Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Comhpháirtíochtaí comhair

Is é is príomhsprioc do Chomhpháirtíochtaí Comhair deis a thabhairt d’eagraíochtaí cáilíocht agus ábharthacht a ngníomhaíochtaí a mhéadú, a líonraí comhpháirtithe a fhorbairt agus a dhaingniú, a n‑acmhainneacht chun feidhmiú go comhpháirteach ar an leibhéal trasnáisiúnta a mhéadú, dlús a chur le hidirnáisiúnú a ngníomhaíochtaí, agus trí chleachtais agus modhanna nua a mhalartú nó a fhorbairt mar aon le smaointe a chomhroinnt agus aghaidh a thabhairt orthu. Is é is aidhm dóibh tacú le forbairt, aistriú agus/nó cur chun feidhme cleachtas nuálach chomh maith le cur chun feidhme tionscnamh comhpháirteach lena gcuirtear chun cinn an comhar, an phiarfhoghlaim agus malartuithe taithí ar an leibhéal Eorpach. Ba cheart do na torthaí a bheith in‑athúsáidte, inaistrithe agus in‑uas‑scálaithe, agus, más féidir, ba cheart éirim thrasdisciplíneach láidir a bheith ann.

Beidh coinne leis go gcomhroinnfeadh tionscadail roghnaithe torthaí a ngníomhaíochtaí ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus trasnáisiúnta. Tá Comhpháirtíochtaí Comhair fréamhaithe i dtosaíochtaí agus i gcreataí beartais gach earnála Erasmus+, ar leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon, arb é is aidhm dóibh san am céanna dreasachtaí a thabhairt don chomhar trasearnála agus cothrománach i réimsí téamacha.

Ag brath ar réimse an tionscadail atá beartaithe nó ar an gcineál iarratasóra, déanann na Gníomhaireachtaí Náisiúnta nó an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (EACEA) na Comhpháirtíochtaí Comhair sin a bhainistiú. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis seo, féach an roinn ‘cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh’ faoi na critéir incháilitheachta.

Cuspóirí na gníomhaíochta

Tá sé mar aidhm le Comhpháirtíochtaí Comhair:

  • Cur leis an gcáilíocht in obair, i ngníomhaíochtaí agus i gcleachtais na n‑eagraíochtaí agus na n‑institiúidí lena mbaineann, deiseanna a chur ar fáil do ghníomhaithe eile, nach n‑áirítear go nádúrtha iad laistigh d’earnáil amháin;
  • Cur le hinniúlacht eagraíochtaí obair a dhéanamh go trasnáisiúnta agus thar earnálacha;
  • Dul i ngleic le riachtanais agus tosaíochtaí coiteanna i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt;
  • Claochlú agus athrú a chumasú (ar leibhéal aonair, eagraíochtúil nó earnála), as a dtiocfaidh feabhsuithe agus cineálacha cur chuige nua, i gcomhréir le comhthéacs gach eagraíochta.

Cé na critéir atá le comhlíonadh chun iarratas a dhéanamh ar chomhpháirtíocht comhair?

Ní mór do thograí tionscadail maidir le Comhpháirtíochtaí Comhair na critéir incháilitheachta seo a leanas a chomhlíonadh le bheith incháilithe le haghaidh deontas Erasmus+:

Critéir incháilitheachta

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Is féidir le haon eagraíocht rannpháirteach i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár a bheith ina hiarratasóir/comhordaitheoir. Is í an eagraíocht sin a dhéanann iarratas thar ceann na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha uile atá páirteach sa tionscadal.

Chun a bheith incháilithe, ní mór d’eagraíochtaí is iarratasóirí a bheith bunaithe go dleathach 2 bhliain ar a laghad roimh an sprioc-am le haghaidh iarratas. 

I gcás Comhpháirtíochtaí i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na hóige arna gcur isteach ag eagraíochtaí neamhrialtasacha Eorpacha agus arna mbainistiú ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (EACEA) ní mór gur eagraíocht neamhrialtasach Eorpach é comhordaitheoir is iarratasóir1  atá gníomhach i réimse an oideachais, na hoiliúna agus na hóige.

Cé na cineálacha eagraíochtaí atá incháilithe le bheith rannpháirteach sa tionscadal?

Is féidir le haon eagraíocht phoiblí nó phríobháideach, atá bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár nó in aon tír ar domhan nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár (féach an roinn ‘Tíortha incháilithe’ i gCuid A den Treoir seo), a bheith rannpháirteach i gComhpháirtíocht Chomhair2 .

Eisceacht: níl eagraíochtaí ón mBealarúis (Réigiún 2) ná ó Chónaidhm na Rúise (Réigiún 4) incháilithe chun páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht sin.

Is féidir le heagraíochtaí atá bunaithe i mBallstát den Aontas agus tríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gClár a bheith rannpháirteach mar chomhordaitheoir an tionscadail nó mar eagraíocht chomhpháirtíochta.

Ní féidir le tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár a bheith rannpháirteach mar chomhordaitheoirí tionscadail.

