Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Gnéithe tábháchtacha a bhaineann leis an gClár Erasmus+

Is fiú aird ar leith a thabhairt ar na gnéithe seo a leanas den Chlár:

Urraim do luachanna an Aontais

Le cur chun feidhme chlár Erasmus+ , agus dá bhrí sin, tairbhithe an chláir agus na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme faoin gclár, ní mór dóibh urraim a bheith acu do luachanna an Aontais lena n‑urramaítear dínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus urraim do chearta an duine, cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad ina measc, i gcomhréir iomlán leis na luachanna agus na cearta a chumhdaítear i gConarthaí an Aontais agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais.

I gcomhréir leis na comhaontuithe deontais, féadfar deontas an tairbhí a fhoirceannadh nó a laghdú mura n‑urramaítear na forálacha sin.

Cosaint, sláinte agus sábháilteacht na rannpháirtithe

Prionsabail thábhachtacha den Chlár is ea cosaint, sláinte agus sábháilteacht na rannpháirtithe atá ag gabháil do thionscadail Erasmus+. Ba cheart an deis a bheith ag gach rannpháirtí lántairbhe a bhaint as na féidearthachtaí le haghaidh foghlaim agus forbairt phearsanta agus ghairmiúil a thairgtear trí Erasmus+. Ba cheart an méid sin a dhearbhú i dtimpeallacht shlán ina n‑urramaítear agus ina gcosnaítear cearta gach duine, a iomláine fhisiceach agus mhothúchánach, a shláinte mheabhrach agus a dhea‑bhail.

Ní mór do gach eagraíocht atá rannpháirteach sa chlár próisis agus socruithe éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun sábháilteacht, cosaint agus neamh‑idirdhealú na rannpháirtithe a chur chun cinn agus a ráthú ina ngníomhaíochtaí. Nuair is gá, ba cheart daoine fásta a bheith in éineacht le rannpháirtithe faoi bhun aoise (daltaí, foghlaimeoirí gairmoideachais agus gairmoiliúna (VET), daoine óga) agus gníomhaíochtaí soghluaisteachta ar bun acu. Ba cheart do na daoine fásta tionlacain a chinntiú go mbeidh cáilíocht na comhchoda foghlama den tsoghluaisteacht sách maith agus ba cheart dóibh cosaint agus sábháilteacht na rannpháirtithe faoi bhun aoise a chinntiú freisin.

Ina theannta sin, ní mór do gach dalta, mac léinn, oiliúnaí, printíseach, foghlaimeoir fásta, duine óg, agus ball foirne, ag a bhfuil baint le gníomhaíocht soghluaisteachta faoi gach Príomhghníomhaíocht den Chlár Erasmus+ a bheith árachaithe in aghaidh na rioscaí a bhaineann lena rannpháirtíocht sna gníomhaíochtaí sin. Leis an gclár is faoi eagraithe an tionscadail atá sé an polasaí árachais is oiriúnaí a lorg de réir an chineáil tionscadail a dhéantar agus na bhformáidí árachais atá le fáil ar an leibhéal náisiúnta. Thairis sin, níl sé riachtanach suibscríobh d’árachas tionscadalsonrach má bhíonn na rannpháirtithe cumhdaithe leis na polasaithe árachais atá ag na heagraithe tionscadail cheana féin.

I gceann ar bith de na cásanna sin, ní mór na réimsí seo a leanas a chumhdach:

  • Aon uair is ábhartha, árachas taistil (lena n‑áirítear damáiste nó caillteanas bagáiste);
  • Dliteanas tríú páirtí (agus, aon uair is iomchuí, slánaíocht ghairmiúil nó árachas le haghaidh freagrachta);
  • Timpiste agus trombhreoiteacht (lena n‑áirítear neamhinniúlacht bhuan nó shealadach);
  • Bás (lena n‑áirítear aisdúichiú i gcás tionscadail a dhéantar ar an gcoigríoch).

Más infheidhme, moltar go láidir go mbeidh Cárta Eorpach um Árachas Sláinte i seilbh rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí trasnáisiúnta. Is cárta saor in aisce é sin lena dtugtar rochtain ar chúram sláinte, a bhfuil tábhacht leighis ag baint leis agus arb é an stát a sholáthraíonn é, le linn fanacht sealadach in aon cheann de 27 dtír an Aontais, san Íoslainn, i Lichtinstéin agus san Iorua, faoi na coinníollacha céanna agus ar an gcostas céanna (saor i dtíortha áirithe) le daoine faoi árachas sa tír sin. Tá tuilleadh eolais faoin gcárta agus faoi conas é a fháil le fáil ag https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=559&langId=ga.

Ar deireadh, má bhíonn baint ag daoine óga faoi bhun 18 mbliana d’aois le tionscadail, éilítear ar eagraíochtaí rannpháirteacha údarú i gcomhair rannpháirtíochta a fháil roimh ré óna dtuismitheoirí nó uathu sin atá ag gníomhú thar a gceann.

An t‑ilteangachas

Tá an t‑ilteangachas ar cheann de bhunchlocha an tionscadail Eorpaigh agus is cumhachtach an tsiombail é de mhian an Aontais a bheith aontaithe san éagsúlacht. Is mór an ról atá ag teangacha iasachta i measc na scileanna a bheidh ina gcabhair le daoine a ullmhú ar bhealach níos fearr don mhargadh saothair agus le lántairbhe a bhaint as na deiseanna atá ar fáil. Tá sprioc leagtha síos ag an Aontas gur cheart an deis a bheith ag gach saoránach, ó aois bheag, dhá theanga iasachta ar a laghad a fhoghlaim.

Ar cheann de chuspóirí sonracha an chláir tá cur chun cinn na foghlama teanga agus na héagsúlachta teanga. Tá ganntanas inniúlachtaí teanga ar cheann de na príomhbhacainní ar an rannpháirtíocht i gcláir oideachais, oiliúna agus óige Eorpacha. Is é is aidhm do na deiseanna a cuireadh ar fáil chun tacaíocht teanga a thairiscint féachaint chuige go mbeadh an tsoghluaisteacht níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí, chun feabhas a chur ar fheidhmíocht agus rannchuidiú le cuspóir sonrach an chláir dá bhrí sin.

Leis an gclár tairgfear tacaíocht foghlama teanga do rannpháirtithe gníomhaíochta soghluaisteachta. Is trí ardán Erasmus+ maidir le Tacaíocht Teanga ar Líne (OLS), agus é oiriúnaithe mar is gá d’earnálacha aonair, a thairgfear an tacaíocht sin den chuid is mó, ós rud é go bhfuil buntáistí foghlama teanga ag baint leis an ríomhfhoghlaim ó thaobh na rochtana agus na solúbthachta de. Le Tacaíocht Teanga ar Líne Erasmus+ (OLS), beidh rannpháirtithe in ann an t‑eolas atá acu ar theangacha a mheasúnú, a chleachtadh agus a feabhas a chur air. I dteannta OLS, is féidir go dtairgfear cineálacha eile tacaíochta teanga chun tacú le riachtanais foghlama teanga spriocghrúpaí ar leith – amhail úsáid na teanga comharthaíochta nó braille, rud is féidir a mhaoiniú tríd an gcatagóir tacaíochta thiomnaithe le haghaidh cuimsiú airgeadais.

Faoi chuimsiú thionscadail an chomhair, spreagfar teagasc teangacha agus foghlaim teangacha freisin. Ar na gníomhaíochtaí nuálaíochta agus ar na dea‑chleachtais arb é is aidhm dóibh scileanna teanga a chur chun cinn, is féidir mar shampla modhanna teagaisc agus measúnaithe a áireamh chomh maith le forbairt ábhair oideolaíoch, taighde, foghlaim teanga ríomhchuidithe agus amhantair fiontraíochta ag úsáid teangacha iasachta.

Tá duaiseanna an tSéala Eorpaigh Teanga bunaithe ag an gCoimisiún Eorpach chun an cháilíocht a aithint, chun tacú le torthaí tionscadal sármhaith a chomhroinnt i réimse an ilteangachais, agus chun leas an phobail a chur chun cinn i bhfoghlaim teangacha. Déanfaidh Gníomhaireachtaí Náisiúnta an Séala Eorpach Teanga a dhámhachtain go bliantúil nó go leathbhliantúil ar eagraíochtaí oideachais agus oiliúna a bhfuil tionscadal Erasmus+ curtha i gcrích acu ar tionscadal é a dheonaigh Gníomhaireacht Náisiúnta agus a bhfuil torthaí sármhaithe faighte acu i réimse na foghlama teanga agus an teagaisc teanga. I dteannta an roghnúcháin i measc tionscadail lena mbaineann Erasmus+, féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta cinneadh an Séala Eorpach Teanga a dhámhachtain ar thionscnaimh eile lena gcloítear le cineálacha cur chuige nuálacha, chuimsitheacha nó uileghabhálacha i leith teagasc teangacha agus foghlaim teangacha araon.

