Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Conas an Treoirleabhar a léamh

Tá ceithre phríomhchuid sa Treoirleabhar:

  • i gCuid A, cuirtear léargas ginearálta ar fáil faoin gClár. Tugtar eolas ann faoi chuspóirí, faoi thosaíochtaí agus faoi phríomhghnéithe an Chláir, faoi na tíortha rannpháirteacha, faoi na struchtúir cur chun feidhme agus faoin mbuiséad foriomlán atá ar fáil. Tá an chuid sin dírithe orthu siúd ar mian leo léargas ginearálta a fháil ar raon feidhme agus ar struchtúr an Chláir.
  • I gCuid B, tugtar eolas sonrach faoi Ghníomhaíochtaí an Chláir a chumhdaítear sa Treoir seo. Tá an chuid sin dírithe go príomha orthu siúd a bhfuil suim acu eolas níos mionsonraithe a fháil faoi na cineálacha tionscadal a fhaigheann tacaíocht ón gClár.
  • I gCuid C, tugtar eolas mionsonraithe faoi na próisis chun iarratas a dhéanamh ar dheontais agus chun tionscadail a roghnú, chomh maith leis na forálacha airgeadais agus riaracháin a bhaineann le deontas Erasmus+ a bhronnadh. Tá an chuid sin dírithe orthu siúd go léir a bhfuil sé ar intinn acu togra tionscadail a chur isteach faoi chuimsiú Chlár Erasmus+.
  • I gCuid D, cuirtear gluais ar fáil de théarmaí úsáideacha.