Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Acadaimh Múinteoirí Erasmus+

Leis an Rún ón gComhairle in 2019 maidir le forbairt bhreise a dhéanamh ar an Limistéar Eorpach Oideachais1  iarrtar ar an gCoimisiún ‘Modhanna nua a fhorbairt chun oiliúint a chur ar mhúinteoirí, oiliúnóirí, baill foirne in oideachais agus cúraim na luath‑óige (ECEC) ceannairí scoile agus foireann eile atá inniúil, spreagtha agus ardcháilithe agus chun tacú leo, agus chun a bhforbairt ghairmiúil leanúnach agus oiliúint múinteoirí taighde‑bhunaithe ardcháilíochta a chur chun cinn’.

Sna Conclúidí ón gComhairle ó Bhealtaine 2020 maidir le Múinteoirí agus Oiliúnóirí Eorpacha don Todhchaí2 , athdhearbhaítear ról na múinteoirí mar chlocha coirnéil an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus éilítear tacaíocht bhreise le haghaidh forbairt gairme agus inniúlachtaí múinteoirí chomh maith leis an bhfolláine ag gach céim dá ngairm. Sna Conclúidí, cuirtear i dtábhacht na tairbhí a bhaineann le soghluaisteacht múinteoirí agus an gá atá ann an tsoghluaisteacht a dhaingniú mar chuid d’oideachais tosaigh agus d’oideachas leanúnach múinteoirí. Thairis sin, iarrtar sna Conclúidí ar an gCoimisiún tacú le comhar níos dlúithe idir soláthraithe oiliúna múinteoirí laistigh de chontanam forbartha gairmiúla múinteoirí.

Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún in 2020 maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 20253  aithnítear an príomhról atá ag múinteoirí agus oiliúnóirí agus leagtar síos an fhís a bhaineann le hoideoirí thar ar a bheith inniúil agus spreagtha a bheith ann atá in ann tairbhiú de réimse deiseanna tacaíochta agus forbartha gairmiúla ar feadh a ngairmeacha éagsúla. Beartaítear leis sin roinnt gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh ghairmeacha teagaisc inniu, lena n‑áirítear an plean chun Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ a sheoladh.

Leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach ón gCoimisiún (2021‑2027)4 , cuirtear i dtábhacht an gá atá ann a chinntiú go mbeidh an mhuinín agus na hinniúlachtaí ag na múinteoirí agus na hoiliúnóirí uile chun an teicneolaíocht a úsáid go héifeachtach agus go cruthaitheach chun dul i mbun plé le foghlaimeoirí agus iad a spreagadh chomh maith lena chinntiú go bhforbróidh na foghlaimeoirí uile a n‑inniúlachtaí digiteacha chun dul i mbun foghlama, chun bheith ina gcónaí agus chun oibriú i saol atá níos digitithe fós.

Leis an Council Resolution on a strategic framework for European cooperation in education and training towards the European Education Area and beyond [Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide i gcéin] (2021‑2030), tagraítear d’acmhainneacht Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ maidir leis an líonrú, comhroinnt an eolais agus an tsoghluaisteacht a éascú agus le deiseanna foghlama a sholáthar do mhúinteoirí agus d’oilúnóirí ag gach céim de ghairmeacha múinteoirí agus oiliúnóirí.

Tá gá le feabhas a chur ar tharraingteacht na gairme: sna tíortha san Aontas a bhíonn páirteach i suirbhé TALIS ECFE, ar an meán, mheas níos lú ná 20 % de mhúinteoirí meánscoile go bhfuil ag an tsochaí meas ar a ngairm. Tá aosú gairmithe múinteoireachta ina ábhar imní mar d’fhéadfadh rabhartaí scoir amach anseo a bheith ina gcúis le ganntanais múinteoirí i dtír. Léirítear freisin sa Tuarascáil Faireacháin ar Oideachas agus Oiliúint go bhfuil ganntanais mhóra múinteoirí i ndán do roinnt tíortha Eorpacha, ar bhonn uilechoiteann nó in ábhair áirithe ar nó na heolaíochta, nó i bpróifílí sonracha, cuir i gcás teagasc daltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu.

D’ainneoin tairiscint leathan forbartha gairmiúla leanúnaí, bíonn easpa deiseanna forbartha gairmiúla á bhféintuairisciú ag múinteoirí i gcónaí de réir shuirbhé TALIS de chuid ECFE. D’ainneoin thairbhí na soghluaisteachta, níl sé leabaithe go héifeachtach san oiliúint múinteoirí go fóill, mar gheall ar an líon mór constaicí praiticiúla ba cheart a bhaint le beartais níos comhsheasmhaí.

Tabharfaidh Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ aghaidh ar na saincheisteanna sin trí dhlúthchomhar a chur chun cinn idir eagraíochtaí atá gníomhach in oideachas agus in oiliúint tosaigh agus leanúnach, comhlánóidh siad obair eile a dhéantar chun an Limistéar Oideachais a bhaint amach, agus cuideoidh siad leis na torthaí a aistriú chuig an gceapadh beartais náisiúnta agus réigiúnach agus sa deireadh chuig oiliúint múinteoirí agus tacaíocht le haghaidh scoileanna. Cuirfidh siad leis na nuálaíochtaí agus leis an gcleachtas éifeachtach atá ann laistigh den oiliúint múinteoirí náisiúnta agus den chomhar Eorpach, agus déanfaidh siad forbairt bhreise orthu. Tabharfar aird ar leith ar scaipeadh agus ar shaothrú cleachtais éifeachtaigh thar thíortha agus thar sholáthraithe oiliúna múinteoirí, agus ar aiseolas agus tionchar a chinntiú ar leibhéal beartais freisin.

