Imeachtaí Spóirt Eorpacha Seachbhrabúsacha
Cuspóirí na gníomhaíochta
Is é is aidhm don Ghníomhaíocht tacú le himeachtaí spóirt a eagrú le héirim Eorpach sna réimsí seo a leanas:
- obair dheonach sa spórt;
- cuimsiú sóisialta tríd an spórt;
- an comhrac in aghaidh an idirdhealaithe sa spórt, agus an comhionannas inscne san áireamh;
- stíleanna maireachtála sláintiúla a spreagadh do chách: díreoidh tionscadail faoin tosaíocht seo ar an méid a leanas go príomha:
- trí cholún thionscnamh HealthyLifestyle4All a chur chun feidhme;
- Council Recommendation on health-enhancing physical activity [an Moladh ón gComhairle maidir le gníomhaíocht coirp ar mhaithe le feabhsú sláinte] agus Treoirlínte AE maidir le Gníomhaíocht Coirp a chur chun feidhme;
- an tacaíocht le cur chun feidhme Sheachtain Eorpach an Spóirt;
- an spórt agus an ghníomhaíocht coirp a chur chun cinn mar uirlis sláinte;
- na gníomhaíochtaí uile lena spreagtar cleachtadh an spóirt agus na gníomhaíochta coirp a chur chun cinn;
- spórt agus cluichí traidisiúnta a chur chun cinn.
Ní mór don tionscadal díriú ar cheann amháin de na cuspóirí sin. Féadfaidh sé freisin díriú ar na cuspóirí eile, ach ní mór don phríomhchuspóir a bheith in‑sainaitheanta go soiléir agus i bhfeidhm sa togra.
Soláthraítear leis tacaíocht airgeadais chun imeacht spóirt uile‑Eorpach amháin a eagrú i mBallstát amháin den Aontas nó i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár nó chun imeachtaí áitiúla Eorpacha a eagrú i roinnt Ballstát den Aontas nó i roinnt tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár.
Tacaíonn an ghníomhaíocht seo freisin le himeachtaí spóirt ar mórscála san Eoraip, ar imeachtaí iad arb é is aidhm dóibh tionchar an-ard a bhaint amach agus gníomhaíochtaí leantacha a chur chun feidhme chun oidhreacht a chinntiú i dtéarmaí tairbhí sochaíocha agus chur chun cinn an chuimsithe tríd an spórt, go háirithe cuimsiú daoine faoi mhíchumas a chothú.
Cé na critéir atá le comhlíonadh chun iarratas a dhéanamh ar imeachtaí spóirt seachbhrabúsacha eorpacha?
Critéir incháilitheachta
Chun bheith incháilithe le haghaidh deontas Erasmus+, ní mór do thograí tionscadail le haghaidh imeachtaí spóirt Eorpacha seachbhrabúsacha na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:
Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?
Chun bheith incháilithe, ní mór do na hiarratasóirí (tairbhithe agus eintitis chleamhnaithe, más infheidhme):
- a bheith ina neintitis dhlítheanacha (comhlachtaí poiblí nó príobháideacha);
- a bheith ina n‑iarratasóirí atá bunaithe i mBallstát den Aontas Eorpach nó i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár;
- a bheith gníomhach i réimse an spóirt.
Mar shampla, d'fhéadfaidís seo a leanas a bheith i gceist le heagraíochtaí den sórt sin (ní liosta uileghabhálach atá ann):
- comhlacht poiblí atá i gceannas ar an spórt ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta;
- eagraíocht spóirt ar leibhéal áitiúil, náisiúnta, Eorpach nó idirnáisiúnta;
- Coiste Oilimpeach Náisiúnta nó Cónaidhm Spóirt Náisiúnta;
- eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar an ngluaiseacht ‘spórt do chách’;
- eagraíocht atá gníomhach i réimse chur chun cinn na gníomhaíochta coirp;
- eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar an earnáil fóillíochta gníomhaí;
- eagraíocht atá gníomhach i réimse an oideachais, na hoiliúna nó na hóige.
Comhdhéanamh cuibhreannais
Is éard atá in imeacht spóirt Eorpach seachbhrabúsach imeacht trasnáisiúnta agus baineann an méid seo a leanas leis:
- I gcás an imeachta áitiúil Eorpaigh (Cineál I – EUR 200 000): ar a laghad 3 eagraíocht ó 3 thír agus ar a mhéad 5 eagraíocht ó 5 thír ar Ballstáit den Aontas iad nó tíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár
- I gcás an imeachta áitiúil Eorpaigh (Cineál II – EUR 300 000): sé eagraíocht ar a laghad a thagann ó shé Bhallstát éagsúla den Aontas nó tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár.
