Gluais téarmaí - An Óige
Cóitseálaí
Duine acmhainne nach ball den ghrúpa é agus a thacaíonn le daoine óga chun a dtionscadal a ullmhú, a chur chun feidhme agus chun meastóireacht a dhéanamh air.
Tógáil pobail
Cruthú nó feabhsú pobail i measc daoine aonair a bhfuil riachtanas nó leas coiteann acu nó a bhfuil eispéireas coiteann acu, rud a chruthaigh comhthuiscint. Grúpa beoga comhaltaí atá sa phobal a chruthaítear tríd an bpróiseas cruthaithe pobail, agus bíonn cleachtais agus smaointe maidir le forbairt bhreise á gcomhroinnt acu ar mhaithe leis an bpobal féin.
Sásraí idirphlé
Idirphlé le daoine óga agus eagraíochtaí óige agus cinneadóirí, is fóram do mhachnamh frithpháirteach leanúnach é ar thosaíochtaí, ar chur chun feidhme agus ar an obair leantach a bhaineann le comhar Eorpach i réimse na hóige.
Obair dhigiteach don óige
Na meáin dhigiteacha agus an teicneolaíocht a úsáid, nó aghaidh a thabhairt orthu, go réamhghníomhach san obair óige. Is féidir le meáin dhigiteacha a bheith mar uirlis, gníomhaíocht nó inneachar san obair óige. Ní modh oibre óige í an obair dhigiteach don óige, is féidir í a áireamh in aon suíomh oibre óige agus tá na spriocanna céanna aici le hobair óige go ginearálta.
Éascaitheoir
Duine óg a chuidíonn le grúpa daoine (óga) chun oibriú le chéile ar bhealach níos fearr, chun a gcuspóirí coiteanna a thuiscint, agus chun pleanáil a dhéanamh i leith cuspóirí sin a bhaint amach trí ghníomhaíochtaí Erasmus+
Ceannaire grúpa
I dtionscadail soghluaisteachta óige, is é is ceannaire grúpa ann duine fásta atá 18 mbliana d’aois ar a laghad a théann in éineacht leis na daoine óga, atá ag glacadh páirt i Malartú Ógra nó i nGníomhaíocht Cuimsithe DiscoverEU, chun foghlaim éifeachtach (Youthpass), cosaint, agus sábháilteacht a chinntiú dóibh.
Grúpa neamhfhoirmiúil daoine óga
Grúpa de cheathrar daoine óga ar a laghad nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige faoin dlí náisiúnta is infheidhme, ar choinníoll go mbeidh an inniúlacht dhlíthiúil ag a n‑ionadaithe oibleagáidí dlíthiúla a ghlacadh ar láimh thar a gceann. Féadfaidh na grúpaí daoine óga sin a bheith ina n‑iarratasóirí agus ina gcomhpháirtithe de Ghníomhaíochtaí áirithe de Erasmus+. Chun críche an tsimplithe, comhshamhlaítear iad le daoine dlítheanacha (eagraíochtaí, institiúidí, srl.) sa Treoir seo agus tagann siad faoi choincheap eagraíochtaí rannpháirteacha Erasmus+ le haghaidh ghníomhaíochtaí Phríomhghníomhaíocht 1 inar féidir leo a bheith rannpháirteach. Ní mór ceathrar óg ar a laghad a bheith sa ghrúpa, agus ba cheart dá n‑aois a bheith i gcomhréir le haois fhoriomlán na ndaoine óga sa chlár (13-30). I gcásanna eisceachtúla agus más rud é gur mionaoisigh iad na daoine óga uile, féadfaidh duine fásta ionadaíocht a dhéanamh don ghrúpa. Ar an mbealach sin, d’fhéadfadh grúpa daoine óga (ar mionaoisigh iad uile) iarratas a chur isteach le cabhair ó oibrí óige/cóitseálaí.
Gníomhaíocht taistil
Gníomhaíocht a reáchtáiltear i níos mó ná tír amháin. Tuigtear le gníomhaíochtaí taistil gluaiseacht gach rannpháirtí an tráth céanna.
Rannpháirtí áitiúil i ngníomhaíochtaí óige
Rannpháirtí i ngníomhaíocht soghluaisteachta foghlama a thaistealaíonn níos lú ná 10 km chuig ionad na gníomhaíochta. Níl rannpháirtithe den sórt sin incháilithe le haghaidh tacaíocht taistil, ach, ag brath ar an ngníomhaíocht, d’fhéadfaidís a bheith incháilithe le haghaidh Tacaíocht aonair, Tacaíocht eagraíochtúil agus/nó Tacaíocht chuimsiúcháin.
Obair chliste don óige
Forbairt nuálach oibre óige lena gcuimsítear cleachtas oibre digití don óige, chomh maith le comhpháirt taighde, cáilíochta agus beartais.
Gníomhaíocht óige
Gníomhaíocht a dhéanann daoine óga, ina n‑aonair nó mar chuid de ghrúpa, lasmuigh d’uaireanta scoile (cuir i gcás malartú ógra, obair dheonach nó oiliúint óige), go háirithe trí eagraíochtaí óige, agus arb é a príomhthréith cur chuige seachfhoirmiúil maidir leis an bhfoghlaim.
Oibrí óige
Gairmí nó saorálaí atá páirteach san fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus a thacaíonn le daoine óga lena bhforbairt shochoideachasúil agus ghairmiúil phearsanta.
Youthpass
An uirlis Eorpach chun feabhas a chur ar aithint torthaí foghlama daoine óga agus oibrithe óige maidir lena rannpháirtíocht i dtionscadail a dtacaíonn Clár Erasmus+ leo. Is éard atá in Youthpass:
- deimhnithe ar féidir le rannpháirtithe iad a fháil i roinnt Gníomhaíochtaí den Chlár; agus
- próiseas sainithe lena dtacaítear le daoine óga, oibrithe óige, agus eagraíochtaí óige chun machnamh a dhéanamh ar na torthaí foghlama ó thionscadal Erasmus+ i réimse na hóige agus na foghlama seachfhoirmiúla. Tá Youthpass ina chuid freisin de straitéis níos leithne de chuid an Choimisiúin arb é is aidhm dó aithint na foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla agus na hoibre óige san Eoraip agus lastall di a fheabhsú.