Le 35 bliana anuas, tá maoiniú curtha ar fáil ag an Aontas Eorpach don chlár Erasmus, clár a thug an deis do níos mó ná trí mhilliún mac léinn as an Eoraip seal a chaitheamh in institiúid ardoideachais eile nó le heagraíocht san Eoraip.
Faoi Erasmus+, tá na deiseanna sin ag cách: mic léinn, baill foirne, oiliúnaithe, múinteoirí, oibrithe deonacha agus daoine eile nach iad. Ní taobh leis an Eoraip ná le muintir na hEorpa amháin atáthar ach oiread – faoi Erasmus+, is féidir le pobal mór na cruinne na deiseanna seo a thapú.
Mic léinn
Gné lárnach de Erasmus+ is ea staidéar a dhéanamh thar lear, agus tá fianaise ann go mbíonn tionchar dearfach aige ar dheiseanna fostaíochta ina dhiaidh sin. Is deis é freisin chun feabhas a chur ar do chuid scileanna teanga, chun féinmhuinín agus neamhspleáchas a chothú agus chun tú féin a thumadh i gcultúr nua.
An fhoireann (teagasc)
A bhuí le Erasmus+, tá deiseanna ar fáil chun tamall a thabhairt ag teagasc in institiúid oideachais ar an gcoigríoch. Tá na deiseanna sin ar fáil dóibh siúd atá ag obair i réimse an oideachais, agus do dhaoine aonair atá fostaithe lasmuigh den réimse sin ar mian leo a gcuid saineolais agus taithí a roinnt chomh maith.
An fhoireann (oiliúint)
A bhuí le Erasmus+, tá deiseanna oiliúna ar fáil do bhaill foirne atá ag obair i réimse an oideachais, bídís ag teagasc nó ná bíodh. Ar na deiseanna sin, tá scáthfhoghlaim, tréimhsí breathnaithe agus sainchúrsaí oiliúna ar an gcoigríoch.
Daltaí
Tá sé mar aidhm ag Erasmus+ an tsoghluaisteacht foghlama a dhéanamh réadúil d’aon dalta san oideachas scoile. Fágann an tuiscint chultúrtha agus na scileanna teanga a fhorbraíonn tú trí staidéar a dhéanamh i dtír eile go mbíonn sé níos fusa post a aimsiú nuair atá an staidéar thart. Cothaíonn an clár aitheantas do thorthaí foghlama na ndaltaí a dhéanann tréimhsí soghluaisteachta i dtír eile.
Oiliúnaithe
A bhuí leis an tacaíocht a thugann Erasmus+ do chúrsaí oiliúna ar an gcoigríoch, is féidir leat taithí luachmhar a fháil san ionad oibre. Tá tacaíocht le fáil ó Erasmus+ i dtaca le cúrsaí oiliúna do mhic léinn ardoideachais, dóibh siúd atá díreach tar éis an chéim a bhaint amach, do mhic léinn de chuid an ghairmoideachais, dóibh siúd atá ar oiliúint agus do phrintísigh.
Foghlaimeoirí fásta
Tá sé mar aidhm ag Erasmus+ rannpháirtíocht daoine fásta de gach aois agus de gach cúlra socheacnamaíoch san oideachas aosach a mhéadú, go háirithe trí rannpháirtíocht eagraíochtaí a bhíonn ag obair le foghlaimeoirí faoi mhíbhuntáiste, soláthraithe beaga an oideachais aosaigh, eagraíochtaí nua sa Chlár agus eagraíochtaí nach bhfuil an taithí chéanna acu a chothú, chomh maith le heagraíochtaí pobalbhunaithe.
Daoine óga
Tá Erasmus+ ann do gach duine óg, ní daoine ar chúrsa oideachais nó atá faoi oiliúint amháin. Faoi Erasmus+, is féidir leat obair dheonach a dhéanamh san Eoraip nó lasmuigh di, nó páirt a ghlacadh i malartú ógra ar an gcoigríoch.
Oibrithe don Óige
Tacaíonn Erasmus+ le forbairt ghairmiúil oibrithe don óige trí shealanna a chur ar fáil dóibh le traenáil nó líonrú a dhéanamh thar lear. I dtaca le tréimhsí thar lear, d'fhéadfadh aon cheann díobh seo a leanas a bheith i gceist: cúrsaí traenála, cuairteanna staidéir, scáthfhoghlaim nó tréimhsí breathnaithe.
Sport staff
Erasmus+ supports the professional development of coaches and other sport staff who train or manage teams or individuals. Funding is available for job shadowing or a coaching assignment abroad.