- I gcás an imeachta áitiúil uile‑Eorpaigh (EUR 450 000): 10 n‑eagraíocht ar a laghad (iarratasóir amháin + naoi n‑eagraíocht rannpháirteacha a chuirtear i láthair mar chomhpháirtithe comhlachaithe) a thagann ó 10 mBallstát éagsúla den Aontas nó tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár.
- Le haghaidh an imeachta Mórscála Eorpaigh: 15 n‑eagraíocht ar a laghad (aon iarratasóir amháin + 14 n‑eagraíocht rannpháirteacha a chuirtear i láthair mar chomhpháirtithe comhlachaithe) a thagann ó 15 mBallstát éagsúla den Aontas agus ó thríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár.
Ní mór an ceanglas maidir leis an deontas arna iarraidh a chomhlíonadh le comhdhéanamh an chuibhreannais.
Gníomhaíochtaí incháilithe
I gcás na nimeachtaí áitiúla Eorpacha (Cineál I agus Cineál II), ní mór imeachtaí spóirt seachbhrabúsacha a reáchtáil i ngach Ballstát den Aontas Eorpach nó i ngach tríú tír atá comhlachaithe leis an gClár a rannpháirtíonn san Imeacht Spóirt Eorpach Seachbhrabúsach.
I gcás an imeachta uile-Eorpaigh, is éard atá sa ghníomhaíocht incháilithe imeacht spóirt uathúil atá á reáchtáil i dtír bhunaíochta an iarratasóra nó, má thugtar údar cuí leis san iarratas, sa tír bhunaíochta lena mbaineann ceann de na heagraíochtaí rannpháirteacha
Le haghaidh an imeachta Mórscála Eorpaigh, ní mór na gníomhaíochtaí seo a dhéanamh in 2025 i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár. Ní mór 7 spórt éagsúla ar a laghad a thaispeáint sna himeachtaí spóirt sin agus ní mór gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme i rith na bliana i ndiaidh an imeachta a áireamh iontu, chun a oidhreacht a chinntiú i dtéarmaí tairbhí sochaíocha (e.g. tairbhí sóisialta, oideachais, comhshaoil, sláinte) agus chur chun cinn an chuimsithe tríd an spórt.
Fad an tionscadail
Ba cheart tréimhse 12 mhí nó 18 mí a bheith i gceist leis na tionscadail de ghnáth, bunaithe ar chuspóir an tionscadail agus ar an gcineál gníomhaíochtaí atá beartaithe le himeacht ama. Is féidir síneadh a chur leis an tionscadal, má tá údar cuí leo agus trí bhíthin leasaithe ar an gcomhaontú deontais.
Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?
Faoi bhráid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA).
Le haghaidh an imeachta áitiúil Eorpaigh (Cineál I agus Cineál II) agus le haghaidh an imeachta uile-Eorpaigh:
Uimhir aitheantais an Ghlao: ERASMUS-SPORT-2025-SNCESE.
Le haghaidh an imeachta Mórscála Eorpaigh:
- Uimhir aitheantais an Ghlao: ERASMUS-SPORT-2025-LSSNCESE.
Cathain is féidir iarratas a dhéanamh?
Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoin 5 Márta ar 17:00:00 (am na Bruiséile).
Déanfar measúnú ar eagraíochtaí is iarratasóirí de réir na gcritéar eisiaimh agus roghnúcháin ábhartha. Chun breis eolais a fháil féach Cuid C den Treoir seo.
Tionscadal a bhunú
Tabharfar an deontas ón Aontas d’eagraíochtaí atá i gceannas ar ullmhú agus eagrú imeachtaí spóirt agus ar ghníomhaíochtaí a leanann uathu.
Tacaítear leis na gníomhaíochtaí caighdeánacha seo a leanas (ní liosta uileghabhálach é seo):
- ullmhú agus eagrú an imeachta;
- eagrú gníomhaíochtaí oideachais do lúthchleasaithe, cóitseálaithe, lucht eagraithe agus oibrithe deonacha sa tréimhse roimh an imeacht;
- eagraíochtaí gníomhaíochtaí tánaisteacha don imeacht spóirt (comhdhálacha, seimineáir);
- oiliúint a chur ar oibrithe deonacha;
- cur chun feidhme gníomhaíochtaí oidhreachta (meastóireachtaí, dréachtú pleananna amach anseo);
- gníomhaíochtaí cumarsáide atá nasctha le topaic an imeachta.