Cuspóirí na gníomhaíochta

Is é is cuspóir foriomlán don ghníomhaíocht seo comhpháirtíochtaí Eorpacha de5  sholáthraithe oideachais agus oiliúna do mhúinteoirí a chruthú chun Acadaimh Múinteoirí a chur ar bun, rud a fhorbróidh dearcadh Eorpach agus idirnáisiúnta in oideachas múinteoirí.

Leis na hAcadaimh sin, rachfar leis an ilteangachas, leis an bhfeasacht teanga agus leis an éagsúlacht chultúrtha, forbrófar oiliúint múinteoirí i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais sa bheartas oideachais agus rannchuideofar le cuspóirí an Limistéir Eorpaigh Oideachais a bhaint amach.

Comhlíonfaidh Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ na cuspóirí seo a leanas:

  • Rannchuidiú le feabhsú beartas agus cleachtas maidir le hoiliúint múinteoirí san Eoraip trí líonraí agus pobail chleachtais a chruthú maidir le hoiliúint múinteoirí lena dtugtar le chéile soláthraithe oiliúna tosaigh múinteoirí (oiliúint réamhsheirbhíse le haghaidh ábhair múinteora) agus soláthraithe forbartha gairmiúla leanúnaí (ar bhonn inseirbhíse), gníomhaithe ábhartha eile, cuir i gcás comhlachais múinteoirí, aireachtaí agus páirtithe leasmhara chun forbairt agus tástáil a dhéanamh ar straitéisí agus cláir le haghaidh foghlaim ghairmiúil atá éifeachtach, inrochtana agus inaistrithe chuig comhthéacsanna eile.
  • Forbairt agus tástáil chomhpháirteach a dhéanamh ar shamhlacha éagsúla soghluaisteachta (de chineál fíorúil, fisiciúil agus cumaisc) in oiliúint tosaigh múinteoirí agus mar chuid d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach múinteoirí chun feabhas a chur ar cháilíocht agus méid na soghluaisteachta chomh maith le cuid lárnach den soláthar oiliúna múinteoirí san Eoraip a dhéanamh den tsoghluaisteacht.
  • Comhar inbhuanaithe a fhorbairt idir soláthraithe oiliúna múinteoirí le tionchar ar cháilíocht na hoiliúna múinteoirí san Eoraip agus d’fhonn bonn eolais a chur faoi bheartais oiliúna múinteoirí ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta.
  • Feabhas a chur ar an éirim Eorpach agus idirnáisiúnú na hoiliúna múinteoirí trí chomhar nuálach praiticiúil le hoideoirí múinteoirí agus múinteoirí i dtíortha Eorpacha eile agus trí eispéiris a chomhroinnt le haghaidh forbairt bhreise oiliúna múinteoirí san Eoraip.

Leis an gcomhar sin, tabharfar aghaidh ar cheann amháin nó níos mó de thosaíochtaí cothrománacha Chlár Erasmus+, mar théama(í) le haghaidh ghníomhaíochtaí na nAcadamh Múinteoirí.

Ba cheart d’Acadaimh Múinteoirí tosaíocht amháin nó níos mó a shainaithint agus oibriú uirthi, ar tosaíochtaí iad atá ábhartha ar leith dá gcomhpháirtíocht d’fhonn oideachas ardcháilíochta/forbairt ghairmiúil a fheabhsú, agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha na múinteoirí (na n‑ábhar múinteora), go háirithe trí chúrsaí, modúil agus deiseanna foghlama eile múinteoirí a thairiscint maidir leis na nithe seo a leanas:

1. An cuimsiú agus an éagsúlacht, go háirithe:

Chun cuidiú le múinteoirí an t‑eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí a fháil is gá chun leanaí/mic léinn ar lú na deiseanna atá acu a chuimsiú san oideachas, mar shampla leanaí/mic léinn faoi mhíchumas nó ag a bhfuil riachtanais speisialta, ag a bhfuil cúlra imirceach, chomh maith le leanaí/mic léinn atá ina gcónaí i gceantair thuaithe agus iargúlta ar nós na réigiún is forimeallaí, leanaí/mic léinn nach mór dóibh dul i ngleic le neamhionannas inscne, a bhfuil deacrachtaí socheacnamaíocha acu nó aon fhoinse fhéideartha neamh‑idirdhealaithe eile bunaithe ar ghnéis, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéis. Ciallaíonn sé sin an tearcghnóthachtáil agus an díscor a thuiscint agus aghaidh a thabhairt ar an dea‑bhail, ar an meabhairshláinte agus ar an mbulaíocht. Ar shamplaí tá. Inniúlachtaí a fhorbairt chun teagasc i suíomhanna ilteangacha agus ilchultúrtha, maidir le cleachtais inscne-íogair, leis an oideachas cuimsitheach le haghaidh leanaí ag a bhfuil riachtanais speisialta, maidir le timpeallachtaí foghlama tacúla a chruthú agus straitéisí lena dtabharfar aghaidh ar dhea‑bhail foghlaimeoirí agus múinteoirí ar scoil, maidir leis an mbealach chun úsáid a bhaint as cineálacha éagsúla cur chuige foghlama agus an fhoghlaim chumaisc, chomh maith le modhanna agus uirlisí measúnaithe fhoirmithigh.  

Múinteoirí a ullmhú chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní atá ar na grúpaí sin maidir leis an oideachas a rochtain, chomh maith le rannchuidiú le timpeallachtaí cuimsitheacha a chruthú a chothaíonn cothroime agus cothromas, agus atá freagrúil do riachtanais an phobail i gcoitinne; caidrimh iontaobhais a chothú le foghlaimeoirí, tuismitheoirí, teaghlaigh agus cúramóirí; úsáid a bhaint as cleachtais chomhoibríocha agus oibriú i bhfoirne ildisciplíneacha i scoileanna.

