Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Cuid A – Faisnéis ghinearálta faoin gclár Erasmus+

Is éard atá in Erasmus+ Clár an Aontais Eorpaigh i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt le haghaidh na tréimhse 2021-2027. Is príomhréimsí iad an t‑oideachas, an oiliúint, an óige agus an spórt lena dtugtar tacaíocht do na saoránaigh ó thaobh a bhforbartha pearsanta agus gairmiúla de. Ar deireadh thiar, ach oideachas agus oiliúint ardcháilíochta chuimsitheach a chur ar dhaoine óga agus ar rannpháirtithe de gach aois, agus tríd an bhfoghlaim neamhfhoirmiúil agus sheachfhoirmiúil araon, tugtar na cáilíochtaí agus na scileanna is gá dóibh chun bheith rannpháirteach ar bhealach fiúntach sa tsochaí dhaonlathach, chun tuiscint idirchultúrtha a bheith acu agus chun aistriú go rathúil isteach sa mhargadh saothair. Mar fhorbairt ar rath an chláir sa tréimhse 2014‑2020, le Erasmus+ neartaítear iarrachtaí chun cur leis na deiseanna a thairgtear do níos mó rannpháirtithe agus do réimse níos leithne eagraíochtaí, trí dhíriú ar an tionchar cáilíochtúil atá aige agus rannchuidiú le sochaithe atá níos cuimsithí agus níos comhtháite, níos glaise agus níos oiriúnaí go digiteach.

Ní mór do shaoránaigh na hEorpa a bheith níos oilte leis an eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá i sochaí ar a bhfuil athrú dinimiciúil ag teacht agus atá éirí níos soghluaiste, níos ilchultúrtha agus níos digití de réir a chéile. Ba cheart gurbh é an caighdeán é seal a chaitheamh i dtír eile chun staidéar a dhéanamh, chun dul i mbun foghlama agus chun obair a dhéanamh, agus ba cheart an deis chun dhá theanga eile anuas ar theanga dhúchais an duine a thairiscint do gach duine. Is príomh‑chomhchuid é an Clár lena dtacaítear le cuspóirí an Limistéir Eorpaigh Oideachais, an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027, Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh agus Phlean Oibre an Aontais Eorpaigh um Spórt (2021-24).

Mar a léirigh paindéim COVID‑19, tá sé fíor‑riachtanach go mbeifí in ann oideachas a rochtain, níos mó ná riamh, chun téarnamh gasta a áirithiú, agus comhionannas deiseanna do chách á chur chun cinn san am céanna. Mar chuid den phróiseas téarnaimh sin, ardaítear éirim chuimsitheach an chláir chuig leibhéal nua le Erasmus+ trí thacú le deiseanna le haghaidh forbairt phearsanta, shochoideachasúil agus ghairmiúil daoine san Eoraip agus lastall di, arb é is aidhm dó sin gan aon duine a fhágáil chun deiridh.

Chun tionchar cáilíochtúil a ghníomhaíochtaí a mhéadú agus comhionannas deiseanna a áirithiú, leis an gClár is mó agus is fearr an freastal a dhéanfar ar dhaoine nach ionann aois dóibh agus ó chúlraí cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíocha éagsúla. Is cuid lárnach den chlár é dul i bhfeidhm orthu sin ar lú na deiseanna atá acu, lena n‑áirítear daoine faoi mhíchumais agus imircigh, chomh maith le saoránaigh de chuid an Aontais atá ina gcónaí i limistéir iargúlta nó ag a bhfuil deacrachtaí socheacnamaíocha. Ar an mbealach sin, beidh an clár ina spreagadh do na rannpháirtithe, go háirithe daoine óga, a bheith páirteach sa tsochaí shibhialta agus foghlaim conas a bheith rannpháirteach inti, agus feasacht á múscailt faoi luachanna coiteanna an Aontais Eorpaigh. In 2023 leanfar d’iarrachtaí an Chláir a chur i bhfeidhm chun iarmhairtí socheacnamaíocha agus iarmhairtí ar oideachas de thoradh ionradh na Rúise ar an Úcráin a mhaolú, lena n‑áirítear trí thacú le tionscadail lena gcuirtear gníomhaíochtaí oideachais chun cinn agus lena n‑éascaítear comhtháthú na ndaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin ina dtimpeallachtaí foghlama nua, mar aon le gníomhaíochtaí lena dtacaítear le heagraíochtaí, foghlaimeoirí agus baill foirne san Úcráin.