Gan beann ar an réimse ar a dtéann an tionscadal i bhfeidhm, tá Comhpháirtíochtaí Comhair oscailte d’aon chineál eagraíochta atá gníomhach in aon réimse oideachais, oiliúna, óige, spóirt nó in aon earnáil shocheacnamaíoch eile, agus d’eagraíochtaí a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí atá trasnaí i réimsí éagsúla (mar shampla údaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, lárionaid aitheantais agus bhailíochtaithe, comhlachais tráchtála, eagraíochtaí trádála, lárionaid treorach, eagraíochtaí cultúrtha agus spóirt).

Ag brath ar an tosaíocht agus ar na cuspóirí a dtéann an tionscadal i ngleic leo, ba cheart do Chomhpháirtíochtaí Comhair an réimse comhpháirtithe is iomchuí agus is éagsúla a chuimsiú le go bhféadfaí tairbhe a bhaint as a n‑eispéiris agus a bpróifílí éagsúla agus a saineolas sonrach agus le torthaí tionscadail ábhartha ardchaighdeáin a bhaint amach.

Rannpháirtíocht eagraíochtaí comhpháirtíochta

De bhreis ar na heagraíochtaí atá rannpháirteach go foirmiúil sa tionscadal (an comhordaitheoir agus eagraíochtaí comhpháirtíochta), féadfaidh Comhpháirtíochtaí Comhair ról a thabhairt do chomhpháirtithe eile freisin ón earnáil phoiblí nó ón earnáil phríobháideach a rannchuidíonn le cur chun feidhme tascanna/gníomhaíochtaí tionscadail sonracha nó a thacaíonn le cur chun cinn agus inbhuanaithe an tionscadail.

Laistigh de thionscadal Erasmus+, tabharfar ‘comhpháirtithe comhlachaithe’ ar na comhpháirtithe sin. Ní mheastar gur comhpháirtithe tionscadail iad i ndáil le gnéithe incháilitheachta agus bainistíochta tionscadail, agus ní fhaigheann siad aon mhaoiniú ón gClár mar chuid den tionscadal. Mar sin féin, chun a ról laistigh den chomhpháirtíocht a thuiscint agus chun léargas uilíoch a fháil ar an togra, ní mór tuairisc shoiléir a thabhairt ar a rannpháirtíocht sa tionscadal agus sna gníomhaíochtaí éagsúla.

Líon agus próifíl na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha

Tionscadal trasnáisiúnta is ea Comhpháirtíocht Chomhair agus ní mór a chuimsiú inti trí eagraíocht ar a laghad ó thrí cinn éagsúla de Bhallstáit den Aontas nó tríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gClár.

Ní hann d’uaslíon eagraíochtaí rannpháirteacha i gcomhpháirtíocht amháin.

Ní mór gach eagraíocht rannpháirteach a shainaithint tráth a chuirtear isteach ar dheontas.

I gcás iarratas a chuirtear faoi bhráid Gníomhaireachtaí Náisiúnta i réimsí an oideachais scoile, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, an oideachais aosaigh agus na hóige, ní féidir leis an eagraíocht chéanna (OID amháin) a bheith páirteach i mbreis agus 10 n‑iarratas ar an iomlán in aghaidh an sprioc-ama, bíodh sé sin mar iarratasóir nó mar chomhpháirtí3 .

Mar riail ghinearálta, dírítear i gComhpháirtíochtaí Comhair ar an gcomhar idir eagraíochtaí atá bunaithe i mBallstáit den Aontas nó tríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gClár.

Mar sin féin, féadfaidh eagraíochtaí ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár a bheith rannpháirteach mar chomhpháirtithe (seachas mar iarratasóirí), más rud é go bhfuil breisluach fíor‑riachtanach ag baint lena rannpháirtíocht le haghaidh an tionscadail, agus a fhad a chomhlíontar an rannpháirtíocht íosta ó na trí eagraíocht ó na trí cinn éagsúla de Bhallstáit den Aontas nó na tríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gClár.

Tosaíochtaí a dtéitear i ngleic leo

Le bheith curtha san áireamh le haghaidh maoiniúcháin, ní mór do Chomhpháirtíochtaí Comhair aghaidh a thabhairt ar an méid seo a leanas:

  • tosaíocht chothrománach amháin ar a laghad

agus/nó

  • tosaíocht shonrach amháin ar a laghad atá ábhartha maidir leis an réimse oideachais, oiliúna, óige agus spóirt is mó ar a dtéitear i bhfeidhm.

Le haghaidh tionscadail i réimse an oideachais, na hoiliúna agus na hóige a bhainistíonn Gníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+ faoi bhainistíocht indíreach, féadfaidh Gníomhaireachtaí Náisiúnta, i measc na dtosaíochtaí sin, níos mó airde a thabhairt orthu sin a bhfuil ábharthacht ar leith leo ina gcomhthéacs náisiúnta (ar a dtugtar ‘Tosaíochtaí Eorpacha sa chomhthéacs náisiúnta’).

Ní mór do na Gníomhaireachtaí Náisiúnta iarratasóirí féideartha a chur ar an eolas go cuí trína suíomhanna gréasáin oifigiúla.

Maidir le tionscadail i réimse an spóirt ní féidir aghaidh a thabhairt ach ar thosaíocht amháin (tosaíocht chothrománach nó tosaíocht shonrach). 

