Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Staidéar a dhéanamh thar lear

Faoin gclár Erasmus+, eagraítear malartuithe do mhic léinn agus d'iarrthóirí dochtúireachta.

Déantar an méid sin

  • laistigh de na tíortha atá lánpháirteach sa chlár Erasmus+
  • chuig agus ó thíortha atá comhlachaithe le Erasmus+

An fáth ar cheart duit staidéar a dhéanamh thar lear

  • feabhas a chur ar do scileanna cumarsáide, teanga agus idirchultúrtha
  • scileanna boga a fháil a bhfuil ardmheas ag fostóirí orthu
  • é a nascadh le tréimhse oiliúna thar lear chun taithí oibre a fháil

Míniúchán gairid

Féadfaidh daoine ón Íoslainn, ó Lichtinstéin, ón Macadóin Thuaidh, ón Iorua, nó ón Tuirc páirt a ghlacadh sa chuid is mó de na deiseanna i ngeall go bhfuil na tíortha sin nach Ballstáit den Aontas iad comhlachaithe leis an gclár Erasmus+.

Do dhaoine ó thíortha eile nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad, tá roinnt deiseanna eile ann, cuir i gcás Comhchéimeanna Máistreachta Erasmus Mundus nó an ghné idirnáisiúnta de mhalartú mac léinn agus ball foirne (má ghlacann d’ollscoil páirt ann) agus scéimeanna malartaithe óige.

Beidh ort féachaint ar leathanaigh na ndeiseanna le haghaidh tuilleadh eolais, i ngeall nach ionann an incháilitheacht i gcás gach deise.

Tá dhá chineál tíre ann ina bhfuil Erasmus+ gníomhach.

Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus tíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár

Is féidir leo páirt a ghlacadh i ngach gníomhaíocht de chuid an chláir Erasmus+. Orthu sin tá tíortha uile an Aontais Eorpaigh, comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE), tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas, agus tíortha eile nach iad. Roimhe seo, tugadh ‘tíortha Cláir’ orthu.

Tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár

Is féidir leo páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí áirithe de chuid an chláir Erasmus+. Tá go leor acu sin ann ar fud an domhain. Roimhe seo, tugadh ‘tíortha Comhpháirtíochta’ orthu.

Féach liosta iomlán na dtíortha incháilithe

These descriptions determine the countries in which Erasmus+ activities may take place, and which type of activities are possible.

EU Member States and third countries associated to the Programme

These can fully take part in all the actions of the Erasmus+ Programme. They include all EU countries, members of the European Free Trade Association (EFTA), candidate EU countries and others.

Third countries not associated to the Programme

These can take part in certain Erasmus+ actions. There are many of these, spanning the globe.

Conas iarratas a dhéanamh

Níl aon fhoirm iarratais lárnach ann chun staidéar a dhéanamh thar lear le Erasmus+.

Is féidir leat dul i dteagmháil le hoifig idirnáisiúnta nó Erasmus+ d’ollscoile nó d’institiúide ardoideachais chun tús a chur leis an bpróiseas.

Tá sé d’oibleagáid ar d’institiúid ardoideachais seolta iarratasóirí a roghnú ar bhealach cothrom trédhearcach.

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

  • mic léinn ar leibhéil ghearr-thimthrialla, Bhaitsiléara agus Mháistreachta
  • Iarrthóirí dochtúireachta

atá

Ní mór do do thréimhse staidéir thar lear a bheith

  • ábhartha do do chuid riachtanas foghlama agus forbartha pearsanta a bhaineann le céim
  • mar chuid den chlár staidéir atá á leanúint agat

Fad tréimhse

  • soghluaisteacht fhadthéarmach: 2 mhí ar a laghad suas le 12 mhí thar lear ar a mhéad (soghluaisteachtaí measctha le comhpháirt fhíorúil mar chuid díobh)
  • soghluaisteacht ghearrthéarmach: idir 5 agus 30 lá thar lear (ní mór dóibh a bheith ina solghluaisteachtaí measctha)
  • uasfhad iomlán: 12 mhí laistigh de thimthriall staidéir amháin. Is féidir níos mó ná malartú amháin a dhéanamh laistigh den teorainn sin.

Tabhair do d’aire nach féidir ach le hiarrthóirí dochtúireachta soghluaisteacht ghearrthéarmach gan comhpháirt fhíorúil.

