Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Modúil Jean Monnet

Próifíl an iarratasóra

  • Institiúidí ardoideachais atá bunaithe i dtír ar bith ar domhan

Caithfidh Cairt Ardoideachais Erasmus (ECHE) a bheith ag na hinstitiúidí/gníomhaireachtaí sin atá bunaithe i dtíortha atá rannpháirteach sa Chlár Erasmus+.

Fad tréimhse: 3 bliana, agus 40 uair an chloig teagaisc ar a laghad in aghaidh na bliana acadúla san institiúid ardoideachais is iarratasóir.

Sna huaireanta teagaisc d’fhéadfadh uaireanta teagmhála dírí le mic léinn i léachtaí grúpaí, seimineáir agus ranganna teagaisc a bheith san áireamh, agus d’fhéadfadh formáid chianfhoghlama a bheith i gceist le haon cheann acu sin, ach ní féidir teagasc aonair a áireamh.

Uasmhéid an deontais: €35,000

Cén cineál ruda atá incháilithe mar Mhodúl Jean Monnet san Ardoideachas?  

Clár gearr teagaisc nó cúrsa i réimse léann an Aontais Eorpaigh in institiúid ardoideachais, ina ndírítear ar dhisciplín ar leith amháin nó ag a bhfuil cur chuige ildisciplíneach, agus ar ceann díobh seo a leanas é:

  • cúrsa ginearálta nó cúrsa tosaigh ar shaincheisteanna an Aontais Eorpaigh (go háirithe in institiúidí agus i ndámha nach bhfuil cúrsa ardfhorbartha sa réimse acu go fóill);
  • sainteagasc ar fhorbairtí san Aontas Eorpach (go háirithe in institiúidí agus i ndámha a bhfuil cúrsa ardfhorbartha sa réimse acu cheana féin); nó
  • cúrsaí samhraidh agus dianchúrsaí a aithnítear go hiomlán.

Cad lena bhfuiltear ag súil ón institiúid ardoideachais ag a bhfuil Modúl Jean Monnet á óstáil?

Ní mór do Mhodúil Jean Monnet ábhar nuálach suimiúil a bhaineann go sonrach leis an Aontas a thabhairt do na foghlaimeoirí; ba cheart dóibh torthaí na ngníomhaíochtaí eagraithe teagaisc agus taighde a scaipeadh agus a shaothrú lasmuigh de raon feidhme na bpáirtithe leasmhara a bhfuil baint dhíreach acu leo.

Spreagtar comhordaitheoirí Mhodúil Jean Monnet an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • alt piarmheasúnaithe amháin ar a laghad a fhoilsiú le linn thréimhse an deontais;
  • páirt a ghlacadh in imeachtaí scaipthe agus imeachtaí eolais ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach;
  • imeachtaí (léachtaí, seimineáir, ceardlanna, etc.) a eagrú le lucht ceaptha beartas ar an leibhéal áitiúil (e.g. méaraí agus comhairleoirí), ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta;
  • torthaí a ngníomhaíochtaí a scaipeadh trí sheimineáir nó léachtaí a eagrú a bheidh dírithe ar an bpobal i gcoitinne agus ar ionadaithe na sochaí sibhialta agus a bheidh curtha in oiriúint dóibhsean;
  • líonrú a dhéanamh le comhordaitheoirí eile na Modúl, le hIonaid Barr Feabhais agus le hOllúnachtaí Jean Monnet agus le hInstitiúidí dá dtugtar tacaíocht;
  • acmhainní oscailte oideachais (OER) a chur i bhfeidhm, agus achoimrí, ábhar agus sceideal a ngníomhaíochtaí a fhoilsiú, chomh maith leis na torthaí a mheastar a bheidh ann.

Related calls

Last updated:

Please don’t forget the captcha