Tosaíochtaí an Chláir Erasmus+
An cuimsiú agus an éagsúlacht
Leis an gClár féachtar leis an gcomhionannas deiseanna a chur chun cinn ar fud a ghníomhaíochtaí uile agus féachtar leis an rochtain, leis an gcuimsiú, leis an éagsúlacht agus leis an gcothroime a chur chun cinn freisin. Is iad na heagraíochtaí agus na rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu atá i gcroílár na gcuspóirí sin agus mar gheall orthu sin, cuirtear sásraí agus acmhainní ar fáil dóibh leis an gclár. Agus na tionscadail agus gníomhaíochtaí dá gcuid á ndearadh acu, ba cheart cur chuige cuimsitheach a bheith ag eagraíochtaí ionas go mbeidh teacht ag raon leathan rannpháirtithe orthu.
Chuige sin, tá ríthábhacht le Gníomhaireachtaí Náisiúnta freisin chun tacú le tionscadail ionas go mbeidh siad chomh cuimsitheach agus chomh héagsúil agus is féidir. Ar bhonn na bprionsabal agus na sásraí foriomlána ar an leibhéal Eorpach, tarraingeoidh Gníomhaireachtaí Náisiúnta pleananna cuimsithe agus éagsúlachta suas chun aghaidh a thabhairt ar an mbealach is fearr ar riachtanais na rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu agus chun tacú leis na heagraíochtaí atá ag obair leis na spriocghrúpaí sin ina gcomhthéacs náisiúnta. San am céanna, is amhlaidh atá Lárionaid Acmhainní SALTO a thacaíonn le cur chun feidhme an chláir ina bpríomhghníomhaithe freisin chun bearta cuimsithe agus éagsúlachta a chur chun cinn agus a rolladh amach, go háirithe a mhéid a bhaineann le faisnéis a bhailiú agus gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta a cheapadh agus a reáchtáil le haghaidh bhaill foirne na Gníomhaireachta Náisiúnta agus thairbhithe an chláir. Mar an gcéanna, tá ról chomh tábhachtach céanna ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (EACEA) le haghaidh shnáitheanna an chláir a bhainistítear go díreach. I dtíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, tá ról lárnach freisin ag Toscaireachtaí an Aontais agus – i gcás inarb ann dóibh – Oifigí Náisiúnta Erasmus+ agus Pointí Fócasacha Erasmus+ chun dul i bhfeidhm ar spriocghrúpaí tríd an gclár sin agus is iad na spriocghrúpaí sin ar a dtugtar aghaidh leis an Straitéis seo.
Chun na prionsabail sin a chur chun feidhme, forbraíodh Creat ar bhearta maidir leis an gcuimsiú1 chomh maith le Straitéis um Chuimsiú agus Éagsúlacht2 , ina gcumhdaítear gach réimse cláir, a cheapadh chun gur fearr is féidir maoiniú a rochtain le haghaidh réimse níos leithne eagraíochtaí, agus chun gur fearr is féidir freastal ar bhreis rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu. Leis sin cuirtear an spás agus na bearta ar bun freisin le haghaidh na dtionscadal sin a dtacaítear leo trí na cláir agus atá beartaithe chun oibriú ar shaincheisteanna a bhaineann leis an gcuimsiú agus leis an éagsúlacht. Is é is aidhm don Straitéis sin cabhrú le dul i ngleic leis na bacainní a d’fhéadfadh a bheith roimh spriocghrúpaí éagsúla chun teacht ar na deiseanna sin laistigh den Eoraip agus lastall di.
Ní liosta uileghabhálach é an liosta de na bacainní féideartha sin a mhínítear go soiléir thíos agus is le tagairt a sholáthar agus gníomh á dhéanamh a ceapadh é d’fhonn cur le hinrochtaineacht daoine ar lú na deiseanna atá acu. Is féidir leis na bacainní seo a bheith ina mbac lena rannpháirtíocht ar bhonn aonair nó i gcomhar le chéile:
- Míchumais: Áirítear orthu sin laguithe fisiceacha, meabhracha, intleachta nó céadfacha lena bhféadfar bac a chur le rannpháirtíocht iomlán agus éifeachtach duine sa tsochaí ar comhchéim le daoine eile, nuair a bhíonn ar an duine sin dul i ngleic le bacainní éagsúla3 .
- Fadhbanna sláinte: D’fhéadfadh sé go dtiocfadh bacainní as saincheisteanna sláinte agus orthu sin áirítear géarbhreoiteacht, galair ainsealacha, nó aon riocht sláinte meabhrach nó fisiceach a fhágann nach féidir a bheith rannpháirteach sa chlár.
- Bacainní atá nasctha le córais oideachais agus oiliúna: D’fhéadfadh sé go mbeadh bacainní roimh dhaoine aonair atá ag streachailt le dul chun cinn a dhéanamh i gcórais oideachais agus oiliúna ar chúiseanna éagsúla agus roimh luathfhágálaithe scoile, roimh dhaoine nach bhfuil oideachas, fostaíocht ná oiliúint á fháil ná á fáil acu agus roimh dhaoine fásta nach bhfuil mórán scileanna acu. D’ainneoin go bhféadfadh ról a bheith ag fachtóirí eile agus cé go bhféadfadh na deacrachtaí oideachais sin a bheith nasctha le cúinsí pearsanta freisin, eascraíonn siad den chuid is mó as córas oideachais lena gcruthaítear teorainneacha struchtúracha agus/nó nach gcuirtear riachtanais áirithe an duine san áireamh go hiomlán ann. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh bacainní rannpháirtíochta roimh dhaoine aonair nuair is deacair, de dheasca struchtúr na gcuraclam, tabhairt faoi shoghluaisteacht foghlama nó oiliúna ar an gcoigríoch mar chuid dá staidéar.
- Difríochtaí cultúrtha: Cé go bhféadfadh sé go bhféachfadh daoine ó aon chúlra ar dhifríochtaí cultúrtha mar bhacainní, is féidir difear ar leith a dhéanamh leo ar dhaoine ar lú na deiseanna atá acu. D’fhéadfadh na difríochtaí sin a bheith ina mbacainní suntasacha roimh an bhfoghlaim go ginearálta, agus go háirithe do dhaoine a bhfuil cúlra imircigh nó dídeanaí acu go mór mór imircigh nuathagtha, daoine ar de mhionlach náisiúnta nó eitneach iad, úsáideoirí teanga comharthaíochta, daoine ag a bhfuil deacrachtaí maidir le hoiriúnú teanga agus cuimsiú cultúrtha, srl. Má fhaightear blaiseadh de theangacha iasachta agus de dhifríochtaí cultúrtha le linn páirt a ghlacadh in aon chineál gníomhaíochtaí cláir, is féidir go gcuirfear as do dhaoine aonair agus go gcuirfear teorainn ar bhealach éigin le tairbhí a rannpháirtíochta. Agus de dheasca na ndifríochtaí cultúrtha sin, d’fhéadfadh sé go gcuirfí cosc fiú amháin ar rannpháirtithe féideartha iarratas a dhéanamh ar thacaíocht tríd an gclár, rud a bheadh ina bhacainn iontrála ar fad.
- Bacainní sóisialta: D’fhéadfadh deacrachtaí oiriúnaithe sóisialta amhail inniúlachtaí sóisialta teoranta, iompraíochtaí ardriosca nó frithshóisialta, ciontóirí (roimhe sin), úsáideoirí drugaí nó alcóil (roimhe sin), nó an t‑imeallú sóisialta a bheith ina mbacainn. D’fhéadfadh bacainní sóisialta eile eascairt as cúinsí teaghlaigh, mar shampla a bheith ar an gcéad duine sa teaghlach le hardoideachas a fháil nó a bheith i do thuismitheoir (go háirithe tuismitheoir aonair), i do chúramóir, i do shaothraí nó i do dhílleachta, nó a bheith i ndiaidh seal a chaitheamh i do chónaí faoi chúram institiúideach nó a bheith i do chónaí faoi chúram institiúideach.
- Bacainní eacnamaíocha: D’fhéadfadh sé go mbeadh míbhuntáiste eacnamaíoch ina bhacainn, is é sin, míbhuntáiste amhail caighdeáin mhaireachtála ísle, ioncam íseal, foghlaimeoirí nach mór dóibh obair a dhéanamh chun tacú leo féin, a bheith spleách ar an gcóras leasa shóisialaigh, a bheith dífhostaithe go fadtéarmach, a bheith i gcásanna forbhásacha nó i ngreim ag an mbochtaineacht, a bheith gan dídean, i bhfiacha nó i gcruachás airgeadais, srl. D’fhéadfadh sé go dtiocfadh deacrachtaí eile as inaistritheacht theoranta seirbhísí (go háirithe tacaíocht do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu) nach mór a bheith ‘soghluaiste’ mar aon leis na rannpháirtithe agus iad ag dul i bhfad ar shiúl nó, go mór mór, ar an gcoigríoch.
- Bacainní atá nasctha leis an idirdhealú: Is féidir le bacainní a bheith ann de dheasca idirdhealuithe atá nasctha le hinscne, le haois, le tionscnamh eitneach, le reiligiún, le creidimh, le treoshuíomh gnéasach, le míchumas, nó le fachtóirí trasnacha (meascán de dhá cheann de na bacainní idirdhealaithe atá luaite nó níos mó).
- Bacainní geografacha: Dá mbeadh cónaí ar dhuine i gceantair thuaithe nó iargúlta, ar oileáin bheaga nó i réigiúin fhorimeallacha/sna réigiúin is forimeallaí4 , i mbruachbhailte uirbeacha, i gceantair nach bhfuil chomh seirbhísithe sin (iompar poiblí teoranta, gan mórán áiseanna) nó i gceantair lagfhorbartha i dtíortha nach bhfuil san Aontas, srl., d’fhéadfadh sin a bheith ina bhacainn.
Claochlú digiteach
Thug paindéim COVID‑19 léargas breise ar thábhacht an oideachais dhigitigh le haghaidh an chlaochlaithe dhigitigh is gá san Eoraip. Go háirithe, chuir an ghéarchéim i dtábhacht go bhfuil gá méadaithe le tarraingt ar chumas teicneolaíochtaí digiteacha maidir le teagasc agus foghlaim agus scileanna digiteacha a fhorbairt do chách. I gcomhréir le tosaíochtaí straitéiseacha an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (2021‑2027)5 , is é is aidhm don Chlár tacú leis an iarracht sin chun páirt a thabhairt d’fhoghlaimeoirí, oideoirí, oibrithe óige, daoine óga agus eagraíochtaí sa chonair i dtreo claochlú digiteach.
Leis an gclár tacófar leis an gcéad tosaíocht straitéiseach de chuid an Phlean Gníomhaíochta, forbairt éiceachórais oideachais dhigitigh ardfheidhmíochta, trí fhothú acmhainneachta agus tuisceana criticiúla i ngach cineál institiúid oideachais agus oiliúna maidir le conas is féidir leas a bhaint as na deiseanna a thairgeann teicneolaíochtaí digiteacha le haghaidh an teagaisc agus na foghlama ar gach leibhéal agus le haghaidh gach earnála agus le pleananna claochlaithe dhigitigh institiúidí oideachais a fhorbairt agus a chur chun feidhme.
