméadú, chomh maith le scaipeadh agus úsáid thorthaí an tionscadail, cruinnithe leantacha fíorúla).

Gníomhaíochtaí

Tacaítear leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:

  • Scáthfhoghlaim agus tréimhse bhreathnóireachta (2-14 lá)
  • Tascanna cóitseála nó traenála (7-45 lá)

Is éard atá i gceist le scáthfhoghlaim cás inar féidir le rannpháirtithe tréimhse (2-14 lá) a chaitheamh ag eagraíocht óstála i dtír eile agus is é is cuspóir don scáthfhoghlaim cleachtais nua a fhoghlaim agus smaointe nua a bhailiú trí bhreathnóireacht agus idirphlé le piaraí, cóitseálaithe, oibrithe deonacha nó baill eile foirne ina n‑obair laethúil ag an eagraíocht óstála.

Tascanna cóitseála nó traenála, sin iad cásanna inar féidir le rannpháirtithe tréimhse (7-45 lá) a chaitheamh i mbun cóitseála nó soláthar traenála cóitseáil ag eagraíocht óstála i dtír eile, mar bhealach chun bheith ag foghlaim trína gcúraimí a chur i gcrích agus trí mhalartú le piaraí. Cuireann sé le fothú acmhainní eagraíochtaí pobalbhunaithe.

Ní cheadaítear go mbeadh sé de chuspóir ag gníomhaíochtaí brabús a dhéanamh.

Sa bhreis ar an tsoghluaisteacht fhisiciúil, is féidir gach gníomhaíocht soghluaisteachta ball foirne a chumasc le gníomhaíochtaí fíorúla foghlama. Tá feidhm leis na faid íosta agus uasta a shonraítear thuas maidir leis an gcomhchuid soghluaisteachta fisicí.

Le haghaidh aon ghníomhaíocht, is féidir tacaíocht bhreise a sholáthar do dhaoine a thionlacann rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu. Is féidir tacú le daoine tionlacain ar feadh fhad iomlán na gníomhaíochta nó ar feadh cuid de sin.

Maidir le bheith ag freastal ar chúrsaí (cúrsaí íoctha nó neamhíoctha), ní gníomhaíocht incháilithe é sin ó thaobh na soghluaisteachta foirne i réimse an spóirt.

Cuairteanna ullmhúcháin

Is é is aidhm do chuairteanna ullmhúcháin gníomhaíochtaí ardcháilíochta a chinntiú trí shocruithe riaracháin a éascú agus a ullmhú, an t‑iontaobhas agus an tuiscint a chothú agus comhpháirtíocht láidir a chur ar bun idir na heagraíochtaí agus na daoine atá páirteach. 

Is féidir le heagraíochtaí cuairt ullmhúcháin chuig a gcomhpháirtí óstach a chur ar bun sula dtugtar faoin tsoghluaisteacht. Ní gníomhaíocht aonair iad cuairteanna ullmhúcháin, ach socrú tacaíochta le haghaidh soghluaisteacht ball foirne. Ní mór réasúnaíocht shoiléir a bheith mar bhonn le gach cuairt ullmhúcháin agus ní mór feabhas a chur ar raon feidhme agus cáilíocht gníomhaíochtaí soghluaisteachta leo sin. Mar shampla, is féidir cuairteanna ullmhúcháin a eagrú chun tosú ar oibriú le heagraíocht chomhpháirtíochta nua, nó chun gníomhaíochtaí soghluaisteachta níos faide a ullmhú. Is féidir cuairteanna ullmhúcháin a eagrú don dá chineál soghluaisteachta ball foirne. 

Critéir Incháilitheachta

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Is féidir le heagraíocht rannpháirteach a bheith:

  • Eagraíocht phoiblí nó phríobháideach atá gníomhach i réimse an spóirt agus na gníomhaíochta fisicí agus a eagraíonn spórt agus gníomhaíochtaí fisiceacha ar leibhéal an ghnáthphobail (mar shampla, eagraíocht neamhbhrabúis, údaráis poiblí áitiúil, club spóirt)
  • Eagraíocht spóirt nach mbaineann le spórt an phobail, má thairbhíonn spóirt an phobail de rannpháirtíocht ball foirne na heagraíochta sin (eagraíocht idirnáisiúnta, cónaidhm náisiúnta spóirt, mar shampla).

Ní mór d’eagraíochtaí is iarratasóir a bheith bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár.

Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?

Cuirtear iarratais faoi bhráid na Gníomhaireachta Náisiúnta sa tír ina bhfuil an eagraíocht is iarratasóir bunaithe.

Cathain is féidir iarratas a dhéanamh?

Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratais ar dheontas a chur isteach faoi na dátaí seo a leanas:

An 12 Feabhra ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile)

Babhta breise féideartha:

Féadfaidh Gníomhaireachtaí Náisiúnta cinneadh a dhéanamh babhta breise a oscailt. Cuirfidh Gníomhaireachtaí Náisiúnta na hiarratasóirí ar an eolas faoi oscailt an bhabhta bhreise trína suíomhanna gréasáin.

Má eagraítear babhta breise, ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratais a chur isteach faoin 1 Deireadh Fómhair ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile).

Dátaí tosaigh le haghaidh tionscadal

Cuirfear tús le tionscadail idir an 1 Meitheamh agus an 31 Nollaig den bhliain chéanna.

Má osclaítear babhta roghnach, cuirfear tús le tionscadail idir an 1 Eanáir agus an 31 Bealtaine an bhliain ina dhiaidh sin.

Iarratas a dhéanamh

Féach cuid C den Treoir seo le haghaidh sonraí faoi conas iarratas a dhéanamh.

Fad an tionscadail

Ó 3 mhí go 18 mí.

An líon iarratas

Ní fhéadfaidh eagraíocht ach aon iarratas amháin a chur isteach in aghaidh gach babhta roghnúcháin.

Eagraíochtaí a fhaigheann deontas ar thionscadal faoin gcéad bhabhta iarratas, ní fhéadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar an dara babhta den ghlao céanna ar thograí.

Fad na ngníomhaíochtaí

Scáthfhoghlaim agus tréimhsí breathnóireachta: 2-14 lá as a chéile (gan laethanta taistil san áireamh)

Tascanna cóitseála agus traenála: 7-45 lá as a chéile (gan laethanta taistil san áireamh)

Rannpháirtithe incháilithe

  • Cóitseálaithe agus baill foirne spóirt eile in eagraíochtaí spóirt ar leibhéal an phobail
  • Baill foirne i spóirt nach spóirt an phobail iad, iad siúd atá bainteach le déghairmeacha agus gairmeacha nach mbaineann leis an spórt san áireamh, i gcás inar féidir le spórt an phobail tairbhe a bhaint as rannpháirtíocht baill foirne den sórt sin.
  • Oibrithe deonacha (seachas cóitseálaithe) in eagraíochtaí spóirt.

Ní mór do rannpháirtithe a bheith ag obair san eagraíocht seolta nó ní mór dóibh a bheith ag obair go tráthrialta leis an eagraíocht seolta chun cuidiú le cur chun feidhme phríomhghníomhaíochtaí na heagraíochta.

I ngach cás, ní mór na cúraimí lena nasctar an rannpháirtí leis an eagraíocht seolta a dhoiciméadú ar bhealach lenar féidir leis an nGníomhaireacht Náisiúnta an nasc sin a fhíorú (mar shampla le conradh oibre nó oibre deonaí, tuairisc ar an gcúram, nó doiciméad comhchosúil).

Níl cead ag rannpháirtithe a bheith páirteach i ngníomhaíocht soghluaisteachta mar lúthchleasaithe.

An líon rannpháirtithe

Deichniúr rannpháirtithe in aghaidh an tionscadail ar a mhéad

Rannpháirtithe i gcuairteanna ullmhúcháin agus daoine a thionlacann rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu, ní chuirtear san áireamh iad in uasmhéid sin an 10 rannpháirtí.

Ionad na ngníomhaíochtaí

Ní mór gníomhaíochtaí a reáchtáil ar an gcoigríoch, i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár. Ní mór gach gníomhaíocht a reáchtáil in aon tír amháin.

Ceanglais íosta maidir le Cuairteanna Ullmhúcháin

Ionad nó ionaid na gníomhaíochta

Reáchtáiltear cuairteanna ullmhúcháin i dtír na heagraíochta óstaí roimh thús na gníomhaíochta.

Rannpháirtithe incháilithe

Ionadaithe ó na heagraíochtaí rannpháirteacha a ghlacann páirt sa phríomhghníomhaíocht. Is féidir le baill foirne a bhfuil baint dhíreach acu le tionscadal a eagrú nó baill foirne atá rannpháirteach i soghluaisteacht cuairt ullmhúcháin a dhéanamh.