Ionad na ngníomhaíochtaí

Ní mór gach gníomhaíocht de chuid Comhpháirtíocht Comhair a dhéanamh i dtíortha na n‑eagraíochtaí atá rannpháirteach sa tionscadal, mar lán‑chomhpháirtithe nó mar chomhpháirtithe comhlachaithe.

Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil údar cuí leis i ndáil le cuspóirí nó cur chun feidhme an tionscadail:

  • Féadfar gníomhaíochtaí a reáchtáil ag suíomh Institiúid AE freisin4 , fiú amháin más fíor nach bhfuil sa tionscadal aon eagraíocht rannpháirteach ón tír a óstálann an Institiúid.
  • Féadfar gníomhaíochtaí lena mbaineann comhroinnt agus cur chun cinn torthaí a reáchtáil freisin ag imeachtaí/comhdhálacha trasnáisiúnta téamacha ábhartha i mBallstáit den Aontas nó i dtríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gClár nó i dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár.

Fad an tionscadail

Idir 12 mhí agus 36 mhí.

Ní mór an fad a roghnú ag céim an iarratais, bunaithe ar chuspóirí an tionscadail agus ar an gcineál gníomhaíochtaí atá beartaithe le himeacht aimsire.

Féadfar fad Comhpháirtíochta Comhair a shíneadh, ar iarraidh réasúnaithe a fháil ón tairbhí agus le comhaontú na Gníomhaireachta Náisiúnta nó Feidhmiúcháin, (agus ar choinníoll nach mó an fad iomlán ná 36 mhí). I gcás den sórt sin, ní thiocfaidh aon athrú ar an deontas iomlán.

Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?

I gcás iarratas maidir le Comhpháirtíochtaí i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na hóige arna chur isteach ag aon eagraíocht sna réimsí sin, cé is moite d’eagraíochtaí neamhrialtasacha Eorpacha:

  • Faoi bhráid Ghníomhaireacht Náisiúnta na tíre ina bhfuil an eagraíocht is iarratasóir bunaithe.

Maidir le Comhpháirtíochtaí i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na hóige atá curtha isteach ag eagraíochtaí neamhrialtasacha Eorpacha5 :

  • Faoi bhráid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA) tríd an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana (TDCT)
    • Eagraíochtaí neamhrialtasacha Eorpacha ‑ Uimhir aitheantais an Ghlao: ERASMUS-2024-PCOOP-ENGO
      • Beart 1: ERASMUS-EDU-2024-PCOOP-ENGO
      • Beart 2: ERASMUS-YOUTH-2024-PCOOP-ENGO

Maidir le Comhpháirtíochtaí i réimse an spóirt:

  • Faoi bhráid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA), atá lonnaithe sa Bhruiséil
    •  Spórt ‑ Uimhir aitheantais an Ghlao: ERASMUS-SPORT‑2024-SCP

I ngach cás, ní fhéadfaidh an cuibhreannas céanna comhpháirtithe ach iarratas amháin a chur isteach agus ní fhéadfar ach iarratas a chur isteach chuig Ghníomhaireacht amháin in aghaidh gach sprioc‑ama6

Cathain is féidir iarratas a dhéanamh?

I gcás iarratas maidir le Comhpháirtíochtaí i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na hóige arna chur isteach ag aon eagraíocht sna réimsí sin, cé is moite d’eagraíochtaí neamhrialtasacha Eorpacha:

  • Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoin 5 Márta ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile) le haghaidh tionscadail dar tosach idir an 1 Meán Fómhair agus an 31 Nollaig sa bhliain chéanna.

I gcás Comhpháirtíochtaí i réimse na hóige atá curtha isteach ag aon eagraíocht sa réimse sin, cé is moite d’eagraíochtaí neamhrialtasacha Eorpacha:

  • Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoin 1 Deireadh Fómhair ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile) le haghaidh tionscadail dar tosach idir an 1 Eanáir agus an 31 Lúnasa an bhliain ina dhiaidh sin.

Sprioc‑am breise féideartha:

Féadfaidh Gníomhaireachtaí Náisiúnta i réimse an oideachais agus na hoiliúna an dara babhta iarratas a eagrú, agus beidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach sa Treoir seo ina leith freisin. Foilseoidh na Gníomhaireachtaí Náisiúnta eolas faoin bhféidearthacht sin ar a suíomh gréasáin.

Má eagraítear an dara babhta, ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoin 1 Deireadh Fómhair ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile) le haghaidh tionscadail dar tosach idir an 1 Eanáir agus an 31 Lúnasa an bhliain ina dhiaidh sin.

Maidir le Comhpháirtíochtaí i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na hóige atá curtha isteach ag eagraíochtaí neamhrialtasacha Eorpacha:

  • Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoin 5 Márta ar 17:00:00 (am na Bruiséile).

Maidir le Comhpháirtíochtaí i réimse an spóirt:

  • Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoin 5 Márta ar 17:00:00 (am na Bruiséile).

Déanfar measúnú ar eagraíochtaí is iarratasóirí de réir na gcritéar eisiaimh agus roghnúcháin ábhartha. Chun breis eolais a fháil féach Cuid C den Treoir seo.

