Cé a chuireann an Clár Erasmus+ chun feidhme?
An coimisiún eorpach
Is é an Coimisiún Eorpach atá freagrach sa deireadh as an gClár Erasmus+ a reáchtáil. Bainistíonn sé an buiséad agus déanann sé tosaíochtaí, spriocanna agus critéir a leagan síos go leanúnach le haghaidh an Chláir. Thairis sin, treoraíonn sé cur chun feidhme ginearálta, obair leantach agus meastóireacht an Chláir ar an leibhéal Eorpach agus déanann sé monatóireacht air sin. Ina theannta sin, is ar an gCoimisiún Eorpach atá an fhreagrach fhoriomlán as maoirseacht agus comhordú a dhéanamh ar na struchtúir atá i gceannas ar an gClár a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta.
An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas Agus Cultúr (EACEA)
Ar an leibhéal Eorpach, is í an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (EACEA) de chuid an Choimisiúin Eorpaigh atá freagrach as roinnt gníomhaíochtaí de chuid an Chláir Erasmus+ a chur chun feidhme. Cuireann EACEA an clár chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach. I dteannta na faisnéise atá sa Treoir seo, na doiciméid ghlao agus na foirmeacha iarratais ábhartha le haghaidh na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Treoir seo agus a bhainistíonn an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin, foilsítear iad sa Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana: https://ec.europa.eu/info/funding-tenders/opportunities/portal/screen/home.
Tá an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin i gceannas ar shaolré iomlán na dtionscadal sin a bhainistiú, idir an Clár a chur chun cinn, meastóireacht a dhéanamh ar na hiarratais ar dheontas, monatóireacht a dhéanamh ar thionscadail, agus tionscadail agus torthaí an Chláir a scaipeadh. Is í atá freagrach as glaonna sonracha ar thograí a sheoladh freisin i ndáil le gníomhaíochtaí áirithe de chuid an chláir nach gcumhdaítear leis an treoir seo.
Tá an Coimisiún Eorpach, go háirithe tríd an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin, freagrach as an méid seo a leanas freisin:
- staidéar a dhéanamh sna réimsí a dtacaítear leo leis an gClár;
- taighde agus gníomhaíochtaí fianaisebhunaithe a dhéanamh tríd an Líonra um Fhaisnéis Oideachais sa Chomhphobal Eorpach (Eurydice);
- feabhas a chur ar infheictheacht agus tionchar sistéamach an chláir trí ghníomhaíochtaí scaipthe agus saothraithe a dhéanamh maidir le torthaí an chláir;
- a áirithiú go ndéanfar bainistíocht chonarthach agus maoiniú ar na comhlachtaí agus ar na líonraí a dtacaítear leo leis an gClár Erasmus+;
- glaonna ar thairiscintí a bhainistiú chun seirbhísí a sholáthar faoi chuimsiú an Chláir.
Ná gníomhaireachtaí náisiúnta
Déantar an Clár Erasmus+ a chur chun feidhme mar bhainistíocht indíreach den chuid is mó, rud a chiallaíonn go bhfágann an Coimisiún Eorpach cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid faoi Ghníomhaireachtaí Náisiúnta. Is é an bunús atá taobh thiar den chur chuige sin go rachfar i bhfeidhm a oiread agus is féidir ar na tairbhithe le Erasmus+ agus go n‑oiriúnófar d’éagsúlacht córas oideachais, oiliúna agus óige náisiúnta. Chun na críche sin, tá Gníomhaireacht Náisiúnta amháin nó níos mó ceaptha ag gach Ballstát de chuid AE nó gach tír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár (chun na sonraí teagmhála a fháil, féach an nasc seo a leanas: https://ec.europa.eu/programmes/erasmus-plus/contact_en). Déanann na Gníomhaireachtaí Náisiúnta sin an clár a chur chun cinn agus a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus gníomhaíonn siad mar an nasc idir an Coimisiún Eorpach agus eagraíochtaí rannpháirteacha eile ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta. Is iad seo a leanas na cúraimí atá orthu:
- eolas iomchuí a sholáthar faoin gClár Erasmus+;
- próiseas roghnúcháin cothrom trédhearcach a riar le haghaidh na n‑iarratas tionscadail atá le maoiniú ina dtír;
- monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir ina dtír;
- tacaíocht a sholáthar d’iarratasóirí tionscadail agus d’eagraíochtaí rannpháirteacha le linn shaolré an tionscadail;
- dul i gcomhar go héifeachtach le líonra gach Gníomhaireachta Náisiúnta agus leis an gCoimisiún Eorpach;
- infheictheacht an Chláir a chur chun cinn agus a chinntiú;
- scaipeadh agus saothrú thorthaí an chláir a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil agus náisiúnta.
Ina theannta sin, tá ról tábhachtach ag na Gníomhaireachtaí Náisiúnta mar struchtúir idirmheánacha le haghaidh fhorbairt beartais agus chur chun feidhme an Chláir Erasmus+ trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- tionscadail agus gníomhaíochtaí a chur i gcrích, amhail Gníomhaíochtaí maidir leis an Oiliúint, leis an gComhar agus le Líonrú – lasmuigh de na cúraimí a bhaineann le bainistíocht shaolré an tionscadail – lena dtacaítear le cur chun feidhme cáilíochtúil an chláir agus/nó lena spreagtar forbairtí beartais sna réimsí a dtacaítear leo leis an gclár;
- cur chuige tacúil a sholáthar do nuatheachtaithe, d’eagraíochtaí ag a bhfuil níos lú taithí agus do spriocghrúpaí ar lú na deiseanna atá acu, chun na bacainní roimh rannpháirtíocht iomlán sa chlár a bhaint;
- an comhar a lorg le comhlachtaí seachtracha agus le hÚdaráis Náisiúnta chun tionchar an chláir a mhéadú ina réimsí gníomhaíochta ar leith, ina dtír agus san Aontas Eorpach.
Is é is aidhm do chur chuige tacúil Gníomhaireachtaí Náisiúnta iarratasóirí agus tairbhithe féideartha an Chláir a threorú trí gach céim, idir an chéad phointe teagmhála leis an gClár, an próiseas iarratais agus cur chun feidhme an tionscadail agus an mheastóireacht chríochnaitheach. Tá an cur chuige sin i gcomhréir le prionsabail chothroime agus trédhearcachta na bpróiseas roghnúcháin. Tá sé bunaithe ar an smaoineamh gur gá tacú le spriocghrúpaí an Chláir, chun comhionannas deiseanna a ráthú do chách, trí chórais chomhairliúcháin, chomhairleoireachta, mhonatóireachta, agus chóitseála atá curtha in oiriúint dá riachtanais.
Na glaonna ábhartha lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí a bhainistíonn Gníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+, foilsítear iad ar shuíomh gréasáin Erasmus+ 1 agus poiblítear ar shuíomhanna gréasáin na nGníomhaireachtaí Náisiúnta iad.
Cé na comhlachtaí eile ag a bhfuil baint le cur chun feidhme an chláir?
Cé is moite de na comhlachtaí a luaitear thuas, déanann na Lárionaid Acmhainní agus na hoifigí faisnéise, na hardáin, agus na líonraí eolais agus na líonraí saineolaithe seo a leanas saineolas comhlántach a sholáthar le haghaidh chur chun feidhme an Chláir Erasmus+:
Lárionaid acmhainní SALTO
Is é is aidhm do Lárionaid Acmhainní SALTO feabhas a chur ar cháilíocht agus tionchar an Chláir Erasmus+ ar leibhéal sistéamach trí shaineolas, acmhainní, faisnéis agus gníomhaíochtaí oiliúna a sholáthar i réimsí sonracha le haghaidh Gníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+ agus gníomhartha eile ag a bhfuil baint le réimse an oideachais, na hoiliúna agus na hoibre óige. I measc nithe eile, áiríonn na gníomhaíochtaí sin cúrsaí oiliúna, seimineáir, ceardlanna, cuairteanna staidéir, fóraim, gníomhaíochtaí comhair agus fothaithe comhpháirtíochtaí a eagrú ar théamaí tosaíochta Erasmus+.
Féadfaidh Lárionaid Acmhainní SALTO réimsí uile an Chláir a chumhach, nó cuid díobh a chumhdach. D’fhéadfadh béim théamach nó béim réigiúnach (Tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir agus an Rúis, an Mheánmhuir Theas, Réigiún na mBalcán Thiar) a bheith ag Lárionaid Acmhainní SALTO, ag brath ar a raon feidhme gníomhaíochta. D’fhéadfadh nach gcumhdódh SALTOnna réigiúnacha gníomhaíochtaí i réimse na hÓige, mar shampla.
Thairis sin, thairgeann na Lárionaid Acmhainní SALTO sraith d’uirlisí agus de bhunachair sonraí ar líne trí Shuíomh Gréasáin ÓIGE SALTO, ar nós forbhreathnú ar ghníomhaíochtaí oiliúna Eorpacha le haghaidh oibrithe óige san Fhéilire Oiliúna Eorpach; uirlisí agus modhanna le haghaidh gníomhaíochtaí oideachasúla; deiseanna foghlama ar líne; bunachar sonraí oiliúnóirí agus daoine acmhainne i réimse na oibre óige; agus an fhéidearthacht chun eagraíochtaí comhpháirtíochta a lorg. D’fhéadfadh monatóireacht a dhéanamh ar éachtaí, taithí agus ceachtanna a foghlamaíodh sna réimsí sonracha, agus iad a chur i láthair, a bheith san áireamh i gcúraimí Lárionaid Acmhainní SALTO.
Lárionaid acmhainní SALTO ag tacú le tosaíochtaí trasnaí Erasmus+
I gcomhréir le tosaíochtaí trasnaí Erasmus+, tacaíonn ceithre lárionad Acmhainní SALTO leis na tosaíochtaí seo:
SALTO agus an cuimsiú agus an éagsúlacht
Oibríonn dhá Lárionad Acmhainní SALTO le chéile chun tacaíocht a thabhairt maidir le Cuimsiú agus Éagsúlacht ar fud gach réimse cláir: lárionad amháin i réimse an oideachais agus na hoiliúna, agus lárionad eile i réimse na hóige.
Is é is misean do na Lárionaid Acmhainní SALTO sin cáilíocht agus tionchar thionscadail Erasmus+ a fheabhsú, d’fhonn an clár a dhéanamh níos cuimsithí agus níos éagsúlaí.
Go sonrach, gníomhaíonn na SALTOnna sin mar mhoil eolais atá bunaithe ar fhianaise agus mar bhróicéirí neamhchlaonta bunaithe ar shaineolas agus ar thaithí ar bhainistíocht clár i réimse an chuimsithe agus na héagsúlachta. Ciallaíonn sé sin go mbítear go leanúnach ag tógáil ar an eolas agus na ceachtanna a foghlamaíodh ó chur chun feidhme an chláir agus a réimse théamach agus á ndíriú ar chomhthéacsanna forbartha cláir i gcomhar leis an líonra Gníomhaireachta Náisiúnta agus leis an gCoimisiún trí ardáin iomchuí. Thairis sin, tacaíonn na SALTOnna sin leis na Gníomhaireachtaí Náisiúnta chun an clár a chur chun feidhme ar bhealach a chuireann i ngníomh na cinntí beartais ábhartha (mar shampla, conclúidí/réitigh na Comhairle), torthaí gníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí, agus cinntí ar an tosaíocht cuimsithe agus éagsúlachta.
Is iad seo a leanas na príomhfhreagrachtaí maidir le SALTOnna le haghaidh Cuimsiú agus Éagsúlachta:
- Cáilíocht agus tionchar thionscadail agus ghníomhaíochtaí Erasmus+ a mhéadú, lena ndírítear ar an tosaíocht cuimsithe agus éagsúlachta.
- Cuidiú le cur chun feidhme, monatóireacht agus bearta leantacha na tosaíochta cuimsithe agus éagsúlachta san oideachas agus san oiliúint mar a shainítear sa chlár Erasmus+.
- Príomhról a ghlacadh chun na Gníomhaireachtaí Náisiúnta a threorú maidir le hanailís agus meastóireacht tionchair tionscadal lena ndírítear ar an tosaíocht cuimsithe agus éagsúlachta san oideachas agus san oiliúint.
SALTO maidir leis an aistriú glas agus an fhorbairt inbhuanaithe
Cumhdaíonn Lárionad Acmhainní SALTO maidir leis an aistriú glas agus an fhorbairt inbhuanaithe gach réimse den Chlár Erasmus+ agus cuireann sé le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide trínár gcláir, ag tabhairt aghaidh ar ábhair a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol ar fud na ngníomhaíochtaí.
Tá an SALTO seo ag tacú le cur chun feidhme na tosaíochta ar chosaint chomhshaoil, inbhuanaitheacht agus an comhrac in aghaidh an athraithe aeráide sna Cláir nua i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus an Comhshocrú Aeráide, ag tacú le gníomhaíochtaí an Limistéir Eorpaigh Oideachais i dtéarmaí oideachais le haghaidh aeráide agus inbhuanaitheachta, agus ag rannchuidiú go díreach le ceann amháin den 11 Sprioc Eorpach don Óige (Eoraip Inbhuanaithe Ghlas) atá san áireamh i Straitéis an Aontais Eorpaigh i leith na hÓige. Is iad seo a leanas príomhfhreagrachtaí SALTO maidir leis an aistriú glas agus an fhorbairt inbhuanaithe:
- Cáilíocht agus tionchar thionscadail agus ghníomhaíochtaí Erasmus+ a mhéadú, lena ndírítear ar an inbhuanaitheacht agus an comhrac in aghaidh an athraithe aeráide.