Tagairtí breise:

2. An comhshaol agus an comhrac in aghaidh an athraithe aeráide, go háirithe:

Cineálacha cuimsitheacha agus comhoibríocha cur chuige a chur chun feidhme agus a fhorbairt a thuilleadh, arb é atá iontu cineálacha cur chuige i leith an teagaisc agus na foghlama le haghaidh an aistrithe ghlais agus na forbartha inbhuanaithe, agus é á aithint gurb oideoirí inbhuanaitheachta iad na múinteoirí uile, cibé disciplín atá acu nó earnáil oideachais ina bhfuil siad, is gá dóibh tacú lena bhfoghlaimeoirí san ullmhú le haghaidh an aistrithe ghlais.

Oiliúint/oideachas gairmiúil a thairiscint do mhúinteoirí (d’ábhair múinteora) faoin athrú aeráide agus faoin mbealach is fearr lena theagasc; inniúlachtaí inbhuanaitheachta múinteoirí/oideoirí agus ceannairí oideachais (ábhair múinteora/oideora agus ceannaire) a fhorbairt; agus cineálacha cur chuige na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha maidir leis an inbhuaine comhshaoil a mhalartú agus a fhorbairt.

Dul i mbun an mhalartaithe faoin mbealach chun feasacht a mhúscailt faoin aistriú glas, faoi dhúshláin chomhshaoil agus an athraithe aeráide, chun scileanna, straitéisí agus modheolaíochtaí earnála glasa a fhorbairt, chomh maith le curaclaim lena ndírítear ar an todhchaí agus lena bhfreastalaítear ar bhealach níos fearr ar riachtanais na múinteoirí.

Tacú le múinteoirí glacadh le hoideolaíochtaí, lena n‑áirítear cleachtais nuálacha tástála, lena bhfeabhsaítear an teagasc agus an fhoghlaim le haghaidh an aistrithe ghlais agus na forbartha inbhuanaithe ar bhealaí idirdhisciplíneacha, agus gnéithe soch‑mhothúchánacha na foghlama san áireamh, chun gur féidir leis na foghlaimeoirí uile a bheith ina ngníomhaithe don athrú agus foghlaim machnamh a dhéanamh agus gníomhú, go haonarach agus i gcomhpháirt, go háitiúil agus go domhanda, ar mhaithe le domhan níos inbhuanaithe. 

Tagairt bhreise: Moladh ón gComhairle maidir le foghlaim ar mhaithe le hinbhuaine comhshaoil8 .

3. Aghaidh a thabhairt ar chlaochlú digiteach trí ullmhacht dhigiteach, athléimneacht agus inniúlacht a fhorbairt:

Tacú leis an ngá chun múinteoirí (múinteoirí amach anseo) a spreagadh i dtreo an chlaochlaithe dhigitigh, d’fhonn tarraingt ar chumas na dteicneolaíochtaí digiteacha maidir le teagasc agus foghlaim agus scileanna digiteacha a fhorbairt do chách, agus méadú a dhéanamh freisin ar inniúlacht agus ar ullmhacht na n‑institiúidí chun aistriú éifeachtach i dtreo an oideachais dhigitigh a bhainistiú.

Rannchuidiú leis an gcéad tosaíocht straitéiseach den Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach, arb é atá inti forbairt éiceachórais oideachais dhigitigh ardfheidhmíochta, trí fhothú acmhainneachta agus tuisceana criticiúla maidir le conas is féidir leas a bhaint as na deiseanna a thairgeann teicneolaíochtaí digiteacha le haghaidh an teagaisc agus na foghlama ar gach leibhéal agus le haghaidh gach earnála agus le pleananna claochlaithe dhigitigh institiúidí oideachais a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

Tacú le húsáid fhiúntach na dteicneolaíochtaí digiteacha le haghaidh an teagaisc, na foghlama, an mheasúnaithe agus na rannpháirtíochta. Áirítear leis sin forbairt oideolaíochta agus saineolais dhigitigh in úsáid uirlisí digiteacha le haghaidh múinteoirí, lena n‑áirítear teicneolaíochtaí inrochtana agus cúnta agus cruthú agus úsáid nuálach inneachair oideachais dhigitigh.  Tabharfar aird ar leith ar an gcomhionannas inscne a chur chun cinn agus ar aghaidh a thabhairt ar dhifríochtaí i ndáil leis an rochtain agus leis an úsáid ag grúpaí tearcionadaithe.

Spreagtar úsáid a bhaint as na creataí Eorpacha maidir le hinniúlachtaí digiteacha oideoirí, saoránach agus eagraíochtaí.

Tagairt bhreise: An Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (2021-2027)9 .

4. Luachanna coiteanna, rannpháirtíocht saoránach agus rannpháirtíocht, go háirithe:

Oiliúint a chur ar mhúinteoirí (ábhair múinteora) agus iad a threalmhú.

An tsaoránacht ghníomhach agus an eitic ina dteagasc a chur chun cinn, agus forbairt na n‑inniúlachtaí sóisialta agus idirchultúrtha, na smaointeoireachta criticiúla agus na litearthachta sna meáin a chothú.

Deiseanna a thairiscint do leanaí/mhic léinn páirt a ghlacadh sa saol daonlathach chomh maith le deiseanna le haghaidh rannpháirtíocht saoránach agus rannpháirtíocht shóisialta go háirithe trí ghníomhaíochtaí foghlama foirmiúla nó neamhfhoirmiúla.

Feasacht a mhúscailt ar chomhthéacs an Aontais Eorpaigh agus ar an tuiscint ar an gcomhthéacs sin a ardú, go háirithe a mhéid a bhaineann le luachanna coiteanna an Aontais, prionsabail na haontachta agus na héagsúlachta, chomh maith lena bhféiniúlacht chultúrtha, lena bhfeasacht chultúrtha agus lena n‑oidhreacht shóisialta agus stairiúil.

Tagairt bhreise: Moladh ón gComhairle maidir le comhluachanna, an t‑oideachas cuimsitheach agus gné Eorpach an teagaisc a chur chun cinn10 .

Critéir incháilitheachta

Ní mór do thograí tionscadail le haghaidh Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ na critéir seo a leanas a chomhlíonadh le bheith incháilithe le haghaidh deontas Erasmus+.

Eagraiochtai rannphairteacha inchailithe (ce ata in ann iarratas a dheanamh?)

Chun bheith incháilithe, ní mór do na hiarratasóirí (tairbhithe agus eintitis chleamhnaithe, más infheidhme):

  • a bheith ina n‑eintitis dhlíthiúla (comhlachtaí poiblí nó príobháideacha);
  • a bheith bunaithe i gceann de na tíortha incháilithe, is é sin Ballstát den Aontas nó dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár (féach an roinn ‘Tíortha incháilithe’ i gCuid A den Treoir seo).

Eagraíochtaí atá bunaithe i dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár ní féidir leo páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht.

Ní mór don eagraíocht chomhordúcháin a bheith ina hInstitiúid Oiliúna Múinteoirí. Is í a dhéanann iarratas thar ceann na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha uile atá páirteach sa tionscadal. Ní féidir léi a bheith ina heintiteas cleamhnaithe.

Is féidir leis na hiarratasóirí (tairbhithe agus eintitis chleamhnaithe, más infheidhme), mar shampla (liosta nach bhfuil uileghabhálach):

  • a bheith ina nInstitiúidí Oiliúna Múinteoirí (coláistí, institiúidí, ollscoileanna ina soláthraítear oiliúint tosaigh múinteoirí agus/nó forbairt ghairmiúil leanúnach) le haghaidh múinteoirí agus baill foirne in oideachas agus cúram na luath‑óige ar leibhéal 0-3 ISCED, agus múinteoirí gairmoideachais agus gairmoiliúna san áireamh;
  • Aireachtaí nó comhlachtaí poiblí comhchosúla atá freagrach as beartais oideachais scoile;
  • Comhlachtaí poiblí (áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta) agus príobháideacha atá freagrach as forbairt a dhéanamh ar bheartais agus ar tairiscintí le haghaidh na hoiliúna múinteoirí chomh maith le caighdeáin a shainiú le haghaidh cáilíochtaí múinteoirí;
  • Comhlachais múinteoirí nó soláthraithe eile oiliúna múinteoirí agus forbartha gairmiúla leanúnaí atá aitheanta go náisiúnta;
  • Údaráis atá freagrach as oideachas agus oiliúint múinteoirí agus maoirseacht a dhéanamh ar a bhforbairt ghairmiúil leanúnach agus a gcáilíochtaí;
  • Scoileanna a oibríonn le soláthraithe oiliúna múinteoirí chun foráil a dhéanamh maidir le hoiliúint phraiticiúil mar chuid d’oiliúint múinteoirí;
  • Scoileanna eile (ó bhunscoileanna go gairmoideachas agus gairmoiliúint tosaigh) nó eagraíochtaí eile (e.g. eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhlachais múinteoirí) atá ábhartha maidir leis an tionscadal.

Féadfaidh eintitis eile a bheith páirteach i róil chuibhreannais eile, ar nós comhpháirtithe comhlachaithe. 

Comhdheanamh cuibhreannais (lion agus proifil na n‑eagraiochtai rannphairteacha)

sé iarratasóir (tairbhithe; eintitis nach bhfuil cleamhnaithe, ó cheithre Bhallstát den Aontas nó tríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gClár (trí Bhallstáit den Aontas ar a laghad san áireamh), a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

  • Ar a laghad ceithre sholáthraí oideachais tosaigh múinteoirí atá bunaithe go náisiúnta ó thrí Bhallstát éagsúla den Aontas agus tríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gClár, agus 
  • ar a laghad soláthraí amháin atá bunaithe go náisiúnta d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach (oiliúint inseirbhíse) le haghaidh múinteoirí, agus
  •  aon scoil cleachtais/oiliúna ar a laghad.  

Féadfar a áireamh sa chuibhreannas freisin eintitis chleamhnaithe nó comhpháirtithe comhlachaithe, eagraíochtaí eile a bhfuil saineolas ábhartha acu san oiliúint múinteoirí agus/nó comhlachtaí a shainíonn caighdeáin, cáilíochtaí nó dearbhú cáilíochta le haghaidh oiliúint múinteoirí.

Suiomh geografach (ionad na ngniomhaiochtai)

Ní mór na gníomhaíochtaí seo a dhéanamh i mBallstáit an Aontais nó i dtríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gClár.

Gníomhaíochtaí a tharlaíonn i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, níl na gníomhaíochtaí sin incháilithe.

Fad an tionscadail

Ba cheart tréimhse 36 mhí a bheith i gceist leis na tionscadail de ghnáth (is féidir síneadh a chur léi, má tá údar cuí leis agus sin a dhéanamh trí bhíthin leasaithe ar an gcomhaontú deontais).

Cen ait ar feidir iarratas a dheanamh?

Faoi bhráid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA) tríd an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana (TDCT).

Uimhir aitheantais an Ghlao: ERASMUS-EDU-2024-PEX-TEACH-ACA

Roimh iarratas a dhéanamh, féach na Ceisteanna Coitianta ábhartha in TDCT.

Cathain is feidir iarratas a dheanamh?

Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoin 6 Meitheamh ar 17:00:00 (am na Bruiséile).

Iarratas a dheanamh

Chun eolas a fháil, féach Cuid C den Treoir seo.

Déanfar measúnú ar eagraíochtaí is iarratasóirí de réir na gcritéar eisiaimh agus roghnúcháin ábhartha. Chun breis eolais a fháil féach Cuid C den Treoir seo.