Critéir dhámhachtana

Déanfar measúnú ar na hiarratais a chuirtear isteach trí phointí as 100 ar an iomlán a shannadh, bunaithe ar na critéir agus ar na scóir thíos. Le bheith curtha san áireamh le haghaidh dámhachtana, ní mór na tairseacha seo a leanas a bhaint amach leis na hiarratais: 

  • Ar a laghad 60 pointe as 100 pointe ar an iomlán, agus
  • Ar a laghad leath na bpointí scóir uasta i ngach ceann de na chritéar dámhachtana thíos

Ábharthacht agus tionchar (scór uasta 30 pointe)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • Tá togra an tionscadail ábhartha maidir le spórt an phobail;
  • Tá togra an tionscadail ábhartha i leith na nithe a leanas:
    • cuspóirí na gníomhaíochta
    • riachtanais agus forbairt na heagraíochta is iarratasóir
    • riachtanais agus forbairt na mball foirne rannpháirteach
  • tá an tionscadal ábhartha chun comhluachanna an Aontais a urramú agus a chur chun cinn, cuir i gcás meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, smacht reachta agus meas ar chearta an duine, chomh maith le troid in aghaidh aon sórt idirdhealaithe.
  • A mhéid atá an togra oiriúnach chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
    • torthaí foghlama ardcháilíochta a sholáthar do bhaill foirne rannpháirteacha;
    • cleachtais oibre na heagraíochta rannpháirtí a threisiú nó a athrú go mór, agus a cáilíocht, a hinniúlachtaí agus a nuálaíocht a mhéadú
    • tionchar féideartha a imirt ar eagraíochtaí rannpháirteacha agus ar bhaill foirne le linn shaolré an tionscadail agus ina dhiaidh sin
  • A mhéid a shainíonn an tionscadal torthaí foghlama nithiúla
  • A mhéid a thugann an tionscadal nuatheachtaithe agus eagraíochtaí ag a bhfuil níos lú taithí isteach sa ghníomhaíocht.

Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail (scór uasta 40 pointe)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • I gcuspóirí an tionscadail atá beartaithe tugtar aghaidh ar riachtanais na heagraíochta is iarratasóir, ar riachtanais a ball foirne agus déantar amhlaidh ar bhealach atá soiléir agus coincréiteach
  • Cáilíocht na socruithe praiticiúla agus na módúlachtaí bainistíochta agus tacaíochta;
  • Sa tionscadal ionchorpraítear cleachtais atá inbhuanaithe agus freagrach ó thaobh an chomhshaoil de
  • Sa tionscadal ionchorpraítear úsáid uirlisí agus modhanna foghlama digiteacha chun na gníomhaíochtaí soghluaisteachta fisicí a chomhlánú, agus chun feabhas a chur ar an gcomhar le heagraíochtaí comhpháirtíochta
  • A mhéid atá na gníomhaíochtaí deartha ar bhealach inrochtana agus cuimsitheach agus atá siad oscailte do rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu
  • Ionadaíocht chothromaithe rannpháirtithe ó thaobh inscne de;
  • I gcás ball foirne ó eagraíochtaí nach bhfuil pobalbhunaithe, míniú soiléir ar an mbealach a mbainfidh spórt an phobail tairbhe as rannpháirtíocht na mball foirne sin

Cáilíochtaí na ngníomhaíochtaí leantacha (scór uasta 30 pointe)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • tá bearta nithiúla agus loighciúla molta ag an iarratasóir chun torthaí na ngníomhaíochtaí soghluaisteachta a lánpháirtiú in obair thráthrialta na heagraíochta
  • tá bearta nithiúla agus éifeachtacha molta ag an iarratasóir chun torthaí an tionscadail a chur in iúl laistigh den eagraíocht is iarratasóir, chun na torthaí a chomhroinnt le heagraíochtaí eile agus leis an bpobal, agus chun aitheantas a thabhairt go poiblí do mhaoiniú an Aontais Eorpaigh

Rialacha maoiniúcháin

Catagóir bhuiséid - Tacaíocht Eagraíochtúil

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais atá nasctha go díreach le cur chun feidhme gníomhaíochtaí soghluaisteachta nach gcumhdaítear le catagóirí eile costais. 