- Cuidiú le barr feabhais a chur ar chur chun feidhme, monatóireacht agus bearta leantacha na tosaíochta maidir le cosaint comhshaoil, inbhuanaitheacht agus an comhrac in aghaidh an athraithe aeráide, mar a shainítear i gcláir Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.
- Príomhról a ghlacadh chun na Gníomhaireachtaí Náisiúnta a threorú maidir le hanailís agus meastóireacht tionchair tionscadal lena ndírítear ar thosaíocht na gclár a bhaineann le cosaint comhshaoil, inbhuanaitheacht agus an comhrac in aghaidh an athraithe aeráide.
SALTO digiteach
Cumhdaíonn Lárionad Acmhainní Digiteacha SALTO gach tréimhse den Chlár Erasmus+ agus, i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach agus príomhdhoiciméid bheartais le haghaidh Óige, tacaíonn sé le cur chun feidhme na gné digití mar thosaíocht uileghabhálach i gCláir Erasmus agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, ag ardú cáilíocht oideachais dhigitigh agus gnéithe digiteacha san Óige ar bhonn leanúnach. Gníomhaíonn sé mar mhol eolais atá bunaithe ar fhianaise i réimse an Oideachais dhigitigh agus na hÓige, agus eolas i réimse a shainordaithe a dhíriú ar fhorbairt cláir chomh maith le forbairt beartais. Is iad seo leanas príomhfhreagrachtaí SALTO Digiteach:
- Cáilíocht agus tionchar thionscadail agus ghníomhaíochtaí ár gclár a mhéadú, lena ndírítear ar na tosaíochtaí digiteacha.
- Cuidiú le barr feabhais a chur ar chur chun feidhme, monatóireacht agus bearta leantacha tosaíochtaí oideachais dhigitigh agus na hÓige, mar a shainítear i gcláir Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.
- Príomhról a ghlacadh chun na Gníomhaireachtaí Náisiúnta a threorú maidir le hanailís agus meastóireacht tionchair tionscadal lena ndírítear ar thosaíochtaí digiteacha na gclár, rudaí a mbeadh tionchar acu ar fhóraim bheartais agus geallsealbhóirí agus go háirithe ar an Mol Eorpach maidir leis an Oideachas Digiteach.
SALTO maidir le rannpháirtíocht agus faisnéis
Le lárionad acmhainní SALTO um Rannpháirtíocht agus Faisnéis, cumhdaítear réimsí uile an Chláir Erasmus+ agus cuirtear ar bun gníomhaíochtaí straitéiseacha agus nuálacha chun rannpháirtíocht ghníomhach sa saol daonlathach a spreagadh, lena n‑áirítear tríd an méid a leanas:
- Treoraíocht a fhorbairt le haghaidh iarratasóirí agus tairbhithe, go háirithe chun rannpháirtíocht daoine óga i gcinnteoireacht dhaonlathach agus rannpháirtíocht na hóige sa saol sibhialta agus sóisialta a chothú trí obair dheonach nó trí ról a ghlacadh in eagraíochtaí óige;
- Treoraíocht agus tacaíocht a sholáthar le haghaidh gach Gníomhaireachta Náisiúnta maidir le straitéisí úrscothacha chun dul i bhfeidhm ar líon níos airde daoine óga, cáilíocht agus tionchar na ngníomhaíochtaí eolais a mhéadú chomh maith leis an gcuimsitheacht agus an inbhuanaitheacht a bhaineann leo chomh maith le hinaistritheacht thorthaí tionscadail.
Anuas ar na SALTOnna sin, cuireann dhá Lárionad Acmhainní SALTO shonracha le hinniúlachtaí Gníomhaireachtaí Náisiúnta agus eagraíochtaí chun oibriú le Erasmus+ a mhéadú chun comhar trasnáisiúnta, líonrú agus foghlaim fhrithpháirteach a éascú i measc Gníomhaireachtaí Náisiúnta agus geallsealbhóirí éagsúla:
SALTO maidir le hoiliúint agus comhar le haghaidh oideachais agus oiliúna
Tairgtear ardán le haghaidh gníomhaíochtaí oiliúna Eorpacha;
- cuirtear ar a gcumas do gheallsealbhóirí, inter alia, inniúlachtaí a n‑eagraíochtaí a fhorbairt chun leas iomlán a bhaint as deiseanna Erasmus+,
- dea‑chleachtais a chomhroinnt ar fud tíortha Eorpacha, comhpháirtithe a aimsiú, nó tionchar a dtionscadal a mhéadú ar an leibhéal Eorpach;
SALTO maidir le hoiliúint agus comhar i réimse na hóige
Díríonn an Lárionad Acmhainní SALTO maidir le hOiliúint agus Comhar ar ghníomhaíocht straitéiseach agus nuálach a fhorbairt chun cur chuige d’ardchaighdeán a chinntiú ar an bhforiomlán i leith straitéisí agus gníomhaíochtaí oiliúna i réimse na hóige, agus foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil in obair óige a aithint ar fud na hEorpa, mar shampla tríd an méid a leanas:
- próisis, gníomhaíochtaí agus uirlisí a fhorbairt agus a chur chun feidhme laistigh de Straitéis Youthpass chun tacú le haitheantas agus bailíochtú gníomhaíochta foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla agus oibre óige agus chun an t‑aitheantas sin a chur chun cinn;
- próisis, gníomhaíochtaí agus uirlisí a fhorbairt agus a chur chun feidhme laistigh den Straitéis Eorpach um Oiliúint i réimse na hóige, chun tacú le fothú acmhainneachta agus le forbairt cáilíochta in obair óige Eorpach;
- cáilíocht tionscadal óige a fheabhsú trí chúrsaí oiliúna, uirlisí agus foilseacháin phraiticiúla agus treoraíocht;
- tacaíocht a sholáthar do bhaill foirne Gníomhaireachtaí Náisiúnta trí Bhainistíocht Eolais agus Oiliúint Foirne;
Lárionaid réigiúnacha SALTO i réimse na hóige
Leis na trí SALTO réigiúnacha: SALTO OIRDHEISCEART NA hEORPA, SALTO OIRTHEAR NA hEORPA agus CHUGAIS agus SALTO EUROMED, déantar comhar straitéiseach agus nuálach a chothú idir geallsealbhóirí ó thíortha an chláir agus ó thíortha comhpháirtíochta Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, agus is é is aidhm don chomhar sin an méid a leanas a dhéanamh:
- cainníocht, cáilíocht agus tionchar tionscadal agus comhpháirtíochtaí a mhéadú a thuilleadh,
- tacú le hobair óige agus le forbairt beartais óige sna tíortha comhpháirtíochta
sna Balcáin Thiar, i gComhpháirtíocht an Oirthir agus i nDeisceart na Meánmhara faoi seach.
Tá breis faisnéise le fáil ag: www.salto-et.net agus www.salto-youth.net
Oifigí faisnéise
Oifigí Náisiúnta Erasmus+
Sna tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár lena mbaineann, tugann na hOifigí Náisiúnta Erasmus+ cúnamh don Choimisiún, don Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin agus do na húdaráis áitiúla le cur chun feidhme an Chláir Erasmus+. Is iad sin an pointe fócasach sna tíortha sin dá ngeallsealbhóirí ag a bhfuil baint leis an gClár Erasmus+ i réimse an ardoideachais, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, na hóige agus an spóirt. Rannchuidíonn siad le feabhas a chur ar fheasacht, infheictheacht, ábharthacht, éifeachtacht agus tionchar éirim idirnáisiúnta Erasmus+.
Tá Oifigí Náisiúnta Erasmus+ freagrach as an méid seo a leanas:
- eolas a sholáthar faoi ghníomhaíochtaí Erasmus+ atá oscailte do rannpháirtíocht a dtíortha (agus réimsí an ardoideachais, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, na hóige agus an spóirt, i gcás inarb ábhartha san áireamh);
- comhairle agus cúnamh a thabhairt d’iarratasóirí féideartha;
- foireann áitiúil an Líonra de Shaineolaithe um Athchóiriú an Ardoideachais (SAAnna) a chomhordú;
- rannchuidiú le staidéar agus imeachtaí;
- tacaíocht a sholáthar don idirphlé beartais;
- teagmhálacha a choinneáil ar bun leis na húdaráis áitiúla agus le Toscaireachtaí an Aontais;
- forbairtí beartais a leanúint sna réimsí thuasluaite ina dtír féin.
Pointí fócasacha náisiúnta Erasmus+
Sna tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár lena mbaineann (Críocha Mheiriceá, an Afraic Fho‑Shahárach, an Meánoirthear, an Áise agus an tAigéan Ciúin) tacaíonn an líonra de Phointí Fócasacha Náisiúnta leis an gCoimisiún, leis an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin agus leis na húdaráis náisiúnta chun treoraíocht, faisnéis phraiticiúil agus cúnamh a sholáthar ar gach gné a bhaineann le rannpháirtíocht in Erasmus+ i réimse an ardoideachais, na hóige, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna agus an spóirt. Gníomhaíonn siad mar phointí fócasacha do na geallsealbhóirí ina dtír féin agus rannchuidíonn siad le feasacht, feiceálacht, ábharthacht, éifeachtacht agus tionchar na gné idirnáisiúnta a bhaineann le Erasmus+ a fheabhsú.
Lárionaid Náisiúnta Faisnéise um Aitheantas Acadúil (NARIC)
Soláthraíonn líonra NARIC faisnéis maidir le haithint dioplómaí agus tréimhsí staidéir a dtugtar fúthu i dtíortha Eorpacha eile chomh maith le comhairle faoi dhioplómaí acadúla iasachta sa tír ina bhfuil NARIC bunaithe. Soláthraíonn líonra NARIC comhairle údarásach ní hamháin dóibh siúd a thaistealaíonn ar an gcoigríoch chun críoch oibre nó breisoideachais, ach d’institiúidí, do mhic léinn, do chomhairleoirí, do thuismitheoirí, do mhúinteoirí agus d’fhostóirí ionchasacha freisin.
Tacaíonn an Coimisiún Eorpach le gníomhaíochtaí líonra NARIC ach faisnéis agus taithí a mhalartú idir tíortha, dea‑chleachtais a shainaithint, anailís chomparáideach a dhéanamh ar chórais agus ar bheartais sa réimse seo, agus plé agus anailís a dhéanamh ar ábhair beartais oideachais ar leas coiteann iad.
Tá breis faisnéise le fáil ag: https://www.enic-naric.net/
Líonra Eurodesk
Tairgeann líonra Eurodesk seirbhísí faisnéise do dhaoine óga, agus dóibh sin a oibríonn leis, maidir le deiseanna Eorpacha i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na hóige, agus rannpháirtíocht daoine óga i ngníomhaíochtaí Eorpacha.
Tá Eurodesk suite i ngach Ballstát de chuid AE agus i dtíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár, agus déantar é a chomhordú ar an leibhéal Eorpach le hOifig Eurodesk na Bruiséile, agus ina theannta sin, tairgeann líonra Eurodesk seirbhísí freagartha fiosrúcháin, faisnéis maoinithe, imeachtaí agus foilseacháin. Rannchuidíonn sé le beocht a chur i dTairseach Eorpach na hÓige freisin.
Le Tairseach Eorpach na hÓige tairgtear faisnéis agus deiseanna Eorpacha agus náisiúnta ina bhfuil leas ag daoine óga atá ina gcónaí, atá ag foghlaim agus atá ag obair san Eoraip. Soláthraítear faisnéis inti in 28 dteanga.
Chun Tairseach Eorpach na hÓige a rochtain, téigh chuig: https://europa.eu/youth/home_ga. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Eurodesk, téigh chuig: https://www.eurodesk.eu
Otlas – an uirlis aimsithe comhpháirtithe lárnach le haghaidh eagraíochtaí i réimse na hóige
Ar cheann de na huirlisí atá forbartha agus óstáilte ag Lárionaid Acmhainní Óige SALTO tá Otlas, uirlis aimsithe comhpháirtithe lárnach le haghaidh eagraíochtaí i réimse na hóige. Is féidir le heagraíochtaí a sonraí teagmhála agus a réimsí spéise a chlárú in Otlas mar aon le hiarrataí comhpháirtithe a chruthú le haghaidh smaointe tionscadail.
Tá breis faisnéise le fáil ag: www.salto-youth.net/otlas nó https://www.otlas.eu/
Ardáin agus uirlisí
An tardán Torthaí ar Thionscadail Erasmus+
Leis an Ardán Torthaí ar Thionscadail Erasmus+ soláthraítear rochtain ar eolas agus torthaí maidir le gach tionscadal atá maoinithe faoin gClár Erasmus+. Beidh saibhreas na faisnéise tionscadail ina spreagadh d’eagraíochtaí agus bainfidh siad leas as na torthaí agus as na ceachtanna a foghlaimíodh ó Erasmus+ a bheith curtha chun feidhme.
Ní mór don eolas agus do na torthaí tionscadail a thaispeántar ar na hardáin rialacha agus rialacháin maidir le sonraí pearsanta is infheidhme a chomhlíonadh ina n‑iomláine. Is é sin freagracht na dtairbhithe tionscadal go príomha faoi fhormhaoirseacht oifigeach tionscadal sna Gníomhaireachtaí.
Is féidir tionscadail a chuardach de réir eochairfhocail, príomhghníomhaíochta, bliana, tíre, ábhair, cineál torthaí, srl. Is féidir na cuardaigh a shábháil agus a thabhairt cothrom le dáta de shíor ar na tionscadail is déanaí, de réir critéir réamhshainithe. Tarraingítear aird ar thionscadail dea‑chleachtas – atá sainaitheanta ó thaobh ábharthacht an bheartais, an tionchair, na féidearthachta cumarsáide de.