An tionscadal a bhunú

Déanfaidh gach Acadamh Múinteoirí tacar comhleanúnach cuimsitheach gníomhaíochtaí a chur chun feidhme, ar nós:

  • Oibriú i gcomhar agus líonraí agus pobail chleachtais a bhunú idir soláthraithe oiliúna múinteoirí, comhlachais múinteoirí, eagraíochtaí poiblí atá rannpháirteach in oiliúint múinteoirí agus gníomhaithe ábhartha eile chun straitéisí agus cláir nuálacha a chruthú le haghaidh forbairt ghairmiúil tosaigh agus leanúnach le haghaidh múinteoirí agus scoileanna.
  • Modúil foghlama chomhpháirteacha, nuálacha agus éifeachtacha ar oiliúint múinteoirí agus le haghaidh inniúlachtaí múinteoirí a fhorbairt agus a sheachadadh maidir le hábhair oideolaíocha dhúshlánacha agus/nó nua ar ábhair leasa choitinn iad. Rachaidh siad i ngleic le riachtanais shainiúla múinteoirí faoi oiliúint (mar chuid dá n‑oiliúint tosaigh) agus múinteoirí ar seirbhís (mar chuid d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach).
  • Tairiscint foghlama chomhpháirteach lena mbaineann éirim láidir Eorpach a fhorbairt lena n‑áirítear gníomhaíochtaí soghluaisteachta ina cineálacha uile, lena gcuirtear ar bun, mar shampla, scoileanna samhraidh, cuairteanna staidéir le haghaidh mic léinn agus múinteoirí chomh maith le cineálacha eile comhair traschampais, idir comhar fisiciúil agus fíorúil.
  • Bealaí éifeachtacha a shainaithint chun bacainní ar an tsoghluaisteacht a bhaint agus dálaí a shainaithint, lena n‑áirítear socruithe praiticiúla agus aithint na foghlama, chun cur le líon agus cáilíocht na soghluaisteachta agus a cuimsiú mar chuid lárnach den tairiscint foghlama tosaigh agus leanúnaí le haghaidh múinteoirí.
  • Ról a thabhairt do scoileanna agus go háirithe scoileanna oiliúna chun tástáil a dhéanamh agus bealaí nua nuálacha teagaisc a chomhroinnt (lena n‑áirítear le haghaidh cineálacha cur chuige cianfhoghlama agus foghlama cumaisc i leith an teagaisc agus na foghlama).
  • Tabhairt faoi, i gcomhréir le cuspóirí an ghlao seo, staidéir, taighde agus/nó suirbhéanna nó bailiúcháin cleachtas éifeachtach chun achoimrí, plépháipéir, moltaí etc. a tháirgeadh chun plé a spreagadh agus bonn eolais a chur faoi bheartais maidir le hoiliúint múinteoirí.
  • Na huirlisí Erasmus+ atá ann cheana, mar shampla r‑Nascadh mar chuid den Ardán Eorpach um Oideachas Scoile, a chur chun cinn agus tús áite a thabhairt dóibh le haghaidh na soghluaisteachta fíorúla, an chomhair, na cumarsáide, agus chun torthaí a thástáil agus a chomhroinnt.

Critéir dhámhachtana

Tá feidhm ag na critéir seo a leanas:

Ábharthacht an tionscadail (scór uasta 35 pointe)

  • Nasc le cuspóirí an ghlao : a mhéid a bhunaítear Acadamh Múinteoirí leis an togra d’fhonn feabhas a chur ar oideachas tosaigh agus leanúnach múinteoirí agus foghlaim nuálach á tairiscint do mhúinteoirí i ndáil le ceann amháin ar a laghad de thosaíochtaí Erasmus+:
    • An cuimsiú agus an éagsúlacht;
    • An comhshaol agus an comhrac in aghaidh an athraithe aeráide;
    • Aghaidh a thabhairt ar chlaochlú digiteach trí ullmhacht dhigiteach, athléimneacht agus inniúlacht a fhorbairt;
    • Luachanna coiteanna, rannpháirteachas saoránach agus rannpháirtíocht.
  • Luachanna an Aontais: tá an togra ábhartha chun comhluachanna an Aontais a urramú agus a chur chun cinn, cuir i gcás meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, smacht reatha agus meas ar chearta an duine, chomh maith le troid in aghaidh aon sórt idirdhealaithe.
  • Comhsheasmhacht: a mhéid atá an togra bunaithe ar anailís oiriúnach ar riachtanais; sainítear na spriocanna go soiléir, tá siad réalaíoch agus tugtar aghaidh leo ar shaincheisteanna atá ábhartha do na heagraíochtaí rannpháirteacha agus don ghníomhaíocht.
  • Cur chuige nuálach: cuirtear modhanna agus teicnící úrscothacha san áireamh sa togra, agus tá mar thoradh air torthaí agus réitigh nuálacha le haghaidh a réimse go ginearálta, nó le haghaidh an chomhthéacs gheografaigh ina gcuirtear an tionscadal chun feidhme (mar shampla inneachar; na haischuir a táirgeadh, na modhanna oibre a cuireadh i bhfeidhm, na heagraíochtaí nó na daoine lena mbaineann nó atá spriocdhírithe).
  • Breisluach Eorpach: léirítear go soiléir leis an togra an breisluach ar leibhéal an duine aonair (foghlaimeoir agus/nó ball foirne), ar an leibhéal institiúideach agus sistéamach, a ghintear trí thorthaí a mbeadh sé deacair ar na comhpháirtithe iad a bhaint amach agus iad ag gníomhú gan comhar Eorpach; úsáidtear agus cuirtear chun cinn leis an togra na huirlisí atá ann cheana ar leibhéal an Aontais cuir i gcás r‑Nascadh agus Ardán Eorpach um Oideachas Scoile le haghaidh an chomhair, na cumarsáide, agus chun torthaí a thástáil agus a chomhroinnt.
  • Idirnáisiúnú: léirítear leis an togra a rannchuidiú leis an éirim idirnáisiúnta den oiliúint múinteoirí, lena n‑áirítear forbairt samhlacha comhpháirteacha soghluaisteachta (de chineál fíorúil, fisiciúil agus cumaisc) agus tairiscint foghlama eile in oiliúint tosaigh múinteoirí agus i bhforbairt ghairmiúil leanúnach múinteoirí.
  • Íogaireacht inscne: tugtar aghaidh sa togra ar chomhionannas inscne agus cuidítear le réitigh a fháil chun teagasc atá íogair ó thaobh inscne de a chothú go héifeachtach i scoileanna.

Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail (scór uasta 25 phointe)

  • Comhleanúnachas: cinntítear leis an dearadh foriomlán tionscadail comhsheasmhacht idir cuspóirí an tionscadail, gníomhaíochtaí agus an buiséad atá beartaithe. Cuirtear i láthair sa togra tacar comhleanúnach cuimsitheach gníomhaíochtaí agus seirbhísí iomchuí chun freastal ar na riachtanais shainaitheanta agus chun na torthaí a bhfuil coinne leo a bhaint amach.
  • Modheolaíocht: cáilíocht agus indéantacht na modheolaíochta a bheartaítear agus a iomchuí atá sé chun na torthaí a bhfuil coinne leo.
  • Struchtúr: soiléireacht, iomláine agus cáilíocht an chláir oibre, lena n‑áirítear céimeanna iomchuí i ndáil le hullmhú, cur chun feidhme, monatóireacht, saothrú, meastóireacht agus scaipeadh.
  • Bainistíocht: déantar foráil maidir le socruithe bainistíochta láidre. Sainítear amlínte, eagrú, cúraimí agus freagrachtaí go soiléir agus tá siad réalaíoch. Leis an togra leithdháiltear acmhainní iomchuí ar gach gníomhaíocht.
  • Buiséad: déantar foráil sa bhuiséad maidir le hacmhainní iomchuí a bhfuil gá leo chun go n‑éireodh leis an tionscadal, ní dhéantar rómheastachán ar an mbuiséad ná ní mheastar faoina luach é.
  • Bainistíocht riosca: sainaithnítear dúshláin/rioscaí an tionscadail go soiléir agus téitear i ngleic le bearta maolaithe go hiomchuí.
  • Dearbhú Cáilíochta: déantar bearta rialaithe (meastóireacht leanúnach ar cháilíocht, piarmheasúnuithe, gníomhaíochtaí tagarmharcála, etc.) a chur i bhfeidhm go leordhóthanach.
  • Uirlisí faireacháin: le bearta rialaithe (meastóireacht leanúnach ar cháilíocht, piarmheasúnuithe, gníomhaíochtaí tagarmharcála, etc.) agus táscairí cáilíochta cinntítear go bhfuil ardcháilíocht agus costéifeachtacht ag baint le cur chun cinn an tionscadail.

Cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair (scór uasta 20 pointe)

  • Cumraíocht: mar chuid den togra tá meascán iomchuí d’eagraíochtaí rannpháirteacha comhlántacha ag a bhfuil an phróifíl, na hinniúlachtaí, an taithí agus an saineolas is gá chun gach gné den tionscadal a chur i gcrích go rathúil.
  • Comhar le páirtithe leasmhara: bunaítear leis an gcomhpháirtíocht líonraí láidre leanúnacha agus pobail chleachtais ar na leibhéil áitiúla, náisiúnta agus trasnáisiúnta araon le soláthraithe oiliúna réamhsheirbhíse agus inseirbhíse múinteoirí, údaráis phoiblí atá rannpháirteach in oiliúint múinteoirí agus gníomhaithe ábhartha eile, agus lena bhfágtar gur féidir saineolas agus eolas a mhalartú go héifeachtach i measc na bpáirtithe leasmhara sin.
  • Cothromaíocht gheografach: cuimsítear leis an gcomhpháirtíocht comhpháirtithe ábhartha ó limistéir gheografacha éagsúla, agus róil ghníomhacha acu sa tionscadal; thug an t‑iarratasóir údar le comhdhéanamh geografach na comhpháirtíochta agus léirigh sé a ábharthacht maidir le baint amach chuspóirí na nAcadamh Múinteoirí; cuimsítear leis an gcomhpháirtíocht réimse leathan iomchuí de gach gníomhaí ábhartha ar leibhéil áitiúla agus réigiúnacha.
  • Comhar agus soghluaisteacht fhíorúil: tá an comhar nasctha le huirlisí Erasmus+ atá ann cheana, cuir i gcás r‑Nascadh agus an tArdán Eorpach um Oideachas Scoile.
  • Gealltanas: is léir agus is iomchuí dáileadh na bhfreagrachtaí agus na gcúraimí, agus léirítear leis gealltanas agus rannchuidiú gníomhach na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha uile i ndáil lena saineolas agus lena n‑inniúlacht shonrach.
  • Cúraimí: léiríonn an comhordaitheoir bainistíocht ardcháilíochta, cumas chun líonraí trasnáisiúnta a chomhordú agus ceannaireacht i dtimpeallacht chasta; leithdháiltear cúraimí aonair ar bhonn fhios gnó sonrach gach rannpháirtí.
  • Comhar: beartaítear sásra éifeachtach chun comhordú, cinnteoireacht agus cumarsáid mhaith a chinntiú idir na heagraíochtaí rannpháirteacha, na rannpháirtithe agus aon pháirtí leasmhar ábhartha eile.