Tionscadal a bhunú

Ceithre chéim atá i dtionscadal Comhpháirtíochta Comhair, agus cuirtear tús leo sula roghnaítear an togra tionscadail le haghaidh maoiniúcháin fiú amháin: pleanáil, ullmhú, cur chun feidhme agus obair leantach. Ní mór d’eagraíochtaí rannpháirteacha agus rannpháirtithe atá páirteach sna gníomhaíochtaí ról gníomhach a ghlacadh sna céimeanna sin uile, rud a chuirfidh feabhas ar a n‑eispéireas foghlama.

  • Pleanáil (riachtanais, cuspóirí, torthaí tionscadail agus foghlama, formáidí na ngníomhaíochtaí, sceideal srl. a shainiú);
  • Ullmhú (pleanáil na ngníomhaíochtaí, forbairt cláir oibre, socruithe praiticiúla, deimhniú spriocghrúpa nó spriocghrúpaí na ngníomhaíochtaí atá beartaithe, comhaontuithe a chur ar bun le comhpháirtithe srl.);
  • Cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí;
  • Obair leantach (meastóireacht ar na gníomhaíochtaí agus ar a dtionchar ar leibhéil éagsúla, torthaí an tionscadail a chomhroinnt agus a úsáid).

D’fhéadfaí go gcuimseofaí faoi Chomhpháirtíochtaí Comhair eagrú gníomhaíochtaí foghlama, teagaisc agus oiliúna trasnáisiúnta do dhaoine agus do ghrúpaí daoine, a mhéid a chuireann siad le gnóthachan chuspóirí an tionscadail. Tabharfar tuairisc ar fhormáid, cuspóir, cineál agus an líon rannpháirtithe sna gníomhaíochtaí atá beartaithe, agus tabharfar údar leo, mar chuid den iarratas ar thionscadal.

Gnéithe cothrománacha le cur san áireamh agus do thionscadal á dhearadh

Anuas ar na critéir fhoirmiúla a chomhlíonadh agus socrú comhair inbhuanaithe a bhunú le gach comhpháirtí tionscadail, d’fhéadfadh na gnéithe seo a leanas cuidiú le tionchar agus cur chun feidhme cáilíochtúil Comhpháirtíochtaí Comhair a mhéadú trí chéimeanna éagsúla an tionscadail. Moltar d’iarratasóirí na deiseanna agus na héirimí sin a chur san áireamh agus tionscadail Comhpháirtíochta Comhair á ndearadh. 

An Cuimsiú agus an Éagsúlacht

Leis an gClár Erasmus+ féachtar leis an gcomhionannas deiseanna a chur chun cinn ar fud a ghníomhaíochtaí uile agus féachtar leis an rochtain, leis an gcuimsiú, agus leis an gcothroime a chur chun cinn leis sin freisin. Chun na prionsabail sin a chur chun feidhme, ceapadh Straitéis um Chuimsiú agus Éagsúlacht7  chun tacú níos fearr le for‑rochtain ar rannpháirtithe ó chúlraí níos éagsúla, go háirithe iad sin ar lú na deiseanna atá acu agus a bhfuil bacainní roimh a rannpháirtíocht i dTionscadail Eorpacha. Oireann comhpháirtíochtaí comhair d’obair maidir leis an gcuimsiú agus leis an éagsúlacht mar ábhar an tionscadail, go háirithe, chomh maith le tuilleadh forbartha ar chleachtais agus modhanna cuimsitheacha atá íogair ó thaobh na héagsúlachta de, i gcomhréir leis an tosaíocht beartais chomhfhreagrach don ghníomhaíocht. Chomh maith leis sin, ar bhealach atá neamhspleách ar théama a dtionscadal, ba cheart d’eagraíochtaí gníomhaíochtaí tionscadail inrochtana agus cuimsitheacha a dhearadh, agus ba cheart dearcadh rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu a chur san áireamh agus ról a thabhairt dóibh sa chinnteoireacht ar fud an phróisis uile.

Inbhuaine comhshaoil

Ba cheart tionscadail a dhearadh ar bhealach éiceabhách agus gach gné de chleachtais ghlasa a chuimsiú iontu. Ba cheart d’eagraíochtaí agus do rannpháirtithe cur chuige atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a ghlacadh agus an tionscadal á dhearadh acu, rud a spreagfaidh gach duine atá páirteach sa tionscadal chun saincheisteanna comhshaoil a phlé agus foghlaim fúthu, machnamh a dhéanamh faoinar féidir a dhéanamh ar leibhéil éagsúla agus cuidiú le heagraíochtaí agus le rannpháirtithe cuimhneamh ar bhealaí malartacha atá níos glaise le gníomhaíochtaí tionscadail a chur chun feidhme.

An éirim dhigiteach

Tá an comhar fíorúil agus tástáil deiseanna foghlama fíorúla agus cumaisc ríthábhachtach do Chomhpháirtíochtaí Comhair rathúla. Go sonrach, moltar go láidir do thionscadail i réimse an oideachais scoile agus an oideachais aosaigh úsáid a bhaint as Ardán Eorpach um Oideachas Scoile (r‑Nascadh san áireamh), nó ardán don fhoghlaim aosach EPALE chun bheith ag obair le chéile, i rith na ngníomhaíochtaí tionscadail agus ina ndiaidh. Moltar go láidir do thionscadail i réimse na hóige úsáid a bhaint as Tairseach Eorpach na hÓige agus as an Ardán do Straitéis Óige an Aontais.