Is féidir an tArdán Torthaí ar Thionscadail Erasmus+ a rochtain anseo: https://ec.europa.eu/programmes/erasmus-plus/projects_ga
An tardán Eorpach um Oideachas Scoile agus Ríomhnascadh
Is é an tArdán Eorpach um Oideachas Scoile an pointe cruinnithe le haghaidh gach páirtí leasmhair in earnáil an oideachais scoile – foireann scoile, taighdeoirí, déantóirí beartais agus gairmithe eile – ó gach leibhéal den oideachas ó oideachas agus cúram luathóige go bunscoileanna agus meánscoileanna, agus gairmoideachas agus gairmoiliúint san áireamh.
Tá Ríomhnascadh le fáil ar an ardán freisin, is é sin pobal múinteoirí agus foirne scoile a óstálann spás sábháilte nach bhfuil rochtain ach ag baill foirne atá grinnfhiosraithe ag na hEagraíochtaí Tacaíochta Náisiúnta amháin air. Is iomaí gníomhaíocht ar féidir rannpháirtithe páirt a ghlacadh iontu: tionscadail a dhéanamh le scoileanna agus seomraí ranga eile; pléití le comhghleacaithe agus forbairt líonraithe ghairmiúil; rannpháirtíocht i réimse deiseanna forbartha gairmiúla (ar líne agus aghaidh ar aghaidh).
Faigheann múinteoirí agus scoileanna atá rannpháirteach i Ríomhnascadh tacaíocht óna nEagraíochtaí Tacaíochta Náisiúnta (ETNanna). Is eagraíochtaí iad sin atá ceaptha ag na húdaráis náisiúnta inniúla. Tugann siad cúnamh do scoileanna le linn phróisis an chlárúcháin, an aimsithe comhpháirtithe agus ghníomhaíocht an tionscadail, cuireann siad úsáid Ríomhnasctha chun cinn, soláthraíonn siad duaiseanna agus lipéid cháilíochta agus eagraíonn siad gníomhaíochtaí forbartha gairmiúla do mhúinteoirí.
Déanann Lársheirbhís Tacaíochta na hEagraíochtaí Tacaíochta Náisiúnta a chomhordú agus tá an lársheirbhís sin freagrach freisin as forbairt a dhéanamh ar an Ardán Eorpach um Oideachas Scoile agus as gníomhaíochtaí forbartha gairmiúla a eagrú do mhúinteoirí ar an leibhéal Eorpach.
Is féidir rochtain a fháil ar an Ardán Eorpach um Oideachas Scoile agus ar an Ríomhnascadh ag: https://school-education.ec.europa.eu/
EPALE
Is éard atá i gceist leis an Ríomh‑Ardán don Fhoghlaim Aosach san Eoraip – ar a dtugtar EPALE – tionscnamh ón gCoimisiún Eorpach atá maoinithe leis an gClár Erasmus+. Tá sé oscailte do ghairmithe foghlama aosaí: múinteoirí, oideoirí, oiliúnóirí, oibreoirí deonacha agus lucht ceaptha beartas, taighdeoirí, iriseoirí agus acadóirí, agus dreamanna eile ag a bhfuil baint le foghlaim aosach.
Leis an suíomh tairgtear nuacht atá cothrom le dáta faoi fhorbairtí sa réimse agus líonraí idirghníomhacha, rud a chumasaíonn d’úsáideoirí nascadh le daoine eile ar fud na hEorpa, dul i mbun pléití agus dea‑chleachtais a mhalartú. Ar na huirlisí iomadúla agus ar an inneachar líonmhar de chuid EPALE, tairgtear uirlisí ar spéis le tairbhithe (féideartha) Erasmus+ go sonrach iad. Seo a leanas roinnt samplaí:
- Féilire cúrsaí agus imeachtaí;
- Uirlis aimsithe comhpháirtithe, rud atá úsáideach chun comhpháirtithe a aimsiú chun tionscadal atá maoinithe ag an Aontas a ullmhú nó chun deis scáthfhoghlama a aimsiú nó thairiscint;
- Catalóg de Chúrsaí, inar féidir le cuairteoirí raon leathan de chúrsaí ar líne agus as líne a aimsiú;
- Tairgeann pobail chleachtais saoráid bhreise chun idirchaidreamh a dhéanamh le daoine agus eagraíochtaí ag a bhfuil leas comhchosúil;
- Spásanna comhoibríocha inar féidir le comhpháirtithe tionscadail oibriú i dtimpeallacht shlán chun a dtionscadal a fhorbairt;
- Is uirlis shábháilte agus shlán atá i Spás Erasmus+ go háirithe le haghaidh chomhordaitheoirí thionscadail KA1 agus KA2 Erasmus+ agus a gcomhpháirtithe chun soghluaisteacht cumaisc/comhar a chur i gcleachtas agus chun é a úsáid le haghaidh bainistíocht agus scaipeadh tionscadal;
- Lárionad acmhainní inar féidir le tairbhithe tionscadail ábhar tagartha úsáideach a fhoinsiú agus/nó ailt, ábhair teagaisc, tuarascálacha, lámhleabhair agus aon ábhar eile a phostáil, ar ábhar é a sholáthraítear lena dtionscadal nó a sholáthraíonn a n‑eagraíocht, rud a thairgeann deis scaipthe bhreise;
- Blag inar féidir le rannpháirtithe i dtionscadail a n‑eispéireas a chomhroinnt nó físeáin a uaslódáil, agus a dtorthaí á gcur i láthair ar bhealach neamhfhoirmiúil dinimiciúil.
Má fhaightear maoiniú ón Aontas le haghaidh tionscadal moltar go ndéantar faisnéis faoina ngníomhaíochtaí agus faoina dtorthaí a chomhroinnt ar an ardán trí phostálacha blag, trí mhíreanna nuachta, trí imeachtaí agus trí chineálacha eile gníomhaíochtaí.
Déantar EPALE a chur chun feidhme le Lársheirbhís Tacaíochta agus líonra d’Eagraíochtaí Tacaíochta Náisiúnta i mBallstáit an Aontais agus i dtíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár, agus iad i gceannas ar fhaisnéis shuimiúil a shainaithint agus a spreagann geallsealbhóirí an t‑ardán a úsáid agus rannchuidiú leis. Is féidir EPALE a rochtain ag: https://epale.ec.europa.eu/ga/home-page).
SELFIE
Is éard atá in SELFIE (‘Féinmhachnamh ar an bhFoghlaim Éifeachtach tríd an Nuálaíocht a chur chun cinn trí bhíthin Teicneolaíochtaí Oideachais’) uirlis féinmhachnaimh ghréasán‑bhunaithe ilteangach chun cabhrú le scoileanna ginearálta agus gairmscoileanna a n‑inniúlacht dhigiteach a fhorbairt.