Tionchar (scór uasta 20 pointe)

  • Saothrú: léirítear leis an togra conas a úsáidfidh na comhpháirtithe agus páirtithe leasmhara eile torthaí an tionscadail seo. Déantar foráil leis maidir le modhanna chun an saothrú a thomhas laistigh de shaolré an tionscadail agus ina dhiaidh sin.
  • Scaipeadh: leis an togra soláthraítear plean soiléir, le linn shaolré an tionscadail agus i ndiaidh dheireadh an tionscadail, maidir le scaipeadh na dtorthaí, agus áirítear spriocanna, gníomhaíochtaí iomchuí, uainiú, uirlisí agus cainéil ábhartha lena chinntiú go ndéanfar na torthaí agus na tairbhí a scaipeadh go héifeachtach ar pháirtithe leasmhara, lucht ceaptha beartas, soláthraithe oiliúna múinteoirí, údaráis phoiblí, etc. laistigh de shaolré an tionscadail agus ina dhiaidh sin; léirítear freisin leis an togra na comhpháirtithe a bheidh freagrach as an scaipeadh agus léirítear an taithí ábhartha atá acu i ngníomhaíochtaí scaipthe; leis an togra leagtar amach na modhanna scaipthe a úsáideadh, agus tosaíocht á tabhairt d’uirlisí Erasmus+ amhail an r-Nascadh agus an tArdán Eorpach um Oideachas Scoile.
  • Tionchar: léirítear leis an togra tionchar féideartha an tionscadail:
    • Ar rannpháirtithe agus eagraíochtaí rannpháirteacha le linn shaolré an tionscadail agus ina dhiaidh sin;
    • Lasmuigh de na heagraíochtaí agus daoine aonair atá go díreach rannpháirteach sa tionscadal, ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus/nó Eorpach.

Áirítear sa togra seo bearta chomh maith le spriocanna agus táscairí chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn agus measúnú a dhéanamh ar an tionchar measta (sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma).

  • Inbhuanaitheacht: mínítear sa togra conas a dhéanfar Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ a rolladh amach agus a fhorbairt a thuilleadh. Áirítear sa togra dearadh plean gníomhaíochta fhadtéarmaigh le haghaidh rolladh amach céimneach tháirgí insoláthartha an tionscadail nuair a bheidh deireadh tagtha leis an tionscadal. Beidh an plean sin bunaithe ar chomhpháirtíochtaí marthanacha idir soláthraithe oiliúna tosaigh múinteoirí (oiliúint réamhsheirbhíse d’ábhair múinteora) agus soláthraithe forbartha gairmiúla leanúna (oiliúint inseirbhíse). Ba cheart a áireamh ann sainaithint struchtúr rialachais iomchuí, mar aon le pleananna le haghaidh inscálaitheachta agus inbhuanaitheacht airgeadais, lena n‑áirítear sainaithint acmhainní airgeadais (Eorpacha, náisiúnta agus príobháideacha) lena chinntiú go mbeidh na torthaí agus na tairbhí a bhainfear amach inbhuanaitheacht san fhadtéarma.

Le bheith incháilithe ar mhaoiniú, ní mór d’iarratais 70 pointe ar a laghad a ghnóthú (as 100 pointe ar an iomlán), agus an scór pas riachtanach le haghaidh gach ceann de na ceithre chritéar dámhachtana á chur san áireamh freisin: ar a laghad 18 bpointe le haghaidh na catagóire ‘Ábharthacht an tionscadail’; ar a laghad 13 phointe le haghaidh ‘Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail’ agus 11 phointe le haghaidh na gcatagóirí ‘Cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair’ agus ‘Tionchar’.

Tabharfar tosaíocht do na tograí ex aequo de réir na scór a dhámhfar orthu le haghaidh an chritéir dámhachtana ‘Ábharthacht’. Nuair a bheidh na scóir sin comhionann, beidh tosaíocht bunaithe ar a scóir le haghaidh an chritéir ‘Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail’. Nuair a bheidh na scóir sin comhionann, beidh tosaíocht bunaithe ar a scóir le haghaidh an chritéir ‘Tionchar’.

Mura bhfágann sé sin go mbeifear in ann an tosaíocht a chinneadh, féadfar tosaíocht bhreise a chur in ord trí phunann fhoriomlán an tionscadail a mheas agus trí shinéirgí dearfacha a chruthú idir tionscadail, nó tosca eile a bhaineann le cuspóirí an ghlao. Déanfar na tosca sin a dhoiciméadú sa tuarascáil phainéil. 

Tionchar measta

Mar thoradh ar fhorbairt na nAcadamh Múinteoirí Erasmus+, meastar go gcuirfear feabhas ar tharraingteacht ghairm na múinteoireachta agus go n‑áiritheofar oiliúint tosaigh agus forbairt ghairmiúil leanúnach ardcháilíochta le haghaidh múinteoirí, oideoirí agus ceannairí scoile.

Meastar go bhfeabhsóidh Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ éirim Eorpach agus idirnáisiúnú na hoiliúna múinteoirí trí chomhpháirtíochtaí Eorpacha den oiliúint múinteoirí agus de sholáthraithe oiliúna a chruthú. Leis an dlúthchomhar idir gníomhaithe ábhartha thar theorainneacha Eorpacha beartaítear comhar Eorpach nuálach agus forbairt shubstaintiúil beartas agus cleachtas maidir le hoiliúint múinteoirí, rud a thógann ar na nuálaíochtaí agus na cleachtais éifeachtacha atá ann cheana laistigh de chórais oiliúna múinteoirí náisiúnta agus ar an tairiscint foghlama chomhpháirteach a eagraítear le haghaidh múinteoirí rannpháirteacha. Meastar go réiteoidh an cur chuige seo an bealach chun go mbeidh an tsoghluaisteacht ina cuid lárnach den soláthar oiliúna múinteoirí san Eoraip, trí bhacainní iarbhír ar an tsoghluaisteacht a bhaint agus trí dhálaí a shainaithint le haghaidh straitéisí agus cláir rathúla maidir leis an tsoghluaisteacht.