Rannpháirtíocht agus gníomhaíocht shibhialta

Tacaíonn an Clár le rannpháirtíocht agus comhpháirteachas gníomhach ar fud a ghníomhaíochtaí. Ba cheart do thionscadail Comhpháirtíochta Comhair deiseanna a thairiscint do rannpháirtíocht daoine sa saol daonlathach agus do rannpháirtíocht shóisialta agus shaoránach. Díreofar freisin ar fheasacht a mhúscailt ar chomhthéacs an Aontais Eorpaigh agus ar an tuiscint ar an gcomhthéacs sin a mhéadú, go háirithe a mhéid a bhaineann le luachanna coiteanna an Aontais, prionsabail na haontachta agus na héagsúlachta, chomh maith lena bhféiniúlacht chultúrtha, lena bhfeasacht chultúrtha agus lena n‑oidhreacht shóisialta agus stairiúil.

Critéir dhámhachtana

Ábharthacht (scór uasta 25 phointe)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • tá an togra ábhartha do chuspóirí agus do thosaíochtaí na Gníomhaíochta. Ina theannta sin, measfar go mbeidh an togra an‑ábhartha más rud é go mbaineann na nithe seo a leanas leis:
    • tugtar aghaidh ar an tosaíocht ‘cuimsiú agus éagsúlacht’ leis;
    • I gcás tionscadail a bhainistíonn Gníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+: más rud é go dtugtar aghaidh ar cheann amháin nó níos mó de na ‘Tosaíochtaí Eorpacha sa chomhthéacs náisiúnta’ leis, mar atá fógartha ag an nGníomhaireacht Náisiúnta;
    • I gcás tionscadail i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na hóige arna gcur faoi bhráid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr ag ENGOanna: a mhéid a reáchtálann an t‑iarratasóir gníomhaíochtaí lena dtacaítear le cur chun feidhme beartas ón Aontas i gceann de na hearnálacha sin.  
  • tá an togra ábhartha chun comhluachanna an Aontais a urramú agus a chur chun cinn, cuir i gcás meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, smacht reatha agus meas ar chearta an duine, chomh maith le troid in aghaidh aon sórt idirdhealaithe.
  • tá próifíl, taithí agus gníomhaíochtaí na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha ábhartha maidir le réimse an iarratais;
  • tá an togra bunaithe ar anailís fhíor leordhóthanach ar na riachtanais;
  • is oiriúnach an togra chun sineirgí a chruthú idir réimsí éagsúla an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt nó d’fhéadfadh sé dul i gcion go mór ar cheann amháin nó níos mó de na réimsí sin;
  • tá an togra nuálach;
  • tá an togra comhlántach ar thionscnaimh eile atá déanta ag na heagraíochtaí rannpháirteacha cheana féin;
  • tá breisluach ar leibhéal an Aontais ag baint leis an togra trí thorthaí nach bhfaighfí le gníomhaíochtaí arna ndéanamh in aon tír ar leith.

Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail (scór uasta 30 pointe)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • sainítear cuspóirí an tionscadail go soiléir, tá siad réalaíoch agus tugtar aghaidh leo ar riachtanais agus spriocanna na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha agus riachtanais na spriocghrúpaí;
  • tá an mhodheolaíocht atá beartaithe soiléir, leordhóthanach agus indéanta: 
    • tá plean oibre an tionscadail soiléir, iomlán agus éifeachtach, lena n‑áirítear céimeanna iomchuí le haghaidh ullmhú, cur chun feidhme agus comhroinnt torthaí tionscadail;
    • tá an tionscadal costéifeachtach agus leithdháiltear acmhainní iomchuí ar gach gníomhaíocht leis;
    • moltar bearta rialaithe cáilíochta, monatóireachta agus meastóireachta iomchuí leis an tionscadal lena chinntiú gur cur chun feidhme ardcháilíochta a bheidh i gceist leis, go gcríochnófar in am é agus go gcloífear leis an mbuiséad;
  • deartar na gníomhaíochtaí ar bhealach inrochtana agus cuimsitheach agus tá siad oscailte do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu.
  • cuimsítear leis an tionscadal úsáid uirlisí agus modhanna foghlama digiteacha chun a ngníomhaíochtaí fisiceacha a chomhlánú, agus chun feabhas a chur ar an gcomhar idir eagraíochtaí comhpháirtíochta.
    • Má tá ardáin ar líne Erasmus+ le fáil i réimse nó i réimsí na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha: a mhéid a bhaintear úsáid leis an tionscadal as ardáin ar líne Erasmus+ (an tArdán Eorpach um Oideachas Scoile, an r-Nascadh, EPALE, Tairseach Eorpach na hÓige, an tArdán do Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh), mar shampla, mar uirlisí chun gníomhaíochtaí an tionscadail a ullmhú, a chur chun feidhme agus chun obair leantach a dhéanamh orthu.
  • Deartar an tionscadal ar bhealach éiceabhách agus cuimsítear cleachtais ghlasa i gcéimeanna éagsúla de chuid an tionscadail