Bailíonn SELFIE le haghaidh Scoileanna tuairimí mac léinn, múinteoirí agus ceannairí scoile go hanaithnid faoi conas a úsáidtear an teicneolaíocht ina scoil. Déantar sin ag úsáid ráitis agus ceisteanna gearra agus scála freagra 1‑5 simplí. Bunaithe ar an ionchur sin, gineann an uirlis tuarascáil – roghbhlúire (‘SELFIE’) de láidreachtaí agus laigí scoile ó thaobh na húsáide a bhaineann siad as an teicneolaíocht. Tá SELFIE ar fáil d’aon bhunscoil, meánscoil agus gairmscoil san Eoraip agus lastall di, agus i mbreis agus 30 teanga. Is féidir le haon scoil é a úsáid – ní hamháin iad sin ag a bhfuil ardleibhéil bonneagair, trealaimh agus úsáide teicneolaíochta.
Léirigh paindéim COVID‑19 athrú ollmhór i dtreo teicneolaíochtaí digiteacha le haghaidh na cianoibre agus na cianfhoghlama, lena n‑áirítear le haghaidh an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna. Léirigh sí freisin an deacracht a bhaineann le gné na foghlama obairbhunaithe (WBL) den ghairmoideachas agus den ghairmoiliúint a choinneáil ar bun i gcuideachtaí, rud a fhágann go bhfuil sé níos práinní fós éifeachtacht an idirphlé a mhéadú idir múinteoirí gairmoideachais agus gairmoiliúna agus oiliúnóirí ionchuideachta trí mhodhanna digiteacha.
Mar chuid den Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach, tá uirlis nua le haghaidh múinteoirí (‘SELFIE le haghaidh Múinteoirí’), uirlis atá ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais, beidh múinteoirí in ann a n‑inniúlacht dhigiteach agus a muinín sa réimse sin a fhéinmheasúnú agus aiseolas a fháil láithreach ar láidreachtaí agus bearnaí agus ar an bhforbairt bhreise is féidir leo a dhéanamh. Is féidir le foirne múinteoirí oibriú le chéile freisin chun an uirlis a úsáid agus plean oiliúna a fhorbairt.
I mí Dheireadh Fómhair 2021, seoladh an uirlis SELFIE nua le haghaidh foghlaim obairbhunaithe (WBL) i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais. Cuidíonn sé le hinstitiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna agus cuideachtaí a thabhairt níos gaire dá chéile chun plé a dhéanamh go comhpháirteach ar conas is fearr is féidir an teicneolaíocht dhigiteach a leabú san oideachas agus san oiliúint atá á soláthar. Le SELFIE le haghaidh foghlaim obairbhunaithe, ní hamháin go mbailítear na trí pheirspictíocht de cheannairí scoile, múinteoirí agus foghlaimeoirí gairmoideachais agus gairmoiliúna, ach cuirtear an ceathrú peirspictíocht leis, is é sin, tuairim oiliúnóirí ionchuideachta. Díreofar in obair bhreise ar SELFIE le haghaidh foghlaim obairbhunaithe ar an mbealach ar féidir leis an uirlis tacú le monatóireacht agus forbairt beartais ar leibhéal na tíre agus an Aontais. Anuas air sin, ba cheart tuilleadh anailíse a dhéanamh ar SELFIE le haghaidh WBL le haghaidh cuideachtaí chun rannpháirtíocht bhreise cuideachtaí a fhiosrú nó chun an uirlis a fhorbairt a thuilleadh chun gnéithe éagsúla a chumhdach de réir riachtanais cuideachtaí.
D’fhorbair an tAirmheán Comhpháirteach Taighde agus an Ard‑Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr (AS EAC) SELFIE. Tá breis faisnéise faoi SELFIE le fáil anseo: https://ec.europa.eu/education/schools-go-digital_ga
HEInnovate
Leis an gcreat treorach HEInnovate tugtar an deis d’institiúidí ardoideachais san Aontas agus lastall de scrúdú a dhéanamh ar a n‑inniúlachtaí nuálaíochta agus fiontraíochta tríd an bhféinmhachnamh i gceann amháin nó i roinnt gnéithe de na hocht n‑éirim atá ar fáil, arb éard iad:
- Ceannaireacht agus Rialachas
- Inniúlacht Eagraíochtúil: Maoiniú, Daoine agus Dreasachtaí
- Teagasc agus Foghlaim Fiontraíochta
- Fiontraithe a Ullmhú agus Tacú leo
- An Claochlú Digiteach agus Cumas
- Malartú Faisnéise agus Comhar
- An Institiúidí Idirnáisiúnaithe
- Tionchar a Thomhas
Is comhphobal cleachtais é HEInnovate freisin agus tugann a saineolaithe ceardlanna le haghaidh institiúidí ardoideachais chun go gcuirfidís feabhas ar a bhfeidhmíocht nuálaíochta agus imeachtaí chun oiliúint a chur ar na hoiliúnóirí chun an cur chuige a scaipeadh ar bhealach níos leithne ar an leibhéal náisiúnta. Tá ábhair oiliúna le fáil ar an suíomh gréasáin. Leis an ardán, soláthraítear cás‑staidéir freisin agus scéalta úsáideoirí chun samplaí de chineálacha cur chuige éagsúla a chur i láthair in institiúidí ardoideachais ar fud an Aontais. Rinneadh roinnt Athbhreithnithe Tíre i gcomhar le ECFE agus tá siad le fáil ar shuíomhanna gréasáin HEInnovate agus ECFE. Le Tuarascálacha Tíre HEInnovate léirítear cineálacha cur chuige nuálaíochta agus fiontraíochta i mBallstáit éagsúla san Aontas.
Tionscadail atá maoinithe ag Erasmus+ amhail comhaontais Eorpacha na nOllscoileanna agus na Comhaontais ar son na Nuálaíochta, iarrtar orthu HEInnovate a úsáid i gcás inarb ábhartha chun bheith ag gabháil lena dtionscadail.
Is féidir HEInnovate a rochtain ag: https://heinnovate.eu/en
Tairseach Eorpach na hÓige
Le Tairseach Eorpach na hÓige tairgtear faisnéis agus deiseanna Eorpacha agus náisiúnta ina bhfuil leas ag daoine óga atá ina gcónaí, atá ag foghlaim agus atá ag obair san Eoraip. Leis sin spreagtar freisin rannpháirtíocht daoine óga sa saol daonlathach san Eoraip go mór mór le hIdirphlé Óige an Aontais Eorpaigh agus tionscnaimh eile chun dul i mbun plé le daoine óga le tionchar a imirt ar cheapadh beartas. Le Tairseach Eorpach na hÓige soláthraítear faisnéis freisin do gheallsealbhóirí eile atá ag obair i réimse na hóige, tá sí le fáil in 28 dteanga agus is féidir í a rochtain anseo: https://europa.eu/youth/home_ga
Tionscnamh na gCártaí Mac Léinn Eorpacha
Is é is aidhm do Thionscnamh na gCártaí Mac Léinn Eorpacha an tsoghluaisteacht foghlama agus oiliúna a shimpliú ach digitiú a dhéanamh ar na príomhchodanna is gá chun soghluaisteacht mac léinn a eagrú, idir soláthar faisnéise agus próisis iarratais agus socrú isteach sa phobal óstach ar an gcoigríoch. I gcomhthéacs an tionscnaimh seo, tá Aip Erasmus+ agus Líonra Erasmus gan Pháipéar ar fáil anois d’institiúidí ardoideachais agus do mhic léinn agus déanfar iad a fheabhsú a thuilleadh trí sheirbhísí agus gnéithe nua a chur isteach d’úsáideoirí.