Ní thacaítear leis na himeachtaí spóirt seo a leanas faoin ngníomhaíocht seo:
Comórtais spóirt a bhíonn á n‑eagrú ag cónaidhmeanna/comhlachais/sraitheanna spóirt náisiúnta, Eorpacha nó idirnáisiúnta eile go tráthrialta (Craobhchomórtais náisiúnta, Eorpacha nó Dhomhanda) mura bhfuil an tacaíocht airgeadais á hiarraidh chun gníomhaíochtaí tánaisteacha a eagrú atá dírithe ar phobal mór.
Tionchar measta
Is é seo a leanas an tionchar a mheastar a bheidh ag an ngníomhaíocht seo:
- feasacht níos mó a mhéid a bhaineann le ról an spóirt i gcur chun cinn an chuimsithe shóisialta, an chomhionannais deiseanna agus gníomhaíochta coirp ar mhaithe le feabhsú sláinte (HEPA);
- rannpháirtíocht níos mó i spórt, gníomhaíocht choirp agus gníomhaíocht dheonach.
Critéir dhámhachtana
Ábharthacht an tionscadail (scór uasta 30 pointe)
A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:
- tá an togra ábhartha maidir le cuspóirí agus tosaíochtaí na Gníomhaíochta;
- tá an togra ábhartha chun comhluachanna an Aontais a urramú agus a chur chun cinn, cuir i gcás meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, smacht reachta agus meas ar chearta an duine, chomh maith le troid in aghaidh aon sórt idirdhealaithe.
- tá an togra bunaithe ar anailís fhíor leordhóthanach ar na riachtanais;
- tá an togra nuálach;
- tá an togra comhlántach ar thionscnaimh eile atá déanta ag na heagraíochtaí rannpháirteacha cheana féin;
- tá breisluach ar leibhéal an Aontais ag baint leis an togra trí thorthaí nach bhfaighfí le gníomhaíochtaí a dhéantar in aon tír amháin.
Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail (scór uasta 20 pointe)
A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:
- tá plean oibre an tionscadail soiléir, iomlán agus éifeachtach, lena n‑áirítear céimeanna iomchuí le haghaidh ullmhú, cur chun feidhme, monatóireacht, meastóireacht agus comhroinnt torthaí tionscadail;
- tá an tionscadal costéifeachtach agus leithdháiltear acmhainní iomchuí ar gach gníomhaíocht leis;
- tá an mhodheolaíocht atá beartaithe soiléir, leormhaith agus indéanta;
- moltar bearta rialaithe cáilíochta ábhartha sa tionscadal lena chinntiú go mbeidh cur chun feidhme an tionscadail ar ardchaighdeán, agus go gcríochnófar in am é agus go gcloífear leis an mbuiséad;
- cuimsítear leis an tionscadal úsáid uirlisí agus modhanna foghlama digiteacha chun a ngníomhaíochtaí fisiceacha a chomhlánú, agus chun feabhas a chur ar an gcomhar idir eagraíochtaí comhpháirtíochta.
Cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair (scór uasta 20 pointe)
A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:
- cuimsítear leis an tionscadal meascán iomchuí eagraíochtaí rannpháirteacha i dtéarmaí próifíle agus saineolais chun cuspóirí uile an tionscadail a chur i gcrích;
- leis an leithdháileadh cúraimí atá beartaithe léirítear gealltanas agus rannchuidiú gníomhach na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha uile;
- cuimsítear leis an togra sásraí éifeachtacha le haghaidh comhair agus cumarsáide idir na heagraíochtaí rannpháirteacha agus idir páirtithe leasmhara ábhartha eile chomh maith leis sin.
Tionchar (scór uasta 30 pointe)
A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:
- áirítear i dtogra an tionscadail céimeanna nithiúla agus loighciúla chun torthaí an tionscadail a lánpháirtiú in obair thráthrialta na heagraíochta rannpháirtí;
- tá an acmhainneacht ag an tionscadal dul i gcion ar a rannpháirtithe agus ar eagraíochtaí rannpháirteacha ar bhealach dearfach, chomh maith leis an bpobal níos leithne;
- d’fhéadfaí na torthaí tionscadail a bhfuil coinne leo a úsáid lasmuigh de na heagraíochtaí atá rannpháirteach sa tionscadal i rith shaolré an tionscadail agus ina dhiaidh sin, agus ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó Eorpach;
- áirítear i dtogra an tionscadail pleananna agus modhanna iomchuí chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí an tionscadail;
- áirítear i dtogra an tionscadail céimeanna nithiúla agus éifeachtacha chun torthaí an tionscadail a chur in iúl laistigh de na heagraíochtaí rannpháirteacha, chun na torthaí a chomhroinnt le heagraíochtaí eile agus leis an bpobal, agus chun aitheantas poiblí a thabhairt don mhaoiniú ón Aontas;
- áirítear sa togra tionscadail céimeanna nithiúla éifeachtacha chun inbhuanaitheacht an tionscadail a chinntiú, mar aon leis an acmhainneacht atá ann leanúint de thionchar a bheith aige agus torthaí a tháirgeadh nuair a bheidh an deontas ón Aontas Eorpach ídithe.