Más rud é go mbeartaítear gníomhaíochtaí oiliúna, teagaisc nó foghlama sa tionscadal:

  • a mhéid atá na gníomhaíochtaí sin iomchuí le haghaidh chuspóirí an tionscadail agus a mhéid a bheidh an phróifíl agus an líon iomchuí rannpháirtithe páirteach iontu;
  • cáilíocht na socruithe praiticiúla, an bhainistithe agus na módúlachtaí tacaíochta i ngníomhaíochtaí foghlama, teagaisc agus oiliúna;
  • cáilíocht na socruithe chun torthaí foghlama na rannpháirtithe a aithint agus a bhailíochtú, i gcomhréir le huirlisí agus prionsabail trédhearcachta agus aitheantais Eorpacha.

Cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair (scór uasta 20 pointe)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • cuimsítear leis an tionscadal meascán iomchuí eagraíochtaí rannpháirteacha ó thaobh próifíle, lena n‑áirítear eagraíochtaí pobalbhunaithe, taithí roimhe seo ar an gClár agus saineolais chun cuspóirí uile an tionscadail a chur i gcrích;
  • tá baint ag nuatheachtaithe agus eagraíochtaí ag a bhfuil níos lú taithí chuig an nGníomhaíocht leis an tionscadal
  • leis an leithdháileadh tascanna atá beartaithe léirítear gealltanas agus rannchuidiú gníomhach na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha uile;
  • cuimsítear leis an togra sásraí éifeachtacha le haghaidh comhair agus cumarsáide idir na heagraíochtaí rannpháirteacha agus idir páirtithe leasmhara ábhartha eile chomh maith leis sin.
  • Más infheidhme, a mhéid atá breisluach fíor‑riachtanach ann le haghaidh an tionscadail mar gheall ar rannpháirtíocht eagraíochta rannpháirtí ó thríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár (mura gcomhlíontar an coinníoll seo, eisiafar an eagraíocht rannpháirteach ó thríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár ó thogra an tionscadail ar chéim an mheasúnúcháin).

Tionchar (scór uasta 25 phointe)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • áirítear i dtogra an tionscadail céimeanna nithiúla agus loighciúla chun torthaí an tionscadail a lánpháirtiú in obair thráthrialta na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha;
  • tá an cumas ag an tionscadal tionchar dearfach a imirt ar a rannpháirtithe agus ar eagraíochtaí rannpháirteacha, agus ar a bpobal níos leithne chomh maith leis sin;
  • d’fhéadfaí na torthaí tionscadail a bhfuil coinne leo a úsáid lasmuigh de na heagraíochtaí atá rannpháirteach sa tionscadal i rith shaolré an tionscadail agus ina dhiaidh sin, agus ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó Eorpach;
  • áirítear i dtogra an tionscadail céimeanna nithiúla agus éifeachtacha chun torthaí an tionscadail a chur in iúl laistigh de na heagraíochtaí rannpháirteacha, chun na torthaí a chomhroinnt le heagraíochtaí eile agus leis an bpobal, agus chun aitheantas poiblí a thabhairt don mhaoiniú ón Aontas;
    • más ábhartha, a mhéid a thugtar tuairisc sa togra ar an gcaoi a ndéanfar na hábhair, na doiciméid agus na meáin a tháirgfear a chur ar fáil gan srian agus a chur chun cinn trí cheadúnais oscailte, agus nach bhfuil teorainneacha díréireacha ann;
  • áirítear sa togra tionscadail céimeanna nithiúla éifeachtacha chun inbhuanaitheacht an tionscadail a chinntiú, mar aon leis an acmhainneacht atá ann leanúint de thionchar a bheith aige agus torthaí a tháirgeadh nuair a bheidh an deontas ón Aontas Eorpach ídithe.

Ní mór do thograí 70 pointe ar a laghad a bhaint amach chun go gcuirfear san áireamh le haghaidh maoiniúcháin iad. Thairis sin, ní mór dóibh leath an uaslín pointí ar a laghad a ghnóthú i ngach catagóir de na critéir dhámhachtana thuasluaite (is é sin, 13 phointe8  ar a laghad le haghaidh na gcatagóirí ‘ábharthacht an tionscadail’ agus ‘tionchar’; 15 phointe le haghaidh na catagóire ‘cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail’ agus 10 bpointe le haghaidh na catagóire ‘cáilíocht na socruithe comhpháirtíochta agus comhair’).

I gcásanna ina bhfaigheann dhá iarratas nó níos mó an scór iomlán céanna (cásanna ex aequo), tabharfar tosaíocht do na scóir is airde le haghaidh ‘ábharthacht an tionscadail’ agus ansin ‘tionchar’.

Cad iad na rialacha maoiniúcháin atá ann?