Leis an gclár tacófar leis an dara tosaíocht straitéiseach de chuid an Chláir Gníomhaíochta freisin, trí thacú le gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh scileanna digiteacha agus forbairt inniúlachta a fheabhsú ar gach leibhéal den tsochaí agus do chách (lena n‑áirítear daoine ar lú na deiseanna atá acu, mic léinn, cuardaitheoirí poist agus oibreoirí). Beifear ag díriú ar bhunscileanna agus ardscileanna digiteacha araon a chothú chomh maith le litearthacht dhigiteach, rud atá tagtha chun bheith fíor‑riachtanach sa saol laethúil agus lena chur ar a gcumas do dhaoine a mbealach a dhéanamh ar domhan atá lán d’algartaim agus páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí shibhialta agus sa daonlathas.
I gcomhréir leis an dá thosaíocht straitéiseacha sin de chuid an Phlean Gníomhaíochta, bunófar Mol Eorpach maidir leis an Oideachas Digiteach chun comhar maidir le hoideachas digiteach a threisiú ar leibhéal an Aontais agus rannchuidiú le malartú taighde dea‑chleachtais, comhchruthú agus turgnamh. Is é is aidhm don Mhol tacú leis na Ballstáit trí chomhar trasearnála níos gaire ag tabhairt aghaidh ar an oideachas digiteach i gcomhthéacs foghlama ar feadh an tsaoil. Nascfaidh an Mol údaráis náisiúnta, an earnáil phríobháideach, saineolaithe, taighdeoirí, soláthraithe oideachais agus oiliúna agus an tsochaí shibhialta a nascadh trí bheartais agus cleachtais a fhorbairt ar bhealach níos gasta san oideachas digiteach.
Leis an gClár, ba cheart freastal a dhéanamh ar spriocghrúpa níos mó laistigh agus lastall den Aontas araon ach úsáid bhreise a bhaint as uirlisí faisnéise, cumarsáide agus teicneolaíochta, úsáid chomhcheangailte a bhaint as an tsoghluaisteacht fhisiceach agus as an bhfoghlaim fhíorúil agus as an gcomhar fíorúil.
An comhshaol agus an comhrac in aghaidh an athraithe aeráide
Is príomhthosaíochtaí iad an comhshaol agus gníomhaíocht aeráide le haghaidh an Aontais, anois agus amach anseo. Tá Teachtaireacht an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip6 ar an straitéis fáis nua Eorpach agus aithnítear léi an príomhról atá ag scoileanna, institiúidí oiliúna agus ollscoileanna chun dul i dteagmháil le daltaí, le tuismitheoirí agus leis an bpobal níos leithne maidir leis na hathruithe is gá le haghaidh aistriú rathúil chun bheith neodrach ó thaobh aeráide de faoi 2050.
Anuas air sin, sa Mholadh ón gComhairle chun foghlaim a spreagadh don aistriú glas7 cuirtear i dtábhacht an gá atá le deiseanna a sholáthar d’fhoghlaimeoirí de gach aois chun foghlaim faoin ngéarchéim aeráide agus faoin inbhuanaitheacht in oideachas foirmiúil agus seachfhoirmiúil araon, agus chun an fhoghlaim don aistriú glas a dhéanamh mar thosaíocht i mbeartais agus cláir oideachais agus oiliúna. Ba cheart don inbhuanaitheacht a bheith mar chuid de réimse iomlán an oideachais agus na hoiliúna, agus curaclaim, forbairt ghairmiúil le haghaidh oideachasóirí chomh maith le foirgnimh, bonneagair agus oibríochtaí san áireamh. Beidh an clár Erasmus + mar ionstraim ríthábhachtach chun an t‑eolas, na scileanna agus na meonta maidir le hathrú aeráide a fhorbairt agus chun tacú le forbairt inbhuanaithe laistigh den Aontas Eorpach agus lastall de araon. Leis an gClár méadófar an líon deiseanna soghluaisteachta i réimsí réamhbhreathnaitheacha glasa, a chothaíonn forbairt inniúlachtaí, a fheabhsaíonn ionchais ghairme agus a thugann páirt do rannpháirtithe i réimsí atá straitéiseach maidir le fás inbhuanaithe agus aird ar leith á tabhairt ar fhorbairt tuaithe (feirmeoireachta inbhuanaithe, bainistíocht acmhainní nádúrtha, cosaint ithreach, bith‑thalmhaíocht). Thairis sin, le Erasmus+, agus an tsoghluaisteacht ina chroílár, ba cheart féachaint leis an neodracht charbóin a bhaint amach trí mhodhanna iompair inbhuanaithe agus iompraíocht atá níos freagraí ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn.
