Tíortha incháilithe
Glacann Ballstáit an Aontais páirt iomlán i ngach gníomhaíocht den Chlár Erasmus+. Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán Erasmus+, tá na tíortha seo a leanas nach bhfuil san Aontas comhlachaithe leis an gclár:
- comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) atá ina gcomhaltaí den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (EEA): An Eilvéis, Íoslainn agus Lichtinstéin;
- stáit aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha: Poblacht na Macadóine Thuaidh, Poblacht na Tuirce agus Poblacht na Seirbia;
Is éard a ghairfear ar Bhallstáit an Aontais agus ar na tíortha nach bhfuil san Aontas thuasluaite agus atá comhlachaithe leis an gclár ná ‘Ballstáit de chuid an Aontais agus tíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár’.
Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 20 den Rialachán, is féidir le heintitis dhlíthiúla ó thíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár a bheith incháilithe i ngníomhaíochtaí Erasmus+ i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus chun leas an Aontais (dá ngairtear ‘tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár’) anseo feasta.
Ballstáit an aontais eorpaigh agus tíortha nach bhfuil san aontas atá comhlachaithe leis an gCLÁR
Is féidir leis na tíortha seo a leanas páirt iomlán a ghlacadh i ngach Gníomhaíocht de chuid an Chláir Erasmus+:
Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE) 1
An Bheilg ,An Bhulgáir , An tSeicia , An Danmhairg, An Ghearmáin, An Eastóin , Éire , An Ghréig , An Spáinn , An Fhrainc , An Chróit , An Iodáil , An Chipir , An Laitvia , An Liotuáin , Lucsamburg , An Ungáir , Málta , An Ísiltír ,AnOstair, An Pholainn , An Phortaingéil , An Rómáin , An tSlóivéin An tSlóvaic , An Fhionlainn , An tSualainn
Tíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár 2
- An Mhacadóin Thuaidh
- An tSeirbia
- An Íoslainn
- Lichtinstéin
- An Iorua
- An Tuirc
Tíortha nach bhfuil san aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár
Is féidir leis na tíortha seo a leanas páirt a ghlacadh i nGníomhaíochtaí áirithe de chuid an chláir, faoi réir critéir nó coinníollacha sonracha (féach Cuid B den Treoir seo chun an liosta beacht ar na tíortha incháilithe le haghaidh gach gníomhaíochta sonraí a fháil). Déanfar maoiniú a leithdháileadh ar eagraíochtaí sna tíortha laistigh dá gcríocha mar a aithnítear sa dlí idirnáisiúnta. Ní mór don mhaoiniú cloí le haon srian ar chúnamh seachtrach ón Aontas arna fhorchur ag an gComhairle Eorpach. Ní mór na hiarratais a bheith i gcomhréir le luachanna foriomlána an Aontais a bhaineann leis an meas ar dhínit an duine, leis an tsaoirse, leis an daonlathas, leis an gcomhionannas, leis an smacht reachta agus leis an meas ar chearta an duine, lena n‑áirítear cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad mar a fhoráiltear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
Tá na tíortha seo a leanas nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár i ngrúpa nua de réir ionstraimí gníomhaíochta seachtraí an Aontas, is iad sin an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – Ionstraim na hEorpa Domhanda (NDICI-an Eoraip Dhomhanda) 3 agus an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPAIII) 4 .
Na Balcáin Thiar (Réigiún 1)
An Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv 5 , Montainéagró
Comharsanacht an Oirthir (Réigiún 2)
An Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, Críoch na hÚcráine mar a aithnítear leis an dlí idirnáisiúnta, an Mholdóiv, an tSeoirsia
Tíortha i nDeisceart na Meánmhara (Réigiún 3)
An Ailgéir, an Éigipt, Iosrael 6 , an Iordáin, an Liobáin, an Libia, Maracó, an Phalaistín 7 , an tSiria 8 , an Túinéis
Cónaidhm na Rúise (Réigiún 4)
Críoch na Rúise mar a aithnítear leis an dlí idirnáisiúnta
Réigiún 5 An Áise 9
An Bhanglaidéis, an Bhútáin, an Chambóid, Daon‑Phoblacht Dhaonlathach (DPD) na Cóiré, an India, an Indinéis, Laos, Maenmar, an Mhalaeisia, an Mhongóil, Neipeal, na hOileáin Fhilipíneacha, an Phacastáin, an tSín, Srí Lanca, an Téalainn agus Vítneam
Tíortha ardioncaim: Brúiné, an Chóiré, Hong Cong, Macao, an tSeapáin, Singeapór agus an Téaváin
Réigiún 6 An Áise Láir 10
An Afganastáin, an Chasacstáin, an Chirgeastáin, an Táidsíceastáin, an Tuircméanastáin, an Úisbéiceastáin
Réigiún 7 An Meánoirthear
Éimin, an Iaráin, an Iaráic
Tíortha ardioncaim: Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, an Araib Shádach, Bairéin, Catar, Cuáit, Óman
Réigiún 8 An tAigéan Ciúin 11
Cireabaití, an Mhicrinéis, Nárú, Niue, Oileáin Cook, Oileáin Sholomón, Poblacht Dhaonlathach Thíomór Thoir, Poblacht Fhidsí, Poblacht Oileáin Marshall, Poblacht Oileáin Palau, Stát Neamhspleách Nua‑Ghuine Phapua, Stát Neamhspleách Shamó, Tonga, Tuvalu, Vanuatú
Tíortha ardioncaim: An Astráil, an Nua‑Shéalainn
Réigiún 9 An Afraic Fho-Shahárach 12 13
An Aetóip, an Afraic Theas, Angóla, Beinin, an Bhotsuáin, Buircíne Fasó, an Bhurúin, Camarún, an Chéinia, an Congó, an Cósta Eabhair, Daon‑Phoblacht Dhaonlathach an Chongó, Djibouti, an Eiritré, Esuaitíní, an Ghabúin, Gána, an Ghaimbia, an Ghuine, Guine Bissau, an Ghuine Mheánchiorclach, an Libia, Leosóta, Madagascar, Mailí, an Mhaláiv, an Mháratáin, Mayotte, Mósaimbíc, an Namaib, an Nigéir, an Nígir, Oileáin Chomóra, Oileán Mhuirís, Poblacht na hAfraice Láir, Poblacht Aontaithe na Tansáine, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Rinn Verde, Ruanda, an tSaimbia, São Tomé agus Príncipe, Sead, an tSeineagáil, na Séiséil, Siarra Leon, an tSiombáib, an tSomáil, an tSúdáin, an tSúdáin Theas, an Tansáin, Tóga, Uganda
Réigiún 10 Meiriceá Laidineach
An Airgintín, an Bholaiv, an Bhrasaíl, an Cholóim, Cósta Ríce, Eacuadór, Guatamala, Hondúras, Meicsiceo, Nicearagua, Panama, Paragua, Peiriú, an tSalvadóir, an tSile, Urugua agus Veiniséala
Réigiún 11 Muir Chairib 14
Antigua agus Barbúda, na Bahámaí, Barbadós, an Bheilís, Cúba, Doiminice, Greanáda, an Ghuáin, Háítí, Iamáice, Oileán na Tríonóide agus Tobága, an Phoblacht Dhoiminiceach, Saint Lucia, San Uinseann agus na Greanáidíní agus Suranam
Réigiún 12 Na Stáit Aontaithe agus Ceanada
Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada
Ní chumhdaítear na tíortha seo a leanas nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár faoi ionstraimí gníomhaíochta seachtraí:
Réigiún 13
Andóra, Monacó, San Mairíne, Stát Chathair na Vatacáine
Réigiún 14
An Eilvéis, Oileáin Fharó, an Ríocht Aontaithe
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach an tuairisc mhionsonraithe ar Ghníomhaíochtaí an Chláir i gCuid B den Treoir seo.
Ceanglais maidir le ceadanna víosaí agus cónaithe
D’fhéadfadh go mbeadh ar rannpháirtithe i dtionscadail Erasmus+ víosa a fháil chun fanacht ar an gcoigríoch i mBallstáit an Aontais agus i dtíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár nó i dtír nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár a óstálann an ghníomhaíocht. Tá gach eagraíocht rannpháirteach freagrach as a áirithiú go mbeidh na húdaruithe is gá (víosaí gearrfhanachta nó fadfhanachta nó ceadanna cónaithe) in ord sula ndéantar an ghníomhaíocht phleanáilte. Moltar go láidir go n‑iarrfar na húdaruithe ar na húdaráis inniúla i bhfad roimh ré, ós rud é go bhféadfadh sé tarlú go mairfeadh an próiseas ar feadh roinnt seachtainí. Féadfaidh Gníomhaireachtaí Náisiúnta agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin breis comhairle agus tacaíochta a thabhairt maidir le víosaí, ceadanna cónaithe, slándáil shóisialta, srl. Tá faisnéis ghinearálta ar Thairseach Inimirce an Aontais faoi cheadanna víosaí agus cónaithe le haghaidh gearrfhanachtaí agus fadfhanachtaí araon: https://ec.europa.eu/immigration/
- 1 De réir Airteagal 33.2 de Chinneadh (AE) 2021/1764 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Comhlachas na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear leis an Aontas Eorpach, lena n‑áirítear an caidreamh idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Ghraonlainn agus Ríocht na Danmhairge, den pháirt eile (an Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear, lena n‑áirítear an Ghraonlainn) (EUR-Lex - 32021D1764 - GA - EUR-Lex (europa.eu)) cinnteoidh an tAontas go mbeidh daoine aonair agus eagraíochtaí ó Thíortha agus Críocha Thar Lear nó chuig na tíortha agus críocha sin incháilithe do Erasmus+, faoi réir rialacha an Chláir agus na socruithe atá infheidhme maidir leis an mBallstát lena bhfuil na tíortha agus críocha thar lear sin nasctha. Ciallaíonn sin go bhfuil daoine aonair agus eagraíochtaí ó thíortha agus críocha thar lear rannpháirteach sa chlár de réir an stádais ‘Ballstát de chuid AE nó tíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár’, arb í an ‘an Ballstát de chuid AE nó an tír nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár’ an Ballstát lena bhfuil siad nasctha. Tá liosta de na tíortha agus críocha thar lear le fáil ag: https://ec.europa.eu/international-partnerships/where-we-work/overseas-countries-and-territories_en ↩ back
- 2 Faoi réir shíniú na gComhaontuithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus na tíortha sin. ↩ back
- 3 Iris Oifigiúil L 209/2021 (europa.eu) ↩ back
- 4 https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2021/1529 ↩ back
- 5 Tá an t‑ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé i gcomhréir le UNSCR 1244 agus tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive. ↩ back
- 6 Beidh feidhm leis na critéir incháilitheachta atá leagtha amach i bhfógra Uimh. 2013/C‑205/05 (IOAE C‑205 an 19/07/2013, lgh. 9‑11) ón gCoimisiún maidir le gach gníomhaíocht a chuirtear chun feidhme tríd an Treoirleabhar seo, lena n‑áirítear maidir le tríú páirtithe a fhaigheann tacaíocht airgeadais i gcásanna ina mbaineann an ghníomhaíocht ábhartha le tacaíocht airgeadais do thríú páirtithe ó thairbhithe deontais i gcomhréir le hAirteagal 204 de Rialachán Airgeadais an Aontais. ↩ back
- 7 Ní fhorléireofar an t‑ainmniú seo mar aitheantas ar Stát na Palaistíne agus tá sé gan dochar do sheasaimh aonair na mBallstát maidir leis an tsaincheist seo. ↩ back
- 8 I gcomhréir le Conclúidí ón gComhairle in Aibreán 2018 ar an tSiria, níl bunaíochtaí poiblí Siriacha incháilithe chun maoiniú a fháil faoi Erasmus+. ↩ back
- 9 s féidir na tíortha is lú forbairt ó na tíortha sin a aimsiú ag: DAC-List-of-ODA-Recipients-for-reporting-2022-23-flows.pdf (oecd.org) ↩ back
- 10 Mar atá thuas ↩ back
- 11 Mar atá thuas ↩ back
- 12 Mar atá thuas ↩ back
- 13 Is príomhthíortha imirce nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár iad na tíortha seo a leanas nach bhfuil san Aontas: An Aetóip, an Afraic Theas, Buircíne Fasó, an Bhurúin, an Cósta Eabhair, an Ghaimbia, an Ghuine, Mailí, an Mháratáin, an Nigéir, an Nígir, an tSeineagáil, an tSúdáin, an tSúdáin Theas ↩ back
- 14 Is féidir na tíortha is lú forbairt ó na tíortha sin a aimsiú ag: DAC-List-of-ODA-Recipients-for-reporting-2022-23-flows.pdf (oecd.org) ↩ back