Cuimsítear leis an tsamhail mhaoinithe atá beartaithe clár de 3 chnapshuim aonair, a chomhfhreagraíonn do mhéid iomlán an deontais don tionscadal: EUR 120 000, EUR 250 000 agus EUR 400 000. Roghnóidh na hiarratasóirí idir na 3 mhéid réamhshainithe de réir na ngníomhaíochtaí is mian leo a dhéanamh agus na torthaí is mian leo a bhaint amach.

Agus a dtionscadail á bpleanáil acu, beidh ar na heagraíochtaí is iarratasóirí – mar aon lena gcomhpháirtithe tionscadail – méid na cnapshuime aonair a roghnú, arb é an ceann is iomchuí é chun costais a dtionscadal a chumhdach, bunaithe ar a riachtanais agus ar a gcuspóirí. Má roghnaítear an tionscadal le haghaidh maoinithe, ansin beidh méid iarrtha na cnapshuime ina mhéid deontais foriomlán.

Leis na tograí ní mór tuairisc a thabhairt ar na gníomhaíochtaí a gheallann iarratasóirí a dhéanamh le méid iarrtha na cnapshuime agus ní mór dóibh prionsabail an gheilleagair, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta a chomhlíonadh.

Ba cheart an rogha maidir le méid na cnapshuime atá le hiarraidh a bheith bunaithe ar mheastachán an iarratasóra féin ar chostas foriomlán an tionscadail. Agus iad ag tosú ón meastachán seo, ní mór d’iarratasóirí an méid cnapshuime amháin is fearr a oireann dá gcuid riachtanas a roghnú fad a chinntítear úsáid éifeachtúil na gcistí agus urramú an phrionsabail cómhaoinithe (is é sin, tá coinne leis go gcomhlánófar buiséid tionscadal le foinsí maoinithe eile agus, dá bhrí sin, beidh costas foriomlán measta an tionscadail níos airde ná méid seasta na cnapshuime a iarradh).

I gcás amhrais idir an dá mhéid, is féidir le hiarratasóirí: a) costas an tionscadail a laghdú, mar shampla trí bhealaí níos cost‑éifeachtúla a aimsiú chun torthaí comhchosúla a bhaint amach nó trí líon/scála na ngníomhaíochtaí tionscadail a chur in oiriúint don bhuiséad; b) scála an tionscadail a mhéadú, mar shampla trí iarracht a dhéanamh níos mó rannpháirtithe a bhaint amach lena gcuid gníomhaíochtaí, an líon gníomhaíochtaí a mhéadú nó aschuir bhreise tionscadail a tháirgeadh.

Maidir le leordhóthanacht líon, raon feidhme agus chastacht na ngníomhaíochtaí tionscadail beartaithe i ndáil leis an méid a iarrtar, chomh maith lena n‑ábharthacht i dtaca le cuspóirí an tionscadail, gnéithe tábhachtacha an mheasúnúcháin cáilíochta a bheidh iontu, i gcomhréir leis na critéir dhámhachtana a thuairiscítear thuas.

Ceanglais

Sa tuairisc ar an tionscadal áireofar modheolaíocht tionscadail mhionsonraithe le dáileadh soiléir ar chúraimí agus na socruithe airgeadais i measc comhpháirtithe, amlíne mhionsonraithe leis na príomhtháirgí insoláthartha/torthaí, an córas monatóireachta agus rialaithe agus na huirlisí a chuirtear i bhfeidhm chun cur chun feidhme tráthúil ghníomhaíochtaí an tionscadail a chinntiú.

Léireofar i modheolaíocht an tionscadail an anailís ag dul i dtreo shainaithint na riachtanais, socrú cuspóirí, an córas a chur i bhfeidhm chun monatóireacht a dhéanamh ar an tionscadal, sásra dearbhaithe cáilíochta agus straitéis meastóireachta. Mar chuid den straitéis mheastóireachta, ní mór d’iarratasóirí tacar de tháscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla a shainaithint lenar féidir measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú na dtáirgí insoláthartha/dtorthaí a tháirgtear le gnóthachtáil chuspóirí an tionscadail.

Le tuairisc an tionscadail déanfar idirdhealú idir pacáistí bainistíochta agus oibre an tionscadail le haghaidh an chur chun feidhme. Ní mór d’iarratasóirí gníomhaíochtaí an tionscadail a roinnt ina ‘bpacáistí oibre’.

Sainmhínítear pacáiste oibre mar thacar gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le gnóthachtáil comhchuspóirí sonracha.

Tuairisceofar an nasc le cuspóirí sonracha agus táirgí insoláthartha go sonrach i gcás gach pacáiste oibre. Moltar d’iarratasóirí a dtionscadail a roinnt in 5 phacáiste oibre ar a mhéad, lena n‑áirítear an ceann maidir le bainistíocht an tionscadal. Tá beartaithe leis an bpacáiste oibre bainistíochta tionscadail na gníomhaíochtaí cothrománacha is gá le haghaidh cur chun feidhme tionscadail a chumhdach, gníomhaíochtaí mar fhaireachán, comhordú, cumarsáid, meastóireacht agus bainistíocht riosca. I gcás tionscadail lena ngabhann pacáiste oibre sonrach le haghaidh bainistíocht tionscadal, is 20 % ar a mhéad den iomlán a bheidh sa chion den chnapshuim a leithdháilfear don phacáiste oibre seo.