Thairis sin, i gcomhréir le cuspóirí an Chláir Oibre Eorpaigh don Nuálaíocht maidir le tacú le forbairt tallainne chun borradh a chur faoi chumas nuálaíochta na hEorpa, chun fás agus comhtháthú inbhuanaithe a chinntiú san Eoraip amach anseo, tá sé riachtanach forbairt a dhéanamh ar scileanna digiteacha agus inniúlachtaí agus scileanna i réimsí réamhbhreathnaitheacha, mar shampla, an comhrac in aghaidh an athraithe aeráide, an fuinneamh glan, an intleacht shaorga, an róbataic, anailís ar mhórshonraí, srl. Leis an gClár is féidir rannchuidiú a dhéanamh ar bhealach suntasach ach an nuálaíocht a spreagadh agus bearna eolais, scileanna agus inniúlachtaí na hEorpa a dhruidim. Ní mór do ghnólachtaí de chuid an Aontais a bheith níos iomaíche tríd an tallann agus tríd an nuálaíocht. Rachaidh an infheistíocht sin a dhéanfar in eolas, i scileanna agus in inniúlachtaí chun tairbhe do dhaoine aonair, d’institiúidí, d’eagraíochtaí agus don tsochaí ina hiomláine trí rannchuidiú leis an bhfás inbhuanaithe agus tríd an gcothromas, tríd an rathúnas agus tríd an gcuimsiú sóisialta a áirithiú san Eoraip agus lastall di.

Tá dúshlán eile ag baint leis na treochtaí uile‑Eorpacha a bhaineann le rannpháirtíocht theoranta sa saol daonlathach agus leibhéil ísle eolais agus feasachta faoi ábhair Eorpacha agus faoina dtionchar ar shaol gach saoránaigh Eorpaigh. Is iomaí duine ar a bhfuil drogall páirt a ghlacadh agus a bheith rannpháirteach go gníomhach sa phobal nó i saol polaitiúil agus sóisialta an Aontais Eorpaigh, nó is amhlaidh go bhfuil deacrachtaí acu leis sin. Ar mhaithe le todhchaí an Aontais Eorpaigh, tá sé thar a bheith tábhachtach an fhéiniúlacht Eorpach agus rannpháirtíocht daoine óga i bpróisis dhaonlathacha a neartú. Is féidir díriú ar an tsaincheist sin trí ghníomhaíochtaí foghlama seachfhoirmiúla freisin, arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar scileanna agus inniúlachtaí daoine óga chomh maith lena saoránacht ghníomhach.

I gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh a bhaineann lena áirithiú go mbeidh geilleagar inbhuanaithe aige, ba cheart tionscadail a dhearadh ar bhealach éiceabhách agus gach gné de chleachtais ghlasa a ionchorprú iontu. Ba cheart d’eagraíochtaí agus do rannpháirtithe cur chuige atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a ghlacadh agus a dtionscadail á ndearadh acu, rud a spreagfaidh iad le saincheisteanna comhshaoil a phlé agus le foghlaim fúthu, rud a chuirfidh ag smaoineamh iad faoinar féidir a dhéanamh ar a leibhéal féin agus rud a chuideoidh leo cuimhneamh ar bhealaí malartacha atá níos glaise ná mar a bhí lena ngníomhaíochtaí a chur chun feidhme.

Tá sé riachtanach tacú leis an gcomhar trasnáisiúnta agus idirnáisiúnta, agus é a éascú, idir eagraíochtaí i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt ionas go mbeidh níos mó príomhinniúlachtaí i ndaoine, ionas go laghdófar ráta luathfhágála na scoile agus ionas go n‑aithneofar na hinniúlachtaí a fhaightear tríd an bhfoghlaim fhoirmiúil, neamhfhoirmiúil agus sheachfhoirmiúil. Ar an mbealach sin, déantar scaipeadh smaointe agus seachadadh dea‑chleachtas agus saineolais a éascú, agus cumais dhigiteacha a fhorbairt, rud a rannchuidíonn le hoideachas ardcháilíochta, agus an comhtháthú sóisialta á neartú san am céanna. Tá an Clár Erasmus+ ar cheann de na cláir is rathúla dá bhfuil ann san Aontas Eorpach. Leis sin cuirtear leis na héachtaí a bhaineann le ré clár Eorpach a chlúdaíonn níos mó ná 30 bliain i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt, rud a chumhdaíonn éirim comhpháirtíochtaí laistigh den Eorpach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon.

Déantar Treoirleabhar Erasmus+ a dhréachtú i gcomhréir le Cláir Oibre bhliantúla Erasmus+ a ghlac an Coimisiún Eorpach, agus dá bhrí sin is féidir é a athbhreithniú chun na tosaíochtaí agus na modhanna oibre a shainítear a léiriú. Ina theannta sin, tá cur chun feidhme na Treorach seo faoi réir na leithreasuithe dá bhforáiltear sa dréachtbhuiséad a bheith ar fáil tar éis d’Údarás Buiséadach an Aontais an buiséad a ghlacadh le haghaidh na bliana nó dá bhforáiltear i gcóras na ndóú cuid déag shealadacha.