Mar shampla, rannpháirtithe a ullmhú, meantóireacht agus monatóireacht a dhéanamh orthu agus tacaíocht a thabhairt dóibh le linn na soghluaisteachta, chomh maith leis na seirbhísí, na huirlisí agus an trealamh is gá chun an tionscadal a chur chun feidhme, comhchodanna fíorúla i ngníomhaíochtaí cumaisc, torthaí a chomhroinnt agus maoiniú an Aontais Eorpaigh a chur in iúl don phobal.

Le tacaíocht eagraíochtúil cumhdaítear na costais a thabhaíonn an eagraíocht seolta agus an ósteagraíocht araon. Tiocfaidh an dá eagraíocht ar chomhaontú maidir leis an deontas a fuarthas a roinnt.

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an líon rannpháirtithe, cé is moite de dhaoine tionlacain.

Méid

EUR 350 in aghaidh an rannpháirtí

Catagóir bhuiséid - Taisteal

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Ranníocaíocht le costais taistil na rannpháirtithe, lena n‑áirítear daoine tionlacain, óna n‑áit bhunaidh chuig an ionad gníomhaíochta agus ar ais.

Faoi bhun 500 km,  taistealóidh rannpháirtí, mar riail ghinearálta, le modh iompair atá íseal ar astaíochtaí

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an achar taistil agus ar an líon daoine.

Ní mór don iarratasóir an t‑achar idir an áit bhunaidh agus ionad na gníomhaíochta a léiriú2 tríd an áireamhán taistil lena dtacaíonn an Coimisiún Eorpach a úsáid3 .

Méid

Achar taistilTaisteal glasTaisteal nach taisteal glas é
10 – 99 kmEUR 56EUR 28
100 – 499 kmEUR 285EUR 211
500 – 1 999 kmEUR 417EUR 309
2000 – 2999 kmEUR 535EUR 395
3000 – 3999 kmEUR 785EUR 580
4000 – 7999 kmEUR 1188EUR 1188
8 000 km nó níos moEUR 1735EUR 1735

Catagóir bhuiséid - Tacaíocht Aonair

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais chothaithe le haghaidh rannpháirtithe agus daoine tionlacain le linn na gníomhaíochta.

Más gá: tá costais chothaithe incháilithe le haghaidh am taistil roimh an ngníomhaíocht agus ina diaidh, maille le 2 lá taistil ar a mhéad le haghaidh rannpháirtithe agus daoine tionlacain a fhaigheann deontas taistil nach deontas taistil ghlais é, agus 6 lá taistil ar a mhéad le haghaidh rannpháirtithe i gcás deontais taistil ghlais.

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh:bunaithe ar fhad an fhanachta in aghaidh an rannpháirtí agus an duine tionlacain agus na tíre óstaí4

Méid

  • Grúpa tíortha 1: EUR 107 - 191
  • Grúpa tíortha 2: EUR 95 - 169
  • Grúpa tíortha 3:   EUR 84 - 148

Is bonnrátaí iad na rátaí thuas in aghaidh an lae gníomhaíochta. Déanfaidh gach gníomhaireacht náisiúnta cinneadh i dtaobh na mbonnrátaí beachta laistigh de na raonta a cheadaítear. 

Íoctar an bonnráta suas leis an 14ú lá den ghníomhaíocht. Ón 15ú lá gníomhaíochta, beidh an ráta is iníoctha cothrom le 70 % den bhonnráta. Slánófar na rátaí iníoctha go dtí an euro iomlán is gaire.

Catagóir bhuiséid - Tacaíocht chuimsiúcháin

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Tacaíocht chuimsiúcháin d’eagraíochtaí: Costais a bhaineann le gníomhaíochtaí soghluaisteachta a eagrú do rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu. 

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an líon rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu, cé is moite de dhaoine tionlacain.

Méid

EUR 125 in aghaidh an rannpháirtí

Tacaíocht chuimsiúcháin le haghaidh rannpháirtithe: Costais bhreise atá nasctha go díreach le rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu agus leis na daoine atá á dtionlacan (lena n‑áirítear costais taistil agus chothaithe a bhfuil údar leo mura n‑iarrtar deontas le haghaidh na rannpháirtithe sin trí na catagóirí buiséid ar a dtugtar ‘Taisteal’ agus ‘Tacaíocht aonair’).

Sásra maoiniúcháin: fíorchostais.

Riail maidir le leithdháileadh:ní mór don iarratasóir údar a thabhairt leis an iarraidh agus ní mór don Ghníomhaireacht Náisiúnta í a fhormheas.

Méid

100 % de chostais incháilithe

Catagóir bhuiséid - Tacaíocht le haghaidh cuairt ullmhúcháin

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais atá nasctha le cur chun feidhme na cuairte ullmhúcháin lena n‑áirítear costais taistil agus chothaithe.

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Méid

EUR 680 in aghaidh an rannpháirtí, agus beirt rannpháirtithe ar a mhéad in aghaidh na cuairte ullmhúcháin.

Catagóir bhuiséid - Tacaíocht teanga

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais a bhaineann le hábhair foghlama teanga agus oiliúint a chur ar fáil do rannpháirtithe ar gá dóibh feabhas a chur ar an eolas atá acu ar an teanga a úsáidfidh siad chun tabhairt faoin gcóitseáil nó faoin traenáil le linn a ngníomhaíochta. 

Tá tacaíocht teanga incháilithe le haghaidh rannpháirtithe sna cineálacha gníomhaíochtaí seo a leanas: i scáthfhoghlaim agus tréimhsí breathnóireachta agus tascanna cóitseála agus oiliúna. Níl tacaíocht iníoctha ach amháin mura bhfuair an rannpháirtí Tacaíocht Teanga ar Líne mar gheall nach bhfuil an teanga nó an leibhéal a éilítear ar fáil, nó mar gheall ar bhacainní áirithe a bhíonn ar rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu. 

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid. 

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an líon rannpháirtithe.

Méid

EUR 150 in aghaidh an rannpháirtí

Catagóir bhuiséid - Costais eisceachtúla

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais chun ráthaíocht airgeadais a thabhairt, má iarrann an Ghníomhaireacht Náisiúnta sin.

Costais arda taistil na rannpháirtithe agus na ndaoine atá á dtionlacan nach féidir tacú leo leis an deontas ‘Taisteal’ caighdeánach de dheasca iargúltacht gheografach nó bacainní eile. Má dhámhtar iad, cuirtear na costais eisceachtúla le haghaidh taisteal costasach in ionad na tacaíochta taistil bunaithe ar chostais aonaid.

Víosa agus costais a bhaineann le víosa, ceadanna cónaithe, vacsaínithe agus deimhnithe leighis.

Sásra maoiniúcháin: fíorchostais.

Riail maidir le leithdháileadh:ní mór don iarratasóir údar a thabhairt leis an iarraidh agus ní mór don Ghníomhaireacht Náisiúnta í a fhormheasTá feidhm ag taisteal costasach i gcásanna nach gcumhdaíonn an tacaíocht taistil bunaithe ar chostas aonaid 70 % de chostais taistil na rannpháirtithe.

Méid

Ráthaíocht airgeadais:80 % de chostais incháilithe

Costais arda taistil: 80 % de chostais incháilithe

Víosa agus costais a bhaineann le víosa, ceadanna cónaithe, vacsaínithe agus deimhnithe leighis: 100 % de chostais incháilithe

  1. https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-9771-2024-INIT/en/pdf ↩ back
  2. Mar   shampla, má bhíonn duine ó Mhaidrid (an Spáinn) ag glacadh páirt i ngníomhaíocht atá ar siúl sa Róimh (an Iodáil), déanfaidh an t‑iarratasóir an t‑achar ó Mhaidrid go dtí an Róimh a ríomh (1 365.28 KM) agus ansin roghnóidh an t‑iarratasóir an banda achair taistil is infheidhme (is é sin .,  idir 500 agus 1 999 km). ↩ back
  3. https://ec.europa.eu/programmes/erasmus-plus/resources/distance-calculator_ga ↩ back
  4. Grúpa tíortha 1 : An Ostair, an Bheilg, an Danmhairg, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Íoslainn, an Iodáil, Lichtinstéin, Lucsamburg, an Iorua, an Ísiltír, an tSualainn Grúpa tíortha 2 : An Chipir, an Eastóin, an Ghréig, an Laitvia, Málta, an Phortaingéil, an tSeicia, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn  Grúpa tíortha 3 : An Bhulgáir, an Chróit, an Liotuáin, an Mhacadóin Thuaidh, an Pholainn, an Rómáin, an tSeirbia, an Tuirc, an Ungáir ↩ back
Tagged in:  Sport