Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Forálacha conarthacha tábhachtacha eile

Ráthaíocht airgeadais

Má mheastar nach leor an acmhainn airgeadais, féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta nó Feidhmiúcháin a éileamh ar aon tairbhí ar ar dámhadh deontas is mó ná EUR 60 000 ráthaíocht a thaisceadh roimh ré chun na rioscaí airgeadais a bhaineann leis an íocaíocht réamh‑mhaoiniúcháin a theorannú. Féadfar an ráthaíocht sin a iarraidh le haghaidh suas leis an méid céanna den íocaíocht nó de na híocaíochtaí réamh‑mhaoiniúcháin.

Is é is cuspóir don ráthaíocht sin ceangal a chur ar bhanc nó institiúid airgeadais gníomhú mar urrús comhthaobhach neamh‑inchúlghairthe nó mar ráthóir céadéilimh d’oibleagáidí an tairbhí a eascraíonn as an gcomhaontú deontais.

Banc formheasta nó institiúid airgeadais fhormheasta atá bunaithe i mBallstát den Aontas Eorpach a sholáthróidh an ráthaíocht airgeadais sin, in euro. I gcás ina bhfuil an tairbhí bunaithe i dtír nach tír de chuid an Aontais í, féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta nó Feidhmiúcháin a chomhaontú go soláthróidh banc nó institiúid airgeadais atá bunaithe sa tír sin an ráthaíocht, má mheasann sí go soláthraíonn an banc nó an institiúid airgeadais slándáil airgeadais choibhéiseach agus saintréithe coibhéiseacha leo sin a soláthraítear i mBallstát san Aontas.

Féadfar ráthaíocht chomhpháirteach tríú páirtí, nó roinnt ráthaíochtaí tríú páirtí ó na heagraíochtaí rannpháirteacha ar páirtithe den chomhaontú deontais céanna iad, a chur in ionad na ráthaíochta sin.

Déanfar an ráthaíocht a scaoileadh nuair a dhéanfar an réamh‑mhaoiniú a ghlanadh de réir a chéile in aghaidh íocaíocht eatramhach nó íocaíocht an iarmhéid leis an tairbhí, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa chomhaontú deontais. I gcás ina bhfuil íocaíocht an iarmhéid i bhfoirm gnóthaithe, scaoilfear an ráthaíocht tar éis fógra a thabhairt don tairbhí nó leanfaidh sí de bheith i bhfeidhm go sainráite go dtí an íocaíocht chríochnaitheach agus, más i bhfoirm gnóthaithe atá an íocaíocht chríochnaitheach, go dtí 3 mhí tar éis fógra a bheith tugtha do thairbhí faoin nóta dochair.

Fochonraitheoireacht agus dámhachtain conartha soláthair

Féadfaidh an tairbhí dul i muinín fochonraitheoireachta le haghaidh seirbhísí teicniúla sonracha,ar chuid de chúraimí na gníomhaíochta iadagus a éilíonn scileanna speisialaithe (scileanna a bhaineann le réimsí dlí, cuntasaíochta, cánach, acmhainní daonna, TF, srl.) nó conarthaí cur chun feidhme. Dá bhrí sin, féadfar na costais a thabhaíonn an tairbhí le haghaidh an chineáil sin seirbhísí a mheas mar chostais incháilithe ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad na critéir uile eile a thuairiscítear sa chomhaontú deontais.

I gcás ina n‑éilítear soláthar earraí, oibreacha nó seirbhísí (conradh) le cur chun feidhme an tionscadail, ní mór do thairbhithe an conradh a dhámhachtain ar an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch is é sin, an tairiscint lena mbaineann an luach is fearr ar airgead, nó, de réir mar is iomchuí an tairiscint lena mbaineann an praghas is ísle, agus a áirithiú nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann agus go gcoinnítear an doiciméadacht i gcás iniúchadh.

I gcás conradh cur chun feidhme ar mó a luach ná EUR 60 000, féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta nó Feidhmiúcháin rialacha speisialta a fhorchur ar an tairbhí, i dteannta na rialacha dá dtagraítear sa mhír roimhe sin. D’fhoilseofaí na rialacha speisialta sin ar shuíomhanna gréasáin na nGníomhaireachtaí Náisiúnta agus na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin.

Faisnéis ar na deontais a dhámhtar

I gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta agus leis an gceanglas maidir le poiblíocht ex‑post, ní mór faisnéis ar fhaighteoirí na gcistí ón Aontas a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin, Gníomhaireachta Feidhmiúcháin agus/nó na nGníomhaireachtaí Náisiúnta le linn an chéad leath den bhliain tar éis dheireadh na bliana airgeadais dár dámhadh iad.

Féadfar an fhaisnéis a fhoilsiú freisin ar aon mheán iomchuí eile, lena n‑áirítear Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Foilseoidh na Gníomhaireachtaí Náisiúnta agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin an fhaisnéis seo a leanas:

  • ainm agus ceantar an tairbhí;
  • méid an deontais a dámhadh;
  • cineál agus cuspóir na dámhachtana.

Ach iarraidh réasúnaithe agus chuí‑réasúnaithe a fháil ón tairbhí, déanfar an foilsiú a tharscaoileadh i gcás inar baol nochtadh na faisnéise sin do chearta agus saoirsí na ndaoine lena mbaineann, mar a chosnaítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, nó i gcás ina ndéanann sé dochar do leasa tráchtála na dtairbhithe.

Maidir le sonraí pearsanta lena dtagraítear do dhaoine nádúrtha, bainfear an fhaisnéis fhoilsithe 2 bhliain tar éis dheireadh na bliana airgeadais inar dámhadh na cistí.

Beidh an rud céanna i bhfeidhm maidir le sonraí pearsanta a léirítear i dteidil oifigiúla daoine dlítheanacha (mar shampla comhlachas nó cuideachta a bhfuil ainmneacha na mbunaitheoirí mar theideal air).

Ní fhoilseofar an fhaisnéis sin i gcás scoláireachtaí a íoctar le daoine nádúrtha agus tacaíocht dhíreach eile a íoctar le daoine nádúrtha is mó atá ina gátar (dídeanaithe agus daoine dífhostaithe). Anuas air sin, ní údaraítear na heagraíochtaí is tairbhí chun an cineál sin faisnéise a fhoilsiú i ndáil le daoine a fhaigheann deontas soghluaisteachta faoi Erasmus+.

Poiblíocht

Amach ó na ceanglais maidir le hinfheictheacht an tionscadail agus le haghaidh chomhroinnt thorthaí an tionscadail agus thionchar an tionscadail (ar critéir dhámhachtana iad), tá oibleagáid maidir le poiblíocht íosta i bhfeidhm le haghaidh gach tionscadail dá dtugtar deontas.

Ní mór do thairbhithe aitheantas a thabhairt do thacaíocht an Aontais Eorpaigh i ngach cumarsáid nó foilseachán, i cibé foirm nó i cibé meán, lena n‑áirítear an t‑idirlíon, nó ar tharlú na ngníomhaíochtaí dá n‑úsáidtear an deontas.

Ní mór an méid sin a dhéanamh de réir na bhforálacha a áirítear sa chomhaontú deontais. Féadfar deontas an tairbhí a laghdú mura gcomhlíontar na forálacha sin ina n‑iomláine.

Seiceálacha agus iniúchtaí

Féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta nó Feidhmiúcháin agus/nó an Coimisiún Eorpach seiceálacha agus iniúchtaí teicniúla agus airgeadais a dhéanamh i ndáil le húsáid an deontais. Féadfaidh siad taifid reachtúla an tairbhí (nó an chomhthairbhí) a sheiceáil freisin chun críche measúnuithe tréimhsiúla ar mhaoiniú cnapshuime, maoiniú costas aonaid, nó maoiniú ar ráta comhréidh. Geallfaidh an tairbhí (nó an comhthairbhí), le síniú a ionadaí dhlíthiúil, cruthúnas a chur ar fáil gur úsáideadh an deontas i gceart. Féadfaidh an Coimisiún Eorpach, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin, Gníomhaireachtaí Náisiúnta agus/nó Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, OLAF, EPPO nó comhlacht atá sainordaithe acu, seiceáil a dhéanamh ar an úsáid a baineadh as an deontas aon tráth suas le 5 bliana, nó suas le 3 bliana maidir le deontais nach mó ná EUR 60 000, dar tosach an dáta a íocann an Ghníomhaireacht Náisiúnta nó Feidhmiúcháin an t‑iarmhéid nó an dáta a fhorghníomhaíonn sí an gnóthú. Dá bhrí sin, coimeádfaidh na tairbhithe taifid, doiciméid tacaíochta bhunaidh, taifid staidrimh agus doiciméid eile a bhaineann leis an deontas i rith na tréimhse sin.

Maidir le tionscadail atá bainistithe go díreach ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin EACEA, féadfar cineálacha éagsúla próiseas iniúchóireachta a chur i bhfeidhm de réir an chineáil Gníomhaíochta lena mbaineann, mhéid an deontais a dhámhtar agus fhoirm an deontais.

Tá tuairisc ar na forálacha mionsonraithe a bhaineann le seiceálacha agus iniúchtaí sa chomhaontú deontais.

Cosaint sonraí

Na sonraí pearsanta a chuimsítear san fhoirm iarratais nó sa chomhaontú/chinneadh deontais, próiseálfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta nó Feidhmiúcháin, nó an Coimisiún Eorpach iad i gcomhréir le:

  • Le haghaidh na próiseála uile a éilítear le haon treoraíocht nó treoir oifigiúil ón gCoimisiún Eorpach nó is gá chun Clár Erasmus+ a chur chun feidhme: Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018[1] maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE);
  • Le haghaidh na próiseála uile chun críoch eile, nach n‑éilítear le haon treoir ná treoir oifigiúil ón gCoimisiún Eorpach ná nach gá chun an Clár Erasmus+ a chur chun feidhme:
    • an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS nó Rialachán 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016[2]) le haghaidh an mhéid seo a leanas:
      • na sonraí pearsanta uile atá próiseáilte ag rialaitheoir nó próiseálaí san Aontas/in LEE;
      • na sonraí pearsanta uile maidir le hábhair sonraí atá san Aontas/in LEE i dtús na próiseála;
    • an reachtaíocht náisiúnta maidir le cosaint sonraí le haghaidh na próiseála uile eile.

Sna cásanna sin, cuirfear an t‑eintiteas a dhéanann cinneadh maidir le meáin agus críocha na próiseála le haghaidh na gcríoch eile sin in ionad an Choimisiúin Eorpaigh mar Rialaitheoir Sonraí faoina reachtaíocht is infheidhme maidir le cosaint sonraí.

Mura léirítear gur ceisteanna roghnacha iad, tá freagraí an iarratasóra ar na ceisteanna san fhoirm iarratais riachtanach chun meastóireacht agus próiseáil bhreise a dhéanamh ar an iarratas ar dheontas i gcomhréir leis an Treoirleabhar Erasmus+. Déanfaidh an roinn nó an tAonad atá freagrach as an gclár deontais lena mbaineann de chuid an Aontais (eintiteas ag gníomhú mar rialaitheoir sonraí) sonraí pearsanta a phróiseáil chun na críche sin agus chun na críche sin amháin. Féadfar sonraí pearsanta a aistriú ar bhonn riachtanais amháin chuig tríú páirtithe atá páirteach sa mheastóireacht ar iarratais nó sa nós imeachta bainistithe deontas, gan dochar d’aistriú chuig na comhlachtaí atá i gceannas ar chúraimí monatóireachta agus iniúchóireachta i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh nó chuig comhlachtaí a bhfuil sainordú acu meastóireachtaí a dhéanamh ar an gClár nó ar aon cheann dá Ghníomhaíochtaí. Go háirithe, chun críocha leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, féadfar sonraí pearsanta a chur chuig na seirbhísí iniúchóireachta inmheánacha, chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, chuig an bPainéal um Neamhrialtachtaí Airgeadais nó chuig an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise agus idir oifigigh údarúcháin de chuid an Choimisiúin agus na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin. Beidh ceart rochtana ag an iarratasóir ar a s(h)onraí pearsanta agus beidh an ceart aige nó aici na sonraí sin a cheartú. Má bhíonn ceisteanna ag an iarratasóir maidir le próiseáil a s(h)onraí pearsanta, cuirfidh sé/sí na ceisteanna sin ar an nGníomhaireacht a roghnaigh an tionscadal. I gcás coinbhleachtaí; tá ceart cúláraigh ag an iarratasóir freisin tráth ar bith chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

Maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoin gClár Erasmus+, tá ráiteas príobháideachais mionsonraithe, lena n‑áirítear faisnéis teagmhála, le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin: https://ec.europa.eu/programmes/erasmus-plus/help/erasmus-and-data-protection_en

Le haghaidh gníomhaíochtaí a bhainistíonn EACEA: https://ec.europa.eu/research/participants/data/support/legal_notice/h2020-ssps-grants-sedia_en.pdf 

Cuirfidh an t‑iarratasóir na daoine aonair a bhfuil a sonraí pearsanta sa togra ar an eolas faoin ráiteas príobháideachais ábhartha mar a léirítear thuas, sula gcuireann sé a thograí isteach.

Faoi chuimsiú gníomhaíochtaí arna mbainistiú ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin, cuirtear in iúl d’iarratasóirí – agus, más eintitis dhlítheanacha iad, daoine ar comhaltaí iad de chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an iarratasóra sin nó a bhfuil cumhachtaí ionadaíochta, cinnteoireachta nó rialaithe acu maidir leis an iarratasóir sin, nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha a ghlacann dliteanas neamhtheoranta i leith fhiacha an iarratasóra sin – go bhféadfaidh Oifigeach Údarúcháin na Gníomhaireachta a sonraí pearsanta (ainm, céadainm más duine nádúrtha é, seoladh, foirm dhlíthiúil agus ainm agus céadainm na ndaoine ag a bhfuil cumhachtaí ionadaíochta, cinnteoireachta nó rialaithe, más duine dlítheanach é) a chlárú sa Chóras Luathbhraite agus Eisiaimh (EDES), más rud é go bhfuil siad in aon cheann de na cásanna a luaitear i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.