Ní mór do thograí 60 pointe ar a laghad a bhaint amach chun go gcuirfear san áireamh le haghaidh maoiniúcháin iad.Thairis sin, ní mór dóibh ar a laghad leath na bpointí scóir uasta a bhaint amach i ngach ceann de na catagóirí le haghaidh na gcritéar dámhachtana thuasluaite.
Tabharfar tosaíocht do na tograí ex aequo de réir na scór a dhámhfar orthu le haghaidh an chritéir dámhachtana ‘Ábharthacht’. Nuair a bheidh na scóir sin comhionann, beidh tosaíocht bunaithe ar a scóir le haghaidh an chritéir ‘Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail’. Nuair a bheidh na scóir sin comhionann, beidh tosaíocht bunaithe ar a scóir le haghaidh an chritéir ‘Tionchar’.
Mura bhfágann sé sin go mbeifear in ann an tosaíocht a chinneadh, féadfar tosaíocht bhreise a chur in ord trí phunann fhoriomlán an tionscadail a mheas agus trí shinéirgí dearfacha a chruthú idir tionscadail, nó tosca eile a bhaineann le cuspóirí an ghlao. Déanfar na tosca sin a dhoiciméadú sa tuarascáil phainéil.
Cad iad na rialacha maoiniúcháin atá ann?
Is i bhfoirm cnapshuimeanna atá ranníocaíochtaí le haghaidh Imeachtaí Spóirt Eorpacha Seachbhrabúsacha, cé is moite de chatagóir na n‑imeachtaí Mórscála Eorpacha. Tá méid na cnapshuime seasta ag brath ar an líon imeachtaí agus ar an líon eagraíochtaí atá páirteach sa tionscadal.
Roghnóidh na hiarratasóirí idir 3 mhéid réamhshainithe de réir an lín imeachtaí agus an lín eagraíochtaí atá páirteach sa tionscadal.
Catagóir imeachtaí spóirt
Imeachtaí áitiúla Eorpacha:
Imeacht amháin ar a laghad in aghaidh na tíre.
- Cineál I: ó thrí eagraíocht ar a laghad a thagann ó thrí thír incháilithe éagsúla chuig cúig eagraíocht ar a mhéad a thagann ó chúig thír éagsúla incháilithe.
- Cnapshuim sheasta: EUR 200 000
- Cineál II: sé eagraíocht ar a laghad a thagann ó sé thír éagsúla incháilithe.
- Cnapshuim sheasta: EUR 300 000
Imeachtaí uile‑Eorpacha:
Imeacht amháin le 10 n‑eagraíocht rannpháirteacha ar a laghad ó 10 dtír incháilithe dhifriúla ar a laghad (lena n‑áirítear an eagraíocht is iarratasóir).
Cnapshuim sheasta: EUR 450 000
a) Le haghaidh an imeachta áitiúil Eorpaigh (Cineál I): EUR 200 000
Baineann na tograí le tionscadail iltairbhithe inar gá don iarratasóir agus do na heagraíochtaí comhpháirtíochta na costais uile a chumhdach. Meastar go bhfuil na heagraíochtaí rannpháirteacha a shainaithnítear (ó 3 go 5) ina gcomhthairbhithe agus reáchtálfar na himeachtaí agus na foghníomhaíochtaí a eagraítear i ngach Ballstát den Aontas nó tríú tír atá comhlachaithe lena mbaineann.
Áireofar sna tograí roinn shonrach le dáileadh na gcúraimí agus an bhuiséid ón Aontas i measc comhpháirtithe. An amlíne le haghaidh chur chun feidhme gach gníomhaíochta tionscadail agus an sprioc‑am le haghaidh tháirgeadh tháirgí insoláthartha an tionscadail, léireofar iad freisin.