Le hAip Erasmus+ tugtar pointe rochtana ar líne amháin do mhic léinn chuig an bhfaisnéis agus na seirbhísí uile atá uathu sula dtugann siad faoi mhalartuithe ar an gcoigríoch, le linn dóibh sin a dhéanamh agus ina dhiaidh sin. In Aip Erasmus+ cuirtear faisnéis san áireamh freisin faoi rannpháirtíocht sa chlár d’fhoghlaimeoirí in earnálacha eile. Tá an aip le fáil lena híoslódáil san aipmhargadh agus ar Google Play. Tá breis faisnéise le fáil ag: erasmusapp.eu
Le Líonra Erasmus gan Pháipéar tugtar deis d’institiúidí ardoideachais nascadh le cainéal cumarsáide lárnach chun malartú a dhéanamh go héasca ar shonraí soghluaisteachta mac léinn ar bhealach slán agus cuíchóirithe lena dtacaítear le bainistíocht soghluaisteachta atá digitithe go hiomlán, lena n‑áirítear comhaontuithe foghlama ar líne agus comhaontuithe idirinstitiúideacha digiteacha. Is féidir le hinstitiúidí ardoideachais ag a bhfuil sé d’aidhm nascadh le Líonra Erasmus gan Pháipéar faisnéis faoi conas nascadh, treoirlínte agus ranganna teagaisc a rochtain trí chuairt a thabhairt ar Lárionad Inniúlachta Erasmus gan Pháipéar: https://cc.erasmuswithoutpaper.eu
Líonraí eolais agus saineolaithe
Líonra Eurydice
Tá líonra Eurydice dírithe go príomha ar an mbealach a ndéantar an t‑oideachas san Eoraip a struchtúrú agus a eagrú ar gach leibhéal agus is é is aidhm dó rannchuidiú le tuiscint fhrithpháirteach fheabhsaithe ar chórais san Eoraip. Leis sin déantar anailísí comparáideacha ar an leibhéal Eorpach agus faisnéis shonrach náisiúnta a sholáthar dóibh sin atá freagrach as córais agus beartais oideachais san Eoraip i réimsí an oideachais agus na hóige, rud a thabharfaidh cúnamh dóibh leis an gcinnteoireacht.
Cuireann Líonra Eurydice foinse leathan faisnéise ar fáil chomh maith le tuairisc mhionsonraithe agus forléargais ar chórais oideachais náisiúnta (Córais Oideachais Náisiúnta agus Beartais), tuarascálacha téamacha comparáideacha dírithe ar ábhair shonracha a bhaineann le leas an Chomhphobail (Tuarascálacha Téamacha), táscairí agus staidreamh (Sraith Eochrach Sonraí), agus sraith fíricí agus figiúirí a bhaineann leis an oideachas, amhail struchtúir oideachais náisiúnta, féilirí scoile, comparáid idir tuarastail múinteoirí agus an tréimhse theagaisc is gá de réir tíortha agus leibhéil oideachais (Fíricí agus Figiúirí).
Is éard atá ann láraonad comhordúcháin lonnaithe sa Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin agus aonaid náisiúnta bunaithe i ngach Ballstát de chuid AE agus i ngach tír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár agus an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus Montainéagró chomh maith leis sin.
Tá breis faisnéise le fáil ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin: https://www.eacea.ec.europa.eu/grants_ga
An Líonra Comhfhreagraithe Náisiúnta Vicí don Óige
I gcomhréir le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh agus leis an gcuspóir a bhaineann le feabhas a chur ar eolas ar shaincheisteanna óige san Eoraip, soláthraítear tacaíocht airgeadais do Struchtúir Náisiúnta a rannchuidíonn leis an Vicí don Óige, uirlis idirghníomhach lena ndéantar faisnéis faoi staid daoine óga san Eoraip agus faoi bheartais óige náisiúnta a sholáthar ar bhealach comhtháite, nuashonraithe agus insaothraithe.
Tugtar tacaíocht airgeadais do na comhlachtaí atá ainmnithe ag na húdaráis náisiúnta, lonnaithe i mBallstát de chuid AE nó i dtír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár, le haghaidh gníomhaíochtaí a dhéanann na comhlachtaí sin chun eolas atá tírshonrach, tuairiscí agus táscairí tíre inchomparáide a sholáthar, rud a rannchuidíonn le tuiscint fhrithpháirteach fheabhsaithe ar chórais agus beartais óige san Eoraip.
Líonra de Shaineolaithe um Athchóiriú an Ardoideachais (SAAnna)
Sna tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár lena mbaineann, déanann na Foirne Náisiúnta de Shaineolaithe um Athchóiriú an Ardoideachais stór saineolais a sholáthar do na húdaráis áitiúla agus do na geallsealbhóirí chun athchóiriú a chur chun cinn agus dul chun cinn a fheabhsú san ardoideachas. Glacann siad páirt i bhforbairt beartas san ardoideachas ina dtír faoi seach. Tá gníomhaíochtaí SAA bunaithe ar theagmhálaithe “idir piaraí”. Tá idir cúig chomhalta agus cúig chomhalta dhéag ar gach foireann náisiúnta. Tá na SAAnna ina saineolaithe i réimse an ardoideachais (Reachtairí, Leas‑Reachtairí, Déin, acadóirí sinsearacha, oifigigh um chaidreamh idirnáisiúnta, mic léinn srl.).
Baineann misean SAAnna le tacú leis an méid seo a leanas:
- forbairt beartas ina dtíortha faoi seach trí thacú leis an nuachóiriú, próisis um athchóiriú agus straitéisí san ardoideachas, i ndlúth‑thadhall leis na húdaráis áitiúla lena mbaineann;
- idirphlé beartais leis an Aontas i réimse an ardoideachais;
- gníomhaíochtaí oiliúna agus comhairleoireachta atá dírithe ar gheallsealbhóirí áitiúla, go háirithe institiúidí ardoideachais agus na baill foirne;
- Tionscadail Erasmus+ (go háirithe na cinn a chuirtear chun feidhme faoin nGníomhaíocht fothaithe Acmhainneachta) trína dtorthaí agus trína bhfothorthaí a scaipeadh, go mór mór dea‑chleachtais agus tionscnaimh nuálacha agus iad a shaothrú chun críoch oiliúna.