Ag feidhmiú ar an leibhéal náisiúnta agus Eorpach, cruthóidh Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ comhpháirtíochtaí láidre marthanacha idir soláthraithe oiliúna tosaigh múinteoirí agus forbartha gairmiúla leanúnaí. Soláthróidh siad comhar níos dlúithe idir soláthraithe oiliúna múinteoirí, agus réiteoidh siad an bealach i dtreo comhpháirtíochtaí struchtúracha agus cláir chomhpháirteacha idir institiúidí. Ar an gcaoi sin, áiritheoidh Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ forbairt ghairmiúil éifeachtach tosaigh agus leanúnach agus bainfidh siad torthaí amach ba dheacair a bhaint amach gan comhroinnt eolais agus comhar éifeachtach.

Trí úsáid a bhaint as cainéil scaipthe éagsúla ar an leibhéal trasnáisiúnta, náisiúnta agus/nó réigiúnach chomh maith le leas a bhaint as plean gníomhaíochta fadtéarmach le haghaidh rolladh amach céimneach tháirgí insoláthartha an tionscadail, meastar go mbunóidh na tionscadail caidreamh le páirtithe leasmhara ábhartha laistigh d’eagraíochtaí rannpháirteacha agus lasmuigh díobh agus go n‑áiritheoidh siad tionchar marthanach freisin tar éis shaolré an tionscadail.

Cad iad na rialacha maoiniúcháin atá ann?

Leanann an ghníomhaíocht seo samhail maoiniúcháin cnapshuime. Cinnfear méid na ranníocaíochta cnapshuime aonair le haghaidh gach deontais bunaithe ar bhuiséad measta na gníomhaíochta atá beartaithe ag an iarratasóir. Socróidh an t‑údarás deonúcháin an méid ar bhonn bhuiséad measta an tionscadail, ar thoradh na meastóireachta agus ar ráta maoiniúcháin 80 %.

Is é EUR 1 500 000 an deontas uasta ón Aontas Eorpach in aghaidh an tionscadail.

Ní cheadaítear tacaíocht airgeadais do thríú páirtithe i bhfoirm deontas nó duaiseanna.

Ceadaítear costais oibrithe deonacha. Ní mór na costais aonaid a léirítear a bheith ailínithe leis na costais aonaid sin sa Chinneadh maidir le costais aonaid le haghaidh oibrithe deonacha11 .

Ceadaítear costas aonaid FBM le haghaidh úinéirí FBM. Ní mór na costais aonaid a léirítear a bheith ailínithe leis na costais aonaid sin sa Chinneadh maidir le costais aonaid le haghaidh úinéirí FBManna12 .

Ba cheart a áireamh sa phacáiste oibre ábhartha costais do chruinniú bliantúil amháin ar a laghad (ionadaí amháin ó gach comhpháirtí iomlán den tionscadal) arna eagrú nó arna thionscnamh ag an gCoimisiún Eorpach/nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr chun dea‑chleachtais agus foghlaim fhrithpháirteach a mhalartú idir Acadaimh Múinteoirí Erasmus+.

Conas a chinntear cnapshuim an tionscadail?

Ní mór d’iarratasóirí tábla buiséid mionsonraithe a líonadh isteach de réir na foirme iarratais, agus na pointí seo a leanas á gcur san áireamh:

  • Ba cheart an buiséad a bheith mionsonraithe mar is gá ag an tairbhí/na tairbhithe agus eagraithe i bpacáistí oibre comhleanúnacha (mar shampla roinnte i ‘bainistíocht tionscadail’, ‘oiliúint’, ‘eagrú imeachtaí’, ‘ullmhú agus cur chun feidhme na soghluaisteachta’, ‘cumarsáid agus scaipeadh’, ‘dearbhú cáilíochta’, srl.);
  • Leis an togra ní mór tuairisc a thabhairt ar na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le gach pacáiste oibre; Ní mór d’iarratasóirí miondealú ar an gcnapshuim a sholáthar ina dtogra lena léirítear an scair in aghaidh an phacáiste oibre (agus, laistigh de gach pacáiste oibre, an scair atá sannta do gach tairbhí agus eintiteas cleamhnaithe);
  • Sna costais ar a dtugtar tuairisc is féidir costais ball foirne, costais taistil agus chothaithe, costais trealaimh agus fochonraitheoireachta mar aon le costais eile (mar shampla scaipeadh eolais, foilsiú, aistriú) a chumhdach.

Déanfar meastóireacht ar thograí de réir na bpróiseas meastóireachta caighdeánach le cuidiú ó shaineolaithe inmheánacha agus/nó seachtracha. Déanfaidh na saineolaithe measúnú ar cháilíocht na dtograí de réir na gceanglas a shainítear sa ghlao agus thionchar, cháilíocht agus éifeachtúlacht mheasta na gníomhaíochta.

I ndiaidh na meastóireachta ar an togra, cinnfidh an t‑oifigeach údarúcháin méid na cnapshuime, agus torthaí an mheasúnúcháin a rinneadh á gcur san áireamh.

Socrófar paraiméadair an deontais (uasmhéid deontais, ráta maoiniúcháin, costais incháilithe iomlána, srl.) sa chomhaontú deontais. Féach Cuid C den Treoir Cláir seo, an roinn ‘Costais dhíreacha incháilithe’.

Déanfar meastóireacht ar éachtaí an tionscadail de réir na dtorthaí a chuirtear i gcrích. Leis an scéim maoiniúcháin sin, féadfar díriú ar na haschuir seachas ar na hionchuir, rud a chuirfeadh béim ar cháilíocht agus leibhéal gnóthachtála cuspóirí intomhaiste.

Tugtar tuairisc ar níos mó mionsonraí i samhail an chomhaontaithe deontais atá le fáil ar an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana (TDCT).

Tagged in:  School education