Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Comhchéim Mháistreachta Erasmus Mundus

Próifíl an iarratasóra

Is féidir le gach institiúid ardoideachais atá bunaithe i dtír incháilithe iarratas a dhéanamh. Déanann an t-iarratasóir iarratas thar ceann comhpháirtíocht lena n-áirítear institiúidí ardoideachais eile. Ní mór clár comhstaidéir lánfhorbartha agus creidiúnaithe a bheith sa togra, a bheidh réidh lena reáchtáil agus lena fhógairt ar fud an domhain, má roghnaítear é.

Eolas faoi Chomhchéim Mháistreachta Erasmus Mundus

Is cláir staidéir ardleibhéil chomhtháite ag leibhéal máistreachta iad Comhchéimeanna Máistreachta Erasmus Mundus. Tá siad deartha ag comhpháirtíocht idirnáisiúnta institiúidí ardoideachais agus is iadsan a dhéanann na cláir a theagasc. Bíonn baint ag trí institiúid ardoideachais ar a laghad ó thrí thír éagsúla le gach clár, agus ní mór dhá thír acu ar a laghad a bheith ina mBallstáit den Aontas agus ina dtríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár.

Comhpháirtithe oideachais agus/nó neamh-oideachais ag a bhfuil saineolas sonrach agus sainspéis sa réimse staidéir, d’fhéadfadh siad sin a bheith bainteach le clár staidéir na Comhchéime chomh maith.

Cuireann an tAontas Eorpach maoiniú ar fáil chun na cláir a reáchtáil agus scoláireachtaí iomaíocha a thairiscint do na mic léinn is fearr ar fud an domhain.

Fad ama: 6 bliana acadúla, lena gclúdófar ar a laghad 4 eagrán den chlár máistreachta

Deontas in aghaidh an chláir: suas le €5 mhilliún

Scoláireacht de chuid an Aontais do dhaoine aonair: €1,400 in aghaidh na míosa (24 mhí ar a mhéad)

Gníomhaíochtaí agus torthaí

Ní mór ar a laghad dhá thréimhse staidéir in dá thír (nach ionann iad agus tír chónaithe na mac léinn) a bheith mar chuid de churaclam comhtháite na Comhchéime, agus is gá d'aon tír amháin acu sin ar a laghad a bheith ina Ballstát den Aontas nó ina tríú tír atá comhlachaithe leis an gClár. Bíonn mic léinn den scoth as gach cearn den domhan cláraithe le Comhchéim Mháistreachta Erasmus Mundus a dhéanamh.

Fad gach eagráin den mháistreacht: Tréimhse idir aon bhliain acadúil amháin nó dhá bhliain acadúla (60, 90 nó 120 creidiúint ECTS).

An cineál céime a bhronntar: comhchéim amháin (inmholta) nó níos mó ná céim amháin.

Iarratais agus tuilleadh eolais

Erasmus Mundus i dtreoirleabhar Chlár Erasmus+

Faigh amach an bealach le hiarratas a dhéanamh den chéad uair

Related funding calls

Related documents