Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Cé atá in ann a bheith rannpháirteach i gClár Erasmas+?

Tá príomh‑spriocphobal an chláir comhdhéanta de dhaoine aonair. Téann an Clár i gcion ar na daoine sin den chuid is mó trí eagraíochtaí, institiúidí, comhlachtaí nó grúpaí a eagraíonn gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gclár Erasmus+. Tá baint ag an dá ghníomhaí seo, dá bhrí sin, a leanas le coinníollacha rochtana an chláir: na ‘rannpháirtithe’ (daoine aonair a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí thionscadail Erasmus+ agus a fhéadfaidh cuid den deontas ón Aontas a fháil agus an deontas sin beartaithe chun a gcostais rannpháirtíochta a chumhdach) agus na ‘heagraíochtaí rannpháirteacha’1  (ina measc grúpaí neamhfhoirmiúla daoine óga atá rannpháirteach i dtionscadal Erasmus+, mar iarratasóirí nó mar chomhpháirtithe nó mar dhaoine féinfhostaithe). I gcás na rannpháirtithe agus na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha araon, braitheann na coinníollacha rannpháirtíochta ar an tír ina bhfuil siad bunaithe.

Rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí lena mbaineann an tionscadal Erasmus+

Mar riail ghinearálta, ní mór do rannpháirtithe i dtionscadail Erasmus+ a bheith bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár. Tá Gníomhaíochtaí áirithe, go háirithe i réimse an ardoideachais, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, agus na hóige agus an spóirt, oscailte do rannpháirtithe ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár.

Braitheann na coinníollacha sonracha a bhaineann le bheith rannpháirteach i dtionscadal Erasmus+ ar an gcineál Gníomhaíochta lena mbaineann.

I dtéarmaí ginearálta, is iad seo a leanas na príomh‑spriocghrúpaí:

  • Maidir le tionscadail atá ábhartha i leith réimse an ardoideachas, seo a leanas na príomhspriocanna: mic léinn ardoideachais (timthriall ghearr, an chéad, an dara nó an tríú timthriall), múinteoirí agus ollúna ardoideachais, baill foirne in institiúidí ardoideachais, oiliúnóirí agus gairmithe i bhfiontair;
  • Maidir le tionscadail atá ábhartha i leith réimse an gairmoideachas agus na gairmoiliúna, seo a leanas na príomhspriocanna: printísigh agus mic léinn sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, gairmithe agus oiliúnóirí sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, baill foirne in eagraíochtaí gairmoideachais agus gairmoiliúna agus oiliúna, oiliúnóirí agus gairmithe i bhfiontair;
  • Maidir le tionscadail atá ábhartha i leith réimse an oideachais scoile, seo a leanas na príomhspriocanna: ceannairí scoile, múinteoirí scoile agus baill foirne scoile, daltaí san oideachas réamh‑bhunscoile, bunscoile agus meánscoile;
  • Maidir le tionscadail atá ábhartha i leith réimse an oideachais aosaigh, seo a leanas na príomhspriocanna: comhaltaí d’eagraíochtaí oideachais aosaigh de chineál neamhghairme, oiliúnóirí, baill foirne agus foghlaimeoirí san oideachas aosach neamhghairme;
  • Maidir le tionscadail atá ábhartha i leith réimse na hóige, seo a leanas na príomhspriocanna: daoine óga idir 13 bliana d’aois agus 30 bliain d’aois2 , oibrithe óige, baill foirne agus comhaltaí eagraíochtaí atá gníomhach i réimse na hóige;
  • Maidir le tionscadail atá ábhartha i leith réimse an spóirt, seo a leanas na príomhspriocanna: gairmithe agus oibreoirí deonacha i réimse an spóirt, lúthchleasaithe agus cóitseálaithe.

Chun tuilleadh sonraí a fháil faoi na coinníollacha rannpháirtíochta i ngach Gníomhaíocht shonrach, féach Cuid B den Treoir seo.

Eagraíochtaí rannpháirteacha

Déanann eagraíochtaí rannpháirteacha tionscadail Erasmus+ a chur isteach agus a chur chun feidhme. Má roghnaítear tionscadal, tagann an eagraíocht is iarratasóir chun bheith ina tairbhí de dheontas Erasmus+. Síníonn na tairbhithe comhaontú deontais a fhágann go bhfuil siad i dteideal tacaíocht airgeadais a fháil chun a dtionscadal a chur i gcrích.

Mar riail ghinearálta, ní mór d’eagraíochtaí atá rannpháirteach i dtionscadail Erasmus+ a bheith bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár. Tá Gníomhaíochtaí áirithe oscailte d’eagraíochtaí rannpháirteacha ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár freisin, go háirithe i réimse an ardoideachais, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, agus na hóige agus an spóirt.

Braitheann na coinníollacha sonracha a bhaineann le bheith rannpháirteach i dtionscadal Erasmus+ ar an gcineál Gníomhaíochta a dtacaítear leis tríd an gclár. I dtéarmaí ginearálta, tá an clár oscailte d’aon eagraíocht atá gníomhach i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige nó an spóirt. Tá roinnt Gníomhaíochtaí oscailte freisin do rannpháirtíocht gníomhaithe eile sa mhargadh saothair.

Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Cuid B den Treoir seo.

  • 1

    Níl daoine nádúrtha incháilithe le cur isteach go díreach ar dheontas ó Ghníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+ ná ón nGníomhaireacht Feidhmiúcháin EACEA, cé is moite de dhaoine féinfhostaithe (is é sin, trádálaithe aonair, i gcás nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach ag an gcuideachta ar leithligh ó cheann an duine nádúrtha).Eintitis nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu faoina ndlí náisiúnta, féadfaidh siad a bheith páirteach go heisceachtúil, ar choinníoll go mbeidh an cumas ag a n‑ionadaithe oibleagáidí dlíthiúla a ghlacadh ar láimh thar a gceann, agus ráthaíochtaí a thairiscint chun go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais, ar ráthaíochtaí iad atá comhionann leo sin a thairgeann daoine dlítheanacha.Ní féidir le comhlachtaí an Aontais (cé is moite d’Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh) a bheith páirteach sa chuibhreannas.

    ↩ back

  • 2 Cuirtear teorainneacha aoise éagsúla i bhfeidhm ag brath ar na cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí. Chun breis eolais a fháil féach Cuid B den Treoir seo. Is fiú an méid seo a leanas a chur san áireamh freisin:
  • íosteorainneacha aoise – ní mór an aois íosta a bheith slánaithe ag na rannpháirtithe i ndáta tosaigh na gníomhaíochta.
  • uasteorainneacha aoise – níor cheart na rannpháirtithe a bheith níos sine ná an aois uasta léirithe i ndáta tosaigh na gníomhaíochta.
    ↩ back