Líonraí Jean Monnet san Ardoideachas
Próifíl an iarratasóra
-
Institiúidí ardoideachais atá bunaithe i dtír ar bith ar domhan
-
Na hinstitiúidí/gníomhaireachtaí sin atá bunaithe i dtíortha atá rannpháirteach sa Chlár Erasmus+, caithfidh Cairt Ardoideachais Erasmus (ECHE) a bheith acu.
Fad tréimhse: 3 bliana
Uasmhéid an deontais: €1,200,000 in aghaidh an líonra
Cén cineál líonraí atá incháilithe mar Líonraí Jean Monnet san Ardoideachas?
Féadfaidh dhá chineál líonraí téamacha a bheith incháilithe:
-
Líonra a dhíríonn ar ábhar beartais inmheánach ar leith de chuid an Aontais. Is éard a theastaíonn 12 institiúid ardoideachais ar a laghad as 7 dtír ar leith, idir Bhallstáit den Aontas agus tíortha nach Ballstáit den Aontas iad ach atá bainteach leis an gClár.
-
Líonra a dhíríonn ar shaincheisteanna a bhaineann leis an mbeartas eachtrach agus a thugann aghaidh ar aon tosaíocht ar leith. Is éard a theastaíonn 12 institiúid ardoideachais ar a laghad le 6 rannpháirtí ar a laghad as tíortha nach Ballstáit den Aontas iad nach bhfuil bainteach leis an gClár ach a fhaigheann maoiniú ó ionstraimí an Aontais le haghaidh bearta seachtracha. Ba cheart do na heagraíochtaí ábhartha sna tíortha a fhaigheann tacaíocht a bheith rannpháirteach sa líonra maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an mbeartas eachtrach.
Cad a bhfuiltear ag súil leis ó Líonraí Jean Monnet san Ardoideachas?
-
na rudaí seo a leanas a bhailiú, a chomhroinnt agus a phlé i measc na gcomhpháirtithe: torthaí taighde, ábhar cúrsa, taithí, táirgí (staidéir, ailt, etc.)
-
uirlis a fhorbairt lena gcuirfear ar chumas na gcomhpháirtithe a saothair acadúla a chomhroinnt agus cleachtaí athbhreithnithe piaraí a reáchtáil, chomh maith le tuairimí a thabhairt ar na doiciméid a phostálfar
-
na torthaí is nuálaí agus is suimiúla a roghnú ar bhonn tráthrialta le cur ar fáil don Choimisiún
Is é an aidhm dheiridh atá ag na líonraí téamacha aiseolas rialta a chur ar fáil (e.g. nuachtlitir ar líne) maidir leis na cleachtais is ardfhorbartha agus is nuálaí, rud a thacóidh agus a chuirfidh leis an bplé.
An próiseas chun iarratas a dhéanamh
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas iarratais, tabhair cuairt orthu seo
-
Treoirleabhar Erasmus+, áit a gcuirtear eolas mionsonraithe ar fáil (na critéir iarratais, amlínte, na cistí atá ar fáil)
-
An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (EACEA) – is í an ghníomhaireacht feidhmiúcháin a dhéanann na hiarratais féin a bhainistiú
-
Gníomhaireachtaí Náisiúnta – an pointe teagmhála áitiúil chun treoracha tacaíochta a fháil maidir leis an bpróiseas iarratais
Related calls
There are no calls open at the moment
The next round of funding will open towards the end of the year.
Browse the list of previous calls
Last updated: