Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Líonra Jean Monnet le haghaidh scoileanna agus institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna

Próifíl an Iarratasóra

Scoileanna agus soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna i ngach tír atá rannpháirteach sa chlár Erasmus+.

Ní mór ar a laghad 5 eagraíocht ó ar a laghad 3 thír éagsúla atá rannpháirteach sa chlár Erasmus+ a bheith mar chuid den líonra.

Ní féidir le daoine aonair cur isteach air.

Fad tréimhse: 3 bliana

Uasmhéid an deontais in aghaidh an Líonra €300,000 (méid arb ionann agus uasmhéid 80% de na costais iomlána)

Cad atá incháilithe mar Líonra Jean Monnet le haghaidh scoileanna agus institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna?

Dea-chleachtais a chomhroinnt agus comhtheagasc a dhéanamh idir scoileanna agus soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna, ar fud grúpa tíortha, chun comhthuiscint a éascú maidir le modheolaíochtaí foghlama faoi chúrsaí an Aontais Eorpaigh.

Cuireadh an snáithe sin de Ghníomhaíochtaí Jean Monnet ar bun chun tacú le gníomhaíochtaí nach féidir a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta, mar aon leis na cinn a bhfuil gné ilnáisiúnta ag baint leo.

Cad lena bhfuiltear ag súil ó Líonra Jean Monnet?

Is iad na scoileanna/soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna iad féin a leagfaidh amach na topaicí ar a n-oibreoidh siad. D’fhéadfadh na topaicí seo a leanas a bheith ina measc:

  • bealaí nua nó nuálacha chun saincheisteanna éagsúla an Aontais a theagasc, modheolaíochtaí nua a mholadh agus uirlisí a chruthú chun tacú le foghlaimeoirí san áireamh.
  • dea-chleachtais agus taithí a chomhroinnt maidir le cúrsaí an Aontais a theagasc, an chaoi a dtéann siad i ngleic le dúshláin shonracha san áireamh.

D’fhéadfadh teagascóirí tréimhsí soghluaisteachta a dhéanamh ar feadh cúpla lá chun cómhúinteoireacht/comhtheagasc a eagrú agus a chur ar fáil lena gcomhpháirtithe.

Spriocdhátaí agus foirmeacha iarratais

An Treoirleabhar do Chlár Erasmus+

Treoir céim ar chéim maidir leis an bpróiseas iarratais

Related funding calls