An éirim idirnáisiúnta

Tá gné láidir idirnáisiúnta (is é sin, comhar le tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár) i gceist le Erasmus+ ó thaobh na soghluaisteachta, an chomhair agus gníomhaíochtaí idirphlé beartais de. Tacaíonn sé le heagraíochtaí Eorpacha dul i ngleic le dúshláin dhomhanda a tháinig chun cinn de dheasca an domhandaithe, an athraithe aeráide agus an aistrithe dhigitigh, go háirithe trí ghéarú na soghluaisteachta idirnáisiúnta agus an chomhair le tríú tíortha agus chun ról an Aontais Eorpaigh mar ghníomhaí domhanda a neartú. Cuireann sé le naisc shóisialta trí shoghluaisteacht, malartuithe agus fothú acmhainneachta, solúbthacht shóisialta, forbairt an duine, infhostaitheacht agus rannpháirtíocht ghníomhach a chothú agus trí chainéil rialta le haghaidh comhar duine le duine a chinntiú trí luachanna, prionsabail agus leasanna a chur chun cinn bunaithe ar thosaíochtaí coiteanna. Trí ghníomhaíochtaí tairgtear freagra ar na dúshláin a bhaineann le cáilíocht, nuachóiriú agus infhostaitheacht trí oideachas atá níos oiriúnaí agus níos freagraí le haghaidh téarnamh socheacnamaíoch glas agus inbhuanaithe, fás agus rath i dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, ag cur le forbairt an duine agus forbairt institiúideach, aistriú digiteach, fás agus poist, dea‑rialachas agus síocháin agus slándáil. Tá rannpháirtíocht daoine óga i dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár ina gné lárnach den phróiseas a bhaineann le sochaithe atá níos athléimní a thógáil agus atá bunaithe ar iontaoibh fhrithpháirteach agus ar thuiscint idirchultúrtha.

Scileanna agus cáilíochtaí a aithint agus a bhailíochtú

Le Erasmus+ tacaítear le huirlisí trédhearcachta agus aitheantais den Aontas le haghaidh inniúlachtaí, scileanna agus cáilíochtaí – go háirithe Europass (Dintiúir Dhigiteacha Eorpacha don Fhoghlaim ina measc), Youthpass, an Creat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF), an tAicmiú Eorpach Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha (ESCO), an Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS), an Creat Tagartha Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta (EQAVET), an Clár Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas (EQAR), an Cumann Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas (ENQA) – chomh maith le líonraí uile‑Aontais i réimse an oideachais agus na hoiliúna trína dtacaítear leis na huirlisí sin, go háirithe an Lárionad Náisiúnta Faisnéise um Aitheantas Acadúil (NARIC), líonraí Euroguidance, Lárionaid Náisiúnta Europass agus Pointí Comhordúcháin Náisiúnta EQF. Tá sé mar chuspóir coiteann ag na huirlisí sin a chinntiú gur fearr is féidir inniúlachtaí, scileanna agus cáilíochtaí a aithint agus gur fearr is féidir iad a thuiscint, laistigh de theorainneacha náisiúnta agus tharstu, i ngach fochóras oideachais agus oiliúna agus i ngach earnáil den mhargadh saothair, cé acu a foghlaimíodh na scileanna sin trí mheán oideachas agus oiliúint fhoirmiúil nó trí thaithí foghlama eile (mar shampla taithí oibre; obair dheonach, foghlaim ar líne).

Chun na cuspóirí sin a chomhlíonadh, leis na huirlisí atá ar fáil ba cheart a bheith in ann feiniméin nua a chur san áireamh amhail idirnáisiúnú an oideachais agus na hoiliúna agus úsáid mhéadaithe na foghlama digití agus dintiúir a sheiceáil go digiteach, chomh maith le tacú le cruthú conairí solúbtha foghlama i gcomhréir le riachtanais agus cuspóirí foghlaimeoirí. Ba cheart do na huirlisí inchomparáideacht agus iniomparthacht scileanna, inniúlachtaí agus cáilíochtaí thar theorainneacha a fheabhsú, ag cur ar chumas foghlaimeoirí agus oibreoirí bogadh gan srian le haghaidh foghlama nó oibre.