Ní mór d’iarratasóirí gníomhaíochtaí an tionscadail a roinnt ina ‘bpacáistí oibre’. Beidh gach pacáiste oibre nasctha le cuspóirí sonracha, agus ní mór d’iarratasóirí tacar de tháscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla a shainaithint lenar féidir measúnú a dhéanamh ar leibhéal gnóthachtála na gcuspóirí sin.
b) Le haghaidh an imeachta áitiúil Eorpaigh (Cineál II): EUR 300 000
Baineann na tograí le tionscadail iltairbhithe inar gá don iarratasóir agus do na heagraíochtaí comhpháirtíochta na costais uile a chumhdach. Meastar go bhfuil na heagraíochtaí rannpháirteacha a sainaithníodh (sé cinn ar a laghad) ina gcomhthairbhithe agus reáchtálfar na himeachtaí agus na foghníomhaíochtaí a eagraítear i ngach Ballstát den Aontas nó tríú tír atá comhlachaithe lena mbaineann.
Áireofar sna tograí roinn shonrach le dáileadh na gcúraimí agus an bhuiséid ón Aontas i measc comhpháirtithe. An amlíne le haghaidh chur chun feidhme gach gníomhaíochta tionscadail agus an sprioc‑am le haghaidh tháirgeadh tháirgí insoláthartha an tionscadail, léireofar iad freisin.
Ní mór d’iarratasóirí gníomhaíochtaí an tionscadail a roinnt ina ‘bpacáistí oibre’. Beidh gach pacáiste oibre nasctha le cuspóirí sonracha, agus ní mór d’iarratasóirí tacar de tháscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla a shainaithint lenar féidir measúnú a dhéanamh ar leibhéal gnóthachtála na gcuspóirí sin.
c) Le haghaidh an imeachta uile‑Eorpaigh: EUR 450 000
Baineann tograí le tionscadail ina bhfuil aon tairbhí amháin, rud a fhágann nach féidir an maoiniú a leithdháileadh ach ar an eagraíocht aonair is iarratasóir. Ní mheastar gur comhpháirtithe tionscadail iad na heagraíochtaí rannpháirteacha. Mar chomhpháirtithe comhlachaithe, ní féidir leo aon mhaoiniú a fháil ón gClár mar chuid den tionscadal.
An amlíne le haghaidh chur chun feidhme gach gníomhaíochta tionscadail agus an sprioc‑am le haghaidh tháirgeadh tháirgí insoláthartha an tionscadail, léireofar iad.
Ní mór d’iarratasóirí gníomhaíochtaí an tionscadail a roinnt ina ‘bpacáistí oibre’. Beidh gach pacáiste oibre nasctha le cuspóirí sonracha, agus ní mór d’iarratasóirí tacar de tháscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla a shainaithint lenar féidir measúnú a dhéanamh ar leibhéal gnóthachtála na gcuspóirí sin.
d) Le haghaidh imeachtaí Mórscála Eorpacha
Measta rgur idir EUR 1.5 milliún agus 2 mhilliún a bheidh méid an deontais. Féadfaidh an deontas a dhámhtar a bheith níos ísle ná an méid a iarrtar.
Beidh an deontas buiséadbhunaithe agus gabhfaidh costais iarbhír agus aonaid chomh maith leis na gnéithe ar ráta comhréidh leis. Tacóidh sé le cineálacha áirithe costas incháilithe a thabhaítear go hiarbhír le haghaidh na dtionscadal.
Socrófar paraiméadair mhionsonraithe an deontais (uasmhéid deontais, ráta maoiniúcháin, costais incháilithe, srl.) sa Chomhaontú Deontais. Aisíocfar na costais ag an ráta maoinithe a shocraítear sa Chomhaontú Deontais (80 %).
Ní cheadaítear tacaíocht airgeadais do thríú páirtithe. Ceadaítear costais oibrithe deonacha agus FBManna. Féach Cuid C den Treoir Cláir seo, an chuid maidir le ‘Costais Dhíreacha Incháilithe’.
Íocaíocht an Deontais
Is éard atá sna coinníollacha maidir le híocaíocht iomlán an deontais cur i gcrích na bpacáistí oibre i gcomhréir leis na critéir cháilíochta a thuairiscítear san iarratas. I gcás nach gcuirtear pacáiste oibre amháin i gcrích, nach gcuirtear i gcrích ach go páirteach é nó ina meastar mar phacáiste míshásúil é sa mheasúnú cháilíochta, is féidir go gcuirfear laghduithe iomchuí ar mhéid an deontais i bhfeidhm mar a thugtar tuairisc air sa chomhaontú deontais.
Tugtar tuairisc ar níos mó mionsonraí i samhail an Chomhaontaithe Deontais atá le fáil ar Thairseach an Aontais um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana.