Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Tosaíochtaí Chláir Erasmus+

An cuimsiú agus an éagsúlacht

Leis an gClár féachtar leis an gcomhionannas deiseanna a chur chun cinn ar fud a ghníomhaíochtaí uile agus féachtar leis an rochtain, leis an gcuimsiú, leis an éagsúlacht agus leis an gcothroime a chur chun cinn freisin. Is iad na heagraíochtaí agus na rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu atá i gcroílár na gcuspóirí sin, agus mar gheall air sin, cuirtear sásraí agus acmhainní ar fáil dóibh leis an gclár. Agus na tionscadail agus gníomhaíochtaí dá gcuid á ndearadh acu, ba cheart cur chuige cuimsitheach a bheith ag eagraíochtaí ionas go mbeidh teacht ag raon leathan rannpháirtithe orthu.

Tá Gníomhaireachtaí Náisiúnta ríthábhachtach freisin chun tacú le tionscadail ionas go mbeidh siad chomh cuimsitheach agus chomh héagsúil agus is féidir. Bunaithe ar na prionsabal agus na sásraí foriomlána ar an leibhéal Eorpach, tarraingeoidh Gníomhaireachtaí Náisiúnta pleananna cuimsithe agus éagsúlachta suas chun aghaidh a thabhairt ar an mbealach is fearr ar riachtanais na rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu agus chun tacú leis na heagraíochtaí atá ag obair leis na spriocghrúpaí sin ina gcomhthéacs náisiúnta. An tráth céanna, na Lárionaid Acmhainní SALTO a thacaíonn le cur chun feidhme an Chláir, tá siad ina bpríomhghníomhaithe freisin chun bearta cuimsithe agus éagsúlachta a chur chun cinn agus a rolladh amach, go háirithe a mhéid a bhaineann le heolas a bhailiú agus gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta a cheapadh agus a reáchtáil le haghaidh bhaill foirne na Gníomhaireachta Náisiúnta agus thairbhithe an chláir. Mar an gcéanna, tá ról chomh tábhachtach céanna ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (EACEA) le haghaidh shnáitheanna an chláir a bhainistítear go díreach. I dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, tá ról lárnach ag Toscaireachtaí an Aontais agus, i gcás inarb ann dóibh, ag Oifigí Náisiúnta Erasmus+ agus Pointí Fócasacha Erasmus+ chun dul i bhfeidhm ar na spriocghrúpaí ábhartha tríd an gclár sin.

Chun na prionsabail sin a chur chun feidhme, forbraíodh an Creat ar bhearta maidir leis an gcuimsiú1  chomh maith leis an Straitéis um Éagsúlacht agus Cuimsiú2 , ina gcumhdaítear gach réimse cláir, a cheapadh chun gur fearr is féidir maoiniú a rochtain le haghaidh réimse níos leithne eagraíochtaí, agus chun gur fearr is féidir freastal ar bhreis rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu. Cuirtear an spás agus na sásraí ar bun freisin leo le haghaidh na dtionscadal atá beartaithe chun oibriú ar shaincheisteanna a bhaineann leis an gcuimsiú agus leis an éagsúlacht. Is é is aidhm don Straitéis cabhrú le dul i ngleic leis na bacainní a d’fhéadfadh a bheith ar spriocghrúpaí éagsúla chun teacht ar na deiseanna sin laistigh den Eoraip agus lastall di.

Ní liosta uileghabhálach é an liosta de na bacainní féideartha sin a mhínítear go soiléir thíos agus is le tagairt a sholáthar agus gníomh á dhéanamh a ceapadh é d’fhonn cur le hinrochtaineacht daoine ar lú na deiseanna atá acu. Is féidir leis na bacainní sin bac a chur ar a rannpháirtíocht, ar bhonn aonair nó i gcomhar le chéile:

  • Míchumais: Áirítear orthu sin laguithe fisiceacha, meabhracha, intleachta nó céadfacha lena bhféadfar bac a chur ar rannpháirtíocht iomlán agus éifeachtach duine sa tsochaí ar comhchéim le daoine eile, nuair a bhíonn ar an duine sin dul i ngleic le bacainní éagsúla3 .
  • Fadhbanna sláinte: D’fhéadfadh bacainní a bheith ann de thoradh fadhbanna sláinte agus lena n‑áirítear géarbhreoiteacht, galair ainsealacha, nó aon riocht meabhairshláinte nó sláinte fisicí a fhágann nach féidir a bheith rannpháirteach sa chlár.
  • Bacainní atá nasctha le córais oideachais agus oiliúna: D’fhéadfadh sé go mbeadh bacainní roimh dhaoine aonair atá ag streachailt le dul chun cinn a dhéanamh i gcórais oideachais agus oiliúna ar chúiseanna éagsúla agus roimh luathfhágálaithe scoile, roimh dhaoine nach bhfuil oideachas, fostaíocht ná oiliúint á fháil ná á fáil acu agus roimh dhaoine fásta nach bhfuil mórán scileanna acu. D’ainneoin go bhféadfadh ról a bheith ag fachtóirí eile, agus cé go bhféadfadh na deacrachtaí oideachais sin a bheith bainteach le cúinsí pearsanta, eascraíonn siad den chuid is mó as córais oideachais lena gcruthaítear teorainneacha struchtúracha agus/nó nach gcuirtear riachtanais áirithe an duine san áireamh go hiomlán leo. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh bacainní rannpháirtíochta ar dhaoine aonair nuair is deacair, de dheasca struchtúr na gcuraclam, tabhairt faoi shoghluaisteacht foghlama nó oiliúna ar an gcoigríoch mar chuid dá staidéar.
  • Difríochtaí cultúrtha: Cé go bhféadfadh daoine ó aon chúlra féachaint ar dhifríochtaí cultúrtha mar bhacainní, d’fhéadfadh na difríochtaí cultúrtha sin difear ar leith a dhéanamh do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu. D’fhéadfadh na difríochtaí sin a bheith ina mbacainní suntasacha ar an bhfoghlaim go ginearálta, agus go háirithe do dhaoine a bhfuil cúlra imircigh nó dídeanaí acu, agus na daoine seo a leanas san áireamh ach gan a bheith teoranta dóibh siúd amháin – imircigh nuathagtha, daoine ar de mhionlach náisiúnta nó eitneach iad, úsáideoirí teanga comharthaíochta, daoine ag a bhfuil deacrachtaí maidir le hoiriúnú teanga agus cuimsiú cultúrtha. Ach a bheith faoi lé teangacha iasachta agus difríochtaí cultúrtha le linn páirt a ghlacadh in aon chineál gníomhaíochtaí cláir, d’fhéadfadh sé go gcuirfeadh an méid sin as do dhaoine aonair agus go gcuirfí teorainn ar bhealach éigin leis na tairbhí a d’fhéadfaidís a bhaint as a rannpháirtíocht. Agus de dheasca na ndifríochtaí cultúrtha sin, d’fhéadfadh sé go gcuirfí cosc fiú amháin ar rannpháirtithe féideartha iarratas a dhéanamh ar thacaíocht tríd an gclár, rud a bheadh ina bhacainn iontrála ar fad.
  • Bacainní sóisialta: Deacrachtaí oiriúnaithe shóisialta, mar shampla inniúlachtaí sóisialta teoranta, iompraíochtaí ardriosca nó frithshóisialta; d’fhéadfadh ciontóirí (roimhe sin), úsáideoirí drugaí nó alcóil (roimhe sin), nó an t‑imeallú sóisialta a bheith ina mbacainn. D’fhéadfadh bacainní sóisialta eile eascairt as cúinsí teaghlaigh - mar shampla, a bheith ar an gcéad duine sa teaghlach le hardoideachas a fháil nó a bheith i do thuismitheoir (go háirithe tuismitheoir aonair), i do chúramóir, i do shaothraí nó i do dhílleachta, nó a bheith i ndiaidh seal a chaitheamh i do chónaí faoi chúram institiúideach nó a bheith i do chónaí faoi chúram institiúideach.
  • Bacainní eacnamaíocha: D’fhéadfadh míbhuntáiste eacnamaíoch a bheith ina bhacainn, mar shampla caighdeán maireachtála íseal, ioncam íseal, foghlaimeoirí nach mór dóibh a bheith ag obair chun iad féin a bheathú, spleáchas ar an gcóras leasa shóisialaigh, dífhostaíocht fhadtéarmach, cásanna forbhásacha nó an bhochtaineacht, easpa dídine, fiachas nó fadhbanna airgeadais. D’fhéadfadh deacrachtaí eile eascairt as inaistritheacht theoranta seirbhísí (go háirithe tacaíocht do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu) nach mór a bheith ‘soghluaiste’ mar aon leis na rannpháirtithe agus iad rannpháirteach i ngníomhaíochtaí atá ar shiúl óna n‑áit chónaithe nó, go mór mór, ar an gcoigríoch.
  • Bacainní atá nasctha leis an idirdhealú: Is féidir bacainní a bheith ann de dheasca idirdhealú a bhaineann le hinscne, le haois, le tionscnamh eitneach, le reiligiún, le creidimh, le treoshuíomh gnéasach, le míchumas, nó le fachtóirí trasnacha (meascán de dhá cheann nó roinnt de na cineálacha idirdhealaithe atá luaite).
  • Bacainní geografacha: Dá mbeadh cónaí ar dhuine i gceantair thuaithe nó iargúlta, ar oileáin bheaga nó i réigiúin fhorimeallacha/sna réigiúin is forimeallaí4 , i mbruachbhailte uirbeacha, i gceantair nach bhfuil chomh seirbhísithe sin (iompar poiblí teoranta, gan mórán áiseanna) nó i gceantair lagfhorbartha i dtríú tíortha, d’fhéadfadh sé sin a bheith ina bhacainn.

Claochlú digiteach

Chun tacú leis an gclaochlú digiteach ar bhealach atá dírithe ar an duine agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha amhail an intleacht shaorga nó an bhréagaisnéis ar bhealach níos éifeachtaí, teastaíonn córais oideachais agus oiliúna ón Eoraip atá oiriúnach don ré dhigiteach.  I gcomhréir le tosaíochtaí straitéiseacha an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (2021-2027)5 , agus leis an dá Mholadh ón gComhairle6 ​​​​​​​ a glacadh i mí na Samhna 2023 maidir a) leis na príomhthosca cumasúcháin le haghaidh oideachas agus oiliúint dhigiteach rathúil, agus b) le feabhas a chur ar sholáthar scileanna digiteacha san oideachas agus san oiliúint, is féidir ról lárnach a bheith ag clár Erasmus+ maidir le tacaíocht a thabhairt do shaoránaigh de gach aois maidir leis na scileanna agus na hinniúlachtaí digiteacha a theastaíonn uathu a shealbhú chun cónaí, foghlaim, a bheith ag obair, a gcearta a fheidhmiú, a bheith ar an eolas, rochtain a fháil ar sheirbhísí ar líne, cumarsáid a dhéanamh, inneachar oideachais dhigitigh a chruthú agus a scaipeadh.

Leis an gclár, tacófar le céad tosaíocht straitéiseach an Phlean Gníomhaíochta, forbairt éiceachórais oideachais dhigitigh ardfheidhmíochta, trí fhothú acmhainneachta agus tuisceana criticiúla maidir le conas is féidir leas a bhaint as na deiseanna a thairgeann teicneolaíochtaí digiteacha le haghaidh an teagaisc agus na foghlama i ngach cineál institiúid oideachais agus oiliúna ar gach leibhéal agus le haghaidh gach earnála agus le pleananna claochlaithe dhigitigh institiúidí oideachais a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

Leis an gclár, tacófar le dara tosaíocht straitéiseach an Phlean Gníomhaíochta freisin, trí thacú le gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh scileanna digiteacha agus forbairt inniúlachta a fheabhsú ar gach leibhéal den tsochaí agus do gach duine (lena n‑áirítear daoine óga ar lú na deiseanna atá acu, mic léinn, cuardaitheoirí poist agus oibreoirí). Beifear ag díriú ar bhunscileanna agus ardscileanna digiteacha araon a chothú chomh maith le litearthacht dhigiteach, rud atá tagtha chun bheith fíor‑riachtanach sa saol laethúil agus lena chur ar a gcumas do dhaoine a mbealach a dhéanamh ar domhan atá lán d’algartaim agus páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí shibhialta agus sa daonlathas.

I gcomhréir leis an dá thosaíocht straitéiseacha sin den Phlean Gníomhaíochta, bunaíodh an Mol Eorpach maidir leis an Oideachas Digiteach7  chun comhar maidir le hoideachas digiteach a threisiú ar leibhéal an Aontais agus rannchuidiú le malartú dea‑chleachtas, comhchruthú agus turgnamh. Is é is aidhm don Mhol tacú leis na Ballstáit trí chomhar trasearnála níos gaire ag tabhairt aghaidh ar an oideachas digiteach i gcomhthéacs foghlama ar feadh an tsaoil. Nascann an Mol údaráis náisiúnta, an earnáil phríobháideach, saineolaithe, taighdeoirí, soláthraithe oideachais agus oiliúna agus an tsochaí shibhialta a nascadh trí bheartais agus cleachtais a fhorbairt ar bhealach níos gasta san oideachas digiteach.

Leis an gClár, ba cheart freastal a dhéanamh ar spriocghrúpa níos mó laistigh agus lastall den Aontas araon ach úsáid bhreise a bhaint as uirlisí eolais, cumarsáide agus teicneolaíochta, úsáid chomhcheangailte a bhaint as an tsoghluaisteacht fhisiceach agus as an bhfoghlaim fhíorúil agus as an gcomhar fíorúil.

An comhshaol agus an comhrac in aghaidh an athraithe aeráide

Is príomhthosaíochtaí iad an comhshaol agus gníomhaíocht aeráide le haghaidh an Aontais, anois agus amach anseo. Is í Teachtaireacht an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip8  an straitéis fáis nua Eorpach agus aithnítear léi an príomhról atá ag scoileanna, institiúidí oiliúna agus ollscoileanna chun oibriú le daltaí, le tuismitheoirí, agus leis an bpobal níos leithne maidir leis na hathruithe is gá a dhéanamh le haghaidh aistriú rathúil chuig an aeráidneodracht faoi 2050. Anuas air sin, sa Mholadh ón gComhairle chun foghlaim a spreagadh don aistriú glas9 ​​​​​​​cuirtear i dtábhacht an gá atá le deiseanna a sholáthar d’fhoghlaimeoirí de gach aois chun foghlaim faoin ngéarchéim aeráide agus faoin inbhuanaitheacht trí oideachas foirmiúil agus seachfhoirmiúil araon, agus chun an fhoghlaim don aistriú glas a dhéanamh ina thosaíocht i mbeartais agus cláir oideachais agus oiliúna. Ba cheart an inbhuanaitheacht a bheith mar chuid de réimse iomlán an oideachais agus na hoiliúna, agus curaclaim agus forbairt ghairmiúil le haghaidh oideachasóirí chomh maith le foirgnimh, bonneagar agus oibríochtaí san áireamh. Ionstraim ríthábhachtach é Clár Erasmus+ chun an t‑eolas, na scileanna agus na dearcthaí maidir le hathrú aeráide a fhorbairt agus chun tacú le forbairt inbhuanaithe laistigh den Aontas Eorpach agus lastall de. Leis an gClár méadófar an líon deiseanna soghluaisteachta i réimsí réamhbhreathnaitheacha glasa, lena gcothaítear forbairt inniúlachtaí, lena bhfeabhsaítear ionchais ghairme agus lena spreagtar rannpháirtithe i réimsí straitéiseacha maidir le fás inbhuanaithe agus aird ar leith á tabhairt ar fhorbairt tuaithe (feirmeoireacht inbhuanaithe, bainistíocht acmhainní nádúrtha, cosaint ithreach, bith‑thalmhaíocht). Thairis sin, le Erasmus+, agus an tsoghluaisteacht ina chroílár, ba cheart féachaint leis an neodracht charbóin a bhaint amach trí mhodhanna iompair inbhuanaithe agus iompraíocht atá níos freagraí ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn.

Is tosaíocht chothrománach maidir le roghnú na dtionscadal é an comhshaol agus an comhrac in aghaidh an téimh dhomhanda.  Tabharfar tosaíocht do thionscadail arb é is aidhm dóibh inniúlachtaí a fhorbairt in earnálacha glasa éagsúla, agus iad sin faoi chuimsiú an rannchuidithe ón oideachas agus ón gcultúr le spriocanna forbartha inbhuanaithe, scileanna, straitéisí agus modheolaíochtaí earnála glasa a fhorbairt, curaclaim atá dírithe ar an todhchaí san áireamh, chomh maith le tionscnaimh lena dtacaítear le cineálacha cur chuige pleanáilte na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha maidir le hinbhuaine comhshaoil.

Leis an gclár tacaítear le húsáid cleachtas nuálach ionas gur fíorpháirtithe an athraithe iad na foghlaimeoirí, na baill foirne agus na hoibrithe óige (acmhainní a shábháil, úsáid fuinnimh, dramhaíl agus an lorg carbóin a laghdú, roghanna bia agus soghluaisteachta inbhuanaithe a thoghadh, mar shampla). Ina theannta sin, tabharfar tosaíocht do thionscadail lenar féidir – trí ghníomhaíochtaí oideachais, oiliúna, óige agus spóirt – athruithe iompraíochta a dhéanamh le haghaidh roghanna aonair, luachanna cultúrtha agus feasacht agus chun tacú le rannpháirtíocht ghníomhach le haghaidh forbairt inbhuanaithe ar bhealach níos ginearálta.

Dá bhrí sin, ba cheart do na heagraíochtaí agus do na rannpháirtithe atá páirteach féachaint le cleachtais ghlasa a ionchorprú i ngach tionscadal agus gníomhaíocht a bhíonn á ndearadh acu, rud a spreagfaidh iad chun saincheisteanna comhshaoil a phlé agus le foghlaim fúthu, smaoineamh faoi ghníomhaíochtaí ar an leibhéal áitiúil agus cuimhneamh ar bhealaí níos glaise lena ngníomhaíochtaí a chur chun feidhme.

Le hardáin ar nós an Ardáin Eorpaigh um Oideachas Scoile (an r‑Nascadh san áireamh) agus EPALE, leanfar d’ábhair thacaíochta a chur ar fáil agus de mhalartú cleachtas agus beartas oideachais éifeachtach maidir le hinbhuaine comhshaoil a éascú. Is cumhachtach an uirlis é Erasmus+ freisin chun dul i dteagmháil le réimse leathan gníomhaithe sa tsochaí agus le páirt a thabhairt do dhaoine (scoileanna, ollscoileanna, soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna, eagraíochtaí óige agus spóirt, eagraíochtaí neamhrialtasacha, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, srl.) a d’fhéadfadh a bheith ina bpáirtithe gníomhacha san aistriú i dtreo aeráidneodrachta faoi 2050.

Rannpháirtíocht sa saol daonlathach, luachanna comhchoiteanna agus rannpháirtíocht shibhialta

Leis an gclár Erasmus+ tugtar aghaidh ar rannpháirtíocht theoranta na saoránach i bpróisis dhaonlathacha agus ar an easpa eolais atá acu faoin Aontas Eorpach, agus féachtar le cabhrú leo na deacrachtaí a bhaineann le páirt a ghlacadh agus le bheith rannpháirteach go gníomhach sa phobal agus i saol polaitiúil agus sóisialta an Aontais a shárú. Tá sé ríthábhachtach, le haghaidh thodhchaí an Aontais, le tuiscint na saoránach ar an Aontas Eorpach a neartú ó aois luath. I dteannta oideachas foirmiúil, le foghlaim sheachfhoirmiúil is féidir tuiscint na saoránach ar an Aontas Eorpach a fheabhsú agus braistint mhuintearais a chothú leis.

Leis an gClár tacaítear leis an tsaoránacht ghníomhach agus leis an eitic san fhoghlaim ar feadh an tsaoil, cothaítear forbairt inniúlachtaí sóisialta agus idirchultúrtha, na smaointeoireachta criticiúla agus na litearthachta sna meáin. Tugtar tosaíocht do thionscadail lena dtairgtear deiseanna do dhaoine a bheith rannpháirteach sa saol daonlathach chomh maith le deiseanna le haghaidh rannpháirtíocht saoránach agus shóisialta trí ghníomhaíochtaí foghlama foirmiúla nó neamhfhoirmiúla. Dírítear ar fheasacht a mhúscailt faoi chomhthéacs an Aontais Eorpaigh agus ar an tuiscint ar an gcomhthéacs sin a ardú, go háirithe a mhéid a bhaineann le luachanna coiteanna an Aontais, prionsabail na haontachta agus na héagsúlachta, mar aon lena n‑oidhreacht stairiúil, chultúrtha agus shóisialta.

I réimse na hóige, dearadh an Straitéis Rannpháirtíochta Óige10  chun creat coiteann a sholáthar agus d’fhonn tacú le húsáid an chláir chun rannpháirtíocht óige a chothú sa saol daonlathach. Is é is aidhm don Straitéis cáilíocht rannpháirtíocht na hóige sa Chlár a fheabhsú agus cuireann sí le príomhdhoiciméid maidir le Beartas Óige an Aontais Eorpaigh, ar nós Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh agus Spriocanna Eorpacha don Óige.11 ​​​​​​​.  Gabhann Foireann Uirlisí na hÓige12 ​​​​​​​ leis an Straitéis agus is é is aidhm di, i dtéarmaí praiticiúla, rannpháirtíocht daoine óga i ngach ceann de ghníomhaíochtaí an Chláir a fheabhsú, trí eolas, moltaí, uirlisí agus treoraíocht phraiticiúil a roinnt. Tá modúil mar chuid den fhoireann uirlisí ina ndírítear ar an mbealach leis na tosaíochtaí cothrománacha a chumhdach sna tionscadail.