Treoraíonn roinnt doiciméad seanbhunaithe cur chun feidhme agus forbairt bhreise ar na huirlisí sin, agus Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2017 maidir leis an gCreat Eorpach um Cháilíochtaí le haghaidh foghlama ar feadh an tsaoil, Cinneadh (AE) 2018/646 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le creat coiteann le haghaidh soláthar seirbhísí níos fearr do scileanna agus do cháilíochtaí (Europass) agus Moladh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 maidir le bailíochtú na foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla san áireamh. Anuas ar na doiciméid beartais chothrománacha sin, is é is aidhm do straitéisí téamacha i réimse na hóige,1  cuir i gcás Youthpass agus an Straitéis Eorpach um Oiliúint (ETS) tacaíocht bhreise a thairiscint do na forbairtí sna réimsí sin.

Tionscadail chumarsáide agus a dtorthaí chun an tionchar a uasmhéadú

Tá sé thar a bheith tábhachtach cumarsáid a dhéanamh maidir le tionscadail agus a dtorthaí chun a chinntiú go n‑imreofar tionchar ar leibhéil éagsúla. Éilítear ar iarratasóirí ar mhaoiniú faoi Erasmus+ pleanáil a dhéanamh maidir lena ngníomhaíochtaí cumarsáide a bhfuil d’aidhm leo eolas a chomhroinnt faoina dtionscadal agus faoina dtorthaí le linn shaolré an tionscadail agus ina dhiaidh sin, ag brath ar an ngníomhaíocht. Déanfar meastóireacht ar iarratais tionscadail bunaithe ar chritéir ábhartha chun a chinntiú go gcumhdófar na gnéithe sin. Ba cheart leibhéal agus déine na ngníomhaíochtaí cumarsáide agus scaipthe a bheith i gcomhréir le cuspóirí, raon feidhme agus spriocanna na ngníomhaíochtaí éagsúla a bhaineann le Erasmus+.Beidh ar thairbhithe mhaoiniú Erasmus+ cloí leis na treoirlínte maidir le cumarsáid chorparáideach le haghaidh tairbhithe tionscadail a d’ullmhaigh an Coimisiún Eorpach, agus beidh orthu monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar rath a ngníomhaíochtaí cumarsáide, ar bhealach cáilíochtúil agus cainníochtúil araon.

Mar a shonraítear sna treoirlínte maidir le cumarsáid chorparáideach, ní mór do thairbhithe tacaíocht an Aontais Eorpaigh a aithint go soiléir i ngach gníomhaíocht agus táirge cumarsáide agus scaipthe, cuir i gcás, imeachtaí, suíomhanna gréasáin, ábhar físe agus foilseacháin. Go sonrach, ní mór dóibh a chinntiú go mbeidh feathal an Aontais Eorpaigh san áireamh i ngach ábhar cumarsáide agus go n‑urramaítear na forálacha a leagtar amach sa chomhaontú deontais nó sa chinneadh deontais2 . Féadfar deontas an tairbhí a laghdú mura n‑urramaítear na forálacha sin.

Dearfaidh tairbhithe straitéis cumarsáide agus plean cumarsáide trí na fachtóirí seo a leanas a chur san áireamh:

  • Cuspóirí na cumarsáide: ba cheart d’iarratasóirí a shainaithint cad ba mhaith leo a bhaint amach le gníomhaíochtaí cumarsáide ar leith, is é sin, feasacht a mhúscailt, luachanna sochaíocha a chur chun cinn, comhpháirtíochtaí nua a fhorbairt le haghaidh na todhchaí nó tionchar a imirt ar bheartais agus ar chleachtais; 
  • An spriocphobal nó an spriocghrúpa: is gá d’iarratasóirí a shainiú cé hiad na daoine ar mhaith leo dul i gcion orthu agus a d’fhéadfadh leas a bhaint as torthaí na dtionscadal.  Ba cheart an lucht féachana nó an spriocghrúpa a shainiú ar bhealach atá chomh sonrach agus is féidir. Is féidir gurb é an pobal i gcoitinne, geallsealbhóirí sonracha, saineolaithe agus páirtithe leasmhara eile, cinneadóirí, na meáin srl. atá ann;
  • An cainéal agus na gníomhaíochtaí chun freastal ar an spriocphobal: ní mór d’iarratasóirí na cainéil agus na gníomhaíochtaí is éifeachtaí agus is iomchuí dá bhfuil ann a roghnú chun riar ar riachtanais a spriocphobal roghnaithe, amhail na meáin sóisialta, imeachtaí, foilseacháin.
  • Torthaí an tionscadail (aischuir agus torthaí) cuir i gcás treoir um dhea‑chleachtais, uirlis nó táirge praiticiúil, tuarascáil taighde ar staidéar, an t‑eolas agus na scileanna a gnóthaíodh agus mar sin de. Ba cheart freisin torthaí a chomhroinnt nó a chur chun cinn tríd an Ardán Torthaí ar Thionscadail Erasmus+ (https://ec.europa.eu/programmes/erasmus-plus/projects_en).
  • An comhuainiú: is gá d’iarratasóirí plean a leagan amach maidir leis an tráth a dhéanfar gníomhaíochtaí éagsúla (agus é á nascadh le plean oibre/garspriocanna), teacht ar chomhaontú faoi spriocanna réalaíocha agus an tsolúbthacht a chinntiú ag brath ar dhul chun cinn an tionscadail, ar an athrú ó thaobh riachtanais an spriocphobail nó an spriocghrúpa de chomh maith le forbairt beartas agus próiseas.
  • Príomhtháscairí feidhmíochta (KPInna): is uirlis bainistíochta luachmhar iad táscairí feidhmíochta chun monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn (agus coigeartuithe a dhéanamh más gá) le linn chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí cumarsáide agus scaipthe agus chun meastóireacht a dhéanamh ar a rathúla is atáthar ó thaobh bhaint amach a gcuspóirí de. Ba cheart do na heochairtháscairí feidhmíochta a bheith comhsheasmhach leis na Táscairí Cumarsáide Líonra corparáideach3 .

Ceanglas Rochtana Oscailte Erasmus+ le haghaidh ábhair oideachais

Le Erasmus+ cuirtear rochtain oscailte ar thorthaí tionscadail chun cinn chun tacú leis an bhfoghlaim, leis an teagasc, leis an oiliúint, agus le hobair óige. Go sonrach, tá oibleagáid ar thairbhithe Erasmus+ aon acmhainn agus uirlis oideachais a tháirgtear i gcomhthéacs tionscadal a fhaigheann tacaíocht ón gClár – doiciméid, meáin, bogearraí nó ábhair eile – a chur ar fáil saor in aisce don phobal faoi cheadúnas oscailte. Ba cheart a bheith in ann na hábhair a rochtain agus a aisghabháil go héasca gan costas ná teorainneacha, agus leis an gceadúnas oscailte ba cheart don phobal a bheith in ann an acmhainn a úsáid, a athúsáid, a oiriúnú agus a chomhroinnt. Tugtar ‘Acmhainní Oscailte Oideachais’ (OER) ar na hábhair sin. Chun an aidhm sin a bhaint amach, ba cheart na hacmhainní a uaslódáil i bhfoirm dhigiteach ineagarthóireachta agus ar ardán inrochtana atá oscailte agus oiriúnach. Cé go moltar do thairbhithe na ceadúnais is oscailte a chur i bhfeidhm le Erasmus+4 , féadfaidh tairbhithe ceadúnais a roghnú lena gcuirtear teorainneacha áirithe i bhfeidhm, mar shampla srian a chur ar dhaoine eile úsáid tráchtála a bhaint astu, nó ceangal a chur ar dhaoine eile an ceadúnas céanna a chur i bhfeidhm ar shaothair dhíorthacha, más iomchuí sin a dhéanamh ó thaobh chineál an tionscadail agus an tsóirt ábhair atá i gceist, agus más féidir leis an bpobal an acmhainn a úsáid, a athúsáid, a oiriúnú agus a chomhroinnt go fóill féin. Tá an ceanglas rochtana oscailte éigeantach agus gan dochar do na cearta maoine intleachtúla de chuid na dtairbhithe deontais.

Rochtain Oscailte Erasmus+ le haghaidh taighde agus sonraí

Le Erasmus+ moltar do thairbhithe aschuir taighde a fhoilsiú trí chonairí rochtana oscailte, is é sin ar bhealaí atá saor in aisce nó nach mbaineann srianta rochtana ar bith eile leo d’úsáideoirí. Moltar freisin do thairbhithe ceadúnais oscailte a chur i bhfeidhm maidir le haschuir taighde. Aon uair is féidir, ba cheart sonraí a bhailítear le tionscadail a fhoilsiú i bhfoirm ‘sonraí oscailte’, is é sin, gan ceadúnas oscailte, i bhformáid oiriúnach agus ar ardán sonraí oscailte oiriúnach.