Skip to main content

Erasmus+ Programme Guide

The essential guide to understanding Erasmus+

Céim 1: Clárú

Le haghaidh gníomhaíochtaí a bhainistíonn an ghníomhaireacht feidhmiúcháin

Chun clárú ar Chóras Ríomhaighneachta na Tairsí um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana, ní mór d’ionadaí dlíthiúil an iarratasóra na bearta seo a leanas a dhéanamh.

  • Cuntas úsáideora a chruthú, ar a dtugtar cuntas EU Login (mura bhfuil cuntas ag an duine atá ina ionadaí don iarratasóir cheana féin). Is féidir cuntais nua EU Login a chruthú ar an suíomh gréasáin seo a leanas: https://webgate.ec.europa.eu/cas/.
  • Téigh chuig Tairseach an Aontais um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana ag https://ec.europa.eu/info/funding‑tenders/opportunities/portal/screen/home agus clárú (más infheidhme) thar ceann na heagraíochta/an ghrúpa ar a ndéanann siad ionadaíocht. Tá Treoraíocht agus Ceisteanna Coitianta le fáil ar an tairseach.

Ní gá don iarratasóir clárú ach uair amháin trí Chlár Rannpháirtithe an Choimisiúin Eorpaigh1 . Nuair atá an clárú críochnaithe, gheobhaidh an t‑iarratasóir Cód Aitheantais Rannpháirtí2 . Aitheantóir uathúil naoi ndigit atá sa chód agus tá sé riachtanach chun iarratais a chur isteach, cuireann sé ar chumas an iarratasóra an fhoirm iarratais a líonadh isteach ar bhealach níos simplí (is é sin ach uimhir an chóid a chur isteach ar an bhfoirm, léireofar go huathoibríoch san fhoirm an t‑eolas uile a sholáthair an t‑iarratasóir ag céim an chlárúcháin).

Le haghaidh gníomhaíochtaí a bhainistíonn gníomhaireachtaí náisiúnta Erasmus+

Chun clárú ar chóras Clárúcháin Eagraíochtaí Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, ní mór d’ionadaí dlíthiúil an iarratasóra na bearta seo a leanas a dhéanamh.

  • Cuntas a chruthú ar EU Login (mura bhfuil cuntas ag an iarratasóir). Is féidir cuntais nua EU Login a chruthú ar an suíomh gréasáin seo a leanas: https://webgate.ec.europa.eu/cas/.
  • Dul isteach sa chóras clárúcháin eagraíochta le haghaidh Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh https://webgate.ec.europa.eu/erasmus‑esc/index/ agus clárú (más infheidhme) thar ceann an ghrúpa/na heagraíochta ar a ndéanann sé ionadaíocht.

Ní gá d’eagraíochtaí clárú ach aon uair amháin. Nuair atá an clárú críochnaithe, gheobhaidh an eagraíocht Sainaitheantas Eagraíochta. 

Is féidir le heagraíochtaí a Sainaitheantas Eagraíochta a sheiceáil nó cuid den fhaisnéis atá nasctha leis a athrú trí Chóras Clárúcháin Eagraíochtaí Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

Ach an Sainaitheantas Eagraíochta a chur isteach san fhoirm, lódálfar an fhaisnéis uile a sholáthair an eagraíocht ag céim an chlárúcháin agus léireofar an fhaisnéis sin san fhoirm.

Ní mór toiliú sainráite a bheith ag iarratasóirí chun Sainaitheantas Eagraíochta de chuid eagraíochta eile a úsáid i bhfoirm iarratais. Is féidir cruthúnas den sórt sin a iarraidh i gcás easaontas agus féadfar iarratasóirí a dhícháiliú mura mbeidh siad in ann an cruthúnas sin a chur i láthair.

Cruthúnas ar an stádas dlíthiúil

Mar chuid den phróiseas clárúcháin, ní mór d’iarratasóirí na doiciméid seo a leanas a uaslódáil freisin:

I gcás deontais os cionn EUR 60 000, d’fhéadfaí go mbeadh ceangal ar iarratasóirí doiciméid shonracha a uaslódáil chun cruthúnas a thabhairt ar a n‑acmhainn airgeadais. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach an roinn ‘Critéir Roghnúcháin’ thíos.

  1. Tá clár ar líne ag an gCoimisiún Eorpach de na heagraíochtaí rannpháirteacha i gcláir éagsúla den Aontas Eorpach darb ainm Clár na Rannpháirtithe. ↩ back
  2. Eolas sainordaitheach san fhoirm iarratais atá i gcód aitheantais rannpháirtí. ↩ back