Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Mic léinn agus baill foirne atá faoi bhac coirp nó meabhrach nó a bhfuil fadhb sláinte acu

Gabhann gach institiúid ardoideachais orthu, nuair a shíníonn siad Cairt Ardoideachais Erasmus, rochtain chomhionann agus deiseanna comhionanna a chinntiú do rannpháirtithe ó gach cúlra. Dá bhrí sin, is féidir le mic léinn agus le baill foirne atá faoi bhac coirp nó meabhrach nó a bhfuil fadhb shláinte acu leas a bhaint as na seirbhísí tacaíochta a sholáthraíonn an institiúid ar a bhfuil a dtriall ar fáil dá mic léinn áitiúla agus dá foireann áitiúil.

Cé atá incháilithe?

Féachann clár Erasmus+ le cinntiú go mbeidh daoine atá faoi bhac coirp nó meabhrach nó a bhfuil fadhb shláinte acu a fhágann nach bhféadfaidh siad bheith rannpháirteach in Erasmus+ gan tacaíocht bhreise airgeadais a fháil in ann leas iomlán a bhaint as socruithe soghluaisteachta Eorpacha. Chuige sin, déantar aird faoi leith a dhíriú ar threoracha, fáilte, inrochtaineacht fhisiceach, seirbhísí tacaíochta oideolaíocha agus teicniúla, agus, go háirithe, costais bhreise a mhaoiniú.

Is daoine faoi mhíchumas iad roinnt de na hAmbasadóirí mac léinn agus na hAmbasadoirí foirne a roghnaíodh chun an clár Erasmus+ a chur chun cinn. Chuir Jessica as Éirinn in iúl go raibh sí toilteanach a bheith páirteach in Erasmus+ ar an mbealach seo:

Shocraigh mé dul ann. Is duine mé nach dtugann isteach go héasca, thaitin an dúshlán liom. Níor lig mé don mhíchumas mé a choinneáil siar. Táim ag ceapadh go raibh mé meáite níos mó ná riamh ar thaithí rathúil a bhaint as Erasmus dá bharr.

Cén deontas atá ar fáil?

Tá maoiniú breise ar fáil do rannpháirtithe atá faoi bhac coirp nó meabhrach nó a bhfuil fadhb shláinte acu trí thacaíocht riachtanais speisialta Erasmus+. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an deontas Erasmus+ a bheith níos airde ná an gnáth-dheontas le haghaidh staidéir nó tréimhse oiliúna nó an gnáth-dheontas foirne chun na deacrachtaí sonracha a bhíonn le sárú ag an rannpháirtí a chúiteamh (cosúil le cóiríocht oiriúnaithe, cúnamh taistil, freastal leighis, trealamh tacaíochta, ábhar foghlama a oiriúnú, duine tionlacain do mhic léinn agus do bhaill foirne faoi mhíchumas). Is ranníocaíocht bunaithe ar fhíorchostais é an deontas tacaíochta breise seo.

Ba cheart do na hinstitiúidí ardoideachais tuairisc a thabhairt ar a suíomh gréasáin ar conas is féidir le mic léinn agus le baill foirne atá faoi bhac coirp nó meabhrach nó a bhfuil fadhb shláinte acu tacaíocht breise deontais a iarraidh.

Féadfar maoiniú breise a chur ar fáil do mhic léinn agus do bhaill foirne atá faoi bhac coirp nó meabhrach nó a bhfuil fadhb shláinte acu ó fhoinsí eile ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus/nó náisiúnta.

Conas iarratas a dhéanamh?

Mar ullmhúchán don tréimhse soghluaisteachta Erasmus+, ba cheart do rannpháirtí atá faoi bhac coirp nó meabhrach nó a bhfuil fadhb shláinte air a chuid riachtanas agus costas breise a chur in iúl chun iarratas a dhéanamh ar dheontas tacaíochta le haghaidh riachtanais speisialta Erasmus+. Ba cheart don rannpháirtí tacaíocht a fháil ón institiúid ardoideachais a bheidh á sheoladh thar lear chuige sin.

Fiafraigh de chomhordaitheoir Erasmus+ san institiúid ardoideachais ina bhfuil tú faoi láthair faoin nós imeachta iarratais (sprioc-am don iarratas, cá háit ar féidir an fhoirm iarratais a fháil, cá háit a gcuirfidh tú d’fhoirm iarratais isteach etc.).

Déanfaidh an institiúid ardoideachais agus/nó an Ghníomhaireacht Náisiúnta measúnú ar d’iarratas agus déanfaidh siad cinneadh ar an tsuim bhreise a fhéadfaidh tú a fháil.

Cá bhfaighidh tú tuilleadh eolais?

Go ginearálta, ba cheart do d’institiúid ardoideachais a chinntiú go bhfuil na socruithe riachtanacha á ndéanamh ag an institiúid a mbeidh tú ag triall uirthi chun freastal ar na riachtanais faoi leith atá agat, ar an gcoinníoll go bhfuil an bac coirp nó meabhrach nó an fhadhb sláinte atá agat curtha in iúl agat.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na cineálacha saoráidí atá ar fáil san institiúid ardoideachais a mbeidh tú ag triall uirthi sula dtéann tú thar lear, féadfaidh tú labhairt go díreach leis an duine atá freagrach as na cúrsaí sin san institiúid ardoideachais a bhfuil súil agat freastal uirthi. Ba cheart go mbeadh an oifig caidrimh idirnáisiúnta san ollscoil ina bhfuil tú faoi láthair in ann cabhrú leat.

Ionas gur fearr a aithneofar cé na seirbhísí is féidir le gach institiúid a thairiscint do rannpháirtithe soghluaiste, is féidir le hinstitiúidí ardoideachais a shonrú an bhfuil an bonneagar acu chun fáilte a chur roimh mhic léinn agus baill foirne atá faoi bhac coirp nó meabhrach nó a bhfuil fadhb shláinte acu ina gComhaontuithe Idirinstitiúideacha lena n-institiúidí comhpháirtíochta, agus is féidir leo cuntas a thabhairt ar na cineálacha seirbhísí tacaíochta a chuirtear ar fáil do mhic léinn.

Is féidir eolas áisiúil a fháil ar shuíomh gréasáin ExchangeAbility nó ar shuíomh gréasáin Link Network

Féadfaidh tú a iarraidh freisin ar do Ghníomhaireacht Náisiúnta tuilleadh eolais a thabhairt duit faoi shaincheisteanna sonracha atá ag déanamh imní duit nuair a bheidh tú ag pleanáil do thréimhse malairte thar lear.

Tá liosta ag an nGníomhaireacht Eorpach um Riachtanais Speisialta Oideachais agus um Oideachas Ionchuimsitheach de naisc, teagmhálaithe agus eolas ginearálta i dtaca le tíortha san Aontas Eorpach agus sa Limistéar Eacnamaíoch Eorpach, a d'fhéadfadh a bheith ina chúnamh do mhic léinn a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.