Beidh an comhshaol agus an comhrac in aghaidh téimh domhanda mar thosaíocht chothrománach maidir le roghnú na dtionscadal. Tabharfar tosaíocht do thionscadail arb é is aidhm dóibh inniúlachtaí a fhorbairt in earnálacha glasa éagsúla, agus iad sin faoi chuimsiú an rannchuidithe ón oideachas agus ón gcultúr le spriocanna forbartha inbhuanaithe, scileanna, straitéisí agus modheolaíochtaí earnála glasa a fhorbairt, curaclaim atá dírithe ar an todhchaí san áireamh, chomh maith le tionscnaimh lena dtacaítear le cineálacha cur chuige pleanáilte na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha maidir le hinbhuanaithe comhshaoil.
Leis an gclár tacaítear le húsáid cleachtas nuálach ionas gur fíorpháirtithe an athraithe iad foghlaimeoirí, baill foirne agus oibrithe óige (mar shampla, acmhainní a shábháil, úsáid fuinnimh, dramhaíl agus an lorg carbóin a laghdú, glacadh le roghanna bia agus soghluaisteachta inbhuanaithe, srl.). Ina theannta sin, tabharfar tosaíocht do thionscadail lenar féidir – trí ghníomhaíochtaí oideachais, oiliúna, óige agus spóirt – athruithe iompraíochta a dhéanamh le haghaidh roghanna aonair, luachanna cultúrtha agus feasacht agus chun tacú le rannpháirtíocht ghníomhach le haghaidh forbairt inbhuanaithe ar bhealach níos ginearálta.
Dá bhrí sin, ba cheart do na heagraíochtaí agus do na rannpháirtithe atá páirteach féachaint le cleachtais ghlasa a ionchorprú i ngach tionscadal agus an ghníomhaíocht á dearadh acu, rud a spreagfaidh iad chun saincheisteanna comhshaoil a phlé agus le foghlaim fúthu, smaoineamh faoi ghníomhaíochtaí ar an leibhéal áitiúil agus cuimhneamh ar bhealaí malartacha atá níos glaise lena ngníomhaíochtaí a chur chun feidhme.
Le hardáin ar nós an Ardáin Eorpaigh um Oideachas Scoile (agus Ríomhnascadh san áireamh) agus EPALE, leanfar d’ábhair thacaíochta a chur ar fáil agus d’éascaíocht a dhéanamh do mhalartú cleachtas agus beartas oideachais éifeachtach maidir le hinbhuaine comhshaoil. Is cumhachtach an uirlis é Erasmus+ freisin chun dul i dteagmháil le réimse leathan gníomhaithe sa tsochaí agus le páirt a thabhairt do dhaoine (scoileanna, ollscoileanna, soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna, eagraíochtaí óige agus spóirt, eagraíochtaí neamhrialtasacha, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, srl.) a d’fhéadfadh a bheith ina bpáirtithe gníomhacha san aistriú i dtreo aeráidneodrachta faoi 2050.
