Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Gníomhaíochtaí Jean Monnet: an teagasc agus an taighde faoin Aontas Eorpach a spreagadh

Reáchtáiltear gníomhaíochtaí Jean Monnet faoi Erasmus+ chun tacú leis an teagasc, an fhoghlaim, an taighde agus pléití maidir le gnéithe éagsúla den Aontas Eorpach.

On this page

  • actions for schools and VET institutions (ISCED 1-4)
  • actions for higher education institutions
  • links to teaching tools and other resources

Already applied for funding?

Read examples of how other projects are making use of Jean Monnet funding.

Ar an leathanach seo

  • gníomhaíochtaí do scoileanna agus d’institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna (ISCED 1-4)
  • gníomhaíochtaí d’institiúidí ardoideachais
  • naisc chuig uirlisí teagaisc agus acmhainní eile

Gníomhaíochtaí do scoileanna

Ó mhí an Mhárta 2021 agus faoi chlár Erasmus+ do 2021-2027, cuireann Gníomhaíochtaí Jean Monnet deiseanna nua maoiniúcháin ar fáil do scoileanna agus d’institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna.

Tá sé d’aidhm ag na gníomhaíochtaí sin tacú le múinteoirí sa bhunoideachas, sa mheánoideachas agus sa ghairmoideachas chun daoine óga a chur ar an eolas agus feasacht chriticiúil a fhorbairt maidir leis an Aontas Eorpach, an méid a sheasann sé dó, an chaoi a n-oibríonn sé agus an difear a dhéanann sé dá saol ó lá go lá. Clúdaíonn na gníomhaíochtaí sin an t-oideachas agus an ghairmoiliúint araon (ISCED 1-4).

Na heagraíochtaí a eagraítear faoin gcuid seo, cruthóidh siad freisin deiseanna nua d’fhás gairmiúil maidir le gné Eorpach an teagaisc ar scoil, go háirithe an teagasc faoin Aontas Eorpach.

Oiliúint Múinteoirí Jean Monnet

D’institiúidí a bhíonn ag gabháil d’oiliúint/oideachas múinteoirí chun tacú le múinteoirí teagasc a dhéanamh faoin Aontas ina seomraí ranga. Tá an ghníomhaíocht sin oscailte freisin d’institiúidí ardoideachais a bhíonn ag gabháil d’oideachas múinteoirí.

Féach an deis oiliúna

Tionscnaimh foghlama Jean Monnet an Aontais do scoileanna agus d’institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna

Do scoileanna agus d’institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna (ISCED 1-4), lena gcuirfear ar a gcumas ábhar sonrach a sholáthar ar ábhair atá bunaithe ar an Aontas.

Faigh eolas faoin deis maidir le tionscnaimh foghlama

Líonra Jean Monnet do scoileanna agus d’institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna

Do scoileanna agus d’institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna (ISCED 1-4), lena gcuirfear ar a gcumas páirt a ghlacadh sa phlé maidir le beartas an Aontais ar scoil agus i gcomhar le hinstitiúidí ardoideachais.

Féach Líonraí Jean Monnet do scoileanna

Uirlisí teagaisc

Is féidir teacht ar naisc chuig uirlisí agus acmhainní do mhúinteoirí ag bun an leathanaigh seo.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi chúlra Ghníomhaíochtaí Jean Monnet do scoileanna, léigh an foilseachán ‘Foghlaim faoin Aontas ar scoil’.

 Gníomhaíochtaí d’institiúidí ardoideachais

Tacaíonn siad sin leis an teagasc agus leis an taighde i réimse léann an Aontais Eorpaigh ar fud an domhain lena gclúdaítear staidéar ar an Eoraip ina hiomláine, le béim ar leith ar ghné an Aontais ó dhearcadh inmheánach agus domhanda freisin. Féadfaidh raon feidhme léann an Aontais Eorpaigh a bheith éagsúil fad is go ndéantar gné an Aontais a fhiosrú.

Ba cheart go gcuirfeadh léann an Aontais Eorpaigh saoránacht ghníomhach Eorpach chun cinn chomh maith le luachanna Eorpacha, sin agus déileáil le ról an Aontais i ndomhan domhandaithe lena gcuirtear feabhas ar fheasacht an Aontais agus lena ndéantar rannpháirtíocht amach anseo agus idirphlé duine le duine a éascú.

Gníomhaíochtaí teagaisc agus taighde in institiúidí ardoideachais: 

Modúil Jean Monnet

Gearrchláir nó gearrchúrsaí teagaisc i réimse léann an Aontais Eorpaigh.

Faigh tuilleadh eolais faoi Mhodúil agus féach conas iarratas a dhéanamh

Ollúnachtaí Jean Monnet

Poist teagaisc le speisialtóireacht i léann an Aontais Eorpaigh a bhíonn á gcleachtadh ag ollúna ollscoile.

Faigh tuilleadh eolais faoi Ollúnachtaí Jean Monnet

Ionaid Barr Feabhais Jean Monnet

Eolas agus inniúlachtaí maidir le hábhair an Aontais Eorpaigh a chomhthiomsú. Tá ról lárnach acu freisin maidir le dul i gcion ar mhic léinn ó dhámha nach mbíonn ag plé de ghnáth le léann an Aontais Eorpaigh.

Foghlaim faoi na hIonaid agus an deis mhaoiniúcháin

Líonraí Jean Monnet san Ardoideachas

Tacaíocht do líonraí móra téamacha chun an díospóireacht bheartais a dhaingniú.

Féach cé atá in ann iarratas a dhéanamh ar Líonraí agus an méid atá incháilithe

Cúlra

Chuir an Coimisiún Eorpach tús le gníomhaíochtaí Jean Monnet in 1989 chun barr feabhais sa teagasc agus sa taighde a chur chun cinn i réimse léann an Aontais Eorpaigh ar fud an domhain.

Ó bunaíodh iad in 1989, dhírigh na gníomhaíochtaí sin ar institiúidí ardoideachais. Tá tacaíocht airgeadais faighte ag thart ar 9,000 teagascóirí ollscoile agus breis agus 1,000 ollscoil i dtuairim agus 100 tír lena gcuirtear ar a gcumas ábhar nua a chur ar fáil i léann Eorpach mar chuid dá gcuraclam. Trí dhaoine acadúla, taighdeoirí agus lucht ceaptha beartas a nascadh le chéile, spreag Gníomhaíochtaí Jean Monnet idirphlé idirnáisiúnta agus thacaigh siad le lucht ceaptha beartas ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta araon.

Erasmus+, what's in it for me?

Get a summary brochure of Erasmus+ for schools, available for download in all languages from the EU Publications Office.