Foirne Náisiúnta chun tacú le cur chun feidhme uirlisí gairmoideachais agus gairmoiliúna de chuid an Aontais
Is é is cuspóir do na foirne náisiúnta de shaineolaithe gairmoideachais agus gairmoiliúna stór saineolais a sholáthar chun tacú le cur i bhfeidhm uirlisí agus prionsabal gairmoideachais agus gairmoiliúna de chuid an Aontais i dtionscadail atá maoinithe ag an Aontas dá dtugtar tacaíocht leis an gClár Erasmus+. Tá na huirlisí gairmoideachais agus gairmoiliúna de chuid an Aontais leagtha síos sna doiciméid beartais gairmoideachais agus gairmoiliúna ábhartha de chuid an Aontais amhail an Creat Eorpach um Printíseachtaí Ardchaighdeáin Éifeachtacha agus an Moladh ón gComhairle maidir le gairmoideachais agus gairmoiliúna (amhail Creat EQAVET, croíphróifílí de chuid an Aontais, rianú céimithe agus nithe eile). Ba cheart do na saineolaithe tacaíocht a sholáthar go háirithe do na tairbhithe de thionscadail atá maoinithe ag an Aontas dá dtugtar tacaíocht leis an gClár Erasmus+ chun na huirlisí gairmoideachais agus gairmoiliúna thuas de chuid an Aontais a chur chun feidhme ina dtionscadail.
Pointí Tagartha Náisiúnta Líonra EQAVET
Bunaíonn na húdaráis náisiúnta Pointí Tagartha Náisiúnta (PTNanna) EQAVET agus tugtar le chéile leo comhlachtaí ábhartha ina bhfuil na comhpháirtithe sóisialta agus na geallsealbhóirí uile lena mbaineann ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach rannpháirteach agus déantar amhlaidh chun rannchuidiú le cur chun feidhme an chreata Eorpaigh maidir le dearbhú cáilíochta sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint mar a shainmhínítear sa Mholadh ón gComhairle maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint le haghaidh iomaíochas inbhuanaithe, cothroime shóisialta agus athléimneacht 2 .
Is é is aidhm do PTNanna EQAVET 1) gníomhartha nithiúla a dhéanamh chun creat EQAVET a chur chun feidhme agus a fhorbairt a thuilleadh 2) réimse leathan geallsealbhóirí a chur ar an eolas agus a shlógadh chun rannchuidiú le cur chun feidhme chreat EQAVET 3) tacú leis an bhféinmheastóireacht mar mhodh comhlántach éifeachtach chun dearbhú cáilíochta a áirithiú 4) tuairisc atá cothrom le dáta a sholáthar ar na socruithe cáilíochta náisiúnta/réigiúnacha bunaithe ar chreat EQAVET agus 5) gabháil d’athbhreithnithe piaraí ar leibhéal an Aontais ar an dearbhú cáilíochta ar leibhéal córais an ghairmoideachais agus na gairmoideachais agus gairmoiliúna.
EQF, Europass agus Euroguidance – Lárionaid náisiúnta
Le haghaidh gach tíre, tacaítear leis na trí líonra de lárionaid náisiúnta seo trí chomhaontú deontais aonair amháin nó trí chomhaontuithe deontais iomadúla:
Pointí Comhordúcháin Náisiúnta an Chreata Eorpaigh um Cháilíochtaí (PCNanna EQF)
Le PCNanna EQF, atá ainmnithe ag na húdaráis náisiúnta, tacaítear leo maidir leis an méid seo a leanas:
- creata cáilíochtaí náisiúnta a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a athbhreithniú agus iad a thagairtiú don Chreat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF);
- tagairtiú leibhéil na gcreat cáilíochtaí náisiúnta nó na gcóras cáilíochtaí náisiúnta do leibhéil EQF a athbhreithniú nó a thabhairt cothrom le dáta.
Tugtar EQF níos gaire do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí le PCNanna EQF tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- tacú le cuimsiú na leibhéal EQF iomchuí ar dheimhnithe, dioplómaí, forlíontaí agus doiciméid cáilíochta eile agus ar bhunachair sonraí cáilíochtaí;
- forbairt a dhéanamh ar chláir cáilíochtaí nó bunachair sonraí ina n‑áirítear cáilíochtaí a áirítear sna creataí cáilíochtaí náisiúnta agus iad a fhoilsiú ar ardán Europass.
Tá breis faisnéise le fáil ag:
https://europa.eu/europass/ga/national-qualifications-frameworks-nqfs
Lárionaid Náisiúnta Europass
Is é príomhghné Europass ardán ar líne lena soláthraítear uirlisí idirghníomhacha agus faisnéis do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí maidir le deiseanna foghlama, creataí cáilíochtaí agus cáilíochtaí, treoraíocht, faisnéis scileanna, uirlisí féinmheasúnaithe agus doiciméadacht scileanna agus cáilíochtaí, agus nascacht le deiseanna foghlama agus fostaíochta. Chuige sin, ní mór obair shubstaintiúil a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta, arna déanamh ag comhlachtaí atá ainmnithe ag na húdaráis náisiúnta. Mar chuid de sin áirítear go háirithe:
- Faisnéis náisiúnta a chur ar fáil d’ardán an Aontais, eadhon an t‑idirnasc a áirithiú idir ardán an Aontais agus foinsí sonraí náisiúnta le haghaidh deiseanna foghlama agus bunachair sonraí nó cláir cáilíochtaí náisiúnta;
- Úsáid na seirbhísí a sholáthraítear le hardán an Aontais a chur chun cinn;
- Idirchaidreamh a dhéanamh leis na geallsealbhóirí ábhartha uile ar an leibhéal náisiúnta.
Líonra Euroguidance
Is éard is Euroguidance ann líonra Eorpach de lárionaid acmhainní agus faisnéise náisiúnta, ainmnithe ag na húdaráis náisiúnta. Tá na spriocanna coiteanna seo a leanas ag na lárionaid Euroguidance uile:
- comhar agus tacaíocht a áirithiú ar leibhéal an Aontais chun beartais, córais agus cleachtais a neartú le haghaidh treoraíocht laistigh den Aontas (forbairt na héirime Eorpaí a bhaineann le treoraíocht ar feadh an tsaoil);
- tacú le forbairt inniúlachta cleachtóirí treoraíochta;
- faisnéise ardcháilíochta a sholáthar ar threoraíocht ar feadh an tsaoil
- deiseanna Eorpacha a chur chun cinn le haghaidh soghluaisteacht foghlama agus bainistíocht gairme (trí ardán Europass).
Is é príomh‑spriocghrúpa Euroguidance cleachtóirí treoraíochta agus lucht ceaptha beartas ó na hearnálacha oideachais agus fostaíochta araon.
Tá breis faisnéise le fáil ag: https://euroguidance.eu
- 1 https://ec.europa.eu/programmes/erasmus-plus/resources_en ↩ back
- 2 Fonóta maidir leis an Iris Oifigiúil le cur isteach nuair atá sé ar fáil ↩ back