Rannpháirtíocht sa saol daonlathach, luachanna comhchoiteanna agus rannpháirtíocht shibhialta
Leis an gclár Erasmus+ tugtar aghaidh ar rannpháirtíocht theoranta na saoránach ina bpróisis dhaonlathacha agus ar an easpa eolais atá acu faoin Aontas Eorpach, agus féachtar le cabhrú leo na deacrachtaí a bhaineann le páirt a ghlacadh agus le bheith rannpháirteach go gníomhach sa phobal nó i saol polaitiúil agus sóisialta an Aontais a shárú. Tá sé ríthábhachtach, le haghaidh thodhchaí an Aontais, le tuiscint na saoránach ar an Aontas Eorpach a neartú ó aois luath. I dteannta oideachas foirmiúil, le foghlaim sheachfhoirmiúil is féidir tuiscint na saoránach ar an Aontas Eorpach a fheabhsú agus a mbraistint chomhuintearais a chothú leis.
Tacaíonn an Clár leis an tsaoránacht ghníomhach agus leis an eitic san fhoghlaim ar feadh an tsaoil; cothaítear forbairt inniúlachtaí sóisialta agus idirchultúrtha leis chomh maith le forbairt na smaointeoireachta criticiúla agus na litearthachta sna meáin. Tugtar tosaíocht do thionscadail lena dtairgtear deiseanna do dhaoine a bheith rannpháirteach sa saol daonlathach chomh maith le deiseanna le haghaidh rannpháirtíocht saoránach agus shóisialta trí ghníomhaíochtaí foghlama foirmiúla nó neamhfhoirmiúla. Dírítear ar fheasacht a mhúscailt faoi chomhthéacs an Aontais Eorpaigh agus ar an tuiscint ar an gcomhthéacs sin a mhéadú, go háirithe a mhéid a bhaineann le luachanna coiteanna an Aontais, prionsabail na haontachta agus na héagsúlachta, mar aon lena n‑oidhreacht stairiúil, chultúrtha agus shóisialta.
I réimse na hóige, dearadh Straitéis Rannpháirtíochta Óige8 chun creat coiteann a sholáthar agus tacú le húsáid an chláir chun rannpháirtíocht óige a chothú sa saol daonlathach. Is é is aidhm don Straitéis cáilíocht rannpháirtíocht na hóige sa Chlár a fheabhsú agus cuireann sí le príomhdhoiciméid maidir le Beartas Óige an Aontais Eorpaigh, ar nós Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh agus Spriocanna Eorpacha don Óige. Gabhann Foireann Uirlisí na hÓige9 leis an Straitéis agus is é is aidhm di, i dtéarmaí praiticiúla, rannpháirtíocht daoine óga i ngach ceann de ghníomhaíochtaí an Chláir a fheabhsú, trí eolas, moltaí, uirlisí agus treoraíocht phraiticiúil a roinnt. Tá modúil mar chuid den fhoireann uirlisí ina ndírítear ar an mbealach leis na tosaíochtaí cothrománacha a chumhdach sna tionscadail.
- 1 Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún – an creat i ndáil le bearta maidir leis an gcuimsiú de chuid an chláir Erasmus+ agus chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh 2021-27: https://erasmus-plus.ec.europa.eu/document/commission-decision-framework-inclusion-2021-27
- 2 Treoirlínte cur chun feidhme – Straitéis um Chuimsiú agus Éagsúlacht Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh: https://ec.europa.eu/programmes/erasmus-plus/resources/implementation-guidelines-erasmus-and-european-solidarity-corps-inclusion-and-diversity_en
- 3 Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas: https://www.un.org/development/desa/disabilities/convention-on-the-rights-of-persons-with-disabilities.html
- 4 Comhaireann an tAontas Eorpach 9 réigiún is forimeallaí. Is iad sin, na hAsóir agus Maidéara (an Phortaingéil), Guadalúip, Guáin na Fraince, Martinique, Mayotte agus La Réunion agus Saint Martin (an Fhrainc) agus na hOileáin Chanáracha (an Spáinn).
- 5 https://ec.europa.eu/education/education-in-the-eu/digital-education-action-plan_en
- 6 https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/european-green-deal_en
- 7 https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-9242-2022-INIT/en/pdf
- 8 https://www.salto-youth.net/rc/participation/ypstrategy/
- 9 https://participationpool.eu/toolkit/