I gcás cúrsaí ‘aon-timthrialla’ ar nós an leighis nó na hailtireachta, féadfaidh tú dul thar lear ar chlár Erasmus+ ar feadh tréimhse nach faide ná 24 mhí.

Is ionann ‘timthriall staidéir’ agus leibhéal an staidéir faoi mar a shainmhínítear sin sa Chreat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF).

Costais agus tacaíocht airgeadais

Is í d’institiúid seolta nó fála a shíníonn na comhaontuithe deontais. Déanann siad iarratas ar mhaoiniú thar ceann a gcuid mac léinn.

Má ghlactar leat le haghaidh deontais, síneoidh tú comhaontú deontais rannpháirtí leo.

Is ranníocaíocht é an méid i leith do chostais taistil agus do chostais mhaireachtála laethúla.

Braitheann sonraí an deontais seo ar go leor coinníollacha éagsúla, an méid seo a leanas ina measc:

  • difríochtaí sna costais mhaireachtála idir do thír féin agus an tír is ceann scríbe
  • líon na mac léinn atá ag cur isteach ar dheontas
  • an t-achar idir tíortha agus infhaighteacht deontas eile

Mar mhac léinn Erasmus+, beidh díolúine agat ar tháillí a ghearrfar as teagasc, clárú, scrúduithe, agus ar gach costas a bhainfidh le rochtain ar shaotharlanna nó leabharlanna na hinstitiúide glactha. D’fhéadfadh sé go mbeadh táille bheag le híoc agat as cúrsaí árachais nó as ballraíocht in aontas na mac léinn.

Tacaíocht eile

Tá tacaíocht bhreise ar fáil freisin do mhic léinn a bheidh ar thréimhse oiliúna, do mhic léinn ar lú na deiseanna atá acu, nó do mhic léinn as na réigiúin is forimeallaí.

D’fhéadfá a bheith incháilithe freisin do dheontais bhreise ó d’institiúid, rialtas nó ó fhoinsí eile. 

Féach an Treoir faoi Mhaoiniú Eorpach nó na Tairseacha Staidéir.

Mic léinn a bhfuil fadhb fhisiciúil, intinne nó shláinte acu

Seiceáil le comhordaitheoir Erasmus+ ag d’institiúid seolta féachaint an féidir leat iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú breise.

Léigh faoi thacaíocht chuimsithe

Foghlaim teangacha

Féadfaidh rochtain ar Thacaíocht Teanga ar Líne Erasmus+ cuidiú leat an teanga a úsáidfidh tú le linn do chuid staidéir a fhoghlaim.

Aitheantas a fháil do do chuid staidéir

Sula ndéanfaidh tú do thréimhse staidéir thar lear, síneoidh tú ‘comhaontú foghlama le haghaidh staidéir’ leis na hinstitiúidí seolta agus fála. 

Déantar an méid seo a leanas mar chuid de:

  • sainmhínítear an chaoi a n-aithneofar do ghníomhaíochtaí thar lear
  • cinntítear go bhfuil na hullmhúcháin soiléir do na páirtithe uile
  • leagtar amach ann cearta agus dualgais na bpáirtithe éagsúla

Gheobhaidh tú freisin Cairt Mac Léinn Erasmus+ ina mínítear na cearta atá agat agus na hoibleagáidí atá ort.

Tar éis do thréimhse staidéir thar lear

  • ní mór don institiúid ina fála tras-scríbhinn a thabhairt duit féin agus do d’institiúid seolta de thaifid lena ndeimhnítear gur críochnaíodh iad agus go bhfuil na torthaí bainte amach
  • ní mór do d’institiúid seolta aitheantas a thabhairt do na creidiúintí (agus leas a bhaint as creidiúintí ECTS nó a chomhionann de chóras) agus iad a áireamh le haghaidh do chéime, gan a thuilleadh riachtanas.
  • ba cheart do thréimhse soghluaisteachta a thaifeadadh san Fhorlíonadh Dioplóma, ag brath ar an áit a bhfuil d’institiúid lonnaithe

Ceanglais maidir le hinstitiúidí ardoideachais rannpháirteacha

Ní mór comhaontú idirinstitiúideach a bheith ag an institiúid seolta agus ag an institiúid fála.

Ní mór Cairt Ardoideachais Erasmus a bheith ag an dá institiúid (más Ballstáit den Aontas iad nó tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gclár Erasmus+). Institiúidí as tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe le clár Erasmus+, tugann siad gealltanas prionsabail na Cairte a urramú nuair a shíníonn siad na comhaontuithe idirinstitiúideacha.