Leanfaidh measúnú na riachtanas sin prionsabal na comhréireachta: dá airde an méid a iarrtar, is ea is cruinne agus is cuimsithí a bheidh modheolaíocht an tionscadail.

Ceadaítear seirbhísí a chur amach ar fochonradh a fhad nach gcumhdaítear leo príomhghníomhaíochtaí ar a mbraitheann gnóthachtáil chuspóirí na gníomhaíochta go díreach. Sna cásanna sin, ní mór na cúraimí a chuirfear amach ar fochonradh a shainaithint go soiléir agus tuairisc a thabhairt orthu san iarratas.

Íocaíocht an Deontais

Is é cur i gcrích na ngníomhaíochtaí uile i gcomhréir leis na critéir cháilíochta a thuairiscítear san iarratas an coinníoll maidir le híocaíocht iomlán an deontais. I gcás nach gcuirtear gníomhaíocht amháin ná níos mó i gcrích, nach gcuirtear i gcrích ach go páirteach í nó iad nó ina meastar mar ghníomhaíocht mhíshásúil nó mar ghníomhaíochtaí míshásúla iad sa mheasúnú cháilíochta, is féidir go gcuirfear laghduithe iomchuí ar mhéid an deontais i bhfeidhm tráth chéim na tuarascála deiridh i gcás cur chun feidhme ar droch‑chaighdeán, cur chun feidhme páirteach nó cur chun feidhme déanach toisc nach nglactar le pacáistí oibre aonair nó gníomhaíochtaí, nó toisc go laghdaítear an méid foriomlán faoi chéatadán ráta chomhréidh.

Tá measúnú na tuarascála deiridh bunaithe ar thuairiscí mionsonraithe ar gach gníomhaíocht a dhéantar, eolas cainníochtúil agus cáilíochtúil a léiríonn leibhéal gnóthachtála na gcuspóirí tionscadail a luadh san iarratas, cáilíocht thorthaí an tionscadail a uaslódáladh ar an Ardán le haghaidh Thorthaí na dTionscadal Erasmus+ agus féinmheasúnú ar na heagraíochtaí comhpháirtíochta.

  • 1 Le haghaidh an chláir seo, is eagraíochtaí neamhrialtasacha iad sin a oibríonn trí struchtúr a aithnítear go foirmiúil agus atá comhdhéanta de chomhlacht/rúnaíocht Eorpach atá lonnaithe go dlíthiúil ar feadh bliana ar a laghad i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár agus d’eagraíochtaí/bhrainsí náisiúnta i naoi mBallstát den Aontas agus tríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gClár.

    Ní mór an méid seo a leanas a bheith amhlaidh maidir leis na heagraíochtaí/brainsí náisiúnta sin: 

      ní mór nasc reachtúil cruthaithe a bheith acu leis an gcomhlacht/rúnaíocht Eorpach; 

      ní mór dóibh a bheith gníomhach i réimse an oideachais, na hoiliúna nó na hóige;

    Dá bhrí sin ní mór d’eagraíocht neamhbhrabúsach Eorpach a bheith comhdhéanta de naoi n‑eintiteas ar a laghad (an comhlacht/rúnaíocht Eorpach + ocht n‑eagraíocht/mbrainse náisiúnta) a bheidh bunaithe i naoi mBallstát difriúil den Aontas agus i dtríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gClár. ↩ back

  • 2 Ní mór Cairt Ardoideachais Erasmus (ECHE) bhailí a bheith ag aon institiúid ardoideachais atá bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár ar mian léi a bheith rannpháirteach i gComhpháirtíocht Chomhair. Ní gá ECHE a bheith ag institiúidí ardoideachais rannpháirteacha i dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, ach ceanglófar orthu cloí lena phrionsabail. Chun críche na Gníomhaíochta, ní mheastar gur eagraíocht iad grúpaí neamhfhoirmiúla daoine óga, agus dá bhrí sin níl siad incháilithe le bheith rannpháirteach (mar iarratasóirí ná comhpháirtithe). ↩ back
  • 3 Cuirtear san áireamh san uasmhéid sin gach iarratas a chuirtear isteach le haghaidh na réimsí sin ar fad le chéile. ↩ back
  • 4 Is iad an Bhruiséil, Frankfurt, Lucsamburg, Strasbourg, agus an Háig suíomhanna Institiúidí an Aontais Eorpaigh. ↩ back
  • 5 Chun sainmhíniú a fháil ar a meastar a bheith i gceist le heagraíocht neamhrialtasach Eorpach chun críche Chlár Erasmus+, féach ‘Cuid D – Gluais’ den Treoir seo. ↩ back
  • 6 Leis sin áirítear Gníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+ agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (EACEA) araon atá lonnaithe sa Bhruiséil. ↩ back
  • 7 https://erasmus-plus.ec.europa.eu/document/implementation‑guidelines-erasmus-and-european‑solidarity-corps-inclusion‑and-diversity-strategy ↩ back
  • 8 Toisc nach bhfuil pointí deachúlacha infheidhme maidir le measúnú na gníomhaíochta seo, déantar an scór íosta do na critéir seo a shlánú suas go dtí 13 phointe. ↩ back